Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seoda na Sean

Title
Seoda na Sean
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seoda na Sean



1. Giotaí ar n-a mbaint as
Litridheacht na hÉireann.



I.
Ní féidir an teanga do
dhíbirt gan an lucht dár teanga í do
dhíbirt.



— Seathrún Céitinn
(circ. 1570-1650)



Is “amhlaidh do bhí Éire 'n-a ríogh-
acht ar leith léi féin, amhail domhan
mbeag, agus na huaisle agus na hollamhain
do bhí innti i n-allóid,” do “chumadar
breitheamhnas, léigheas, filidheacht, agus
ceol, agus riaghalacha cinnte riu, do bheith
ar bun i nÉirinn.”



— Id.



“... An staraidhe chuireas roimhe
tuarsgabháil foirne ar bioth dá mbí i
gcrích do chur síos, dleaghair dó a
dteist féin do thabhairt ortha, idir olc
agus maith.”



— Id.



“Ní bhí dúithche san mbioth gan
daosgar-shluagh .... gidheadh ní
hioncháinte an chríoch go huile ar a
son.”



— Id.



“Ní ar fhuath ná ar ghrádh druinge
ar bioth seach a chéile, ná ar fhuráileamh
aon duine, ná de shúil re sochar
d'fhaghbháil uaidh, chuirim romham stair
na hÉireann do sgríobhadh, acht de
bhrígh gur mheasas ná bh'oircheas comh-
onóraighe na hÉireann de chrích, agus comh-
uaisle gach foirne dár áitigh í, do dhul
i mbáthadh gan luadh ná iomrádh do
bheith ortha.”



— Id.



“Dá dtugaidís [staraidhthe na nua-
Ghall] ... a bhfíor-theist ar Éireann-
achaibh, ní fheadar créad as nach cuir-
fidís i gcoimhmheas re haon chineadh
san Eoraip iad i dtrí neithibh, mar
atá, i ngaisgeamhlacht, i léigheanntacht,
agus i n-a mbeith daingean i san gcreid-
eamh Catoiliceach.”



— Id.



“... Measaim gurab córa creid-
eamhaint do sheanchus Éireann ioná do
sheanchus aon chríche eile san Eoraip.”



— Id.



“Tugaid sgríbhne” leabhair do réir
Dubhaltaigh Mhic Fhirbisigh: “do mhór-
ughadh glóire Dé agus do dhéanamh iúil do
chách i gcoitchinne.”



— Dubhaltach Mac Firbisigh
(circ. 1585-1670).



“Ní aithnighid aicme Ghaedheal
Banba, buime a macaomh,
'S ní aithnigheann Éire iad-san, —
Téidhid re chéile as a gcruthaibh.”



— Fearflatha Ó Gnímh
(circ. 1562).


L. 06


“Buaidh saor-Éire 'n-a Sacsain!”



— Id.



“A Thríonóid 'gá dtá an chumhacht
An mbiaidh an dream so choidhche
ar deoraidheacht,
Ní is sia ó chathar-lios Chuinn
Nó an mbiaidh an t-ath-aoibhneas
againn?”



— Id.



“Do threasgair an saoghal is shéid an
ghaoth mar smál,
Alasdrom, Saesar, 's an mhéid sin a
bhí 'n-a bpáirt;
Tá an Teamhair 'n-a féar, is féach an
Traoi mar tá, —
Is na 'Sasanaigh féin do b'fhéidir go
bhfuighidís bás!”



— Fíle éigin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services