Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhealtacht I

Title
An Ghaedhealtacht I
Author(s)
Ó Corcraigh, Pádraig,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaedhealtacht



I.



Corca Dhuibhne.



Ionann “Corca Dhuibhne” annso agus
Barúntacht Chorca Dhuibhne i nIarthar
Chiarraighe: “the Dingle Promontory” a
thugann Béarlóirí air. 12,391 Gaedhil-
geoirí a bhí sa cheanntar so sa bhliadhain
1901, agus bhí 1,263 aca soin ná raibh aca
acht Gaedhilg.



Cionn Trágha.



Labhrann na daoine meadhon-aosta
agus aosta Gaedhilg go coitcheannta,
acht braithim nach ró-mhinic a labhrann
siad leis na leanbhaíbh í. Mar sin
féin, is fearr an Ghaedhilg atá ag na
leanbhaíbh céadna 'ná mheasfá go dtí
go mbeitheá ag cainnt leo. Tá
Gaedhilg ana-mhaith ar fad aca: i
bhfad níos fearr 'ná an Béarla. Níl
aon Ghaedhilg dhá múineadh sa scoil
seo, acht gheall Bean Uí Shéaghdha dhom
go dtosnóchadh sí ar í mhúineadh i
dtosach mí an Iúil. Ní fheadar cad a
dhéanfaidh Máighistir Ó Curráin.



Cill Mhic an Domhnaigh.



Gaedhilg is mó atá dhá labhairt san
áit seo, agus is í is mó a chloiseann
na leanbhaí sa mbaile. Táthar 'ghá
múineadh dhóibh ar scoil, agus is beag
eile labhrann siad le chéile acht
Gaedhilg, ar scoil nó sa mbaile.
D'airigheas féin iad cúpla uair nó
trí (nuair a thugas cuairt ar an
scoil), agus iad ag spáisteoireacht
Gaedhilg ar fad a bhí ar siubhal aca.
Chuirfeadh sé breaghthacht ar do chroidhe
bheith ag éisteacht leo ag freagairt
an “Teagaisc Críostaidhe” as
Gaedhilg. Is beag an baoghal a bheadh
ar an nGaedhilg san áit seo, dá mbeadh
an clár dhá-theangthach ar siubhal ann.
Ní bhíonn focal ag na leanbhaíbh nuair
a thagann siad ar scoil ar dtúis acht
Gaedhilg amháin.



Dún Chuinn.



Áit ana-Ghaedhealach ar fad is eadh
an áit seo. Aon am dár ghabhas an
treo so níor chuala focal acht Gaedhilg,
agus túismightheoir ná ag leanbh. Níl
aon Ghaedhilg dá múineadh sa scoil
ann fé láthair, agus deireann na
daoine liom go bhfuil an máighistir
scoile ann — Mac Uí Dhálaigh — i
n-aghaidh na teangan. Níl aon
bhaoghal ar an dteangain san áit seo
ar aon chuma go ceann bliadhnta fós,
dá mbadh ná beadh aon Chonnradh i
n-ao' chor ann chun í choimeád beo.



Baile an Fheirtéirigh.



Gaedhilg go leor san áit seo leis,
acht níl dabht ar domhan ná go bhfuil
an Béarla ag brúghadh isteach ann.
Ar a shon soin féin, chuala mórán
Gaedhilg dhá labhairt le n-a chéile ag
na leanbhaíbh scoile gach aon uair dár
chuadas ann. Tá Gaedhilg dá múineadh
san dá scoil, dhá lá nó trí sa tseacht-
mhain. Ní dóigh liom, ámhthach, go
labhrann na daoine fásta an Ghaedhilg
leis an leanbhaíbh sa mbaile chomh
coitcheannta is badh chóir dóibh a
dhéanamh.



An Mhuir Riabhach.



Áit ana-Ghaedhealach is eadh í seo;
agus níl dabht ná go bhfuil an
Ghaedhilg dá labhairt ann coitcheannta
go leor ag óg agus aosta.



Chaitheas lá ó n-a haon a chlog
go dtí n-a ceathair sa dá scoil
agus bhíos chomh sásta soin le
n-ar airigheas agus le n-ar chonnac
ar siubhal ionnta, nár mhothuigheas
an aimsir ag sleamhnughadh tharm.
Dheineas an leanbhaí go léir a
scrúdughadh i ngach teangain, ranng i
ndiaidh ranng, agus chuir sé bród
orm a thabhairt fé ndeara a aibeamhla
is a thapamhla is a fhreagruigheadar na
ceisteanna ar gach aon tsórd nídh:
níor bh'aon iongnadh gur mhol an
Starcach iad. Ta garsúin bheaga i
scoil na mbuachaillí agus ní féidir
leo oiread is aon fhocal amháin
Béarla do thuisgint. D'fhiafruigheas
díobh as Béarla a gceann a thaisbáint
dom, agus níor fheadradar cad a bhí
agam 'á rádh leo.



Cill Chubháin.



Áit eile ana-Ghaedhealach is eadh an
ball so Gaedhilg is fearr atá ar
eolas ag na leanbhaíbh, agus cuireann
so i gcéill dúinn gurab í an Ghaedhilg
is mó a labhrann siad sa mbaile, nó
mara mbeadh gurab í ní hí bheadh
aca. D'airigheas aon rud amháin san
áit seo, agus is rud é sin 'ná gur
fearr leis na cailíníbh bheaga Béarla
a labhairt 'ná an Ghaedhilg. Tá obair
mhaith dhá déanamh sa scoil ann ar
son na teangan. Chuadhas isteach ann
díreach nuair a bhíodar ag tosnughadh
ar an gceacht Ghaedhilge do mhúineadh,
agus luigh triúr againn ar mhúineadh;
bhí gach aon leanbh sa scoil ag foghlaim
na Gaedhilge againn. Tá “Cormac
Ó Conaill” ag an ranng uachtarach.
Thógas féin iad seo, agus do léigh-
eadar dom ar áilneacht an domhain.
Cheistigheas iad docht go leor, agus
do fhreaguigheadar na ceisteanna
go hana-mhaith, acht gur bh'fhearr i bhfad
iad ar an nGaedhilg 'ná ar an
mBéarla. Tá trí roinn déanta de'n
scoil. Tá an “Chéad Léightheoir”
ag an gcéad roinnt; “Ceachta
Beaga”, cuid a trí, ag an tarna
roinnt; agus “Cormac Ua Conaill”
ag an tríomhadh roinnt. Tá congan-
tóir sa scoil seo tháinig ann le déidh-
eannaighe ó scoil Mháighistir Gaoithe.



Paróiste Múrach.



Áit ana-Ghaedhealach eile; agus
Gaedhilg go flúirseach ag an aos óg
ann. Tá obair mhaith dhá déanamh ag
Mícheál Ó Ciabháin i n-a scoil san áit
seo. Tá sé ag múineadh na teangan
trí lá sa tseachtmhain. Bhíos istigh i
gcúpla tigh san áit seo, agus níor
airigheas focal dá labhairt leis na
leanbhaíbh acht Béarla. Tá eagal orm
go bhfuil mórán de'n obair sin ar
siubhal ins an bparóiste seo. Ceapann
siad ná féadfaid a gclann dul ar
aghaidh i dtíorthaibh thar lear gan
Béarla, agus go bhfóiridh Dia orainn,
ní ag cuimhneamh ar cionnus fhéad-
faidís rud éigin a dhéanamh a choing-
eochadh sa mbaile a gclann atáid,
acht cionnus ullmhóchadh said chun dul
thar fairrge iad; agus dá bhrígh sin,
measann siad gur cailleamhaint
aimsire bheith ag labhairt Gaedhilge
leo. Is mar sin do sna daoinibh i
gcéad áit eile nach é leis; agus is é
sin atá ag marbhughadh na teangan
níos mó 'ná aon nídh eile. Dá bhféad-
faidhe a chur i n-a luighe ortha go bhfuil
airgead sa Ghaedhilg anois, agus go
mbeidh, thosnóchaidís ar í labhairt níos
coitcheannta.



(Tuilleadh)



Pádraig Ó Corcraigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services