Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Nóinín Sléibhe

Title
An Nóinín Sléibhe
Author(s)
Burns, Robert,
Pen Name
Tórna (aistritheoir)
Translator
Féach ainm cleite
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Nóinín Sléibhe.



Aistriughadh ar an nduaineoig mholta a chúm Robert
Burns do'n nóinín, darab tosach “Wee, modest, crimson-
tippit flower.”



Mo chreach, a bhláith chaoin bhárr-chaor shuairc,
Saith gur thárlaís tráth fím' chuain;
Caithfead t'árd-ghnaoi a sháth fí'n luaith —
'S is truagh liom soin;
Tu chasadh slán, cídh b'áil línn uair,
Ní tualaing mé.



Ní cheadóghainn féin ar Éirinn aoil
Nach fuiseog spéireach — caomhthach dhíbh —
'N-a preabóig léime a féar fliuch fuinn,
Dá clíteach breac
'S dá cois chóir chlé, do réin an gníomh
Do shín tu it' mheaidh.



Cé feargach géar bhí an ghaoth adtuaidh
Ar tharraing dot' scéimh sa saoghal ar cuaird,
D'eascair aoldha gléinneach suas
Dá chruas an tsíon;
Acht taistil i gcéin níor mhéinn let' bhuaic
Ná gluaiseacht puinn.



Níl flós dá mbainfidhe i ngarraidhe bláith
Nach mór dó fallaí ceart-dhín d'fhágháil;
Is leor liot-sa admhuighim scraithín fáin
Nó spál de chloich;
'S nach gleoite deasuighir faithchí ar áis,
Gan lámh dhot' chur.



Ba shámh dhot' chreat gan brat gan bréid,
Is bárr do chnaip i gceart le gréin;
Cé d'fhásais seal gan chreach, gan baoghal,
Gan spéis i nglóir,
An clár ó strac do leaba chré,
Taoi tréith fí'n bhfód.



Sin ró-chrích ghabhann gan dabht an bhé,
An nóinín mhodhmhail a camtha an tsléibhe,
Dar stór trí annsacht clamhaire baoth,
Do thréigfeadh í,
Go ngeobhadh fí'n amhail seo lomtha 'on tsaoghal
Sa chré 'n-a luighe.



Sin crích bheir fann fear rann is laoi
Go mbítear sonn á phléanncadh ar tuinn;
Ó's clí do mheabhruigh tabhairt fé luing
Le críonnacht réil,
Tigheann an rabharta, gabhann le gaoith,
Is síos do théidheann.



Sin crích a scúmhann an fiúnacht créacht
Ag claoidhe le cumha 's le cumhangracht lae,
Buidhean na lúb is búir go claon
Dá léasadh ghnáith,
Go mbíonn gan stiúir, 's ar Rún na naomh
Go dtéidheann ar stáir.



A dhuine seo a nódh-chaoidheann nóinín támhach,
Tá dhuit-se gan ró-mhoill chomh-chrích i ndán;
Soc creiche i gcomhnaidhe i gcóir dhíbh tá,
Chun sáithte thríbh;
Is cuirfear sibh fós fí'n bhfód síos tláith,
De bhárr a ghnímh.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services