Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - An Eitinn

Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Eitinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



An Eitinn.



Is maith linn a thabhairt fá deara go bhfuil
Cumann na mBan ar son Sláinte na
hÉireann ag gabháil le n-a n-ais eolas a
sgaipeadh i measg an phobail Ghaedhealaigh
i dtaoibh na heitinne. Ní tógfar orainn an
méid seo a bhaint as cearcalán atá dá chraoibh-
sgaoileadh aca fá láthair. Badh mhaith an rud
é dá léighfidhe ós árd é i ngach uile theaghlach
agus i ngach uile theach pobail agus theach
sgoile san nGaedhealtacht.



EOLAS LE hAGHAIDH NA nDAOINE A BHFUIL
AN EITINN (SEIRGLIGHE) ORTHA, AGUS
LE hAGHAIDH NA nDAOINE ATÁ 'N-A
gCOMHNAIDHE I nÉINDIGH LEO.



Is féidir cosg a chur leis an eitinn
(seirglighe), agus is féidir a leigheas go minic
acht aire a thabhairt di i n-am.



Ní dual athar ná máthar do aon duine an
eitinn a bheith air cé gur minic a beirthear
clann agus iad chomh lag ionnta féin is gur
furasta dhóibh an aicíd a thógáil.



Is iad na fáthanna is mó a dtigeann an
eitinn ar dhaoinibh, .i. an t-ólachán; an iomarca
daoine i n-aon teach amháin; droch-aer
i seomraibh nach leigthear an t-aer úr isteach
ionnta; agus tighthe atá salach tais dorcha.



Frighdíní beaga bídeacha is eadh ádhbhar na
heitinne agus téidheann siad isteach sa gcorp
thríd an aer agus san mbiadh.



Bíonn na mílte de na fríghdíníbh seo i
smugairle (seile) an duine a bhfuil an eitinn
air. Triomuigheann an smugairle má caithtear
ar an urlár nó ar an mballa nó ar éadaighe
duine é. Ar a bheith tirim dhó sgaipthear na
fríghdíní thríd an aer. Téidheann cuid aca
isteach i sgamhógaíbh na ndaoine thríd an anáil
agus tuiteann cuid eile ar bhiadh agus sluig-
thear iad. Má éirigheann leo dul isteach i
gcorp an duine, tigeann an eitinn air.



Is minic a bhíos an eitinn ar na ba (buaibh)
agus is baoghal fríghdíní na haicíde a bheith i
mbainne na mbó soin.



RUDAÍ NACH CEART A DHÉANAMH.



NÍ CEART do dhuine eitinneach ('sé sin le
rádh duine a bhfuil an eitinn air) SMUGAIRLE
A CHAITHEAMH ar chasán, ná ar urlár caráiste
traeneach nó carbaid, &rl. NÍ CEART dó
an SMUGAIRLE A SHLUIGEADH acht an oiread
nó leigint do'n smugairle a BHEITH SMEARTHA
ar éadaighe na leabtha ná ar a chuid éadaigh
féin ná ar a fhéasóig, &rl. Cuireadh sé a lámh
le n-a bhéal nuair a bhíos sé ag casacht. NÍ
CEART do aon duine a bheith RÓ-GHAR DHÓ, go
mór-mhór má bhíonn dreas casachta go minic
air.



NÍ CEART fuinneog ná similéir an
tseomra a bheith DRUIDTHE (dúnta) má bhíonn
duine eitinneach ann.



NÍ CEART codladh ar aon leabaidh le duine
eitinneach.



Má bhíonn eitinn ar an máthair NÍ CEART
DI CÍOCH A THABHAIRT dá clainn.



NÍ CEART an IOMARCA DAOINE a bheith
sa teach.



COMHAIRLE. — NA RUDAÍ IS FEARR LE
DÉANAMH LEIS AN EITINN A SHEACHAINT.



Níl rud ar bith chomh cumhachtach i n-aghaidh na
haicíde is tá SLÁINTE MHAITH.



Tá AER ÚR agus SOLUS agus TAITHNEAMH
NA GRÉINE an-riachtanach leis an eitinn a
chosg agus a leigheas. Dá bhrígh sin leigthear
GO LEOR AEIR isteach agus bíodh na seomraí
SOLUSACH GLAN gan deannach ná salachar
ionnta.



Bíodh na FUINNEOGA AR FOSGAILT chomh
minic 's is féidir é. Bíonn an t-aer úr agus
solus na gréine ag sgrios fríghdíní na haicíde.
Dá mhéid aer úr agus solus dá bhfághann
duine eitinneach is amhlaidh is fearr a bhéas
faill aige ar leigheas a fhágháil. Ní mhór
GLAINEACHT freisin 'n-a thimcheall.



Is ceart do dhuine eitinneach agus é amuigh
a chuid smugairle a chaitheamh i naipicín póca,
nó i gcupán a bhfuil beagán uisge ann ar a
bheith sa teach dhó. DÓIGHTEAR a mbíonn sa
gcupán agus cuirthear an naipicín póca i
n-uisge atá AR FIUCHADH sul nightear é. Má
caithtear an smugairle i gceirteachaibh nó i
bpáipéar, ní mór a nDÓGHADH ar an bpointe
boise.



Is contabhairteach deannach a tharraint
isteach leis an anáil. Ar an ádhbhar soin
GLANTAR seomraí agus hallaí agus staidhrí
le héadaighe taise. Sul sguabthar an t-urlár
caithtear duilleoga tae air.



Seomra ar bith i n-a raibh duine eitinneach
ní ceart d'aon duine eile a bheith i n-a
chomhnaidhe ann go nGLANTAR GO MAITH é
agus go SGRIOSTAR NA FRÍGHDÍNÍ. Ní
mór an nídh céadna a dhéanamh do'n bhrat
urláir agus do na héadaighe leabtha, &rl.
Iarrthar ar Lucht na Sláinte Puiblidhe na
FRÍGHDÍNÍ A SGRIOS sna seomraíbh agus i
ngach uile chinéal éadaigh dá raibh ionnta.



Ní mór BAINNE le haghaidh na bpáistí a
BHRUITH (bheirbhiughadh) sul a dtugtar dhóibh é.



CAITHTEAR BIADH FOLLÁIN — Bainne,
leite, arán mine coirce, arán donn, feoil,
iasg, uibheacha, im, &rl.



SEACHNUIGHTHEAR AN tÓLACHÁN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services