Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Bóthar Mhic Seoin.



Do fearadh báire tréan idir Chill Choinnigh
agus Loch gCarmain ag Bóthar Mhic Seoin Dia
Domhnaigh. Ba mhór an truagh nár tháinig an
líon ceart ó Loch gCarmain. Bhí ceathrar de
sna daoinibh a b'fhearr sa Chonntae i n-easnamh
ortha. Mar sin féin dheineadar comhrac
teann, agus má chuirid le céile ní baoghal
ná go gcloisfear uatha arís. Táid muinntir
Chill Choinnigh ag teacht chun cinn go maith. Bhí
an bhunntáiste aca i gcaitheamh furmhóir na
huaire chluig Dia Domhnaigh. De réir an
fhuadair atá fútha raghaidh sé dian ortha nó
buaidhfidh an Chraobh Laighneach i mbliadhna arís.
Sidé scór an Domhnaigh: Cill Choinnigh, 2-17;
Loch gCarmain, 1-3.



Cluiche Peile



D'éis do'n mbáire bheith i leath-taoibh
chuadar fuireann ó Cho. na Midhe agus
fuireann ó Cho. Chill Choinnigh i gcoinnibh a
chéile sa pheil. Nuair a bhítheas ag imirt ar
feadh timcheall chúig noimit sa dara bobhta
do thárla tionóisc do dhuine de fhuirinn na
Midhe. Do briseadh a chos ar an bhfear mbocht.
Do caitheadh an oiread soin aimsir ag
féachaint chuige seo go dtáinig an doircheacht
agus go mb'éigin an cluiche a chur ar ath-lá.
Seo mar a bhí an scór nuair stadadh: An
Mhidhe, 1-3; Cill Choinnigh, 0-5. Bítear ag
gearáin i dtaobh an bháire agus á rádh go
ngoirtightear an iomad daoine ann. Is
dóigh liom-sa go leanann oiread baoghail do'n
pheil is a leanann do'n mbáire. Deimhnigheann
obair an Domhnaigh soin dom.



Ag Mainistir na Corann



Do thárla ag Mainistir na Corann Dia
Domhnaigh árd-chluiche báire idir mhuinntir
Dún Guairne agus fuireann ó'n gCarraig
Dhuibh. Bhíodar an aimsir agus an láthair ar
fheabhas. An Canónach Hatch is é do chaith is-
teach an liathróid. Bhí an cluiche go hana-
dhian eatortha ó thosach go deireadh. Níor
bh'fios cia bhuaidhfeadh. Sidé an scór: An
Charraig Dhubh, 4-6; Dún Guairne, 3-8.



Táillí Báire.



Commercials 2-12; Ciceamaigh 1-5; G.S.
2-7; Ráth Ó Máine 1-6; Fágaigh 6-9, Dáibhisigh
1-5; Crócaigh 3-11; Gorm is Bán 4-5; Dáibhisigh
(íochtair) 4-7; C.U.M.S. 2-6.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services