Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Cúrsaí Báire

Title
Ar Faithche na hImeartha - Cúrsaí Báire
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Cúrsaí Báire



Tá an báire ag teacht chun cinn go maith
i gCúige Laighean le déidheannaighe. Tá sean-
cluiche lúith na nGaedheal ag cur a phréamhacha
arís i dtalamh ná feacathas ann é le sna
ciantaibh. Ag dul i dtreise atá sé i ngach
ball toir agus tiar. Is maith linn an scéal
soin. 'Sé an báire an cluiche gaisce is fearr
agus is oireamhnaighe do Ghaedhealaibh. Níl
aon phioc dá mhearatal orm 'ná go mbeidh linn
de réir mar bheam-na le báire.



Ag Cúl an tSúdaire



Chím go bhfuiltear ag treabhadh chun cinn go
maith ins na hiomaidheachtaibh i gcomhair Chraobh
Chúige Laighean. Cúl an tSúdaire an t-ionad
coinne 'n-a bhfeacathas báire foghanta idir
Laochraidhe Laoighse is Bhaile Átha Cliath Dia
Domhnaigh. Ní fada ó d'aththosnuigheadh ar an
mbáire i Laighis Uí Mhórdha, agus ba mhór an
chreideamhaint dóibh an comhrac a chuireadar
i gcrích i gcoinnibh iománaidhthe cliste Átha
Cliath. Seo mar bhí an scór i ndeire bárra:
Áth Cliath 3-8; Laoighis 1-10.



An Pheil



Ba dhaor go leor a ceannuigh na Céitinnigh
a mbuadh ar na Peárnailigh ag Geata Shain
Séamus Dia Domhnaigh. Árd-chluiche peile
do b'eadh é. Sa leath tosaigh de'n imirt níor
chuir aon taobh aca oiread is puinte isteach.
Sa tarna leath, ar shon gur bh'follus gur bh'iad
na Céitinnigh ba threise, níor éirigh leo scór
mór a dhéanamh. Bhí lucht cúil na bPeárnail-
each thar na beartaibh ar fad. Sidé an scór:
Céitinnigh 0-3; Peárnailigh 0-1.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services