Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Rúise - Conntabhairt an Riaghaltais

Title
An Rúise - Conntabhairt an Riaghaltais
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Rúise



Conntabhairt an Riaghaltais.



Tá ceathrar as gach deichneabhar do mhuinntir
impireachta an Tsar, thríd 's thríd, nach
n-admhuigheann gur Rúisigh iad chor ar bith. Agus
ní headh acht an oiread. Is iomdha cnead a
bhainfeas siad so as riaghaltas na Rúise. Má
socruighthear ceart guthaidheachta a bheith ann chor
ar bith ní féidir iad so fhágáil i leath-taoibh.
Caithfidh sé go mbéidh baint aca le toghadh na
Mór-Fheise, agus go mbéidh sé de chead aca a
dteachtairí féin a sholáthar i measg a muinntire
féin. Rachaidh na teachtairí seo 'na feise ull-
mhuighthe le troid i n-aghaidh an riaghaltais. Ní
staonfaidh siad. Ní ghéillfidh siad. 'Sé a meas
dhá láidre dhá mbíd an riaghaltas gurab amhlaidh
is mó a bhéas a dtíortha féin i gconntabhairt.
Mar sin de, béidh siad d'acht 's d'áithrid ag
iarraidh an riaghltas a lagadh, agus ag iarraidh
gléis riaghaltais ar leith a shaoradh dá dtíorthaibh
féin. Tá go leor de'n dream so atá 'n-a
bhfearaibh léigheannta fad-bhreathnuightheacha. Tá
cuid dhíobh oilte go maith ar ghnathaibh poilitidh-
eachta agus a bhfuil sean-chleachtadh aca ar an
obair — go háithrid na Pólaigh. I dteannta na
ndreamann so, is fíor a rádh go bhfuil go leor
leor de na Rúiseachaibh féin nach bhfuil uatha acht
athrughadh a chur ó bhun go barr ar ghléas
riaghluighthe a dtíre. 'Sé mheas a lán Rúiseach
gur mian le trian a muinntire féin an
t-athrughadh mór tábhachtach so a chur i bhfeidhm
chomh luath 's gheobhas siad faill agus deis ar a
dhéanamh. Tuigfear mar sin gur beag an fonn
a bheadh ar an Tsar an dream “mí-dhílis” seo
a fheiceál ag cur a gcos uatha i dTeach na
Feise 'n-a phríomh-chathair féin. Dhá mbeadh a
mhí-shuaimhneas fá láthair badh mheasa seacht
n-uaire déag é dá mbeadh an fhuireann neart-
mhar láidir seo ag gearradh agus ag liobhairt
air féin agus ar a riaghaltas suas le n-a chluais
ó Luan go Satharn. Dhá fhuide uaidh iad 'seadh
is fearr leis é, agus 'seadh is fearr dó é,
b'fhéidir, freisin. Is furus dúinn a thuigsint
anois cia an fáth go bhfuil gléas toghtha na
ndaltaí feise chomh mí-shásamhail 's tá sé fá
láthair. Acht ní chreidim féin go dtiocfaidh leis
an riaghaltas an sgéal a réidhteach nó a leigheas
le gleacaidheacht ná le beartaidheacht acht oiread
le chéile. Bainfear an ceart amach luath nó
mall de bhuidheachas de lucht comhairle an Tsair.
Dhá mhéad a mí-mhuinghin agus a n-aimhreas ar
na daoinibh borba mór-ghlóracha so atá ag éileamh
a gcirt 'seadh is lugha a rachas sé 'un tairbhe
dóibh féin sa deireadh.



Lucht an achrainn.



Tá a lán sa mhullach ar lucht an achrainn.
Deirid gur daoine faidháine gan léigheann gan
foghlaim a mbunáite; nach dtuigid céard a
bhaineas do'n tsaoirse; nach bhfuil 'fhios aca
céard a bhaineas do ghnóthaibh riaghaltais. Is
fíor nach bhfuil mórán oideachais ar go leor
dhíobh, acht cia is cionntach leis sin? Cia an
fáth nach dtugann Riaghaltas na Rúise deis do
na bochtaibh so ar léigheann agus foghlaim
fhágháil? Tá 'fhios agam go rígh-mhaith gur dheac-
air sgolta a chur ar bun amach fá'n bhfiadhántas
agus gan iargcúltacht — 'sna háiteachaibh uaig-
neacha atá dealuighthe amach ó gach bóthar agus
baile. Acht ceist agam ar lucht comhairle an
Tsair: An maith leo na daoine i gcoitcheann
a bheith cliste, eolasach, léigheannta? An bhfeil-
feadh sin dá gcúrsaibh féin? An ndéanfadh sin
cúis do'n Tsar? Is iongantach an rud an
fhoghlaim. Ní furusta sglábhaidhe a dhéanamh de'n
té a bhfuil uaisleacht na haigne agus na
hintinne aige. Dhá léigheannta an duine 'seadh
is neamh-spleadhaighe é i neithibh áithride. Tá gus
agus treoir agus éirim ann féin. Tá muinghin
aige as féin. Meadhuigheann sé gach ceist níos
cúramaighe, sgrúduigheann sé gach nídh níos
cruinne, féachann sé ar cúrsaíbh an tsaoghail
níos grinne de bharr an léighinn agus na
foghlama. Tuigeann sé céard a bhaineas do
phoilitidheacht. Badh chóir go dtuigfeadh sé
céard a bhaineas dó thír-ghrádh agus do dhualgas
an duine do thír a dhúthchais. 'Sé fear na
foghlama an treoraidhe. 'Sé chuireas dlúthas le
neithibh móra tábhachtacha an tsaoghail. Ní baoghal
nach mbéidh sluaighte ag sodar 'n-a dhiaidh i
ngluaiseacht aithrid ar bith má chuireann sé i
gcéill dóibh cia an tairbhe a thiocfas aisti. Is
fusa do riaghaltóiríbh áithride sa saoghal so na
daoine a choingbheáil fá smacht má fágtar i
ndorchadas an aineolais iad. Mar sin 'seadh
thuigim-se an sgéal i dtaoibh na Rúise. Tá leath
na ndaoine gan aon fhoghlaim. Nach mithid dóibh
seo athrughadh sgéil a bheith aca feasta? Cuiridís
i gcéill iad féin. Níor chóir go mbeadh aon
fhaitchíos roimh an léigheann agus roimh an eolas —
roimh an bhfíor-eolas. Tá daoine léigheannta i
dtosach na gluaiseachta so atá ar siubhal sa
Rúise agus tá sluaighte láidre ar aon intinn
leo. Níl ar an treoraidhe acht an “sliogán-
buile” a ullmhughadh agus is furusta dhó duine
fhágháil a dhéanfas úsáid dhe le Diúc mór nó
Árd-Thaoiseach a chur ar lár.



Rúisigh i gcéin.



Tá Rúisigh ar fud na Mór-Thíre annso
atá ag déanamh an méid uisge-fá-thalamh is
féidir leo é ar an gcúlráid i n-aghaidh an Tsair
agus an Riaghaltais. Tá cuid dá dtaoiseachaibh
ag cur dlúthais le neithibh áithride i Lonndain
agus i bPáras agus i gcathaireachaibh nach hiad.
Casadh Rúiseach orm féin annso anuraidh a
díbrigheadh go Siberia i ngeall ar a bheith ag
sgríobhadh alt 'sna páipéaraibh ag tabhairt fá'n
riaghaltas, agus ag moladh an achrainn dá léigh-
theoiríbh. Chaith sé dhá bhliadhain ar an-chaoi i
gcarcair le n-a lán braighdeanach eile. Annsin
chaill sé an tsláinte de bharr a bhfuair sé de
ghéar-call sa ngéibheann agus sgaoileadh bóthar
leis. Tháinig sé do'n Eilbhéis go neartuigheadh
an tsláinte, agus chaitheadh sé furmhór gach lae
ag sgríobhadh chuig na páipéaraibh. Ní gábhadh a
rádh — cé nach raibh a shláinte go ró-mhaith — go
raibh sé 'n-a theinidh-bhruithte le fonn troda.
Agus má bhí a pheann 'un cur síos le n-a
bhriathraibh dána béil ní baoghal nach dtug sé
fá riaghaltas na Rúise go garbh é.



Mícheál Breathnach.



Léisin, An Eilbhéis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services