Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thoir - An Gearmánach Thoir

Title
Ó'n Domhan Thoir - An Gearmánach Thoir
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thoir



An Gearmánach Thoir.



Is iongantach an lear siosgtha agus caismirte
a rinneadh le goirid i dtaoibh an litre a sgríobh
Impire na Gearmáine ag tagairt do neithibh
áithride ag baint le luingis cogaidh Shasana.
Níl aon fhear beo is mó a bhfuil sgáth ag Seaghán
roimhe ar an uair seo de ló 'ná an Dara Liam.
Tá aimhreas aige air anois le fada 'n lá, agus
tá sé d'acht 's d'áithrid ag iarraidh tíortha
na hEorpa a chur i n-aghaidh an Ghearmánaigh.
Tá ag éirghe leis go measardha maith freisin.
Bhí an Ghearmáin go láidir i n-aghaidh an
tSasanaigh le linn cogaidh na mBúrach. Is
cuimhneach le gach duine cia an fothram agus
torann a rinneadh fá'n teachtaireacht a chuir
an Dara Liam chuig Crúgar. Bhí an Sasanach
ar buile agus le báine fá go ndearnaidh “a
ngaol fola agus feola féin” a léithid de
ghníomh. Níl aimhreas ar bith nach dtug an
Ghearmáin iarracht láidir an t-am úd ar
shnaidhm cháirdis a cheangal idir í féin agus
an Fhrainnc. Bhí an ghráin shaoghalta shíorraidhe
aca araon ar an Sasanach i ngeall ar na
gníomha salacha cosgradha bhí ar siubhal aige
san Aifric Theas. Is beag bídeach nach raibh an
snaidhm fáisgthe. Annsin bainfidhe deatach
as Seaghán.



“L'entente Cordiale.”



Acht ghnóthuigh an gliocas dó é. Tugadh cuireadh
do Loubet a theacht ar cuairt go Lonndain —
chonnaic an mac so é féin agus Rí Éamonn
le chéile ag dul thrí sráideannaibh na mór-
chathrach an t-am céadna. Bhítheas ar siubhal
go deo gur cuireadh dallach dubh ar shean-
Loubet agus céard a thárla go haithbhéil thar
éise sin acht a fhógradh do'n tsaoghal go raibh
etente cordiale idir an Fhrainnc agus Sasana!
Is cóir a rádh nach mórán gean' a bhí ag an
bhFranncach agus ag an nGearmánach ar a
chéile ó thús, agus mar sin de níor ró-dheacair
do Sheaghán cur eatortha.



Comórtas Cruaidh.



Bhí an Gearmánach ar dearg-bhuile nuair
a thuig sé i gceart cia'n cleas a himreadh, agus
tá iarpais nimhe neannta 'n-a chroidhe i
n-aghaidh an chúpla ó shoin. Tá éad thar barr
ag Sasana agus ag an nGearmáin le chéile.
Tá an Ghearmáin 'ghá cur féin i gcéill go
hiongantach i ngluaiseacht an tsaoghail, agus
níl lá dhá dtéidheann thairti nach ag neartughadh
agus ag dul i gcumhacht atá sí. Tá a chuid
earraidhe ag fás agus ag leathnughadh. Tá a
longa tráchtála ag baint go leor dá ghnóthaibh
de'n tSasanach. Tá a saidhbhreas ag méadughadh.
Tá a muinntir ag dul i líonmhaireacht ó
bhliadhain go bliadhain. Tá tús aici 'n-a lán
neithe a bhaineas le eolas ceardamhail, agus
le ealadhain. Tá i bhfad níos mó suime san
léigheann i measg a muinntire 'ná mar atá
i Sasanaibh agus tá a modhtha múinteachais go
háluinn. Tá an t-arm is láidre agus is
cumhachtaighe i Roinn na hEorpa aici. Tá
cúigear saighidiúr ag an nGearmánach i n-aghaidh
gach duine dhá bhfuil i n-arm seasta Shasana.
Tá cumhacht agus neart na Gearmáine ag cur
mí-shuaimhnis mhóir ar na Sasanaibh. Tá muinghin
ag Seaghán go gcoisneochaidh a chuid longa
cogaidh i gcomhnaidhe é, agus is mian leis
máighistreacht na mara a bheith aige chomh fada
agus is féidir é. Acht níl an Gearmánach
'n-a thoirchim suain. Tá seisean agus a rún féin
aige. Níl aon bhliadhain le naoi nó deich de
bhliadhantaibh anois nach bhfuil riaghaltas na
Gearmáine ag déanamh long cogaidh gan sgíth
gan stad. Níl long dhá láidre ag Seaghan
nach bhfuil an Gearmánach ag déanamh cinn
atá i n-innimh seasamh ar a haghaidh gan sgáth
gan eagla lá ar bith sa tseachtmhain. Tá sé
'n-a chomórtas chruaidh idir an dá riaghaltas
agus tá ciste 'ch aon riaghaltas dhá ídiúghadh
go láidir ag neart an airgid atá dhá chaitheamh
ar na longaibh móra so. Níl faoi cheachtar
aca géilleadh.



Litir an Impire.



Sgríobh Impire na Gearmáine litir
phríomháideach chuig an tighearna atá i gceannus
gnótha an luingis cogaidh le goirid agus is
cosamhail go dtug sé faoi dhaoinibh áithride
go garbh é. Dubhairt sé go fírinneach nach
bhfuil áird ag Sasana ar longaibh cogaidh aon
tíre acht long a thíre féin, agus d'fhiafruigh
sé cia an fáth gur ar luingiseacha na Gearmáine
a bítear ag cur síos i gcomhnaidhe, agus gan
aon trácht ar 'Mheiriocá, ar an bhFrainnc,
ná ar an tSeapáin. Sgéith duine eicínt an
sgéal i dtaoibh na litre seo. Dubhairt daoine
áithride go raibh a lán cainnte eile innti nár
chóir do'n Impire a rádh, agus dubhradh gurab
amhlaidh a bhí sé ag iarraidh dalladh-mullóg
a chur ar an tighearna áithrid seo, le súil 's
go laghdóchadh an riaghaltas ar an airgead a
caithtear ar son na long cogaidh. Ní raibh sa
méid sin acht seafóid, ar ndóigh. Rinneadh
a lán gleoidh agus cainnte sna páipéaraibh
acht níor leig faitchíos a n-anama do'n
riaghaltas ná do'n dream atá 'n-a n-aghaidh
sa bhFeis aon mhilleán a chur ar an Dara Liam.
B'fhéidir gur maith a rinneadar é.



Míchéal Breathnach.



Léisin, an Eilbhéis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services