Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh na Mumhan

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh na Mumhan
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh na Mumhan



Scéal na scéal is iongantas na n-iongantas
buadh an dá thaobh a fuair fóirne ó Chorcaigh i
nDún Garbhán Dia Domhnaigh. B'í seo an
imirt chinn i gcomhair craobh Chúige Mumhan.
Bhí sluaighte Éireann de daoinibh ag féachaint
ortha, agus mar bharra chonách bhí an lá ar
fheabhas an tsaoghail. Ní feacathas riamh le
cuimhne na ndaoine báire a sharóchadh an chluiche
do fearadh Dia Domhnaigh. Is mór an
chreideamhaint do'n dá thaobh soin a bheith
amhlaidh. Ní hiongnadh na teinte chnámha do
conncathas ar mhaolaibh na gcnoc ó Thobar
Phártnáin go dtí an Mhainistir Thíos. Ar shon
troid maith chalma, agus do thespeánadar an
fhearamhlacht nár theip ar shlóightibh Mhuighe
Feimhin riamh. Go mairidh ar aon a gclú.



An Pheil



An cluiche peile do imireadh ar dtúis. Bhí
toghadh Chorcaighe fé mhuinntir na Laoi agus
toghadh Thiobrad Árann fhé fhuirinn Ghráinsigh
Mócléir. Ná bac an dream ná bíonn an lucht
scríbe go maith aca. Lag go leor a bhíodar-san
age Thiobrad Árann. D'oibrigh mhuinntir
Chorcaighe go haicillidhe is go hoscailte. Seo
mar bhí an scor i ndeireadh na mbeart: -
Corcaigh 1-7; Tiobrad Árann 0-1.



Táillí Báire



Uí Fáilghe 7-15; Cill Dara 0-3.
Fágaigh, buadh i n-aiscidh ó sna Céitinnigh.
Fontenoí 2-8; Cuchulainn 0-4.
Ciceamaigh (sóisir) 0-16; G.S. & W.R.
Aodhaigh 4-8; Páirtidhthe 1-7.
Tónaigh 3-6; Rábairí 2-5.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services