Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - An Réalt Earballach I.

Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Réalt Earballach I.
Author(s)
Ua Domhnaill, Liam,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An Réalt Earballach
I.



Tá réalt earballach chugainn! I n-allód
ní go binn do fáiltighthí roimhe; acht sa ló so
féin atá againn ní dhéantar mórán iongnaidh
de réalt earballach. Is amhlaidh a dhéanaimíd
cúram dár ngnó féin. Ní eile, tá oiread
soin iongantaisí le feicsin gach aon lá gur beag
suim a chuirimíd i ní ar bith atá níos sia 'ná
milliún míle shlighe uainn. Adeirtear go
mbíonn súla an amadáin ar cheithre árdaibh an
domhain. Ná stadfainn mar a stadas an
t-amadán. Téidhmís níos fuide. Téidhmís i
measg na réaltann ar feadh sgathaimh bhig. Bíodh
a fhios againn ná fuil thíos 'ná thuas, thoir 'ná
thiar, i bhfairsingeacht na spéire. Níl ann acht
mór-aigéan nár tomhasadh riamh is ná tomhasfar
go bráth; agus níl sa tlacht so ar a bhfuilmíd
indiu acht gráine gainmhe, mar adéarfá, i measg
gainmhe na trágha. Óir gé gur suarach le feicsin
iad na réiltíní beaga gheala, is mó go mór na
míle mílte dhíobh 'ná an ghrian lonnrach do-
chidhmíd sa spéir lá samhraidh. Agus féach, is
mó fá mhilliún an ghrian 'ná an tlacht.



Cóimit Hailí



Gairthear de'n réalt earballach soin
atá chugainn “Cóimit Hailí” agus is é cúis
gur gairmeadh an ainm sin de .i. i n-onóir do
réalt-ollamh Shasanach re ráidhtear Hailí.
Do-rinne Hailí mion-sgrúdughadh ar raon na
cóimite sa spéir. Do dhearbhuigh sé an réalt
earballach do bheith fá smacht dlighthe áirighthe.
A seo mar tharla: Ón tsean-aimsir go dtí
aimsear Haili do-chidhtí coimite ó bliadhain
go bliadhain. Ní shaoiltí go mbíodh aon bhaint
aca le chéile. Is amhlaidh do creidtí gur tuar
cogaidh is plaig iad; agus badh mhinic do b'ead.
In aois an Tighearna 66 do tháinig an réalt ar
an spéir is é i bhfuirm croise soilsithe. An
bhliadhain i n-a dhiaidh soin do loisceadh is do
scriosadh an Chathair Naomhtha .i. Ierusalem.
Sa mbliadhain 1066 do bhlais na Sasanaigh
claidheamh Liam Normhánaigh is do bhí an réalt
úd ar spéir ag soilsiughadh na hoidhche dóibh.
Sa mbliadhain 1456 do ghabh Turcaigh Cathair
Naoimh Constan agus ag seo mar do chuiridís
Críostaidhthe guidhe suas chun Dé; “Ó'n
diabhal, ó'n Turcach is ó'n gcóimit, go saoraidh
an Tighearna sinn!” Sa mbliadhain 1531 do
réab neart na fairge muir-dhíogacha na Tíre-
fó-Thuinn is do chlúdaigh bailtí is fearann ionnus
gur báthadh ceithre céad míle duine. Níorbh leor
soin de thubaist ar an gcineadh daonna. Sa
mbliadhain gcéadna do thárlaidh luasgadh talmhan
sa bPórtuingéal. Do marbhuigheadh trichad
míle duine is do fágadh talamh is bailtí i n-a
luaithridh. Ní haon iongnadh gur mhinic do
ghabhadh eagla daoine ar bheicsin réilt an
droch-thuair dóibh. D'fhéadfainn ruairisgí
eile do thabhairt ar an éirleach do-rinneadh ó am
go ham le linn na cóimite do bheith ar spéir.
An uair deireannach, sa mbliadhain 1835, do
tháinig sé chugainn do thárlaidh luasgadh talmhan
i n-Americá Theas is do marbhuigheadh na mílte
duine. Do hathruigheadh muir-imeall na Chílí
chomh mór soin go bhféadfaí a rádh gur glanadh
an tír sin de léir-sgáil an domhain.



Thig an réalt earballach soin Hailí ar cuairt
chugainn tuairim is uair ins gach chúig bliadhna
déag is trí fichid. Teacht gan iarraidh iseadh
é go deimhin; acht ní cinnte rud ar bith 'ná an
teacht soin. Cheana féin tá réalt earballach
le feicin. Ní mór fad-radharcach
do bheith agat, ámh. Ins na gloinibh is mó le
fághail do b'fhéidir an chóimit d'fheicsin i Mí
Deireadh Foghmhair is tá sí ag dul i ngile ó'n
aimsir sin i leith. Fógarthar dúinn go bhfeic-
fimíd le n-ár súilibh cinn í i ndeireadh Mí Feabhra
nó i dtosach Mí Márta. Beidh sé i n-an réalt
maidne an t-am soin is i n-a réalt tráthnóna
um Bhealtaine. Dár ndóigh, de réir na dtuairisgí
— agus is fíor iad — is mithid dúinn ár n-anam
do dhéanamh, gan trácht ar údhacht do dhéanamh!
An mbeidh cogadh is léirsgrios ar dhaoinibh an
bhliadhain atá chugainn? Cá b'fhios domh-sa nó
duit-se? “Tá an Teamhair ina féar is
féach an Traoi mar atá.”



Tarrangaireacht



Mar adubhairt romhain do saoiltí gur comhartha
éirligh is léir sgriosta cóimit. Dochidhtí na
réalta soin ó am go ham acht níor shaoil aoinne
go dtí aimsear Hailí gur réalta iad do bhí
fá smacht na ndlighthe gcoitianta, na dlighthe
do righluigh an ghrian, an tlacht, an ghealach is an
uile réalt sa spéir. Sa mbliadhain 1682 do
tháinig an réalt earballach. Do bhreithnigh Hailí
i n-a intinn gur léigh sé cur síos ar chóimitibh
do tháinig roimhe seo. Do sgrúduigh sé annála
na dtíorach óir badh ghnáthach le lucht seanchuis
aon sgéál chomh sgannramhail le teacht cóimite
do sgríobhadh is tuairisg do thabhairt ar a méid,
ar a dath, ar a ghile, ar a fuirm. Is é críoch
an sgéil go ndeárnaidh sé taraingearacht go
dtiocfadh an réalt earballach soin arís sa
mbliadhain 1759 agus do tháinig. Bhí Hailí
imthighthe ar shlighe na fírinne an t-am soin acht
ní lughde fírinne na tarangaireachta.
Beidh tuilleadh de'n sgéal so againn tar éis na
Nodlag.



Liam Ua Domhnaill





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services