Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Chlanna Chaoilte

Title
Feis Chlanna Chaoilte
Author(s)
Ní Shíthe, Máire,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Chlanna Chaoilte.



Tá fógra sa Chlaidheamh le tamall maith
á rádh go mbeidh Feis i gClanna Caoilte an
23adh lá d'Iúl agus go mbeidh cainnnt, ceol, cleasa
lúith, rinnce, rásanna, agus rudaí eile ar
siubhal ann an lán san. Is mithid domh cuid
de na rudaí eile sin dh'áireamh. Tá dhá
chomórtas déag ar fhichid ar an gclár: trí
cinn aca sa roinnt liteardha do'n aos óg;
ceann i stair na hÉireann; aithriseoireacht
do dhaoinibh fásta, agus do dhaoinibh óga;
sgéalaidheacht; comhrádh do'n aos óg; comórtas
idir lintighthibh Gaedhealacha (níl cead ach ag
muintir Dhióise Rois dul ag iomaidh sa chomórtas
so agus is mór an truagh san mar tá cúig
giní mar duaiseanna le fághail ann.) Tá comór-
tas ar amhránaidheacht do dhaoibibh fásta agus
corn airgid mar duais, agus an comórtas
céadna do dhaoinibh óga; agus beidh cóireacha
ag seinm cheoil ann leis. Tá ceithre comórtasaí
do leanbhaibh sgoile i léighreóireacht agus
comhrádh. Tá trí comórtasaí i rinnce ann
agus dhá choórtas do cheoltóirí, ceann ar an
bheidhlín agus ceann ar an bhfideoig (fife).



Beidh Cumann na bPíobairí ó Chorcaigh ann
mar bhí anuraidh, agus is maith a thaithnigheadar
le na daoinibh.



I roinnt na gCleas Lúth beidh 90 rásanna ann,
trí cinn aca ar rotharaibh agus an sé cinn
eile, gach éinne ar a chosaibh féin gan cabhair
maide croise na maide bacaigh. Béidh léim le
haoirde ann; agus daoine ag tarrac téide
ó na chéile (Tug of War a thugann siad ar sa
Bhéarla bréagach san). Beidh dháréag fear i
i ngach tím. Beidh duaiseanna luachmhara le
fághail i ngach chomórtas agus mar a mbeidh
lá spóirt agus ceoil i gClanna Caoilte an lá
san ní bheidh sé ann go deo.



Tá Coiste dúthrachtach i bhfeidhil na hoibre
atá ag deanamh ghach rud chun an spiorad
Gaedhealach do chur ins na daoinibh agus tá na
daoinibh á bhfreagairt, mar tá siad ag feitheamh
go neamh-fhoidneach leis an lá mór so.



Seadh! “Cad iad na rudaí eile a bheidh ann,
suirigheacht an eadh?” Sin ceist a chuir an
“Timthire sgáthamhail” úd go mbíonn eagla
air roimh na cailínibh go léir, orm tamall ó shoin,
chun an áit do sheachnadh is dócha dá mbeadh a
leithéid ann a chuir sé an cheist chugham, ach
níor thugas aon fhreagra air fós, mar ní bhfuara-
mar aon “Chead” chun a leithéid sin. Fuara-
mar “Cead Feise” agus “Cead” i gcomhair
gCleas lúith agus sin a fuaramar. Ach beidh
na cailíní is deise i nÉirinn agus na gaisgidhigh
is calma, agus na fir is fearamhala le feicsint
san bPáirc i gClanna Caoilte an la san agus
cead a chinn agus a chos agus a theanga ag cach
éinne.



Ba mhaith leis an gCoiste go mbeadh éadach
na hÉireann ar gach éinne ach is baoghalach go
mbeidh a lán aca clúdaighthe sa bhfaisiún gallda.
Beidh mná caola ann agus Hobble skirts ortha
agus bhí fuadar ar chuid aca Harem Skirts
fhághail ach ar eagla na bhfilí. Beidh na fir féin
clúdaighthe i ngach faisiún ; filleadh beag ar chuid
aca, agus brístí gairid ar chuid eile aca, ach
ní dócha go mbeidh gádh le cótaí móra an lá
san, tá súil agam ná beidh.



Tá cuid de mhintir Shasana ag sgrí anall
chughainn féachain an mbeidh “Fireworks”
ag teasdáil uainn. Ní bheidh, buidheachas le Dia,
ná aon rud eile ó Shasana, ach na Gaedhil atá thall
ann agus gach Gaedheal eile agus Gall más
maith leis do theacht go Feis Chlanna Chaoilte
an 23adh lá d'Iúl.



Máire Ní Shíthe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services