Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Suas leis an gGaedhilg

Title
Suas leis an gGaedhilg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Suas leis an nGaedhilg.



Do mhaoidh An Craoibhín Aoibhinn san
oidhche Dia Sathairn go raibh céad agus ochtmhoghadh
Gaedhilgeoir i gColáiste na hIolsgoile
Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Do hinnsigheadh
sgéala ar an gcruinniughadh céadna go bhfuiltear
tar éis a dtromshuan do chur díobh i gColáiste
na hIolsgoile atá i gCorcaigh agus san gColáiste
eile ata i nGaillimh. Is aoibhinn linn an nuaidheacht
so. 'Siad lucht léighinn na hIolsgoile, idir
tuathta agus cléir, an dream is mó léighinn
i nÉirinn. Leanann an t-ómós agus an meas
an léigheann. Má bhíonn ómós agus meas ag
lucht na hIolsgoile ar an nGaedhilg béidh an
t-ómós agus an meas ag an bpobul uirthi.
Níl lucht na hIolsgoile uile fá bhrat na Gaedhilge,
acht tá a lán aca, agus tá an Dochtúir Ua
Cobhthaigh, Uachtarán Coláiste Bhaile Átha Cliath,
fá n-a brat, agus is féidir an ghairm chatha
“Suas leis an nGaedhilg” do chloisteal agus
í dá fógairt go buacach ag na macaibh léighinn.
Leanaidís do'n ghairm chatha soin agus meallfaidh
siad lucht na hIolsgoile ar fad fá n-a mbrat.
Tig leo é sin a dhéanamh le gustal agus le
duthracht agus le stuaim. Ní mór é a dhéanamh.
Ní mhairfidh an Ghadhilg ar an gCumann Ghaedh-
ealach. Caithfear í do phréamhughadh i ngach cumann
eile san Iolsgoil. Béidh mórán rudaí ag
cuidiughadh leo san obair. Beidh an léigheann
atá dá dhéanamh san Iolsgoil ag cuidiughadh
leo. Béidh na meadhon sgoileanna a chuirfeas
Gaedhilgeoirí chuca ag cuidiughadh leo. Béidh
gluaiseacht cúise na saoirse ag cuidiughadh leo.
Béidh obair Chonnradh na Gaedhilge ag cuidiughadh
leo. Béidh Dia leo san obair, mar is ag
coimhlíonadh teagasg Dé a bhéas siad .i. ag
comhairliughadh dho Ghaedhealaibh lorg a laochra do
leanamhaint. Suas leis an nGaedhilg! Sin
í an ghairm chatha is binne dár fógruigheadh san
Iolsgoil ariamh.



Tá gach cosamhlacht go bhfuil faobhar ar
muintir na hÉireann i n-aghaidh an Ghalldachais
thar mar bhí ariamh. Tá Gaedhil Mhuigheo tar éis
an cath do fhógairt ar an nGalldachas. Tá
Craobh Luimnigh tar éis comhairle bhríomhar do
chur chun cinn. Tá Coiste Ceanntair agus
craobhacha Chorcaighe ar a mbonnaibh agus iad
réidh chun cabhrughadh linn. Tá Coiste Ceann-
tair Cheatharlocha, cé go bhfuil sé óg fós, go
teann, láidir. Tá an Clár beo le lucht
saothruighthe na Gaedhilge, agus i lár Bhéil-
feirste tá dream Gaedheal chomh duthrachtach
is tá le fagháil i nÉirinn. Ní mhaireann an
faobhar so atá anois ar Ghaedhealaibh i gcomhnaidhe.
Ní buan an faobhar atá ortha. Tig tromchodladh
agus draoidheacht ortha go minic. Ar an adhbhar
sin ní mór dúinn na Gaedhil ar fad do chur i
n-éadan oibre gan mhoill. “Suas leis an
nGaedhilg” — bíodh an ghairm chatha soin na
hIolsgoile againn mar ghairm chatha d'Éirinn
ar fad. Agus bíodh dul chun cinn agus teacht
le chéile in gach áit. Sgrúduighthear agus aith-
léighthear comhairle na hÁrd-Fheise agus féachtar
le na cur i bhfeidhm. Gach áit a raibh craoibh de
Chonnradh na Gaedhilge ann ariamh ba cheart go
mbeadh craobh anois ann. Anois an t-am chun
troda. Ní mhairfidh an faobhar go buan.
Baintear feidhm as an fhaid is atá sé ar ar
ndaoinibh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services