Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Reachtaireacht Chearc

Title
Reachtaireacht Chearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Reachtaireacht Chearc.



An Chearc Ghuir.



Nuair a chromann cearc ar gor gabhann sé
le na duthchas í leogaint na suidhe ar nid ubh
an tráth sin. Bíonn oireamhaint le gach aon
nidh agus is minic nach féidir leogaint le
duthchas.



An Buff Orpington an cineál circe is fearr
chun guir. Is féidir breis is dosaon ubh do
chur fuithi san nid agus máthair dhícheallach 'seadh
í i gcúram a háil tráth thagann siad amach.
Cearc bhreagh mhór bhuidhe 'seadh í gur fiú féachaint
uirthi. Tá sí go ciúin mín mar le circ dá méid
agus ba bhreagh leat a bheith ag faire uirthi ag
fritheálamh agus ag saothar dá hál óg. Éan
áluinn go léir 'seadh an coileach, agus
is mín modhmhail neamhscáthmhar a dhruidfeadh
sé id' threó chun bídh do phiocadh as do láimh
dá mbeadh súil aige leis. Féachann sé go
breagh de bhárr a mhéid agus áilneacht a chlúimh.



Ceithre lá tar éis na n-ubh do chur fé'n gcirc
ba cheart iad d'fhéachain agus na huibe neamh-
thoracha do thógaint uaithi. Is féidir na huibhe
úd do chur i leath taoibh i gcóir bídh d'ainmhidhibh
má deintear a dtógaint i gceann ceithre lá
tar éis a gcurtha fén gcirc. Má fhágtar fuithi
níosa shia iad ní bheidh ionnta acht glugair agus
tá's ag an saoghal gur rud ar bheagan tairbhthe
an glugar. An té a bhíonn tuiscint a gnó
aici beidh fhios aici an t-ubh bheith torthach nó
a atharrach. An túisce féachann sí leis an
solus ar an uibh beidh a fhios aici sicín do bheith ann
má fhéachann an t-ubh go smálach smutach, acht
má fhéachann sé glé-ghlan tríd an solas tar éis
gor na gceithre lá ní haon cabhair a leogaint
fé'n gcirc a thuilleadh, mar ní bheidh sé torthach,
agus ní thiocfadh sicín ann go lá an luain.
Agus tugann soin scéal eile fé thagairt chugam,
gur minic an iomad cearc ag gabháil le haon
choileach amháin, sin é fé ndeara na huibhe do
bheith neamh-thorrach; ní cóir gan thar deich gcínn
de chearcaibh do chur le haon choileach.



Mara leogtar do'n chirc suidhe ar nid ubh,
seo slighe áirithe chun an gor do ruagadh:—
téadán d'fhaghail agus é cheangal de chois
na circe. Píosa adhmaid do sháthadh sa talamh agus
an ceann eile de'n téad do cheangal di sin.
Is féidir do'n chirc siubhal a dheánamh faid an
téid as an dtalamh. Ní mór an díoghbháil a
dh'imtheóchaidh uirthi í bheith ceangailte mar sin
amuigh fén aer agus cead siubhail aici. I gceann
lae nó dhó imtheóchaidh an gor uaithi. Deineann
a lán daoine í thomadh san uisge nó biadh a
chimeád uaithi. Ní ceart i n-aon chor an cor
soin do thabhairt uithi agus is náirech an bheart
do'n té a dheineann a leithéid ar chirc bhoicht.



Seo slighe eile chun í chur bun ós cionn leis
an ngor: An chearc do chur na luighe ar téadaibh,
gach téad aca tímcheall órlach ó na chéile. Ní
mór clúdach do chur ós cionn na circe, ar a dhá
taobh agus lastiar di. Cuirtear taobháin ar
a haghaidh amach, agus bíodh slighe eatortha soin,
i dtreo is go mbeidh faghail aici ar bhiadh nuair
a cuirtear ós a comhair é. Cuirtear cloch nó
bríce tuairim troigh nó troigh go leith ar aoirde
fá gach cúinne de'n chúib d'fhonn is gur féidir
é árdach ón dtalamh. Chítear annsoin gur
féidir séadán gaoithe do ghabháil fé'n gcirc.
Bainfidh soin an teas di. Imtheóchaidh an gor
uaithi nuair nach féidir do'n teas a sroiscint.
Má's féidir an cúb soin do chimeád amuigh fé'n
spéir do b'é b'fhearr é acht is minic nach fuirist
soin a dhéanamh.



An Beirtheóir nó incúbator.



Ní mór le rádh an t-ádhbhar a théidheann
i gcúram beirtheóra. Is iomdha cor atá riach-
tanach d'fhonn a eolas do chur agus is minic a
bheireann stailc é, b'fhéidir an tráth ba lugha
uain ag a lucht faireacháin. Acht má's mian
le duine gasra sicín do thógaint d'éis an
earraigh b'fhéidir gur bh'fhiú léi féin an trioblóid
ghabhann le beirtheóir. Ní thagann sé le nádúir
an tsicín a thógaint ar an nós soin, ámh. Dá
thoisc sin mara dtugtar an aire is dual di ró-
mhaith a chúiteoghfar a saothar do dhuine.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services