Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beir ar an Uain ar Urla

Title
Beir ar an Uain ar Urla
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Beir ar an Uain ar Urla.



An chuid is mó de mhuintir na hÉireann ceapann siad go ndéanfar athrú
éigin ar riaghlachas na dúithche seo i mbliadhna. Ní fios, ámh, an ndéanfar nó
ná déanfar, agus an té do dhéanfadh an tairngireacht ní thabharfaoi de thoradh
air ach mar a thugtaí ar Chasandra fadó. Acht, ar aon chuma, baineann sé
le deallradh go dtuitfidh rud éigin amach i mbliadhna agus gibé rud é budh
leas nó aimhleas do ghnó na Gaedhilge é. Tá san chomh ciallmhar agus chomh
siúrálta ar aon chuma le aon tarraingireacht do dhéanfaí tar éis an ní do
thuitim amach. Is dóigh liom, dá bhrigh sin, go mbeidh gach éinne ar aon aigne
liom go dtiocfaidh olc nó maith as do'n Gaedhilg. Anois cionus do thiocfadh
olc as. Thiocfadh olc as dá mbadh rud é go ndéanfaí athrú ar an riaghlachas
agus gan sinne, muintear na Gaedhilge, i gcomhacht agus i gcóir chum gach
aon tairbhe do bheadh ann do bhaint as do'n Ghaedhilg. Cionnus dfhéadfaimíd
bheith i gcomhacht agus i gcóir? Is amhlaidh bheimís ullamh chum an Ghaedhilg do
chur chun cinn fá riaghail Éireannaigh i nÉirinn ná ár gcuid craobhach sa
mbaile is i gcéin do bheith go láidir, léidmheach agus go bríoghmhar brostuigh-
theach againn, agus gach duine de mhuintir na Gaedhilge do bheith chomh díthcheallach
dílis agus do bhíodar tá cúig bliadhna ó shoin. Ní gádh dom na briathra san
do dhearbhú. Is leór de dheimhniughadh agus de dheismireacht orra ceist chruadh-
chasta na hIolsgoile agus an tsár-obair do rinneadh le n-a linn. Acht an
féidir gur bhain an iarracht úd an smior agus an brigh go léir as muintir
na Gaedhilge? An féidir gur meirtne nó múchadh neanman, éadóchas nó
éadtreoir atá ag gabháil anois do lucht chosanta sean-urlabhra na nGaedheal?
Bíonn an namhaid dá shíor-rádh ná fuil aon bhuaintseasmhacht ná aon chur-leis
ionnta, agus go bhfuilid ceann-éadtrom, luaimneach, guagach. Adeirtear
go dtugaid sidhe sár-láidir agus fogha fíochmhar faobhrach fá rud áitithe i
dtosach agus confadh catha orra i láthair na huaire. Muna n-eirghidh leo bíd
go dubhach, dubrónach i meirtne agus i míolaochas. Agus má eirigheann leó,
bíd leisgeamhail neamhshuimeamhail, agus ní bhainid an tairbhe ceart as a gcuid
saothair, mar ná leanaid an ruaig ar a namhaid. Ní deirim gur fíor san,
acht tá an teist agus an cáil sin amuigh orainn ar aon chuma, agus b'éidir
nárbh aon díoghbháil dúinn beagán machtnaimh do dhéanamh air. Níor dhochar
do dhuine ná do Náisiún, acht oiread, iad féin do bhreathnú uaireanta tré
shúilibh an fhir thall.



Ceist na hIolsgoile do chuir an méid sin thuas i gcuimhne dhom, agus, i
ndiaidh réidhteach na ceiste úd go buadhach is go fiúntach, an taom lag-
mheanmach agus an neamhshuim thárla do chuid mhaith de lucht na Gaedhilge. Ba
dhóigh le duine orra, ó badh rud é go raibh an Ghaedhealg san Iolsgoil go
raibh sí saor sabhálta go deoidh beathadh. Is mór gan amhras agus is uasal an obair
í an Ghaedhealg do leathadh ó'n Iolsgoil Náisiúnta ar fuaid na hÉireann.
Acht tá ceist agus gnó amach romhainn anois agus ní'l i gceist na hIolsoile
i gcompráid leis acht mar a bhac na Féinne i gcompráid le Fionn Mc Cumhail.
Tá a fhios ag cách go bhfuilim ag tagairt do cheist Hóm Rúil; agus goide an
mhaith é do cheilt?



Mar is amhlaidh tá an Connradh so againne ag obair go dian duthrachtach ó
'93 anall. Is beag Gaedheal i nÉirinn (acht fo-dhuine aisteach canncrach b'éidir)
ná déarfadh go bhfuil obair mhaith thairbheach déanta ag muintir na Gaedhilge
rith na haimsire sin. Agus a bhfuilimíd chum gach tairbhe agus gach déanmhas
neith do thiocfadh ó'n deagh-obair sin do leigint ar lár agus do chailleamhaint
anois nuair is giorra dhúinn an fhuasgailt? Ní'lim dá rádh go mbeidh an ród
ró-réidh ná go mbeidh an bóthar gan baoghal ar fad do'n Ghaedhilg fá Hóm
Rúil. Acht adeirim an méid seo, gan uamhan gan fábhar go mbeidhmíd ag
pléidhe le hÉireannaighibh agus measaim-se gur mór an ní an méid sin féin.
Ar an dtaoibh eile de'n sgéal tá a fhios ag gach éinne gur iomdha buidhean is
dream is complacht daoine bheas ag sgreadal agus ag béiceadh gá gcur
féin i n-iúil an uair san. Agus b'éidir ná beadh sa Ghaedhilg bhoicht acht guth
ar shliabh, guth ag glaodhach sa bhfásach, agus gan éinne ag éisteacht léi. Is
gior gan amhras gur mar sin bhéidh an sgéal muna mbímíd go bríoghmhar,
láidir ionnus ná féadfadh duine ná dream sinne ná an Ghaedhealg do
dhí-mheasadh go saoráideach. Mar sin de, tá orainn ár gcraobhacha do choimh-
cheangailt agus ár ndaoine do dhlúthú go daingean sa chonnradh so againn,
agus an tsean-mheanma agus an sean-mhisneach do bhuaidh agus do bhris ar an
namhaid tá cúig bliadhna ó shoin do mhúsgailt agus do mhéadú feasda.



Agus anois tá Seachtmhain na Gaedhilge ag teannadh linn, agus ní'l aon
am dob' fhearr d'fhéadfaimís an tsean-mheanma do chur i bhfeidhm agus i
ngníomh ná an t-am sin.



Agus tá a fhios agaibh nárbh fhéidir obair na Gaedhilge do choimeád ar
siubhal gan cabhair agus congnamh ó mhuintir na hÉireann. Tá coisdí
ceanntair &srl. fá'n dtuaith ag brath ar chongnamh ó'n gCoisde Gnótha. Is
deacair olann do bhaint de ghabhar. Ba bhreagh leis an gCoisde Gnótha gach
aon tsaghas conganta (airgead timthirí agus eile) do thabhairt do lucht na
Gaedhilge ar fuaid na dúithche acht is minic nach féidir é. Táid na Gaedhil
thar lear go fial gan amhras acht ní maith agus ní fiúnach dhúinne do bheith ag
brath a n-iomarca orra. Agus da fheabhas dá fhairsinge iad ní chuirid leath
oiread chugainn is do choimeádfadh an obair ar siubhal. Mar sin de tá ar
Ghaedhealaibh na hÉireann tosnú láithreach agus gach aon rud do chur i gcóir chum
bailiú Seachtmhain na Gaedhilge do dhéanamh níos fearr i mbliadhna ná mar do
rinneadh aon bhliadhain go dtí seo é.



Pádraig Ó Dálaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services