Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Book of Proverbs

Title
A Book of Proverbs
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Quin, E.G.
Composition Date
1740
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1961-1963)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A COLLECTION OF IRISH PROVERBS.,
GIVEN TO ME BY HARRIET ST. LEGER.



aniugh na dhuine amarach gan bheith.



san teine tarla an sult.



as maith gach ní ar ambí deighchríoch.



samhail chránach le fidil.



íosfaidh madadh gortach potóga salcha.



banbh do chránach fein.



ni deuntar seabhac maith choidhche do phréuchán gearr an chonuis.
"a carrion kite"



as goirid bhíos soláthar anamadan da chaitheamh.



téid eunlaith eunchlúimh /
do ghnath d'euntáoibh.



as fearr cara san chuirt na pinginn san sparán.



bí suilbhir agus crionna.



na dén dreapaireacht ro ard.



doni athrughadh na foithreach gamhna reamhra. "change of pasture"



ann san baile thosuigheas an desheirc.



déana mar budh maith leat do deunamh dhuit.



as meiste gach ní bheith dhá chaitheamh. "Every thing is worse for
wearing"



tig an chairde sni maithtear na fiacha.


L. 131


ni bfuair fear lagchroidhe baintighearna riamh.



gáir mhór, beagán ollna.



ase an táras an táras da shuarraidhe da mbí. "home is home ..."



gibé airges sgoláire, airgidh fithche. "he that robs a scholler, robs
twenty"



caithfidh an té bhias a ccuibhrionn an diabhail a liach do bheith fada.



lasaidh se mur mhadadh dhubh. "he blusheth like a black dogg"



ni fhuil righeadh ris. "he hath no hoe with him"



aighnighidh se cailc thar cháise.



ata sé uile ar ashon féin.



do rinne se adhastar chúm e fein do chrochadh.



ata se dona lenntaibh ceudhna. "he is of the same humour"



crochtar an té nach bhfuil solathar ar bioth ann.



gabhuim do chomairce do mheas me gur stol roibhnéalta thú.
"I crave you mercy I took you for a Joyntstool"



ni cheannócha me banbh a mála.



Cosmhuil le chéile an saór sna slisneach.



beagán briathar as urusa do leasughadh.



a ndiaigh bídh mustard.



ni fhéadann aonduine amháin gach
einní do dhéanamh.



seachain slighe an dochair.



seachnaidh súil ní nach bfaicionn.



bi drochbhaladh ar anearradh tairghtear.



bídh bainbh ag eitiollaidh sa neirble rompa. "piggs fly with their tailes
forward"



as fearr filleadh na losgadh.



nir cuireadh an Róim súas anaonlo.



as usa do chuid dho daoinib each do ghoid na do chuid eil feucain
thar fál.



as milis an tarán goidthear.



as fada theíd coiscéim socair.



athchuimir blasta. "short and sweet"



as eigin sobhsa géar cum bídh mhilis. "sour sauce"




L. 132


seachain ar labhra, seachain ar thagra.
"Spare to speake, spare to speede"



an carr roimh an ghearrán.



ni he an taifneoir as buirbe as mo bheanus greimh amach. "barkers"



dha en do mharbhadh le heunchloich.



bastal do dhéanamh as iomad deagh mhaidneadh. "To bragg"



bheith ag gul le huinniún.



as minic do bhean duine slat chum é féin do bhualadh.



saltair ar phéist, et iompobha si ort arís. "Tread on a worm"



déana do chomhuirle ara do pheiliúr.



an ni geibhthear tar dhruim an diabhail caithtear faoi na tharr é.



así an láir riabhach gearrán as fearr. "the gray mare is the better
horse"



asé biocáire na namadán anatair spioratalta.



días a naghaidh aoin, ata sin corr. "is odds"



ni maith iomarcaidh deinní.



ge do ghoid et clúimh do ghreamughadh síos.



ni dheachaidh acht deimeas eattorra. "pair of shears"



teacht la an dhiaigh an aonuigh.



dune do mharbhadh le cuisín. "cushion"



múin dod sheanmhathair uighe do diúl.



an leanabh loisgthear bi eagla na teineadh air.



an ni hoiltior san chnáimh ni théid choidhche as an fheóil.



da mhéd as móide as suilbhir, da laighead as móide bhéid sásta.



ni beathuighthear an bolg le briathra breagha.



do ní gnás maighistir.



posadh et crochadh teagmhaid le cinneamhuin. "goe by destiny"


L. 133


an tan beantar a cheann do dhuine ni bheanan se greim amach.



ni bhionn an gliocus go maith go cceanaighthear e. "wit"



anúair ata an banbh dá thairgsin, cuinnigh do mhála fosguilte.



an tan goid-fidhear an sded, druid dorus an stabla. "steed"



an tan bhías an fíon astigh, bi an chiall amuigh.



as mór do sháothar ar bheagán tairbhe.



innsigh tú ca mhéd poll san scimér. "scummer"



dobheir tú ni dhó, at a comhoileamhnach aige et ata ceathramha chaorach ag
gearrán tinn.



codhlaidh se nell comhfhada leis an oidhche.



as sacsanach fíre thú, ni fhuil afhios agad cia anúair bhíos ni
go maith. "Englishman"



feucaidh gach aoinbhealach chum na coilleadh. "You try"



gabaidh tú thríd na pícidhe. "Pikes"



ni feuchthar fíacail aneich bronntur.



tabhuir póg do chois an gheirr-fhíadh. "You must kisse the hares foot"



ni chum an mhargaidh chóir thug tu do chuid arbha. "corn"



each cíocrach, adhastar gearr.



bó mhire, bi adharca gearra aice. "Curst cow"



seachna súil ní nach bhfaicionn.



cuir da chluanaire a naghaidh aoin. "two crafty knaves"



ni dearna fear bagair aitheas riamh. "Threatned folk Live long"



claodhidh deaghchroidhe a nuile ní.


L. 134


mur anumhluighid na cinn leanfaid na cosa. "Where the greater yield, the
Lesser will comr after"



cuiridh dia conách chum na namadán.



tairrngid na cosamhlachta chum achéile. "Like to like"



dha ghealbhonn ar aoin déis arbha as olc thigid re chéile. "two cmpetitors
can not accord"



faoi dhroch chlóca ata na luidhe pótaire maith.



ni deuntar rí do bhodach choidhche. "A clowne"



an téd do theilgean andiaigh an choire.



an tsamhthach do theilgean andiaigh na túaidhe. "the Helve"



teitheamh on toirrnig, agus tuitim san teinntigh. "and fall into
Lightning"



As mairg théid accath carad. "meddle not with brothers"



mur a mbionn an bél dúinte, ni fheudann an chuil dhol as teach.



asi an láir riabhach gearrán as fearr. "gray mare"



coimheid thú "Beware"
ar amadán anionad chumhang. "Of fooles in a narrow place"



Ar mheas ar ndol ar ccúl, et daoine beaglúaich. "Of credit decayed and
people worth nothing"



ar chailín óg na banfháidh et bean laidne.



ar phearsainn chluamhuil agus baintreabh-thach pósta fa thri.



ar bhealaighe salcha agus ar aicíd fhada. "long sickness"


L. 135


coimhéid thú



Ar ghaoith thig asteach ar pholl et ar námhaid le ndearnais siothcháin.



Ar les mhathair, aslór an tainm amháin.



As mó an eagaoíne ná an tadhbhar.



As fearr deaghchlú na saidhbhreas.



iomchraidh an teasal a ualach go maith, acht ni iomchrann se acht
a eire.



teine lín, grádh caile, gaoth ón tóin. ionann íad.



coimhéid thu féin ar fheirg duine mhóir et ar iomrádh na ndaóine. "the
peoples Tumult"



den maith, na cuir suim cia dhó, dén olc et coimhéid thú fhéin.



más mian leat bheith onórach bi fíal. "honourable"



ni dhéan achmhasán carad olc. "a friends reproof"



ni cúis truaillidh na lochtach an bhochtuine acht miochomhghar.
"Poverty is no vile or vicious matter, but an inconvenience"



Dia san bhél, sa diabhal san chroidhe. "good words and wicked deeds"



as mó do bheir don duine chrúaidh ná don bhocht.



as mó do chí ceithre súile na dha shúil.



as fearr dha cheann na aoíncheann.



as fearr dreollán a ndornn na corr ar cairrde.



más fagus do dhuine a chóta, as foigsi dhó a léine.


L. 136


as fearr bheith na cheann luchóige na na iorball leomhain.



as fearr do neach tuigsi do bheith aige ina saidhbhres.



cuiridh an faitchios dfíachaibh ar dhaoíne feuchain na ttimchioll.



as fearr ní dfaghail alaimh aonuair ina agealladh go minic.



gibe nach snámhann, teigheadh se aniochtar.



bí an fhírinne searbh.



ni fhéadann an fheannóg bheith ni as duibhe ina asgiotháin. "The Crow"



ni feidir dol tar an chéim as uirde.



nír cuireadh an Róimh súas anaonló.



ni bhionn domhnach gan ghrian, na cailín óg gan grádh, na sean duine gan aicíd.



"without paine or ache"



ni bhionn caonnach ar chloich reatha.



saoilidh braidín na ccruach mur as bradach féin gur bradach cách. "The
thief"



ni fhuil a mbriathraibh acht gaoth.



gibe bhias aleamhadradh le anamhaid as le alaimh féin thuiteas sé.



an té thaisgeas cuid da stór / ní bhíaidh bocht choidhche gan lón.



an te aga mbí oifige, bi tairbhe aige. "an office"



gibe bheir ni fa na bhlas, bheir uaide fadhó é. "Hee that gives quick
gives twice"



cia as duine uasal ann.


L. 137


an té do ní gniomh-ruidh duine uasail.




gibe aga bfuil úain, et anus le húain as fearr, biaidh faill aithreachuis aige.
"He that has time,"



an té bheir cuirm dhuit, leis nár ghnáth atabhairt, meallfuidh thú no ata
feidhm aige ort.



an te itheas a choileach na aonar cuireadh diallaid ara each na aonar.



an té thaisgeas achuid bidh et airgid dó fein, caithfidh se aghnoithidhe
fein do dhéunamh.



gibe théid ar sgáth chrainn mhaith, as maith an sgáile fhaluigheas e.
"He that Leanes on a good tree"



as maith do neach cadus duine mhóir do beith aige. "a great man's
protection"



gibé nach ttaisbénann e féin don tsaoghal ata se caillte, air seachnuidh súil
ní nach bfaiceann.



gibe dhiochuireas an tsiocair, diochuiridh an choir.



gibe diochuireas mealltoireacht an pheacaidh diochuiridh an peacadh mur an
cceadna.



comhnuigh agamsa, et iarr duine eigin eile chum do beathaighthe.



gi be aga mbi meabhair mhór gan foghluim, ata cuigéal et maide sniomha aige,
sgan einní le sníomh. "hath a rock and a spindle"



ata go lór ag an té ata toilteanach.



ceannach phigín a mála.



cara do gach aón ni cara daoinneach.



do ni an grádh iomad, acht an tairgead do ni an tiomlán.



meirleach míomh-acánta, as cóir aghlacadh go borb. "must be roughly
treated."



do gheibh se go lór, an té nach ccailleann.



beo aniugh, marbh amárach.


L. 138


na rí aniugh, sgan abheith amárach.



liomsa aniugh, leatsa amárach.



sgeimh gan mhaith as cosmhuil é le fíon o ndeachaidh a bhrigh.



sgéim et leimhe, bíd go minic a ccoimhideacht.



bí cluasa ag na fálta et súile ag na moighe.



do ni an fíon laidir inchinn lag.



daoine rochar-thanacha, as líonmhur alucht leanamhna.



bacaidh bhréige a bfíaghnaisi cláirínigh. "To halt before a cripple"



as geall leis an chat a craiceann. "He is sure of the Cat who has her skin"



each déanta, et bean le déanamh.



madadh bhíos atafann, as annamh bheanus greim amach.



ní do bheir neach dá airighe nir chaill é.



as diomhaoin fearg gan lámh láidir.



iall leathan do sheicheadh duine eile.



taithnighidh gealladh maith le hamadán.



eidir dhá stól tuitidh neach chum talmhan.



as fiú deaghbhean coróin ríoghdha.



ni bhionn cailín chuartach na mnaoi thoighe mhaith choidhche.



gidh be í ghlacas tiodhlacadh, reacaidh í féin.



cailín do bheir ní uaithe, as urusa afaghail.



As sic amadán bhíos ag iarraidh moráin ghlacas an rogha as measa.



budh cóir amadán gan aird / do radh ris an té bhíos go maith is fhagbhus a áit.


L. 139


do bheir an tágh congnam dfior meisnighe. "ffortune helps the forward"



feich ar chlóca la breagha. "Fy on a Cloake"



feich ar thoice gan ceol / agus maighistreas gan airgead. "Fy on means
without Mirth / and a Mistress without money"



ni thig toradh arbith don ghlóir diomhaoín as bláth is duille. "Vaine-
glory brings forth noth but blossomes and Leaves"



gloine mhór as cóir do bheith ag duine mhór.



asé an cogadh lá saoire anbháis.



gomaith ag biadh, go maith ag obair.



teanga chruadha, ga lag.



as dána bhúaileas fear na ndeagsgél.



ni raibh duine gortach saidhbhir ríamh.



as fiu fear cochain bean óir.



bi an lucht dlighidh go minic bréagach.



bi croidhe an duine mheata aga bhél.



ni héidir dol ar eitiollaigh gan sgiotháin.



bheith aleightheoiracht gan tuigsin, ionann is bheith aseilg gan einní
do gabhail.



ase an tairgead caraid as fearr.



as olc an teach mur areacann anbhean an tarbhar et an fear dá cheannach.



as fearr uigh le siothcháin na damh le cogadh. "An Egg in peace is better
than a ox in warr"



do ní an riachtanas duine meata crodha.



beiridh cearc dhubh uighe geala.



na bí muinighineach as gach aoinneach.



Más maith leat codhladh go socair / eisd, is amhairc et bi do thost.



athair balach, mac diombalach.


L. 140


iasg gan fhíon as neimh e.



as da ní raód do rádh et do deanamh.



gibé lér mían bheith go glan na thigh / cuinnigheadh sagart is colum amuigh.



gibí do ni achundus gan a óstásaig, chaithfidh cundus do dhéanamh fa dhó.



ni gnath biseach ar fhear codalta na maidne.



ni fhuil einní ag an te nach bhfuil go lór.



tarla cneamhaire do chaile. "A knave has Lighted on a queen"



da mbeith brigh anordughadh do bheith rachtairigh narighthe. If wishes
might prevaile, sheepherds would be Kings"



is olc iomad tochais, agus cainnte.



caraid dom bord 'sdom fhion / ni maith an chomhursa e do shíor.



as gairid bhíos bíadh attigh carad da ullmhughadh.



Seinfion, seancaraid sean-ór / san uile ionad da moladh go romhor.



breathnaigh fíon le na blas et éadach le na dhath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services