Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Clárach agus Uilliam Mac Coitir

Title
Seán Clárach agus Uilliam Mac Coitir
Compiler/Editor
Ó Rathaille, T.
Composition Date
1738
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Séan Clárach agus Uilliam Mac Coitir



Seán:
Aithris dúinn, a dheóraidh
Créad do threóruigh sibhse
Chugainn sonn do láthair:
Fios na háite as a dtigir.



Uilliam:
Gidh fánach mo shiubhalta,
Is ná rabhas ad dhún roimhe,
Is túsga fuaras eólas
Ann fá dhó ioná sibhse.



Seán:
Fáilte dhuit, a thriath,
Más tu Uilliam Mac Coitir;
Is fada liom ambriathar
Gur thriallais am fhochair.



Uilliam:
Is me Uilliam Ruadh Mac Coitir,
Ní bhím deocair fám sgéalaibh;
Thána ar cuaird ó Chorca
d'fhéachain foruis na héigse.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services