Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuntas Cinn Lae, Comhfhreagras

Title
Cuntas Cinn Lae, Comhfhreagras
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
An Gaodhal

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Gaodhal



CUNNTAS CINN LAE



MÁRTA.



An Céad Lá.



'Súid chun siúbhail, gaoch Márta ar mire!
An chú is luaithe ní bhéarfadh sí uirthi!
Ach is beag ag an uan é — go cuiridh Dia an rath
air!
'S é ag damhsadh 'sa phairc, 's ag múnadh
méidhlighe dhá mháthair.



An Dara Lá.



Ní thuigim cad is ciall don focal a chualas le
goiridh. .i. “Éire Núa san Oileán Úr.” Éire gan
a bheith in Éirinn — ní ceachthar san ár dTír-ne.



[“Irisleabhar na bPríosún.”



An Tríomhadh La.



Caith agus do-gheobhair ó Dhia,
caith go fhial agus gheobhair núo mó;
an té leor beagán ó Dhia,
is leor le Dia beagán dó.



[“Dánfhocail.”



An Ceathramhadh Lá.



Do rugadh Roibéard Emmet, 1778.
Is í Éire mo thír, tír aoibhinn ar ucht árd na
dtonn. Is liom-sa í dem cheart fhéin óm shinnsear.
Éire mhaordha na maoileann mbán, Éire na ngeal-
sruth ceóil agus na ngleannta fraoich.



[Pádraic Mac Piarais.



An Cúigheadh Lá.



Eirghe amach na bliana, 1867.
Fan leat go fóil beag agus chífir deire go mear
leis na h-olcaibh.



[“Aithris ar Chríost.”



An Sémhadh Lá.



Dhéag Piaras Mac Chana, T.D., in Gloucester,
1919.
'Do mhairtíreach go h-óg, ochón, a Phiarais tá tú,
A' sileadh na ndeor go brónach, tá Éire le cumhaidh.
Ach le congnamh Mhic Dé tá t'anam glégeal gan
locht na fuigheall,
Ar dheas láimh an Aon Mhic i gcomhluadar na
n-aingeal 's na naomh.



An Seachtmhadh Lá.



Dhéag an Dr. de Hinderberg, 1916.
Má chaillfear an teanga, caillfear an tír mí
thiocfaidh sí ar n-air cughainn go deo aríst nó go
n-iompó siar aniar. Iarraim mar athcuinge
orraibh as ucht Dé agus Deagláin gan dada
labhairt lenbhur bpháisdibh acht Gaedhilge …
An té ná deunann síol-chur is fánach é ag súil le
foghmhar.



[An Dr. de Hindeberg.



IMPIDHE.



PADRAIG O HODHRAIN.


L. 24


Roinn na Leitreacha



Deir Donnchadh Ó Briain ó Cluan Catha, Baile
an Gharrdha, Co. Luimnighe:— Agléigheam “An
Gaodhal” dom an tseachtmhain seo imigh tarainn
(6.2.'22, chim go bhfuil an giota so leanas ann.



“Is í mo theanga an Gaedhilg bhinn, teanga na
mílte fada bliadhan … Is i mo rogha í thar
theangthaibh an domhain fóir, óir is Gaedhil do cheap
í, 's is Gaedhil dochas í 's is Gaedhil do lúb. A
theanga uasal mo sinnsear, ni chloisfear om béal
go brat ach tú.”



Deirtear sa Ghaedheal gurab é Pádraig Mac
Piairais (beannacht Dé len-a anam dílis) do
scríobh é. Tá as “Mórtas Gaedheal” agus sé
an “Seabach” do scríobh an aithris bhreágh
fuineamhail san fé'n ainm cleite, “Gaedheal” is
dóigh liom gur ceart é sin do chuirin-iúl do
léightheoiri an pháipeir.



Cluad De Ceabhasa writes as underneath,
commenting on the recent article in THE GAEL on
the street names of Dublin.



Mr. Carey has our permission to reply (in
Irish) to this onslaught.



Ní fheicim gur féidir le alt an Chareyigh ach
déistean a chur ar Ghaedhlaibh agus dul amugha ar
daoine gan eolus.



Sholathair Bardús Bhl'Athcliath ainmneacha sráid-
eann ro Ghaedhlach dó, agus deinan sé larracht
magaidh Fútha. Nil Gaedhilg aige féin agus níor
iarr sé ceartugh ó eolach.



Obair san deacair atá i gceist. Go minic bhí
fios ag na haistrightheoiri gur tháinig acnmneacha
Breatanach m.sh, York ón Ghaedhilg agus sgriobhadar
Eabhrac mar is ceart (ní Eappac, Spring) mar
deir an Careyach. Vaireanta chuireadar ainm
maith áitmhad mar sráid “Tighe Laighean.” Níl
seirean sásta leis gidh nach féidir leis féin an
ainm Béarla a mholadh ach is fíor gur deire an
ainm Gaedhilge mar atá sé ná airtrighthe. Ní
stadann sé ann sin. Níl de cead uaidh sean ainm
mar Merrion a litruigh a gceart .i. Muirbhthean
(ní Muirbeathan nó 'fhuaim!!). Ní headh muire,
ní shásochai aen rud é ach an ainm Gallda agus fé
slighe amaideach a sgríobhann Sasanach ní mór duinn
a lean mhaint! Ach “glacann na Sasanaigh focail
easachta is coinnighid litruigh agus (?) fuaim na
frainíse nó na Spáinnise. Seadh agus cad mar
gheall ar na naoi gcodach a bhfuil an dá rud
athruighthe ionta. Nuair atá fios aige gur ainm
Gaedhilge York a sgríobhpi se Eabhrac i se duinn
k a chup isteach sa bhfocal diúc (duich dar leis)
mar gheall ar an mBéarla agus níl sa Bhéarla ach
focal laidne agus ‘c’ atá ann. A dtiúrai se
ordugh do Shasnachaibh?



Tá uainn na hainmneacha Gaedhilge a chur fá
réim aríst. Síleadh go raibh an Gaedhal chun
cuidighthe. Cuidugh leis an námhaid ab eadh alt an
Chareyigh, fear nach féidir leis ‘naomh’ nó ‘ardán’
nó boithrín a sgríobh síos i gceart ó chúinne na
sráide.



Síleann scolairí gur sloinne Ceilteach Parnaill
is gur táinog Nassau ó Nas-abha, ach beag fios
ag an bhfear magaidh & é a ghár “dteagaisg” go
bhfuil ainmneach Gaedhilge go tuig uaidh seo go tír
na Ruise.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services