Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bheatha Dhiadha nó an tSlighe Ríoghdha

Title
An Bheatha Dhiadha nó an tSlighe Ríoghdha
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fachtna, Anselm
Composition Date
1708
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1967)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AN BHEATHA DHIADHA

AN TSLIGHE RÍOGHDHA.



An Chéad Chaibidil.



CIA AN TSLIGHE IS ATHCHUIMIRE DOCHUM NA
BEATHA SPIORADTÁLTA?



“Saothruighe ní hé an biadh a théid amúgha acht biadh a
mhaireas dochum na beatha síorrdhuidhe.”



Ag so briathra Mhic Dé, Íosa Críosd, ag Eóin soibhsgéal san
seisamh caib., agus is cóir dhúinn meas mór do bheith againn orrtha
tré mhéad úghdardhás an tí adubhairt iad, agus fós tré mhéad an
ghrádha atá aige oruinn; óir do thuirling sé anuas as neamh agus
a d'fhulaing sé bás ronimhneach na croiche dochum an chinigh
daonna do shlánughadh, agus fós go tteagasgadh sé dhúinn ó
bhréithir agus ó ghníomh beatha éigin dhiadha, dar mbrosdúghadh
rena shompla féin, ag rádh, ag Eóin san 4 caib.: “Is é is biadh
dhamhsa toil m'Athar, ó ttáinig mé, do dhénomh agus go ccríochnuighinn
an obar dothug sé dhamh.” Óir, idir an uile fhreachnughadh
cráibhtheach nó spioradtálta is beatha agus is oileamhuin
don anam agus re ccoimhéadtar beatha agus teas na spioraide, is é
comhlíonadh tola Dé amháin agus coimhtheacht ar ttolainne ria
a mhairfeas do shíor. Agus ní thréigfidh sinn go bráth an stuidér
taitneamhach úd chomhlíonta thola Dé gan buaidhirt gan
trioblóid, ionnas gurb é an freachnughadh so as iolgháirdius agus
is onóir do na hainglibh naomhtha agus a bhias aca tré bhith síor,
mar adeir Dábhí rígh go minic annsna psalmaibh gur seirbhísigh
Dé iad dochum a thola do dhénomh. Ní faghthar maith
comh mór leis so annsna freachnuibh eile spioradtálta, óir
annsa mbeatha shíorrdhuidhe ní bheith áit ag an uirísligh,
ná ag an bhfoíghid, nó ag crádh an chuirp, nó ag an aithríghe,


L. 2


nó ag mórán do mhodhuibh eile do thairngheas duine dochum
a bheith foirfidhe. Fós, ní gach aon uair is féidir a ngnáthughadh
air an saoghal so féin, acht is éigin sgís do thabhairt dhóibh
agus a cclaochló go minic. Fós, ní air aon mhodh fhóirid do gach
aon nduine, nó fós d'aon nduine amháin ann gach aon stáid;
óir an freachnúghadh is iomchubhuidhe don mhuinntir a bhíos
ag tionsgnamh, ní é fhóirius don mhuinntir atá ag dol ar a
n-aghaigh a slighe na subháilce, nó don mhuinntir atá foirfidhe
ionnta.



Comhlíonadh tola Dé amháin, ní lór a bheith tarbhach do
gach aon dó, acht fós atá riachttanach agus ní iarrann claochló
uair ar bith. Atá an freachnughadh so 'na bhiadh comh
taitneamhach agus comh tarbhach agus sin don mhuinntir do bhlaisías
é nach ccuirionn sé truime nó toirmeasg orrtha. Atá
fós comh uachttrach agus sin os gach freachnughadh eile go ttarrnghion
chuige féin iad uile; óir an té dobheir é féin go
hiomlán do thoil Dé do dhénomh, cruinnighe sé na múidhibh
eile agus biaidh sé úmhal, aithríghach, foighídeach, ceannsuighe,
agus cuirfidh srian re drochchlaonta na colla. Gach ní dar sgríobhadar
úghdair chráibhtheacha, agus gach slíghe agus gach modh dar
fhoillsíghedar dochum teachta dochum foirfidheachta na beatha
spioradtálta, is é an freachnúghadh so is críoch dhóibh; ionnas,
gibé luighfeas go seasbhach fírinneach air, go n-aithéna sé re
gearraimsir gur mór dochuaidh air aghaigh, óir ní bhfuil acht
athchuimreacht na slighe ann, agus slighe roghasda dochum teacht
dochum na críche atá sé d'iarraigh agus is maith ris d'fhagháil.



Fós, mar adubhairt mé thuas go bhfóirann sí don uile
staid, is cóir slíghe ríoghdha do ghairm dhi; óir is furus don
uile dhuine imtheacht innti gan seachrán, más ag tionsgnamh
a bhíos, nó ag dol ar aghaigh ionnsna subháilcibh, nó má atá
foirfidhe ionnta, más lag nó láidir, más slán nó easlán é. Téid
fós go mór dochum seirbhíse Dé an freachnughadh so do chur
a ngníomh agus fonn do bheith ann. Ní air aon tsubháilce
amháin a bhíos gach aon nduine 'stuidér, agus glacaid slightheacha
éagsamhla dochum na spioraide do choimhéd agus re teacht dochum
na foirfidheachta. Drong do leanas don umhlacht, ionnus go
mbeithdís uair éigin foirfidh innti; drong eile do chló a cclaonta;


L. 3


drong eile dobheir iad féin do chrádh a ccorp; daoine eile do
leanas don urnaigh; agus gach cuid díoph ag dénamh díthchill a
bheith foirfídhe annsna subháilcibh spéisialta so. Measuimsi
go deimhin, dá mhéad tábhacht dá bhfuil ionnta sin, gur mór
an athchuimreacht óirdheirc dogheibh an tí a leanas an freachnúghadh
so gan mhuill agus a bhíos buan ann, air an ádhbhar go
bhfuil na subháilce eile ceangailte dhe, mar nach dénan ní air
bith, go huirid na súl do thógbháil, acht mar is toil re Dia agus
mar is feas dó a bheith taitneamhach aige; ionnas nach bhfuil
réasún is tromdha, nó cúis is fearr, nó neart is láidire, nó
riachttanas is mó do bhrósdaigheas duine dochum neithe
do dhénomh ná rádh: “Atá Dia dá iarraigh so, sí toil Dé so
do dhénomh”; agus aire do thabhairt do shíor dhó, ann gach aon
ní do dhénamh duine nó do léigfeadh thairis, a' ttaitéanamh
nó an míthaitéanamh re Dia, agus godé an modh air ar maith re
Dia a dhénomh nó gan a dhénomh.



Ag so an freachnúghadh athchuimir gan toirmeasg air bith;
ag so an tslighe roshábhálta gan cheilg gan pheiriacuil; ag
so athchuimireacht na beatha spioradtálta; ag so an riaghuil
ghenerálta gan aisgiúdughadh ar bith urrthi; ag so slighe
agus críoch gacha slighadh eile agus modh ro-éifeachttach dochum
na múidhibh eile do thabhairt go hiomlán agus re luaighdheacht
dochum a ccríche féin. As é so stuidér agus gringal aireach dochum
feasa tola Dé d'fhagháil agus do chomhlíonadh, agus fós is riaghuil
ghenerálta dar n-oibreacha uile agus aon slighe amháin dochum
gan ar ndol ar seachrán, ionnas go ttigmaois dochum an eagnaigh
dhiadha. Tobar fós rothorrthach é na luaighdheachta agus na
ngrása; óir mar gheibh an uile ghníomh dígnitt agus deaghmhaisi
ó uaisle na críche a bhíos aige, agus nach bhfuil críoch air bith is
áirde agus is glaine ná toil Dé, óir is é Dia féin í, ar an ádhbhar sin,
gach ní dá ndénmaoid air son na críche so, is mór an luaighdheacht
a bhíos aige, óir is gníomha grádh' fhírinigh iad. As
so a tig, gach ní dá n-iomchran duine go foighídeach air son
Dé, gur maith re Dia é dá fhulang, agus nach lugha an luaighdheacht
dogheibh air a shon ná ar son ghrádh Dé féin; óir is é
is grádh fírinneach ann agus árddhlíghughadh na carrthanacht,


L. 4


gach ní is maith re Dia, do dhénomh, agus gach ní is neamhthoil
ris, gan a dhénomh. Uime sin, gibé fhuilgíus agus donídh gach
aon ní do réir a thola, ar an ádhbhar an té do chuireas a thoil
féin re toil Dé, gur mór an t-órchiste do chruinnighas, agus gur
féidir leis, ris an bhfreachnadh so amháin, teacht dochum
naomhthachta óirdheirce.



Acht roimhe a chur síos cionnas is cóir an freachnadh so do
ghnáthughadh, taisbéana mé godé 'iomchubhaidheacht, godé
a riachttanas, godé 'éifeacht, godé a mhacántacht, godé an taitneamh
agus an tarbha atá ann, agus fós godé a ghlórmhuire ag Dia;
ionnas go ccuirfinn a ccéill do gach aon godé a theasaighthe
as cóir dóibh an freachnughadh so do shantadh agus dúthracht
do chaitheamh ris. Tairrnge sé drong le dóthchas a ttarbha féin,
drong eile sólás, daoine eile onóir, daoine eile ceart nó iomchubhaidheacht
mhór, drong eile riachttanas, agus daoine eile
dá n-aimhdheóin. Atá na réasúin so ag teacht rena chéile
agus dar mbrósdughadh an freachnadh so do ghnáthadh; óir toil
Dé do dhénomh, is ní é atá d'fhiachuibh oruinn ós ceann an uile
neithe, agus ní bhfuil ní air bith is onóraigh agus is taitneamhuigh, is
macánta, is tarbhaigh, is riachttanuigh agus is éifeachttaigh nó é.



C. 2.



AN CEART ATÁ AG DIA AR NA DAOINIBH A TTOIL
FÉIN DO THRÉIGION AGUS TOIL DÉ DO DHÉNAMH.



Ní bhfuil contabhairt gur cóir don tsearbhóntaigh toil a
thighearna do dhénomh, don taoiseach toil a rígh nó
'phrionnsa, don mhac toil 'athar, don mhnaoi toil a fir phósda,
agus gan ní dá laeghad thair a ttoil. Acht is é Dia air tTighearna
agus ar rígh, agus is é fós céile ar n-anma é; agus atá míle titul eile cirt
aige oruinn, óir do cheannuigh sé sinn air 'fhuil féin, agus dothugmairne
sinn féin dó go hiomlán mur sclábhaína, óir is sé do
chruthaigh sinn.



Más ris an treabhaire an crann do chuir sé, nó an cuiléan do
bheathaigh ana thigh féin, nó ris an saor an dealbh do chum
sé, créad fa nach re Dia an créatúir dorinne sé féin as


L. 5


neimhnidhe; óir mar adeirid na feallsamhain go coitchinn
nach bhfuil compráid ar bith ag ní do dhénomh as ní eile
re ní do dhénomh as neimhnidhe; mar sin, an ceart agus an
tighearttas atá ag Dia air a chréatúiri féin, do chruthaigh
sé as neimhnidhe, a sáraigh sé gan chompráid an uile cheart
eile.



Mádh atá ceart agus tighearnttas ag duine ar dhuine eile,
ionnas gur féidir leis a thoil féin do dhéanomh ris, nó ag
tighearna air a sclábhaidh, gan a léigion dó ní do dhénadh
acht an ní is mian ris féin, do chionn gur ghabh sé a ccogadh
é, nó gurb í a bhanóglach dorug ana thigh é, nó gur
cheannaigh é ar luach neamhmbuan; meas as so
godé méad an chirt atá ag Dia oruinn air ttoil féin do chur
go hiomlán rena thoilsion, air son an cheangail rodhainghin
atá aige oruinn, óir do chruthaigh sé as neimhnidhe sinn agus
do cheannaigh sinn. Is dearbhtha air mhórán d'ádhbhruibh
go bhfuil d'fhiachaibh oruinn a thoil do dhénomh agus go bhfuil
árdchumhachta aige ós air cceann.



Mádh atá d'fhiachuibh air an tsearbhóntaigh, ar son an
cheanghail édruim atá ag an tighearna air, gan gníomh ar bith
dá laeghad do dhénomh acht do réir a thola féin, an féidir
sinne, atá comh ceangailte agus sin ag Dia agus atá 'na árdThighearna
aguinn, nach beith d'fhiachuibh oruinn air ttoil féin do
thréigion agus a chur faoi thoil Dé?



Tugmaoid dar n-aire as so cionnas nach bhfuil ádhbhar
air bith againn anna ní dá laeghad, mar atá silleadh súl, bogadh
méir, nó tarraing ar n-anála, air ar ttoil féin do leanmhuin;
óir do réir an uile chirt agus an uile dhlighidh atá na fiacha comh
mór rena méad do glacadh. Mur sin, ós ó Dhia dofuaramar
sinn féin agus an mhéid atá againn uile, is cóir sinn féin agus sin
uile do chaitheamh rena thoil agus ar mbeatha do thabhairt a ttír
mar is mian leis, agus sin ó chroídhe agus ó inntinn.



An ceart agus an ceanghal atá ag Dia oruinn atá sé dochríochnaighe,
agus an ní a bhíos dochríochnaigh ní bhfuil críoch air
bith aige, agus ní léigeann áit ar bith tairis, ionnas nách bhfuil
cuid air bith againn dínn féin acht gur le Dia sinn go hiomlán;
agus mur sin, go ndénan foghuil air cheart Dé, gibé do thionsgnas


L. 6


ní air bith acht do réir thola Dé, más smuaineadh dhá laeghad
é, nó más gníomh foirmealach nó inmheadhónach é.



Is bréadha agus is fíor adubhairt S. Anselmus, lib. de
Similitudinibus, c.8: “Do Dhia amháin is cóir gach ní is mian ris do
dhénomh do réir a thola féin, óir ní bhfuil toil eile os a ceann
do leanfadh sé. Air an ádhbhar sin, an tan is mian re duine
ní do dhénomh do réir a thola féin, ris sin a bainidh a choróin
féin do Dhia; óir mar is do rígh amháin a fhóireas coróin
do bheith air, amhlaigh sin is do Dhia amháin is cóir a thoil féin.
Agus mar dobheir easonóir don rígh, an té do bhainios a choróin
de, mar sin dobheir easonóir do Dhia, an duine do bhaineas
pribhiléid a thola féin de, ag congbháil aige féin an ní is cóir
do Dhia amháin do bheith aige. Acht mar is í toil dhíleas Dé
is tobar agus is fréamh don uile mhaith, mar sin is sí toil dhíleas
an duine is tosach don uile olc.” Ag sin briathra an naoimh
go nuige sin.



Acht ionnas go ttugmaois na neithesi fa dear go grinn, is
aonchurtha síos annso cuid éigin do na tituluibh atá ag Dia
as a bhfuil ceart aige oruinn. Ar son gomádh lór aon titul
amháin, go ttuigmid gurab é Dia ar tTighearna, .i. gur
chruthaighe sé sinn ré grádh ádhbhol agus re cumhachta
dóchríochnaighe as neimhnidhe dochum a bheith ceangailte
go bithbhuan aige, agus go mbeith d'fhiachuibh oruinn gan ar
ttoil féin, an mhéid gurab í ar ttoil í, do dhénomh a n-aon
ní, agus go bhfuil ceart ag Dia oruinn as so umhlúghadh dá thoil
féin, mur badh mian linn meas daoine éigcearta nó lucht foghla
agus dhaoine dómbuidheacha do bheith oruinn; gídheadh,
atá mórán titul eile as nach lúgha atá d'fhiachuibh oruinn
Dia d'aithniúghadh mar Thíghearna.



A ccéadóir, do cheannaigh sé sinn, mar adúbhramar roimhe
so, agus ní ar bheagluach, acht dothug sé óirchisde ádhbhalmhór
air ar son. Gibé cheannchas sclábhaidh air airgiott, bídh
ceart aige gan é do dhénomh neithe ar bith acht mar is toil
leis féin. Mur sin, ar son an luacha a théid os ceann an uile
mheasa dothug Dia air ar son, atá ceart aige, is mó is féidir
do thuigsin, sinn do dhénomh a thola ann gach aon ní.
Bainidh fós an ceart céadhna so an uilechumhachta dhínn gan
ní dá laeghad do bhainios re ar ccorp nó re ar n-anam do


L. 7


dhénomh do réir ar ttola féin; agus ós iad ar n-anmanna is mó
do cheannaigh Dia air an mórluach úd agus nach iad ar ccuirp, ní
bhfuil ceart againn smuaineadh dá laeghad inntinne do
dhéanamh air ar ttoil féin.



Dá mbeith nach búdh re Dia sin ris na réasúnuibh
adúbhramar; gidheadh, ón aimsir a ttugamar sinn féin anna
ccúnradh dar ndeóin féin dó, is leis sinn go hiomlán, amhuil mur
dobhídh S. Paulínus mur aithriseas S. Grighóir, lib.3,
Dial., c.1 ag an duine bharbarrdha dá ttug sé é féin mar
sclábhaidh, agus dar gheall sé gach ní adéaradh ris do dhénomh go
dúthrachttach. Mar an ccéadna, mar dothugamairne sinn
féin do Dhia dar ndeóin féin agus athnuadhmaoid agus daingnimid an
tabhartas céadna anois atá ceart nuadh ag Dia oruinn a thoil
do dhénomh, agus ní hé is mian linn féin. Atá an ceart so fós comh
mór agus sin gur cóir dhúinn ris an uile dhíthchioll ar ttoil féin do
thréigion air thoil Dé.



Atá an ceart so Dé oruinn ro-dhómheasda do bhrígh gur
thoirbhirmur sinn féin dó, air an ádhbhar gurab ar son fiach
dómheasda atá sé aige oruinn, mar atáid na tiodhluice rear
cheangail sé sinn dó féin. Amhuil is gnáth ag cineadheachaibh
áiridhe, an tan nach féidir ris na féitheamhnaibh díoluidheacht
do thabhairt anna bhfiachuibh, tugthar 'na searbhóntaigh
do lucht na bhfiach iad, agus do réir mhéad na bhfiach bídh
ceart aca nísa mhó nó nísa lúgha do sheirbhís do bhuain
ásda; mar sin dúine, mar nach féidir linn sásughadh do
thabhairt do Dhia ar son iliomad a thíodhlaice dhúinn, do
thugamar sinn féin dó mar sclábhuighna. As so a tig an
ceangal agus na cumhachta atá ag Dia oruinn do bheith comh
mór agus sin nach bhfuil cuid ar bith againn dínn féin, agus nach
cóir dúinn aon ní dá laeghad do dhénomh dar ttoil féin acht
toil Dé.



Gibé do gheallas tuarasdul do shearbhóntaigh, is féidir
leis obair do bhuain as do réir a thola féin. Do gheall Dia
tuarasdul ós gach tuarasdul dúinne agus is mian leis a thabhairt
dhúinn gan amhras; mur sin go bhfuil ceart aige oruinn agus
gur riachttanach dhúinn a thoil dhiadha do chomhlíonadh. Is
dearbhtha fós, dá mhéud tuarasdul do gheallas an tíghearna dá


L. 8


shearbhóntaigh, gur móide an dúthracht is cóir don tsearbhóntaigh
do dhénomh dhó; mar an ccéadna dhúinne, ó do gheall
Dia go deimhin tuarasdul ádhbhalmhór dhúinn, agus nach meallfadh
sinn, .i. rádharc soilléir, mar adeirid na diadhairidh,
agus sealbh Dé féin, agus an tsealbh so tré bhith síor, ionnas gurab
éigin don duine adbháil go bhfuil ceangal gan chrích gan
fhoirchionn ag Dia air.



A ccás fós nach é Dia do chruthaigh sinn, agus nar cheannaigh
sinn ar a bhás féin agus air 'fhuil fhíoruasail, agus nach ttugamar
sinn féin dar ndeóin féin dó; agus fós nach beith fiacha eile aige
oruinn, agus nach geallfadh sé luach ar bith ar son ar seirbhísi
dhúinn, dobheith d'fhiachuibh oruinn, air son 'úghdardháis agus
'mhórdhachta ann féin, sinn féin do chur faoi mar Dhia agus mar
Thighearna; óir mar adeir Aristotel, lib.1, Polit.,c.3,
gur órdaigh an nádúir féin onóir do bheith ag an nádúir is
uaisle ar an nádúir is uirísle. Uime sin atá an duine an'
uachttarán ar na hanmhintibh brúideamhla, an fear air an
mhnaoi, agus an críonna air an éigcríonna, ionnas go stiúrfadís
agus go riaghladís iad. Air an ádhbhar sin, mar do sháraigheas
eagna Dé gan chompráid air bith an uile chréatúir, is cóir dhó
uachttránacht gan chrích gan fhoirchionn do bheith aige os
ceann an uile, accus is cóir dóibhsion a bheith úmhal dó
agus a thoil go ro-iomlán do dhénomh.



Atá fós ag Dia, thair an áirdtíghearttas do beith aige oruinn,
agus gan labhairt air thitul cirt, cúis rocheart chugainn gan ar
ttoil féin do dhénomh a n-aon ní acht gach ní is mian leision;
agus is í cúis an cheangail sin dobheir subháilce onóra agus
aeghra Dé ria. As an árdshubháilce so atá d'fhiachuibh oruinn
an uile umhla, an uile réir, agus an uile onóir do thabhairt dhó,
do bhrígh gurb é ar nDia agus ar nAthair é, agus sin re ceangal
grádha comh mór agus sin nach bhfuil neach ar bith 'na athair
againn mur é, óir dobheir rena ghrásuibh féin cumaoin agus
rannphairt a nádúire diadha féin dúinn maille re comhcheangal
rodhaingean; ionnas, dá mbeith nach beith do thaobh ar bith
eile ardtiagharttas ag Dia air a chréatúiridh féin, go mba
lór an titul so amháin, gurb é Athair na ndaoine é, dochum a
réir do dhénomh ann gach aon ní; agus a tig as sin nach í ar ttoil


L. 9


féin acht toil Dé is cóir dhúinn do dhénomh. Uime sin, air
son na ccumhachta atharrdha atá ag Dia oruinn, dlighmaoid
umhla do thabhairt dó agus a thoil do chomhlíonadh do shíor,
agus air ttoil féin do thréigion ann gach aon ní.



Mar an ccéadna, is é céile ar n-anmann é, agus atá ann féin
rofhoírfidhe, agus gan chrích gan fhoirceann ós ceann an uile
ní; mur sin is cóir dhúinn grádh ádhbholmhór do bheith againn
air os ceann an uile ghrádh. Uime sin, má bheir grádh teasuighe
na neithe saoghalta air dhuine gan aire do thabhairt dá
ghrádh féin, cionnas do léigas ceart ghrádh Dé grádh do
bheith air ní air bith eile, nó do bheith ag duine air féin?
Agus ós cóir dhúinn grádh do bheith againn air Dhia os ceann an
uile neithe, is náir dhúinn grádh do bheith againn air ní
ar bith eile acht air féin amháin, nó air a shon; agus is
gráineamhla ná sin cur a n-aghaigh a thola nó gan a
aitheanta do chomhlíonadh.



Cuirim leo so a ccás nach searbhóntaigh do Dhia sinn,
mar is dearbh gurab eadh, nó nach beith ceart nó dlíghughadh
oruinn a thoil do dhénadh, nó nach mbeithmaois ar cclainn
aige, as a mbeith d'fhiachuibh oruinn a bheith umhal dó go
hollamh, nó nach beith 'na chéile ag air n-anmanna, nó nach
beith comh foírfidhe ann féin agus atá sé, nó nach beith d'fhiachuibh
oruinn aeghra agus onóir do thabhairt dó, nó seirbhís air bith
do dhénomh dhó; dobheith d'fhiachuibh oruinn ó dhlíghughadh
daonnachta agus buídheachais gan ar ttoil féin do dhénamh
a n-aon ní acht a thoilsion.



Ní bhfuil contabhairt, gibé dogheibh tíodhlaice móra,
gur chóir dhó a n-adbháil; agus dá mhéad a bhias na tíodhluice,
gur móide an buidheachas is cóir dhó do thabhairt uadh; agus
más beag dogheibh, sin féin do thuilleamhuin. Is follas
gur mór na tíodhlaice dofuaramar ó Dhia, agus sin re hiomarcaigh
a dhaonnachta agus a mhaitheasa féin; mur sin gur cóir dhúinn
buidheachas ádhbhalmhór do thabhairt dó, óir níor thuilleamar
gach ní dá ttug dhúinn, acht dobhámar dombhuidheach,
neamhdhaonnachtach, salach, mínáireach ag gnáthughadh
dá thiolaicuibh. As sin atá d'fhiachuibh oruinn re ní éigin
dá bhfuil air ar ccumas buidheachas do thabhairt do Dhia,
óir ní thugan neach sásadh uadh re ní nach leis féin, agus is
lúgha ná sin é más leis an tí, ag a bhfuil na fiacha ort, an ní


L. 10


dobheir tú dhó. Acht, ó nach bhfuil ní ar bith againn is
linn féin go díleas, an ní is mó atá air ar ccumas, is cóir dhúinn
a thabhairt do Dhia, mar atá, ar ttoil shaor, óir is sí is saidhbhrios
agus is maoin dúinn.



Ar an ádhbhar sin, ó nach bhfuil ní againn is linn féin, an ní is
dísle atá againn, tugmaoid sin féin do Dhia go hiomlán,
gan aon chuid do chongbháil againn féin di; óir dá
ccongamaois cuid dá laeghad againn féin di, ní bhéramaois
an t-iomlán do Dhia, acht ní bhfuil ní ar bith againn lena
thabhairt dó ach ar ttoil agus ar ngrádha. Fós, ní bhfuil sé ag
iarraigh neithe ar bith eile oruinn, óir ní bhfuil cás ag Dia
a n-aon ní eile. Gibé dá ndlighthear fiacha, is cóir dhó a
ndíol ar an modh is mó a ttaitnemhacha re fear na bhfiach.



Is romhór fhásas agus a mhéadaois an ceart so air a labhraim,
nach é amháin go ttug sé tíodhlaice romhóra dhúinn acht
go ttug a thoil féin dúinn; agus mur sin, go mbeith an díoluidheacht
comhthrom, is cóir dhúinn san measúr céadhna ar
ttoil féin do thabhairt do Dhia. Is cóir dhúinn grádh éagmhais
a bheith againn air Dhia, óir atá fíorghrádh aige oruinn, agus
is é a shólás a bheith edruinn; ionnas gur chuir sé a mhórdhacht
féin air mhodh éigin faoi air ttoil. Ar son go bhfuil ina árdThighearna,
agus ó cheart mhaith gur féidir leis gach ní is mian
leis do dhénomh agus a chomhairle féin do dhénomh rena
chréatúribh, ar a shon sin, ní mian leis agus ní dhénan aon ní acht
achum tarbha dhúinne, ag cur a thola féin go hiongantach le
toil a shearbhóntaigh, ag tabhairt a fhola agus 'fheola féin dúinn,
smuainti maith' glana dá ccur ionnar n-inntinn, agus re a mhórmhaith
féin. Uime sin is cóir dhúinn a ghuidhe agus buidheachas
do thabhairt dó. Re guth Josue do sheas an ghrian air lár na
bhflaitheas, mar adeir an scriptúir, Iosue, c.10, - Dia do
thabhairt umhlachta do ghuth duine. Níor léig Maoisi, fós,
do Dhia an phian do thuill clanna Israel do chur orrtha, acht
mar adeir an sgrioptúir, Exodus 32, do cheannsuighe sé Dia rena
ghuidhe, ionnas nach dénomh sé an t-olc dobhídh sé ar tí
do dhénomh air a phópul féin. An Dia céadna - ní is
iongantaigh ná iad sin - níorbh áil leis furtacht do thabhairt
do chineadh Ábhra acht mar adeir béul Eilias, 3 Regum, c.17,
agus ní dhearna fearthainn trí bliadhna agus sé mhí. Mar an ccéadna,
chum gan tuirsi do chur air Abraham, níorbh áil leis díoghaltas


L. 11


do dhénomh air Shodama agus Gomorra go ttug scéala dhó agus go
ccuireadh Lot, mac dearbhráthar Abraham, dobhídh 'na
measg, a n-áit chaomhanta, Gen. 18 et 19. Air an modh céadna,
ag sparn ris an bpátriarc Iácob, Gen. 32, tug a bheannacht dó
mar bá mian leis. Ar mbeith don doctúir naomhtha S. Tomás
tinn, agus mian sgadán nuadh air, nach raibhe re a bhfagháil san áit
sin, do chuir Dia re míorbhuile chuige iad. Tarla an cédna do
mhórán naomh eile, ag cur bí ar fásach chugtha agus ag dénomh
fíona d'uisge dhóibh, mar dorinne do S. Phroinnsias agus do S.
Didacus, accus fós don Iésuit, Petrus Canísius, a bhídh 'na
dhuine mhaith, ag cur éin chuige ionna sheómra, an tan do
bhídh tinn agus fonn feóla an éin sin air.



Atá Dia fós comh tabhartach agus sin don fhíréanach, mar
adeir an ríghfháidh Dábhí, go mbían a shúile do ghnáth dá
bhféghuin d'fhéachain créad an ní bá mian leó, agus a chluasa
osgailte chum a nguidhe d'éisdeacht agus a ttoil do dhénomh, mar
adeir an psal.33: “Súile an Tíghearna air na fíréanachuibh agus
a chluasa chum a nguidhe d'éisdeacht.” Mádh dob fhéidir re
Ieropantus mhac Temistocles do mhaoidheamh, “gach ní bá
toil leis féin gomádh toil re pobul cathrach na hAithne go
hiomlán é,” mar adeir Plutarcus san leabhar do scríobh air
thógbháil na cloinne, is mó ná sin an ceart atá ag an bhfíréan
a rádh gur tugadh uilechumhachta Dé dhó féin, agus gach ní is
mian leis, gur mian ris an uile chréatúir, ris an uile aingeal,
ris an uile ord bheannuighe an ní cédna, air an ádhbhar go
ccuirann sé a thoil féin re toil Dé, re ccuireann fós go hiomlán
a bhfuil a bhflaitheas Dé.



Féachmaoid thairis so cionnas a chuireas an mhórdhacht gan
a measúr úd Dé a thoil re toil na ndaoine, ionnas go ndénmaois
a thoilsin an tan iarrmaoid aon ní air chum leasa ar n-anma;
agus cuiridh féin annar n-inntinn an ní is cóir dhúinn d'iarraigh,
agus dobheir dhúinn neithe, dá mbeith a bhfios againn, gomádh
cóir dhúinn a n-iarraigh go dúthrachtach. Dobheir fós
neithe is mó dhúinn ná bá mian linn d'iarraidh; óir roimhe
Dia féin dá ghealladh, cí nach beith eagla air, mar ní
dódhéanta, iarraidh air Dhia, mar atá, go ndénamh Dia duine
de féin, nó go bhfulaingeadh bás mar a d'fhuilaing, nó go


L. 12


ttiúbhradh é féin rena ithe dhúinn faoi ghné ghreama aráin?
Gídheadh, an mhaith mhór dhochríochnuidhe úd, níor léig
tairis an ní dobhídh comh tarbhach agus sin dúinn, agus nach
smuaineóchmaois féin iarraidh, gan a thabhairt dúinn.



Is follas gur cóir buidheachas do thabhairt do Dhia ar son
na mórthiodhluice so, .i. a thoil do dhénomh ann gach aon
ní, óir ní dhénann sé aon ní acht chum maithiosa agus tarbha
dhúinn. Is cóir dhúinn fós é féin do ghuidhe, ionnas go
ttéidheadh ar n-uile ghrádh, ar n-uile fhonn, agus ar n-uile ghníomh
a n-onóir dhó; agus muna ndénam sin, ní thugmaoid díoluidheacht
iomlán dó, agus ní dhénmaoid íodhbuirt iomlán dínn féin
dó, mar atá d'fhiachuibh oruinn a dhénomh dar n-árdTighearna,
air son an chirt ádhbhail atá aige air ar ttoil, agus nach bhfuil
iodhbuirt ar bith is taitneamhaigh ris an mórdhacht síorrdhuidhe
ná sin, óir ní bhfuil ag iarraidh ar maoine ná neithe eile
dá bhfuil againn acht sinn féin.



As a ndúbhramar gus so baintear réasún rothábhachttach
nach cóir dhúinn air ttoil féin d'iarraidh go brátha, óir
Dia féin, ag a bhfuil ceart a thoil féin do dhénomh, ní
dhénann sé ní acht an ní théid a ttarbha don droing do thogh
sé féin, ionnas nach toil phribháideach atá aige acht toil
choitchinn chum sochair gach aon nduine; agus fós nach dénann
agus nach mian leis aon ní a rachughadh a ndochar do na
fírénachuibh. Amhuil sin is cóir dhúinne gan ar ttoil féin
acht aon toil re Dia do bheith againd. Fós, gan ní ar bith do
dhénomh nó do mhian acht chum glóire agus onóra dhósan, agus sin
do chur a ngníomh, is ádhbhal an tarbha bhéras dhúinn.



Atá ceart eile tair a ndúbhramur oruinn as a bhfuil
d'fhiachuibh oruinn a thoil do dhénomh san uile ní, óir, re
ar ndochar agus re ar ndíoghbháil féin, is minic dorinnemar
drochghnáthadh dar ttoil féin agus do thoil Dé; agus mar adeir
dlígheadh an dá chlár déag, dá mbeith duine ar mire nó
anchaithmheach air a mhaoine, níor chóir a mhaoin do léigion
air a láimh féin acht a cur ar láimh duine dhílis dó chum a
coimhéada agus a cur a ttarbha don éigcríonna. Mur sin, nó
re ceart is mó, do chailleamar uile cumas agus cumhachta ar
ttola féin re ar cciontughadh agus re ar n-olc féin.


L. 13


Thairis sin, is dénta dhúinn díothchioll dúthrachttach
gan a léigion as ar n-inntind nó as ar ccuimhne go bráth an
ceart ádhbhalmhór fírdhaingean atá ag Dia oruinn fana thoil
féin do dhénomh, do chionn gurab é féin é féin, .i. an mhaith
dhóchríochnuighe, an fhoírfeacht iomlán, an t-eagna gan
easbhuidhe, an mhórdhacht lán don n-uilechumhachta, ionnas
nach bhfuil ní ar bith ann go fírinneach ach Dia amháin. Fós,
ní bhfuil réasún is tábhachttuidh ná ceart is mó ná so, ar
son nach ttuigid mórán é. So amháin, gurb é Dia é féin, árdmhaith
ós ciond an uile mhaitheasa agus an' bhfuil an uile mhaith,
ní hé amháin go mbrosdaighann sinn agus go ccuirionn d'fhiachaibh
oruinn acht cuiridh riachttanas oruinn toil Dé do dhénomh ar
feadh ar mbeatha. Agus is é is cúis dó sin, gurab uime do cruthadh
ar ttoil chum grádha do thabhairt don mhaith agus fuath don olc;
acht mar a mbiaidh an mhaith is mó air bith agus an uile mhaith
cruinnighthe ceangailte ann, mádh tuigthear mar atá ann féin
é, is riachttanas grádh do bheith air. Anois, ní bhfuil san
ngrádh féin ach deaghthoil agus fonn maithiosa an tí air a bhfuil
a' grádh; gídheadh, ní grádh fíor é muna ttaisbéntar ó ghníomh
é, an tan atá an mhaith is mian leat don tí air a bhfuil do ghrádh
ar do láimh féin. Acht muna féidir leat nías fearr a thabhairt
dod cháraid ná an ní anna bhfuil fonn aige, mur sin, mádh
atá cion againn air Dhia, is cóir dhúinn a thoil do dhénadh,
óir an uile cheart dá bhfuil ag Dia chum grádha do bheith
air, atá sé aige chum a thola do chomhlíonadh; agus air an
ádhbhar gurab é féin é féin, atá ceart aige níosa mhó ná is
féidir linn a thuigsin nó a smuaineadh as ar cóir do na daoinibh
a thoil do dhénomh. Ní thig re chéile ar aon chor mar aon,
duine do dhénomh tola Dé agus a thola féin; mur sin, an ceart
atá ag Dia oruinn grádh do bheith air, atá an ceart céadna aige
oruinn a thoil do dhénomh.



Anois, ó táid na tituil adúbhramar agus ceart iomlán ag Dia
oruinn, cionnus is féidir dhúinn a shéna, nó ca bhfuil air
réasún, nó air cceart, nó air náire, mádh chuirmaoid a n-aghaigh
an uírid sin do cheangalta, nó mádh bheirmaoid tarcuisne
ar an uirid sin d'argumintibh, nó mádh bhrismaoid an uirid
sin do dhlighthibh, agus a choróin féin fhuadach ó Dhia agus a
cur air ar cceann féin, agus re míchead mínáireach a n-aghaigh


L. 14


an uile dhlíghidhe agus an uile chirt, air son antola bige, ar
ndámnughadh síorrdhuidhe féin d'oibreadh, agus tarcuisne do
thabhairt air an mbeatha shíorrdhuidhe agus air cheart ar cCruthóra
agus ar cCoimdhe oruinn? Gídheadh, mádh chuirmaoid ar ttoil
féin re naomhthoil dhírigh na mórdhachta síorrdhuidhe,
agus go ccoimhédam 'úghdardhás féin agus a cholbha ríoghdha do
Dhia, agus seachanam féin an uile pheacadh.



An 3 Caibidil.



NÍ BHFUIL NÍ AR BITH IS FEARR AGUS IS ONÓRAIGH
DON DUINE NÁ A THOIL FÉIN DO CHUR RE TOIL DÉ.



Ós follas anois gur ní rocheart agus go bhfuil d'fhiachuibh
oruinn ar ttoil féin do chur re toil Dé, agus gur féthamhna do
Dhia sinn, is iomchubhuidh dhúinn roimhe an uile ní, ris
an uile dhíthchioll, an mhéid go bhfuil air ar ccumas a thoil
do dhénomh; óir atá réasún dar ttarruing chuige, agus atá
dlígheadh agus ceart dá chur d'fhiachuibh oruinne. Cúis agus
fundamint as mó atá aige so, gurab uime a bhíos fonn
againn agus iarrmaoid re neart ar n-anma an mhaith, do chionn
go measmaoid breághdhacht éigin, nó macántus, nó sólás,
nó taitneamh, nó tarbha do bheith innti. Is lór fós achum
a santuidh, cuid éigin aca so do bheith innti. Créad í an
mhuill atá oruinn, an tan atáid so uile comhcheangailte san
aon fhreachnadh so amháin, óir ní bhfuil san ccruinne
cheathardha ní is fearr, is taitneamhaigh agus is tarbhaigh,
ná air ttoil féin do thréigion agus toil Dé choimhlíonadh? An
féidir níis mó agus is onóraigh do smuaineadh ná an ní
dogheibhthear ris an bhfreachnadh so, mar atá, muinnteardhas
Dé agus a bheith ar ccáirdibh aige? Mac Dé féin adeir so linn,
ag Eóin, c.15, ag rádh: “Sibhsi mo chairde, mádh dhénann
sibh gach ní órdaighim dibh”; ionnas, gibé do dhénas toil
Dé, gurab é cáraid Dé go fíor é.



Ionnas go ttuigfidh méad na honóra atá a ccairdios Dé,
tugmaois dar n-aire na coinghill iarras Aristotel, lib. 8 et
9 Ethic., agus feallsamhain eile chum cáirdis fhírinnigh; agus
eidir gach coínghioll eile iarruid cosamhlacht na ccárad agus mórán do


L. 15


cháilidheachta uaisle eile, nach féidir cáirdios fírinneach
a bheith ann gan iad. Is dearbhtha anois nach bhfuil san
domhan, nach biaidh, agus nach féidir a bheith cáirdios is
dísle agus is iomláine ná é eidir Dhia agus an duine do choimhlíonas
a thoil. Chum duine mur so, ionnas go mbeith coinghill an
cháirdis iomlán agus go mbeith an duine cosmhuil re Dia,
uiríslidh Dia mór é féin go roghrádhach agus go romhuinnteardha,
agus tógaidh suas an duine agus cuiridh anna ccéim agus anna staid
é os cionn an uile dhígnidi agus onóra dhaonna, ionnas go mbeith
cosmhuil re Dia féin; agus sinne atá ar mbochtuibh agus ar sclábhaibh
aige, chionn a thoil do dhénomh, a glacaigh chum a mhuinnteardhas
féin sinn agus dobheir a cháirde féin d'ainm oruinn,
an titul is mó glóir agus onóir is féidir d'iarraidh. Ríogha an
tsaoghail so, dá dhísle dá méid a n-íochttaráin dóibh agus dá
dhíthchiollaigh a dhénaid a ttoil, ní mheasaid gur fiú iad titul
cáirde an ríogh do thabhairt dóiph, óir ní mheasaid gur
féidir d'íochttarán ar bith titul comh mór agus sin do thuilleadh.
Gídheadh, Dia síorrdhuidhe marthannach, dobheir an titul
agus an onóir so dá shearbhóntaigh dílios, a choimhlíonas a thoil,
nach ttugaid na ríogha talmhuighe do dhuine dá dhísle dhóiph.
Uime sin ní cóir dhúinne ar son neithe gan áird an dígnid
mhór so do tharcuisneadh, agus iliomad ádhbhar as a bhfuil
d'fhiachuibh oruinn ar ttoil féin do chur re toil Dé.



An t-anam do choimhlíonas toil Dé, ní hé amháin go
bhfaghann an mhaith romhór úd cháirdis Dé, acht dogheibh
titul agus onóir nach féidir do mheas, mar atá céile Dé do
ghairm dhi. Agus ionnas go dtuigfeá méad na honóra agus na glóire
so, smuain agatt féin an dithfir atá idir dhias inghean boduidh,
ar pósadh bean díoph rena samhuil féin, agus go bhfuil an láighe
agus an tsluasatt anna láimh gach aon lá; an bhean oile,
iommorro, do phós rígh rochumhachta í. Meas anois
créad an coinghioll air a ttiúbhraidh gach bean díobh so a beatha
a ttír, agus créad é éxsamhlacht na honóra agus an mheasa bhias
orrtha. Ní lúgha ná so acht fós is romhó an dithfir atá idir
an anam atá pósda re Dia, agus dothug ó rúan croidhe a chean
agus a ghrádh dhó, nach mian leis agus nach dénann ní ar bith air
a thoil féin, agus an t-anam a lean a fhonn agus a mhiana féin, agus
a chuireas a dhúil ansna créatúridh; a ccás nach dénomh
trompheacadh ar bith, biaidh sí tarcuisneach, uirísioll,


L. 16


talmhuighe, an mhéid go bhfuil a mhian ceangailte don talamh
agus do na neithibh neamhmharthannach. Contrárdha dhó
sin an t-anam úd eile, dogheibh uaisle agus dígnid éigin dhiadha,
ionnas go mbian ro-onóir agus iongantas ag ainglibh Dé 'na
thimchioll, agus dogheibh tiagharntas urrthuidh féin agus ar gach
ní eile dar chruthaigh Dia.



Dochímuid go ndéntar an uile ní níos uaisle, an tan a
ceangaltar é re ní as férr ná é féin, mar is follas san aér
dogheibh déalradh re cumann soillsi na gréine. Is mó nó so
go mór dogheibh an t-anam bhíos ceangailte re Dia, óir
doníthar é diadha go hiomlán, agus dogheibh uaisle agus dignid
os ceann nádúra, ionnas go mbéid na hoird ainglidh re
hiongantas dá honóradh. Uime sin dearbhuid doctúiridh
tromdha go mbíd mórán aingeal ag coimhedeacht agus ag
coimhéad na n-anmann do choimhlíonas toil Dé go hiomlán
agus go fírinneach. Féachmaoid anois a' bhfuil ag rígh nó ag
impire an domhain so poimp, glóir, onóir, cuideachta, nó
gléas is mórdháluigh nó mur atá ag an n-anam úd. Uch,
mo Dhia, créad é méad glóire agus onóra an anma a bhfuil
iliomad aingeal dá chúmhdach agus dá choimhéad? A' roibh
lucht coimhedeacht cuirp is uaisle ná iad so ag impire ar an
domhan ariamh? Ní lúighde an meas is cóir do bheith air an
mórdháil so nach bhfaicthar re súluibh corpardha í, acht
is móide dá mórdhacht nach féidir re céadfaigh corpardha ar
bith breith urrthi; agus fós ní bhfuil glóir agus dígnid is mó ná
oiffic na n-aingeal a bhflaithios Dé a bheith dá freachnughadh
aige air an talamh so, agus tionsganamh leis an ní
annso a mhairfeas go súthain síorruidhe a ttigh Dé.



Fa dheóigh, ní féidir aon ní is fearr agus is onóraigh d'iarraidh
nó d'fhagháil ná bheith a n-aon oiffic re Mac Dé do choimhlíon
toil 'Athar go ro-iomlán, agus “dobhídh umhal dó go nuige an
bás, agus bás fós na croiche”, Phillip. 2. Léaghthar a mbeatha
na n-aithreach, lib.l0, c.65, ionnas go ttaisbéanadh Dia an
meas bá cóir do bheith ar an ab Steaphan, an tan dothug
a dhearbhráthair féin breitheamhnas meardhánta air agus
a tug achasán dó, mar dochonairc ag ithe feóla é, do léig Dia
suan air an dearbhráithir, agus idir gach ní eile dochuala sé
neach ag rádh leis: “Ní bá cóir dhuit sgannail do ghlacadh,


L. 17


óir más mian riot onóir agus glóir do dhearbhbhráthar d'fhaicsin,
féuch do dhiaidh”; agus ar bhféachuin thairis dó, dochonnairc
a dhearbhbhráthair comhchrochti re Críosd; agus adubhairt an
neach ris: “Féach anois an ghlóir anna bhfuil do dhearbhráthair.”
As so is iontuicthe dúinn go follas nach bhfuil onóir
is mó ná bheith coimhchrochte re Críosd, agus a bheith marbh
dar ttoil féin agus beó do réir thola Dé.



An 4 Caibidil.



NÍ BHFUIL NÍ AR BITH IS TAITNEAMHUIGH AGUS IS
SÁIMHE NÁ DUINE DO THRÉIGEAN A THOLA FÉIN
GO HIOMLÁN AGUS TOIL DÉ DO CHOIMHLÍONADH.



Ní hé amháin toil Dé do dhénomh go hiomlán, agus a thoil
féin do thréigion ann gach aon ní, go bhfuil ro-onórach, acht
atá fós rosháimh rothaitneamhach, ionnas gomádh lór titul
chomh fonnbhar agus so dar ngríosadh chum an fhreachnaighthe
ró-uasal so do ghnáthadh; óir an taitneamh agus an fonn,
gluaisid go mór na daoine chum neithe dá dhocamhlaidh
do thionsganamh. Is annamh dogheibhthar onóir shaoghalta
acht re gníomhurtha gáisgeamhla nó guaiseamhla do dhénomh
re saothar agus re peiriacuil; acht ionnsa bhfreachnadh so atá
sócbhul aenracánach, .i. gibé ghnáthios é, go bhfaghann
an onóir is mó is féidir leis a smuaineadh nó d'iarraidh, mar
atá cáirdios Dé. Atá an onóir so comh fonnmhar agus comh
taitneamhach agus sin go bhfuil ciúnas rosháimh agus síthcháin
inntinne ceangailte dhi.



Ar son go bhfaicfidh do dhuine ar a' ccéad iarraigh gur ní
nuadh dochreidfe, é féin do thréigion agus thairis sin gan a
thoil féin do leanmhain anna ní ar bith, bheith taitneamhach
fonnmhar, is dearbhtha go fírinneach gur mur sin atá. Is
follas so re sompla na naomh a bhflaithios Dé, óir ní bhfuil
neach air an domhan nó daoine is lúgha ag a bhfuil a ttoil
féin ná iad, agus fós is mó lúthgháire, iolgháirdios, agus sámhas
ná iad. As so dochímuid nach tuirseach do dhuine a thoil
féin do thréigion go hiomlán, acht go bhfuil comh sáimh agus sin
nach féidir an sólás do bheith ag neach gan a thoil féin do


L. 18


chur a neimhnidh agus gan a bheith aige acht toil Dé. Is lór sin
go deimhin chum a chur a ccéill dhúinn agus chum eagla a bhuain
dínn, agus gan amhras do bheith againn gurab ádhbhar dobróin nó
tuirsi nó seirbhdhoílghis dhúinn ar ttoil féin do tharcuisniughadh
agus toil Dé do leanmhuin. Ní chuirionn toirmeasg ná buairt ar
ghlóir na n-aingeal gach ní dá n-abair Dia riú do dhénomh. As
mór fós an sólás agus an t-iolgháirdios a bhíos orrtha dá dhénomh,
ag furachus do ghnáth re guth Dé do chluisin, Psal. 102,
ionnas go ttugadh aithénta nuaidhe dhóibh rena ccomhlíonadh,
mar dobheith leanabh ocrach dogheabhadh beagán do bhiadh
bhlasda agus fhéachas go minic ar an méis d'fhéachuin an
bhfuighadh tuilleadh. Agus atá an tréigion so a ttola féin agus comhlíonadh
tola Dé comh sáimhmilis agus sin ag na naomhuibh
beannuighe gur mó an sólás dogheibhid as ná as méad a nglóire
féin; agus is mó an lúathgháire agus an t-iolgháirdios a bhíos orrtha
fa thoil Dé dá slánughadh nó fa sheilbh na beatha síorrdhuidhe.



Níor theastaigh mórán sompla naomh air an saoghal so
féin dá dhérbha súd dhúinn, do thréig a ttoil féin go hiomlán
agus dobhídh marbh don tsaoghal, agus ag a raibh rochiúnas anma
agus inntinne aca. Léigim thorum S. Phroinnsias amaille re
mórán do sheannaomhaibh eile. Proinnsias Xaverius anois
go déghnach, sé ba freachnadh gnáth dhó, a thoil féin do
thréigion chum tola Dé do choimhlíonadh. Uime sin do
chríochnaigheadh an uile úrnaigh ris na briathra úd Phóil,
Act. 9: “A Thighearna, créad is mian leat do dhénomh dhamh?”
As so dobhídh an uírid sin do shólás anma agus inntinne aige nach
mór gurbh fhéidir leis a fhulang, agus go sgaoileadh brollach a
chóta ós teas 'ochta, ag rádh go minic: “Lór sin, a Thighearna,
lór sin”; ag iarraidh ar Dhia an tuile ghrása agus shóláis neamhdha,
dobhídh sé a thabhairt dhó, thraothadh, tré mhéad na
milseachta spioradtálta dobhídh ann' inntinn. Ionnsa tslíghe
go Meachum don naomh chédna, a thug Dia an uírid sin do
shólás neámhdha dhó nar mhothaigh doilghíos ar bith as na
créachtuibh dorinne clocha agus maidí air a chosuibh, mar do
léaghthar anna bheatha.



Dobhídh an uírid sin do shólás agus d'iolgháirdius ó choimhlíonadh
tola Dé ag S. Ephrem nach mór go mb'éidir ris iomchar
nó fhulang. Uime sin adeireadh re Dia: “A Thighearna, do


L. 19


romhéadaigh tú do ghrása orum, ionnas gur choisg tú m'ócras
agus gur thraothaigh tú mó thart agus go dtugais solas dom
inntinn dobhídh lán do dhórchacht, agus gur tharraing tú mó
smuainidh ón uile sheachrán; agus anois, Ó mo Thighearna Dia,
aeghruim agus guidhim thú, ag adbháil mo luige féin, tré do
mhórthrócuire dochuaidh os ceann an uile thuigsiona, ciúnuigh
tonna do ghrása agus coimhéid dhamh é ann th'órchisde féin go
lá mo bháis. Ná bíodh fearg ort liom, a Thighearna íodhain,
óir ní bhfuil neart agam tonna na tuile so d'fhulang. Uime
sin, go hamhnáireach meardhánta, atáim dod ghuidhe, óir atá
do ghrása arna romhéadughadh orum agus atá mo theanga balbh
chum labhartha air nó chum fhoillsighthe fighúir agus déalradh
glóire síorruidhe an Athar neámhdha, mar thínidh fhírghloin
atá ag lasadh nó ag losgadh mo chroídhe agus mo dhubhán. Uime
sin, traothaigh anois cuid éigin don tuile so.” tomo 3, Serm.
de vita religiosa et monastica.



Ní féidir fhoillsiúghadh an sólás fíorghlan gnáthuightheach
dogheibh an t-anam séanmhar sona ag nach bíonn do riaghuil
san uile mhian agus san uile fhonn acht toil Dé amháin;
ionnas gur fíor adubhairt doctúir áiridhe: “Coimhlíonadh tola
ar bith tarrnghí leis sólás éigin, acht coimhlíonadh tola Dé,
an tan nach bíonn do riaghuil ag duine san uile ghníomh acht
í, atá sólás fírdhiadha innti. Agus ag so an dithfir atá idir an
tí a leanas a thoil féin agus an té do leanas toil Dé; nach
bhfuil ag an ccéad duine acht sólás díomhaoin saoghalta,
agus ag an dara duine sólás tola Dé, do sháraigheas go romhór an
uile shólás eile, agus páirtighe srotha an tsóláis shíorruidhe,
re nach bhfuil compráid ag ní ar bith dá mhillsi nó dá thaitneamhuigh
air an domhan so.” Is maith an fhiadhnaise ar so
Dábhí rígh adeir, Psal.118: “Dofuair mé a ccoimhlíonadh
slighe th'aithénta taitneamh os cionn an uile sháidhbhris”;
agus a Psal. 18: “Is fonnmhaire a th'aitheanta ná ór agus ná clocha
dá n-uaisle, agus is millsi iad ná mil.”



Ionnas nach measfudh duine gurb é Dábhí amháin do thuig
sin, nó gur lena bhéul do labhair , atá fiadhnaise nuadh
againn dar chóir creideamhuin ón meas naomhthachta dobhídh
urrthi, .i. an bhanóigh onórach Ludobhica Carbhaghal, do


L. 20


thaisbéin ris na briathra so síos, mar do léughtair anna
beatha, méad an tsóláis dobhídh aici tré thréigion a tola
féin air thoil Dé. Ag so a briathra féin. “d'éis, tré thiodlaicadh
an tsolais neamhdha, do thionsgain mé a thuigsin an
sáidhbhrios foluígheach atá a ccomhlíonadh thola Dé, do
thug mé grádh ádhbhul don tsubháilce so, agus do ghríosaigh
mé as diaidh a chéile chum gnáthuighthe dhírighe a romhillseacht;
agus an tan do smuainíos go minic an mhaith agus an onóir
atá innti, do mhothaighios go laetheamhuil solas níosa
mhó agus níosa mhó a teacht ann mh'anam; ionnas, mur do
bheirim fa dear ionnam féin anois, go bhfaicthear dhamh agus
nach féidir leam fonn do bheith agam anna ní ar bith atá
contrárdha do thoil Dé; óir dogheibh m'anam an uirid sin
do shámhus, d'iolgháirdios, agus do ghlóir a ttoil Dé, dámádh
mian leis mo chur a neimhnidh nó mo dhamnúghadh a bpiana
ifrinn, go mbeith sólás romhór agam, ar feadh an bheagáin
aimsire sin, mo thoil féin do chur re toil Dé. Ní hé amháin,
acht smuainighim go ccuirfeadh Dia ar neimhnidh mé agus go
rachadh dhó a n-onóir comhlíonadh a thola féin innsin, nó
fós, gomádh mian ris sin do dhénomh, dogheibhim fonn comh
mór agus sin a ttoil Dé nach bhfuil sólás air an domhan a dhénain
do mhalairt air. Uime sin, gach ní dá tteagbhann dhamh
air mhodh ar bith, ní chuirim brígh ann, agus bídh sé milis agam,
an tan do fillim mé féin ar Dhia, agus adeirim ris: “A
Thighearna, créad é an ní is taitneamhuigh agus is fonnmhaire
ná do thoilsi? Créad an t-ádhbhar lúathgháire is mó is
féidir a theagbháil dhamh ná mo thoil féin do chur re do
thoilsi go hiomlán?” Agus is é so mo shólás amháin re bhfaghim
síothcháin agus ciúnas inntinne, dobheir sásadh ro-íongantach
agus iolghairdios dom anam; agus coisgidh tart na bhfonn n-égsamhla,
agus neartaighidh an t-anam dochum dol ar aghaidh go ttig
amaille re grásuibh Dé chum seilbh' iomláine na subháilce
so d'fhagháil, an mhéid gur féidir é air an saoghal so.”



Atá an sólás so thola Dé comh bríoghmhar agus chomh láidir
agus sin go ndénann piana agus céasda cruaidhe ní hé amháin so-iomchar,
acht go ndénann sáimh fonnmhar iad, mar admhuíghios
an cumhal cédna Críost ris na briathra so síos. “Is


L. 21


deacar liom a thuicsin an modh ar a ndénann aon toil do bheith
ag Dia agus ag duine do réir mar do thaisbén dealradh an
Spioraid Naoimh dhamh féin, agus do mhúin sé mé an tan dobhídh
a n-ainbhfios orum gan ní ar bith a bheith buaidheartha nó
trioblóideach; óir is dearbh, an t-anam dochuaidh asteach san
phárthas talmhuigh so, nó mar is cóir do rádh, san phárthas
neamhdha so, ní théid buairt nó trioblóid 'na ghar; óir
bídh anmanna don tsórt sin arna n-éadughadh ris an ghréin
neamhdhuídh dobheir iad roshoillseach, rosgiamhach, rothaitneamhach,
ionnas go mbíonn taitneamh aca ionsna pianuibh
féin air son go mothaíghid iad, airna mbeith ón nádúir
somhothaighe dhóibh, agus nach féidir an mothughadh do bhuain
as na céadfaidh corpardha an feadh a bhíos duine beó. Air
a shon sin dobheir Dia ionsna piana féin, rena mhórthrócuire,
sólás agus sámhus a thraothios nimh na bpian, agus fásuidh grádh
Dé air uairibh ionnta comh mór agus sin dámádh éigin dó fuil a
chuislionn go hiomlán do dhórtadh a ngeall air a' maitheas
síorruidhe chum a mbíonn sé 'tarruing, dar leis féin nar
shásaigh an fond dobhídh aige ní d'fhulang air son Dé.”



Bean bheannuighe eile Magdalena de Pazzis, dobhídh comh
díothchiollach agus sin ar thoil Dé do chomhlíonadh, do thuitamh
a néull gach uair dá lábhradh air toil Dé, mar dobheith air
mearadh re hiomarcaigh sólás ó Dhia, anna suan éigin di
adeireadh na briathra so: “Ó, mo chéile, atá a dhearbhfhios
agad ó thús m'óige go roibh fonn orum taitneamh riot;
anois, dá mbeith fios agam gomádh mian leat mé a bheith dom
chéasadh a n-ifrionn go síorruidhe, do thilgfinn mé féin gan
mhuill ionnsna lasracha sin;” agus ag féuchain air na mnáibh
eile riaghalta, adeireadh: “Nach ttuigionn sibh méd na millseachta
atá san bhfocal beag úd - toil Dé?”



Tar gach fábhar eile, sóláis agus iolgháirdis, dothéid os cionn
nádúire, dobheir Dia trócuireach do na hanmanna a bhíos
cráibhtheach tabhartach dá thoil féin, dothig fós as sin dóiph
a bheith gan doilgheas gan dubrón, agus ciúnas mór inntinne agus
iolghairdius croídhe do bheith aca air feadh a mbeatha; ar an
ádhbhar gurab í toil dhílios an duine féin is cúis don uile
bhochttacht agus don uile dhubrón air an saoghal so, agus ní hiad na


L. 22


neithe contrárdha ionnta féin. Créad do chuireas buairt nó
tuirsi ar dhuine acht neithe a theacht mar nach mian leis?
Gibé do thréigios a thoil féin, atá saor ón olc so, óir ní dhénann
aon ní agus ní mian leis aon ní acht mar is mian re Dia; agus mur
sin, ó nach bhfuil toil air bith aige acht toil Dé, nach féidir
a mhealladh, ní theagbhonn ní ar bith dhó acht mar is
mian leis féin; agus is romhaith éirghios gach aon ní ris, óir
ní iarrann ní air bith acht toil Dé do dhénomh. Uime sin
bídh go suilbhir súgach ann gach anró dhá mhéad, do chionn
gurab í sin toil Dé agus gurab í sin a thoilsin. 'Na dhiaidh
sin, gach ní dá ndénam do réir thola Dé, ní baoghal dúinn
dol air seachrán; uime sin nach cóir dhúinn gearán do dhénomh,
nó tuirsi do bheith oruinn do chionn go ndeárnamar é, acht fós
lúathgháire do bheith oruinn fa choimhlíonadh tola Dé, agus
sin ris an tsíthcháin agus ris an sólás éirghios as coinsias maith
díreach. Atá, umorro, duine don tsórt so lán do shólás do
bhrígh nach bhfuil fonn aige anna ní ar bith eile. Atá contrárdha
dhó so coinghioll an tí a leanas miangas a thola féin,
óir an tan dochí sé gach ní dá ttionsgnan dá thoirmeasg
air, bídh doílgheas agus tuirsi do thaobh air, agus don taobh eile
bídh aithmhéal agus náire air fana éagcríonnacht agus fana chomhuirleacha
baothadh féin, agus cnaoidhtear é re leandubh.



Do thuig draoith do na feallsamhnuibh ag nach raibh
solas an chreidimh, Aristotel, 1 Eth., c.4, Temist., or. 17,
gibé reir mian beatha chiúin do bheith aige air an saoghal so,
gomádh riachttanas dó 'anmhiana féin do thréigion go hiomlán
agus gan ní ar bith do dhénomh acht an ní dochífidhe do dhuine
mhaith eagnuígh do bheith ceart, nó mar do mheasfadh sé
féin gurab í sin comhairle dobhearadh an duine eagnuígh
dhó. Nach córta go mór dhúinne an ní cédna do dhénomh agus
ar n-anmhiana uile do thréigion, agus toil Dé, atá tarbhach
falláinn dúinn, do choimhlíonadh, agus Dia féin a bheith 'na
mhaghistir agus 'na riaghuil againn san uile ghníomh, ag dénomh
gach neithe a chuireas d'fhiachuibh oruinn rena bhriathra
féin nó na n-uachttarán do chuir sé ós ar cceann, nó mhúineas
réasún ceart dhúinn?


L. 23


Is follas as a ndúbhramar go seadh, ní hé amháin sólás
aonracánach do bheith a ccoimhlíonadh tola Dé, acht fós nach
bhfuil sámhas fíor ar bith gan a choimhlíonadh; óir gibé a
dhóirtios a ghrádh air chréatúir ar bith, mar atá diombuan,
ní fada go dtréigfeadh sin, agus claochlaighthear annsin
ar sólás anna ndubrón agus anna ttuirsi; air an ádhbhar gurab é
sin coinghioll na neithe neamhmarthanach, níosa mhó do
dhoilghios d'fhágáil 'na ndiaigh ar n-imtheacht dhóiph ná an
sólás tugadar uatha an tan dobhádar do láthair. Uime sin is
mó an bhuaidhirt agus an tuirsi dogheibhmaoid ásda ná an sochar
ná an sólás. An tí a chuireas a dhóthchas a nDia, aige
amháin atá an sólás fírinneach, mar adeir S. Auguistin ar
a' Psal. 84: “Gibé réir mian lúathgháire fhírinneach do bheith
aige, cuireadh sé a fhonn ionnsna neithibh marthanach.” Adeir
fós S. Prosper: “Gibé ag a bhfuil Críosd an' ádhbhar lúathgháire,
ní chaillionn go bráth a shólás, óir is sólás síorruidhe
lúathgháire fa an mhaith shíorruidhe.” An gá a bhíos a
ngárda nó 'ccompás na mairnéalacht, ní dhénann cómhnuigh
go roibh go díreach ós cuinne na réaltuinne ó thuaith, agus mádh
casdar do thaobh ar bith eile é, ní dhéanann cómhnaidh.
Dia, umorro, dhó féin amháin do chruthaigh sé croidhe an
duine; uime sin atá claonadh nádúrtha aige chum an tí do
chruthaigh é, agus ní dhénann cómhnaidh ach an uair a bhíos
ag féachain air Dhia.



Dá mbeith fós ar chruthaigh Dia ariamh síorruidhe, atá siad
comh beag tarcuisneach agus sin nach féidir leo fonn an chroidhe
dhaondha do shásuidha, agus nach féidir ach re Dia amháin
a thart agus a mhiana do chosg. Uime sin ní thugaid súd ciúnas
iomlán go bráth dar n-anam. As sin tig, gur cuma an beagán
nó an mórán a bhíos ag an tsantach óir ní sásta bhíonn sé ach
do ghnáth ag iarraidh níosa mhó. Na neithe saoghalta,
iommorro, is féidir leó an t-anam do chongbháil ag tabhairt
aire dhóiph, acht a shásadh ní féidir leó, óir do Dhia amháin is
dílios sin do dhénomh, ionnas nach bhfuil ciúnas ag an anam
acht ó Dhia féin. Na neithe saoghalta, mar nach sásuighid
an t-anam go hiomlán, cuirid buairt agus toirmeasg air fa aire a
thabhairt do Dhia agus a thoil do dhénomh. Rochontrárdha dhó


L. 24


so atá nádúir Dé, ar son go líonann sé ar ccroídhe agus go sásuighann
ar bhfonn, ní chuirionn toirmeasg oruinn fa ghnothaigh eile
do dhénomh, nó fa ghrádh do bheith aguinn ar an domhan
mhór ar son Dé; ionnas nach bhfuil croídhe is saoire agus is
éasguidhe chum grádh' fhírinnigh a thabhairt don n-uile ní ná
an croidhe atá lán do ghrádh Dé.



An 5 Caib.



NÍ BHFUIL NÍ AR BITH IS FEARR AGUS IS TARBHAIGH
DHÚINN NÁ AN NÍ IS MIAN RE DIA.



Do thaisbénamar gus so an ceart atá ag Dia oruinn ar
ttoil féin do thréigionn agus a thoilsin do choimhlíonadh, agus
fós gur ní rothaitneamhach fonnmhar sin re dhéanomh; anois,
féachmaoid an tarbha agus an sochar tig dúinn as. Dochímaoid,
re dóthchas édála anna neithibh neamhtharbhacha, agus a bhíos
fós peiriaclach agus díoghbhálach, go ttréigionn daoine a cciúnas
féin, a ndúthaighe, a mná, agus a cclann, agus go ccuirid deóruighdhacht
dá ndeóin orrtha féin ar muir agus ar tír agus ar fásuighe, a measg na
mílte peiríecuil, ag cur a mbíonn don tsaoghal aca a ccontabhairt
re hiomarcaidh duadh agus saothar. Is cirte dhúinne ná sin ar
ttoil féin do thréigionn ar thoil Dé, ar mhéad na tarbha agus an
tsochair tig dhúinn as, agus sin gan contabhairt cuirp, anma, nó
maoine oruinn do chaill, ach re dóthchas mór na beatha
síorruidhe, onóir agus iolgháirdios inntinne, agus díoluigheacht a
thabhairt do Dhia annsna fiachuibh atá aige oruinn.



Anois, ionnas go ttuigfidh créad iad na sochair atá ag
an duine a chuirios a thoil féin re toil Dé go hiomlán, is
lór go ndénann é saor ón uile bhuaidhirt, agus nach bhfuil
baoghal seachráin air a ngníomh ar bith; mur sin nach bhfuil
ní is tárbhuidhe dhúinn ná air ttoil féin do chur re toil Dé,
agus ní bhfuil ní ar bith tarbhach gan a dhénomh, óir ní bhfuil
ní is úrchóididh dhúinn ná ar ttoil féin do dhénomh, nach
tteachaigh go maith d'aon nduine ariamh; ionnas gur fíor
guth coitchinn na naomh, .i. gurab í toil dhíleas an duine
féin is fréamh agus is bunúdhas don uile olc.


L. 25


Adeir Aristotel, 6 Ethic., c.2, ionnas gan duine a dhol
air seachrán anna bhreitheamhnas agus gach ní do dhénomh go
críonna, gur riachttanas dhó toil mhaith dhíreach do bheith
aige agus a bheith folamh óna ghrádh féin agus ón uile chlaonadh.
Uime sin, ionnas nach beith breitheamhnas claon againn air
na neithibh, agus go ndénmaois gach ní go tarbhach, is riachttanach
dhúinn gan ar ttoil féin do leanmhuin agus gan ar mian nó ar bhfonn
féin a bheith do riaghuil againn, agus saint na neithe saoghalta
a chur as ar ccroídhe, agus toil Dé a bheith d'aon riaghuil againn;
gan sin ní féidir dhúinn teacht chum na críche air ar cruthaighibh
sinn. Créad é méad an ghalair agus na heasláinte
tug mímheasargacht bí agus dighe air na daoinibh? Créad a
mhíonca a táinig caill a maoine do dhaoinibh santacha gan srian
do chur rena bhfeirg nó rena ccuinntinn? Créad í an bhochtacht
ar chuir a n-antoil iad? Créad í an tuirsi do tharruing orrtha?
Créad í an bhuairt, a' trioblóid, agus an míchiúnas nach ttáinig
dhóiph as? Mur sin, is dearbh nach bhfuil ní ar bith is
tarbhuidhe agus is mó maith dhúinn ná an cloídheamh do bhuain as
air láimh re a ngearrfamaois ar scórnuigh, agus an nimh do dhórtadh
bhéaradh bás dúinn, agus na hionstrúmeinti, is ádhbhar an uile
dhíoghbhála agus uilc dhúinn, d'adhlacadh agus do losgadh, agus an
deamhan úd do thilgean as ar n-anam atá dar mbuaireadh do
ghnáth.



Tig go maith ris an ní atámaoid do thráchtadh freagra
an ab Abraham ar ab Pimenius a d'fhiafraigh dhe: “Cionnas a
chuirid na deamhuin cathughadh oruinn?” Adubhairt ris: “Ní
chuirid na deamhuin cathughadh oruinn, ar an ádhbhar go
ndénmaoid a ttoil; acht ar ttoil féin, is í is deamhan
dúinn”. Mur sin a léightear a mbeatha na naomhaithreach.
Ionnas gur fíor gur demhan díoghbhálach dhúinn ar ttoil
féin, a bhíos dar leagadh do ghnáth, gur cloídheamh gér í
a ghearras ar scórnach, gur nimh urchóideach í a théid go
nuige an croidhe, accus gur bás mealta í do mharbhas
sinn. Is romhaith a chuireas S. Anselmus, de Similitudinibus,
c.38, ar ttoil a ccosmhulacht re luibh mharbhthaigh nimhe, agus
cuiridh a n-íongnadh go mór, an tan atá a fhios againn gurab í


L. 26


tug bás dar ccéadaithreacha, cionnas nach bíonn fuath agus gráin
againn urrthi. Ag so briathra an naoimh: “Is cosmhuil ar
ttoil féin re luibh urchóididh nimhe do thoirmeisg liaigh
ro-eólach ar chéadaithreach sleachta áiridhe, ag bagar orrtha, dá
n-ithidís an luibh, go dtiocfadh lúbhra orrtha agus go bhfuighdís
bás di. Ar shon sin d'ithidar an luibh agus táinig lúbhra orrtha
agus air a cclainn 'na dhiaigh sin, agus dofuaradar bás mar do
bhagair an liaigh orrtha. An chlann, umorro, air son gurbh
fheas dhóibh an luibh sin a bheith 'na cúis ghalair agus éaga
agana sindsiridh agus lubhra do bheith orrtha féin, ní bhfuil
luibh ar bith is annsa leó ná í. Ag éirghi dhóiph ar maidin,
fromhuíd í mar luibh leighís, agus doníd an cédna ag glacadh
suain dóiph. Cia adéradh nach daoine gan chéill nó air mire
iad sin? Gídheadh, ní lúgha atáid air mire an drong a leanas
a ttoil féin, óir is í an luibh nimhe í, re séidthear diabhluíghdheacht
mharbhthach do gach aon a ghnáthaighios í. Dia,
atá 'na liaigh trócuireach air ar bpeacaibh, do thoirmeisg
sé an luibh so air ar ccéadaithreacha, an tan do bhagair bás
orrtha dá bhfromhadís ubhall na haithne; acht do bhris
siad an aithne agus d'ithidar an t-ubhall, ionnas go ndearnadh
peacaigh dhíoph agus go bhfuaradar bás anma, agus air ngeineamhain
peacaigh eile dhóibh, dofuaradar bás cuirp. Ar a shon sin
is annsa ris na daoinibh an toil so ná ní ar bith eile, agus ní dhénuid
ní ar bith nach ccuirid cumusg dá ttoil féin thríd. Uime sin ní
bhfuil mire is mó ná gean a bheith ag duine air a bhás féin
thair gach ní eile.”



Ag sin mar fhoillsígheas S. Anselmus na huilc tig dhúinn as
ar ttoil féin do leanmhuin, agus air mire, gan fuath do bheith
againn urrthi; óir a ccás nach beith d'eagla oruinn roimhe
air ttoil féin ach a mhéad d'anró saoghalta fhuilingmaoid
uaith, ba cóir dhúinn sin féin d'affir urrthi, ag cur suas di
ann gach aon ní. Gídheadh, má mheasmaoid na huilc spioradtálta
agus cáill na maithiosa síorruidhe, gadé a mhionca a
chuiremur an dara cos a n-iffrionn; gadé a mhéad do thiodhlaice
némhdha do chaitheamar go holc; agus fós gadé a mhionca
do chuireamar grása accus fuil Mhic Dé a ttarcuisne?
Uime sin atá d'fhiachuibh oruinn ón uile cheart toil Dé do


L. 27


choimhlíonadh, ionnas go ttréigfamaois air ttoil féin agus go
ndénamaois lón agus cumhdach dhúinn air ar n-aghaigh féin.



Ní bhfuil ní ar bith is mó a théid a sochar dhúinn, dochum
gach crádh agus gach contabhairte dá ttig oruinn go minic do
sheachna, ná ar súile a bheith sáidhte do shíor annsa réailt
eóluis úd thola Dé, nach dénann aon ní acht achum maitheasa
agus sochair dhúinn. Créad é an ní is tarbhaigh dhúinn nó ealadha agus
eólas athchuimir d'fhagháil dochum ar leasa féin do dhénomh?
Uime sin, is deárbh nach féidir linn ní is feárr agus is tarbhaigh
dhúinn d'iarraidh ná an ní is mian ré Dé; óir gé gur mian linn
maitheasa dhuine ar bith, as grádh do bheith againn air do
thig sé, agus do réir méada an ghrádha méaduighthear fonn na
maitheasa. Uime sin, an tan atá gan chompráid níosa mhó
do ghrádh ag Dia oruinn nó atá againn féin, is dearbh as sin gur
mó an fonn atá air Dhia maith do dhénamh dhúinn nó atá oruinn
féin. Fós, ní féidir re Dia ainbhfeas do bheith air fa an ní is
maith dhúinn, óir is eagna gan chrích é. Ní mealltar fós anna
cheannrádharc nó anna riamhfhéachuin é mar do mealltar
sinne, nach feas dúinn créad é an ní is tarbhach dhúinn. Uime
sin, ionnas nach meallfuidh sinn, leanmaois toil Dé, ag a bhfuil
rochúram fa ar maith agus fa ar sochar níosa romhó nó atá againn
féin; agus ris sin ní bhiaidh baoghal seachráin oruinn: agus muna
a bhfuil fuath againn oruinn féin, ní cóir dhúinn fonn neithe ar
bith do bheith againn acht mar is mian re Dia, dar feas gach
ní nó créad é an ní is tarbhaigh dhúinn. Uch, is náir dhúinne
na críosduidhe na briathra so adúbhairt an feallsamh gan
chreidiomh, Epictetus, lib.2, Dissert., c.7: “A sclábha, an mian
leat aon ní acht an ní is mó tarbhadh dhuit? Créad é an ní is
mó tarbhadh dhuit nó an ní dochonncas do Dhia? Uime sin
an mhéid gur féidir leat créad fa ttugthur ceannach don
bhreitheamh, agus créad fa mealltar a chomhuirleach?”



Atá dhá aithne ag toil Dé, aithne dhíoph sin a chuireas
d'fhiachuibh oruinn an ní is cóir dhúinn do dhénomh; an
dara haithne, an ní is cóir dhúinn d'fhulang, mar atá tinneas,
saothar, agus anró a léigeas Dia oruinn dochum ar maitheasa
féin agus achum lórghníomh ar bpeacadh. Uime sin, is cóir dhúinn
a thuigsin go bhfuil Dia romhaith, ionnas gur mian leis an
uile mhaith do dhénomh dhúinn; go bhfuil ro-eagnuídhe,
ionnas go bhfuil fios gach aon ní aige; go bhfuil rochumhachtach,


L. 28


ionnas nach d'easbhuidhe nirt nach saorann sinn ó gach
buaidhirt agus ó gach bruid dá ttig oruinn, óir dob fhéidir leis a
dhénomh gan saothar ar bith; acht mar atá a fhios aige gur
tarbhach dhúinn iad sin d'fhulang, agus mar atá cion aige air ar
leas, re rúandiamhair a mhórchumhachta féin, léigidh oruinn iad
chum toruigh mhór do bhuain asda.



Is follas as ar thráchtamur go seadh, tré mhéad na tarbhadh
atá ann, nach cóir dhúinn gan ní ar bith do dhénomh, nó
fonn do bheith oruinn ní do dhénomh, acht an ní is mian ris
an Tighearna romhaith, ro-eagnuídh, rochúmhachtach úd
dhénomh dhúinn; ní hí ar ttoil féin re nach féidir ní ar bith
do dhénomh go críonna, eólgach, nó feasach. Fós, ní bhiaidh
ciúnas nó síthcháin againn go bráth ag leanmhuin ar ttola
féin, mar dobheith againn ag comhlíonadh tola Dé, as a
ttig sólás mór annar n-inntinn, gach uair dá smuainmaoid
nar órdaighe an mhórdhacht síorruidhe úd ní ar bith acht chum
leasa agus tarbha dhúinn.



Neithe an domhain uile nach bainann re Dia, bíodh meas
againn orrtha gur luídheachán foluíghtheach námhad iad, agus
gur mian leó olc do dhénomh dúinn. Acht fós, dá bhfágbhadh
Dia ní ar bith air ar ttoil féin, ba cóir dhúinn eagla mhór do
bheith oruinn fa ar ttoil féin do leanmhuin. Is amhlaigh
sin dorinne an duine maith beannuighthe Proinnsias Borgia,
an tan tug Dia ar a thoil sláinte nó beatha a mhná an uair
dobhídh tinn, adubhairt re Dia: “A Thighearna, déna do thoil
féin ria, óir an ní is mian leatsa, is é is mian liomsa.” Is dearbh
go bhfuil toil Dé ceart, díreach, réasúntaidh, agus grádhach
ar shochar na ndaoine, ionnas nach riachttanas dúinn cúis
ar bith eile d'iarraidh chum tola Dé do dhénomh acht sin
amháin.



Tig fós ioliomad sochair eile dhúinn as comhlíonadh tola
Dé, ar son goma lór go ndénann Dia é féin 'na cháruid againn;
agus ní hé sin an cairdios gan tarbha, óir is mór an toradh agus na
tiodhlaice tig as, ar an ádhbhar, gibé aige a mbíonn grádh ag
Dia air, is mór an fádhbhar agus na grása dobheir dhó, ionnas
nach féidir sochar an cháirdis so do mheas; óir cuiridh an
mhórdhacht dhiadha í féin re toil na ndaoine, agus dobheir
sásadh iomlán d'fhonn a shearbhóntaigh féin. Uime sin, mádh


L. 29


mheasuid na daoine gur searbhóntaigh díleas an tí doní
toil a thighearna go hiomlán, cionnas a rachas dhúinne
sochar Dé uilechumhachta do shásughadh ar bhfonn? Ar so do
labhair Dábhídh re Dia, Psal.20, ag foillsiughadh cionnas
donídh Dia ris an bhfírén, adeir: “Dothug tú fonn a chroídhe
féin dó agus fós toil a bhéil féin”; mar adéaradh: tuguis dó
gach ní ba mian ris féin d'iarraigh.



Mádh smuinmaoid ar mhéad an tsaidhbhris agus an óirchisde
luaighdheachta dogheibhmaoid ar son gach aon ní do dhénomh
ar ghrádh Dé agus dochum a thola do choimhlíonadh, ní bhfuil ann
acht mar déntaoi ór glan do mhaide músgáin nó do chloich ghlais;
óir na gníomha nach bhfuil luaighdheacht air bith ionnta uatha
féin, mar atá mórán dá ndénmuid re riachttanas nádúrtha,
mar atá biadh agus deoch do chaitheamh, agus codladh etc., re
cuidiughadh an fhreachnaighthe so doníothar ro-uasal iad agus
cuirthar a n-aon chéim re grádh Dé iad, óir is ar a ghrádh do
níothar do ghnáth iad; agus mar nach bhfuil comhartha grádh'
ar bith is cinnte ná na tola do theacht re chéile, gibé donídh
gach aon ní ar son Dé go fírinneach, agus nach mian leis aon ní
acht do réir thola Dé, más 'na chódhladh nó 'na dhúsgadh
dhó, biaidh luaighdheacht mhór aige; óir is ar ghrádh Dé
agus dochum coimhlíonadh a thola donídh gach a ndéan.



Ris an bhfreachnadh so fásuidh grádh Dé do ghnáth annar
ccroídhe, ar an ádhbhar, gibé thréigeas a thoil féin agus a chlaonta,
a chuireas toirmeasg oruinn go minic, dobheir Dia solas
dá anam agus dealradh dá thuicsin chum na neithe diadha do
ghlacadh agus dochum mórdhacht Dé féin do thuicsin; agus ní
bhfuil dá mhéad a thuigmaoid é nach móide a lasas a ghrádh
ionnainn, ionnas, gach gníomh dá ndénmaoid as a ghrádh,
go mbiadh luaighdheacht mhór againn.



Dobheir an freachnadh so na subháilce eile ro-uras, an
tan a theagmhas neithe docbhalach, trioblóideach, nó do-iomchair
anna bhfreachnadh, óir gibé smuainios gurab í
toil Dé agus gur mur sin is mian re Dia a dhénomh ris, biaidh
gan bhuairt agus dothéid ar agháigh gan cheasnadh a slighe
na foírfidheachta, ag cur a thola féin re toil Dé.


L. 30


Ris an bhfreachnadh so fós dothéighmaoid a seilbh na
beatha beannuighe diadha ar an saoghal so agus tréas an cceangal
inmhéadhonach a bhíos idir ar ttoil féin agus toil Dé. Ba maith
leam go ttugtha fa dear annso an sochar ádhbhul atá ag an ccorp
tré cheangal an anma ris; óir, dámádh leis sáidhbhrios na
cruinne gan an ceangal so, ní dhénomh sochar ar bith dhó.
Uime sin, is mó do mheasuid na daoine a mbeatha chorpardha
féin ná órchiste ríogha an domhain. Mádh atá ceangal an
anma ris an ccorp comh tarbhach agus comh riachttanach agus sin,
ionnas nach ttéid ní ar bith a ttarbha do chorp marbh gan
anam; measmaoid as so godí an mhaith atá a cceangal an
anma re Dia, nó cionnas is féidir ní ar bith do bheith tarbhach
don anam nach bhfuil Dia aige, an tan is é Dia féin is beatha
don n-anam, agus gan an bheatha so, atá marbh, agus ní théid ní ar
bith a sochar dhó?



An 6 Caibidil.



COIMHLÍONADH TOLA DÉ, MAITH IS MÓ AR AN
SAOGHAL SO; PÁRTHAS TALMHUIDH É AGUS TOSACH NA
GLÓIRE SÍORRDHUIDHE.



As a ndúbhramur gus so is follas gurb é coimhlíonadh
tola Dé comhchruinneadh an uile mhaitheasa agus maith is
mó ar an saoghal so, párrthas talmhuidh, tosach na beatha
síorruidhe, agus glóir is íongantaigh san ghleann so na ndeór;
óir mádh mheasmaoid na coinghill iarraid na feallsamhuin agus
na diadhairigh dochum duine a bheith beannuighe, do
ghéabham iad go hiomlán a ccoimhlíonadh tola Dé.



Adeir drong dhíoph gurb é donídh duine beannuigh, staid
fhoírfidh do bheith aige anna mbiadh na mílte maith arna
ccomhchruinniughadh; acht atá so ag an tí a choimhlíonas
toil Dé, óir ní bhfuil maith ar bith ann acht maith tharbhach,
maith thaitneamhach, agus maith mhacánta, acht do thaisbénamar
thuas gach maith aca so a bheith a ccoimhlíonadh
thola Dé.



Drong eile adeir gurb é is duine beannuigh ann, an tí
ar nach bídh easbhuidhe neithe ar bith air. Atá fós mur
so an tí a chuireas a thoil féin re toil Dhé, óir ní huime atá


L. 31


easbhuidh neithe ar bith oruinn, do chionn nach bhfuil an
ní féin againn, acht gomádh mian linn a bheith againn.
Anois, gibé chuireas a thoil féin go hiomlán díreach re toil
Dé, ní bhíonn fonn mímheasardha aige anna ní ar bith, agus
ní mian leis aon ní acht an ní is mian re Dia do thabhairt dó.



Adeirid daoine eile gurab í is beatha bheannaigh ann,
maith nach féidir a thraothadh agus sólás síorruidhe gan chlaochla
gan bhriseadh. Tig so go rómhaith ris an tí do choimhlíonas
toil Dé go dúthrachtach; óir an mhaith atá aige agus an sólás
a bhfuil sé 'na shéilbh, ní racha traothadh ann tré bhioth síor;
óir atá ádhbhar a shóláis aige do ghnáth, mar atá, toil Dé do
choimhlíonadh, nach cclaochlóuighthear go bráth, tigeadh
na neithe go maith nó go holc. Uime sin, an tí a chuireas é
féin re toil Dé, gabhuidh gach aon ní go maith dá ttig ó láimh
Dé chuige; agus mur sin, mar nar chaill Críosd air dTíghearna
glóir an anma annsna pianuibh rochruaidhe d'fhulaing;
mar an ccéadna, an tí a chuirios a thoil féin go hiomlán re toil
Dé, ní bhfuil dá mhéad buairt, trioblóid, nó céasadh dá
bhfághann, nach iomchrann go súgach, lúathgháireach iad, agus
bídh rothoiltenach leó. Agus is é ádhbhar dhó sin, mar dobhíos
ceangailte go daingean re toil Dé, agus aithnighe gurab ó láimh
chumhachttaigh Dé tig gach aon ní, agus gurab ansa lais
toil Dé ná 'thoil féin, ní chuireann aon ní buaidhirt air; agus na
neithe a bhíos doílighiseach ionnta féin, bainidh sólás mór asda,
mar nach féidir re ní ar bith ciúnas 'inntinne do bhuaidhreadh.
Dobhídh ag an ab naomhtha Deicola sólás neamhdha comh
mór agus sin go mbíodh aoibh a' gháire ar a bhéul do ghnáth agus go
n-abra go minic: “Ní féidir do neach ar bith Críosd do
bhuain díom.” Atá an sólás so comh seasbhach agus comh síorruidhe
agus sin, ar ttionsganadh dhó air an saoghal so, go mairionn tré
bhioth síor; agus ní chuireann an bás críoch air, acht ar bhfágbháil
an tsaoghail so, biadh síorrdhuidhe tré shaoghal na saoghal.



Adeirid drong eile gurab í an bheatha bheannuigh sásughadh
agus coimhlíonadh an uile fhoinn. Atá an bheatha so ag an tí
nach mian leis ní ar bith acht mar is mian re Dia; óir do
chí sé nach déntar ní ar bith acht mar is mian leis, agus gach
ní is mian leis go ndéntar é; ar an ádhbhar gur thréig sé a thoil
féin, agus nach bhfuil aige ach aon toil re Dia; agus is mór an
t-ádhbhar sóláis agus lúathgháire tig do dhuine as sin, go
bhfághann a thoil féin do ghnáth.


L. 32


Fa dheóigh, coimhlíonadh tola Dé, ní bhfuil ann acht
sealbh Dé féin maille re ceangal rodhaingionn, óir ní bhfuil
neithe ar bith is daingne ceangal re chéile ná dhá thoil a
bhíos ar aon mhéin, ionnas, mar adeirthar, Act. 4, nach bhfuil
ionnta acht aon anam agus aon chroidhe amháin, agus go bhfuilid arna
ndórtadh tríd a chéile. Mar is é Dia an uile mhaith, mar
adeirthar, Exodus 33, gibé a bhíos ceangailte dá mhórdhacht
re grádh fírinneach, is dearbhtha go bhfuil sealbh an uile mhaithiosa
aige; agus is follas fós, gibé ag a mbiaidh sin, nar theastuidhe
ní ar bith uadha: agus muna a bhfuil maith ar bith d'easbhuidhe
air, is deimhin go bhfuil ciúnas ádhbhal inntinne aige, ionnas
nach féidir re neach ar bith a bhuain dé, ar an ádhbhar go
bhfuil sealbh na maithiosa is mó is féidir d'fhagháil ar
an saoghal so aige, gan peiriacuil a caill acht re peacadh
amháin.



An 7 Caib.



DÁ MBEITH NACH BEITH d'FHIACHUIBH ORUINN
TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH, AGUS NACH BEITH
ONÓRACH, TAITNEAMHACH, NÓ TARBHACH DHÚINN,
CUIRIDH AN RIACHTTANAS FÉIN d'FHIACHUIBH
ORUINN TOIL DÉ DO DHÉNOMH.



Gibé nach gluaisfidh a ndúbhramar go seádh dochum a
thola féin do thréigionn agus a chlaonta do cheartughadh,
smuaineadh sé, muna ccuiri a thoil féin re toil Dé dá dheóin,
nach béaradh buaidh go bráth ar thoil Dé; agus dá mhéad gráin,
eagla, nó fuath dá mbiadh aige ar thinnios, ar dhoílghios,
nó air bhochtacht dá ttig ó Dhia air, gurab éigin dó fhulang;
agus mur sin is feárr an chomhairle, an ní is éigin dúinn d'fhulang
a ghabháil chugainn go toiltenach, agus subháilce do dhénomh don
riachttanas, agus Dia do bheith 'na cháraid againn gan mórán
saothair, acht amháin gan cur a n-aghaigh na neithe nach
féidir linn do sheachna. Do órduigh Dia san tseantiomna, Num.,
4, na sóithidhe uile, agus gach ní eile dar bhain re deisidh na
haltóra agus an tabernacuil, a bhfolach re brot glasuaine, ionnas


L. 33


go meásfudh an mhuinntir dobheith dá n-iomchur nach
ualach eile do bheith aca acht na neithe do órdaigh Dia
dochum 'onóra féin, agus air a raibh a dhath agus 'ármas féin; agus as sin
amháin d'iomchradís na hualaighe go meanmach. Mádh
iomchramaoine mur sin ualach na beatha so go toiltenach,
ó nach féidir linn a ccur dhínn, agus gan ar n-inntinn do chur anna
ní ar bith eile, acht a chuimhniúghadh gurab ó neamh agus ó láimh
Dé a tig siad, agus go ndénaid onóir dhó ag coimhlíonadh a thola,
ionnas gur lór dhúinn sin chum gan ar sochar nó ar sólás
féin d'iarraidh a n-aon ní.



Féachmaoid thairis sin nach lasann a n-iffrionn nó
'bpurgadóir ach an t-ámud do chruinnighíd ar ttoil féin; agus
ar son go slánuighthar duine as purgadóir, ní bhfuil congbháil
na teíne beó ann acht an mhéid doní duine ar a thoil féin,
ionnas nach é amháin gurab onórach, sáimh, agus go bhfuil
d'fhiachuibh oruinn ar ttoil féin do thréigion, agus gurab éigin
dúinn fa dheóigh a tréigion. Más air ar maith fhéachmaoid,
atá an uile réasún dar mbrosdadh agus dar ttarraing dochum
tola Dé do chomhlíonadh; agus más maith linn an t-olc do
sheachna, is riachttanach dhúinn ar ttoil féin do thréigion;
óir atá an uile mhaith ó thoil Dé againn agus an uile olc ór ttoil
féin, mar atá peacadh, piana, seachrán, eagla, peiriacuil,
purgadóir, agus iffrionn féin; ionnas gur cóir dhúinn a bheith
air ar ccoimhéad urrthi annsna neithibh ceaduighacha féin,
an tan nach feas dúinn créad is iomchubhuidhe dúinn do
dhénomh.



Tugmaoid dar n-aire annso an dochar a táinig do Lot a
thoil féin do leánmhuin, ag toghadh áite cómhnuidhe dhó féin,
ar son go raibh dlistenach aige sin do dhénomh, agus go roibh
cead aige ó dhearbhbhráthair 'athar, .i. Abraham, dobhídh
'na dhuine ronaomhtha. Gidheadh, níorbh áil re Abraham
ní ar bith do thóghadh nó d'iarraidh dhó féin, acht dochonncas
dó gur bhain re síthcháin agus re ciúnas gach coda dhíoph iad
do dhealughadh re chéile; agus níorbh áil leis a thoil féin do
leánmhuin acht tug a roghadh do mhac a dhearbhráthar a
ceás gomádh éigin dó féin an áit bá mígharaigh do ghabháil,
Gen. 13. Annsa ngníomh so do thaisbén Abraham a dheaghthoil,


L. 34


ag tabhairt a chirt féin don tsósar, an rogha ba cóir don
tsinnsir do bheith aige. Acht ní maith dochuaidh do Lot an
rogha sin do ghlacadh, óir gearraimsir 'na dhiaigh sin a
rugadh a láimh é, agus fa dheóigh, ar ccáill a mhná dhó, ba
héigin dó an áit d'fhágbháil agus dofuair iliomad anróith ó sin
amach.



Féachmaoid anois ca fréagra a bhéaras mailís na ndaoine
orrtha so. Mádh deirid nach mian leó an ní atá d'fhiachuibh
orrtha ó mhíle titul do dhénomh, is freagra bharrbartha sin
atá a n-aghaigh an uile résúin dhaonda. Mádh deirid nach
bhfuil fonn aca san onóir dogheibhthear as coimhlíonadh
tola Dé, ní bhfuil ansin acht comhurtha cinnte drochinntinne
truaillidhe dobheir tarcaisne ar thiodhlaice Dé. Mádh
deir nach bhfuil cás aige annsa sámhus nó annsa sólás tig
as toil Dé, ní bhfuil annsin acht édóthchas agus an mhire is
mó is féidir do thuicsin. Mádh deir duine nach bhfuil ceist
aige anna shochar féin, ní bhfuil dochar nó díoghbháil is
mó ná go ttoghthadh duine dhó féin mar ní maith an t-ádhbhar
doílghis a bhias aige fa dheóigh, agus gur feárr leis é féin do chur
a ndiaigh a chinn a lasracha iffrinn nó phurgadóra ná toil a
Chruthaighóra do dhénomh. Ní mheasuim go bhfuil mínáire
a théid os a cheann sin.



Fa dheóigh, gibé nach gluaisfidh a ndúbhramur nó nach
déna acht éisdeacht leó amháin, adbhuidhe go follas nach
mian leis ar ghrádh maitheasa nó ar eagla uilc toil Dé do
dhénomh; gídheadh, ní féidir easonóir is mó ná sin a thabhairt
do Dhia. Uime sin, guidhim an tí atá mur sin, tré fhuil
fhíruasail Chríosd, tugadh sé fa dear go grinn na neithe
do léagh sé annsna caibidelacha tsuas, agus tugadh dá aire go
dúthrachttach na résúin atá ionnta; agus muna cclaoidhe siad
é, guídhim é aridhís léaghadh an dara huair; agus mur lór sin,
guídhim é an treas uair puinc áiridhe dhíoph do thoghadh
agus smuaineadh orrtha go rothrómdha, agus iarradh ó rúan croidhe
solas air Dhia dochum na fírinne so do thuicsin agus a chur a
ngníomh.


L. 35


MÉAD AN MHEASA A BHÍOS AG CRÍOSD AR AN DUINE
DO CHOIMHLÍONAS TOIL DÉ GO DÍTHCHEALLACH.



Taisbéna mé anois re úghdardháis rothromdha gach ní
dá ndubhairt mé, ionnas go ttuigfidh as an uile thaobh méad
na tábhachtta agus na maithiosa atá annsa bhfreachnadh so, ar son
go ttaobhan an scrioptúir naomhtha a mórán d'áitibh linn é,
agus go n-abair Dábhí, Psl.29, gurab a ttoil Dé atá an bheatha
agus gurab é Dia rena thoil féin tug sgéimh dá shubháilce.
Gídheadh, níor theagaisg aon neach an freachnadh so níos
díthchiollaigh ná doctúir an uile naomhthachta Íosa Críosd,
adeir, ag Eóin, 6 c., gurab uime do thuirling sé féin as neamh
dochum go ndénomh toil 'Athar. Do mheas Mac Dé an
freachnadh so do bheith comh árd agus comh maith agus sin gurbh
fhiú é go ttiucfadh féin as neamh air a shon agus go gnáithiughadh
é; agus ionnas go bhfoíllsiughadh an sólás, an mhaith, agus an
riachttanas atá ris an bhfreachnadh so, cuiidh a ccompráid
é re riachttanas an chuirp, .i. biadh talmhuidhe, ag rádh,
ag Eóin, 4 c.: “Is é is biadh dhamhsa toil m'Athar do
dhénomh.” Acht is mó ná sin a mholas é, ag Matha, c.12, ag
rádh: “Gibé dodhénas toil m'Atharsa atá air neamh, is
dearbhráthair agus deirbhshiúr agus is máthair dhamhsa é.”
Guidhim gach aon a thabhairt fa dear go aireach brígh na
mbriathar so agus cia adubhairt iad, agus an cionfátha fa ndúbhradh
iad, agus ca ciall dóiph; agus sgríobha go domhain anna chroídhe
iad; agus tuigeadh nach bhfuil luach saothair nó oibre ar bith
is mó nó an ní do gheall Críosd annso don tí a thréigeas a
thoil féin agus a choimhlíonas toil Dé. Mac Dé féin adubhairt na
briathra úd, an t-eagna agus an fhírinne shíorruidhe, re nach
féidir bréag do dhénomh nó dhol ar seachrán a n-aon ní dá
n-abair; agus ní re hádhbhéil adubhairt na briathra úd, acht is
amhlaidh is cóir a ttuigsion go simplidhe fírinneach, agus go mbiaidh
'na dhearbhráithair, 'na dheirbhshír agus 'na mháthair ag Mac
Dé, .i. go mbiaidh grádh mic aige air; agus is daingne an grádh
so ná grádh fola agus feóla. Uime sin is móide an meas is cóir
do bheith air; óir léigidh an mac go minic grádh a mháthar
ar dearmud, agus ní thugann an dearbhráithair furtacht don


L. 36


dearbhráithair eile gach uair dá mbiadh anna riachttanas;
gidheadh, atá grádh Mhic Dé rodhíleas agus ní léigeann thairis
gan furtacht do thabhairt a n-aimsir a riachttanais don tí
a mbiaidh grádh aige air.



Ní dhubhairt ar dTighearna Críosd, gibé do dhénomh
toil 'Athar go mbeith cion aige air mar dobhíos ag dearbhráithair
ar dhearbhráithair eile, nó mar dobhíos ag mac
air mháthair - ní bá lór dochum crith do chur ar órd uachtrach
na n-aingeal, tré mhéad na maitheasa agus na honóra so ar
Slánuighthóir íodhain mhilis - acht adúbhairt go mbeith
grádh aige air mar dhearbhráithair, mar dheirbhshír, agus mar
mháthar a ccuideachta a chéile, amhuil a cuirfídhe na
trí ghrádh tribulta a n-aon ghrádh amháin. Is mór an meas
do bheith againn ar dhuine ar bith dá mbeith sé 'na dhearbhráthair
fola agus feola ag Críosd, agus is romhór an meas atá again
ar an máthair do ghin é. Acht ádbhuidhe Críosd féin go
bhfuil an gaol agus an comheagas sin aige féin ris an tí a choimhlíonas
toil 'Athar agus go bhfuil grádh dearbhráthar, deirbhsheathar,
agus máthar ceangailte dá chéile aige air. A ccás fós
gur re adhbhéil adéradh Críosd na briathra úd agus re cinél amháin,
ar a shon sin féin, foillsíghe go rofhollas méad na déghthola atá ag
Críosd don muinntir a bhíos díthchiollach ar thoil Dé do
chomhlíonadh, ionnas, ar a shon féin, gomádh cóir dhúinn
ó rún croídhe gach ní do dhénomh bá mian leis, mar fhoillsígheas
na briathra úd tánuig ó ghrádh éagmuis.



Tugmaoid dar n-aire annso go grinn nach dúbhairt Críosd,
gibé do dhénomh toil 'Athar go mbeith grádh aige air mar
íochttarán nó mar chomhchosmhuil ris féin, acht go mbeith
grádh aige air mar is dual do mhac do bheith ar a mháthair.
An grádh so, an mhéid gur grádh mic é, grádh íochttaráin é;
óir atá d'fhiachuibh ar an mac réir a mháthar do dhénomh. As
so is follas dúind an onóir atá ag Críosd don tí donídh toil
'Athar, .i. go ndéna Críosd toil an tí chédna, amhuil do
dhénomh mac toil a mháthar, ionnas gur mór an t-ádhbhar
sóláis agus lúathgháire smuaineadh amháin ar na briathra úd.



Tuig fós, an mac adúbhairt na briathra úd, gur mó an grádh
dobhídh aige air a mháthair nó ag mac ar bith eile air a
mháthair féin, agus go ttug glóir agus onóir dhi os ceann an uile


L. 37


chréatúir, agus gur mian leis an uile dhúile do thabhairt onóra
dhi. Air a shon sin uile, dearbhuidh go cinnte gurb í a
mháthair an tí dhénas toil 'Athar.



An t-ádhbhar fós a ndúbhairt air tTighearna Íosa Críosd
na briathra úd, is mór fhoillsigheas claonadh dheaghthola
dhúinn; óir is sé aimsir a ndúbhairt iad, an tan dobhídh a
mháthair ag iarraidh labhairt ris; agus sí freagra tug ar sin, gurb
iad a dheiscipuil a mháthair féin, an mhéid go ndéndís toil Dé;
agus 'na dhiaigh sin d'fhoillsíghe an ní adubhairt: an tí dodhénomh
toil 'Athar, nach meas máthar fola agus feóla dobheith aige air, ar
son titul máthar, acht go mbeith gean is mó ná sin aige air. Agus atá
so comh deimhin agus sin, ar son nach ttáinig ariamh agus nach
ttiucfaidh neach bá hansa re Críosd ná a mháthair féin;
gídheadh, is mó dobhídh an grádh so aige urrthi do chionn
gur choimhlíon toil Dé go ro-iomlán nó do chionn gur giniudh
é féin as a bruinn ógha; óir do sháruidh sí gan chompráid
an uile chréatúr a ccoimhlíonadh tola Dé.



Thairis sin, dá mbeith neach ar domhan is iomláine do
chomhlíonfadh toil Dé ná 'mháthair, dobheith níosa mhó do
ghrádh ag Críosd air ná dobheith aige air a mháthair féin.
Uime sin is mó an ghlóir agus an onóir dofuair an óigh bheannaigh
fa thoil Dé do dhénomh ná fa Mhac Dé do ghabháil anna
bruinn bheannaigh. d'fhoillsíghe Críost féin so, Luc., 11 c.,
an tan adubhairt bean don phopul ris, ag árdughadh a gotha:
“Is beannuigh an bhruinn a d'iómchair thú agus na cíathacha do
dhiúil tú.” Do fhreagair Críosd é, mar dobheith ag ceartadh
cainte na mná: “Is córa a rádh gur beannuigh an mhuinntir
éisdis briathra Dé agus a choimhéadas iad”, .i. gach duine do
choimhlíonas toil Dé. Níorbh é rúan Mhic Dé ní ar bith do
ghlóir nó d'onóir a mháthar beannaíghe do chur síos ris an
ccomhrádh sin, acht a honóir agus a dígnid do mholadh as
comhlíonadh tola Dé, do bhrígh gur sháruidh sí annso na
serafin, órd uachttarach na n-aingeal, agus gur mó an meas do
bhídh aici ar thoil Dé do dhénomh ná gur ghin as a bruinn
fhíorghloin é.



Féach anois, a dhuine, arbh fhéidir re Críosd moladh is
mó do thabhairt ar an bhfreachnadh so ná dothug ris na
briathruibh úd atá a lán do mhaothghrádh agus do rúandiamhuir


L. 38


romhóir, rena ccuirionn os ceann an uile chirt fola agus feóla,
re a roibh ceangailte dá mháthair, an tí a choimhlíonas toil
Dé; agus go ndearbhunn gur beannuighthe agus gur glórmhaire
é ná an mháthair dorinne mórán maithiosa air, mar is gnáth
re deaghaithreach' do dhénomh dá ccloinn, ionnas go mbíonn
ceart aca orrtha a théid os ceann an uile mheasa; agus ar son an
chirt sin dobhídh Críosd robhuídheach dá mháthair, agus dá mbeith
gan a naomhthacht a bheith níosa mhó ná naomhthacht créatúir
ar bith eile, dobhera glóir agus onóir di. Mur sin fhoillsígheas
Críosd nach ó an ceart atá ag na haithreacha air
a ccloinn ná atá ag an tí do dhénas toil 'Athar ar féin.
Ó, 'mhórthrócuire na mórdhachta síorrdhuidhe, do ghabhas
uainn mar thabhartas an ní atá d'fhiachuibh oruinn ón uile
cheart do dhénamh, agus dobheir luaighdheacht mhór dhúinn
ar son a dhéanta; ionnas nach bhfuil croídhe dá chruas nachar
chóir dhó maothúghadh agus músgailt ris an deághthoil agus ris an
daondacht so Mhic Dé, dobheir meas tiodhlaice agus toirbheartuis
mhóir ar an ní doníd na daoine atá 'na searbhóntaigh ó
nádúir, ón uile reacht agus ón uile dhlíghadh aige, agus do
cheannuigh ar 'fhuil fhíruasail féin, agus a chuireas a ccomórtas
rena mháthair bheannuighe féin iad, agus a mheasas fós a
ndeaghoibreacha mar dheaghthoil dheaghaithreach.



Ní feas dhamh an mó an t-iongnamh Críosd ar dTíghearna
do rádh gur dearbhráthair agus máthair dhó ar an tsaoghal so,
an tí a choimhlíonas toil 'Athar, nó a rádh gur tighearna
dhó air neamh na searbhóntaigh a bhíos 'na ndúsgadh do
ghnáth dochum tola Dé ann gach aon ní do dhénomh, mar adeir
féin ag Lúcás soibhisgéal san c.12: “Is beannuighe na
searbhóntaigh a bhíos 'na ndúsgadh ag teacht dá tTíghearna;
adeirim libh go fírinneach go cceangaladh éadach uime
ionnas gur móide dobheith ré dochum fritheólte agus go
ccuirfeadh 'na suídhe iad, agus go mbiadh ag frithóla orrtha
fa seach.” Foillsígh ris na briathruibh so an ghlóir a bheas
ar neamh ag an muinntir a bhíos díleas dó ar an saoghal so
agus a choimhlíonas toil Dé go díthchiollach dúthrachttach. Ní
feas dhamh briathra eile is iomchubhaidhe re bhfoillsighionn
Críosd méad an tsóláis agus na lúathgháire dogheibh féin as na
daoine a bhíos díthchiollach ar thoil Dé do choimhlíonadh, an


L. 39


tan a dhearbhas go mbiaidh Dia féin ag seirbhís agus ag frithólamh
dhóiph. Fós, ní ar dhaondacht Chríosd acht air a dhiadhacht is
cóir na briathra úd do thuigsin, mar dhearbhas S. Tomás san
obair do sgríobh air an ghlóir shíorruidhe, ag rádh: “Dia
uilechúmhachtach, cuiridh sé é féin faoi gach aingeal agus faoi gach
anam beannaighe, amhuil dobheith 'na shearbhóntaigh
ceannuighe aca, agus gurb é gach aon díoph sin bá Dia dhó; agus
dochum so d'fhoillsígh, biadh ag frithóladh ar gach aon
díof fa seach, ag rádh, Psal.81: “Dubhairt mé gur Déa sibh.”
Comhlíonaidh fós go ro-iomlán an ní do theagaisg sé féin ar an
saoghal so, mar is Dia foirfidh é: dá mhéad onóir dá bhfuil agad,
umhlaigh thú ann gach aon ní; agus ar son go bhfuil Dia re dígnid
agus re mórdhacht ós ceann na huile neach, sáruidhe sé gach
aon neach re humhla.” Ag sin mar do mhínigheas an doctúir
aingli briathra Críosd thuas. Ionnas gur fíor, an mhuinntir
a choimhlíonas tol Dé go hiomlán, nach é amháin go mbíonn
meas tighearna ag Críosd orrtha, acht fós go ttugann onóir mar
Dhéibh dhóiph.



Foillsígh an Coimhdhe, ag Eóin sobhisgéal c. 14, méad
an ghrádh' atá aige air an tí donídh toil 'Athar, ag rádh: “Gibé
ag a bhfuil grádh orumsa, coimhédaidh sé mo bhriathra agus a
biaidh gean ag m'Athair air, agus tiucfum chuige agus dodhéanam
comhnuidhe aige.” Ris na briathraibh so dearbhuídh dhúinn
gur fíor a ndúbhairt roimhe sin, go roibh iomad d'áitibh
cómhnuidh a ttigh 'Athar féin dobhídh arna n-órdughadh do
lucht na mbeannacht mar luach saothair san ghlóir néamhdha;
agus adeir 'na dhiaigh sin leo gurb í áit a chómhnuidh féin agus
'Athar, an tí do choimhlíonas a ttoil. Agus is intleachttach a
chealgas sinn dochum a thola do dhénomh, ag rádh gurab é
a shólás féin a bheith a bhfochair na muinntire donídh toil
'Athar, mar is é sólás na n-anman beannuighe a bheith a
bhfochair Dé ar neamh; agus mur sin cuiridh iad air mhódh
éigin a ccosamhlacht re Dia féin. Agus ar son nach cóir a shéana
gur a bhfíoghair adubhairt Críosd na briathra úd, foillsíghidh
go roshoilléir méad an ghrádh' agus an mheasa atá ag Dia air an
muinntir a choimhlíonas a thoil; ionnas narbh fhéidir dhó a
ghrádh féin nías iomláine agus nías follasa d'fhoíllseadh. Is
dearbhtha fós nach féidir linn air an saoghalsa ciall iomlán na
mbriathar milisghrádhach úd do thuigsion nó breith ar an


L. 40


rúandhiamhair atá fúatha; agus ar son gur dochum méada a
ghrádha féin do thaisbénadh adubhairt Críosd iad, sáruidh an
uile thuigsi dhaonda. Agus ní bhfuil contabhairt gur mó an sólás
re Dia a bheith a n-anam agus a ccroídhe fíréin donídh a thoil féin
ná a bheith a bpálás dá sháidhbhre agus dá mbeith míle uair nías
fairsinge ná na flaithis uile.



An 9 C.



DÁ MBEITH GAN CÚRAM AR BITH ÓS CEANN NÁDÚRA
A BHEITH AG DIA AR TTIMCHIOLL NÓ A TTIMCHIOLL
NA NEITHE BHAINEAS LINN, BA CÓIR DHÚINN Ó
DHLIGHEADH GLIOCAIS AGUS CRÍONNACHTA A THOIL
DO DHÉNOMH.



Do thaisbéin mé aroimhe so re réasúin dhiadha as an
scrioptúir naomhtha an freachnadh ro-uasal so do chur
a ngníomh; anois taisbéna mé re réasún daonna nach bhfuil
leisgéal air bith againn gan ar ttoil féin do chur re toil Dé
ón uile cheart críonnachta agus gliocuis, mádh ádbhaidhmuid
go bhfuil réasún nádúrtha ag na daoinibh.



Is follas as a ndúbhramur roimhe so go bhfuil an t-eagna
so do réir an uile ghliocuis chríosduidhe, agus gur mór an mhire
agus an easbhuidhe céille a chontrárdha do mheas. Nach duine
gan tuigsin an tí dobhearadh tarcuisne ar gach ceart
agus ar gach réasún rear dhearbhuídhmur thuas na fiacha atá
ag Dia air, agus a léigeas thairis an sochar, an toradh, agus an
tarbha tig dhó as toil Dé do choimhlíonadh, agus go ndénadh
Dia a thoil féin más olc nó maith ris an duine é; agus fós go
mbainionn dar Slánuighthóir an sólás dobheith aige as
a thoil do dhénomh dhúinn, agus a chuireas a ttarcuisne comhlódar
agus cuideachta an uile naomh do ghabh slíghe ríoghdha
tola Dé? Acht gan labhairt annso air na réasúnuibh diadha
spioradtálta sin, agus a ccás ní nach féidir a bheith amhlaidh
nach bhfuil fiacha ag Dia oruinn agus nach beith fonn air sinn
do dhénamh a thola, agus nach beith dochar ar bith dhúinn gan a
thoil do dhénomh; ba cóir dhúinn ó ghliocas nádúrrtha sinn
féin do chur re toil Dé ar son sóláis agus ciúnais an tsaoghail
so féin.


L. 41


Dochum so do chur a ccéill, cuirim mar ní gan ámhras
gur minic a theagmhas ar an saoghal maith mhór a theacht
dhúinn as neithibh is olc linn, agus olc mór as neithibh a mheasmaoid
bheith maith dhúinn; ionnas go ttig do ghnáth, as
an ní is mó a mbíonn fonn agus taitneamh ag duine ann, gurab
as tig duadh agus dochar dhó, agus an ní do chuirios doilgheas agus
tuirsi air, gurab é fhuasglas ón uile bhruid agus bhochttacht é. Is
minic a bhíos mórán sáidhbhris agus óirchisti 'na chionfátha báis
ag daoinibh; minic fós galar agus easláinte gur choimhéid daoine
ar olcaibh móra anna ttuitidís dá mbeith sláinte aca; ionnas
nach feas do dhuine a' rachuidh an tinneas anna bhfuil
nó an bhochttacht atá d'fhulang a ndochar dhó, nó an rachuidh
an tsláinte agus an sáidhbhreas atá aige a sochar dhó. Uime sin,
ní cóir do dhuine do réir chríonnachta nó ghliocuis ar bith fonn
nó taitneamh do bheith aige anna ccuid dhíoph tair an ccuid
eile, ó nach feas dúinn créad é an sochar nó an dochar a tig as
ceachtar dhíoph. Ní thuigmaoid ar aon chor an bhrígh atá
annsna neithibh ionnta féin, ionnas gur chóir dhúinn
neamhchás do bheith againn ann gach ní dá tteagmhann ar an
saoghalsa acht gach ní do ghabháil chugainn gan iomarcaigh
tuirsi nó lúathgháire; agus gurab í so an chríonnacht nádúrrtha,
foillsíghim é ris an sompla so síos.



Gibé dorachadh anna seómra anna mbeith iomad cófradh,
cuid díoph lán d'ór agus cuid eile lán do chlochaibh, acht rena
bhfaicsin don taobh amuigh, níorbh fhéidir a n-aithne tair
a chéile; dá ttugthaoi a rogha dhó dhíoph uile, óir is ionann do
bheith chuca, ar an ádhbhar go mbeith a n-ainbhfeas air
créad an ní dobheith san ccófra do thoghfadh sé; agus ba fearr
leis an tí dothug asteach é do thogha cófra dhó ná é féin; óir
dá tteagmhadh don fhear sin dol ar seachrán, ní airsin dobheith
oirbhire; agus ba hionmheasda dhó, dámádh cáruid dó an duine,
nach meallfadh é, air an ádhbhar go mbeith fhios aige gach
ní dobhídh ann gach cófra dhíoph. Ar an modh ccédna
dhúinne, ní feas dúinn an t-olc nó an mhaith atá a bhfolach
a neithibh an tsaoghail so, agus uime sin is cóir dhúinn cíneamhain
an tsaoghail agus gach ní a léigeas Dia oruinn d'iomchar go
foighideach re deaghthoil.


L. 42


Mar an ccéadna, gibé dobheith air bórd lán do bhiadh
dheaghbhlásda, agus nimh air leath na mias, agus an leath eile
lán do bhiadh fhalláin, agus nacharbh fhéidir leis aithne eatorro;
ní críonna do dhénadh lámh do chur a n-aon mhéis nó go
ccuireadh an duine maith, do chuir an bórd 'na shuighe,
lámh a méis díoph agus go mblaiseadh an biadh roimhe. Mar sin,
ní críonna do dhuine sáidhbhrios d'iarraidh tair bhochttacht
nó sláinte tair easláinte, an tan nach feas dó nach bhfuil
a bhás a bhfolach fútha súd agus a bheatha fútha súd eile. Nach
fearr gach ní dá tteagmhann dúinn do ghlacadh go foighideach
ó láimh Dé dar feas an mhaith agus an t-olc atá ann gach aon
ní, agus ag a bhfuil grádh ádhbhul air a chréatúiridh féin? Atá
an fhírinne so chomh soilléir agus sin go ndénann an solas
nádúrrtha fiadhnaise ria. Dochonairc mórán do gheintilibh
éifeacht an réasúin so, agus do chuireadar iad féin ris dochum
ciúnios inntinne do bheith aca, a ccás nach beith síorrdhuidhacht
ar bith ann agus nachar mhian re Dia iad dá dhénomh.



Réasún eile is éifeachtuidh ná sin, do tharraing sé mórán
do dhaoinibh, .i. nach iomchubhaidh do dhuine saothar nó
duadh do chaitheamh ris an ní nach baineann leis agus nach bhfuil
air a láimh nó air a chumhachta; óir ní bhfuil d'fhiachuibh
ar dhuine réasún do thabhairt acht air a shon féin agus air son na
neithe atá air a chumas. Go ttig na neithe ar an modh so nó
ar an módh eile, go bhfuil an fear úd a n-onóir agus an fear eile faoi
tharcuisne, go bhfuil an fear úd trén nó láidir agus an fear eile
meirbh nó míthreórach, go bhfuil an fear úd a ngrása agus an fear
eile a míghrása; iad sin agus a samhuil eile do chínneamhna, ní
bhfuil air ar ccumas agus ní bháinid linn. Uime sin ní cóir dhúin
sólás nó tuirsi do bheith oruinn ar a son. Gídheadh, an ní atá
ar do chumas féin, bíodh cúram agatt 'na thimchioll agus smuain
air, mur atá, deaghghníomh nó míghníomh do dhénomh, óir
is iad sin amháin atá air cumas an duine. Uime sin is cóir
dhó rochoimhéad do bheith aige dochum an ulc do sheachna agus
rodhíthchioll dochum na maitheasa do dhénomh; agus uatha sin
amach neamháird do thabhairt air an uile ní, gibé ar bith
mar a thiocfuid.


L. 43


Cuirid daoine eagnuídh résún eile leó so, .i. eidir dhá olc,
an t-olc is lúgha do thogha. Is dearbh gur mó an t-olc duine
a bheith dá chéasadh do ghnáth re bruid, eagla, agus míchiúnios
ná bheith a troid ris an dochar féin an tan a tig. Uime sin
is críonna go mór donídh an duine a bhíos ollamh dochum
an uile cháis d'iomchar go foíghdeach nó an tí a bhíos lán
do chúram agus do chritheagla do ghnáth. Fós, is díomhaoin
dúinn eagla nó mífhoighid do bheith oruinn, an tan nach
ttugaid furtacht don tinnios atá oruinn nó don bhochttacht
atámaoid d'fhulang, agus nach ttóguid dhínn fuath nó tnúth
ar námhad. Ar son na réasún nádúrrtha so is iomchubhaidh
dhúinn, dochum ar gciúnais féin, ar ttoil do chur re toil
Dé agus iomchar go foíghideach gach ní is toil leis do theacht
oruinn.



Atáid na réasúin so adúbhramar rofhollas annsna neithe
nach bhfuil air ar ccumas féin agus nach féidir linn a seachna;
gídheadh, annsna neithibh atá air ar ccumas, atáid résúin
eile nádúrrtha ag cur d'fhiachuibh oruinn a ndénamh agus a
ttogha do réir ghliocuis agus chríonnachta, tré mhéad an tsóláis
agus an tsochair tig dhúinn asda air an tsaoghal so féin, mádh
chuirmaoid air ttoil féin re toil Dé go hiomlán do réir
riaghlacha foirfidh an tsoisgéil naomhtha, air son go ttéid
cáil éigin os ceand tuigsi nádúrrtha, do bhrígh gurab ó Dhia
féin a táinig.



Mádh fhiafraighunn duine cia í toil Dé is maith leis do
chomhlíonadh dhúinn, freagra fhíor air sin, nach ní ar bith
í acht lorg Íosa Críosd do leánmhuin tré bhochttacht, tré
riachttanas, tré tharcuisne an tsaoghail, agus tré sheachna
gach antola. Atáid na neithe so do réir ghliocuis nádúrrtha
air an saoghal so, a ccás nach beith an bheatha shúthain ann,
ionnas nar chóir do dhuine ar bith fuath nó gráin do bheith
orrtha. Uime sin na feallsamhuin adéireadh nach roibh an
t-anam síorruidhe, mar dobhídh Stóici, agus cuid adéiradh nach
roibh Dia ann; agus na Epicuri adeireadh nach roibh cúram ag
Dia fa na daoinibh, air a shon sin, a leanmhuin riaghlacha
réasúin nádúrrtha, do theagaisg siad agus do thuigeadar agus
do chuir cuid aca a ngníomh é: gibé rear mian beatha
chiúin do bheith aige ar an saoghal so, gurb iomchubhuidh


L. 44


dhó grádh do bheith aige air an mbochttacht, anmhina na
colla do chlaoi, agus sámhas an tsaoghail do chur a ndimbrígh.
Dothugadur réasún maith ris so, óir, gibé donídh a chontrárdha
so, bídh do ghnáth lán do chritheagla agus do chúruma
buarrtha, agus is éigin dó níosa mhó d'olc d'fhulang ná is féidir
re sámhas an tsaoghail so do leighius nó do bhuain de.
An sáidhbhrios, ní bhíonn go bráth gan iliomad peiriacla,
eagla, agus cúruim 'na chuideachta, an tan a bhíos dá chruinniughadh
nó dá chaitheamh nó dá choimhéad. Sólás agus antoil
an tsaoghail, dobheirid galar agus easláinte leó, agus báinid go
minic a chiall agus a réasún, an mhaith is mó atá ag duine, dhe;
ionnas nach bhfuil ní is peiriaclaigh ná maoin an tsaoghail
so. Onóir fós an tsaoghail, atá lán do chúrum, do bhuairt,
agus do thrioblóid, agus 'na hádhbhar fuatha, tnútha, agus misguisi;
ionnas, do réir riaghlacha an uile dheaghréasúin, nach cóir
mórmheas do thabhairt orrtha. Dothig an teagasg so na
bhfeallsamhan re teagasg ar Slánuighthóir Íosa Críosd agus re
toil Dé is cóir dhúinn do dhénomh.



Adeiridís na feallsamhain chédna gurab í riaghail dochum
beatha beannuighe is fearr air bith - gan ní ar bith ar an
saoghal so d'iarraidh, a bheith réidh re beagán, a bheith
síthchánta re gach aon duine; agus do réir chríonnachta, gibé
rear mian beatha chiúin do bheith aige air an saoghal so, is
mur sin is cóir dhó dhénadh, gan leatrom do dhénomh air
aon neach, agus an mhéad gur féidir leis, réir gach aon dhuine do
dhénomh. Ag so mar do theagaisg na feallsamhuin úd, ag
rádh gur chóir don duine eagnuídh a chlann agus gach ní eile, dá
bhfuil air a chumas féin, do smachttadh go heólgach; ní
nach féidir do dhénomh muna smachttuidh an duine a chlaonta
féin ar ttús.



Is iongantach an gníomh dorinde Epicurus, mar aithrisid
úghdair air. Dobhíodh a spáirn agus a cathadh rena chlaonta
féin ionnas go smachttadh iad. Uair éigin dá roibh tinneas
air ádhbhalmhór ronimhneach, do lagadh é go mór;
gídheadh, dorinne sé an uile dhíthchioll foighíd do bheith
aige ris an tinnios dochum an doilghís dobhídh air do chlaoi;
acht mar nach raibh grása nó unga an Spioraid Naoimh aige
is mór an duadh d'fhuiling agus is mall dobhídh 'dol air agháigh.
Fa dheóigh do thuig sé go fírinneach do réir ghliocuis agus


L. 45


chríonnachta, dámádh maith leis ciúnas inntinne do bheith aige,
do réir an bhreithamhnuis sin, nach roibh sólás ar bith bá mó
nó é, agus nach roibh sólás ar bith ann gan é, do chuir roimhe
go foirtill deaghmheisnigh buaidh do bhreith ar féin, agus do
chuir a ccrích é, ionnas, annsna pianaibh is mó dobhíodh
air, go mbíodh go suilbhir súgach, agus go ndearbha sé
roshólás do bheith aige. Mádh dubhairt agus má dorinne
Epicúrus sin, créad is cóir dhúinne do dhénomh ag a bhfuil
solas an chreidimh againn, grása Dé ag cuidiúghadh linn,
bás ar dTighearna Íosa Críosd 'na shompla againn, dóchas
na glóire síorruidhe againn agus sompla na naomh dochuaidh
romhuin? Air an ádhbhar sin, dénmaois ó ghliocas nádúrrtha
an ní atá d'fhiachuibh oruinn re míle titul eile. Dénmaois ó
mhacántas agus ó dheaghiomchar an ní is éigin dúinn do dhénomh
ón uile cheart. Dénmaois díthchioll teacht dochum na foirfidheachta
a ttáinig na págánaigh re solas nádúrrtha, air
an ádhbhar gur cheannuighe Críosd sinn re mórphianuibh
agus rena bhás féin.



As a ndúbhramar san chaibidil so dogheibhmaoid riaghuil
chríonna ghlic réna bhfoillsíghthar dhúinn dhá ghné neithe
do bheith ann; gné dhíoph sin nach bhfuil ar cumas aon
nduine, mar atá neithe cineamhnacha, amhuil atá, meas maith
dhaoine eile ort, sláinte mhaith nó easláinte, saoghal fada,
cogudh, pláigh, agus a shamhuil sin eile. An dara gné atá air
cumas gach aon nduine, mar atá, gach ní dá bhfuil faoina
thoil shaoir ag an duine. Brígh na riaghlach so, gach ní
dá bhfuil air ar ccumas do dhénomh do réir thola Dé, agus dá
tteagmhadh dhúinn dol air seachrán, doilgheas do bheith
oruinn, agus sin féin do cheartadh, agus an tslighe do leanmhuin
go díreach, agus an uile pheiriacuil do sheachna; neamhshuim
fós do dhénomh dho na neithibh nach bhfuil air ar ccumas,
gan sólás nó tuirsi do bheith oruinn 'na ttimchioll, gan rofhonn
nó rofhuath do bheith againn orrtha, acht a leigionn thoruinn
mur neithibh nach baineann linn; óir ní chuirfium toirmeasg
orrtha re doilgheas do bheith oruinn, agus ní hiomchubhaidh dhúinn
ar saothar do chaitheamh go díomhaoin. Fós, ní bhainid
linn mar nach bhfuilid air ar ccumas agus nach feas dúinn an
maith nó olc a thiocfas fa dheóigh asda.


L. 46


An 10 Caib.



AR BHREITHEAMHNUSUIBH CEÁRTA ÍONGANTACH
DÉ AS AR CÓIR DHÚINN SINN FÉIN DO CHUR RENA
NAOMHTHOIL.



Méad an tsochair atá do dhuine a thoil féin do chur re
toil Dé, taisbéna mé go soilléir annso é re sompla chirtbhreitheamhnuis
agus cúruim iongantaigh Dé fa na daoinibh,
rear thóg mórán as bruid agus as bochttacht chum sonuis mhóir
nach raibh dúil nó dóthchas aca teacht chuige, ionnas go
bhfaicfeadh na daoine, an ní a chuirios doilgheas orrtha agus
a mheasuid a dhol a ndochar dhóibh, gurb é a sochar tig as;
agus mar an ccédna, an ní anna mbíonn fonn mór agus taitneamh aca
ann, gurb é a bhéras go hiffrionn iad, agus níis measa ná míle
iffrionn, go ttuillid fearg Dé go síorruidhe ris. Uime sin, sláinte,
onóir, sáidhbhríos, agus saoghal fada, is minic gurab iad bá
hádhbhar bruide agus bochttacht don mhuinntir ag a rabhadar; an'
ághaigh sin, easláinte, míchlú, bochttacht, agus luathbhás, is
minic a táinig glóir agus sonas asda, ionnas nach roibh so a
n-ainbhfeas air na págánachuibh féin.



Scríobhuid úghdair air Phoimp Mhái, Plutarcus, to. 1,
nar theasduigh dá ghlóir agus dá shonas saoghalta uadh acht
nach bhfuair bás deich mbliadhna níosa luaithe, ionnas gurab
é fad a shaoghail, air a roibh meas mór aige féin, bá hádhbhar
agus cionfátha gach uilc dar éirghe dhó fa dheóigh. Adeirid
úghdair eile, Quintus Cursius, lib.l0, c.9, gur mór do mhéaduigh
ainm agus glóir Alasdruinn uaibhrigh an luathbhás dofuair;
óir, dá mbeith saoghal ba faide aige, do chaillfeadh an mórainm
dobhídh aige tré mhéad an ullmhuigh cogaidh dobhídh roimhe
san Euróip. Ionnas, dochum duine a bheith oirdheirc
air an saoghal so, nach feas dó an férr dhó saoghal fada
nó gérr do bheith aige, agus nach bhfuil ní ar bith gan a pheiriacuil
féin 'na chuideachta, agus nach bhfuil ní ar bith caomhánta nó
sábhálta againn acht do réir mar d'órdaigh Dia.



Foillsighmuid so re sompluidhe is cinnte ná iad súd. An
ní a tárla do phrionsa sluaigh rígh na Siría chum sláinte chuirp
agus anma d'fhagháil san ghalar gránna do léig Dia air, lib.4
Reg., c.5. Fós, ní foíghdeach dobhídh ag iomchar a thinnis


L. 47


mar d'fhoillsigh féin go lór ris an bhfreagra tug an fáidh
Eliseus air, rear fhérgaidh sé, ar son go roibh dochum sláinte dhó;
acht dobhídh tuirsi ádhbhal air fa an lúbhra ghráineamhuil
a roibh a chorp lán di. Gídheadh, dá mbeith fios aige méad
na maitheasa táinig dhó as sin, ba mó é ná maoin agus sáidhbhrios
rígh na Siría; óir ní hé amháin go bhfuair sláinte
iomlán chuirp acht dofuair sláinte anma agus eólas air an Dia
fírinneach, ionnas nach ttárla dhó air an saoghal so ní bá
fearr dhó ná an lúbhra sin do theacht air. Mar an ccédna do
thárlaidh dhon tí ar a roibh pailrís air san soisgéal ag Matha,
c.9; óir ní bhfuair maith ariamh ba férr dhó ná an tinnios
sin dobhídh 'na chionfátha sláinte cuirp agus anma d'fhagháil
dó níosa iomláine nó mar dobhídh aige, ionnas go mb'éidir
dhó a rádh gurb é sin an tinnios sénmhúr tug cúis dó go
ccualadh as béul Chríosd: “Bíodh dóthchas agad, a mhic;
maitear do pheacaidh dhuit.” Is dearbhtha, galruighe dá
ttroma, dá mairdís dhá mhíle bliadhain agus a n-iomchar go
foighídeach, nach compráid iad ris an tiodhlacadh tug Dia
don easlán úd; óir ní hé amháin go bhfuair sláinte anma
acht dofuair sláinte ro-iomlán chuirp, ionnas gur thóg a leabuidh
féin ris dochum a thighe féin.



An sáidhbhrios fós, ar a mbíonn meas mór ag na daoinibh,
is minic gurab é 'easbhuidh is mó dothéid a sochar dhóiph.
Bochttacht Rút, mar do léightear san 2 agus san 4 c. dá leabhar,
ba cionfátha dhi teacht chum sáidhbhris tair mhórán do
mhnáibh eile, ach is as táinig Críost do theacht ar a sliocht.
Is sí an bhochttacht chédna dorinne na hapstuil beannuighe,
óir dá mbeithdís sáidhbhir, ní thógfadh Críosd dochum dígnide
comh mór agus sin iad. Do chaill an rígh Manasses,4 Regum, c.21,
a ríoghdhacht, agus ní hé amháin, acht do gabhadh é féin rena
naimhdibh agus rugadh ceangailte cuibhrighe don Bhabilóin é.
Ba trom tuirseach leis an bhruid sin, gídheadh, is uaith táinig a
shlánughadh síorruidhe, agus níorbh fhéidir dhó fhagháil do
ríoghdhacht nó sháidhbhrios ní bá fearr dhó nó í; óir is innti
do thionsgain sé, dobhídh 'na pheacach gráineamhuil agus 'na
rígh mallaighe roimhe sin, aithniughadh cia é féin, agus do chlaochlóidhe
é anna nduine eile naomhtha bheannuigh.


L. 48


Onóir fós agus meas mór ag a mbíonn rochúrum ag na daoinibh
'na ttimchioll, is minic gurb é a ccáill ba hádhbhar séin agus
sonuis dóiph, agus gur ris a thigid dochum onóra is mó nó mar
dobhídh aca. An masla dofuair an pátriarc naomhtha Ioseph
fa mhnaoi a thighearna, as ar cuireadh a bpríosún é, Gen.
39 et 41 c., ar son gur chuir tuirsi mhór air, is iad dorinne
slíghe dhó dochum na glóire agus na honóra dofuair, an tan
dotugadh cumhachta ós ceann na hÉighipti go hiomlán dó,
agus mórán sochair eile nach iarrfadh féin. Ionnas gur minic
tig, an galar nó an ní do chuirios doilgheas oruinn, mar atá,
cáill ar maoine do ghuilmaoid, ar saoirse do cháill a chuirios
dubhrón oruinn, ar cclú do cháill dothéid go nuige an smior
innuinn, agus go n-órduighann Dia iad dochum sláinte maithe,
chum sáidhbhris mhóir, chum cinneamhna sóna, chum onóra
is mó, agus ní a théid ós a cheann sin uile, dochum na beatha
síorrdhuidhe.



A chontrárdha so go minic a theagmhas don muinntir ag a
mbíonn toice an tsaoghail aca, as a mbíd lán d'uabhar agus do
mhórmheas orrtha féin, ionnas gurab as sin a tig an uile olc
fa dheóigh dhóiph. Fábhar agus grása an rígh, sáidhbhrios
romhór, onóir ó gach aon duine, do chuireadar so Aman
ann n-anuabhar romhór; gídheadh, dá smuainiugh air, ní
roibh ádhbhar gola nó tuirsi aige bá mó nó iad, mur do
thaisbéain an chinneamhna fa dheóigh dhó, óir ar ccáill
a mhaoine, 'onóra, agus 'ughdardháis dó, do crochadh é san
ccroich do hullmhuidhe leis féin do Mhardoceus, Ester,
c.3 et 7. Cia nach beith iongantas air fa na breitheamhnusuibh
so Dé? Cia ar nach ccuirfeadh críthnúdh agus gráin air,
na neithe a theagmhas do réir a thola féin do dhuine? Créad
do mhill an rígh oirdheirc Solamh mhac Dábhí acht méad na
glóire agus an tsáidhbhris dobhídh aige thair gach rígh dá
ttáinig roimhe nó dá ttáinig 'na dhiaigh a nIerúsalem, 3 Reg.,
c.11. An rígh Antiocus, an feadh dobhídh slán agus buaidh an
tsaoghail ag éirghe leis, dorinne iliomad uilc, acht fa dheóigh
dofuair bás cuirp agus anma air a leabuidh a mbruid mhóir,
2 Macabeorum, c.9.


L. 49


Is follas as so, glóir agus onóir an tsaoghail so a bhíos na daoine
d'iarraidh re saothar agus re fonn, gurab as a tig an uile olc agus anró
dhóiph; agus fós, na neithe is mó do chuirios doilgheas orainn
air an saoghal so, gurab asta a tig séan agus sonas dúinn. Uime
sin, an mhéid a bhainios linn féin, is cóir dhúinn a bheith comh
ré ris súd agus ris so, agus gan fonn do bheith againn a cceachtar
dhíobh thaire a chéile, acht a léigion ar thoil Dé gach aon ní,
ós aige atá fios gach neithe is mó sochar dhúinn; agus sin amháin
a bheith 'na chúrum oruinn, toil Dé do choimhlíonadh, rear
féidir gach duadh dá mbiadh oruinn do chur a sochar dhúinn,
agus gach sámhas saoghalta dá mbiadh againn do léigean dochum
dochair agus dóláis dúinn.



As ar ttoil féin mur so do chur re toil Dé, tair an luaighdheacht
atá againn ó Dhia, tig an sochar síorruidhe úd dhúinn as agus a
bheith saor ón uile thuirsi agus dhoilgheas, agus ciúnas agus síthcháin
inntinne a bheith do ghnáth againn. Ní bhfuil ní ar bith nach
féidir maith nó olc do theacht as, acht ní feas dúinne cia haca
dothiucfas dúnn asda. Uime sin, ní bhfuil comhairle is críonna
againn nó sinn féin do thaobha go hiomlán ris an tí dar feas
críoch gach aon neithe, agus rear mian maith do dhénomh dhúinn,
ar an ádhbhar gurab é ar nDia é agus ar n-uile mhaith. Dá mbeith
dall ar lár curraigh an' aonfhear, gan fios aige cionnas dothiucfadh
as, agus é lán d'eagla go ttuitfeadh a mbachtuidh éigin,
ba mór an sólás ris duine éigin do theacht chuige dobheradh
gan ghuasacht as an ghábhadh sin é. Mur sin dúinne uile,
atámaoid an ngábhadh romhór idir thonna agus chairrgeach, an
tsaoghail, agus ní feas dúinn ga taobh a ttiubhram ar n-aghaigh;
acht atá Dia trócuireach rae dochum a láimhe do thabhairt
dhúinn agus ar ttreórughadh air an tslíghe dhírigh, mádh thaobhmaoid
sinn féin ris, agus bá héigcríonna dhúinn gan sin do dhénomh.



An 11 C.



LEANTAR ANNSO AR BHREITHEAMHNUSUIBH
CEARTA DÉ; AGUS FOILLSÍGHTHEAR MÉAD NA PEIRIACLA
ATÁ GAN TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH ANN
GACH NÍ DÁ LAEGHAD.



Atá rúaindiamhair bhreitheamhnasuibh cearta Dé comh
uathbhásach agus sin os ar cceann nach é amháin annsna neithibh


L. 50


móra acht fós annsna neithe beaga gur chóir dhúinn ar ttoil
féin do chur rena thoilsion, ionnas nach iomchubhaidh
dhúinn ar méar do bhogadh acht dochum go ttaitéamhna re
Dia. Dochum so do thuigsion, bíodh fhios againn gur ordaigh
eagna Dé mórán maithiosa corpardha agus spioradtálta do
theacht dhúinne as coimhlíonadh a thola féin a neithibh
ro-éadroma; ní dothéid os cionn an uile thuigsiona daonna.
Léigidh Dia thairis ar an saoghal so gan pian ar bith do
chur ar son pheacadh móra troma, agus ar son pheacadh éadroma,
go ccuirionn díoghaltas mór. Dochímuid fós, ar son oibreacha
roshubháilceacha, nach ttugann luaighdheacht ar bith ar an
saoghal so uadh, agus go ttugann d'oibribh beagshubháilceacha
luaighdheacht mhór; agus sin uile do theacht ó rúaindiamhuir
an eagna shíorruidhe. Mur sin, ó nach feas dúinn cia é an
gníomh is lúgha nó is mó a thaithneas re Dia, is iomchubhuidhe
dhúinn a bheith aireach air gach aon ghníomh d'eagla díomdha
Dé do theacht oruinn an uair nach saoilmaois.



Cia do mheasfudh gomádh lór ré Dia do phéin do chur ar
Dhábhí rígh, fa adhalltranntas do dhénomh re Betsabee agus fa
fheill do dhénomh ar Urias, bás aon leinbh amháin, 2
Reg., 11 et 12 c., agus fa chomháireamh an phopuil, gan égóir
do dhénomh ar dhuine ar bith, gur dhíghuil Dia é re bás
sheachtmhoghatt míle fear, 2 Regum, 24; agus gach ní dhíoph sin
go trócuireach agus go ceart? Ní léughtear fós gur chuir Dia
pian ar bith ar an sagart Áron ar son an pheacaidh rothruim,
an tan do léig do chlanna Israel ar an bhfásach aodhal do
dhénomh dhóiph féin, agus do thóg altóir dhó, Exod., 32 c.;
acht 'na dhiaidh sin, fa pheacadh édrom, do cheann go
ndéarnaidh sé féin agus a dhearbhráthair Maoisi contabhairt éigin
fa uisge do bhuain as cárruig chruaidh, agus do chuir Dia do
phéin orrtha gan a léigean asteach san talamh naomhtha,
an ní is mó dobhídh d'fhonn orrtha ar bith, agus thairis sin
tug bás ar an tslíghe dhóiph, ar bhfaicsin na tíre uatha, Nr.,
20 c..



Ab darbh ainm Maoisi dorinne peacuidhe troma, agus níor chuir
Dia pian air ar a son. 'Na dhiaidh sin, ar son gur labhair go
garbh anna ndiospóracht éigin, do léig Dia don díabhul dul
'na chorp go ttug piana móra dhó, Cassian, Collat.7, c.27.


L. 51


Is uime do ordaigh maith agus eagna Dé sin, ionnas nach bemaois
mainneachttach fa thoil Dé do choimhlíonadh ann gach
ní dá laeghad, ar an ádhbhar gur féidir leis ó cheart piana
móra do chur orainn ar a son. Re rúaindiamhuir bhreitheamhnuis
Dé bháineas an bás dofuair an rígh beannuighe Iosias,
do chionn nar chreid don rígh bharbardha d'fhoillsígh neithe
dhó a n-ainm Dé, 2 Paralip., c.35. Is ro-íongnadh fós go
ttug bás obonn do Oza fana láimh do chur a chongbháil áirc
na tiomna dobhídh a tuitim as an ccairt a roibh dá hiomchar,
2 Reg.,(c.6). Aithristear fós, 3 Reg., c.13 et 20, ar dhís
eile, gur mharbh leóghuin iad fana ttoil féin do dhénomh
a neithibh éttroma. Ní lúgha ná sin an t-iongnadh is cóir
dhúinn do bheith oruinn fa an ní a tárla don duine mhaith
riaghalta dobhídh 'na sheanmóntaigh oirdheirc, Cristóir
Oirtísius, Iesúite, ar son gur dhiúlt re iomad umhlachta
oific onórach dobhídh 'uachtráin do thabhairt dó, acht is uime
sin do léig Dia caor thinntidhe do thuitim air. Do thaisbén
Dia 'na dhiaidh sin gur bheag an choir sin re mórán míorbhuile;
agus tair éis a bháis go bhfacas é go minic ag seánmóir
don muinntir dothug roimhe sin dochum creidimh Críosd.



Ab oile darbh ainm Pól, fa ghníomh as a measfadh daoine
gomadh córa luaighdheacht d'fhagháil dhó ná pian, do
chhuir Dia paileris air; ionnas nach roibh ball dá bhalluibh
rearbh fhéidir 'oiffic féin do dhénomh, Cassianus, Collat.7,
c,26. Is mó ná so an phian do cuireadh ar mhnaoi Lot,
a ndearnadh cartha salain di, fa fhéachuin 'na diaigh re
cúrialtas banda, Genesis 19, ar son go n-abruid drong do
na haithreacha nar pheacadh romharbhthach é. Tuitim
Pheadair, ag diúltadh Críosd, Math.26, ní roibh ann acht
pian andhóthchais nar mhór. Dábhí rígh, re haon amharc
amháin súl, agus 'mhac Solamh, as glóir dhíomhaoin, do thuiteadar
a bpeacaibh troma. Ní bhfuil fós contabhairt, drochchríoch
an rígh Sául, sgrios a thighe go hiomlán, agus a bhás síorruidhe
féin, gurab as neithibh beaga do thionsgain ar tús, agus gach
mórpheacadh eile dá ndeárnaidh.



An'aghaidh so, ar son oibreacha beaga subháilceacha,
dothug Dia tiodhluice móra uaidh. Abiogáil, ar son go ttug
focal maith do Dhábhí rígh, agus dothug biadh dá mhuinntir


L. 52


aon uair amháin, dofuair a bheith 'na banríoghain agus 'na
mhnaoi ag an rígh céadna, 1 Reg.25, a v.24. Rebecca, ar
son díghe uisge do thabhairt do shearbhóntaigh Abrahaim,
dofuair a bheith 'na mhnaoi ag Isaac agus Críosd do theacht
air a sliocht. S. Grighóir, ar son aon déirce amháin, do chuir
Dia é ós ceann na hEagluisi agus tug mórán grása eile dhó. Duine
darbh ainm Peadar dobhídh ag tógbháil custuim, ar son
déirce dorinne, bíodh gur re saobhnós dorinne í, dofuair
fabhar agus grása móra ó Dhia, go roibh fa dheóigh 'na naomh
oirdheirc. Ionnas, deaghghníomh dhá laeghad, gur minic
tig mórmhaith as, naomhthacht, agus sláinte shíorruidhe; agus
fós, as drochghníomh dá tharcuisnigh, go ttig olc mór as agus
damnughadh síorruidhe.



As so is tuigthe dhúinn gur cóir dhúinn toil Dé do dhénomh
go rodhúthrachtach annsan uile ní dá laeghad. Do chaillfeadh
Abigail a roibh don tsaoghal aici agus í féin, muna ndénadh sí an
beagán daonnachta dorinne ar Dhábhí agus air a mhuinntir; agus rena
dhénomh, dofuair sí maoin agus sáidhbhrios bá mhó ná dobhídh
aici agus rígh cumhachttach do bheith d'fhior aici. Is iomdha bruid
agus bochttacht do sheachanudh Saul agus Solamh dá ccuirdís
iad féin re toil Dé. Mur sin, bá cóir dhúinn crithnúghadh
croídhe do bheith oruinn, an tan do léigmaoid thoruinn ní
ar bith dá laeghad do dhénomh a bhíos do réir thola Dé, óir
ní feas dúinn nach mór a bhfiadhnaise Dé an ní a mheasmaoid
féin do bheith beag nó éttrom.



Ba maith dhúinn brígh na réasún so do thabhairt fa dear go
grinn agus a ccur a ngníomh go héifeachttach, ar an ádhbhar
gur ropheiraclach ní ar bith dá laeghad do dhénomh a
n-aghaigh thola Dé. Bíodh go ndénadh duine toil Dé a neithibh
áiridhe; gídheadh, muna ndéna sin go foirfidh agus go hiomlán,
ag cur neamhshuime a neithibh beaga, cuirfidh é féin a
bpéiracuil tuitim anna neithibh móra, ar an ádhbhar nach
feas dó nach air na neithibh beaga sin atá a shonas saoghalta
agus a shláinte shíorrdhuidhe. Atáid breitheamhnuis Dé rodhomhuin,
ro-árd, ionnas gomádh cóir dhúinn a mbeith do shíor os
cuinne ar súl agus ar ccroídhe gach uair dá bhfaghmaoid cionfátha
deaghoibridhe ar bith dá laeghad do dhénomh; óir ní feas do
dhuine nach urrthi sin atá ar slánughadh nó ar ndámnughadh


L. 53


síorrdhuidhe. “Is mór an duibhecán breitheamhnuis Dé,”
Psal.35; agus ní críonna do dhuine fa ní gan éifeacht é féin do
chur a ccontabhairt.



Gibé dobheith os cionn cófra lán do ghloínibh beaga agus
móra, agus tugthar sanus dó gloine dhíoph do bheith lán do
nimh, is dearbh, ar cheannach dá mhéud, nach blaisfeadh ní
as aon ghloine dhíoph. Mar an ccéadna is dénta dhúinn, ionnas
nach tteachmaois ar seachrán anna ccomhlíonadh tola Dé,
óir ní feas dúinn nach anna mainneachta dá laeghad atá an
nimh dobhéradh bás dúinn. Gibé an'aghaigh sin do léigfidh
asteach a seómra lán do chófraidhe beaga agas móra, agus
curthar a ccéill dó cloch ro-uasal do bheith anna ccófra dhíoph
agus gomádh leision í dá bhfághadh í; ba duine éaccríonna é
muna a ccuartadh gach aon chófra dhíoph go bhfagha an liag
luachmhór sin, d'eagla, nó ar son beagáin saothair, go ccaillfeadh
an séad oirdheirc sin. Air an modh céadna is dénta
dhúinne, gan gníomh dá laeghad do léigion thoruinn bhus
taitneamhach re Dé, óir is furus dúinn a ndénomh agus ní feas nach
orrtha atá ar sábháil shíorrdhuidhe agus órchisde mór ghrása Dé.
Ceartbhreitheamhnais Dé dá chur d'fhiachuibh oruinn gan
mainneachta do dhénomh fa ní ar bith is mian re Dia do
dhénomh.



An 12 Caib.



FOILLSÍGHTHAR RE SOMPLUIDHE AN SOCHAR ATÁ
A TTOIL DÉ DO CHOIMHLÍONADH.



Ar son gomádh lór a ndúbhramur dochum gach aoin do
bhrósdughadh dochum a thola féin do thréagan agus toil Dé do
leanmhuin go hiomlán agus an freachnadh ro-uasal so do chur


L. 54


a ngníomh do ghnáth; mar theagmhas go minic go ngluaision
sompla maith an tí nach ngluaiseann réasún nó úghdardhás,
cuirfium annso síos sompla is iomchubhuidhe dhúinne do leanmhuin.



Ní bhfuil sompla comhlíonta tola Dé againn as fearr ná
air tTighearna Íosa Críosd learbh fhéidir gan peiriacuil ar
bith a thoil féin do dhénomh, ar an ádhbhar nach roibh drochchlaonta
ar bith ann, agus narbh fhéidir ris peacadh do dhénamh,
nó ní ar bith do thogha ach go fírghlic; ar a shon sin, ní
dhearna gníomh ar bith ariamh acht do thoil an Athar
shíorruidhe. D'adbhuigh féin so go follas, ag Eóin san 6 c.,
ag rádh gurab uime tháinig ar an saoghal so, agus nach roibh do
bhiadh aige acht toil 'Athar do dhénomh. Fós, an tan do
bhí a mbruid a bháis agus dochonnairc ós a chuinne gach céasadh agus
gach piana dá roibh rena bhfulang aige agus bás tarcuisneach na
croiche, agus go bhfacuidh fós gomadh éidir an cineadh daonna
do shábháil gan an bás nó na piana sin d'fhulang dó féin, agus go
roibh claonadh ag a nádúir dhaondha a seachna, níor iarr ar
'Athar an pháis sin do chur thairis, acht mun bá toil leis féin
é, ag fágbháil gach aon neithe ag toil 'Athar; agus d'fhulaing
bás dochum tola 'Athar do chomhlíonadh agus ní dheachuidh
a ní dá laeghad thairsti; agus ag fagháil bhás san ccroich
dhó, do thaobh 'anan ren 'Athair, ag tabhairt sompla dhúinn
sinn féin do thabhairt air láimh Dé, agus gan fonn do bheith againn
anna ní ar bith acht mar is mian leis, dámádh éigin dúinn ar mbás
do theacht as agus piana an domhuin d'fhulang, an tan dobhídh
Críosd ar tTighearna ollamh dochum an uile phéine d'fhulang
dámádh toil rena Athar é.



An dlígheadh agus an grádh so tola an Athar shíorruidhe do
riamhráidh Dábhí, Psal.39, ag rádh a bpearsuinn Chríosd:
“Atá sgríobhtha orumsa a ttús an leabhair do thoilsi do
dhénomh; Ó, mó Dhia, is mian liom sin agus atá do dhligheadh
a lár mó chroídhe.” Agus ag labhairt ar na fíréanchuibh, Psal.36,
adeir go bhfuil dlígheadh agus toil Dé anna chroídhe; acht
ag labhairt air Chríosd adeir go roibh a meadhón a chroídhe,
ní hé amháin anna chroídhe, agus sin tré mhéd an fhoinn do
bhídh air toil 'Athar do dhénomh. Beatha, saothar, agus doilgheas
Íosa Críosd, is uime do ghlac iad, ionnas go ccomhlíonadh


L. 55


toil 'Athar, dá roibh umhal gus an mbás agus bás fós na
croiche, agus ionnas go ttug sompla dhúinn a lorg
féin do leanmhuinn agus go ttuigmaois nach roibh a n-obair ar
slánuighe uile acht comhlíonadh tola Dé; agus mur sin go mbeith
grádh égmhais againn ar thoil Dé do chomhlíonadh, agus go
leanmaois Críosd go seasbhach amhuil narbh fheidir linn
ní ar bith eile do dhénomh. Adeirid na sobhisgéil, an tan
dobhídh Críosd ag urnaigh san gháirdín, go ndúbhairt:
“'Athair, más toil leat, cuir an pháis so thoram”; agus 'na dhiaigh
sin: “Déntar do thoilsi agus ní hí mo thoilsi”; ris sin ag taisbénadh
gurab ní do mhíthaitneamh re Dia, ní ar bith agus a
dhénomh air ar ttoil féin.



d'éis Chríosd, an dara sompla chomhlíonta tola Dé, an
mhaighdean ghlórmhur Muire, do ghabh Mac Dé anna bruinn
bheannaighe, an tan adubhairt, Luc., c.1: “Ag so misi cumhal
an Tighearna.” Dhá ní dorinne Dia a chuirios uathbhás air
na hainglibh uachttarach - Mac Dé do theacht a ccoluin
daonda, agus fuasgailt an chínidh daonna air pháis Críosd;
agus gach ní aca so do theagbháil dochum tola Dé do chomhlíonadh,
an ní is mó thaitneas re Dia dá ttárla riamh. An
óigh robheannuighe atá anois 'na banríoghain ós ceann na
n-aingeal, ní bhfuil glóir nó onóir is mó ria ná gur chuir
sí a toil féin re toil Dé; agus is ádhbhal an sólás dogheibh as
a toil féin do cheangal re toil Dé. Fiadhnaise ar so canónach
dobhídh a cColúin, a n-eagluis S. Cuinibert dobhí 'na
dhéigh sin 'na mhanach S. Bearnard. Lá éigin, ag dénomh
úrnaigh don fhear so, dochuala guth soilléir banríoghna
nimhe as néull soillseach ag teacht chuige, ag rádh: “Déntar
do thoil ar an talamh mar doníthar air neamh.” Do ghabh
an guth fíormhilis so gréim comh daingean agus sin ann' inntinn,
gach uair dá smuaineadh air, go ttuiteadh deóra troma uadh,
Sesárius, lib.7, c.8. Fós ní bhfuil contabhairt, na seraphin,
atá ar lasadh re grádh Dé, go ngabhaid sompla ón maighdin
ghlórmhuir so.



Dábhí, Psal.102, mar dochonairc nar lór é féin dochum
Dé do mhóladh, goíridh na hainglibh, ag rádh: “Beannuigh
agus moluigh an Tighearna, 'aingle uile, atá cumhachttach re
subháilcibh agus re cumas briathra Dé do chomhlíonadh”; agus


L. 56


'na dhiaigh sin: “Beannuigh an Tighearna na naoi n-úird
ainglidhe, searbhóntaigh sibh doní a thoil.” Ionnas go
measunn an fáidh ríoghdha gurab í uaisle agus onóir is mó ag
na hainglibh beannuighe, toil Dé do chomhlíonadh go
ro-iomlán agus go rodhíthchiollach, ní ar ádhbhar ar bith eile
acht ar son Dé amháin agus dochum umhladh do thabhairt dó agus
dochum gach neithe ba mian leis do dhénomh, óir is mian
re Dia an freachnadh so na humhla a bheith a bhflaithios
féin; agus ionnas gur móide do thaisbénadís tréigean a ttola
féin, go mbíd umhal do na créatúirí eile ar son Dé. Uime
sin do órduidhe Dia aingil os cionn aingeal eile agus umhla do
thabhairt dóiph, mur dobhéaradh clann dá n-athribh. Uime
sin, an tan dobheir Dia aithne do na hainglibh íochtaracha
fa ní éigin do dhénomh, ní leó féin a lábhras acht cuiridh
an aithne chuca re haingeal don órd uachttarach, ionnas go
mbeith a n-umhla níosa oirdheirce ná mar dobheith dá
lábhradh Dia féin riú; óir is mó an umhla é féin do chur
faoi chréatúir ar son Dé ná faoi Dhia féin amháin. Atá a
ttréigean so a ttola féin comh foirfidh agus sin annsna hainglibh
go mbíd ac fúrachas do ghnáth créad adéaradh na haingle
uachtaracha riú, agus a cuirid a ngníomh an ní adeirid leó comh
maith agus dobheith béul Dé féin dá rádh leó.



An ní céadna so do aithain maghistir na húmhla Íosa
Críosd do na hapstuluibh, iad féin do thaisbénadh mar
shearbhóntaigh don n-uile dhuine air son Dé, ionnas nach
déndís a ttoil féin anna ní ar bith. Uime sin, is é ceann do
thogh 'na dhiaidh féin air an nEagluis, Peadar, dar bhó
comhainm Símón, .i. umhal, Ioan., 21. An tan fós do ghoir
Dia air Phól abstul, is í céd cháint tug air do rádh: “A
Thighearna, créad is mian leat do dhénomh dhamh?” Acta, c.9, v.6,
ionnas go ccuireadh a ccéill dúinn, gibé rear mian seirbhís
do dhénomh do Dhia, gur cóir dhó a thoil féin do thréigean
agus an focal úd adubhairt Pól a bheith anna bhéul do ghnáth,
.i. “A Thighearna, créad is mian leat do dhénomh dhamh?”
Acht níor lór re Dia sin ó Phól acht do chuir dochum Ananias
é, ionnas go mbeith duine faoi Dhia 'na mhaighistir air dochum
a thola féin do thréigean go hiomlán. Tugmaoid dar n-aire
annso, an tan do chuir Críost Pól go nuige Ananias, nach é ní


L. 57


adubhairt ris ansin, dogheabha tú sgéula créad is mian leamsa
do dhénomh dhuit, acht adúbhairt, dogheabha tú sgéala godé
an ní is éigin duit do dhénomh; ionnas go ttuigmaois nach mian
re Dia aon ní do dhénomh dhúinn acht an ní is riachttanach
dhúinn féin do dhénomh agus atá tarbhach dhúinn. Agus fós, a ccás
nach laibheóra na daoine linn go follas a n-ainm Dé, agus nach
beidís 'na n-uachtaráin againn, ba córa dhúinn toil duine eile
do dhénomh ná ar ttoil feín, óna ttig an uile olc oruinn.



Na naoimh a tháinig san n-aimsir dhéghnuigh so, agus ag
a roibh spiorad na n-apstul aca, do leánadar an freachnadh
so go rodhíthchiollach. Léaghtar a mbeatha na bannaoimhe
Tirésia go ttug sí móid ro-uasal nach dénomh gníomh ar bith
acht mar do mheasfadh a bheith go ro-iomlán do réir thola Dé;
agus do gheall, fós, ní hé amháin an ní ba taitneamhach re Dia,
acht an ní is mó bá taitneamhach ris, gurab é do dhénomh,
ag tréigean a tola féin san n-uile ní. Agus a stair a beatha
féin adubhairt: “Dochíthar dhamh gurab ann atá m'onóir
féin, air tTighearna do mholadh, agus ní bhfuil meas agam ar ní
ar bith eile. Atá fios aige féin nach mian leam onóir,
beatha, glóir nó maith ar bith eile chuirp nó anma, acht
glóir Dé uilechumhachtaigh.” Agus do chuireadh sin a ngníomh ó
chroidhe agus ó inntinn, agus re fuath agus re gráin ar a toil agus air a
mian féin. An tan dogheibhe biadh blasda do réir a measa féin,
do thilgeadh as a béal amach é amhail gomádh dumlas é;
agus ar bhfiafraigh dhi créad fa nach ithamh an biadh maith, do
fhreagar sí nar lamh 'ithe tré mhéad an tsámhuis dofuair a
blas féin ann.



A shamhuil sin do mhóid dorinne máighdean uasal eile darbh
ainm Ludovica Carbhaghal, nach dénomh ní ar bith acht an ní is
mó mheasfadh bheith taitneamhach a bhfiadhnaise Dé. Do
rinne fós an mhóid chédna an t-athair maith Iacobus de Saura,
Iesuite, dobhídh ar lasadh do ghrádh Dé, agus do sgríobh í rena
fhuil féin do bhain as ós cuinne a chroídhe, ag gealladh do
Dhia gach gníomh is foírfidhe dochíthfidh dhó do dhénomh
ar an modh is mó ba maith re Dia é dá dhénomh.



Dobhádar daoine oile riaghalta naomhtha ag a mbíodh
sólás romhór fana ttoil féin do thréigion agus fa thoil Dé do
chomhlíonadh, ionnas gomádh fearr leó nach gluaisfidís ball
dá mballuibh gan aithne Dé do bheith aca chuige. Níor lór


L. 58


re S. Ignásius glóir Dé d'iarraidh ann gach aon ní agus toil Dé
do dhénadh, acht a d'iarradh a dénomh ar an modh is mó
a ttaiténamh ris. Níor lór leis fós gan a thoil féin d'iarraidh
anna ní ar bith, acht d'iarradh an ní is mó dobheith contrárdha
dhi. Uime sin adeiradh, dá mbeith a rogha aige do dhá ní
dobheith ionann dochum glóire Dé, gurab é an ní is mó
anna mbeith duadh agus saothar ann dogheibhadh a róghain
dochum a thola féin do chlaoi; agus do léigadh amadánacht
air féin ar uairibh, ionnas gomádh lúghde dobheith meas air.



Do chuir S. Pardulphus é féin comh mór agus sin re toil Dé,
ionnas, arna dhénamh dall, go roibh lán do shólás, agus go ttugadh
sólás fós don muinntir ag a mbíodh truaighe dhó. Ní hé
sin amháin, acht daill eile do theagmhadh chuige, dobheiradh
a rádharc dhóiph; gídheadh, níor iarr na grása sin dó féin
ariamh, ag tréigion a thola féin ar thoil Dé; agus ris sin táinig
dochum foírfidheachta romhóire agus dochum a bheith 'na cháraid
ionmhuin ag Dia.



Do thaisbén Íosa íodhain é féin uair éigin don mbannaoimh
Gerdrúdis, agus adubhairt ria: “Ris an láimh so atáim ag
tabhairt sláinte chugad, agus ris an laímh so oile galar agus easláinte;
agus gabh do rogha dhíoph.” Annso an mhaighdean roriaghalta,
dobhídh ar lasadh re fonn ní d'fhulang ar son Chríosd agus a toil
féin do thréigion, air a roibh fuath aici, do léig air a glúinuibh
í, agus do chuir a lámha a ccrois air a hucht, ag rádh: “A
Thíghearna, guídhim thú ó rúan croídhe, ná féach air mó thoilsi,
acht déna an ní is mian leat féin; óir atáimsi ionann chuca
araon agus ní ghebha ceachtar dhíoph do róghain: Ó, mó
Thighearna, agattsa atá súd nó so do thabhairt dhamh.” Do
thaitin an fhreagara so go romhór re Críosd agus adúbhairt: “Gibé
rear mian misi do theacht chuige gan toirmeasg, is éigin dó
ochuir a thola féin do thabhairt dhamhsa agus gan a hiarraidh
air ais go bráth.” Arna chlos sin don mbannaoimh, dorinne an
úrnaigh athchuimir so: “'Íosa ionmhuin, déntar do thoilsi
agus ní hí mo thoilsi”; agus do ráidh í trí huaire agus seasgad, agus ní
féidir aithris méad na sólás néamhdha dofuair as sin.



Ar mbeith tinn do mhnaoi an duine bheannuighe Proinsias
Bórgia, do léig Dia ar a bhreitheamhnas bás nó beatha do
thabhairt di; gídheadh, níorbh áil leis a thoil féin do leánmhuin


L. 59


agus adubhairt go ro-umhal: “Ó, mó Thighearna Dia, créad as a
ttáinig sin damhsa, go léigfeadhsa air mo bhreitheamhnas an
ní atá air do chumhachta féin amháin? Ní bhfuil ní is fearr
liomsa nó do thoilsi do leánmhuin, óir ní bhfuil neach is fearr
dar fios créad is maith dhamh ná thúsa, Ó, mó Dhia. Mur sin,
déntur do thoilsi, ní hé amháin re mo mhnaoi acht re mo chloinn,
agus déntar leam féin gach ní is mian leat: déntar do thoil.”



Méad na ttíodhluice dogheibh ó Dhia, gibé leanas don
bhfreáchnadh so, is follas é as an sgéal aithrisios Sesárius
lib.10, de Miracul., c.6, ar manach d'órd S. Bearnáird re
ndéntaoi míorbhuile móra, agus nach dénomh ní ar bith acht
mar donídís na manaigh eile. Ar a shon sin, re breith amháin
ar 'éadach dobheiradh sláinte do mhórán, agus an tan do chuireadh
manach eile a chrios thairis nó 'aibíd uime, dogheabhadh
sláinte gan mhuill. An uair a tug an t-ab fa dear méad na
ngrása sin dobhíodh aige ó Dhia, agus gan acht beatha choitchinn
mar gach manach eile aige, dob íongnadh ris é; agus ar a ghairm
chuige dhó, adubhairt ris: “A mhic, créad is ádhbhar do
na míorbhuile móra so donídh tusa?” Do fhreagair mur so:
“Ní feas dhamh, a Thighearna, óir ní dhénom trosga, faire,
úrnuighe, nó saothar acht mar gach manach eile; aon ní
amháin ag a bhfuil fhios agam, nach bídhann uabhar nó
lúathgháire oram fa shén nó fa shonas, agus nach bíonn tuirsi nó
dubrón orum fa ní dá chontrárdha, más leam féin nó re duine
eile a bhainios.” Adúbhairt an t-ab ris: “Nach roibh mífhoighíd
nó doílgheas ar bith ort, an tan do loisg duine uasal an baile
do bhodach do bhain ris an mainistir?” “Ní roibh”, air an
manach, “óir do thaobh mé gach aon ní re Dia: más beag do
gheibhim, dobheirim buidheachas do Dhia; más mór, do
bheirim buidheachas dó mar an ccéadna.” Annsin do aithin
an t-ab na cúmhachta sin tug Dia don manach dochum na
míorbhuile móra sin do dhénomh, gurab as a táinig dhó, go
ccuireadh a thoil féin re toil Dé ann gach aon ní.



Is follas an ní céadna as stair deisi manach dobhá air
an bhfásach, ag teacht re chéile a ccrábhadh agus a riaghaltacht.
Níor mhaith ris an díabhul naomhthacht a mbeatha agus táinig
a riocht aingil Dé dochum an mhanuigh bá sine dhíoph, ag
rádh ris gurab ó Dhia a táinig do thabhairt sgéal dósan go roibh


L. 60


a chompánach damannta go síorruidh, agus gomádh díomhaoin dó
gach deaghghníomh dá ndénamh nó pian dá ttiubhradh
dá chorp. Do chríothnuighe an seanóir ris sin, agus dobhídh
mórán do laethibhh go rothuirseach. Dothug a chompánach
sin fa dear agus níor sguir dá bheith ag guídhe an tseanóra go
bhfuair sgéala uadh. “Thusa,” air an seanóir, “ádhbhar mo
thuirsi agus mo dhoilghís; óir a táinig teachtaire ó Dhia chugam
dá rádh go ndaimeóntar go síorruidh thú agus nach bhfuil tarbha
dhuit a n-aon ní dá ndénann tú, nó anna saothar dá ccuirir ort
dochum flaithis d'fhagháil.” Annsin do labhair an t-ógánach
re meisnigh mhóir, ag rádh: “Ó, 'athair, ná cuireadh sin
buaidhirt nó dubrón ort, óir gús so dorinne me seirbhís do
Dhia accus ní mar fhear thuarasduil acht mar mhac ag
tabhairt umhla dom athair, ar an ádhbhar gurab é féin an uile
mhaith agus go bhfuil d'fhiachuibh orum mé féin uile do chaitheamh
rena sheirbhís; mur sin, atáim ré ar gach ní is toil ris do
dhénomh leam.” Ris an bhfreagra sin do ghabh lúathgháire
mhór an seanóir agus dobhídh dóthchas aige. Agus ní fada 'na
dhiaigh sin go ttáinig an t-aingeal fíor chuige, ag dérbhadh
dhó go roibh glóir ro-mhór a bhflaithios fa chuinne a chompánuigh,
agus gurb é an mealltóir an díabhul a táinig chuige
roimhe sin; agus an gníomh oirdheirc sin dorinne a chompánach,
agus a dheaghthoil dochum seirbhísi Dé do dhénomh, agus gan a
shochar féin nó 'shólás d'iarraidh a n-aon ní acht toil Dé do
chomhlíonadh, gur thaitin go romhór re Dia.



Samhuil an sgéil chédna so, aithrisi Gerson air dhuine
mhaith nach ttugadh sólás air bith dá chorp féin agus do chaitheamh
mórán dá aimsir re húrnuighe. Do ghabh tnútha an
díabhul re méad a dheaghoibreacha, agus do thionsgain buairt
agus cathadh do chur air, ag rádh gur dhíomhaoin dó gach saothar
dá ndénamh agus gach crádh dá ttugadh air a chorp, air an
ádhbhar nach bhfuighadh flaitheas Dé ar a shon. Do fhreagair
an duine maith agus adúbhairt: “A bíodh fhios agatt nach air
son glóire nimhe atáim ag seirbhís do Dhia acht ar a shon
féin amháin, óir is fiú é a thoil do dhénomh.” Ris an bhfreagra
sin do chlaoi sé an díabhul.



Sgríobhthar ar dhuine romhaith riaghalta, darbh ainm
Grighóir Lopes, dobhídh rodhíthchiollach ar thoil Dé do
chomhlíonadh, gur thaisbén Dia é féin dó, ar son gach


L. 61


freachnaidh agus gach úrnaigh dá ndénamh amhuil dobheith a
bhfiadhnaise Dé, na briathra so do rádh do ghnáth: “Déntar
do thoil ar an talamh, mar doníthear ar neamh. Amen.
Íosa.” Do ghabh sé an léighionn so re fonn agus re grádh romhór,
ionnas, ar feadh thrí mbliadhan gan chur gan dearmud ní
iongantach, nar tharruing 'anál gan na briathra cédna do
rádh ó chroídhe agus ó inntinn; ionnas nach féidir áireamh cá
mhéad d'uairibh adubhairt í, óir ní mór do chodladh, acht do
fuair an uírid sin do shólás re rádh na húrnaigh sin nach
roibh anál aige dochum a rádh mar badh mian leis; agus ar son
go mbíodh dá rádh do ghnáth, an tan nach abradh iad ó rúan
croídhe, dothigeadh cathídhe ón díabhul air, ionnas nach
roibh do leabhar ná do léighionn nó do mhaighistir aige,
acht na briathra fíormhilsi úd, re é féin do chumhdach agus do
chaomhna air an uile chathúghadh; agus ar n-aithne dhó
brígh shubháilce agus nirt an fhreachnaidh sin, do thaobha
é re gach aon aga a ttagadh a ccáint nó 'ccomhlodar é.



An 13 Caibidil.



SOMPLAIDH AGUS RÁIDHTE NA BPÁGÁNACH DO THEAGAISG
AR AN MODH CÉDNA GOMÁDH CÓIR DHÚINN
TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH AGUS AR TTOIL FÉIN DO
CHUR RIA.



Cuirfead anso fa dheóigh somplaidh agus ráidhte na ndaoine
nach roibh solas an chreidimh aca agus ar a roibh dorchadas
mór air a ttuigsi; gídheadh, do thuigeadar nach roibh ní
ba hiomchubhaidh do réir réasúin nádúrtha, ba córa, ba honóraigh,
agus ba tarbhaigh do dhuine ná toil Dé do dhénomh; ionnas
gur náir dhúinn nach ttuigmaoid an ní do thuig an mhuinntir
ar a roibh dlígheadh Dé a n-áinbhfios orrtha, agus ag nach roibh
fios fós méad na bhfiach atá ag Dia oruinn, óir d'fhulaing
bás croiche air ar son.



Cleantes, dobhídh 'na mhaighistir ag mórán feallsamhun
agus dobhídh 'na phágánach, labhraidh re Dia mur so: “Tarruing
mé, 'Athair, 'Thighearna árdnimhe, mar is mian leat féin;


L. 62


leanfaidh mé thú gan mhuill; atáim rae éasguidhe; agus a ccás
nach mian liom do leanmhuin, leánfud thú go dubrónach, ag
fulang trém olc féin gach neithe is toil ris an maith féin
d'fhulang dhamh.”



Demetrius feallsamh oirdheirc, acht dobhíodh bocht do
ghnáth, adúbhairt na briathra so síos, mar adeir Seneca,
Epistola 107: “A dhée síorraidhe, ag so amháin an gearán atá
agam oruibh, nachar fhoíllsigh síbh bhur ttoil féin dhamh
roimhe so, óir dá mbeith fios bhur ttola agam, dothiucfuinn
féin roimhe sibh do ghairm orum; acht atáim do láthair
anois. An mian libh mo chlann? Ní bhfuil siad ann. An mian
libh ball dom chorp? Beiridh libh. Ní mór ghealluim dhíbh;
ag sin uile agaibh é. An mian libh mh'anam? Beiridh libh go
luath an ní tug síbh féin dhamh. Ní bhainfidh síbh ní ar
bith dom aimhdheóin díom. Gad aile? Atáim rae ar a
thabhairt uaim gan iarraidh orum. Ní riachttanas ní ar bith do
bhuain díom, óir is libh féin é. Acht ní bhaineann síbh ní ar
bith dhíom, do bhrígh nach bhfuilim ag congbháil neithe ar
bith uaibh; ní déntar éigion nó aimhdheóin a n-aon ní. Ní
dhénam seirbhís do Dhia acht dobheirim mó thoil dó, go
mórmhór gur feas dhamh gurb éigin gach ní do theacht do réir
órduighe chirt Dé.”



An tan dobhídh Socrates feallsamh dá chur chum báis go
ro-éigceart, do chuir é féin re toil Dé, ag rádh na mbriathar
so: “Más mur sin dochonncas do na déibh é, déntar sin; ach
Aintis agus Melitus, is féidir leó mo chur dochum báis acht
ní féidir leo dochar do dhénomh dhamh.” Adeir Simplísius
annso do réir a bhreitheamhnuis féin: “Foirfídheacht iomlán
an duine do chríochnadh, an tan a filleas ar Dhia agus cheanglus
é féin ris.” Seneca, De Providentia, c.5.



Epíctetus, feallsamh oirdheirc idir na Stóic, labhraidh
mur so re Dia, Enchirid., c. ultimo: “Déna liom ó so amach
do réir do thola féin; is ionann toil dhuit agus damhsa. Cuir
síos nó suas mé; ní obuim ní dá bhfaicthear dhuit. Tarruing
mur is mian leat mé; cuir éadach orum do réir do thola féin.
An mian leat oiffic nó onóir do thabhairt dhamh, nó an mian
leat gan a tabhairt? An mian leat mé fhuireach nó dhol
air díbirt? An mian leat bochttacht nó sáidhbhrios do


L. 63


thabhairt dhamh? Geabhaidh mé féin do leisgéal a bhfiadhnaise
dhaoine an domhuin.”



Cuirim ris so ní íongantach as Epíctetus cédna, do chuir
féin a ngníomh agus do theagaisgeadh go puiblidhe, ag rádh
mar so: “Níor toirmeasgadh aon ní orm ariamh do mo dheóin
féin agus níor héigneadh mé dom aimhdheóin. Cionnas is féidir
sin do bheith fíor? Dothug mé m'uile mhian féin ar láimh Dé.
Más toil leis fiadhbhrus do chur orum, is toil liom féin sin.
Más toil leis ní ar bith do bheith agam, is í sin mo thoilsi.
Ní toil leis ní ar bith do bheith agam, is í sin mo thoilsi.
Má mian leis bás d'fhagháil dhamh, is mian leam bás
d'fhagháil. Cia rear féidir anois toirmeasg nó éigion do dhénomh
ar mo thoil annso? Ní féidir re aon neach, acht amhuil is
féidir do dhénomh ar an n-árdDhia. Mur sin doníd na daoine
críonna a bhíos ag dol ó áit go háit. An tan dochluinid
baoghal do bheith san tslíghe, ní lámhuid imtheacht 'na
n-aonar go tteagbhadh cuideachta láidir leó re n-imthíd gan
ghuais. Mar an ccéadna donídh an duine eagnuídhe air an
saoghal so anda bhfuil mórán sláduidheachta, tíránach, buairt,
bochttacht, agus cailleamhuin aos grádh. Ca tteithmhe tú?
Cionnas is féidir leat imtheacht go caomhánta? Cia an chuideachta
shádhbhálas tú? Cia le cceangala tú thú féin? Ris an
duine sháidhbhir úd nó ris an tighearna? Créad í an tárbha
atá dhuit annsin? Mádh nochtar é féin, biaidh ag caoineadh agus
ag gul. Créad do dhénas mé, mádh shladann mo chuideachta
féin mé? Más caruid don ímpire mé, ní dhéna aon nduine
éccóir orum; gídheadh, is mór is éigin dhamh d'fhulang dochum
teachta dochum an chéama sin, agus is minic a pógfuidhear
mé as. Fa dheóigh, mádh thigim dochum a cháirdis, ní bhfuil
sé féin márthanach, agus mádh gheibh drochsgéal orum, biaidh
'na námhuid agam, agus cá racha mé annsin? Rachadh mé air
an bhfásach. An féidir re tinneas nó re fiadhbhras teacht
annsin? Mur sin ní féidir cuideachta chaomhánta d'fhagháil
ar an saoghal so, óir ní féidir do dhuine a bheith caomhánta
nó bheith díleas, daingean gan cheilg, dá mhéad díthchioll
dá ndéna sé ar chuideachta d'fhagháil. Acht is é meas an
duine chríonna, agus is í comhuirle do ghabhus - mádh thaobhann
sé é féin re Dia, go bhfuíghe an uile shlíghe go maith, gan


L. 64


ghuais gan ghábha. Gadé sin, é féin do thaobha re Dia? Atá,
gach ní is mian re Dia, gurab í sin a thoilsion, agus gach ní nach
mian re Dia, nach mian ris é. Cionnas do dhéntar sin? Atá,
smuaineadh nach déntar ní ar bith acht mar is toil re Dia.”



Pláto fós, do dhamnaigh modh labhartha na ndaoine adeir:
“Go ttugadh Dia dhuit an ní is mian leat,” an tan bá córa dhóiph
a rádh: “Go ttugadh Dia dhuit do thoil féin do chur re toil
Dé.” Ag so aeghra Dé go fírinneach, thú féin do cheangal de.
Seneca, Epistol. 96, ag nochtúdh a rúain dá cháraid, adeir mur
so: “Ann gach ní dá bhfaicthar cruaidh nó dócbhalach as mar
atáim leó. Ní chuirim a n-ághaidh Dé, acht dobheirim mó
thoil dó; ní huime gurab éigin dhamh é, acht ó rúan croidhe
leanuim é. Ní theigéabhaidh ní ar bith go bráth dhamh a
chuirfeas tuirsi orum, nó dogheabhas chugam go holc. Ní
thiubhraidh mé mo chíos uaim dom aimhdheóin. Gach ní do
chuirios doilgheas nó eagla oruinn, ní bhfuil ann acht cíos na
beatha so.”



Dobheir an feallsamh céadna comhairle dhúinn, ann gach
ní a bhíos buaidheartha nó trioblóideach dhúinn, ar mbreitheamhnas
féin do cheartadh, ag rádh: “Mur sin dochoncas do
Dhia é; ag Dia is fearr atá 'fhios.” Adeir fós nach bhfuil ní is
tarbhaigh dhúinn nó na cáis chontrárdha d'iomchar go lúathgháireach
agus a nglacadh chugainn go suilbhir, mar badh sinn
d'iarrfadh iad, ag smuaineadh gurab ó thoil Dé dothigid.
An teagasg cédna dobheir S. Doróteus uadh, ag rádh gur
féidir re duine a thoil féin d'fhagháil annsan uile ní, muna roibhe
toil eile aige acht toil Dé agus 'uachttaráin.



Ní híongnadh go ccuirfeadh briathra an impire Antonínus,
dar comhainm feallsumh, lib. 3 Philosophiae, náire oruinn,
muna n-iomchramaoid, mar chuid don domhan accus don
nádúir, go foighídeach gach ní contrárdha dá tteagbhann
dúinn. Ag so mur labhras ris an nádúir. “Ó, a nádúir, gach ní
is iomchubhaidh dhuitsi, is iomchubhuidh dhamhsa é. Ní luath
nó mall liom é, aon ní dá bhfuil iomchubhaidh agattsa. Áirim
eadir mo shochar féin gach ní dá bhuaidheartha dá ttig uaid.
Ionnad féin atá gach aon ní agus chugatt a fillidh siad.” Agus 'na
dhiaigh sin adeir: “Cneadh agus créacht don domhan an tí do
sheachnas módh coitchinn na nádúire, ar an ádhbhar gurab


L. 65


éigin dó fulang dá aimhdheóin gach ní dá ttig air.” Is
críosduidhe a labhras an tan adeir: “Is ádhbhal neart an duine
nach dénann aon ní acht mar is mian re Dia, agus nach gabhann
aon ní chuige acht mar dobheir Dia dhó.”



Ní huime dothug mé ráidhte na bhfeallsamhan so anuas
ar mhodh go measfuind gomádh riachttanas do na
críosduibh foghluim nó comhairle do ghlacadh uatha, acht
ionnas gomádh náir linne tair éis teagaisg, sompladh, agus báis
Chríosd, gan ar ttoil féin do chur nías iomláine re toil Dé ná mar
do chuireadur súd, ag nach roibh solas an chréidimh aca acht
réasún nádúrtha amháin.



An 14 Caibidil.



AN MODH AIR AR CÓIR AN FREACHNADH SO DO
GHNÁTHUGHADH.



Do labhair mé roimhe so air na fiachuibh atá oruinn ar
ttoil féin do chur re toil Dé, agus fós méad na tábhachta agus na
maitheasa tig dhúinn as, ar an ádhbhar go bhfuil an uile
fhoírfidheacht ann agus go cceanglann duine re Dia; agus ní bhfuil
meas dá mhéad dá mbiaidh againn air, nach usaide dhúinn
é do chur a ngníomh. Ar son gur scríobh daoine diadha
spioradtálta mórán do shlíghibh dochum teachta dochum an
fhreachnaidh so, measuim, gibé d'fhéachfadh ó thús air an
tarbha agus air an tábhacht atá anna ttoil féin do thréigion, gur
maith do thionsganadh agus go mbeith gach slighe rae agus modh
roghasda aige dochum gach subháilce eile do chur a ngníomh.



Is dearbh, gibé duine a chuirfios go seasmhach deaghmheisnigh
roimhe nach dénadh aon ní agus nach iarrfadh acht ar
an modh is mian re Dia, agus nach iarrfadh a thoil féin anna ní
ar bith, go mbiadh an duine sin marbh don tsaoghal; air an
ádhbhur go ttuigionn gurab í sin toil Dé. Biaidh fós umhal,
foighideach, diadha, measarrdha, tochtach, agus geanmnaigh, air
an ádhbhar gur mar sin atá Dia dá iarraidh air. Uime sin
adeir Pól, 1 Thess. 4: “Ag so toil Dé, sibhsi a bheith
naomhtha”; agus ris so gnódhacha sibh mórán don aimsir


L. 66


go ro-éadálach tarbhach. Ar an ádhbhar sin taobhaim an
freachnadh re gach aon, agus guídhim tré ghrádh Íosa Críosd
na daoine riaghalta, agus gach duine eile rear mian teacht dochum
foírfidheachta na beatha spíoradtálta, agus ag a bhfuil a slíghtheacha
féin aca dochum dol ar a n-aghaigh san tsubháilce so
nó san tsubháilce eile, agus donídh cuntas géar leo féin ca mhéad
dochuadar ar a n-aghaigh; féachadís go díthchiollach gadí
an bhrígh atá 'ttoil Dé, agus air a haithne dóiph, comhlíonadís
í go dúthrachttach.



Acht ní lór an díthchioll so do dhéanomh go génerálta
agus ar gach gnothaighe coitchinn dá mbiaidh ag duine, acht
is cóir dhó a smuaineadh ar gach gníomh dá laeghatt, ionnas
go ndénomh é mar is mian re Dia a dhénamh dhó; agus an í naomhthoil
Dé an gníomh sin do dhénomh mar súd nó mur so, agus toil
Dé do bheith d'aon riaghuil aige san n-uile ghníomh; agus dá
bhfaicthidh dhó nach mian re Dia so nó súd do dhénomh
dhó, dá ttugthaidh an domhan uile do cheannach dhó, gan an
gníomh sin do dhénomh. Mádh is ní é is taitneamhach re Dia,
mar atáid oibreacha na subháilce, tugadh dá aire cionnas
is maith re Dia é dá ndéanamh. Mádh atá tú dol do dhénomh
urnaighe, smuain gurb í toil Dé thú dhá dhénomh go haireach
umhal, ó rún croídhe, agus déna mur sin í. Má chuireann
uachtarán ní d'fhiachuibh ort, smuain gurab í toil Dé thú dá
dhénomh go simplidhe, umhal, díthchiollach, gasda, gan
mhuill, gan leasgéal; agus mur sin ann gach gníomh eile,
féachmaoid air tús an bhfuil an gníomh ann féin dlisteanach
nó do réir thola Dé, agus 'na dhiaigh sin féachmaoid an modh air
ar maith re Dia sinn dá ndénomh. Más oibreacha iad nach
bhfuil maith nó olc ionta uadha féin, mádh déntar iad re
deaghinntinn agus ar son ghrádha Dé, dogheibhid luaighdheacht
mhór a bhfiadhnaise Dé. Mur sin is cóir dhúinn an uile
dhíthchioll do dhénomh gan an sochar ádhbhalmhór sin
do léigionn thoruinn dogheabham ag dénomh gach neithe ar
son Dé agus do réir a naomhthola; óir ris sin, na hoibreacha
nádúrtha, tógthar ós cionn nádúire iad, agus na hoibreacha
maithe nó subháilceach dá laeghatt, tógthar iad dochum
céima ghrádha Dé, an tan nach mian re duine a thoil féin


L. 67


do leanmhuin a n-aon ní acht toil Dé do chomhlíonadh, agus sin
ann gach smuaineadh accus ann gach gníomh dá laeghatt
nó dá mhéad, ionnas nach bhfuil riaghail eile aige ach toil
Dé amháin, ag rádh do ghnáth re Dáibhí, Psal.122: “Mar atá
súile an chumhuil a lámhaibh a baintighearna, mur sin ar
súilinne ag féachain air ar tTíghearna air nDia féin.”



Dá mbeith míle tuigsi againn agus míle súil, annsa bhfreachnadh
so amháin ba cóir dhóiph a bheith gnothaich. Mur sin do
rinneadar na naoimh agus doníd na haingil do ghnáth. Uime
sin sgríobhthar, Apocl.,4, go roibh na ceithre haingil rompa
agus 'na ndiaigh, amuigh agus astoigh agus 'na ttimchioll, lán do
shúilibh. Amhlaigh sin is cóir dhúinne annar n-uile smuaineadh
agus annar n-uile amharc féachain go grinn air thoil Dé, agus fonn
mór do bheith oruinn créad is mian re Dia do thuigsin, agus na
briathra úd Phóil, Act., c.9, a rádh go minic: “A Thighearna,
créad is mian leat do dhénadh dhamh?” Ris so is cóir dhúinn
an uile dhíthchioll agus dhúthracht do chaitheamh, agus cuntas
do bhuain dínn féin go haonracánach, cionnas dochuadhmar air
ar n-aghaigh san bhfreachnadh so. Cuirmaoid air n-uile
spadántas do leathtaobh, agus gach uair dá léaghmaoid nó dá
ccluinmaoid nó dá smuainmaoid ar thoil Dé, air an bpunc
chédna tionsganamoid re teasghrádh Dé an freachnadh so
mhairfeas dhúinn tré bhith síor, aga dhénomh air an talamh an
ní doníd na naoimh ar neamh, agus adeirmaoid go laethamhuil
annar bPaidir, ag aithris ar an mbannaoimh Gertrudis, ag a
mbíodh 'na béul agus anna croídhe do ghnáth na briathra so:
“Ná déntar mo thoilsi acht do thoilsi, 'Íosa iodhain.” Agus mar
badh é Críosd féin do mhúin an freachnadh so dhi, a hoibreacha
uile do thionsganamh a n-ainm Dé, ní hé amháin gach ní dá
léaghadh nó dá sgríobhadh, acht gach focal agus gach litir dá
léaghadh nó dá sgríobhadh; mar an ccéadna an biadh nó an
deoch, gach greim dá mblaiseadh, gach focal dá lábhradh,
gach caiscéim dá ttugadh, agus gach anál dá ttairrngeadh,
damádh 'na dúsgadh nó 'na codhladh dhí, a n-ainm Dé do
níudh iad, ionnas nach roibh cúram air bith urrthi acht
toil Dé do chomhlíonadh.


L. 68


Ris an bhfreachnadh ró-uasal, rothairbheach, ro-úras so
is féidir re neach siúbhal a bhfiadhnaise Dé gan bhuaidhirt
tuigsi nó cinn, acht sásudhadh romhór a thabhairt dá chroídhe
re hiomarcaidh foinn agus iolghairdis fhíormhilseachta ghrádha
Dé; óir an tí dobheir é féin air láimh a Chruthaighóra go
hiomlán, ní hé amháin go mbíonn ceangailte do Dhia go haonda,
acht donídh gach ní ar son Dé do ghnáth san ccéim is uachttaraigh
do ghrádh Dé, an tan nach lór leis fond do bheith aige toil
Dé do dhénomh, acht taisbénaigh ó ghníomh é - cruthughadh
dionngbhala deaghinntinne. Gibé duine fós donídh so, tréigfidh
a thoil féin go hiomlán agus dearbhuidh gur fíor na briathra úd
Chríosd, ag Matha,c.16: “Gibé rear mian misi do leánmhuin,
tréigeadh sé é féin.” Thairis sin fós, bíodh do ghnáth marbh
don tsaoghal, tréigeadh é féin go foírfidh, claochlódhadh sé
é féin, agus bíudh ré dochum an uile dheaghghníomha do dhénomh
do réir thola Dé; agus ceangaladh é féin go hiomlán rena
Chruthaighthóir, ag dénomh gach neithe mar is mian re Dia, air
an ádhbhar gur tarcuisneach a thoil féin, agus nach bhfuil aige
acht toil Dé.



Dogheibh fós ris so glaine oirdheirc croídhe mar nach mian
leis aon ní acht mar is mian re Dia, agus nach ttugan aire do
ní ar bith acht do thoil Dé amháin; agus mur sin bídh saor
ón uile bhuaidhirt inntinne. Is é an freachnadh so críoch
agus foírfeacht an uile shubháilce; slighe choitchinn, chaomhanta,
aithghearr é ag a bhfuil nísa mhó do luaighdheacht ná
mar atá ag freachnadh ar bith eile; riaghail ghenerálta re
ttoimhistear na subháilce eile, agus athchuimireacht na beatha
spioradtálta a chongmhus ann féin an uile theagasg riachttanach
dochum na beatha síorruidhe.



Fa dheóigh, is aontugtha fa dear san n-uile urnaigh dá
laeghatt an ní úd do mhúin Críosd don mbannaoimh Gertrudis
agus do naoimhaibh eile, agus do theagaisg dhúinn san bPaidir, agus
adubhairt féin san ghairdín: “Ó, 'Athair, déntar do thoil; ní
hé an ní is mian liomsa acht an ní is mian leatsa.” Mur sin is
cóir dhúinne a smuaineadh agus a rádh go minic: “Air nAthair,


L. 69


déntar do thoil air an talamh mar donídhthar air neamh.”
Is mór tarbha na mbriathar so mádh deirthir iad, ní hé amháin
ag moladh Dé agus dá bheannughadh, agus ó mhaothghrádh foinn é
féin do chur re toil Dé, acht fós mar ghuidhe agus mar úrnuighe
air son glóire Dé agus grádh a chomharsan, ag iarraigh air Dhia go
dúthrachttach an n-uile dhuine do chomhlíonadh a naomhthola,
an ní is feárr is féidir linn do ghuidhe dar ndearbhráithreacha.
Ris an n-úrnaigh aithghirr so comhlíonadhmuid grádh Dé agus air
ccomharsann, ag moladh Dé agus ag ceangal ar n-anma ris, agus ag
dénamh sochair dar mbráithribh, ag guidhe air a son agus ar son
hEaguilsi, agus ar son dhaoine an domhuin, ag iarraigh air
Dhia dhóiph an ní is mó atá 'na riachttanas orrthu agus is tárbhuidh
dhóibh - obair a ttiúbhraidh Dia mórluaighdheacht air a son.



An 15 Caibidil.



SAN N-UILE NÍ IS CÓIR DHÚINN TOIL DÉ DO LEÁNMHUIN.



Is truaillidhe dhúinn mádh thionsgnamaoid ní comh
tarbhach tábhachttach ris so re falsacht nó re dimbrígh, ag
tabhairt coda dar ttoil do Dhia agus an chuid eile dá congbháil
againn féin. Is éigin an tabhartas a bheith iomlán, óir ní
fhuilngean árdtiarttas Dé oruinn tíghearna air bith eile. Is
mór a mealltar an tí air 'mbídh faitíus é féin do thabhairt
do Dhia go hiomlán, aga mheas gur ní cruaidh tuirseach gan
a thoil féin do dhénomh a n-aon ní. Acht ní hádhbhar eagla
sin, acht is é ádhbhar guaisi is mó atá againn, ar ttoil féin do
leanmhuin anna ní air bith.



An chéd uair, óir claonadh dá laeghatt, gur féidir ris ar
milleadh, an tan do ghlacas an díabhul airneis ris annar
ccroídhe, agus congmhaoidh ceangailte aige féin é, mádh dogheibh
fonn dá laeghatt neamhordaighe ann; ar an ádhbhar gur lór sin
dochum a nirt agus a bhríghe do bhuain as an anam, mar do theagbhas
don leóghan, ris a n-abair S. Eiphrem, ar son go bhfuil
ro-láidir, mádh bhaineann aon ruibe amháin dá mhoíng re
talamh, go ccaillionn a bhrígh agus a neart. Adeir fós S. Doroteus,


L. 70


dá mbeith aon ionga amháin ris an ilar anna ndul nó a líon, agus
a chorp uile acht sin fa réirr, go ccaillionn a neart uile ó an
ccuid mbig sin do bheith ceangailte dhe comh maith agus dobheith
a chorp uile ceangailte. Air son gur fíor nach ní beag gan
ní dá laeghatt do thréigion ar son Dé, ní hé amháin an ní
féin is cóir do mheas acht nar chlaoidheamar ar ttoil féin
anna ní gan tábhacht ar son Dé agus a dheaghthola dhúinn; óir
is mór an dombuidheachas dhúinn gan toil Dé do chomhlíonadh
annsna neithibh nach bhfuil saothar nó dócmhal ionnta
agus nach rachadh a ttarbha air bith dhúinn féin.



An dara hádhbhar, óir is díomhaoin do dhuine a mheas go
bhfuíghe na sochair agus na pribhiléide dogheibh a' mhunntir
a chomhlíonas toil Dé, muna ccoimhlíonaidh sé féin mar an
ccédna í ann gach ní. Gidheadh, ní dhéntar so go bráth gan
duine do thréigeann a thola féin, ionnas gur mór an mearughadh
a mheas gurab ádhbhar tuirsi nó dubróin do dhuine a thoil
féin do chur ar láimh Dé agus a tréigion mur sin; agus gibé nach
dénaigh so, ní bhfuíghe sé an fadhbhar neamhdha agus an mhillseacht
nach féidir d'fhoillsighedh, dobheir Dia don lucht do
chomhlíonas a thoil, ann nach bhfuil acht rannphairt an
tsóláis rena bhfuil Dia féin glórmhur go síorrthuidhe. Ní
dhénann fós toil Dé an tí nach dénann í ann gach aon ní, air an
ádhbhar gurab í toil Dé sinn féin do chur rena thoil ann gach
aon ní, agus gan ar ttoil féin do leanmhuin anna ní ar bith,
ionnas gurab é so amháin atá iomchubhaidh dhúinn; agus gibé nach
dénann réir thola Dé, ní bhfuil ceart aige grása nó fádhbhar
spéisialta d'fhagháil ó Dhia, nó an t-iolgháirdius sáimhmilis úd
do ghabháil dobheir Dia don muinntir a thréigeas a ttoil féin.



Uime sin adeir go minic an duine diadha Baltasar Albhares:
“Amhuil do chanas an Eagluis air na mairtíribh, re bás
aithghearr go bhfuaradur sealbh na beatha síorrthuidh; mur sin
do na fíoréanchaibh do chráidhios iad féin re bás aithghearr,
.i. iad féin do thréigean, dogheibhid an ciúnas is mó is
féidir d'fhagháil san ngleann so na ndeór; acht gibé nach
dénann an tréigean so go hiomlán, bídh do ghnáth go gearánach
ag iomchar na croiche agus ní fhaghan bás inte - ní so
atá dílios do na fíréanchaibh.”


L. 71


An freachnadh so, é féin do thréigion go hiomlán, agus 'thoil
féin do chur re toil Dé, ní féidir a ruinn acht aon ní amháin
é do chongmhas an n-uile ní ann féin. Agus mar is bréag a rádh
go bhfuil duine márbh an feadh a bhíos anál na beatha ann
óir ní féidir a rádh go bhfuil duine marbh an feadh a bhíos
beódhacht ar bith and, mur sin, mádh donídh duine ní dá
laeghatt ar a thoil féin, ní chomhlíonan toil Dé go hiomlán
agus ní bhfuil marbh i gCríost, mar fhoíllsigheas ar Slánuighthóir
re cosamhlacht ghráinne árbha nach ttugan tóradh ar bith
uadh, muna marbhthar san talamh é, Johan. xii, 24, 25.
An chuid eile fós don uirsgéal chéadhna, a thaobhas linn ar
ttoil féin do mharbhadh, agus rena ccurthur ríoghdhacht nimhe
a ccosamhlacht, foíllsigh dhúinn gur cóir dhúinn tréigean
ar ttola féin a bheith iomlán gan ruinn ar bith, mar atá
órchiste a bhfolach, cloch uasal, gurab air a grádh do reac
an ceannuighe a roibh aige don tsaoghal agus do cheannuigh í,
ionnas nar fhágbhadh ní ar bith aige féin nach ttug urrthi.



Is truagh an ní go bhfaghthar daoine, tair éis saothair
mhóir do chaitheamh a neithibh móra rena ndrochchlaonta
féin do chlaoi, go ccongmhuid a ttoil féin a neithibh éadruma
ar son sámhuis gan bhrígh a gheibhid ionnta. Ga déaram
ris an duine dothug míle ponta air earradh ro-uasal, agus ar
son aon phighine amháin táiris sin do thabhairt air, do léig
an cheannuighdheacht dé? An ní céadhna a chiallaighios an
líon lacha, ag Eóin, c.21, dobhí lán d'iasg mhór agus nachar
imidhi aon iasg díobh. Ag Marcus, c.4, adearthar, an gráinne
mustaird gur lúgha é ná aon síol eile air an talamh, acht an
tan a curthar é, agus fhásas, is áirde é ná aon luibh eile. Mur
sin anna neithibh beaga, is mór an tóradh agus an tábhacht a
bhíos ionnta, ionnas nach cóir tarcuisne do thabhairt orrtho,
dá laeghatt dá mbiaid. Mur sin, ní as a méad ach as a mbrígh
a bhíos ionnta is cóir a meas. Tréigeadh gach duine re hinntinn
uasail é féin go hiomlán agus gabhadh Críosd do bharánta,
agus comhlíonadh toil an Athar neamhdha ó rún croídhe, agus
cuireadh a ccéill dhó féin ná biadh dogbhal ar bith anso ach
go mbeireadh duine buaidh air féin agus go ccuireadh a thoil
go hiomlán re toil Dé.


L. 72


Is rofhíor do chan an seanmhanach, an tan a bhíos
duine dhá chlaoi féin go bhfaghann doghbhal, acht an uair do
chuirios a thoil féin go hiomlán re toil Dé, ní bhíonn saothar
air, acht biadh comh áluinn re rósa, amhuil a bhíos na neithe
faoi chiaidh, ar mbeith don aer dorcha lán do nélluibh, agus
ar n-éirighe don ghréin agus ar sgrios na dorchachta, tig gné
áluinn orrtha. Mar an ccéadna a theagmhas don tí dogheibh
an solas deálradhach so thola Dé, dobheir iolghárdas mór
dá inntinn agus díbridh an uile dhólás na beatha so aisdi.



Is dearbh, gibé nach dénann so nach ttugann sásadh
iomlán do Dhia agus dá árdtighearnttas air, óna bhfuil d'fhiachuibh
air, re hioliomatt titul, gan ní ar bith do dhénomh acht do
réir thola Dé; agus ar son go ndénadh duine gach ní iarras
aitheanta agus dlíghadh Dé air, ní féidir dhó buidheachas iomlán
do thabhairt air son gach grása dá bhfuair agus dá bhfaghann ó
Dhia. Ní féidir re duine air bith buidheachas iomlán do
thabhairt do Chríosd air son gach tiodhlaice dá ttugann do
na daoine, acht fós ní dhénaid an ní is féidir leó do dhénomh.
Uime sin, an onóir ádhbhalmhór úd, a bheith sínte re Críosd
san ccroich, ní fhagháitt fós, agus ní aithníghid aingle Dé mar
cháirde dhóibh féin iad, an tan dochíd aon ní dá ttoil féin ná
dá ngrádh ionnta. Ní bhlaisid fós an chailís úd atá searbh 'na
huachttar agus anna híochttar lán do mhil; agus gibé nach ibhionn
í gus an mbraon dhégheanach, ní bhlaisionn a milseacht go
hiomlán, agus ní fhaghann na sochair agus an tarbha a tig do dhuine
as é féin do thréigion go hiomlán. A chontrárdha sin, atá nimh
air iomchar ag an tí nach ttréigion é féin, .i. a thoil, donídh
nísa mhó do dhíoghbháil dhó nó is féidir rena bhfuil a n-iffrionn
uile do dhénomh dhó. Ní bhfuíghe fós Críosd go bráth, óir ní
iarrann mar is cóir é, agus ní leanan sé a lorg, mar adeir Críosd
féin: “Gibé rear mian misi do leanmhuin, tréigeadh é féin agus
tógadh a chroch”, ag Matha,c.16.



Féachmaoid go grinn re súilibh na tuigsi ar chrích na
hoibre so, agus ná géillmaoid do shaothar ar bith; óir is í is
croch dhó, síthcháin an anma, ríoghdhacht nimhe, sealbh
Chríosd, agus Dia féin d'fhagháil. Uime sin iarrmaoid Críosd,
ní atá rotharbhach dhúinn, mur do iarr sé inn, gan sochar
air bith dhó féin ann. Iarrmaoid é ris an uile dhíthchioll, óir


L. 73


mar adeir an doctúir aingli S. Tomás: “d'iarr sé go dúthrachttach
aon phighin amháin nó go bhfuair í. Agus is aonchomharthuigh
nach abair Críosd gurab é a ceannach dorinne
acht go bhfuair í, ar son gurab air 'fhuil fhíruasail féin, re bás
cruaidh na croiche, do cheannuigh an cineadh daonna, do chionn
go raibh fonn comh mór agus sin air an cineadh daonna do shlánughadh
gur mheas gurbh éadáil ris an duine do shaoradh as
cumhachtuibh an diabhuil, agus a tharraing dochum na glóire
síorraidh dochum ar cruthaigheadh é. Is tugtha fós fa dear gur
ghair sé na haingil uile dochum comhlúathgháire do dhénomh,
ní ris an bpighinn dofríth, nó ris an duine, acht ris féin,
amhuil gurb é an duine bá Dia dhó, agus nacharbh fhéidir re Dia
a bheith glórmhar beannuighe, muna bhfághadh se an duine do
bhídh air seachrán.” Gus so briathra S. Tomás.



Uime sin, is iomchubhuidhe dhúinn ar ndombuidheachas agus
ar mainneachta do cheartughadh, óir mádh d'iarr Críosd
inn go rodhíthchiollach, créad fa bhfuilmaoidne dá iarraighsion
re magadh nó re súgradh? Más beagán measa dobhídh ag
Críosd air ar fhuilaing sé air ar son, tré mhéad an fhoinn do
bhídh air ar slánughadh, créad fa bhfuil meas mór againn air
ní gan éifeacht, as a léigmaoid dhínn ar mórshochar féin,
agus fós níis mó ná sin, glóir agus onóir Dé do mhéadughadh, mar
atá a thoil do chomhlíonadh? Dobheir Dia é féin dhúinn
go tabhartach daondachttach, créad fa nach ttugmaoidne sinn
féin go hiomlán dhó? Ó, nach malluighe gránna díomas na
ndaoine, ní hé amháin ó bhréithir acht ó ghníomh, a mheasas
gur fearr iad féin ná Dia síorrthuidhe, air a bhfuil d'fhiachuibh
ó chonradh cheart, atá rotharbhach dhóiph féin, iad féin
do thabhairt do Dhia go hiomlán, an tan a tug Dia ar ttús
é féin go hiomlán dóiph?



Meas fa dheóigh nach féidir re haon neach é féin do chlaoi
anna neithibh árda dogbhalacha, muna rug buaidh air féin ar
ttús anna neithibh sódhéanta, agus é féin d'ullmhughadh ris an
aimsir dochum neithe mór do dhénomh. Ionnas gur fíor
adubhairt Ricárdus Victorínus, p.2, c.21, in Cant.: “An tí do
bheir a bheatha suas go hanbhfann sgaoilteach, dobheir neart
dá náimhaid ann' aghaigh féin: ionnas go nglacadh neart
agus go mb'éidir dhó seasadh ria, tionsgnadh ó na neithibh beaga


L. 74


agus dénamh buaidh do bhreith ionnta go díthchiollach, ionnas,
re mbuaidh do bhreith ionnsna neithibh beaga, go nglacadh
neart dochum neithe móra do chlaoi.” c.16.



An 16 Caibidil.



AN MODH FÍRINNEACH AIR AR CÓIR DO DHUINE
É FÉIN DO CHUR RE TOIL DÉ.



Ní an gach aon ní do dhénomh air son Dé atá comhlíonadh
a thola go foírfidh, acht fós, gach ní dá tteagmhunn go
contrárdha dhúinn iomchar go foíghideach lúathgháireach;
ar an ádhbhar, an tan do chuirmaoid sinn féin go hiomlán re
naomhthoil Dé, ní léigean ní ar bith do theagmháil dúinn
acht ní dothéid dochum maithiosa agus tarbha dhúinn. Foillsíghim
so re sompla lán do dheaghtheagasg, mar aithrisius Taulérus
a theagbháil do dhiadhaire áiridhe anna ccomhrádh re duine
bocht do chuir Dia chuige dochum na diadhachta neamhdha so
do theagasg dhó. Cuirim annso síos an comhrádh do thárla
eatorro, óir tárringhidh sinn dochum tola Dé do chomhlíonadh,
agus foillsighe na sochair mhóra agus an tarbha atá ann. Ag so an
sgéal féin.



Diadhaire óirdheirc do smuain aige féin nar lór dó méad
'fhoghluma dochum seirbhísi Dé do dhénomh mar búdh cóir
dhó, do ghabh ag guidhe Dé go dúthrachttach fíréan éigin do
chur chuige do théigasgadh dó slíghe na fírinne. Do chaith ocht
mbliadhna ag guídhe Dé mur sin. Fa dheoigh, a táinig guth ó
neamh chuige ag rádh ris dol go doras an teampuill agus go
bhfuígheadh ann duine do mhúinfeas slíghe na fírinne dhó. Do
chuaidh amach agus dofuair duine bocht a ndoras an teampoill,
coslumnachta, salach, lán do chnéadhibh agus do chréachtuibh,
ag silúdh fola agus fúlraigh, agus 'éadach fós briste air, narbh
fhiú trí pighinne uile é. Dobhídh a ghné comh bocht gránna agus
sin, dá mbeith gan focal do labhairt, gomadh díol truaighe é.
Gídheadh, dofuair an diadhaire so léigheas spioradtálta agus
fóghluim íongantach uadh, an mhéid bá mian ris, agus do thuill


L. 75


a ghnáthghuidhe úmhal dó ón mbocht chédna, mar is follas as
an ccomhrádh dobhídh ag an diadhaire ris, ag rádh: “Go ttugadh
Dia maidin shona dhuit, a dhearbhbhráithir.”



Air an bocht: “Dobheirim buidheachas ar son na maithiosa
a d'iarrais dhamh; gídheadh, ní cumhain liom a chontrárdha
sin do theagbháil dhamh ariamh, nó tús lae nach beith
sona dhamh.”



Air an diadhaire: “Bíodh amhluigh mar adeir tú, agus amaille
ris na laeithibh maith sin, go ttugadh Dia fortúin mhaith dhuit.”



Air an bocht: “Is mór na maithiosa sin iarras tú dhamh
agus go ndearna Dia mur sin é; acht go fírinneach, ní roibh
drochchinneamhain agam ariamh, agus ní thárla ní contrárdha ar
bith dhamh.”



Air an diadhaire: “Ris an deaghchinneamhain sin agatt,
go ttugadh Dia dhuit, a dhearbhráithir, a bheith sona go
síorrthuidhe; acht ionnas nach béinn fadálach, ní thuigim go
maith do chomhrádh.”



“Adeirim riot”, ar an bocht, “más iongnamh leat é, nach rabhas
ariamh acht sona agus go bhfuilim anois amhluigh.”



“Dia do bheannadh dhuit,” air an diadhaire, “agus labhair
liom go follas, óir ní thuigim do chomhrádh.”



Air an bocht: “Do dhéna mé sin go toiltenach. An cumhain
leat gach modh air ar bheannuigh tú damh?”



Air an diadhaire: “Is cumhain go maith; a d'iarr mé ar Dhia
maidin shona do thabhairt dhuit, fortúin mhaith, agus a bheith
sona go síorrdhuidhe.”



Air an bocht: “An cumhain leat gach freagra dá ttugas ort?”



Air an diadhaire: “Is cumhuin go deimhin, ag rádh dhuit
nach roibh maidin chontrárdha, drochchinneamhain, nó míshéan
ar bith ort ariamh. Ag so do fhreagra, agus do bhrígh go bhfuil
dórcha oram, adbhuídhim go fírinneach nar thuigius í. Uime
sin, guidhim aridhís thú a míniughadh dhamh.”



Air an bocht: “Tuig so, a dhearbhráithir, gurab iad laethe
sona a bhíos againn, gach lá do chaithmaoid re moladh Dé,
óna bhfuil ar mbeatha againn, agus gurab iad na laethe contrárdha
bhíos againn, gach lá dá ccaithmaoid gan glóir nó


L. 76


onóir do thabhairt do Dhia; agus gach neithe dá tteagbhann
dúinn más sona nó dona iad, amaille re cuidiughadh Dé, is
féidir linn agus atá d'fhiachuibh oruinn ó rúan croidhe é féin do
mholadh; agus donídh ar ttoil féin, arna neartughadh re grásuibh
Dé, laethe sona do bheith againn do ghnáth. Duine bocht mé,
mar dochí tú, agus ní bhfuil ní ar bith air an saoghal so agam, agus mar
dheóraigh atáim ag siúbhul an domhain. Ní bhfuil ní agam re
mo bheatha do chothughadh agus ní bhfuil áit chomhnuighe agam;
uime sin is éigin dhamh mórán siúbhuil agus anróigh d'fhulang.
Má bhíonn ocras orum agus nach bhfuighe mé duine a bhéarus
déirc dhamh, moluim Dia ar a shon sin. Mádh thuitionn
sneachta nó fearrthuinn orum, más soínionn nó doíneann a bhíos
ann, moluim Dia mar an ccéadna. Mádh bhíonn fuacht orum
agus mo cheirteach briste, moluim Dia. Más bocht tarcuisneach
mé, moluim Dia. Fa dheóigh, ní bhfuil ní ar bith dá chontrárdha
do theagbhas dhamh nach moluim Dia air a shon. Air
an ádhbhar sin ní roibh drochmhaidin agam ariamh. Más
olc nó maith doníd na daoine orum, moluim Dia, agus cuirim
mo thoil féin go hiomlán rena thoilsion, agus dobheirim buidheachus
agus moladh dhó. Deárbhuim dhuit nach iad na neithe
contrárdha dobheir drochlaethe do bheith againn acht air
mífhoíghid féin, as a ttig dhúinn nach ccuirmaoid ar ttoil féin
re toil Dé mar is iomchubhuidhe, agus nach bímaoid ag moladh
Dé do ghnáth.”



Ar an diadhaire: “Is ciallaighe réasúnta gach ní dar labhruis
ar laeithibh séanmhura sona, agus tuigim gurab sin na laethe
maithe a caitear re moladh Dé.”



Air an bocht: “Is uime sin adubhairt mé nach roibh míshéan
oram ariamh agus nach ttarla ní contrárdha ar bith dhamh, agus is fíor
dhamh sin, óir a measuim mar shonus gach ní dá tteagbhann
dhamh, air mhodh nach féidir liom féin iarraigh nías feárr;
acht is dearbh, gach ní is toil re Dia do thabhairt dhúinn nó do
léigion oruinn, nach bhfuil ní is feárr dhúinn ná é. Uime sin, ní
hé amháin mé féin ach gach duine eile a mheasus na neithe
mar is cóir do chríosduidhe, agus agana bhfuil súile na tuigsi
fósgailte aige, atá sona deaghchinneamhnach, mádh ghabhann
chuige go maith gach ní dá tteagbhann, nó dogheibh ó láimh


L. 77


Dé, nó do léigus Dia do dhénomh, air an ádhbhar nach féidir
ní is feárr ná sin do theagbháil dó.”



Air an diadhaire: “Abair riom, a dhearbhráithir, cionnas do
chuireas tú a ngníomh an teagasg maith agus an fhírinne rofhollas
sin, rena bhfuil tú sona beannuighe mar adeir tú?”



Ar an bocht: “Is feas dhamh mó bheatha do chur re toil Dé,
air an modh air a ccuireann mac rena athair; agus smuainim
agam féin go cinnte gurab Aithair romhaith é Dia, agana
bhfuil cion éagmhais air a chloinn, agus go bhfuil glic cumhachttach,
agus go bhfuil fiosach, agus gur féidir leis gach ní is mó tárbha
dá chloinn do thabhairt dóiph. Uime sin, gach ní dá tteagbhann
dhamh, más taitneamhach nó contrárdha é, más searbh
nó milis é, más onórach nó náireach do réir mheasa na ndaoine
é, mádh atá fós maith nó olc do mó shláinte, gabhaim chugam
go fonnbhar lúathgháireach é mar ní rótharbhach, agus bím
toilteanach ris; agus atáim cinnte nach bhfuil ní is mó is iomchubhuidhe
dhamh ná sin. Air an ádhbhar sin, gach ní dá
tteagbhann dhamh, measuim gur fortúin mhaith í, agus dobheirim
buidheachas do Dhia ar a shon.”



Air an diadhaire: “Guidhim thú, mínigh dhamh an treas
freagra a thugais orum, ag rádh nach roibh sonus beannuighe
ar bith d'easbhuidh ort, óir ní thuígim go maith í; agus measuim
nach lúgha an bhrígh atá innti nó atá ann gach freagra eile dá
ttuguis orum.”



Air an bocht: “Dodhéana mé sin re congnamh Dé, agus tabhair
aire dhamh. Is é a mheasmaoid bheith sona beannuighe eidir
na daoine, an tí dogheibh gach ní is mian leis agus donídh a
ghnóthaigh féin go maith do ghnáth, agus a ndéantar a thoil
ann gach aon ní. Anois, is dearbh nach féidir re duine ar
bith a leanus dlíghudh agus reacht an tsaoghail so teacht dochum
an tsonuis bheannuighe so; agus is fírinne fhollus so gan
contábhairt ar bith; acht atá sé go hiomlán foírfidh ag
naomhuibh fhlaithis Dé, do bhrígh nach mian leó ní ar bith acht
a' ní is mian re Dia. Mar an ccédna a theagbhus do na
daoinibh ar an saoghal so. Gibé mharbhas 'antoil féin agus a
chuireas a thoil re toil Dé, agus a bhíos deóntach ar gach ní dá
ndénann Dia, más ris féin nó re duine eile a bhainios, is
féidir linn a rádh gur duine beannuighe é air an saoghal so;


L. 78


óir mar dochí gach aon ní aige dá dhénomh do réir thola
Dé, is é sin is mian ris.”



Ar an diadhaire: “Guídhim thú, cionnas do chuireas tú
sin a ngníomh?”



Ar an bocht: “Do chuir mé romhum go daingean diongmhála
mé féin do cheangal re toil Dé, agus do chuir mé mo thoil ar a láimh,
iondus nach mian leam ní ar bith acht an ní is mian re Dia.
Fós, ní bhfuil mo thoil féin agam níosa mhó. Uime sin atáim
rochiúin, roshocair, roshásda, agus mur sin measuim mé féin a bheith
sona beannuighe, óir taitnidh liom go mór gach teasgadh a
chuireas Dia dhíom gus is mó an sólás dogheibhim annsin ná
dogheibh na daoine a leanas dá n-antoil féin.”



Ar an diadhaire: “Anois tuigim cionnas atá tú sona beannuighe,
agus dochím gur fíor gach comhrádh dar chanuis riom;
acht fiafraoim dhíot, créad dodhénta dá ttógra Dia do chur
go hiffrionn?”



Air an bocht: “Dá ndénamh Dia sin, atá dhá láimh spioradálta
agam do chuirfinn 'na thimchioll: lámh chlí na humhlachta,
agus chuirfinn í so faoi mo Thighearna Críosd, agus is ria atáim
ceangailte dá dhaonnacht bheannuighe; an lámh dheás, an
grádh, rena bhfuilim ceangailte dá dhiadhacht; agus atá sé mur sin
ceangailte agam go rodhaingean ris an dá láimh sin, air mhodh
dá ccuireadh go hiffrionn mé, gan smál peacaidh orum, nach
beinn gan Dia agam; óir go rachadh liom go hiffrionn; agus
bá fearr leam a bheith i n-iffrionn, agus grádh Dé agus Dia do bheith
agam, ná bheith air neamh nó a n-áit ar bith eile dá haoibhne
agus gan Dia nó 'ghrása do bheith agam.”



Air an diadhaire: “Muna bhfuil dearmud orum, is é is mian
leat a rádh gur slighe aithghearr dochum Dé úmhla fhírinneach,
agus mar d'aithin Dia dhínn grádh do bheith againn air, agus nach
ttiúbhradh aithne chontrárdha dhúinn go bráth; ionnas gur
féidir linn a rádh ris an mórdhacht shíorruidhe úd: “A
Thíghearna, acht grádh do bheith agam ort, a bheith seasmhach
ann do ghrásuibh, agus a bheith dod mholadh do ghnáth, déna liom
dho réir do thola féin; óir biaidh an uile áit aoibhinn agam,
mádh bhíonn tusa mo chuideachta.”


L. 79


Air an bocht: “Is maith do thuigis mé, agus a' bhfuil ní ar bith
eile 'na chontabhairt ort?”



Air an diadhaire: “A dhearbhráthair, bá maith liom
fós a fhios so do bheith agam; ó tá tusa comh ceangailte agus
sin re Dia, ca háit a bhfuíghe mé é dochum mé féin do cheangal
ris? Agus creidim nach bhfuil áit arb iomchubhuidhe dhamh
iarraigh ná san áit a bhfuair tusa é.”



Air an bocht: “Ní bhfuighe tusa ná misi nó neach ar bith
eile Dia acht san áit a ttréigfidh sé an uile chréatúir air ghrádh
Dé.”



“Ca háit ar fhágbhaidh tusa Dia?” ar an diadhaire.



Air an bocht: “Annsna croidhthibh glana agus annsna daoinibh
deaghtholach; is ionnta d'fhághbhas é agus is ionnta doghéibhim é.”



Air an diadhaire: “Tabhair cead dhamh aon ní amháin eile
d'fhiafraigh dhíot: cia thú féin?”



Ar an bocht: “Tuig gur rígh mé, agus atá mé mó rígh go deimhin.”



Ar an diadhaire: “Más fíor gur rígh thú, cá bhfuil do ríoghdhacht?”



Ar an bocht: “Atá mo ríoghdhacht ann mh'anam, óir is fios
dhamh mo chédfadh inmheodhónach agus foirmealach do
riaghlúdha, agus mo uile chlaonta agus brígh uile mh'anma do smachtúdh
re céill agus re réasún; agus dearbhuim dhuit, a dhearbhráithir,
gur fearr an ríoghdhacht so ná ríoghdhacht na cruinne céthardha
gan chontabhairt ar bith; as 'ttuigfidh tú gur fíor dhamh
a rádh gur rígh mé, óir dofuaras maille re grásuibh Dé an
ríoghdhacht air ar lábhras.”



Ar an diadhaire: “Dochím gur mian leat a bheith ar
siúbhal; agus innis dhamh, ca bhfuil tú dol?”



Ar an bocht: “Rachadh mé san áit as a ttángas.”



Ar an diadhaire: “Cá háit as a ttánguis?”



Ar an bocht: “Ó Dhia thángas agus dochum Dé atá mo
shlighe ar ais; agus is é Dia féin is cuideachta dhamh; agus múna
ttuigionn tú go lór an ní adeirim, adéarad leat go follas é.
Ar an adhbhar go bhfuil Dia a láthair san n-uile áit, agus
go bhfuil san uile chréatúir, agus ar son go cclaochlóimsi áit,
agus go bhfaicim créatúridh agus créatúridh eile agus go labhruim leó,
dogheibhim Dia ionnta uile; agus is mó dochím Dia ná


L. 80


créatúridh anna bhfaicim é. Gibé créatúir fós nach bhfuighinn
Dia ann, dobheith fuath mo námhad agam air.”



Ar an diadhaire: “Cionnas a táinig tú dochum na foirfidheachta sin?”



Ar an bocht: “Re trí neithe, .i. a bheith mo thocht do
ghnáth, smuaintigh árda do bheith agam, agus mé féin do cheangal
re Dia, ar mhodh nacharbh fhéidir liom ciúineas d'fhagháil anna
ní ar bith faoi Dhia. Agus dofuaras Dia mur sin, agus atá síthcháin
agus ciúineas síorruidh agam ann. Thusa mar an ccéadna, más
mian leat a bheith foirfidh, ciúineas agus síthcháin inntinne do
bheith agatt, ná hiarr é anna ngrádh créatúir ar bith, agus
ná tabhair meas air, mádh chuirionn toirmeasg ort thú féin
do cheangal re Dia. Coimhéid na trí neithe adubhairt mé
shuas. Ná labhair mórán; seachain caidreamh agus comhlódar
na ndaoine, más maith riot gan síthcháin h'anma do chaill agus
an lúathgháire dogheibhmaoid ag smuaineadh air Dhia linn
féin. Déana díthchioll gan a bheith a smuaineadh ar neithibh
talmhuidhe saoghalta, is gearr a mhairfeas, acht ar neithibh
diadha síorruidh; ní ar neithibh daonna colluidhe acht
ar na neithibh spioradtálta do cheanglas an duine re Dia.
Tárraing thú féin ón uile chréatúir amhail agus nach beithdís
ann. Meas fós go bhfuil an saoghal marbh agus nach bhfuil ann
acht toigh re thínidh, as a tteithionn gach duine rear mian é
féin do shábháil. Mar an ccéadna, teithsi ón tsaoghal; agus ris
sin biaidh tú iomchubhaidh dochum thú féin do cheangal re
Dia, agus doghebhadh tú ciúineas agus síthcháin inntinne ann.
Fós, guidhim an Dia cédna go ttugadh sé grása dhuit agus go
ndéna sé iomchubhaidh thú dochum gach teagaisg dá ttug mé
dhuit do chur a ngníomh.”



An 17 Caibidil.



AN T-ÁDHBHAR IS MÓ AIR AR CÓIR DHÚINN TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH AGUS
AR TTOIL FÉIN DO CHUR RENA THOIL.



Ar son gurb iomdha ádhbhar agus cúis do chuirios d'fhiachuibh
oruinn toil Dé do chomhlíonadh agus ar ttoil féin do chur ria,
agus sin ó iliomad titul, atá tarbha mhór dhúinn a fhios do bheith


L. 81


againn an t-ádhbhar prionsiopálta agus is mó luaighdhacht
dhúinn fa air ttoil féin do chur re toil Dé; óir gibé rear mian
toil Dé do dhénadh go foírfidh iomlán, ní lór leis a thoil do chomhlíonadh
acht gach ní dá ndénadh do dhénomh air an modh air
ar mian re Dia é dá dhénomh; ionnas gur móide do thaitéanamh
re Dia, dobhéaradh buídheachas dá Chruthaighthóir, agus do
gheabhadh féin luaighdhacht as. Is féidir linn toil Dé do
dhénomh do bhrígh gurb é ar n-árdTighearna é, ag a bhfuil
d'fhiachuibh oruinn úmhla do thabhairt dó agus seirbhís do
dhénadh dhó; do chionn gurab é ar nAthair roghrádhach
é, air ar cóir dhúinn a chomhuirle agus 'aithne do dhénomh go
hiomlán éasgaidhe nó go hollamh; nó gurb é tug tíodhlaice
móra dhúinn as ar cóir dhúinn buidheachas do thabhairt dó;
nó gurb é dobheir luach ar saothair dhúinn go fírinneach,
dúthrachttach, daonnachttach, nó gurb é so ní is fearr, is
tarbhuidhe, is onóraigh agus is iomchubhuidhe don nádúir
dhaonna. Is rosholléir naomhdha iad so uile dochum gach
duine do ghríosadh do bheith fallsa nó mainneachtach fa thoil
Dé do chomhlíonadh; agus gach duine dá mbíonn amhlaigh, is
dearbh go ttugann tarcuisne don cheart atá ag Dia oruinn ar
ttoil féin do thréigion agus a thoilsion do dhénomh. Gídheadh,
níor thaisbéin mé fós an titul is onóraigh, an ceart is daingne agus
is cruaidhe agus is mó thaitneas re Dia féin, dar cóir dhúinn sinn
féin do chur a n-oireamhain.



Is deimhin, dá ndénadh duine an n-uile ghníomh do réir
thola Dé ar son gach réasúin mhaith bheannuigh dá ndubhramar
agus dobheir congnamh ádhbhalmhór dhúinn, ní thiúbhradh
sásughadh go lór don mian agus don bhfonn atá air Dhia níosa mhó
do naomhthacht do bheith ionnuinne, .i. a bheith naomhtha
foírfidh mar atá ar nAthair néamhdha, ag Matha, c. 5; óir
ris sin ní thig dochum céime uachtraigh na foírfidheachta agus
dochum na haithne is mó tug Dia dhúinn, ag rádh, Deuteron.,
c.6 agus ag Matha c.22: “Grádhuidhe do Thíghearna Dia ó rúan
croídhe agus ón uile neart anma agus inntinne.” Agus ar son, dochum
aitheanta Dé do chomhlíonadh, nach riachttanach gach aon ní
ar ghrádh Dé go fírinneach do dhénomh; gídheadh, is ro-iomchubhaidh
dhúinn a dhénomh dochum sásuidhe do thabhairt


L. 82


don rofhonn atá air Dhia sinn do bheith naomhtha foírfidhe.
Uime sin a thaobhas rinn go díthchiollach an freachnadh so
do leanmhuin; agus ionnas go rachamaois air ar n-ághaidh, iarruigh
oruinn go rocharrthanach a thoil féin do chomhlíonadh re
grádh éagmhuis, nértmhar, díleas, fírinneach, agus ní fá ádhbhar
ar bith eile acht do chionn gurb é Dia é féin, ag grádhughadh
na maitheasa íongantaigh úd, lúathgháire do bheith oruinn
fa gach foírfidheacht dhochríochnuidhe dá bhfuil ann,
agus iolgháirdios do bheith oruinn fa mhéad a sháidhbhris, a
ghlóire, agus a mhórdhacht.



Thairis sin, gibé nach ccomhlíonan toil Dé do bhrígh gurb é
Dia féin é, ní chomhlíonan í air an modh is mó rear mian re Dia
é dá comhlíonadh; nó más air son sochair nó sógbhail ar bith
dó féin a chomhlíonas í, ní chomhlíonan í ar an modh ro-uasal
air ar mian re Dia é dá comhlíonadh agus ar 'ttuillionn Dia a thoil
féin do dhénomh; agus ní fhághann an luaighdheacht dogheabhadh
dá ttugadh buidheachas iomchubhaidh dá Chruthaighthóir; agus
ní bhfuíghe a chuid don n-órchíste adhbhalmhór atá a bhfallach
san bhfreachnadh so; agus ní bhlaisfidh an criathar fíormheala
atá anna ttoil Dé do dhénomh agus a thoil féin do thréigean.



Mur sin, is mór atá uainn air ghrádh égmuis do thabhairt
don diadhacht shíorruidh, don mhaith adhbhalmhór, don
nádúir dhochríochnaidh, atá lán do sháidhbhrios agus d'fhoírfeacht,
ionnas go ccomhlíonamaois a thoil fhírcheart. Ar so is cóir
dhúinn aire do bheith againn. Ag so ar n-oiffic; ag so ar
n-íolgháirdios, ag so ar saothar. Annso atá ar n-onóir; ar
so is cóir dar ttuigsin a bheith 'fáire. Ag so beatha ar ttola;
ag so iolgháirdios ar ccroídhe agus ar ccuirp. Gairmaoid chuige
so neart uile ar n-ánma. Caithmaoid ris ar mbrígh, ar bhfonn agus
ar ngrádh, sinn féin agus ar mbeatha go hiomlán, ar an ádhbhar nach
bhfuil ní ar bith is tarbhuidhe dhúinn ná ar n-aois uile do chaitheamh
ris an bhfreachnadh anna bhfuil an uile mhaith. Agus is ro-íongnadh
cionnas an sgéimh shíorruidhe, an mhaith is mó, an
t-eagna uilechumhachtach, nach gadann sé ar ccroidhe asuinn
dá ghrádh féin, nó cionnas nach cceanglann ar n-anam é féin re
grádh geanamnaigh re Dia atá comh soghrádhach agus sin. Gadé
méad an tsóláis rádharc d'fhagháil ar sgáthán dealraígheach
na diadhachta? Godé an ghlóir a bheith dá ghrádhamh do shíor


L. 83


agus a bheith ceangailte go rosháimh, ag dénadh a thola ann gach
aon ní? Créad an lúathgháire chroídhe is iomchubhaidhe
dhúinn do bheith oruinn ag smuaineadh amháin ar an sólás so,
nó go mb'éidir linn ní ar bith do dhénomh do thaitéanamh re
Dia, agus nach é amháin gur féidir linn onóir do thabhairt dó acht
fós grádh do bheith againn air?



Is deacair a thuigsin créad um nach bhfuil meas mór againn
oruinn féin, do bhrígh gurb é Dia do chruthaigh sinn agus gur leis
féin sinn. Fós, créad an fáth nach bímaoid ar crith a bhfiadhnaise
Dé do ghnáth, ag smuaineadh ar a mhórdhacht agus ar a
mhaith, agus ag grádhughadh a mhórdhiadhachta atá gan tús gan
deireadh, tobar an uile uaisle? Agus mar nach bhfuil tús ar bith ag
Dia, atá comh dóchríochnuighe, comh foírfidh agus sin nach féidir
re tuigsi a smuaineadh ní is mó agus is feárr ná é; agus gach ar
féidir dhó ris an tuicsi do chuma nó do smuaineadh, a ccomóra
Dé, ní bhfuil acht neimhníthi ann; agus ar son nach bhfuil acht
aon Dia amháin ann, atá 'na Thrinóid, iongantuis ós gach
íongnadh, a bheith tré bhithi síor gan chaitheamh, gan chlaochló.



Tug an tAthair néamhdha an diadhacht go hiomlán don
Mhac síorruidh, agus tré iomad maithiosa do pháirti siad
an diadhacht chédna ris na daoinibh. Atá Dia fós comh maith
agus sin nach féidir leis cosg dá bheith ag dénomh maitheasa;
atá uilechumhachtach, ionnas gur chruthaigh an n-uile ní
as neimhníthi; atá comh eagnuíghe nach féidir ris dol ar
seachrán ag ruinn a mhaithiosa; atá comh mór agus sin nach
féidir leis gan a bheith do láthair againn ann gach aon áit,
ionnas go bhfaiceann sinn do ghnáth agus go n-éisdionn ar
nguidhe; atá neamhchlaochlódeach, ionnas nach féidir rena
sgéimh traothadh agus nach ccoisgeann a dheaghthoil; atá gan
chumusg ar bith ann agus dogheibhmaoid seilbh an n-uile
mhaithiosa ann gan bhuaidhirt gan toirmeasg; atá rocheart,
rothrócuireach, agus ionnas go ttaisbéanadh a thrócuire,
do choigill sé do na daoinibh agus níor choigill dá aon Mhac
féin; atá síorruidh ar mhodh nach ttig traothadh nó claochló
ar a bheatha tré bhith síor; atá rofhírinneach, ar mhodh,
dá mbriseadh sinne ar ngealladh dhó, go ccomhlíonan sé


L. 84


gach ní dar gheall dúinn; atá comh grádhach agus sin oruinn gur
iomchair ar mbochttacht agus ar luige. Is é fós dobheir a bheith
ann don uile ní, agus muna mbeith sé ann, ní bheith ní ar bith ann.
Is é chongbhas na flaithis suas; is é a choimhéadas na dúile
gan chaitheamh; is é dobheir fás do na plántuibh, mothughadh
do na hainmhidhthibh, réasún do na daoinibh, agus tuigsi do
na hainglibh.



Atá Dia gan mheasúr gan chompás, agus annsa an uile ní, gan
buaidhirt, gan trioblóid, ag cruthadh agus ag coimhéad an domhain
uile. Atá a mhaith comh mór agus sin, ar son go bhfuil an uile
fhoírfidheacht ann féin, dochum sochair an duine go ttugann
toradh ar chrannuibh, biadh as an talamh, éadach as líon agus
as oluinn dar ttéagar, agus nach bhfuil obair dá tarcuisnigh againn
nach ccuirionn a dhá láimh dá dénamh ar son an duine, dá
úirísle dá mbiaidh; ionnas narbh fhéidir biadh do bhruith nó
deoch uisge ól as tobar gan lámh Dé do bheith linn. Atá comh
maith agus sin gurab uadh tig an uile mhaith, gurab uadh atá
an uile sgéimh, an uile cheart, an uilechumhachta, an
uile eagna, an uile mhilseacht; agus is é fós an mhaith ós gach
maith, an sgéimh ós gach sgéimh, an ceart ós gach ceart,
an cumhachttach ós gach cumhachta, an t-eagna ós gach
eagna, an mhilseacht ós gach blas. Ca maith is mó nó gur
fhulaing Mac Dé bás dochum beatha do thabhairt don pheacach;
gur íslídhe é féin d'fhaitíus an duine, atá 'na phéist bhoicht
thalmhuidhe, do dhol a n-uabhar; dorinne duine dhe féin ar
son a námhad, .i. an duine, dobhídh ag iarraidh fios uilc agus
maithiosa do bheith aige amhuil mar dobhídh ag Dia féin;
fós, tair éis é féin do chur a ccorp dhaonna, agus nacharbh fhéidir
leis na flaitheasuibh a chur a ccompás, d'fhágbhuidh é féin 'na
bhiadh agus 'na chóthughadh beatha ag an droíng do thuill míle bás?



Ó, 'Dhia, gadé meadh do mhaitheasa agus go háiridhe dhamhsa!
An mhéid adubhairt mé go seadh, ráidhte fírinneacha daingne
iad atá do mo bhrósdughadh mé féin uile do chur faoi do
naomhthoil; óir is fearr dhamh gach ní is mian leatsa dhamh
ná an ní is mian liom féin, do bhrígh go bhfuil do thoilsi
comh maith agus sin innte féin nach féidir léith a bheith níos
fearr. Mar an ccédna ní féidir léith gan a bheith go maith
dhamhsa. Uime sin, tabhair dhamh do thoil do chomhlíonadh


L. 85


do chionn thú féin a bheith comh maith agus sin. Atá míle ádhbhar
lúathgháire ag an uile chréatúir, do bhrígh go bhfuil Cruthaighóir,
tús agus fréamh comh maith agus comh uasal agus sin aca, agus gurab
ar son a ghlóire féin do chruthaigh iad rena láimh fhíormhaith
féin. Bíodh lúathgháire air na flaitheasuibh mar nach féidir
leó a cCruthaighthóir do chur a ccompás. Congmhaid a ccúrsa
féin na planéid agus tugaid na rélta mórsholas don tsolas síorruidh
do chruthaigh iad. Bíodh iolghairdeas ar na dúile air son
gurab é a cCruthaighóir méadhon agus foírfidheacht an domhuin
uile. Na neithe cumuisge, plantaidh, aelaith, beathuidh,
daoine, agus aingil fós, déndís lá féasta do chionn rígh comh
mórdhálach, comh cúmhachttach, comh eagnaígh, agus comh maith
agus so do bheith 'na Athair aca. Bíodh neamh agus talamh lán do
lúathgháire fa mhéad glóire agus mórdhacht an Tíghearna, dothug
dhúinn a thoil do dhénomh ar an talamh mur doníd na haingil
air neamh.



Doníd na haingil toil a tTíghearna re grádh éagmhuis,
do chionn gurab é Dia é, atá naomhtha, maith, mórdha, agus foírfidh
ann féin. Is mó ná sin atá d'fhiachuibh oruinne na daoine,
a ndeárna nísa mhó air ar son, agus dobhídh ar naimhde aige,
ná dorinne air son na n-aingeal dobhídh díleas dó agus 'na lucht
aontigh' aige. Uime sin, is truaillidh mínáireach dhúinn gan
toil Dé do chomhlíonadh, atá comh tíodhluiceach agus sin oruinn
nach ccoisgionn dá bheith ag dénomh maithiosa oruinn, dá
mhéad olc dá ndénmaoid, agus atá rothoirbheartach nach
léigionn uair ná aimsir thairis gan maith éigin do dhénomh
dhúinn, agus atá ullamh dochum a dénta dúinn go síorruidh,
muna ccuiridh ar bpeacaidh féin toirmeasg air.



An 18 Caibidil.



TRÁCHTAR ANNSO AR MHÉAD AN TSOCHAIR ATÁ
IN AR TTOIL FÉIN DO CHLAOI, IONNAS GO NDÉNMAOIS
TOIL DÉ; AGUS AN TARBHA A TIG DHÚINN AS SIN
DO DHÉNOMH GO FOIRFIDHE.



Ní lór ar labhras gus so go generálta ar gach maith dá
bhfuil san bhfreachnadh diadha so, acht is iomchubhaidh
labhairt orrtha nísa shoilléire agus a theagasg an modh air ar cóir


L. 86


don anam chráibhtheach, an mhéid gur féidir ar an saoghal é,
toil Dé do chomhlíonadh go foírfidh iomlán; agus chuige sin atá
trí neithe do riachttanas air. An céad ní: gan ar ttoil féin
do dhénomh nó d'iarraidh anna ní ar bith; agus is é so fundameint
na neithe eile, do bhrígh nach féidir linn toil Dé do chomhlíonadh
mádh leanmaoid ar ttoil féin. Gídheadh, mádh
réidhimuid sinn féin uaith agus go ccuirfium an t-ualach rothrom
ar cclaonta féin dínn do nídh nach bhfuil ualach ar bith is
truime don duine ná é féin, agus ar mbeith saor uaidh sin, is
furus dúind toil Dé agus 'aithne do chomhlíonadh. An dara ní:
an uile ní dá ndéanam, a dhénadh amháin do chionn gur mian
re Dia sinn dá dhénomh; agus chuige so is riachttanach deaghinntinn
ghlan agus fios thola Dé. An treas ní: a bheith toilteanach
agus a ghabháil chugainn go maith gach ní is toil re Dia; óir ní
lór dhúinn, dochum aon tola re Dia do bheith againn, gach ní
is mian re Dia do dhénomh, acht thairis sin, gan taitneamh nó
neamhdhúil do bheith againn anna ní ar bith acht mar is mian
re Dia do bheith againn.



Orrtha so is mian linn labhairt, an mhéid gur riachttanas
é, ionnas go bhfoillsighmaois nísa shoilléire na réasúin
adubhramar thuas, ag cruthadh méad na tarbha agus na maitheasa
atá san bhfreachnadh so; ionnas, rena ghnáthadh, nach é
amháin go ccuirmaois ar ttoil féin re toil Dé, acht fós aon
toil do bheith againn ris, nó dá mb'éidir a rádh, go mbemaois
comhchosmhuil re Dia féin.



Do thaobh an chéad neithe adúbhramar, dochum tola Dé do
chomhlíonadh, gur riachttanas dhúinn ar ttoil féin do thréigion,
mar is riachttanach an leac do sgaoileadh dochum an uisge
do dhénomh te; agus mar nach féidir re duine a bheith san
Róimh agus a Madríd a n-aoinfheacht, acht a bheith a d'easbhuidh
áite éigin díoph, mur sin ní féidir do neach a bheith a nDia
agus a mbeatha Dé gan é féin agus a thoil d'fhágbháil agus do thréigion,
mar do theagaisg Críosd, ag rádh: “Gibé rear mian misi do
leánmhuin, tréigeadh sé é féin agus tógbhudh a chroch féin”; amhuil
adéaradh: tréigeadh sé a thoil féin maille ris an uile chlaonadh
na colla, anna bhfaghann a thoil fonn nó dúil, agus sgriosadh iad
go hiomlán as a chroidhe agus as 'anam.


L. 87


Ná cuireadh uathbhás nó eagla ar aon nduine é féin do
thréigion mur so go generálta agus go hiomlán, acht tugadh fa
dear agus smuaineadh ar an tóradh fíormhilis agus an tarbha romhór
a tig as; agus ní é amháin nach biadh gráin aige air acht do
dhéna an uile dhíthchioll ar a dhol ar aghaigh ann; agus muna
roibh croidhe aige dochum é féin do chlaoi, is dearbh, múna
ttéighdhe ar seachrán, go measfaidh sé gurb iomchubhaidh
dhó a dhénomh. Ní tíránach Dia, ionnas gan ádhbhar go
mbeith taitneamh nó fonn aige crádh nó pian do bheith oruinn,
nó go mbeith sólás aige fána shearbhóntaigh agus fana
chloinn dhílis féin d'fhaicsin dá ccréachtughadh re léinte róinni,
dá loit re sgiúrsuibh, dá réabadh agus dá ngearradh, lán do thart
agus d'ocras, arna n-úirísleadh agus arna ccéasadh, gan sólás ar
bith air an domhun so aca. Gídheadh, ní féidir nach mór
an mhaith atá ionnta, an tan gurb é Dia féin agus Athair na
trócuire do thaobh linn iad go minic agus go gringalach re béul
'aon Mhic féin agus re béul na bhfáidhe agus na naomhabstol. Cionnas
fós Íosa Críosd, dobhídh umhal ceannsuighe ó chroidhe, do
theagaisg an léighion so dhúinn go follas, ag rádh: “Gibé rear
mian misi do lénmhuin, tréigeadh sé é féin agus tógadh a chroch
go laethamhuil”, Luc.9; muna mbeith fonn air a ghrádh féin
agus a dheaghthoil do thaisbénadh dhúinn, tré mhéad an tsochair
agus na tarbha atá dhúinn sin do dhénomh? Ar son gomádh lór
do chruthughadh air gurab í toil an árdTighearna í, cuirfead
síos annso an tóradh agus an sochar tig do dhuine as é féin do
chlaoi go hiomlán, ní atá a n-aghaigh chlaonta na colla,
ionnas go bhfaicmaois go bhfuil do réir an uile réasúin agus
gur ceart toil Dé, agus gurab éigin dúinn mórán do neithibh eile
d'fhulang gan sochar nó tarbha dhúinn.



Atá an uirid sin do shochar agus do thóradh anna nduine dá
chlaoi féin agus do thréigion a thola go mb'éidir linn gearán do
dhénomh ar Dhia, agus a mheas nach béith trócuireach dhúinn,
muna ttaobhadh an freachnughadh so linn go díthchiollach
amhuil mar dorinne. Cia an t-athair ag a mbiadh mac
tábhachttach, sgiamhach, macánta, 'na dhuine ro-iomlán aige
agus dochífeadh a leabuigh ghalair é, ar ccáill a ghné agus a chrotha,
gan a chiall aige, agus é comh lag agus sin nacharbh fhéidir leis a lámh
a ghluasacht, agus a bhéul comh truaillidhi nacharbh fhéidir leis


L. 88


acht neithe salcha neamhghlana do chaitheamh, agus gan fios aige
fós gadé an léighius dobhéaradh dhó, ní hé amháin do shaorfadh
ó bhás é, acht fós dobhéaradh sláinte iomlán dó ón uile ghalar,
agus do chuirfeadh a riocht é is férr nó mar dobhídh ariamh
roimhe sin, ionnas nach beith biadh dá fheabhas nachar mhian
leis a chaitheamh go fonnbhar: bá míchinéalta, tíránta an
t-athair, dá bhfághadh fios an leighis so, muna ttugadh dá
mhac é; agus is dearbh fós, muna ttugadh, gurab olc an meas do
bheith ag gach aon air, agus gráin mhór fa fhuath do bheith aige
ar a shamhuil sin do mhac.



Acht cionnas dogheibhmaoid annainn féin iarruigh ar Dhia
an gníomh do dhéanamh a lochtmaoid an nduine? Do
bhídh an nádúir dhaonna arna thruailleadh ris an bpeacadh
agus arna lagudh re mórán do thinnis mharbhthach, claon
dochum uilc, neamhneart dochum maithiosa, gan fonn
aige anna ní ar bith acht ní do mhéideacha a ghalar, arna
chnaoi a leabaidh 'éaga; gídheadh, Athair na trócuire, do
chruthaigh go sgiamhach falláin í, darbh fheas léighius a
heasláinte, tug an léighius sin dí san sgrioptúir naomhtha re
ráite na bhfáidhe agus re seanmóir 'aon Mhic féin, .i. antoil na
colla do chlaoi re cuidiugh a mhórghrása féin, ionnas, mur
sin, go cceartadh gach mearrghrádh agus gach fonn seachránach
dar chuir an saoghal nó an cholann faoi, go nglanadh an
tuigsi, go n-athnuaidhe an spiorad dochum na saoirsi do
bhídh aici ar tús, agus go ccuireadh í anna ccéim naomhthachta
bá mó nó mar dobhídh aici ariamh roimhe. Bá mínáireach do
neach ar bith do rádh go mbeith fonn air Dhia ceilt an léighis
so oruinn, nó gan a mholadh dhúinn mar íocshláinte ro-fhalláin.
Uime sin, is cóir dhúinn buidheachas do thabhairt
d'Athair na ngrása go diongmhála agus an leigheas so do ghlacadh
dochum ar sláinte féin.



Is minic do chaoinmuid go truagh tuirseach gur thuitemur
as a' staid bheannuighe úd na neamhurchóide annar mhian
re gach aon é féin do bheith inti; acht dá bhfaghmaois ealadha
nó módh air arbh fhéidir linn sinn féin do chur san ccoinghioll
aoibhinn chédna, maille re cuidiughadh Dé ar nádúir dhrochbhéasach
do cheartadh, a hanmhian do chosg, agus a céadfadh uile


L. 89


d'athnúdha, ar chóir dhúinn an n-ealadha so do tharcuisneadh?
Gídheadh, ní bhfuil modh ar bith air ar féidir so do dhénomh
acht re duine do thréigean a thola féin agus re hainmhiana na colla
do chlaoi. Is lór an réasún so amháin dochum a chur
d'fhiachuibh oruinn an tslíghe so do leánmhuin.



An eagla do ghlacmaoid a ccéadóir, gur cruaidh an tslíghe
so, ní ghabhann ar leithsgéal, óir atá gan chéill gan réasún;
ar an ádhbhar, dochum ár gcuirp do léigheas, ní obmaoid
deoch dá séiribhe d'ól, agus diúltmaoid, ar son sláinte ar n-anma
agus ar son athnúadha na nádúire, atá arna truailleadh agus arna
cnaoi, léigheas do ghlacadh atá re gnáthadh romhilis deaghbhlásda.
Smuaineadh gach aon ca mhéad fhuilngid an drong
ar 'mbídh tinneas corpardha orrtha. Mádh atá clócha fuail
dá bpianadh, fuilngíd a ccorp do ghérradh dochum sláinte
d'fhagháil; agus ar son cnéidhe nach trom, fuilingíd a bhfeóil
do losgadh le hiarann dérg; agus ní é sin amháin, acht go bhfuilngíd
lámh nó cos do bhuain díoph dochum caincair do chosg. Ca
mhéad is éigin don bhlas d'fhulang ó na deocha searbha do réir a
ttola féin; gídheadh, an tan do chuirid iad féin ar láimh an
léagha, ní fhághaid aon ní dá ttoil féin. Iarruid bólgum uisge agus ní
fhághaid é. Is mian leó éirighe dá leabaidh agus curthar
toirmeasg orrtha. Is mian leó codladh agus re gach momeint
dúisgear iad.



Féachmuid anois godé an comóra atá ag an mbeatha bhoicht
thuirsi so re claoi anmiana na cólla, nach ccuirionn duadh
nó trioblóid ar dhuine agus a bhíos fa dheóigh sáimhmilis, agus
atá cinnte gan contabhairt, ní nach ionann agus an leigheas
corpardha, an uile mhaith do theacht dhó as. Dá tteagmhadh
athair do bheith comh míthrócuireach, comh barbardha agus sin
nach ttiúbhradh léigheas dá mhac do bheith go maith dochum
sláinte dhó; gídheadh, dá ttugadh an léigheas don mac agus nach
géabhadh é, is dearbh go mbeith éigcéilligh éadóthchasach.
Mar an ccéadna, mádh fhéachmuid go grinn ar an ní ann féin,
is duine cáillte agus námhuid mhíthrócuireach dó féin an tí nach
ccuirionn srian rena anmhianuibh féin dochum sláinte cuirp
agus anma d'fhagháil.


L. 90


Uime sin, mar is do thíodhluice speisialta Dé a thaobha
lind ar n-anmhiana féin do chosg, mar an ccéadna, is géar
borb an phian do órduigheadh don druing re léigionn srian
a n-antola sgaoilte leó, mar adeir féin a psal.80: “Níor éisd
mo phópul mo ghuth agus ní thugadar aire dhamh, agus do léig mé
dhóiph a dhol air seachrán a ndiaidh a n-antola agus a bhfoinn
féin.” Adeir fós Pól, ad Rom. 1, gur sgiúrsa Dé táinig ar na
págánachuibh, an tan do léig dhóiph antoil a ccroídhe féin do
leanmhuin, ag cur a ccéill ris so, gur romhór rothrom an phian
duine do leanmhuin 'antola féin, agus nach bhfuil díultus is mó ag
Dia nó an uair do léigeas peacadh a bheith 'na phéin pheacaidh
eile; ionnas gurb é an dara peacadh pian an pheacaidh do
chuaidh roimhe. Fós, is iomdha doílghios fhulngíd an drong so,
óir ní bhfuil ar bith pian is mó ná an phian do chuirid ar
n-anmhian féin oruinn; agus gan chompráid gan chontabhairt, is
mó an saothar agus an duadh fhuilngeas an tí nach ccuirionn srian
rena n-antoil ná an tí do chuireas.



Atá maith nach féidir do mheas anna nduine do chlaoi
'anmhiana féin, mar atá, lórghníomh do dhéanomh annsna
peacaibh dorinne, agus go lághdaoidhann na piana bá cóir dhó
d'fhulang ar a son, nó tógbhuidh go hiomlán iad. Is mairg
nach géabhadh an conradh so, nó do léigfeadh an t-am
thairis. Gibé féithamh ar a mbeith míle dúcáid d'fhiachuibh agus
a bheith dá chrádh féin ar son gan díoluighdheacht do bheith
aige, agus go n-aibéoradh fear na bhfiach ris: “Tabhair pighinn
dhamh ar son gach aon ndúcáide agus ní iarrfaidh mé nísa mhó ort,
gídheadh, mádh chuirionn tú an díoluighdheacht so air cáirde nó
go nglacthar do ghealta, bainfidh mé díoluighdheacht iomlán
dhíot;” nachar mhór an mhire dobheith ar an tí nach ttiúbhradh
míle pighinn uadh, agus iad air a chumas, ionnas nach ttiucfadh
a dhíoghbháil fhollas féin as? Ní lugha ná sin an mhire
dhúinne gan aithreachas do dhéanomh annar bpeacaibh ar an
tsaoghalsa, inar féidir linn le beagán duadh agus saothair
lóirghníomh iomlán do dhéanamh inár bpeacaidhibh, agus gan
fuireach re ar ccur go purgadóir, anna ccaitham díoluigheacht
do thabhairt uainn gus an mbonn déghnach, agus go bhfuil a
phiana nísa ghéire agus nísa thruime ná a bhfuil do phianaibh san
mbeatha so, agus nísa mhó nó atá idir phighinn agus dúcáid iomlán.


L. 91


Thairis sin, an pinósta do chuireas Dia oruinn a tteínidh
phurgadóra, ní anna maoin nó a neithibh talmhuidhe ar bith a
bhíos, acht oruinn féin a bhias an phian is buirbe agus is géire
nó bochttach dar féidir linn d'fhulang ar an saoghal so.
Cia mheasfadh gur duine críonna an tí ar a ttiúbharthaidh
breitheamhnas báis agus a thárraing ó chéile re teanchuir dérga,
agus a rógha aige sin d'fhulang nó trosgadh aon lae amháin do
dhénomh; nach ar mire dobheith muna ngabhadh an trosgadh
do roghain? Mar an ccéadna dhúinne muna a ndénmaoid crádh
oruinn féin dochum na bpian síorruidhe do sheachna, atá gan
chompráid re pianuibh an tsaoghail so uile, dá mairdís
tré bhith síor.



A ccás phiana na beatha síorruidhe, a thógbhus dhínn ar
n-antoil féin do chlaoi agus ar ccorp do chrádh, nach gluaisfidís
sin, go háiridhe gluaisfidh sinn an duadh agus an bhuaidhirt
do bhaineas dínn ar an saoghal so féin. Is dearbh fós go
ccoimhéadann sinn ó ghálraibh roghéra, ó dhoílgheasuibh
tinntidhe, agus ó sgiúrsaibh eile do chuirfeadh Dia oruinn ar
son ar bpeacadh; agus seachnuigh a lámh dhíoghultach do léigean
oruinn, an uair dochí sinn féin ag dénomh aithreachais annar
bpeacaibh, agus ní chuirionn céasta eile oruinn. A chontrárdha
so a theagmhas don droing nach stiúrionn iad féin agus lénas
anmhiana na colla. Léigidh Dia gálruigh agus duadh orrtha is
mó do dhoilgheas dóiph ná srian do chur réna n-antoil agus rena
n-anmhiana féin.



Mur so tarla do dhuine riaghalta subháilceach, darbh ainm
Seóirse Colibrant, dobhéireadh buaidh ar a thoil féin do
ghnáth. Dobhídh an duine maith so ag crádh a chuirp féin
comh mór agus sin go n-abradh daoine ris go roibh éigcríonna
éigcéillidh. Dobhídh a chorp uile a n-aon chréachta amháin
tré iomad na sgiúrsa dobheireadh dhó. Dobhídh léine rogharbh
róini uime do ghnáth, agus ní léigadh thairis duadh nó dochar
eile do thabhairt dá chorp; gídheadh, dobhíodh ag éisdeacht
faoisidine na bpeacach go rofhonnbhar, agus dá mhéad peacadh do
bheith aca, ní chuireadh acht breith aithrighe ro-édrom
orrtha, agus do ghabhadh air féin díoluighdheacht do thabhairt
san ccuid eile; agus mur sin d'iarradh iomad modh dochum a chuirp
féin do chéasadh gan truaighe ar bith do dhénomh dhó. As


L. 92


comhairle dhaoine eile adúbhart 'uachtarán ris an rochruas
sin do léigion de d'eagla go ngérradh a shaoghal féin, agus go
rachadh thairis seirbhís bá mó ná sin do dhéanamh do Dhia,
tré mhéad na tarbha agus na maitheasa dobhídh daoine eile do
ghlacadh as a dheaghshompla. Uime sin do chuir d'fhiachuibh
air measardhacht do chur ren' anteas crábhaidh. Dorinne an
t-athar maith sin, óir do thréig a thoil féin go hiomlán,
agus ba fearr ris bás d'fhagháil nó gan a bheith úmhal. Acht
adubhairt go roibh a dhearbha aige, an mhéid do chruas a
bheatha do léig thairis, go ccuirfeadh Dia sgiúrsa eile air
bá mó ná é ar a shon; gídheadh, gomádh fearr ris bás d'fhulang
ná luaighdheacht na humhla do chailleamhain. Níorbh fhada
'na dhiaidh sin an tan do thionsgain a bheith dá chéasadh re
clocha fuail agus re tinneasuibh eile bórba, géara, doilgheasacha,
ionnas go ccuireadh truaighe air gach aon dochífeadh é, agus
nach roibh compráid ag cruas na beatha dobhídh aige roimhe
re méad na péine dobhídh óna thinnios air.



Mádh chuir Dia a shamhuil sin do phéin air an duine mhaith
riaghalta so a n-áit an chruais do léig dhé air aithne Dé féin,
ag tabhairt umhla dá uachttarán, gadé dhénas Dia ris an droing
do léigios díoph re leisge agus re fallsacht a n-anmhiana féin
do chosg, nó crádh air bith do thabhairt dá ccorp? Is baoghal
dóiph lámh dhíoghaltach Dé do theacht orrtha air an saoghal
so nó air an saoghal eile.



Is ádhbhal an tarbha atá san bhfreachnadh so, do bhrígh
go saorann sinn ó phéin an pheacaidh, agus níosa mhó ná
sin gan chompráid go saorann sinn ó na peacaibh féin; agus ní
hé amháin go nglanann na peacaidh dorinneamar acht
coimhéadaidh sinn ó pheacadh do dhénadh. Atá diffir mhór
eidir an peacadh agus an phian, amhuil atá eidir dhuine bheó agus
duine pinteálta, eidir a bheith ann agus gan a bheith ann, eidir
dhuine agus a sgáile; óir dá ccurthaidh piana iffrinn uile d'éntaobh
agus aon pheacadh amháin dá laeghatt don taobh eile, is mó
an t-olc atá ann nó ionnta súd uile.



An tan atá an bhrígh iongantach so san bhfreáchnadh so,
créad nach bíonn meas mór againn air? Créid fár thaobh
Dia linn é san scrioptúir naomhtha? Atá gurb é fréamh an uile
pheacaidh grádh duine air féin, agus nach bhfuil corrán ar bith


L. 93


is férr do ghearras an fhréamh so nó duine do thréigean a
thola féin, óir ní féidir do smuaineadh peacadh nó buaidhirt
dá ttig oruinn nach as fréimh ar n-antola tig. Is uime do
nídh duine an peacadh, do bhrígh nach ccuirionn srian rena
thoil féin. Acht is é is críoch don bhfreachnadh so, buaidh
do bhreith oruinn féin agus ar cclaonta do stiúradh ris an
réasún; mur sin caomhnuigh ó na peacaibh sinn agus dobheir
arm dhúinn 'na n-aghaigh, agus gan sin atámuid gan mheisnigh
gan chumhdach a n-aghaigh cathuidhe dá laeghatt.



Ris an bhfreachnadh so cruinnighthar órchísde ádhbhal na
súbháilce, re nach comóra sáidhbhrios na hInnia. Ag so an
chlóch uasal agus an t-órchísde atá a bhfolach darb éigin do
dhuine a bhfuil aige don tsaoghal do thabhairt air, más mian
ris a fhagháil; agus ní bhfuil dá mhéad grádh dá mbiaidh
ag duine ar Dhia, agus dá mhéad dá mbiadh ceangailte ris, nach
móide an luaighdheacht atá aige é. Mar an ccéadna, ní bhfuil
dá dhócbhalaigh dá mbiadh an gníomh, nach móide an luaighdheacht
é. Mur sin, ní bhfuil buaidh is oirdheirce do dhuine
nó buaidh do bhreith air féin, más air son Dé go fírinneach
do dhénas é, agus is éigin a bheith ro-oirdheirc, ar an ádhbhar
gurab re duadh agus re saothar mór déntar í a n-aghaigh chlaonadh
na nádúire; uime sin is éigin luaighdheacht mhór do bheith aici.



Atá tóradh mór eile tig dhúinn as an bhfreachnadh so, .i.
'usacht don tí do ghnáthíos é an uile shúbháilce eile do chur
a ngníomh; óir gibé do chlaoidheas é féin agus do cheannsuídheas
a thoil féin a néithibh dógbhalach, gan saothar ar bith, béiridh
buaidh ar féin annsna neithibh is lúgha ná sin. Ní thuitionn
fós a n-aon ní, acht léigidh thairis iad go lúthmhar gasda
agus beiridh buaidh orrtha. Muna ttréabhthar agus muna bhfóirsithear
an talamh agus muna sgaitear an fhíneamhuin, ní
thugaid tóradh uatha. Mur sin don duine, ionnas go ttugadh
tóradh na ndeaghoibreach uadh, is éigin dó 'anmhiana agus a
dhrochchlaonta do sgathamh dhe.



Ó, mó Dhia íodhain, gadé méad na síothchána atá ag an
anam do choisgios agus stiúras buaidhirt agus míchiúnas na n-anmhiana
collaidh, agus a thoil do réir an réasúin, agus na cédfaidh uile úmhal


L. 94


don toil? Gibé duine a bhíos mur so, biaidh síthchánta
réna chuideachta, ní chuirionn saobhnós ar aon neach, agus
biadh grádh ag gach aon neach air ar son a dheaghshompla
agus a bheatha beannuighe. Atá an ní so comh follas agus sin nach
roibh a n-áinbhfios ar na feallsamhuin, agus go háiridhe na
Stóicí, nach ccreidimh go mbeith an t-anam síorruidh; gídheadh,
ar son beatha shíthchánta do bheith aca ar an saoghal so, agus
gan a bheith trom ar a ccomharsuin, do thréigeadur a sáidhbhrios
agus dothugadar a mbeatha a ttír a ccruas agus a mbochttacht;
agus ar son nach roibh an creidimh fíor aca nó grása Íosa
Críosd, ionnas nacharbh fhéidir leó ciúnas iomlán anma
d'fhagháil, nó buaidh iomlán do bhreith ar a n-anmhiana
féin; gídheadh, ní féidir a dhiúltadh nach bhfuaradar amach
gur romhaith so dochum a theacht dochum na foírfeachta so.



Fiadhnaise ar so Marcus Tuillius Císero, adeir: “Cuimhne
an bháis, beatha na bhfeallsamhan. Gad eile donímaoid an
tan do dhealaíghmuid sinn féin re ar n-antoil, .i. re ar ccorp, an
tan do tharrngemuid ar n-inntinn ó ar dtighius agus ó chúram an
mhaitheasa publidh agus ó gach ní eile donídh seirbhís don chorp?
Gadé donídhmuid annsin acht an spíorad do thárraing chuici
féin agus a chur d'fhiachuibh urrthi a bheith ria féin, agus í féin do
dhealadh ris na neithibh corpardha? An t-anam mur so do
dhealughadh ris an ccorp, ní bhfuil ann acht fóghluim bás
d'fhagháil. Uime sin, bíodh cuimhne againn ar so. Creid
dhamh; sgaoilmuid sinn féin ón chorp, .i. fóghlamuid bás
d'fhagháil. Ag so, an feadh do bhemaoid ar an talamh,
cosumhlacht na beatha neámhdha; agus an uair do léigfithear
sinn as cuíreach an chuirp dochum na beatha eile, is lúghde
a bhias toirmeasg ar imtheacht na n-anman é.” Ag sin mar
adeir Císero, Tusc. 44, lib. 1, ag leanmhuin Pláto; agus is é
so breitheamhnas na bhfeallsamhan eile go coitchinn.



Eidir gach súbháilce eile, is mór do chuidíghios an freachnadh
so ris an úrnaighe; óir glanuigh an t-anam ó gach mian
mailíseach a dhallas an réasún agus do chuirios ceó ar an tuigsi,
ionnas nach féidir leó na neithe diadha d'fhaicsin go grinn;
agus tógbhuidh an freachnadh so an ceó agus an dorchadas so go
hiomlán. Mur sin, dá mbeith meas mór againn ar luibh nó ar
chloich uasail dobhéaradh a shúile do dhall, éisdeacht do


L. 95


bhodhar, cáint do bhalbh, nó do thógbhadh crith croidhe
don tí do chuirfeadh air 'ucht í, nach mó ná sin an meas is cóir
dhúinn do bheith againn ar an bhfreachnadh so do thógbhas
dáille, agus ní hé dáille an chuirp acht na tuigsi, do ghlanas agus do
bheir solas di, agus ní do na súilibh corpardha acht do shúilibh an
réasúin; fhosglas cluasa ar n-anma, ionnas go ccluinmaois godé
an ní do labhras an Tighearna linn, Psal. 84; a sgaoilíos ar tténga
ionnas gomadh feas dúinn cionnas is cóir dhúind labhairt re
Dia; dobheir fós grása dar mbriathra dochum gach ní
d'fhagháil ó Dhia dá n-iarrmuid air? Ní bhfuil urnaighe is
cínnte dogheibh éisdeacht ná an úrnaighe a mbiadh an freachnadh
so 'na cuideachta, mar is follas as mórán scrioptúir naomhtha.



Fós, gibé nach ttréigean a thoil féin agus nach cclaoidhionn
'anmhiana féin, ní bhfuil iomchubhaidh dochum an tsolais
neámdha do ghlacadh; agus ní bhfuil solas réasúin nádúrtha
féin aige: agus ní hé amháin nach bhfuil beatha spioradtálta
aige acht fós ní bhfuil beatha réasúnta aige; agus is mó is
cosmhuil re beathach brúideamhuil é nó re duine. Uime sin
adeir Ricárdus a Sancto Victore, lib. de Contemplat.: “Ní
bhíonn ar ttoil go bráth ar lasadh re fonn na maitheasa
néamhdha, agus ní bhíonn ar ttuigsi iomchubhaidh dochum amhairc
go grinn air, muna ndéanam díthchioll air anmhiana agus ar
antoil ar ccuirp do chénnsadh, agus cuid do na neithibh
ceaduígheach riachttanach do tharruing uadh.” Tógbhuidh
an freachnadh so an doilgheas inntinne do chuireas ar
n-anmhiana féin oruinn, agus a bhuaidhríos ar cciall agus ar réasún
go minic, agus mur sin cuidigh ris an úrnaigh iarras ciúnas mór
agus síthcháin anma agus inntinne.



Gádé an ní is féidir do chur a ccomóra ris an onóir dogheibh
an tí do chlaoidheas é féin agus a thréigeas a thoil féin ímháigh
fhollas Chríosd san ccroich é, leanaidh lórg Mhic Dé go
hiomlán maille re sochar mór dhó féin? Ní gan ádhbhar do
bhídh beatha ar Slánuighthóir lán do shaothar agus do dhuadh,
ar son go mb'éidir an cíneadh daonda d'fhuasgladh re himsníomh
bá lugha nó sin; acht mar badh feas dó go maith méad
na tarbha atá dhúinn sinn féin do chlaoi agus ar ttoil féin do
thréigion, bá mian leis an tslíghe so do mhúnadh dhúinn


L. 96


ar mhodh rothábhachttach rena shompla, ag tabhairt a fhola
agus a bheatha féin air ar son, ionnas ris so go ccuireadh d'fhiachuibh
oruinn ar sochar féin d'iarraidh. Is cruthadh rofhollas ar an
bhfreachnadh so, gur mór an mhaith agus an tarbha atá ann, a mhéad
d'fhulang agus dorinne Mac Dé dochum go tteagasgadh dhúinn
é. Fós, is ní ro-ádhbhal an dómbuídheachas dhúinn, tarcuisne
agus dimbrígh do bheith againn ar chomhuirle agus ar theagasg
an eagnaidh shíorrdhuidhe, agus ar 'fhuil, agus ar gach saothar dar
ghlac air ar son.



As a ndúbhramar go seadh ní híongnamh gur thaobh Dia go
díthchiollach dúthrachttach an freachnadh so linn, agus fós
gur fhoíllsigh an mhéad do thaitníos ris féin, tré iomad an
tóraidh agus na tarbha atá dhúinn ann; agus ar an ádhbhar go
bhfuil Dia ag iarraidh ar sochair re fond éagmhuis, taitnigh
ris go mór cionfátha do bheith againn an freachnadh so do
chur a ngníomh. A ccás nach beith tarbha ar bith eile dhúinn
ann, ba lór gurab í toil Dé sinn dá chur a ngníomh agus gan
gráin ar bith do bheith againn air, go háiridhe, muna roibh
tréigion ar ttola féin againn 'na fhúndameint, nach féidir
linn toil Dé do chomhlíonadh mar atá d'fhiachuibh oruinn.



Dá mbeith an freachnadh so gan a bheith comh tóraidhach
agus atá, fós dobheith luaighdheacht eile aige, óir smáchtuighmid
ar ttoil féin ris, agus donídhmaoid díghaltas ar an ccion a bhíos
againn oruinn féin, do mhill sinn go minic agus do thárruing
sinn dochum iomad uilc; agus dobhídh comh mallaigh agus sin,
dá mb'éidir ris, nach beith Dia féin ann, mar adeir S. Bearnárd,
serm.3, de Resurrec., ag rádh mur so: “Anois go deimhin,
toil díleas an duine féin, an mhéid gurb fhéidir lé, marbhuidh
Dia féin, óir bá mian lé gan cumas do bheith ag Dia díoghultas
do dhénomh ar na peacaibh, nó mar mhian ris a dhénomh;
agus mur sin, is mian lé gan Dia do bheith 'na Dhia, agus an mhéid
a bhainios ria féin, bá mian lé gan Dia do bheith cumhachttach,
nó ceart, nó críonna glic; agus is tíránta gráineamhuil an t-olc so.” Is
díothbhálach fós mínáirigh na drochthola, do chionn go bhfuil
féin go ro-olc, go ttógbhann í féin a n-aghaigh na maitheasa
síorruidhe, agus mar adeir S. Abhistín, in Psal.100: “Bá mian lé
í féin d'fhaicsin ceart agus Dia d'fhaicsin éicceart.”


L. 97


Ní theagbhann olc ar bith dhúinn nach í ar ttoil féin is úghdar
dhó. Is í is cúis don uile pheacadh. Is mó an dochar do
nídh dúinn nó bhfuil a n-iffrionn uile, óir ní féidir ris an
díabhul dochar do dhénomh dhúinn acht re cuidiughadh
na tola. Is í do bhraithios sláinte ar n-anma agus is í do
chuirios ar láimh ar namhad sinn dochum díothbhála do
dhénomh dhúinn, a reacas leó sinn dochum searbhóntacht
truaillidh. Is í is fréamh do gach olc saoghalta dá ttig oruinn,
mar atá mífhortúin, anró, agus ioliomad bochtacht eile do theagbhas
dhúinn re mainneachta, nó nach iomchramuid go foíghideach
an ní do theagbhas dúinn, an tan nach féidir linn a
séachna; agus mórán fós díoph nach ttiucfadh oruinn, dá
ccuireadh an toil í féin do réir an réasúin agus gan a hanmhiana
féin do leanmhuin, agus gan fonn do bheith aici annsna neithibh
do chuirios pian agus doilgheas urrthi, amhuil dobheith bior
dá chur thríd a croidhe, nó dobheith dá losgadh a ttine
dheirg. Muna mbeith fós an toil, ní bheith olc ar bith ann
rearbh fhéidir díothbháil do dhénomh dhúinn. Is í is cionfátha
ris an uile olc agus ris an uile phéin dá ttig oruinn ar an saoghal
so nó ar an saoghal eile, agus is í fós do bheathíos tine iffrinn.
Gídheadh, ionnas go ttugmaois sásadh san díothbháil
éagsamhuil so agus go ndéanmaís díoghultas ceart
air ar ndeárgnámhaid, claoidhmíd ar n-anmhiana go díthchiollach.



Adeirim fa dheóigh, muna ndéanam an díoghultas ceart
so agus anmhiana ar ttola do chosg, mar atá d'fhiachuibh oruinn,
ar son Dé agus ar son ar maithiosa féin, go ndéanfithar díoghaltas
a n-ifrionn nó a bpurgadóir orainn. Uime sin, bíodhmaoid
air ar ccoimhéad d'fhaitíus go ndénadh ar ttoil an dochar
mór so dhúinn. Gadé an sólás dobheith do dhuine dámádh
dearbh ris nach beith iffrionn nó purgadóir fana chuinne, nó
go mbeith cúmus aige gan 'mbeith ann a n-áit ar bith; acht
an mhéid go mbainionn re gach aon dá thaobh féin, is
féidir ris so do dhénomh go maith ag claoi 'anmhiana agus
ag tréigion a thola féin; ionnas gur fíor adúbhairt S.
Bearnárd: “Sguireadh toil dhíleas an dhuine agus ní bhiaidh
iffrionn ann.”


L. 98


An 19 Caibidil.



NA GRADUIM RIACHTTANACHA DOCHUM AN ANMHIANA
DO CHLAOI AGUS DOCHUM TOLA DÉ DO CHOMHLÍONADH
ANN GACH AON NÍ.



Dá mhéad moladh dá ttugas ar chlaoi an anmhiana, ní
thugas sásadh iomlán dhamh féin. Uime sin, cuirfidh mé síos
annso na graduim atá aici, ionnas goma fios don anam rear
mian teacht dochum foírfidheachta cá ttionsganughadh agus cá
ccuirfeadh a chos go daingean san stair so dochum dol suas
go díreach, ionnas go cceangladh í féin rena grádh Íosa Críost
agus go roibh a n-aon chroich ris, ar ttréigion a tola féin go hiomlán,
agus ag dénomh tola Dé ann gach ní gus an mbás, agus bá
romhilis na croiche, gé go roibh searbh ag ar tTighearna
Críosd, gídheadh, dorinne seirbhe agus doilgheas na croiche
claoi an anmhiana romhilis dhúinn. Ar an ádhbhar sin,
is cóir dhúinn san uile áit, go díthchiollach, ar n-anmhiana
do chlaoi agus ar ttoil féin do thréigean ann gach aon ní, más
beag nó mór é, agus so do bheith do riaghuil ghenerálta againn,
gan fonn nó grádh do bheith againn air chréatúir ar bith
acht do réir thola Dé, agus ar n-uile chúram agus ar n-uile aire do
bheith ar na neithibh spioradtálta agus ar sheirbhís do dhénomh
do Dhia. Ar so is mian liom labhairt; agus gibé do chuirfeas
a ngníomh é, dobhéaraidh Dia sólás mór agus iolgháirdios
ádhbhal dá chroidhe.



An céad ghradum do chlaoi na n-anmhian: na neithe
saoghalta do thréigion ó chroídhe agus ó fhonn, an mhéid fhuilingeas
staid gach aon nduine agus mar do mheasas dol dochum nísa mhó
do ghlóir do Dhia. Iarraigh an gradum so fós bochtacht agus
nochta Íosa Críosd do leanmhuin, dofuair bás nochtuigh
san ccroich, ar mbain 'éadaigh féin de, agus adubhairt roimhe
sin, ag Matha, c.8: “Atá uamhacha ag seannchuibh agus nid ag
énuibh an aiér, agus ní bhfuil ag Mac an Duine áit a cclaonfadh
a cheann.” Mur so is iomchubhaidh ó inntinn ghenerálta gan
fonn nó grádh do bheith againn anna neithibh saoghalta ar
bith, acht an mhéid is toil re Dia; fós, na néithe atá riachttanach
dhúinn, a bheith 'na ttimchioll amhuil agus do bhemaois
dar n-aimhdheóin 'na seilbh, agus a mheas gurab ar iasacht
atáid againn.


L. 99


An dara céim: d'éis na neithe saoghalta do thréigion, fós,
an uile shámhus a bhainus re céadfaidh ar ccuirp do thréigionn,
gibé ar bith é; ionnas nach beith sólás ar bith ag ar ccorp,
agus na neithe is mó atá contrárdha dhó, agus do chéusas é,
d'iarraidh do ghnáth. Uime sin, amhuil donídhmuid re
slait chaim dochum a bheith díreach 'filleadh ar an taobh
eile, mur sin is cóir do dhénomh re céadfaidh ar ccuirp,
ionnas go mbainmaois a sámhus díoph, agus na neithe míthaitneamhacha
cruaidhe do ghnáthughadh dhóiph, ní is furas do
dhénomh gan buairt gan tormán re luaighdheacht mhóir; agus
ris an bhreachnadh sin claoidhi a thoil féin. Óir, mar adeir
Blósius, Instit. spirit., c.2: “Ní bhfuil ofráil is taitneamhuigh
re Dia ná an duine do thréigion agus do thoirbheirt a thola féin
dó, ar an ádhbhar nach bhfuil ní ar bith ag an duine is
muirnigh ná 'thoil shaor féin. An tan do chuirios duine
a n-aghaigh mhiana na colla agus a n-aghaigh a thola féin, agus a
chlaoidheas 'anmhiana ar son Dé, is mó an taitneamh a bhíos
ag Dia ar a' ngníomh sin nó dá ttugadh eiséirghe do mharbhuibh.
Dá mbeith dias ar aon slíghe agus go bhfaicdís rósa deas,
agus gur mhian re fear aca a bhuain, acht ag smuaineadh ar féin
adúbhairt: “Léigfidh dhó ar son Dé,” gídheadh, an dara fear,
do bhuain sé an rósa gan féachain 'na thimchioll; agus ar son
nach dérnaidh peacadh, atá luaighdheacht ag am ccéd fhear
thairis, uírid agus atá ó neamh go talamh. Mádh bhéir Dia
luaighdheacht comh mór agus sin ar son a shamhuil sin do ghníomh,
gadé méad na luaighdheachta dobhéaras don droing do thréig
agus do tharcuisnigh an uile ní ar a shon? Abradh an duine
riaghalta go minic re Dia ann' inntinn féin: “Ar do shonsa, a
Thíghearna, ní háil liom an ní úd d'fhaicsin, óir ní riachttanas
dhamh féachain air; air son Dé ní háil lióm súd do chloisdin,
ní háil liom súd do bhlaiseadh, ní háil liom súd do labhairt,
ní háil liom súd do ghlacadh;” agus gibé nach cclaoidhfeadh
gach fonn agus gach ní neamhorduigh dá bhfuil ann féin, ní
féidir leis grása Dé do mhothughadh anna chroídhe.” Gus so
Blósius.


L. 100


Thair gach céadfaidh eile go sonnriach is cóir an blas do
chlaoi, ar an ádhbhar gurab as a mheasardhacht a tig coimhéad
geanmnuígheachta, óir ní bhfuil coimhéad nó dídion ar
bith urrthi is fearr ná an trosgadh. Claoi an bhlais, ní hé
amháin a ccaindiacht an bhídh acht anna ccáiliacht fós atá.
Abb Ioannes, deisgiobal an naoimh Odo, adubhairt na briathra
so síos. “Ná cuireadh aon nduine ar n-aghaigh sompla Elias
ag ithe feóla, 3 Reg.17; agus gibé do chuirfeadh, smuaineadh
air ghorta na haimsire sin, agus tugadh fa dear mar an ccéadna
gurab iad na fiéich dhubha dothug an fheóil sin chuige ag a
ccurthar na díabhuil a ccosamhlacht leó go minic. Ag an
mbiadh sin agus is iad a samhla sin do theachtuirigh dobhídh aige
dá thabhairt leo um neóin agus ar maidin; gídheadh, an uair nach
roibh ag an bhfáidh cédna acht arán amháin agus uisge, aingiol Dé
tug chuige é, agus dothug an uirid sin do bhrígh agus do neart dó
nach roibh gorta air dhá fhícheat lá.” Air a shon sin, ní cóir do
dhuine mímheasardhacht do dhénomh ar bhiadh dá thruaillidh
a modh nó 'n-iomarcaidh; óir ní feóil choilidh chruaidh,
chearc, nó chábún ba cúis thuitim don chineadh daonna, acht
ubhall bocht, Genesis 3. Esáu fós, ní ar son bídh shásda do
cháill 'oighrígheacht acht ar son copáin liotion, Genes.25;
agus popul Isráel, ní re saint fhíona acht ar son díghe uisge do
lábhradar go holc ar Mhaoisi, Exodus 17.



An treas gradum: claoi agus tréigion na bhfonn inmheodhónach
agus gach neithe a mbíonn fonn nó sámhus ag an spioraid ann,
gan fonn nó sult do bheith anna ní ar bith acht anna nDia
amháin, gan féachain do shochar nó shógbhal ar bith dó féin,
acht amhuil agus nach beith an saoghal ann; ag sgrios a ghrádh'
féin as a chroídhe, atá 'na fhréimh ag an uile olc, agus atá 'na chéd
ochuir ag an díabhul dochum teacht asteach ar an anam, agus
atá 'na ionstrúmeint is mó aige dochum díoghbhála do dhénomh
dhúinn. Ag so an íodhbairt is taitneamhuigh ag Dia darbh
fhéidir linn do dhénomh dhó; óir annso ní maoin nó sáidhbhrios
a mharbhamaoid do Dhia, acht sinn féin go hiomlán
dobheirmaoid dhó.



Mur sin, ní bhfuil comhuirle is férr againn nó féachain go grinn
ar gach mian agus ar gach fonn dá mbiadh againn agus a choimhéad
go díthchiollach ca bhfuilid dar ttarruing, agus reacht generálta
do dhénomh dhúinn féin smacht agus toirmeasg do chur ar an uile


L. 101


mhian agus ar an uile fhonn, mur búdh ó Dhia féin go fíorghlan a
tigid, ar an ádhbhar gurab uatha sin a tig an uile mhíchiúnas agus
bhuairt croídhe agus inntinne dhúinn. A chontrárdha sin, an tí
a chuireas srian rena uile mhiana féin, atá ciúnas agus síthcháin
chroídhe agus inntinne aige, agus atá fós 'na thighearna air a ghníomhurtha
féin. Is deimhin, gibé do chuireas a thoil féin go
fírinneach re toil Dé, agus re nach mian ní ar bith acht mar is
mian re Dia, nach bhfuil ní ar bith d'easbhuídhe air, óir atá aige
gach ní is mian leis, .i. toil Dé do chomhlíonadh; agus ní bhíonn
easbhuídh air acht an mhéid a sgaras re toil Dé, nó is mian leis
ní ar bith thair a thoil; agus mádh chuirionn é féin go fírinneach
re toil Dé, atá aige an uile ní is mian leis. Mádh bhíonn tinn,
is toil leis sin ar an ádhbhar gurb í sin toil Dé. Mádh bhíonn
anró, tarcuisne, nó bochttacht air, is mur sin is mian leis; agus
dogheibh a thoil féin ann gach aon ní, do bhrígh nach bhfuil
aige acht toil Dé. Ní so is féidir a chruthughadh rena
ghnáthughadh.



Fiafraíghim a' bhfuil ádhbhar lúathgháire nó ní is taitneamhuigh
air an saoghal so ag duine, nó an féidir ris féin a smuaineadh,
ná go ndéantar na huile neithe mar is mian leis? Atá an séan
agus an sonas so ag an tí re nar mhian ní ar bith acht mar is mian
re Dia; agus gibé dotháinig dochum an chéama so, ní bhfuil cúram
aige fá ní ar bith eile, acht dénomh díthchill an mhaith agus an
sólás atá aige do chomhéad, agus an tsíthcháin inntinne agus sealbh
na maithiosa atá aige, a bheith sásda ria.



Ris an tslighe so dothig an t-anam dochum grádha fhírinnigh
Dé, an tan nach é a shásadh féin acht comhlíonadh tola Dé
is mian leis, agus gur mó an lúathgháire a bhíos air ar son Dé fein
ná ar son na ttiodhluice dogheibh uadh; ionnas gur mó an fonn
a bhíos aige annsa ní is toil re Dia ná annsna neithibh
spioradtálta air a bhfághan féin blas. Uime sin adeir Blósius
thuas, c. 7, go bhfathar daoine ag a mbíonn grádh tairis
aca air Dhia agus nach grádh fírinneach nó foirfidh é, óir dogheibhid
taitneamh a sgéimh, a maith, agus a mórdhacht Dé, agus ann gach
foírfidheacht eile is feas dóibh do bheith ann, ar son an bhlais agus an
tsóláis dogheibhid as; gídheadh, ní air an ní air ar chóir dhóibh
grádh do bheith aca air, .i. toil Dé, a bhíos grádh aca, acht
seachnuid í, óir dá mbaineadh Dia an sólás sin díof agus anró do chur


L. 102


orrtha, biaid gan mhuill lán do thuirsi agus caillid a meisneach.
As sin is cinnte agus is follas gurab é a ngrádh féin agus nach é grádh
Dé a bhíos aca; amhuil, gibé dochífeadh duine a n-éadach
bhréagha shíoda, agus go mbeith gean aige ar dheisi an éaduigh,
gídheadh, atá aige ar thoil an duine míghean, an mhéid go
ccuirionn buairt ar bith air féin; mur so doníd mórán re Dia.
Biadh fonn mór agus taitneamh aca san millseacht do bhlaisid
agus annsa sólás dogheibhid, mar ní rothaitneamhach re súilibh
na hinntinne, acht ní fhéachuid air a' toil mar fhéachas an
grádh fírinneach.



Uime sin, ná measadh aoineach go bhfuil grádh fíor aige air
Dhia ar son go bhfaghan sólás uadh, nó go bhfuil 'inntinn ar
lasadh re crábhudh; acht measadh méad na súbháilce atá
aige, agus méad an ghrádh' agus na húmhla atá aige d'aithéantuibh
Dé, óir is annta so atá grádh fírinneach díleas Dé. An
sólás milis do mhothíos duine, tig air uairibh ó chéadfaidh
an chuirp agus bíd lán do bhaoghal; agus go minic nach ó
ghrásuibh Dé a tig acht ó nádúir an duine féin, agus ní ó
spíoraid acht ón choluinn; agus teagbhuidh ar uairibh an
inntinn do bheith ar lasadh re crábhadh ar son na milseacht
do mhothíos an uair sin, agus ní ar son na neithe atá tarbhach
dhi. Bídh duine cráibhtheach do bhrígh go ttárla súd nó so
dhó do réir a mhiana féin, agus adeir gur beannuighe Dia d'ordaigh
na neithe mur sin. Tug fós fáill mhaith dhó re seirbhís do
dhénomh dó féin re hinntinn chiúin shíothchánta, agus do tharraing
é don chuan nach bhfuil eagla air loingbhriseadh d'fhulang
nó aon neach do chur buairt air. Guídhe Dia an tan is mian
leis; codlaidh go suaimhneach. Gach ní is mian rena inntinn,
donídh é. Atá síothcháin iomlán aige. Acht an tan do
thógbhas Dia an sólás sin uadh, agus a léigios caithaidhe orrtha,
riachttanas, cúram, nó anró eile, mar atá míchlú, nó peiriacuil
bhreitheamhnuis, tuitidh a meisneach asda agus bíd lán do thuirsi.



As so tuigthar an modh air a ccuirionn an duine a shólás
annsna neithibh is lúgha tábhacht, agus a léigios na neithe móra
tarbhacha thairis atá annsna neithibh atá contrárdha dar ttoil
féin; agus gurab air sgéimh agus air mhaith Dé atá grádh againn, ar son
an tsóláis dogheibhmaoid uadh, agus ní air a thoil atá ag iarraigh


L. 103


oruinn ar ccroch féin d'iomchar, duadh agus saothar d'fhulang.
Dochuadar deiscipuil Chríosd féin air seachrán san ccrábhadh
so, ag iarruigh a sóláis féin, rena bheith ag amharc Críosd do
ghnáth, agus gan smuaineadh ar a' ní is mó do bá cóir dóiph
d'iarraidh. Uime sin, an tan dobhídh ar tí dealughadh leo,
agus iadsion uime tuirseach, adúbhairt leó: “Dá mbeith grádh
agaibh orum, dobheith lúathgháire oruibh do chionn go
bhfuilim ag dol fa dhéighin m'Athar”, Jo. 14, amhuil
adéaradh: atá tuirsi oruibh fa go bhfuil síbh ag cailleamhuin
an tsóláis dobhídh agaibh as mo dhaonnacht gus
so; gídheadh, ní bhfuil lúathgháire oruibh anois, mar nach
bhfuil grádh fírinneach aguibh. Ó, mó Thighearna, godé so?
Ag sin na habstuil arna múchadh re deóruibh, agus gomádh férr
leo bás d'fhagháil nó sgaradh re do rádharc; agus adeir tú leó
nach bhfuil grádh aca ort.



Ó, is iomdha duine a mheasas gurab ar son Dé a dhoirtios a
dheóra, agus gurab ar a ghrádh féin a dhóirtios iad. Bíd fós mórán
do dhaoinibh a mheasas féin go mbíonn grádh aca air Dhia agus
gurb í 'onóir iarruid; gídheadh, is é a sochar féin iarruid. Gibé
dochífeadh gnúis na n-abstul agus a súile 'na toibreacha uisge
ag sileadh go talamh imaille re tuirsi ccroídhe, re iomad foinn a
bheith ag amharc Íosa Críosd, cia do mheasfadh nach grádh
fíor dobhídh aca ar Dhia? Agus is é sin do mheasadar féin do réir
fhiadhnaise coinsíes gach aon díoph; gídheadh, adúbhairt an
fhírinne féin, .i. Mac Dé, leó nach annsna deóra nó 'bhfonn,
nó 'ttuirsi, nó 'sólás gearraimsire a bhíos an grádh fírinneach
acht iad féin do chur re toil Dé agus beatha Chríosd do leánmhuin
go fírinneach díreach, agus nísa mhó do lúathgháire do bheith
orrtha, an tan do thárrngios Dia a shólás uatha, nó bhíos orrtha
an tan dobheir a sámhus féin dóiph, do bhrígh gurab í sin
toil Dé agus gurab ann atá an luaighdheacht is mó. Mádh
atá 'na ádhbhar lúathgháire Dia do tharraing a shóláis féion
uainn amhuil agus do thréigfeadh sinn - an ní a mheasmaoid do
bheith 'na chúis rodhoilghis - cionnas is féidir ris an tí, ag
a bhfuil grádh aige air Chríosd, gearán do dhénomh, mádh
chaillionn onóir nó sólás spioradtálta nó corpardha dá bhfuil aige
ar an saoghal so, an feadh is féidir leis toil Dé do chomhlíonadh?


L. 104


Ó, 'Íosa íodhain, godé a mhionca a mealltar sinn re neithibh
mailíseacha falsa ó chosamhlacht fírinne do bheith orrtha?
Godé a mhionca a síltear gur neithe spioradtálta na neithe
colluighthe? Sompla air so S. Peadar, ar cclos ó Chríosd an
bás agus gach masla dá roibh ar tí fhulang, adúbhairt: “A
Thighearna, ní bhiaidh sin mur sin; ní thiocfaid na huilc sin
ortsa”, ag Matha c.16. Cia do mheasfadh nach ó iomad grádh
táinig an comhrádh so? Gídheadh, ní roibh ann acht grádh
collaidh, mar is follas as an bhfreagra tug Críosd air, ag rádh:
“Fill mo dhiaidh, 'adhbhéirseoir”; amhuil adéaradh: fear
caithidh thú agus ní thuigionn tú na neithe diadha.



Gibé a mheasfadh briathra Pheadair do réir ghliocuis agus chríonnachta
collaidh, ba dearbh leis gur ceart do labhair gan a'
neamhchionta d'fhulang báis croiche; gídheadh, an t-eagna
síorrdhuídhe, adeir gurab adhbheirseóir é agus nach ttuigionn an ní
do bhainios re Dia acht an ní do bhaineas re daoinibh; agus
measaidh fós nach as grádh acht as fuath nachar mhian ris
Críosd d'fhulang na croiche agus cailís na páisi, dobhídh an tAthair
trócuireach do thoirbheirt dó d'ibhe dochum an chínidh dhaonna
do shlánughadh. Do mheasfadh duine fós go roibh grádh mór
ag Peadar air Chríosd, an tan dochonairc é a bhfíoghuir
ghlórmhuir ar sliabh Tabór, agus fonn air fuireach 'na chuideachta
annsin do ghnáth; gídheadh, air féin dobhídh grádh aige,
óir is é fonn dobhídh air, a Thighearna d'fhaicsin sgiamhach
glórmhur, agus ní é fonn a fhaicsin céasta a ccroich, lán do
dhoilgheas agus do mhasla. Ní féidir a smuaineadh pláigh is mó
don chíneadh daonna, nó ní is díoghbhálaidh don anam, nó
comhartha is cinnte ar mhilleadh síorrdhuidhe nó an grádh
bréige so, as a ttig meas mór do bheith air neithibh beagluaich,
agus go síltear gur slíghe dhíreach slighe an bháis.



Cia do mheasfadh nach duine gan chéill dobhéaradh tarcuisne
ar ór ghlan, agus do léigfeadh thairis é, agus dobheith ag
cruinniughadh blaogha beaga do ghlainibh, ionnas gomádh
féidir leis sáidhbhrios mór do dhénomh leó? Is míchéillidh
nó sin neamhshuim do dhénomh do theagasg an scrioptúir,
.i. Dia d'aeghra agus do ghrádhughadh mar is cóir, aithreachas
daingean fírinneach do dhénomh annar bpeacaibh, gráin agus fuath
do bheith againn orra, ionnas re croidhe agus re coinsias glan go


L. 105


mblaisemaois na rúandiamhura diadha, agus ar ccarrthanacht
do bheith ar lasadh, agus ar cclaoi féin do thabhairt coimhfhreagra
dhó sin. Is mór an mhire gan saothar do chaitheamh leó so agus
a bheith ag tabhairt aire d'fhinnsgéaluibh fábhuill gan bhrígh
gan tábhacht, amhuil shúgradh buachall ag folach a ccneadh,
amhuil gur brionglóid a bhíos orrtha, ag smuaineadh air neithe
beaga díomhaoin ann nach bhfuil acht gné thabhaiste.



Mire is mó nó so, duine do bheith ag iarraidh a shóláis
féin amháin annsna neithibh spioradtálta, agus nach gabhann
comhairle ón tí ag a mbíonn eólas air an cceilg dobhíos
faoi sin, acht do thóghus maighistreacha eile dhó féin dobhíos
dá mholadh agus ar aon mhéin ris. Ar an ccás bocht so do lábhras
Pól,2 Timoth.,c.4, ag rádh: “Tiocfaidh aimsir ann nach
bhfuilngíd teagasg fírinneach, acht do réir a bhfoinn féin
cruinnighid maighistrídh dhóiph féin dobhéaras taitneamh
a ccluas dóiph, agus ní éistfid an fhírinne acht dobhéaruid aire
d'fhinnsgéaluibh”; agus leanfuid don bhfoghluim so mar ní taitneamhach
deaghmhaiseach, agus seachnuid an tslíghe dhíreach,
arna mealladh re dóthchas díomhaoin, amhuil agus go mb'éidir
leó teacht ris sin dochum críche maithe. Gídheadh, atáid
meallta, óir ní bhfuil dá áirde dá rachfuid suas, agus dá mhéad sólás
dogheibhid annsna neithibh neamhdha do réir a mbaramhla
féin, muna a ttréigid a ttoil féin go hiomlán, ní thiocfuid
dochum grádh 'fhírinnigh do bheith aca ar Dhia, agus gurab air
a shon is cóir an uile fhonn talmhuidhe do sgrios as an ccroidhe;
agus múna a ndéantar sin, ní bhfuil san uile shúbháilce agus naomhthacht
eile acht dath bréige nó néall árruidh.



An 20 Caib.



DOCHUM TOLA DÉ DO CHOMHLÍONADH, IS MÓR DO
CHUIDIGHEAS CLAOI NA N-ANMHIAN.



Atá an tréigion agus an chlaoi so na n-anmhian comh riachttanach
agus sin go nach féidir do dhuine síothcháin nó ciúnas
anma do bheith aige, ná 'thoil féin do chur re toil Dé go
hiomlán, muna roibh ann. Uime sin is cóir dhúinn neamhfhonn


L. 106


do bheith againn san uile ní, an tan nach feas dhúinn gad
is iomchubhaidh dhúinn, óir a teagbhuidh go minic go measmaoid
sochar a bheith dhúinn a neithibh agus onóir fós do Dhia,
agus fa dheóigh gur dochar a tig dhúinn ásda. Do Dhia amháin
is feas créad is maith dhúinn, agus is mó an fonn atá air maith
do dhénadh dhúinn nó atá oruinn féin; agus is ris amháin is
féidir an uile mhaith do thabhairt dhúinn. Air an ádhbhar
sin cuirmaoid sinn air a chumuirce agus a biaidh nísa mhó do lúathgháire
oruinn fana thoil do dhénomh ná fa ar ttoil féin do
mheall sinn go minic.



Atá Dia fírinneach díleas dúinn do ghnáth agus ní féidir a
chlaochló, agus is taosga a bhias fuath againn féin oruinn ná ag
Dia ar na créatúiridh do chruthaigh féin. Féachmaoid an duine
is mó ag a roibh grádh aige air féin ariamh agus is mó rear mhian
a leas féin do dhénomh, agus ní bhfuigheam aon nduine dorinne
uírid ar a shon féin agus dorinne agus d'fhulaing Dia ar son ar
slánuighthe, do bhrígh gur mó an fonn atá aige sochar agus
tarbha do dhénomh dhúinn nó atá againn féin. Fós, ní feas dúind
créad is maith dúinn, agus dá mbeith fhios againn, ní bhfuil air
ar ccumas teacht chuige; gídheadh, atáid araon ag Dia. Uime
sin, cuirmaoid ar n-uile chúram agus ar n-uile mhian ar láimh
Dé agus tréigmuid sinn féin.



Ar son gomádh lór dar ngluasacht dochum cosga síorruidh
do chur air ar n-anmhianuibh agus srian do chur re ar ttoil, ionnas
nach beith fonn againn anna ní ar bith saoghalta, an mhéid
adúbhramar, is mór an cuidiughadh chuige so féachuin air ar
n-uirísle féin agus ar an dochar a tig dhúinn as ar ttoil féin. Atáid
fós neithe an tsaoghal so comh tarcuisneach, comh truaillidhe
agus sin nacharbh iomchubhaidh dhúinn féachain orrtha; agus atámaoid
féin fós comh tarcuisneach uirísiol agus sin ar son ar bpeacadh
nach fiú sinn Dia do thabhairt tiodhluice ar bith dhúinn; agus
dá mbeith na neithe saoghalta go maith ionnta féin, nachar
mhór an mhínáire don pheacach bhocht thruaillidhe onóir,
sámhus, nó sult d'iarraidh dhó féin anna ní ar bith?



A ccás fós go mbeithmaois féin maith agus na neithe ann' mbíonn
fonn againn mar aon go maith, gídheadh, atá an dochar atá
ceangailte dar bhfonn féin comh mór agus sin nachair chóir dhúinn
a srian féin do léigion leó anna n-aon ní. Agus is é olc agus díoghbháil


L. 107


a tig dhúinn, an t-iargnó do chuirid oruinn, na cúraim, an
bhuaidhirt, an eagla, agus na piana re mbíd dar ccéasadh, nach
aonchomóra leó seilbh ríoghdhacht an domhuin; ní is féidir
do thabhairt fa dear annsna neithibh diadha spioradtálta,
mar atá uaigneas, urnuighe fhada, agus fonn báis d'fhulang ar
son glóire Dé agus 'onóra. Mádh atáid iomurcach agus gurab air
a ghrádh mí-órdaighe féin do leanas duine dhíof, cuirid
bruid, tuirsi, agus míchiúnas air, agus buairid síothcháin 'anma.
Uime sin adeirid na daoine diadha spioradtálta measardhacht
do chongbháil ionnta sin féin agus duine do chur a thola féin
re toil Dé. Anois, mádh atá peiriacail comh mór agus sin a bhfonn
mí-orduigh na neithe spioradtálta, gadé méad an dochair
atá a saint na neithe atá díoghbhálach dhúinn, mar atá na neithe
dimbuan' saoghalta?



Dochum teacht chum na críche atá romhuinn, is mór an
cuidiughadh dhúinn a mheas féin do thabhairt air gach aon ní,
agus ní do réir bhreitheamhnuis mheallta an tsaoghail acht do
réir na fírinne, teagaisg agus dlíghe an tsoisgéil; ag féachuin
go grinn ar an tsubstaint atá ionnta, ag cur a ccéill dhúinn
féin go deimhin dearbhtha, onóir, sámhus, agus sáidhbhrios an
tsaoghail so, nach maitheasa fírinneach iad acht fíordhíomhaoinus
agus sgáthán bréige. Agus ar son go ttugmaoid titul agus ainm
maithiosa dhóibh, ní hé a thuillid tré mhéad na díoghbhála
doníd dhúinn, mar atá, sinn féin do dhénomh olc, rádharc na
fírinne do bhuain dínn, slíghe na subháilce do thoirmeasg
oruinn, ócáid agus cionfátha do thabhairt do na peacuibh, agus
mórán anróith agus dochair do tharruing oruinn ar an saoghal so,
ní nach roibh a n-ainbhfeas ar ghintilidhibh nó air phágánuibh;
agus gibé do thuigeas an fhírinne so, nach ádhbhal an díth
céille dhó fonn do bheith aige a maitheasa bréagacha?
Agus mádh mheasann nach bhfuil ionnta acht luaithremhán
díomhaoin, ca bhfuil amadánacht is mó ná duine a bheith
dá chéasadh féin air son lán doirn do chré, nó saothar mór
do ghlacadh air son neithe nach bhfuil ionnta acht tabháiste?
Mádh mheasmaoid gurb olc na neithe nimhe nó an nímh féin,
godé an réasún rear féidir do dhuine air bith ag a bhfuil


L. 108


gean aige air féin, nó rear mian a bheith beó, nimh dá laeghatt
do chaitheadh mar oileamhuin dó féin?



Mádh mheasmaoid anois truaillidheacht na néithe saoghalta,
dá fheabhas dá mbiaid, agus a ccur a ccomóra ris na neithe
síorruidh, óna ccuirid súd toirmeasg aire agus grádh iomchubhaidh
do thabhairt dóiph, is dearbh go n-imthíd as ar rádharc
amhuil imíthus na réalta ar n-éirghe don ghréin. Nach duine
éigcéillidh dobheith ag cruinniúghadh lathuighe agus órchiste
mór do léigion thairis? Gídheadh, is éigcríonna ná sin an tí
dobheir grádh do na neithibh dímbuan agus neamhshuim ar
neithibh síorrdhuídhe agus air ghrásaibh Dé. Adeir S. Ignásius,
ag tógbháil 'inntinne dochum Dé re hósna mór: “Uch, is salach
a bhfuil air an talamh, an tan fhéachuim air neamh.” S.
Silbhánus ab, tar éis a bheith ag dénomh urnuighe dhó, do
bhíodh meas comh tarcuisneach agus sin aige air go ccuireadh
brot air a shúilibh agus go n-abradh: “Gadé an riachttanas atá
a solas an tsaoghail d'fhaicsin, ann nach bhfuil sochar nó
tairbhe acht neimhnídhe?”



Is mór an cuidiúghadh do dhuine dochum an tsaoghail do
tharcuisneadh féachain go grinn air féin, agus a thabhairt fa
dear nach bhfuil ní ar bith aige uadh féin, agus nach bhfuil ann
acht neimhnídh, agus nach fiú é an t-ainm sin féin; óir gur
measa é nó neimhnidh, an mhéid gur peacach é, agus gurb ainm
onórach dhó luathreamhán, lathach, piasta, siludh, carra,
nó gearba do ghairm dhe, do bhrígh gur ní éigin iad so agus go
bhfuil sochar éigin ionnta ar uairibh; gídheadh, is measa
an peacach nó neimhnídh, óir ní bhfuil ann acht nimh re
marbhann é féin agus re ttruaillionn an domhun uile, ionnas, muna
mbeith mórthrócuire Dé go ccuirfidh ar neimhnídh é gan
mhuill. Gibé duine dothiucfas dochum an mheasa fhírinnigh
so do bheith aige ar féin, is dearbh nach biaidh fonn aige
a n-onóir ar bith shaoghalta, agus go measfaidh gur ní ró-éigceart
agus a n-ághaigh an uile réasúin onóir ar bith do thabhairt do
chréatúr ar bith comh tarcuisneach ris an duine; agus an meas
céadna do bheith aige air an uile ní anna mbiaidh sochar
nó taitneamh aige. Ag féachuin fós air a pheacaibh, measaidh
nach ttuillionn ní ar bith eile acht na piana rothroma
dogheibhid lucht na mallacht a bhfochair deamhan iffrinn.


L. 109


Gibé ag a mbiaidh an meas fírinneach so aige, ní hé amháin
nach biaidh fonn anna ní saoghalta acht biaidh fuath agus
tarcuisne aige air gach aon ní dorachadh a sólás nó a sochar
dhó féin, agus biaidh gean agus fonn aige san uile ní atá contrárdha
dá thoil féin; agus an uair dogheibh onóir nó sólás nach féidir
leis do sheachna, ní chuirionn dúl ionnta acht amhuil agus gur
dá aimhdheóin dogheabhadh iad, agus ní ghabhann sámhus ar bith
asda. As an tréigionn so na bhfonn saoghalta tig do dhuine
a bheith toiltenach air gach ní is mian re Dia, agus cuiridh srian
ris an uile fhonn inmheadhónach na hinntinne; óir gibé ná
biaidh fonn aige san ní nach bhfaican, an tan dochí é ní
ghabhann sólás nó sámhus as.



An tréigion so duine air féin, agus gan fonn agus gan blas do
bheith aige, ní hé amháin ar dhrochneithibh nó ar neithibh
fós nach bhfuil olc nó maith ionnta féin, mar atá beatha nó
bás, sláinte nó éagcruas, doilgheas nó taitneamh, onóir nó
tarcuisne, bochttacht nó saidhbhrios, foghluim nó ainbhfeas,
ní hionnta amháin is cóir an freachnadh so do chur a ngníomh,
acht fós annsna neithibh diadha spioradtálta, ag díbirt ar
ngrádh féin uainn, dobhíos a bhfolach go minic faoi sgáth
naomhthachta, an tan do theagbhas sólás nó sámhus spioradtálta,
teas crábhaidh nó dortadh deór dhúinn, ní nach cóir a
mheas nó d'iarraidh acht do réir thola Dé. Uime sin, na
daoine a bhíos foírfidh go hiomlán ionnsna subháilce, is náir
leó an sólás sin d'fhaghál, atá díleas don droing a bhíos ag
tionsgnamh. An grápa nó an t-ubhall air a mbiaidh gean
ag leanabh, ní bhíonn spéis ag duine críonna ann; agus ní haimsir
shóláis nó chiúnuis atá againn air an saoghal so acht aimsir
shaothair agus dhóláis.



An tsubháilce fhírinneach agus an grádh, ní millseacht shóláis
nó deóra dobhíd d'iarraidh, darb úghdar go minic grádh
an duine air féin, do bhrígh gur cóir dhó a mheas nach fiú é
a bhfagháil, agus mádh gheibh iad, gur móide is cóir dhó a bheith
umhal é, ar an ádhbhar go dtugthar do dhaoinibh nach
ttuillionn iad, amhuil a bherthar neithe millse do leanbh dá
chealgadh. Uime sin, ní cóir dhúinn a n-iarraidh acht


L. 110


dochum na críche a ttugann Dia dhúinn iad, ionnas go mbemaois
díthchiollach dochum dol air ar n-aghaigh annsna subháilcibh
daingne fírinneach. Leis an modh so a fhosglus trócuire an
Choimdhe agus donídh sáimh an tslighe gharbh dhogbhalach,
agus ullmhuidh an duine dochum foighide an tan nach bíd na
sóláis sin aige, agus gomádh feas dó seirbhís a dhénomh do Dhia
a ccás nach ttiúbhradh sólás ar bith air a shon dó, acht amháin
gurb í toil Dé é dá dhénomh. Is dearbh fós nach bhfuil dá
laeghatt meas dá mbiaidh ag duine air na sólásuibh réimhráidhte,
agus a sgaoilios é féin uatha, nach usaide dhó é féin do
cheangal re Dia, ag foillsiughadh go follas nach bhfuil cás
aige anna sólás inmheadhónach spioradtálta, acht an mhéid
gur mian re Dia a thabhairt dó nó go ndoirtionn air é,
dochum an uile pheiriacula dá mbiaidh ionnta do sheachna.



Sompla óirdheirc ar an tréigion so ar sóláis féin aithrisi
sgríbhneóir diadha riaghalta, Ioannes Taulerus, ar an modh
so síos. “Do thaisbéan Dia ré solas inmhéadhonach do
cháraid áiridhe dhó féin ciall an sgrioptúir naomhtha go
hiomlán, agus do thaisbeáin fós cionnas dobhádar na daoine
ag tabhairt a mbeatha a ttír fan am sin, agus cionnas dobhídh
drong dhíoph ar a raibhi meas mór air a n-oibreacha a
bhfiadhnaise daoine, gan meas ar bith a bhfiadhnaise Dé;
agus daoine eile ar nach roibh meas ag an saoghal ar a n-oibreacha,
go roibh luaighdheacht mhór aca a súlibh Dé. Do thaisbéin
Dia iliomad eile do neithibh uaigneacha íongantacha dhó;
gídheadh, do ghuidh Dia, ag rádh: “Guídhim thú, a Dhia
thrócuirigh, tarruing na grása so uaim, óir ní bhfuil fonn agam
ionnta agus atáid dom chéasadh go mór.” Do tharraing Dia
iad sin uadh agus d'fhágbhadh ar feadh chúig mbliadhan é gan
sólás air bith anna ccathaibh móra, a mbruid, agus a n-anró.
Tárla dó lá éigin a bheith ag caoi go tuirseach agus go ttánig dias
aingeal chuige dochum sóláis do thabhairt dó; gídheadh,
adúbhairt sé: “Ó, mó Thighearna Dia, ní bhfuilimsi ag


L. 111


iarraidh sóláis ar bith air an saoghal so; is lór leam an áit,
anna bhfuil sibhsi bhar gcomhnaidhe ann m'anam, do
choimhéad, ionnas narbh fhéidir do ní ar bith eile dol asteach
nó d'fhaicsin ann acht thú féin.” d'éis na mbriathar so
táing déalradh ádhbhalmhór solais 'na thimchioll agus adúbhairt
Dia ris: “Taisbéna misi an uile mhaith dhuit”; agus do bháith
é go sona a nduibheagán na diadhachta.”



As so is follas gur riachttanach dhúinn sinn féin do thréigion
annsna mianuibh maithe agus annsna taisbéanta solais neamhdha
dogheibhmaoid, d'eagla ar ttoil féin nó ar ngrádh d'iarraidh
ionta, agus re ar n-andhóthchas as ar mbreitheamhnus féin
go ttiubhramaois cionfátha do Dhia na grása sin do tharruing
uainn. Uime sin is cóir a nglacadh go ró-umhal, agus adbháil
nach bhfuil cuid ar bith againn féin ionnta, agus nach é
ar mblas nó ar sólás féin atámaoid d'iarraidh, acht toil
Dé amháin do chomhlíonadh, onóir agus moladh do thabhairt
dó, agus a mheas nach fiú sinn fábhar nó sólás, ní hé amháin
d'fhagháil uadh, acht fós nach fiú sinn é d'fhéachuin oruinn.



An ní cédna is cóir dhúinn do choimhéad san uile fhreachnadh
eile diadha nó spioradtálta, mar atá úrnaighthe fhada,
mórán d'fhulang, é féin do chlaoi, a ghrádh féin do thréigion,
ar an adbhar gur féidir gach aon ní dhíof so do dhénomh
go neamhorduighe; agus ní hiomchubhuidh an modh dochum
duine do thréigion a thola, a thoil féin do leanmhuin. Ní
hiomchubhaidh dúinn fós fonn do bheith againn anna ní
ar bith acht mar is mian re Dia, agus ar an modh is mó a
thaitnigheas ris, ionnas go ndéantar a thoil ann gach aon
ní. Mádh nídhmaoid so, ní chuirfeadh ar miana féin
míchiúnas, céasadh cruaidh, nó doilgheas air bith eile dá
mbíonn 'na dhiaigh, buaidhirt ar bith orainn, acht gheabham


L. 112


millseacht inntinne agus sólás croídhe re ar n-uile fhonn agus
deaghmhian do chur ar láimh Dé, amhuil dogheibh leanbán
sámhus air bhrollach a mháthar.



An 21 Caibidil.



DON DEAGHINNTINN AGUS DON GHLOINE CHROÍDHE IS
CÓIR DHÚINN DO BHEITH AGAINN DOCHUM TOLA
DÉ DHO CHOMHLÍONADH.



d'éis duine dá thréigion féin agus cur suas dá thoil féin, atá
air an tslíghe dhírigh dochum tola Dé do chomhlíonadh san
n-uile ní ó rúan croidhe; gidheadh, ní féidir dhó sin do dhénomh
go seasbhach an feadh a bhias ceangailte agana ghrádh féin.
An chéad uair: dogheibh mórán dogbhail ann gach aon
ní do dhénomh do réir thola Dé go fírinneach, mádh atá
aon ní dá ghrádh nó dá thoil féin aige; agus a ccás go ndénomh
gníomh nó gníomh eile ar ghrádh Dé, do dhénomh míle gníomh
air a ghrádh féin, ní hé amháin annsna neithibh atá toirmeasga
air acht fós annsna neithibh atá diadha maith ionnta féin, agus
ris sin caillid a luaighdheacht agus tuillid piana, nó ní bhíd comh
maith agus bá cóir dhóiph a bheith, an tan nach ar son Dé
amháin a déntar iad.



An dara cúis: air an ádhbhar go bhfaghthar duine rear mian
toil Dé do dhénomh, gidheadh, ní théid ar maith nó ar sochar
dhó tré chealgadh a ghrádh' féin; agus cumaidh gach aon ní do
réir a thola féin, ag cur a ccéill gur dochum seirbhísi Dé
donídh gach ní dá ndéan dochum a shochair féin agus nach
baineann re seirbhísi Dé; agus a bídh a ghrádh féin annso, ar
uairibh go follas agus ar uairibh eile go foluigheach, dá mhealladh
agus dá bhréagadh; agus ní bhainfeam tóradh as gníomh air bith dá
ndénmaoid, muna marbhmuid an námhaid muinteardha
aontoighe so atá againn, donídh díoghbháil dhúinn nísa mhó
dá mhéad a léigeas air fábhar do dhénamh dhúinn agus ar
sochar d'iarraidh.


L. 113


Dá mbeith gan sochar ar bith eile do theacht dhúinn as air
n-anmhiana féin do chlaoi agus air ttoil féin do thréigion, ba lór
go ttógbhan an n-uile thoirmeasg agus an uile cheó do bhacas
linn an fhírinne d'fhaicsin nó do thuigsin, agus go ttugan slíghe
dhúinn gach aon ní do dhénomh re deaghinntinn agus air ghrádh
Dé go fírinneach, agus ar son a naomhthola do chomhlíonadh
atá rocheart agus rotharbhach dúinn. Annso bá cóir dhúinn
an n-uile shaothar agus an uile dhúthracht do chur gus an mbás
dámádh éigin dúinn fhulang.



Gach ní dá ndénmaoid a dhénomh re deaghinntinn, is ní
é atá rocheart agus atá d'fhiachuibh ag Dia oruinn. Amhuil, gibé
do chuirfeadh crann, go bhfuil ceart aige dochum a thóruigh;
mur sin Dia, do chruthaigh sin, dá
mhéad dá dtug dúinn, is móide a cheart orainn é. Uime sin
atá ceart ag Dia ar thoradh an duine, eadhón, a oibrighthe,
agus an tan nách déanmaoíd iad ar son Dé acht dochum críche
éigein eile, beanmaoíd di Dhia an ní ag a bhfuil ceart aige air.



An cúnntas cruaidh a bhainfeas Dia dínn san toradh so,
do fhoillsigh Críost é san soisgéal, ag Matha 21, ag teacht
dochum crainn dó ar nách bhfuair acht duilleabhar, ar son
nách ttáinic aimsir toradh do theacht air, do mhallaigh
agus do chríon an crann i gcéadóir; ag tabhairt sompla do na
daoinibh fan chúntas cruaidh a bhainfeas Dia díobh, muna
dtugaid toradh na ndeaghoibrighthe uatha, agus sin níos
cruaidhe nó do bhainfeas lughadór don chrann do chuir sé;
óir gomadh lór leis má gheibh toradh uair san mbliadhain
ón chrann, gidheadh, iarraidh Dia toradh ar an duine gach
uair agus gach laoi. Agus fós, atá an uirid sin d'fhonn aige san
toradh so an duine nách leor leis an ní mheasus an duine a bheith
d'fhiachaibh air acht iarraidh níso mhó nó mheasus an duine
a bheith air a chumas féin, amhail an crann dá nách táinic
aimsir do thoradh do bheith air, ar a shon sin do iarr Mac Dé
toradh air.



Accus dá m'fhéidir linn aitheanta Dé do chomhlíonadh,
agus mórán deaghoibrighthe do dhéanamh nách bhfuil
d'fhiachaibh orainn ó aithne ar bith, ris sin uile ní thugmaoíd


L. 114


sásadh do Dhia ar son gach tíodhlacthe dá dtug dúinn go
toirbheartach, ná dá naomhthoil réir mian sin do bheith
foirbhthe mar atá sé féin, agus mar do theagaisg dúinn rena
chomhairleachaibh beannaighthe. As é as ádhbhar prionnsiopáilte
nách déanmaíd so, nách bíonn rún diongmhálta glan
againn dochum seirbhísi Dé do dhéanamh do réir a theagaisc
dúinn agus mar do thaobh linn go díthcheallach.



An fonn fírinneach so atá ar Dhia deighintinn do bheith
againn, do fhoillsigh Críost é, acc Matha c.25, an tan do
órdaigh an tí do fholaigh an tallent tug Dia dí, agus
dearnaidh sochar ar bith ria, do chur i bpríosún dhorcha, an
tan adubhairt: “Gan a iarraidh, a Thighearna, is mian leat
toradh d'fhagháil as an talamh ann náchar chuiris síol.” Ar
son go m'fhéidir le Críost freagradh do thabhairt ar so, ní
dhearnaidh é dochum sinne do theagasg. Dá bhrígh sin, má
do fhulaing a chur an' aghaidh go n-iarrfadh é ar an talamh
náchar cuireadh síol ann, cionnas nách iarrfadh é ar an talamh
a ndearna an uile dhíthchioll dochum a thabhairt uadh, mar
atá an duine, dochum go dtugadh tromthoradh uadha do dhoirt
a fhuil féin ar a shon? Agus mar sin, ní hé amháin as na
neithibh atá d'fhiachaibh orainn, agus as na neithibh atá
ceangailte do na subháilcibh, as mian le Dia toradh d'fhagháil
uainn, acht fós as na hoibrighthibh atá saor againn agus nách
bhfuil olc nó maith uatha féin ionta, ionnas go mbeith toradh
agus luaigheacht aca; agus uime sin as mian leis a ndéanamh
ar a ghrádh féin.



Mar sin, ó atá Dia 'na bhreitheamh comh cruaidh agus so
gurab mian leis as gach éinní toradh d'fhagháil, agus sin
do dhéanamh an uile ghníomha dochum críche maithe; créid
nach déanmaoíd gach éinní do réir a thola, an tan nách bhfuil
luaigheacht ag gníomh dá fheabhas, muna ndéantar é do réir thola
Dé, agus nách féideair drochghníomh ar bith do dhéanamh
do réir a thola? Dogeibhthear crann agus, má bhaineann a
thoradh re talamh, bí lobhtha gan mhaith gan bhlas. Is
cosmhuil ris so gníomha agus oibrighthe an duine; óir an intinn
re ndéanann iad, má fhéachann ar ní talmhaidh ar bith, dá
fheabhus dá mbí an gníomh ann féin, ní bhíonn luaighacht ar
bith aige.


L. 115


Má fhéuchmíd oruinn féin, doghéabham nách bhfuil ní
ar bith as mó doní dochar agus díoghbháil dúinn nó gan
deighintinn díreach do bheith againn in gach ngníomh dá
ndéanmaíd, agus sin as drochbhéasaibh na nádúire. Dia amháin
aon chríoch an duine, agus dá bhrígh sin as cóir dó an uile
ghníomh do dhéanamh ar son Dé; agus má doní iad ar son
críche ar bith eile, doní éagóir dheanachtach air féin, agus
dobheir toibhéim tarcaisneach truaillighthe dá dhignitt
nádúrtha. Cia nách aibeóradh gurab gníomh míochubhaidh
míchéillidhe, dá gcuireadh giolla copán nó corn, as a n-eibheadh
an rí deoch, faoi mhúnlach lobhtha bhréan, nó dá gcuireadh
duine colbh ríoghdha mar shluasaid do ghlanadh camra nó
gúitéir? As deimhin, dá mbeith ciall ionta so, gurab olc
doghéabhaidís chúca a shamhail sin do mhasla d'fhagháil,
ar son náchar órdaigh an nádúir féin iad dochum críche comh
uasal agus sin acht ealedha an chéarda, do oibrigh iad, do
thug cuma ortha. Nách gráineamhla an truaillightheacht ná
so má thugann an duine - do chruthaigh Dia dochum a ghlóire
féin do mhéadughadh agus tug é féin mar chrích nádúrtha dó,
acht as onóraighe ná béul agus ná dignitt ríghthe an domhain -
aire do neithibh truaillighthe diombuana nó do ní ar bith do
chuirfeadh toirmeasg ar teacht dochum na críche as ar cruthaidheadh
é? Idir an dá chréatúir dar chruthaigh Dia, ní
bhfuil differ doichríochnaighthe, gidheadh, idir Dia agus an
uile chréatúir atá difer dochríochnaidhe nách féideair do mheas.
As so as tuigthe don duine méad an tsochair atá dó gach
uile ghníomh do dhéanamh re deighintinn ar son onóra Dé
amháin, agus gan críoch ar bith eile do bheith aige ion aoinní.
Tuigeadh fós an dochar, a' náire, agus an masla atá dó gan
an deighintinn si do bheith aige.



Ionnas go ttuigmís so go soiléir, tugmaoíd fá dear go
milleann feidhm an uile ní críoch eile do thabhairt dó acht
an chríoch as iomchubhaidh dóibh agus dochum ar hórdaigheadh
iad, mar as follus as na somplaidhibh so síos. Cá bhfuil
comhartha mire ba mhó nó dá measadh duine le lán duirn
sneachta páisde do dhéanadh, nó a mheas gurab túis deaghbholaidh
é, nó go ndéantaoi uisce róis de lena theilgeann a
ngríosaigh, nó go ndéantaoi purpair ríoghdha di ghuaireach


L. 116


gharbh muice? As mire agus as amadánacht so uile, agus mar
sin do gach ní eile an tan nách déantar féim de dochum na críche
as iomchubhaidh dó; agus doníothar éagcóir ar an nádúir ina
neithibh féin dá gcur óna bhfeidhm nádúrtha, óir bíd gan sochar
gan tarbha; agus uime sin ní bhíonn meas ar ní ar bith acht
do réir na hiomchubhaidheachta atá aige dochum na críche ar
hórdaigheadh é, agus má chaillionn an chríoch so ní fiú ní ar bith
é. Anois, ó dochímaoid nách bhfuil acht mire agus éigciall
críoch eile do thabhairt do ní ar bith acht an chríoch as iomchubhaidh
dó, nách éigcríonda amadánach níosa mhó ná so, má
thoghann duine críoch eile dó féin tar an chríoch dochum ar
cruthaigheadh é, mar atá Dia féin; agus an chríoch eile níosa
mheasa agus níos tarcuisnighe an méid gurab fearr Dia ná
créatúiraidh an domhain.



Ní dá fheabhas nó dá uaisle dá mbí an ní ann féin nách
mó an tarcaisne agus an masla dogheibh, má curthar óna
fheidhm agus óna chrích féin é. As dearbh nár chruthaigh Dia
ar an talamh so créatúir as uaisle ná an duine dá ttug ciall,
tuigsi, agus toil. Uime sin, gibé duine nách gceanglann é féin
re Dia, atá 'na chrích nádúrtha aige, doní iliomad dochair
dhó féin; ar tús, ag tabhairt mímheasa air féin, agus ag
tabhairt masla agus tarcnaisne don nádúir uasail dá tarraing óna
crích féin; agus ag tabhairt críche eile di as taircaisnihe
míle uair nó a críoch féin. Fá dheoigh, an tan gurab é
an duine créatúir as uaisle ar an talamh sa; agus nách
bhfuil dá dheise, dhírigh dá mbí riaghail, go milltear í le
cam dá laghad; agus dá fheabhas dá mbí corn nó soightheach
déanta, má bhíonn sgáineadh ar bith ann, cuiraidh míomhaisi
air; agus ní bhfuil dá fhoillsigh nó dá ghloine dá mbí
purpair ríoghdha, nách usaide salchar dá laghad d'fhaicsin
air é; ar an modh ccéanna don duine, ní dá laghad dá
ccasfadh 'inntinn ó Dhia, nach mór an smál air é.



Nír fhoillsigh mé go leor an seachrán agus an earráid do
ní an duine nách ndéan an uile ní ar son Dé go hiomlán
agus go fírinneach; óir ní hé amháin go ttugann druim réna
chríoch féin - ní atá 'n-aghaidh an uile réasúin ansna
neithibh atá gan mhothughadh ionnta féin, mar dochoncamar
thuas - acht doní fós claochlódh as dofhulainge ná sin a
n-aghaidh dhlighidh na nádúire, ag déanamh slighe don chrích


L. 117


agus críoch do' tslighe, amhail do chuirfeadh duine roimhe
re pápér litreacha do tharraing ar pheann, nách bhfuil mire
as mó ná é. Gidheadh, as mó an mhire agus an mhíonáire na
so an duine ag tréagean Dé agus ag cur a inntinne agus a
chroidhe isna créatúiribh atá faoi féin agus do chruthaigh
Dia ar a shon. Agus ris sin ní hé amháin go dtréagean duine
Dia acht tréigean fós é féin, do bhrígh gurab ar son an duine
do chruthaigh Dia créatúiraidh na talmhan uile; agus an tan
a chuireas a chríoch féin ionnta, agus nach ttugann buidheachas
do Dhia ar a son, atá 'na chrích dhéigheanaidh ag an
uile ní, doní slighe don chrích agus críoch do' tslighe re
hórdughadh bunascionn. Mar sin, mar is éagcóir a chríoch
féin do bhuain do ní ar bith, as éagcóir rófhollus a chríoch féin
do bhuain don duine. Fós, ní ar chrích ar bith eile doníothar
an éccóir so acht ar Dhia féin, atá 'na chrích dhéigheanaidh
ag an uile ní, an uair as mian le duine toil Dé do bheith acc
seirbhís dó féin dochum a thola féin do dhéanadh agus a
bheith ós cionn thola Dé - ní as iongantaighe dárab féidir a chlos
nó do smuaineadh.



Féachmaoid anois an beag an sochar nó an tarbha atá dúinn
ár n-uile ghníomh do dhéanamh re deighintinn fhírinnigh
ghlain, agus gan sochar nó sólás nó onóir d'iarraidh dúinn féin
ar a son; do bhrígh, an tan chlaonmaoíd ó Dhia, go gcaillmíd
ar ndignid, ár meas agus ár sochar, mar adeir Dáuídh, Psal. 13:
“Do chlaonadar uile agus dorinneadh míotharbhach iad.” An
uile ní dá mbeantar a fheidhm agas a chríoch de, bí
míotharbhach; mar sin do dhuine nách bhféachann go díreach
ar thol Dé, atá mar dhall a' lámhach le gunna nó re bogha.
Ár máighistir Críost, acc teagasg dúinn an deighinntinn as iomchubhaidh
dúinn do bheith againn, adeir, ag Matha san c. 6:
“Má tá do shúil olc, biaidh do chorp uile dorcha”; amhail
adéaradh: muna raibh súile an chroidhe agus na hintinne ag
féachainn ar Dhia dochum go bhfaicdís créad as mian leis, biaidh
an duine uile lán de cheo agus de dhorchadas idair chorp agus
anam, agus atá gan onóir gan fheidhm.



Ar an ádhbhar sin, ar ttruailliúghadh na fréimhe re
heasbuidh an deaghchroidhe agus na deighinntinne, gach
gníomh subháilceach dá bhfásann as an fhréimh sin, dá uaisle
dá mbí, milltear é agus ní bhfuil an acht saothar díomhaoin,


L. 118


mar as follus, do bhrígh nách dtaitnieann gníomh ar
bith re Dia gan deighintinn. Uime sin adeir Ricardus a
S. Victore, de Statu inter., c 7: “Créad é an sochar atá
mórán deaghoibrighthe do dhéanamh, agus a marbhadh re
drochrún nó re drochinntinn; agus créad é méad an uilc, má
mharbhthar linn féin ár cclann mhaith, eadhón, ár ndeaghoibrighthe,
agus ár ccoinsias d'fhiaghnaise orainn?”



As cosmhuil an intinn mhailíseach re péisd dá ngoirthear
salamandra, do bhaineas a thoradh don uile chrann a mbíonn
faoina fhréamhach. Gidheadh, an drochintinn, ní hé amháin
go mbeanann an uile luaigheacht do na deaghoibrighthibh
acht fós doní olc iad, ionnas gurab piana agus sgiúrsa a thuillid,
ar mhodh nách bhfuil dochar as mó ná so ná díoghbháil
ar nách féidir breith. Agus gibé ar bith ní dodhéanas duine
ar son críche ar bith eile, ní bhfuil an acht maidigh críona
dá chruinniúghadh dochum tineadh purgadóra do lasadh agus
dochum sin féin do dhógh innte; agus ar ttarraing
ár ccroidhe ó Dhia dhúinn, ní bhfuil socamhal nó ciúnas againn
acht mar bhíos an t-iasc d'éis a tharraing as an uisce gus a bhás.



A chontrárdha so a theagmhas don druing doní gach gníomh
dá ndéanaid ar son agus ar ghrádh Dé go fírinneach; óir
gach gníomh dá ndéanaid, ní hé amháin annsna subháilcibh
diagha agus annsna subháilcibh morálta, agus annsna neithibh
nách bhfuil olc nó maith ionnta féin, acht fós na neithe doníd
re hainbhfeas acht a ndéanamh re deighintinn, dogheibhid
luaigheacht asta; ionnas gurab féideair leis an duine luaigheacht
d'fhagháil as an uile ghníomh dá ndéan ar son Dé. Agus
mar adeir an t-eagnaidhe, Sap.,c.4, gibé dodhéanas an uile
ghníomh ar son críche comh uasal ria sin, “más gearr a shaoghal,
do choimhlíon sé aimsir fada”; agus sin ar son na ngníomh
dorinne ar son Dé go fírinneach, agus do réir fheabhais an
chroidhe agus na hintinne. Dá réir sin atá luaigheacht ag
na hoibrighibh a bhfiaghnaisi Dé; agus atáid comh taithneamhach
agus sin ag Dia gurab leis féin amháin as féideair
luach diongmhála do thabhairt ar a son, agus ní luach eile acht
é féin.


L. 119


Uime sin bí an diabhal gan stad gan comhnaidh ag iarraidh
re síorcheilg an deighintinn do mhealladh agus a luaigheacht
do bhuain di, mar as follus as sompla na mná, Apocal.,c.12,
a raibhi an ghrian mar éadach 'na timchioll agus a corp uile
sgiamhach soillseach tré fheabhus a croidhe agus a hintinne,
acht dobhí an dragún, eadhón, an diabhal, ós a coinne dochum
an mhic, dobhéaradh sí, do shlugadh. Ar an modh gcéadna
bhíos an diabhal do ghnáth ag fuireachrus ris na deaghoibrighibh,
as clann agus is toradh don fhíréan, do mhilleadh.
Agus is é an gliocas 'na aghaidh sin an ní tárla go sona don
mhnaoi réamhráite sin; ar mbreith a cloinne di, fuadaigheadh
a mac go fiadhnaise Dé agus a chathaoireach. Atá gach gníomh
dá ndéanmaoíd san pheiriacuil chéadna, muna ndéanmaoid iad
i bhfiaghnaisi Dé agus ar son 'ghlóire agus a onóra.



A ndubhramar go so ar gach maith agus ar gach sochar dá
bhfuil san deighintinn, is í an tol mhaith í dar gheall na
haingil síothcháin ar an talamh, iar mbreith ár Slánaightheoir,
Luc.,2. Agus mar adeir Leo Páp., ser.9, de Nat., c.1:
“Síothcháin an chríostaidhe é féin do chur re tol Dé.” Uime sin
gach gníomh dá ndéanmaoíd gan deighintinn, cuiraidh
míchiúnas agus buaidhirt orainn, an tan do leanmaoíd ár mian
agus ár bhfonn féin agus nách riaghalamaoid sin féin do réir
réasúin nó dlighidh Dé; agus an uair is mian linn toil na
ndaoine do dhéanamh - ní as docra ná toil Dé do dhéanamh -
má dothig na neithe contrárdha dúinn bí buaidheairt orainn.
Agus ní hé as cúis dó sin méad an tsaothair dogheibhid acht
nách déanaid gach éinní go fírinneach do réir thola Dé.



Glaine na deighintinne - tobar síorraidhe na ngrás agus
tíodhlaicthe Dé, céim uachtrach na foirbhtheacht, cuibhreach
a cheanglas an t-anam re Dia, sólás as mó ar an saoghal sa,
eochair fhlaithis Dé, agus ceart ár n-uaisle fhosglas an
tslighe dúinn dochum cainte agus comhráidh do dhéanamh re
Dia féin gacha uair.



Dobhí bráthair maith 'na tháilleabhar, darbh ainm Joannes
de Soto, os cionn éadaidh na conueine ina raibhi, agus
ar tteacht tinnis an bháis air, mar do thaisbéain Dia dó
roimhe sin, an tan dobhí an bás chúige do iarr a shnáthad


L. 120


do thabhairt chuige. Do shaoil a raibh do láthair uile
gurab í a chiall do imidh uadh. Adubhairt seisean leo: “Ní
bhfuil mearughadh ar bith oram nó easbuidh céille, agus maille
grásaibh Dé atá mo chiall agus mo réasún agum; agus ar son
Dé tugaidh dum an ní atáim a d'iarraidh.” Ar nglacadh na
snáthaide dó, adubhairt: “Ag so eochair fhlaithis Dé agam rena
bhfoisgeóla mé doirsi parrthois, ria ar mian leam bás d'fhagháil
agus dol d'fhéachain Chríost mo Shlánaightheóir; óir ní
dhearna obair ar bith ria acht ar a shon, agus níor chuir mé
snáithe innte ariamh acht dochum a thola do dhéanamh, amhail
agus gurab do Chríost féin dobheinn ag déanamh éadaigh.”



Gach éinní do dhéanamh re deighintinn agus re deighthol,
ní hé amháin go ttugann Dia luaigheacht ar a shon san
mbeathaidh shíorraidhe acht dobheir fós ar an saoghal sa féin
grás speisialta ar a shon, mar do thárla do dhuine mhaith
riaghalta dobhí 'na dhoirseoir. Gach uair dá bhfosgladh an
doras, agus do fhosgladh é amhail gurab é Críost féin do
bheith ag teacht asteach ar an dorus, agus as so táinic dó
Íosa Críost féin d'fhaicsin ag teacht asteach ar an dorus
go minic.



Gach ar thráchtamar go so ar ghloine croidhe, tola, agus
intinne, ní hé amháin ar na gníomhaibh foirimealacha corpardha
as cóir a thuigsin acht fós ar gach muaineadh agus ar gach
fonn inmheodhónach dá mbí san chroidhe, ionnas nách cóir
dúinn smuaineadh dá laghad d'fhulang in ár n-intinn, muna
bhfuil do réir thola Dé agus dochum glóire agus onóra do
thabhairt dó, agus gan lúthgháire ná sólás ar bith do léigean
asdeach in ár gcroidhe acht muna bhfuil do réir thola Dé agus
mun ba ó Dhia dothiocfadh.



An 22 Caib.



CÉIM RIACHTANUSACH NA DEIGHINTINNE DOCHUM
TOLA DÉ DO CHOIMHLÍONADH IN GACH ÉINNÍ.



Ionnas gurab móide ár bhfoirbhtheacht agus glaine ár
n-intinne, gurab móide ár luaigheacht agus ár sochar, ar
tús, déanmaoíd díthcheall ár n-uile ghníomh do dhéanamh ar


L. 121


son Dé amháin, agus gan toil ná mian do bheith againn acht
tol Dé; amhail doní Dia gach éinní ar a thoil nó ar a shon
féin, gan sinne do dhéanamh ní ar bith acht ar shon Dé agus
dochum a thola do choimhlíonadh. Agus nár bu lór linn sin
do dhéanamh re rún geinerálta acht a dhéanamh go haireach
san uile ghníomh agus go speisialta isna gníomhaibh as mó
luaigheacht, docamhail agus saothar; agus an méid gurab
féidir é ann gach gníomh dá laghad, ar mhódh go mbeith an
croidhe do ghnáth ag féachain suas ar Dhia, agus nách
déanamh dochar dúin féin; óir, mar adeirid ughdair
thromdha, ní leor rún generálta dochum luaigheachta do bheith
ag na hoibrithibh speisialta acht mar do bhrígh an rúin sin do
níothar iad. Agus, mar is iomdha ní theagmhas dúinn do
dhéanamh san ló nach bhfuil buain aca ris an rún dobhí againn
ar maidin, as iomchubhaidh dúinn an choróin órdha so an
deaghrúin do chur ar gach éinghníomh ionnas go mbeith taithneamh
mór ag Dia ionnta.



An dara céim. Gach éinní do dhéanamh go sólásach friochnamhach
éasgaidh, gan tuirsi gan míoghnaoidh; do bhrígh,
ris an modh so, go gcurthar oibliogáid ar gach neach dá ndéantar
seirbhís, mar as follus ideair na daoini ag a mbíonn meas
maith aca ar an tseirbhís doníothar dáibh go suilbhir
deighintinneach. Uime sin adeir an céile diadha, Cantic.2,
leis an anam atá lán do ghrádh: “Éirghe, déan deifir, a bhancharaid,
a choilm sgiamhach, agus gluais chugam.”



An treas chéim. An uile ní do dhéanamh ar son Dé go
hiomlán aonarach, gan féachain ar chrích ar bith eile as
anuaisle ná sin, nó ar a shochar féin, nó ar ní ar bith eile
dá fheabhas. Ag so an teagasc tug Críost dúinn, ag Matha c.6,
ag cur na deighintinne a gcomórtus re haon súil, gus ag
rádh 'na dhiaigh sin: “Ní féidir le duine ar bith seirbhís
do dhéanamh do dhá thighearna.” Fós, oibrighthe na subháilce
ag a bhfuil críoch mhaith uatha féin, mar atá déirc do thabhairt
do bhocht, gidheadh, as cóir a dtógbháil níos áirde ná sin
dochum luaigheachta níos mó do bheith aca, agus a ndéanamh
ar son Dé agus ar a ghrádh níosa mhó ná ar son a críche féin.



Bíodh fós coimhéad againn gan ár ndeághoibrighthe do
dhéanamh ar eagla ifrinn nó phurgadóra, nó fós re dóchas luach
saothair d'fhagháil ar a son; óir, gidh gurab maith gach críoch


L. 122


díobh, ní bhfuil na hoibrighthe comh foirbhthe ris sin agus dá
ndéantaoí iad ar son Dé go fírinneach agus dochum a naomhthola
do choimhlíonadh. Agus má chuirmíd deighchríoch ar
bith eile reomhainn, ná hiarrmaoíd ionnta acht toil Dé. Acht
a ccás nách beith ifreann nó neamh ann, agus nách ttiubhradh
Dia luaigheacht ar bith, agus go dtiubhradh piana síorraidhe
dúinn gan chúis gan ádhbhar, ba chóir dúinn seirbhís do
dhéanamh dó re neart croidhe agus intinne, do bhrígh gurab
é Dia é agus go bhfuil go maith an féin, gan féachain ar ní
ar bith eile; fós, ní ar son go mbeith gean ag Dia orainn,
óir go m'fhéidir go mbeith ní éigeain dár ngrádh féin againn
a bhfolach annso, acht do chionn go bhfuil grádh adhbhal againn
ar Dhia agus meas rómhór ar a mhórdhacht agus a mhaith
ann féin, agus gur fiú é gean agus grádh do bheith air ar a shon
féin agus seirbhís do dhéanamh dó le peiriacail ár mbáis agus
ár mbeatha. Uime sin, más cóir dúinn gach críoch dhlisdeanach
uatha féin do sheachna dochum teacht gus an críoch as fearr
ná éinchríoch eile, cionnas as cóir dúinn na drochchríocha agus
na neith' nách bhfuil olc nó maith ionnta do sheachna? Gidheadh,
ní bhfuil míonáire as mó ná, as na hoibrighthibh as mó do
bhaineas re glóir agus le honóir Dé amháin, fabhar na
ndaoine nó a meas féin do iarraidh asda mar do-níd fimínigh.



Ris an gcéim céadna so do bheanas neamhchás do chur san
uile ghníomh acht dochum glóire Dé, go speisialta isna
neithibh nach bhfuil olc nó maith uatha féin ionnta acht do
réir na críche dochum a ndéantar iad; óir, má tá claonadh
chuige so tairis súd agus do leanfaoidh duine a chlaonadh féin,
ní bhfuil an gníomh gan locht. Atá duine ar chlár nó ar bhórd
'na shuidhe, agus is mian leis gach éinní do dhéanamh ar son
Dé, as cóir dó a bheith ullamh dochum bídh d'ithe nó gan a
ithe, agus mar sin in gach gníomh eile, gan sochar nó sólás
d'iarraidh asda acht onóir agus glóir Dé; agus muna raibh sin
ionnta, ní fiú gníomh ar bith a dhéanamh, re sompla na naomh
ar neamh, ag a mbí níosa mhó do shólás toil Dé d'fhaicsin
dá coimhlíonadh iná a nglóir féin, dothug Dia rena dheaghthol
féin dóibh. As an riaghail si as féideair do gach aon do
thuigsin an bhfuil an deaghrún agus an deaghchroidhe so aige,
nó má tá ar seachrán uatha. Riaghail eile as a ttuigfe gach aon
an bhfuil an deighintinn si go fírinneach aige, mar adeir S.


L. 123


Bearnard: “An feadh atá sólás agam ina ní ar bith acht a nDia
amháin nó ar son Dé, ní lamhaim a rádh go bhfuil céile m'anma
'na chómhnaidhe a m'ucht iná a mo chroidhe re teas mo ghrádh'
fair.” Is maith an sompla tug an bhean dhúinn, Apoc.12,
do theith ar an bhfásach an uair dobhí an diabhal ag cur
cathaidh glóir' díomhaoin' uirre, ag seachna an uile chréatúir;
ionnas gur mar sin as cóir don anam ghlan dheighinntinneach
do bheith, dá dtagamh dó a bheith a measg an uile shámhais
agus shóláis an tsaoghail si, ar a shon sin a bheith an' aonrach,
gan sólás ar bith do bhuain asda ar a ghrádh féin.



An ceathramhadh céim. An uile ghníomh do dhéanamh ar
mhódh nách beith easbuidh ar bith orra, gan cúram nó cás
oile acht tol Dé do choimhlíonadh. Mealltar sinn go minic ór
bhfonn féin do chuireas toirmeasg orainn gan na neithe
d'fhaicsin go díreach, as a ttig dúinn gan toil Dé do choimhlíonadh
go hiomlán, ag cur datha bréige ar ár dtoil féin.



Dá bhrígh sin as riachtanasach dúinn féachain go díthcheallach
ar gach ní dá ndéanmaoíd, agus riamhghlanadh
dúthrachtach do dhéanamh ar ár rún agus ar ár n-inntinn,
dochum go ttugmaoís fá dear go grinn glic cionnas as iomchubhaidh
dúinn an uile ghníomh do dhéanamh do réir thola
Dé; óir, gan an sgrúdadh so do dhéanamh, ní féidir an rún do
bheith glan. Cionnas as féideair a rádh gurab ar ghrádh Dé,
nó dochum a thola do choimhlíonadh, doníothar ní ar bith ag
a bhfuil míothaitneamh ag Dia air nó ina bhfuil contabhairt
go dtaitnigheann ris?



An 23 Caib.



CIONNAS HAITHEANTAR TOIL DÉ DOCHUM A COIMHLÍONADH
GO HIOMLÁN AGUS DOCHUM AN UILE
GHNÍOMH DO DHÉANAMH AR SON DÉ GO DÍREACH FÍRINNEACH.



Ionnas nách rachmaoís ar seachrán annso, cuirfeam riaghalach'
annso síos dár ttreorughadh, tug an tAthair naomhtha
S. Ignaisius uadh, theagaisgios dúinn toil Dé, gach uair dá


L. 124


bhfuil aithne fhollus orainn, do dhéanamh, nó do chuirid ár
n-uachtaráin d'fhiachaibh orainn ní do dhéanamh, nó is
feas dúinn ar mhodh ar bith eile gurab í toil Dé sinn do
dhéanamh éinní.



An chéad riaghail. Gan cás ar bith do bheith againn créid
as mian re Dia do dhéanamh dúinn, agus gan fonn do bheith
ina ní tar ní eile againn, acht gibé ar bith ní as mian re
Dia do dhéanamh dúinn, a bheith réidh chuige gan claonadh ar
bith do thaobh nó do thaobh eile; oir tairngidh an claonadh
mí-órdaighthe an tuigsi 'na dhiaidh ar mhódh go gcuireann an
bhréag a n-áit na fírinne uirre. Uime sin, bíodh an t-anam saor
ón uile chlaonadh, amhail dobhiadh comhthrom, ag fuireach
do ghnáth réna thuigsin créid as mian re Dia do dhéanamh dó,
agus gan ní ar bith eile do bheith ar 'aire acht sin amháin.



Ionnas go dtiocfamaoís dochum an chéime so, bíodh ós
coinne ár súl do ghnáth an chríoch dochum ar cruthaigheadh
sinn. Smuainmíd fós nách bhfuil san uile ní eile acht módh
agus slighe dochum teacht dochum na críche so, agus gurab í
an chríoch féin glóir Dé agus coimhlíonadh a naomhthola;
agus nach bhfuil cúis nó ádhbhar as ar cóir grádh do bheith
ar ní ar bith eile acht an méid go gcuidighid teacht dochum
na críche si dochum ar cruthaigheadh iad. Is follus as so
gurab cóir dúinn neamhchás do bheith againn san uile ní,
agus gan gean nó grádh do bheith againn orra, acht an méid
gurab congnamh iad teagheacht dochum ár gcríche déigheanaidh'
agus dochum tola Dé do choimhlíonadh; agus muna
bhfuil an congnamh sin ionnta, ní fiú grádh nó gean do bheith orra.



Gibé duine a bhíos ar slighe ag tarraing go háit áirighthe,
a gcomhrac dá shlighe, ní bhfuil ceisd aige cia díobh slighe
as measa nó as fearr, docamhlach nó socamhlach, acht cia
díobh dobhéaras é go díreach don áit ag a bhfuil ag triall;
agus gabhaidh í sin do roghain a gcás go bhfuil garbh
clochach docamhlach. Ar an modh gcéadna dúinne, ní cóir
dúinn ní ar bith do thogha dúinn féin acht mar ní é a
thairngeas dochum Dé agus do cheanglas sin re críoch
dhéighneaidh, agus sin ar an modh as mian re Dia, gan 'atharrach
sin do rún do bheith againn, más searbh nó milis,
socamhlach nó docamhlach an ní theagmhus dúinn. Fós, amhail


L. 125


a bhíos an mhuintir a bhíos ag imirt ar bhranna nó ar
thachrán, ní ceisd leo cionnas do ghluaisid an fhuireann
acht go mbéardís an cluiche; uime sin, an rígh, mar aon leis
an gcoisígh agus gach aon fhear eile, mar mheasaid a bheith
iomchubhaidh dóibh, gluaisid é. Mar an ccéadna dúinne, mar
as mó éadáil atá dóchus againn d'fhagháil as gach gníomh
dá ndéanmaoíd, eadhón, Dia féin, as cóir dúinn gan a bheith
ceangailte do ní ar bith, nó ceisd nó cás do chur ann, acht
amháin a thabhairt fá dear agus a smuaineadh an bhfuil iomchubhaidh
dúinn dochum teacht chum na críche atá romhainn.



Is cóir dúinn an chríoch so do bheith do ghnáth ós comhair
ár súl agus an uile ní d'órdughadh chúige, agus gan críoch do
dhéanamh do ní ar bith eile dárab cóir a bheith 'na mhódh
agus 'na shlighe dochum teacht dochum na críche fíreinnigh';
mar do theagmhas go minic do dhaoinibh aimhghlice
éigcéillidhe, réir mian seirbhís do dhéanamh do Dhia ris na
neithe ar a bhfuil grádh aca orra ar a son féin agus ní ar son
Dé, a ghlóire nó a onóra; ní ina bhfuil seachrán gráineamhail,
gan onóir Dé d'iarraidh ar tús, amhail ba mhian leo Dia do
chur a thola féin do réir a ttola agus gan iadsan do chur a
dtola re Dia, an tan ba chóir dúinn ar tús a chur romhainn
go daingean dúthrachtach tol Dé do dhéanamh, agus 'na
dhiaigh sin an modh do thogha ar ar mhian le Dia sin
dá dhéanamh; óir sin féin do thogha neithe ar bith ar
á ngrádh féin gus dhiaigh sin seirbhís do dhéanamh
do Dhia ris, ní bhfuil ann acht neamhórdughadh agus ní
bunascionn nách féidir a dhéanamh re deighintinn nó le
deaghthoil, agus nách ttaitnigheann re Dia ná le daoinibh.
Uime sin, an tan as mian linn buidheachas duine do thuilleamhain,
nó tíodhlacadh do thabhairt dó, féachmaíd ar tús an
mbeith taitneamh nó fonn aige in ár seirbhís nó in ár ttíodhlacadh,
agus ní d'éis a thabhairt uainn as iomchubhaidh dúinn
a iarraidh ar a ghlacadh chuige go maith, agus gan fhios againn
nách míghean agus gráin atá aige air, di bhrígh beith
annsin acht a iarraidh air a thol féin do chur réir dtolne más
olc nó maith í.



Anois, an uair nách gabhann duine ó dhuine eile go maith
a shamhail sin do sheirbhís, cionnas dobhéaram sásadh do
Dhia rena samhail? Ná mealladh an duine é féin ag


L. 126


smuaineadh go bhfuil deighintinn aige ar son gurab dochum
onóra Dé dorinne an gníomh sa nó an gníomh sa eile, óir
gurab féidir leis sin do dhéanamh agus gan taitneamh do bheith
ag Dia air. Teagbhaidh go ndéan duine gníomh ag a mbeith
taitneamh ag Dia ann, gidheadh, nách uime sin dorinne an
gníomh acht do chionn go ttaitnigheann ris féin.



Tar éis duine do theacht chuige sin go bhfuil neamhchás
aige san uile ní, agus go bhfuil a thol saor glan ón uile fhonn
talmhaidhe, féachadh go grinn re ciúnas spiorad' agus re
síothcháin anma créid as mian re Dia do dhéanamh dúinn,
agus sin ó rún croidhe, agus créid é an modh ar ar mian ris
sin do dhéanamh. Agus arna dhéanamh sin, agus ar
mbeith don anam saor ón uile chlaonadh agus ón uile fhonn
saoghalta, dochídhfe go soiléir créid as cóir do dhéanamh,
agus créid as mian re Dia do dhéanamh dó, dochum a naomhthola
féin do choimhlíonadh.



Congnamh maith dochum na neithe ar a bhfuilmíd ag
tráchtadh, má mhothaigheann duine é féin claon dochum neithe
tar ní eile, an ní nach fuil fonn aige ann do ghabháil do roghain,
agus Dia do ghuidhe go dúthrachtach gan a léigean dó a
thol féin do leanamhain; amhail donímíd re bata cam,
ionnas go ndéanmaíd díreach é, fillmíd é don taobh eile re neart.



Congnamh rómhaith eile beatha ár Slánaightheora Íosa
Críost do chur 'na sompla romhainn; agus as í so toil Dé, sinn
do leanamhain a luirg agus a bheith toilteanach ria, bocht,
cráite, foighideach, tochtach, umhal, carthannach, agus a
bheith tarbhach do gach aon eile. Ádhbhal fós an sochar a
thabhairt fá dear in gach éinghníomh, a' ndéanamh Críost
féin a shamhail sin do ghníomh, mar ní é dobheith a n-aghaidh
onóra 'phearsana diadha, agus créid é an modh, an freachnamh,
an grádh, agus an fhoirbhtheacht re' ndéanamh é, ionnas go
ndéanmaoíd é ris an díthcheall céadna.



Dochum luirg Críost do leanmhuin ó rún croidhe agus re
glaine intinne, cuireadh duine roimhe ar tús, dá bhfaghbhadh
tighearnas an domhain, gan ní ar bith do dhéanamh ar a
mbeith míothaitneamh ag Dia, dáma éigean dó bás d'fhulang.
Arís, an uile ní do dhéanamh dochum glóire Dé do


L. 127


mhéadughadh. Fós, dá mbeith idir dá ní, agus gach gníomh
díobh ionann ag dol a n-onóir do Dhia, gabhadh do roghain an ní
as mó as cosmhuil le gníomharthaibh Críost, agus as mó atá
do réir a shompla, agus as mó do chuireas sinn féin a gcosamhlacht
leis, bíodh gurab é as saothraigh agus as docamhlaidh.



Atá fós rótharbhach dúinn a thuigsin gurab é gach ní
as mó sochair as mian re Dia, ní hé amháin ar an saoghal sa
acht fós dochum na beathadh síorraidhe. Bíodh a fhios againn
fós, an tan dogheibhmíd sólás ár gcuirp agus ár gcéadfadh,
agus maill' ris sin tíodhlaicthe móra speisialta dár n-anam,
as cóir dúinn a bheith dearbhtha gurab mó is mian le Dia
duadh corpardha do bheith orainn nó sólás, do bhrígh, crádh
an chuirp, go neartaigheann an spiorad agus go méadaigheann
luaidheacht, mar do theagaisg go follus an Coimhdhe, ag Matha
c. 16, acc rádh: “Gibé léar mian misi do leanmhuin,
tréigeadh sé é féin agus tógbhadh a chroch agus leanadh mé.”



Cuidiúghadh eile chuige so meas mór do bheith ar ghrásaibh
Dé agus mímheas agus tarcuisne do bheith ar an uile shámhas
agus shólás shaoghalta; óir, do réir an mheasa a bhíos
againn ar na neithibh, a mbíonn fonn againn ionnta; agus
tairrngidh an toil, do réir a fuinn féin, an tuigsi 'na diaidh,
ionnas nách féidir di breitheamhnas díreach do thabhairt
ar na neithibh atá aice rena dtogha, agus uime sin go dtéid
ar seachrán.



Féachmaoíd agus smuainmaoid againn féin, dá ndéanmaís
comhairle re duine foghlumtha coinsiasach fán ní atá a gcontabhairt
orainn do thaobh thola Dé, créad é an freagra do
bhéaradh orainn, agus do réir na cómhairle do mheasmaoís
é do thabhairt dúinn, déanmaoíd amhlaidh uain féin.



Smuainmíd fós, dá mbeith Críost, maighistir na foirbhtheachta,
ar an talamh sa, nó an uair dobhí ceangailte re
tairrngidhibh san gcroich, agus fiafraighmíd de créid an ní
is taitneamhach ris an Athair síorraidhe do dhéanamh dhúinn
dochum a onóra féin; an chómhairle dobhéaradh dúinn an uair
sin agus bu mhian linn a ghabháil uadha, mar atá leanmhuin
a naomhbheatha féin agus cosamhlacht doilghis na croiche,
déanmaoíd anois dá réir sin.


L. 128


Dá ndéanamh duine eile comhairle linn féin, gibé freagra
dobhéarmaoís air, óir a ccúis duine eile as fearr ár mbreitheamhnas,
déanmaís féin dá réir.



Créad bu mhian linn do dhéanamh a bhfiadhnaisi breitheamhnuis
Dé agus a fhios again nách féidir an breathamh
do mhealladh, agus go bhfaicionn go grinn gach rún dá
dhiamhra dá bhfuil a n-ár gcroidhe agus go bhfoillseóchadh
iad a bhfiadhnaisi an domhain?



Smuainmaoid so do ghnáth: cionnas ba mhian linn a bheith
san chrích dhéigheanaidh, an tan atá an bás againn san dorus
agus as éigein dúinn slighe na síorraidhtheachta do ghabháil,
ina mbiam a bpéin nó a nglóir gan chrích gan foircheann?
Gabhmaís anois slighe na fírinne agus ná cuirmís an aithrighe
ar cáirde, óir d'éis ar mbáis nách bhfuil breith uirre nó leigheas
ar bith.



Dobheirim comhairle fá dheoidh, agus as í as cóir a bheith
roimhe an uile chomhairle agus roimhe an uile ní eile, re
croidhe fíorumhal Dia do ghuidhe fána thol féin d'fhoillsiughadh
dúinn, agus gan a léigean dúinn sinn féin do
mhealladh, ní nach féidir ris an Athair fíorthrócaireach gan
an athchuingnidh rómhaith sin d'éisdeacht, dothéid a n-ónóir
mhóir dó féin agus atá rotharbhach dhúinne; agus mar sin
an urnaighthe aithghearr úd Póil,Act., c.9, do bheith in ár
gcroidhe agus in ár mbél do ghnáth, eadhón: “A Thighearna,
créid as mian leat do dhéanamh dam?” nó mar adubhairt
Críost ár gCoimhdhe, ag Luc.,c.22: “Ná déantar mo tholsi
acht do tholsi, a Athair neamhdha.”



Dá dteagmhadh dá ghníomh dúinn rena ndéanamh, agus gach
gníomh díobh ag dol comhionann dochum glóire Dé agus
dochum luirg ár Slánaightheora do leanmhuin, as féidir
linn, gan ceisd ar bith, rogha díobh do thogha agus a
rad do Dhia. Más gníomh é nách bhfuil olc nó maith ann
uadha féin, acht a dhéanamh ar son Dé agus ar son a
ghrádha, biaidh luach agus luaigheacht aige a bhfiadhnaisi Dé.


L. 129


An 24 Caib.



ATÁ FOIRBHTHEACHT OIRDHEIRC, NÍ HÉ AMHÁIN
GACH ÉINNÍ DO DHÉANAMH AR SON DÉ, ACHT FÓS
A NDÉANAMH AR AN MODH AR AR MIAN RE DIA
A NDÉANAMH.



Ní leor gach ní dá ndéanmaoíd do dhéanamh re deighintinn
ar ghrádh Dé agus dochum a naomhthola do choimhlíonadh,
acht fós as riachtanusach a ndéanamh ar an modh as mian
re Dia, maille le foirbhtheacht mhóir. Agus gach ní dá
ndubhramar roimhe so ar gach céim as cóir don deighintinn
do bheith aige, a bheanas le substaint gach gníomh, is cóir
a choimhéad ansa mhódh ar a ndéantar iad, ionnas go ndéantaoí
go foirbhthe iad; óir an oibliogáid atá orainn gach éinní
do dhéanamh ar son Dé, cuiridh mar an gcéadna d'fhiachaibh
orainn a ndéanamh ar an modh a ttaiteónadís re Dia. Di
bhrígh, mar is créatúirí agus oibrighthe Dé sinn, atá ceart ag Dia
orainn agus ar gach ní dá bhfuil ar ár gcumas - ar an modh
ar a bhfuil ceart an tí do chuir an crann a thoradh d'fhagháil -
as dearbh, gach toradh agus gach rath dá dtig orainn, gurab
cóir dúinn a thabhairt do Dhia. Gidheadh, ní bhfuil ag
iarraidh toraidh eile orainn acht gach gníomh do dhéanamh
mar as mian leis féin, gus mar ndéanam mar sin iad, ní bhfuil
ionnainn acht crann gan toradh ag nách bhfuil meas ag Dia
orainn. Fós, searbhóntaigh agus sglábhaighthe do Dhia sinn,
agus as é Dia ár mághistir agus ár dTighearna. Uime sin,
mar as cóir don tsearbheóntaidh an uile ghníomh do
dhéanamh do réir intinne a thighearna, agus ar an módh reir
mian leis é dá dhéanamh, comh friochnamhach as féidir leis, ar an
modh céadna is iomchubhaidh dúinne an uile ghníomh do
dhéanamh a bhfiaghnaisi Dé, ionnas go bhfagh gean orra.



Cia hé an tighearna ag a mbeith foidhid ris an tsearbhóntaidh
do dhéanamh an uile ní go holc, do mhillfeadh gach ní dá
nglacadh, do léigfeadh dóibh tuiteam as a lámhaibh, do
bhrisfeadh iad, agus gach ní dá dtaobhthadh a mháighistir
ris, do chuirfeadh a seachad iad? Ní bhfuil againne ní as uaisle
agus as mo meas nó ár n-oibrighthe, óir ní bhfuil meas ar
dhuine ar bith acht do réir a ghníomhartha. Agus mar


L. 130


nách leor brot síoda do bheith fighte re hórshnáithe dochum
measa do bheith air, muna raibhi glan sgiamhach dealraidheach,
ionnas, muna raibhi mar sin acht lán do cháidhe
agus di shalchar, ní féidir purpair ríoghdha do dhéanamh de,
acht dobhéradh masla don rígh gibé do chuirfeadh a shamhail
sin d'éadach air; mar an ccéadna, ní lór an gníomh do bheith
maith ann féin dochum measa do bheith air ag Dia, acht as
riachtanasach gan locht ar bith do bheith ann agus gan a
scéimh féin a bheith d'fheasbaidh air. Och, a Dhia, an tan
nach bhfuilgeamaoid sal dá laghad nó briseadh nó braon
ola nó sgaoileadh ar éadach ár ccuirp, créd má bhfuilngemíd
éadach agus ornament ár n-anma, mar atá ar ngníomhartha,
do bheith cáidheach nó salach? Agus mar nách bíonn gean
againn féin ar éadach truaillighthe tarcaisneach, créid fá
ttigmíd a bhfiadhnuisi Dé re gníomharthaibh nách fiú iad a
bhfaicsin?



Ar an ádhbhar sin, ní leor go mbeith taithneamh ag Dia
san ngníomh agus gurab ar son Dé fós dorinne é, acht as
éigein a dhéanamh ar an modh a thaitnigheas re Dia, agus go
mbiadh comh glan agus comh iomchubhaidh agus sin gurab
fiú é teacht mar bhronntanas a bhfiadhnuisi 'chomhmór sin di
Thighearna ar son na bhfiacha atá aige orainn. Uime sin, dá
uaisle agus dá fheabhas dá mbí an gníomh an féin, as
móide as córa a dhéanamh ar son Dé go fírinneach; agus
tuillidh pian agus ceartughadh, an tí doní a shamhail sin do
ghníomh go mainneachtach. An tan dochíodh S. Ignaisius
duine ar bith ag déanamh seirbhíse Dé go mainneachtach, do
bheireadh spreagadh géar dó, ag rádh: “Más é Dia as críoch
duit, as trom an cháin a chuirfeas ort. Seirbhís mhainneachtach
do dhéanamh do' tsaoghal agus a bheith fallsa annsna
neithibh díomhaoineach, ní mór an chair é; acht an ní a
bhaineas re Dia amháin do dhéanamh go leisgeamhail fallsa,
ní féidir a fhulang.”



Dochum ár n-oibrighthe do dhéanamh go foirbhthe, do
bhéara cuidiughadh mór dúinn na comhairleacha so síos do
choimhéad.


L. 131


An chéad uair. Fiafraigheadh duine de féin cionnas as
mian re Dia an gníomh sin do dhéanamh dó. Éisdigh Críost,
ag Math.c.5, ag rádh: “Bíthidh foirbhthe mar atá mar
nAthair neamhdha foirbhthe.”



An dara comhairle. A smuaineadh cionnas dodhéanamh
Críost féin an gníomh sin, óir gurab air as cóir dúinn féachain
cionnas do leanmaís a lorg, agus gurab é as sompla iomlán,
riaghail chinnte, agus árddhligheadh na foirbhtheachta, dochum
go ndéanmaois ár n-uile ghníomh ris an bhfriochnughadh, ris an
ngrádh, agus ris an díthchioll céadna.



An treas chomhairle. A smuaineadh go bhfuil Dia agus na
haingil 'na bhfiaghnaisi agus 'na mbreatheamhain ar an modh
a ndéanmaoíd gach éinghníomh; agus mar sin gach aon
ghníomh do dhéanamh comh dúthrachtach, comh ceart agus
comh díthcheallach sin amhail agus dochídhfeadhmaois ós ár
gcomhair iad.



An ceathramhadh comhairle. A smuaineadh cionnas bu
mhaith linn sin do dhéanamh gach gníomha dá ndearnamar,
an tan do shuidhfeas Críost ina chathaoir bhreitheamhnais
agus bhainfeas cúntas dínn gus an bonn déigheanach, agus
taisbéantar ár ngníomhartha agus cuirfidhear a dtómhas iad.
Féachaidh anois cia hé an céard ar a mbeith cúram obair do
dhéanamh, agus a fhios aige go dtiubhradh céard rofhoghlama
eile breitheamhnas ar an obair, nách déanamh an uile dhíthchioll
an obair do dhéanamh go ródheas gan locht ar bith.



An cúigeadh comhairle. A smuaineadh cionnas bu mhian
linn an gníomh sin do dhéanamh a n-aimsir ár mbáis; agus
má bhíonn doilgheas orainn an uair nách ba féideair linn ár
ngníomhartha do cheartughadh nó do leasughadh, créad nách
déanmaoíd é an uair atá ar ár gcumas ár n-oibrighthe do
dhéanamh go foirbhthe ceart, mar as iomchubhaidh?



An seiseadh comhairle. A smuaineadh, dáma é sin do
ghníomh déigheanach, créid é an díthchioll, an dúthracht, agus
an freachnamh réir mhian riot a dhéanamh; ar an modh
ccéadna is cóir dhuit anois do dhéanamh.



An seachtmhadh comhairle. Tabhair fá dear méad an
tsochair atá san ngníomh do dhéanamh ar an modh so nó air an
modh eile; óir réna dhéanamh go maith agus mar as


L. 132


iomchubhaidh, doghéabha tú níosa mhó do ghlóir a bhflaitheamhnas
ris, nó seachóna tú piana troma purgadóra, le
beagán saothair anois.



An t-ochtmhadh comhairle. Meas gurab oirdheirc onórach
taitneamh le Dia, agus gurab mór an neamhórdughadh ar
son saothair éattroim, nó míofhoighide gan tábhacht, míothaitneamh
re Dia sa ngníomh reir mian rin taitneamh
ris. Créad é an meas dobhí cian ó shoin thaitneamh re
súilibh an rígh Asuerus? Óigbhean dheas dá tabhairt chuige,
toghtha as na míltibh, agus do bhíodh bliadhain iomlán
dá deasadh agus dá gléas, ionnas go bhfaghadh gean uirre,
mar is follus, Esther,c.2. Uime sin, créad nách déanmaoíd
ár n-uile ghníomh re cúram mór agus re díthcheall dochum a
mbeith gan smál gan locht i bhfiadhnaisi Dé?



An naomhadh comhairle. An uile ní do dhéanamh re haire
agus re hintinn, amhail agus nach beith ní ar bith eile againn
rena dhéanamh ó sin amach; óir ní hiomchubhaidh dúinn ní
ar bith do dhéanamh go neamhaireach, di bhrígh gurab mó
luaigheacht éinghníomh amháin doníothar go haireach nó
míle doníothar go maineachtach.



An deachmhadh comhairle. Gan do chúram do bheith ar
dhuine acht fán lá atá do láthair aige; agus cia hé an duine
le nár mhian aon lá amháin do chaitheamh go maith? Ní
bhfuil an lá 'márach cinnte againn; uime sin, ní cóir dúinn
an lá andiú do chur i gcontabhairt. Agus ní cóir dúinn fad
ár saoghail do smuaineadh, óir ní bhfuil againn de acht an
méid atá do láthair; agus ní bhfuil a ccuideachta a chéile
againn acht móimeint d'éis móimeinte, ionnas goma usaide
dúinn a chaitheamh go maith; amhail dobheith cual mhór
nách féidir linn a hiomchar an feadh a bhias ceangailte,
gidheadh, má sgaoiltear í as féideair linn le beagán agus beagán
a hiomchar.



Deirim, fá dheoidh, gibé duine do choimhéadfus an deaghrún
agus an deighintinn so, nách é amháin go bhfuighbhe luaidheacht
mhór as na hoibrighthibh atá go maith ionnta féin, agus
as na hoibrighthibh nách bhfuil olc nó maith uatha féin ionnta,
acht fós, muna féideair an gníomh do dhéanamh, di bhrígh go


L. 133


ngabhann Dia an toil mhaith an tan nach bí an gníomh ar air
gcumas. Ar an ádhbhar sin, ní cóir dúinn mainneachtnaidh
do dhéanamh go bráth den mhodh agus den instrument so
léir féidir linn luaidheacht do thuilleamhain da ghnáth a
bhfiaghnaise Dé; agus rún do bheith againn gach oibrighthe
subháilceacha dá gcualamar ariamh do chur i ngníomh, dá
mb'éideair linn é, agus gach páis agus pian dar fhulaing mairtíri
an domhain d'fhulang, dá mbeith cionfátha againn. Agus as
féidir an fonn so do bheith comh daingean, díleas, fírinneach
agus sin go mbiaidh luaigheacht aige comh maith agus do
déantaí an gníomh féin.



Tairis so, déanmaís díthchioll na hoibrighthe míotharbhach
do sheachna agus oibrighthe tarbhach do dhéanamh, do
bhrígh nách bhfuil feidhm ar ní ar bith nach ttugthar
dochum a chríche féin, agus ní mó iná sin an feidhm atá ar
na neithibh díomhaoin, agus is measa fós iná sin gníomh
maith ar bith do dhéanamh acht dochum na críche ar ar
hórdaigheadh é, mar atá glóir agus onóir Dé. Agus as uime sin
tángamar ar an saoghal, ionnas go ndéanmaís ár n-uile ghníomh
dochum glóire agus onóra Dé. Dá bhrígh sin, ná léigmíd
tharainn an onóir sin do thabhairt dár tTighearna, ná an sochar
tig dúinn as.



An 25 Caib.



AN MODH AR AIR CÓIR DO DHUINE É FÉIN DO CHUR
RE TOIL DÉ IN GACH NÍ DÁ NDÉANANN.



Ionnas go mbeith ár ttoil ceangailte re toil Dé, ní lór
dúinn gach ní as mian re Dia do dhéanamh, acht as éigein
dúinn a fhulang go foidhideach gach ní as mian ris do theagmháil
dúinn, do bhrígh go bhfuil an uile cheart aige gach ní
as mian ris do dhéanamh; óir, ar son an áirdthighearnais
atá aige ar a chréatúiríbh féin, as féideair leis a chomhairle
féin do dhéanamh leo dámadh toil leis a gcur ar neimhní, agus
ní féideair le neach ar bith a rádh nách ceart do dhéanamh
sin. Más ceadaigheach do dhuine gach ní as leis féin do
chaitheadh mar is mian leis, créad fá nách beith na cumhachta


L. 134


céanna ag Dia, nó uirid priviléide le gach neach eile? Nó
créad é an fáth gearáin atá agaionn ar Dhia, má doní linn mar as
toil leis féin, ní hé amháin mar as mian linn? Nó cia reir
féideair toirmeasg do chur ar Dhia a chomhairle féin do
dhéanamh rena chréatúiribh, an tan as ceadaightheach do
dhuine cóta do dhéanamh dá chlóca? Nó créad fá mbeith
comhachta Dé níosa lugha nó comhachta na ndaoine ar an ní do
bhaineas ris féin? Uime sin, más í tol Dé galar, bochtaine, nó
buairt ar bith do léigean orainn, déanadh sé a thol féin, agus ná
déanmaoíd gearán air; acht measmaoíd gurab tíodhlaicthe
móra tug dúinn chionn aire do thabhair dúinn nó smuaineadh
orainn, dá mhéad crádh dá dtiubhradh dúinn, tré mhéad na
tarbha tig dúinn as.



Gibé duine dá uaisle do theaghlach ríoghdha ar bith, dá
dtiubhradh an rí do mheas air a bheith dá iomchar féin,
dá mhéad duadh nó saothar dá bhfaghann, níor chás ris é acht
grása an rígh do bheith aige, do bhrígh go measann gurab fiú
é an uile sheirbhís do dhéanamh dó. As lór an réasún so dochum
sinn féin do chur re tol Dé in gach éinní, óir as éagcóir
fhollus in aghaidh Dé, gomadh mhian le duine gan cead do
bheith ag Dia a chomhairle féin do dhéanamh re gach ní dar
chruthaigh. Onóir fós dúinne, dá léigeadh a ghrádh agus a
thrócaire dó é, dá ndéanamh spóllaidh dínn di chionn féachain
orainn.



Má fhéachmaoíd go grinn ar so, doghéabham nách é amháin
gurab cóir dúinn a bheith réidh síothchánta le toil Dé, gib'
ar bith ní as mian ris do dhéanamh rinn, dá sheirbhe agus dá
dhocamhla dá mbeith, acht fós buidheachas do thabhairt dó,
lúthgháire agus iolgháirdeas do bheith orainn. Gibé ar bith
cor is mian ris an mhórdhacht dhiadha fhírghlic, atá lán dár
ngrádh, do chur dhínn ar an tsaoghal so, téid i sochar dúinn,
agus as leor sin do réasún gach uair dá gcéasfadh sinn. Is
ní dorcha dothuigsidh a ádhbhar so, di bhrígh go bhfuil Dia
maith, soghrádhach, carthannach, tíodhlaictheach uadh féin,
agus go bhfuil níos claoine dochum ár maitheasa agus dochum
ár sóláis ná atá an tinidh dochum lasaidh nó cloch dochum
tuiteam ar íochtar uisge. Uime sin, mar atá Dia óna nádúir
féin grádhach carthannach, ní chuireann céasadh ar an duine
dochum uilc do dhéanamh dó acht dochum tíodhlaicthe


L. 135


oirdheirc do thabhairt dó, mar atá slighe agus modh ró-iomchubhaidh
dochum na sláinte síorraidhe, eadhón, crádh
d'fhulang ar an tsaoghal so, ionnas nách féideair leis ar mhódh
eile an fonn atá ar maith do dhéanamh dúinn níos fearr
d'fhoillsiughadh. Agus ar son go bhfuil a n-aghaidh a nádúire,
do réir meas na ndaoine, duadh agus anró do chur ortha, agus
é róchlaon dochum maitheasa, ní dhéanann é acht re hiomarcaidh
grádha orra; amhail agus dá mbeith duine rómhuintearrdha
againn, agus a ghráin aige ar ghníomh éigein do
dhéanamh dorachadh a sochar mhór dúinn, do dhéanamh
coimhéigniughadh air féin, ag déanamh an ghníomha dochum
sochair do theacht dúinn as. Is dearbh gurab mó an buidheachas
bu chóir do bheith againn ar fán ngníomh sin ná dá
ndéanamh gníomh eile dochum a mbeith a thoil féin claon
chuige. Ar an módh ccéadna as cóir dúinne do bheith re Dia,
ag admháil go fírinneach gurab mó an buidheachas as cóir dúinn
do bheith againn ar, an tan do léigeas bruid nó anró orainn,
di bhrígh gurab é ár maith agus ár sochar atá d'iarraidh.



Ní cóir dúinn a mheas go bhfuil ní ar bith as tarbhaighe
dúinn ná an ní dobheir ár gcaraid ionmhuin dúinn dochum ár
sochair féin, mar doní máthair lena leanbh tinn, ag buain
an ghreama blasda as a bheol agus dobheir purgóid searbh
dó. Ris an réasún chéadna as cóir dúine a chreidmhuin
nách bhfuil ní as mó sochar dúinn nó an galar agus an
bhuaidhairt a léigeas Dia orainn. Dá chinnte dá bhfuilmíd do
mhórthrócaire Dé, dá ghrádh éagmhais orainn, agus den fhonn
atá air maith do dhéanamh dúinn, as móide do thuigmíd go
soiléir gurab dochum ár sochair a bhaineas an sólás saoghalta
dínn; agus muna ndéanadh sin, doba fhéidir linn gearán do
dhéanamh air nách beith truaidhe nó trócaire aige dúinn mar
ba cubhaidh.



Cia déaradh gurab liaigh trócaireach do léigfeadh don
othar, d'eagla duadh ar bith do chur air, gach biadh agus
deoch bu mhian leis do chaitheadh accas go dtiocfeadh as
a bhás? Nó créid é an ghné trócaire nó daonacht atá
léigean don easlán bás d'fhagháil do leisge an deoch amháin
searbh do thabhairt dó, d'eagla nách bhfuighbheadh blas maith
ar an digh? Uime sin, cionnas as féidir linn a iarraidh ar
Dhia ní do dhéanamh ar a mbeith gráin againn dá ndéanadh


L. 136


duine é? Dá bhrígh sin, mar doní an t-othar ris an liaigh,
dobheir deocha searbha dó agus nách léigeann chuig na neithe
ag a mbí fonn aige féin ionnta, ní hé amháin nách déan fearg
nó saobhnós fris acht fós go ttugann luach leighis agus
tíodhlacthe dó; mar an gcéadna as cóir dúinne do dhéanamh
re Dia, an tan do léigeas bruid nó anró ar bith orainn, ní hé
amháin a bheith rena thoil acht fós buidheachas mór do
thabhairt dó fá chúram do bheith aige ár ttimchioll. Má bheir
an tí ar a mbí cancar ní hé amháin buidheachas don bhearrbóir
a ghearras ball dá bhallaibh de, acht tairis sin luach saothair,
créad nách dtugmaoíd buidheachas as mó ná sin do Dhia,
ó shaoras sinn ar mhodh as sáimhe ná sin ar olcaibh troma
as peiriaclaighe ná tinneas corparrdha an domhain?



Méadaigh ár sólásmhasmaoíd nách é amháin
gurab é Dia ár liaigh fírinneach, acht fós gurab é ár nAthair
fíorghrádhach é, agus lúthgháire agus iolgháirdeas do bheith
orainn, tré mhéad a ghrádha, gach uair do smachtaigheas sin
agus do cheartaigheas ár ndoibhéasa mar chlainn dhíleas dó
féin. As mó an comhartha grádh' go minic an chlann do
cheartughadh nó tabharthas nó tíodhlacadh do thabhairt
dóibh; óir dobheir duine iad so do achtrannachaibh agus ní
cheartaigheann acht an chlann. Dá bhrígh sin, as cómhartha
cinnte dúinn gurab do thigh agus do mhuintir Dé sinn gach uair
do cheartaigheas sinn, agus gurab cóir dúinn buidheachas do
thabhairt dó.



An feadh a bhíos an chlann óg, bí doilgheas orra agus bí
ag gul rena gceartughadh; gidheadh, ar dteacht dochum aoisi
agus críonachta dóibh, tuigid gurab tabharthus dofuaradar;
agus má bhíd na haithreacha maineachtach san gcloinn do
smachtughadh, ag léigeann a dtola féin leo, fa dheoigh bíd ag
gearán orra. Aithristhear ar mhac dobhí ag dol dá
chrochadh, ar tteacht dochum na croiche dó, gur ghoir ar 'athair
agus, a n-áit póige do thabhairt dó, gur bhain an trón
rena fhiaclaibh de, ag rádh: “As í do mhainneachtnaighsi
tug misi anso agus as cionfátha ris an sgannail agus ris an
míochlú so d'fhagháil dam, do bhrígh gur léig tú srian mo
thola féin liom agus nár cheartaidh tú mé ina ní ar bith.”
Créad doní an duine re nár mhian Dia do chur sgiúrsa nó
ceartughadh air? Ní a chrochadh amháin atá sé d'iarraidh


L. 137


acht a losgadh go síorraidhe a n-iofreann. Créad as mian leis
d'fhagháil ó Dhia fá dheoigh? An é as mian linn cúis
ghearáin do bheith againn air nach ttug aire dúinn agus
náchar smachtaigh sinn, dá mhéad do thuilleamar é? As mór
an blasphemia a chur mar éagcóir ar Dhia an gníomh do
mheasmaoís a bheith go maith a nduine, dá ndéanadh ar a mhac
féin é. Uime sin, is ionmholta dúinn Dia, an tan doní linn an
ní as a dtiubhramaoís ár mallacht dár n-aithreacha saoghalta,
muna ndéandís rinn é; agus is cóir dúinn míle buidheachas
do thabhairt dó an uair a chuireas céasadh nó anró orainn,
do chionn cuimhne do bheith aige orainn, agus a bheith ag
déanamh sochair dúinn, agus ag tabhairt dóchais chinnte ár
sláinte dúinn mar liaigh ró-eolach agus mar Athair róghrádhach.



As cóir dúinn fós buidheachas mór do thabhairt do Dhia,
agus lúthgháir do bheith orainn, gur thógaibh a lámh ós
ár gcionn, ag déanamh dúinn an ní bú chóir dúinn féin do
dhéanamh. Is dearbhtha gomadh cóir dúinn lórghníomh do
dhéanamh isna peacaídhibh dorineamar, a bheith ar ár
ccoimhéad ar na peacaídhibh atá do láthair, agus na peacaídhibh
atá chugainn do sheachna; gidheadh, dobheir Dia cionfátha
dúinn chuige so, an tan do léigeas anró nó sgiúrsa ar bith
orainn, do bhrígh go dtugann Dia luaigheacht mhór dúinn ar
son ár bhfoighide. Uime sin, as cóir dúinn míle agus míle
buidheachas do thabhairt do Dhia do chionn sciúrsa do chur
orainn ar son ár bpeacaidhe, agus nách gcuirfeamaois féin
orainn dár ndeoin ar son gomadh cóir dúinn a dhéanamh.
Acht mar atámaoíd féin comh éigcríonna agus comh eaglach
agus sin nách léigeann an faitchios dúinn ár gcuirp féin do
chrádh, nó ár bhfonn nó ár dtoil do smachtughadh, is mór an
tíodhlacadh dúinn ó Dhia é féin 'dhéanamh sin.



Gibé dochífeadh athair nimhe a bhfagus dó ar tí greim do
bhuain as, agus gan a mheisnigh ann é féin do chomhdach
air; dá ttigeadh duine eile agus an nathair nimhe do mharbhadh,
as follus go dtiubhradh buidheachas mór dó. An céanna doní
Dia linne an tan do léigeas duadh nó anró orainn, ag smachtughadh
na colla agus aig díbirt ár n-ainmhian uainn, atá mar
phéisd nimhe ag tolladh ár n-ochta agus ár gcroidhe. Dá mbeith
gan sochar ar bith eile do bheith a n-anró an tsaoighail so
acht go bhfuil contrárdha dár ttoil féin, ba leor é; gidheadh,


L. 138


is iomdha sochar eile ann, mar atá gach sochar dá ndubhramar
thuas do theacht dúinn as ár dtoil féin do thréigean agus
céasadh d'fhulang go foighideach ar an tsaoghal so. Uime
sin do thogh Críost, eadhón, an eagna shíorraidhe, dárbh
fhios an mhaith do ghabháil do roghain agus an t-olc do
sheachna, Isai.c.7, agus do thogh beatha lán do dhuadh agus
do shaothar dó féin, dá absdalaibh, agus dá cháirdibh ionmhuine.



Marab leor a ndubhramar go so dochum a chur a ccéill
dúinn gurab cóir dúinn gach buaidheairt agus gach trioblóid
dá léigionn lámh charthannach Dé orainn, ní hé amháin
d'iomchar go foighideach acht fós go lúthgháireach toilteanach,
cuirfeam annso síos réasúin éifeachtach ar nach féideair
freagra do thabhairt.



Atá Dia gan foirchionn maith, agus as annsa leis sinn
míle uair ná linn féin, agus as mó an fonn atá air maith do
dhéanamh dhúinn ná atá orainn féin. Atá fós gan
foirchionn eaccnaidhe, agus as fearr atá fhios aige créid as
iomchubhaidh dúinn nó atá againn fein, ionnas nach féideair
dó a dhol ar seachrán annso nó a mhealladh. Atá an uile
chumhachta gan easbuidh ar bith aige, ionnas go mb'fhéideair
leis ár saoradh ón uile bhruid. Dá bhrígh sin, an tan nách
bhfuil cumhachta d'fheasbuidh air, agus tré mhéad a ghrádha
orainn go bhfuil rochlaon dochum ár maitheasa, agus gurab
fios dó gach ní as iomchubhaidh dúinn, agus ar a shon
sin uile go léigeann pian agus bruid, duadh agus saothar
do theacht orainn, is argument fhollus dúinn go bhfuil
ár sláinte agus ár mbeatha shíorraidhe ar iad sin d'fhulang.
Ar an ádhbhar sin, muna ndéana duine blasfemía a n-aghaidh
Dé, ag rádh go bhfuil olc, nó nách feas dó créad doníothar
ar an tsaoghal so, nó nách bhfuil an uilechomhachta aige;
ní féidir dó gearán do dhéanamh fá ní ar bith dá dtagmhann
dó. Agus a ccás go gcuirfeadh ár gcéadfaidh féin toirmeasc
orainn nách dtiubhramaoís fá dear na sochair atá a dtrioblóid
an tsaoghail si, as cóir dúinn sinn féin do chur re riaghlachaibh
réasúin agus creidimh. Féachmaoíd cia dárab córa géilleadh,
dár gclaonaibh agus dár bhfonn féin, do mheall sin go
minic, nó do Dhia agus gurab é féin an fhírinne? Agus má
deirid ár gcéadfaidh linn gurab olc atá Dia linn, cia dhá
ccreidfiom é?


L. 139


Acht a ccás gurab olc trioblóidigh an tsaoghail, agus
nách bhfuil sochar mhóra ionnta, agus nách leasmaoíd
sin féin leo; an féidir ní ar bith do smuaineadh nó do
chur a ccomórtus ris an gceangal cumainn atá ag Dia ris an
duine bhíos fá thríoblóid, mar adeir féin, Psal.90: “Atáim
féin leis san trioblóid?” Uime sin, gibé do theithfeas ón
trioblóid, teithfidh ó chumann Dé; agus gibé thréigfios í,
tréigfe Dia. Dá mbeadh cloch ró-uasal anna ccóifrín gharbh
gan cheartughadh, ní theilgfeadh an duine uadh é a ngeall
ar an ccloich, agus dá tteilgeadh agus fhios aige an chloch
do bheith ann, ní ar an ccóiffrín amháin bhéaradh tarcaisne
acht ar an ccloich. Dá bhrígh sin, más ansa trioblóid do
geibhthear Dia, as cóir dúinn meas mór do bheith againn
uirthe, agus an tan dobheirmíd mímheas uirre go dtugmaoíd
mímheas ar Dhia féin. Ag so an t-ádhbhar as a n-éisteann
Dia úrnaighthe na ndaoine bhíos a mbruid agus go mbíonn
a nguidhe ró-éifeachtach, do bhrígh go fuil láimh leo; agus
ní bhíonn trócaire Dé níos daonachtaigh dúinn uair ar bith
ná an tan bhímíd a mbruid agus i riachtanas.



Tugamaoíd áit don fhírinne agus admhaighmaoid ó chroidhe,
an bhochta agus an riachtanas agus an bhruid, do mheasmaíd
a bheith díoghbhálach dúinn, go bhfuil maith mhór ionnta,
agus gurab uime sin a léigeas Dia a tteacht orainn, agus
gurab do shompla dúinn do fhulaing Mac Dé bás ar ár son.
Gabhmaoíd iad mar thíodhlaicthe móra ó Dhia agus mar
chomhartha chinnte ár sláinte síorraidhe. Measaidh S.
Ioanes Crisostomus, hom.5, de patientia Iob, gurab mó an
luaigheacht do thuill Íob leis an bhfoighid dobhí aige in gach
boichte agus in gach truaighe dá dtarla dó, ag cur a thola
re toil Dé, ná ar son gach móirdhéirce dá ndearnaidh ariamh
go minic. Adeir fós Gerson, Centelogio, de Impulsibus, decade 5,
gurab mó thuill Íob rena thoil féin do chur re toil Dé san
mbruid dobhí air ná dá dtugadh a mhaoin shaoghalta go
hiomlán do bhochtaibh ar ghrádh Dé.



Muna ttuigmíd fós iad so go maith, tugmaoís ní éigin creidimh
dár nAthair agus dár gcaraid ionmhain, ionnas nach dtabhramaís
tarcaisne ar a thiodhlacaibh dúinn. Dobhí an uirid


L. 140


sin do dhóchas agus do chreideamh ag Alasdrann uaibhreach
dá liaigh féin, ar son go ndubhradh ris gurab nimh do ullmhaigh
dó, do ibh an deoch gan cheasnughadh, Curtius, lib.3, c.103;
Valerius Max., lib.3, c.8. As mó ná sin as córa dúinne creideamh
do Dhia, do bhrígh gurab annsa leis sin nó linn féin,
agus dobhíos dá leigheas mar Athair fhíorghrádhach ar
so go mbíonn an liaigh go minic contrárdha dár gcéadfaidhibh
féin; gidheadh, ní theagmhann éinní dúinn contrárdha
nách feas dósan é, agus nách ionntaigheann go heagnaidhe
trócairidh dochum ár sochair. Má fhéachann Dia ar énlaithe
an aieir, agus nách dtuiteann éan díobh go talamh gan fhios
dó, agus má tá gruag ár gcinn áirimhthe aige, mar adeir Críost,
ag Matha c.10, cionnas nách biaidh cúram aige ar gach bruid
agus ar gach anró dá léigionn ar a chloinn dhílis do thogh sé dó
féin; nó cionnas bhias dearmad aige orrtha, nó cionnas do
léigfeadh anró ar bith orra, muna mbeith sochar mór dóibh ann?



As mór atá uainn ar an bhfírinne so do chur go daingean
in ár gcroidhe, agus as í so an fhundament gan chumhsgrudh
dochum sin féin do bheith réigh róthoiltionach ris an
uile ní, gibé ar bith mar theagmhas; agus dochum a thuigsin
go maith gurab ó láimh Dé agus ó a riamhordughadh tig
gach éinní, agus gurab ar mhaith linn fhuilngeas Dia gach
olc agus gach éagcóir, gach masla agus gach díoghbháil
doníd daoine eile dúinn, re nách féideair ní ar bith do
dhéanamh gan congnamh nádúrtha do bheith aca ó Dhia. An
tan ghluaisios duine a theanga dochum masla do thabhairt dúinn,
comhghluaisidh Dia í; an tan do thógbhus duine a lámh dochum
ár mbuailte, is é Dia dobheir neart dó; ionnas nách bhfuil
ní ar bith acht an peacadh amháin nách dtugann congnamh
chuige. Ar a shon sin fuilngidh Dia an peacadh amháin agus
bainidh sochar dúinne as fá dheoidh. Ar an modh so, ag bagar
ar Dáuídh rígh fána adhaltranus dorinne, adubhairt, 2 Reg.,c.12:
“Tóigeóbhaidh mé díoghaltas ort as do thigh féin, agus
tóigeóbhaidh mé do mhná as comhair do shúl agus dobhéara
mé iad don tí as gaire. Do pheacaigh tusa go folaightheach,
gidheadh, coimhlíonfaidh misi mo bhriathra féin i bhfiaghnaisi
chlainne Israel uile agus i bhfiaghnaisi na gréine.” Agus as uime
do léigeas Dia do dhuine olc ar bith do dhéanamh, do bhrígh go
bhfaicean maith fá dheoigh dó ag teacht as.


L. 141


Bímíd do ghnáth ag iarraidh ár dtarbha agus ár sochair féin
in gach éinní; gidheadh, searbhóntaidhthe dísle Dé, ag a mbí
grádh fírinneach air, ní iarraid a sochar féin ina ní ar bith,
acht is leor leo, dochum a sóláis do bhuain as an uile ní, gurab
í toil Dé a theacht mar sin dóibh; ionnas gomadh cóir
dúinne ár bhfuil agus ár mbeatha do thabhairt ar son a thola do
choimhlíonadh. Créad é a laghad, nó créad é as fiú é, go
bhfuilngeann duine ní gan éifeacht ina mbí taitneamh ag Dia
ann? Ní hiongnamh sinn do chur ár dtola le toil Dé an tan do
ní gach ní mar as mian linn, agus go bhfaicmíd go follus ár
sochar ionnta. Gidheadh, ní leor sin, muna ccuiream sin féin
re toil Dé an tan a theagmhas na neithe contrárdha dár
gclaonadh agus dár mian féin, mar doní an neoinín a chasus é
féin ris an ngréin más soillseach nó dorcha an lá. Agus as lór
dúinn san uile ní má tá taitneamh ag Dia air; ionnas gurab
fíor adubhairt Ioannes Crisost., l. 2, de Compunctione cordis:
“Más fiú tú ní ar bith do dhéanamh ag a mbí taitneamh ag
Dia air agus gurab mian leat luaigheacht ar bith eile d'fhagháil
ar a shon, acht amháin taitneamh le Dia, as dearbh nách
ttuigeann tú méad na maitheasa atá a dtaitneamh re Dia;
agus dá dtuigthea, ní iarrfá luaigheacht nó luach ar bith acht
sin féin amháin.”



An 26 Caibidil.



CIA HIAD NA NEITHE IN AIR CÓIR DÚINN ÁR DTOIL
FÉIN DO CHUR RE TOIL DÉ?



Féachmaois anois na neithe in arbh iomchubhaidh dúinn
ár dtoil féin do chur le toil Dé, ar son gurab fíor gur cóir
dúinn sin do dhéanamh in gach ní dá dtagmhann dúinn nó
fhulngeas Dia do thacht orainn, dá mhéad duadh dá
ccuireann orainn.



An chéad ní. Is cóir dúinn buidheachas do thabhairt do
Dhia ar son gach neithe dá bhfuil a d'fheasbuidh orainn agus
ar son gach riachtanais dá mbíonn oruinn ar an saoghal sa,
ann gach uirísle, ann gach fiaghnuisi bhréige agus in gach
masla agus in gach éccóir, in gach díoghbháil agus in gach


L. 142


bochtaine dá dtig orainn féin nó ar ár gcáirdibh; de chionn
nach raibhi do mheisnigh ionnann lorg Chríost do leanmhain
a mbochtaine agus a ttarcaisne an tsaoghail so, gur choimhlíon
Dia ar ár son é, agus gur chuir a cosamhlacht rena
Mhac féin sin, agus gur tharraing sinn rena láimh chomhachtaigh
ó shaidhbhrios pheiriacalach an tsaoghail si.



An dara ní in ar cóir dúinn sin féin do chur re toil Dé,
eadhón, tinneas agus doilgheas corparrdha; agus buidheachas
mar an ccéanna do thabhairt do Dhia, do bhrígh gur chuir
pian orainn ar son ár bpeacaidhe ar an saoghal sa nách
ccuirfemaois féin orainn, ionnas nách beith mórán rena dhíol a
bpurgadóir; agus taisbéanaidh Dia anso fábhar ró-aonracánach
dúinn. Cia hé an duine ar nách beith lúthgháire dá mbeith
míle púnta d'fhiachaibh air agus gomadh fhéideair leis le
beagán airgid, agus rena shochar féin, díolaidheacht do
thabhairt ionnta? Féitheamhain do Dhia sin uile ar
son ár bpeacaidhe, agus má léigmíd na fiacha ar cáirde go
purgadóir, is mór a choiséanas dúinn tré mhéad na bpian
as éigein d'fhulang ann; acht más áil linn díolaidheacht do
thabhairt uainn ar an saoghal sa, ní mór an saothar a choiseónas
dúinn, acht biaidh sochar ádhbhal aguinn san chuntus.
Atá piana purgadóra romhór, agus ní thugaid sásadh do Dhia
mar dobheir piana éuttroma ar an saoghal so. Fós, ní bhiaidh
luaigheacht ar son mórphian purgadóra; gidheadh, re gach ní
dá bhfuilngeamaoid ar an saoghal so, dá laghad dá mbídh a
ccomórtus phian purgadóra, donímíd lórghníomh ris agus do
gheibhmíd luaigheacht mhór ar a shon; ionnas nách bhfuil
contabhairt gurab ó mhórthrócaire Dé tig pian do chur orainn
ar an saoghal so dochum pian an tsaoghail eile do sheachna.
Uime sin as iomchubhaidh dúinn ár dtoil féin do chur re
toil Dé, an ní atá comh tarbhach sin dúinn.



An treas ní in air cóir dúinn ár dtoil féin do chur re toil
Dé, eadhón, má thairrngeann uain blas agus sólás na
neitheann neamhdha agus go bhfáigtheadh tur tirim sinn, lán
do scrupal agus do chathaighibh, mar doní go minic re
daoinibh beannuighthe spioradálta dochum a bhfoighide do
chruthughadh agus dochum luaigheachta dóibh; agus fá
dheoigh, d'éis tréimhsi faide, dobhéir sólás dóibh mar dobhí aca
roimhe, ionnas go dtionnsgnaid re friochnamh agus le síothcháin


L. 143


mhór intinne seirbhís Dé do dhéanamh mar do thionsgnadar
ar tús; agus as minic is riachtanusach sin do dhéanamh
dochum na ndaoine do choimhéad ó uabhar agus ó mhóirmheas
do bheith aca orra féin. Dá bhrígh sin, ní cóir dúinn
doilgheas nó buaidhirt do bheith orainn an tan a theagmhus a
leithéide sin dúinn, acht a mheas nach fiú sinn sólás ar bith
d'fhagháil ó Dhia, agus a bheith réidh ar gach ní as mian leis do
dhéanamh linn, agus buidheachas mór do thabhairt dó di chionn
ár saoradh ó mhórolc an díomais ar a raibh ár milleadh síorraidhe;
fós, nárbh áil leis ár mbeith díomhaoin, acht go dtug cathaighthe
dúinn re ndéanmaois troid agus ar a mbéarmaois buaidh dochum
coróine uaisle d'fhagháil dúinn ar a son i bhflaitheas Dé.
Uime sin as cóir dúinn, rer n-uile bhrígh, neart, agus díthchioll,
fonn do bheith orainn ní éigin d'fhulang ar son Dé, agus gan do
chur romhainn gus an bás acht amháin a thoil do choimhlíonadh.
Sgríobhaidh Raderus Viridarii, parte 2, c. 3 ar an
duine bheannaighthe Jacoponus, go raibh comh foirbhthe agus
sin dá chur féin le toil Dé, an tan nách mbíodh sólás corparrdha
nó spioradálta aige, go mbíodh róréidh re toil Dé, ag rádh
gomadh cómhartha grádha éugmais ó Dhia leis gan ní ar bith
dá n-iarradh ar Dhia do thabhairt dó, agus gomadh mian leis an
uile chéasadh ar an tsaoghal sa d'fhulang, agus fós piana ifrinn,
ar ghrádh Dé; agus ris an mbuaidh so do bhreith ar féin do
gheibheadh sé síocháin agus ciúnus.



An ceathramhadh ní in ar cóir don duine a thoil féin do chur
re toil Dé, an tan dochídh é féin arna fhágbháil agus
arna thréigean ó Dhia, agus bhíos lán do chathaighibh agus
do scrupal, agus gan fonn air deighghníomh do dhéanamh
nó ní ar bith d'fhulang ar son Dé, agus nách mothaighionn
solas ar bith ina thuigsi nó gluasacht ar bith diagha ina
thoil, nó deaghrún, friochnamh, neart, nó foighid, agus an
t-anam uile faoi cheo dorcha tuirse, tirim gan súgh, ar
mhodh nach féideair leis a chroidhe do thógbháil suas acht
re neart saothair agus doilgheas. Ar an módh so dhearbhaigh
Dia go minic mórán do dhaoinibh maithe, agus as do na pianaibh
as mó as féideair d'fhulang ar an saoghal sa é, agus as géire
an céasadh é ná ar fhulaing mairtír ar bith ina chorp féin ariamh.


L. 144


Ina staid comh buaidheartha, comh tuirseach agus sin, as
cóir díthchioll do dhéanamh gan doilgheas mór do bheith orainn
nó gearán do dhéanamh ar Dhia, agus ár dtoil do chur rena
thol gan éudóchus ar bith; óir is díoghbhálach dúinn doilghios
ar bith do léigion orainn san chás sin, go speisilta más
ó ár ngrádh féin tig orainn, do bhrígh go gcuireann drochmheisneach
orainn agus éadóchas leis. Fós, ní féidir linn
re díthcheall nó re neart daonna sin féin do tharraing as
an phurgadóir spioradálta so. Acht ní bhfuil cómhairle
as fearr san chás sin ná duine dá thoirbheirt féin ar láimh
Dé go hiomlán, agus a mheas nách fiú é sólás ar bith d'fhagháil
ó Dhia agus gur thuill a chur ar nimhní, agus buidheachas
do thabhairt do Dhia nár chuir go hifrionn é go síorraidhe
mar do thuilleadar a dhrochghníomhartha dó. Agus dá
bhfaiceadh duine é féin san riochd sin, ionnas, do réir a mheasa
féin, nách féideair leis urnaighthe do dhéanamh nó buidheachas
do thabhairt do Dhia, nó gníomh ar bith oile subháilceach
do dhéanamh, smuaineadh aige féin gurab í sin toil Dé, agus
bíodh sólás air nách bhfuil éinní dá thoil féin aige, agus
nách mian ris ní ar bith acht an ní as mian re Dia. Agus ar
son nach badh féideair leis ó bhréithir nó ó ghníomh an
tréigean so a thola féin do dhéanamh mar bu mhian leis, ná
cuireadh go bráth a n-aghaidh thola Dé, acht léigeadh dó gach
ní as mian ris do dhéanamh, gan gearán gan coinntinn, agus
uirísligheadh agus úmhlaigheadh é féin a bhfiaghnaisi Dé.
Féachadh fós go grinn ar a choinsias, an dá choirthaibh féin
táinic an dólás sin fair, óir máiseadh, as é as mó peiriacail;
agus má gheibh gurab é féin tug cionfátha dóibh, bíodh níosa
mhó do dhólás ar fán bpeacadh ná fán bpéin. Gidheadh,
teagmhann na dóláis so go minic gan an duine féin do thabhairt
cionfátha dóibh, acht Dia dá léigean ar a cháirdibh féin ionnas
go gcruthaigheadh an grádh fíor a bhíos aca air, nó an ar a
son féin dorinneadar seirbhís dó, nó an raibhiodar réidh
ullamh dochum seirbhíse do dhéanamh dó in asgadh, a ccás nách
dtiubhradh sólás ar bith spioradálta ar a son dóibh, acht
go mbeadh garbh cruaidh leo.



Má deir Críost linn grádh do bheith againn ar ár naimhdibh
Matha c.5 doní éagcóir agus dochar dúinn, créad
nach beadh grádh againn ar Dhia doní mórán maitheasa dúinn,


L. 145


ar son go mbeith borb linn ar uairibh, agus sin féin le deighinntinn
dochum maitheasa do theacht dúinn as, ionnas go
mbeith ár ndísleacht agus ár ndeaghrún follus i bhfiaghnaisi na
n-aingeal? Dochímíd gadhar agus má bhuaileann a thighearna
é agus go mbainfeadh an biadh as a bhéal, ar a shon sin,
má ghaireann chuige é, bí ag lúsdar ris agus leanaidh é. Do
bhí gadhar ag duine áirighthe agus, ionnas go dtaisbéanadh
a dhísleacht dá cháirdibh agus dá dhaoinibh muintearrdha,
do ghair chuige é agus dobhí dá bhualadh nó gur fhágaibh
leathmharbh é; gidheadh, ar n-imtheacht dó, do lean an gadhar
é, ag tarraing a leasrach 'na dhiaighe agus, ar son gach drochbhail
dá bhfuair, dobhí ag lúsdar agus ag lúthgháire rena
mháighistir. Créid fá nách bímídne na daoine díleas do
Dhia mar so, óir as mian ris onóir mhór do thabairt dúinn agus
grása i bhfiaghnaise na n-aingeall, agus teisd mhaith do
thabhairt ar ár ndísleacht, mar do thárla do Iob, do chuir a
thol féin re tol Dé in gach bruid agus in gach anró dá dtáinic air?



Ar a shon san bíodh duine ar a choimhéad go maith gan a
mheas gur thréig Dia é nó gur tharraing a ghrása uadha,
gach uair nach bhfaghann sólás uadha, óir is minic tig dochum
sochair mhóir dó gan an sólás sin do bheith aige. Fós, dá
dtairngeadh a ghrása uadh, ní fhuil fáth gearáin aige, di
bhrígh nár thuill a bheith níos fearr leis nó dobhí an tAthair
síorraidhe rena aon Mhac grádhach féin, an tan dobhí arna
thréigean ón uile dhuine, lán do dhólás, i bpianaibh adhbhalmhór,
sínte a ccroich, ionnas gur adaimh Críost féin san aimsir
sin nách raibh congnamh ar bith ag an daondacht óna
dhiaghacht, acc Matha c.27, amhail déaradh go raibh pian,
céasadh, agus tuirsi adhbhalmhór mharbhthach air. As dearbh
gur ghabh míoluinn agus míoghnaoi mhór an uair sin é, ar son
gur thaisbáin roimhe sin fon mór do bheith air an lá agus an
aimsir sin do theacht ina mbeith féin arna bháthadh i ttobar an
doilghis ó mhullach a chinn go trácht a dhá bhonn, arna
chéasadh re hiomad pian do chionn na pianta sin do chur ar
cáirde. Gidheadh, an uair dothángadar, dochum sóláis do
thabhairt dúinne agus furtacht dár laige, do thaisbéain go follus
go raibh míoghnaoi ag an cholainn ar na pianaibh céanna. Ar
a shon sin níor léig as a chroidhe ariamh, dá mhéad pian agus


L. 146


dólás dar fhulaing, an fonn dobhí ar na piana sin d'iomchar,
do bhrígh gurab í sin tol a Athar. Agus is uime sin adubhairt
trí huaire: “Ná déantar mo thoilsi acht do thoilsi, a Athair”,
acc Lúcás c. 22; agus dochuaidh go ródheighmheisnigh
a n-aircis a námhad, ag rádh le a dheisgioblaibh: “Éirghídh,
bíomaoid ar siúbhal”; dochum é féin do thabhairt ar láimh a
námhad, agus a fhios aige go raibheadar ar tí pian mharbhthach
do thabhairt dó, mar sin ag fágbháil sompla againne cionnas
is iomchubhaidh dhúinn sin féin d'iomchar in aimsir dóláis,
buaidheartha, agus trioblóide.



As mór an sochar atá do dhuine a thabhairt fá dear go
grinn nách cóir dó sólás ar bith d'iarraidh in aimsir na
hurnaighthe, mar do theagaisg athair onórach diadha, Ioannes
de Avila, ag rádh: “Tréig an uile ní dobhéaradh blas nó
sólás dhuit, agus ná hiarr é nó gomadh toil re Dia a thabhairt
duit; agus bíodh do shaothar agus do fhreachnughadh ina
léaghthóracht, ina n-urnaighthe, a n-aithridhe, a bhfaoisidin,
a ccomaoineachaibh, a n-umhla agus a ngníomharthaibh
eile subháilceacha, le fonn díreach ní éigin d'fhulang ar son
Chríost, gan sólás ar bith d'iarraidh duit féin. Agus sí so
an tslighe dhíreach agad in nách bhfuil peiriacail seachráin.
Acc so an tslighe do theagaisg Mac Dé do na daoinibh. As
í so an chroch atá mar eochair ag gach aon le a bhfosgaltar
neamh, gibé ag a mbí ar iomchar. Ó, 'Dhia fhíormhaith, créad
é a laghad do na daoinibh doní seirbhís duitsi, agus créid
é a mhéad doní seirbhís dóibh féin? Créad é a mhéad, ag
a bhfuil grádh aca ortha féin, adeir gurab tusa atáid do
leanmhain agus gurab í a dtol féin do leanaid? Dob fhearr
leam go ttugadh gach aon so dá aire go maith agus go
ndéanamh díthcheall é féin do chur re toil Dé, agus í so do bheith
'na chrích aige, agus ní hí a thoil féin ná a shólás, agus más
faoisidin, urnaighthe, comaoineacha, nó freachnughadh ar bith
eile subháilceach a bhíos do dhéanamh. Teagmhaoidh
mealladh róghéarchúiseach annso ar uairibh do chuir ar mhórán
cluain, dothéid re fonn romhór dochum Cuirp Chríost do
ghlacadh, ní har son an toraidh atá san tsacrament, ba cóir
amháin d'iarraidh, mar do ordaigh Críosta, acht a ngeall ar an
saoghal nó ar an sólás mbeag dogheibhid as. Míl atáid so a
d'iarraidh annsna neithibh diagha agus ní hí an chroch ar a


L. 147


bhfuil sláinte. Uime sin ní théid siad ar a n-aghaidh i slighe
na subháilce, agus meallaid gach duine dá gceanglann leo.
Gibé réir mian na huilc sin do sheachna, cuireadh é féin le
toil Dé agus bíodh tarcaisne ar an uile ní eile aige.”



As é an grádh meallta so an duine ar féin as cionfátha
locht do bheith annsna neithibh diagha spioradálta. Scéimh
agus sólás spioradálta dobhí Luisifer d'iarraidh dó féin ar
neamh; gidheadh, mar nách raibhi iomchubhaidh dó, agus
náchar chuir é féin re tol Dé, do thuit mar chaoir thinntighthe
as neamh; agus, a n-áit sóláis d'fhagháil, do cuireadh
a bpianaibh síorraidhe é, mar do chaill an sólás dobhí aige
ag iarraidh sóláis nár chubhaidh dó.



Créad iad na neith' reir mian le searbhóntaidh Dé teacht
dochum chiúnais anma agus intinne, dochum naomhthachta
agus dochum grása móra? Más dochum sásaigh d'fhagháil
dá thoil féin, atá ar seachrán. Más í toil Dé atá roimhe,
atá ar an tslighe dhírigh, agus ná hiarradh acht an ní
as mian re Dia do thabhairt dó, agus ná bíodh a thol féin 'na
mháighistir air. Más í toil Dé trioblóid, inghrim, dólás, nó
mílí amhgar eile do theacht ar, bíodh meisneach maith aige,
óir as leis sin a chruthaighios gurab í toil Dé agus nách í a thoil
féin atá do leanmhuinn. Deora na n-absdal agus an grádh do
thaisbéanadar, adubhairt Críost nárbh fhiú é grádh do ghairm
de, acht gurab é an grádh fírinneach a gcroich féin d'iomchar
agus foighid do bheith aca fá Chríost d'imtheacht uatha, acc
rádh, ag Eoin, c.14: “Dá mbeith grádh agaibh oram dobheith
lúthgháire oraibh do chionn go bhfuilim ag dol fá dhéin
m'Athar.” Grádh fírinneach Críost - ní d'fhulang ar a shon
agus maith do dhéanamh a n-aghaidh an uilc. Is mó an meas,
an grádh, agus an deaghchroidhe atá aga do Dhia an uair
dogheibh tú masla ar a shon, buaidhairt fós agus trioblóid, agus
ghabhas tú chughat go maith iad, nó an uair dobhí tú ag
dortadh déar lán do shólás spioradálta, ionnas nách raibhi a
fhios agad cá raibh tú féin. Uime sin adeir Pól absdal, ad
Phillip., c.2: “Smuainídh agaibh féin an ní thárla d'Íosa Críost,
eadhón, an tarcaisne, an bhochta, agus an uirísle d'fhulang;
agus ar son go raibh 'na Dhia fhírinneach, comh árd ris an Athair
neamhdha, do uirísligh é féin, ag glacadh foirme searbhóntaidhi
air, a ccosamhlacht ris na daoinibh a ngné dhaonaidhe.”


L. 148


Acc so ciall agus céadfaidh Chríost aoin Mhic Dhé, nách
meallann agus nách féidir do mhealladh - piana, céasadh agus
anró d'fhulang; ciall agus céadfaidh na colla - sámhas agus
sólás d'iarraidh di féin go santach, nách dtugthar acht don
mhuinntir dá ttogrann Dia as a mhórthrócaire féin. Déanasa
díthchioll gan fonn do bheith ina ní ar bith agad acht mar
is mian le Dia, agus bí dimhin ansin go mbiaidh do dhéara
agus do dhévótion tarbhach taitneamhach a bhfiaghnaisi Dé,
agus go bhfuil tú ar an tslighe dhíreach gan pheiriacail
seachrán; agus gach ní nach déantar do réir na riaghlacha
so, ní bhfuilid díreach nó ceart acht atá míle cealg agus
seachrán ionnta. Teagmhaidh go minic fonn rómhór do bheith
ar dhuine seirbhís Dé do dhéanamh; gidheadh, ní ar son Dé
go foirbhthe bhíos an fonn sin air acht ar son an bhlais
agus an tsóláis dogheibh as; agus mar sin ní hé grádh Dé go
fírinneach a bhíos aca acht grádh 'sóláis féin, do bhrígh
nách ccuirid iad féin go hiomlán le toil Dé. Gibé daoine do
ní so, nír thréigadar iad féin, agus dá ndéandaois, dobheithdís
iomchubhaidh dochum aitheanta Dé uile do choimhéad;
ní dothig ó ghrádh fhírinneach. An drong so a leanas sólás
a gcéadfaidh féin, an feadh a mhaireas an sólás sin aca, bíd
friochnamhach; acht an tan imgheas an sólás sin uatha,
bíd ar ball feargach, míchiuin, ré fonn uilc, mall dochum
maitheasa, agus claon dochum lochtaighthe, ionnas gurab
féidir a aithne nách ar Dhia acht orra féin dobhí grádh aca,
agus gurab mó an meas dobhí aca ar an sólás mbeag dobhí
aca ná ar Chríost. Is rochosmhuil iad so re leanbhaibh dá
dtugmaoid greim milis dochum a ccosg ó ghul, agus coisgid
an feadh a bhíd dá ithe, gidheadh, fillid gan mhaill ar an ngul
céanna; ionnas nách ar chomhairle nó ar ghrádh a n-aithreacha
do choisg siad tamall dá ngul, acht ar son an bhlasa do
fuaradar ar an mbiadh.



Ó, créad é 'mhéad dogeibhthear aniú di leanbhaibh den
tseort sa, míbhéasach a bhfiaghnaise Dé? A gcás nách déanaid
troid, bruighean, murmur nó ainfhreagra do thabhairt ar
éinneach, agus nách ccaithid a n-aimsir le scéalaibh fabhail,
agus nách ttugaid mallacht dá ccomhairsin; gidheadh, ní
bheid so acht ag seirbhís don aimsir atá aca. Ní har son Dé
doníd sin, nó dochum 'aitheanta do choimhéad, acht d'eagla


L. 149


an sólás dogheibhid uadh san uair sin do chailleamhain.
Bain an sólás sin díobh agus dochífeadh tú go follus, na
deora agus an friochnamh dobhí aca; gurab ar a ngrádh féin
agus nách ar ghrádh Dé dobhíd aca; agus cuirid saobhnós
ar Dhia agus dobheirid tarcaisne dó, do bhrígh, ar gcosc
den mhillseacht sin, coisgidh an grádh amhail agus gurab a
n-aimsir sóigh agus saidhbhris do haitheóntaoidh an cáirdeas
fíor, agus nách san aimsir ina mbímíd ar air gcrádh re saothar,
re bochtaine, agus re hanró. Bíodh a fhios agat fós gurab
minic a mhothaigheas daoine éudtroma, drochmheisneach',
gan ghrása an Spioraid Naoimh, milseacht spioradálta agus
fonn inmheadhónach, nách mothaighid cáirde dísle Dé do
chuaidh ar a n-aghaidh go mór i slíghe Dé, agus nách gluaistear
re sólás éadtrom mar do gluaistear na daoine thuas do chuireas
a ndóchas ina ndeuótion dá laghad, amhail gurab an do
bheith a sláinte shíorraidhe nó coimhéad a mbeathadh.



As tuigthe dúinn fós nách as líonmhaire grás tig an mhillseacht
crábhaidh so do mhothughadh acht as bochtaine agus
as riachtanus an anma do mhothaigheas é. Ní hiongnamh
gurab maith re bocht ní dá laghad dá bhfaghann. Dá
ttugthá deoch d'fhíon láideair do dhuine atá 'na riachtanas,
buidheachas mór dobheith aige ort. Tabhair an deoch chéanna
do dhuine do ól a lán fíona roimhe sin, ní bhfuighe taitneamh
uirre. Mar sin, gach duine nách bhfuil lán d'fhíon ghrádha
Dé agus dá ghrásaibh, as milis leis muna bhfaghaidh acht
an bolgam de; measaidh go bhfuil i bhflaitheas Dé san
mbeathaidh shíorraidhe. Adéir fós go dtug Dia cuairt air; is
iongnadh leis na deora thuiteas uadh; bí lán do lúthgháire
amhail dobhéaradh buaidh ar 'naimhdibh uile. Gidheadh,
as beag sin uile, agus as easbuidh grádha fírinnigh tig an
méid atá ann. Acht gibé ag a mbí grádh díleas aige ar Dhia,
ní bhíonn meas aige ar a shamhail sin do shólás agus ní hann
a chuireas a chríoch. Agus an tan dogheibh sólás ar bith,
órdaigh é gan mhaill dochum foighide, dochum é féin do
thréigean, dochum na croiche d'iomchar a ndiaidh Chríost,
dochum masla d'fhulang ar a shon, agus dochum gníomhartha
gach subháilce eile do chur a bhfreachnughadh. Agus as
comhartha follus sin go bhfuil grádh Dé go líonmhar maille ris.


L. 150


Tuig as so, an tí bhíos díorach foirbhthe, dogheibh saidhbhreas
mór grás agus tíodhlactha spioradálta ó Dhia, agus
air a ghearán, nách ina shólás do chuireas bhrígh, acht
rena uile neart anma re fonn beodha daingean ní éigein
d'fhulang agus toil Dé do chomhlíonadh ó rúin croidhe do
chionn gur ghair air. Mar sin dorinne Íob, c.14, ag rádh:
“Gair orm agus dobhéara mé freagra ort.” Créad í an
freagra dobhéaradh duine dob fhoighidigh ar bith ar Dhia
acht go n-iomchóraidh go foighideach gach duadh dá dtáinic air
agus sin go foirtill fearrdha? Ní hair dobhí caill a chlainne
agus a mhaoine, a cháirde dá threigean, agus gach galar,
créachta, boichte, cathaidhe an diabhail, agus gach ní oile
lerbh fhéidir duine do chéasadh, agus gan freachnúghadh na
subháilce eile do léigean dé. Mar an gcéanna dorinne Pól
absdal an tan do ghair Dia é. Ní sólás ar bith do iarr dó
féin, acht adubhairt re hintinn uasal feardha: “A Thighearna,
créid as mian leat do dhéanamh dom?” Act., c.9; amhail
adéaradh: Ó, mo Dhia, gabh mo thoil chugat agus cuir í
do réir do thola féin; tiomnaim í ar do láimh; athain díom
gach ní is mian leat. Dia, iomorro, ionnas go bhfoillsigheadh
gomadh soightheach toghtha dó féin Pól, do ráidh ris:
“Taisbéanaidh misi duit créad an mhéid as cóir duit d'fhulang
ar mo shonsa.”



Acc so comhartha searbhóntaidhe dílis Dé, ag tiodal
na druinge ar a mbí grádh éagmhais aige. Ní neithe beaga
mílse dobheir ina mbéal acht ádhbhar foighide ina saothar,
a mbruid, a míchliú, i bhfiaghnaisi bréig' do dhéanamh ina
-aghaidh, a mbochta agus a riachtanas, agus in gach ní
eile do chéasas duine ar an saoghal sa. Leo so a bearthar
freagra go maith ar Dhia an uair do ghaireas ar dhuine, do
bhrígh an tan a ghaireas ar gur mian ris seirbhís éigin
oirdheirc d'fhagháil uadha, mar ba mian leis a bheith dombuidheach
dá Chruthaightheóir. Uime sin, tuig gurab é Dia atá
dod ghairm, an uair atá tú ré do thoil féin do chur re
toil Dé go hiomlán in gach ní as mian ris, dámadh éigein
duit a dhol i bpeiriacail do mhaoine, h'onóra, agus do bheatha
do chailleamhain. Acc so amháin doní fíréan foirbhthe don
duine agus cosmhuil re hÍosa Críost, a ccás nách bhfuighbhidh
sólás spioradálta ar an saoghal sa, acht a bheith amháin


L. 151


ag smuaineadh ar chroich Chríost dochom a hiomchar ó chroidhe.



Tabhair fós fá dear go ngluaisionn an diabhal duine ar
uairibh dochum millseacht éigin crábhaidh do mhothughadh
dochom toirmisg do chur ar an gcorp, ionnas nách féidir leis
an tseirbhís bu chóir dhó do dhéanamh, agus arna mhealladh
ris an mblas mbréige sin dogheibh, caithidh é re dúsacht
fada, re hurnaighthe, re troscadh, agus rena riachtanas do
tharraing ón ccorp, gan mhódh gan mheasúr, ionnas nách
féideair ris freachnughadh eile bu tharbhighe agus bu thaitneamhaighe
re Dia ná iad sin do chur a ngníomh. Tig as so
cealg eile ródhíoghbhálach, an tan a mheasas an t-anam, ag
a mbí an sólás beag so aige, go dtáinic féin dochum an chéim'
as uachtaraighe den fhoirbhtheacht; agus as sin tig go
mbíonn mainneachtnach agus nách déan díthchioll dol ar
aghaidh ina subháilcibh ar bith eile, amhail dobheith lán
d'fhíorghrádh Dé, gan ní ar bith d'fheasbuidh air.



Cuiraidh an diabhal cathaighthe eile ar na daoinibh
so, nách iarraid ní ar bith eile ina bhfreachnughadh ar bith
spioradálta dá mbí aca acht an blas agus an sólás beag sin
do mheasaid féin a bheith aca a n-aimsir a ndebhóision;
agus re hiomad grádha orra féin cuirid a gcríoch dhéidheanach
san sámhas sin, ionnas, le breitheamhnas ceart Dé, go
léigthear dóibh tuitim i bpeacaidhibh troma ar an saoghal
so, agus fá dheoidh i bpianaibh síorraidhe; óir ní féidir
le duine ar bith Dia do mhealladh, dochídh an ruan as
diamhaire atá i gcroidhe gach aoin. Bu lugha an t-olc sámhas
d'iarraidh a mbiadh agus a ndigh, agus sólás a gcuirp féin
do leanmhuin, as a mb'fhéidir duine do leigheas an uair dobheith
féin curtha don iomarca, iná ansa shólás bréige so. Bu fhearr
dóibh féin fós nách blaisid é ariamh, óir mar sin ní bheith
meas aca air agus do bhéirdís aire do na subháilcibh
fírinneacha re foighid agus le smuaineadh ar chrich Chríost;
agus ní bheithdís arna mealladh ris an mblas mbeag gan
tábhacht sin, acht do leanfaid lorg Íosa Críost, a raibhi an chroich
ina intinn do ghnáth, réir thionscan tús a bheatha, agus do
chuir críoch uirre san ccroich ar grádh an chineadh daonna;
agus sin do bhrígh gurab a nuibheagán na subháilce atá an


L. 152


grádh fírinneach i bhfolach, agus gurab a n-aimsir an
bhuadhartha a thaisbéanas é féin.



An ní céadna deirim re gach subháilce eile. Má tá grádh
fíor acc duine ar bheith foighideach umhal, taisbéintear an
grádh a n-aimsir na buaidheartha agus na trioblóide, má iomchrann
duine iad go soineanta, ciuin, suilbhir, go háirighthe
gan míchiúnas. Más ar son Dé doní sin, as deimhin go bhfuil
grádh fírinneach aige: atá an uile ní eile amhrusach, gan
fundament daingean aige. Dogheibhthear daoine chuireas
a naomhthacht ina bhfonn mór agus a n-urnaidhe, gidheadh,
ní sheachnuid na peacaidhe. A n-aimsir na hurnaidhe caoinid
páis agus doilgheas Críost, agus ní fada 'na dhiaigh sin an tan
doní éagcóir ar an ccomharsain. San urnaighthe molmaoid
fós foighid Dé, agus donímaoid gach éinní 'na dhiaidh sin re
feirg agus re saomhnós. Má bhímaoid ar feadh aon uaire ár
ttocht, caithfeamaoid an lá uile ó sin amach re caint díomhaoin.
Má labhramaoid ar neithibh spioradálta nó bhaineas re
Dia, agus má bheir Dia smuaintidheadh maitha in air ccroidhe,
agus as sin go ndéanmaoid tocht agus urnaighthe, agus as é ár
sólás féin iarrmaíd ar son ár saothair; agus ar n-imtheacht
don tsólás sin uain, bímíd mar dobhámar aroimhe; ionnas
nách bhfuil acht naomhthacht bréige againn nách ttéid ar
aghaidh go bráth, agus do bhrígh nách ccuirmíd cás san ní as
mó atá di riachtanas orainn, ina bhfuil an uile shochar. Fáraor,
as mór a théid ar seachrán ag gabháil na sligheadh sin. Go
dtugaidh Dia grása dóibh. Amen.



As mór an t-ádhbhar criothnaigh agus truaighe a laghad
don druing si aithnigheas a seachrán féin, do bhrígh gur
tearc an duine díobh, do chionn go bhfuil maothghrádh aige
agus go ndoirteann déara go hurus, nách ccreideann é féin
do bheith rofhoirbhthe róthuigseach ina neithibh spioradálta,
agus go ttáinic dochum a leithide sin do naomhthacht go
bhfóirfeadh dó féin agus do mhórán eile, agus go bhfuil cinnte
go bhfuighidh fá dheoidh cathaoir glóire a bhflaitheas Dé.
An t-andóchas mearrdhánta éigcríonna so uile, as ainbhfios
na fírinne thig, an tan a leanas gach duine a bhreitheamhnas
féin níos mó iná as cóir, agus mheasus gurab é ní as fearr,
an ní thaitnigheas ris féin agus rena chéadfaidhibh, an uair
bu cóir dó spiriud agus teagasg Críost do leanmhain, adeir


L. 153


linn sin féin do thréigean agus ar doil féin do chur re toil
Dé in gach éinní.



As so thig ár gclaonta féin do bheith bríghmhar, láidir,
fiadhanta, díomsach, ionnas an tí bhíos ceangailte aca, tar
éis a dheuósion, ag teacht a meas daoine dó, nách
bíon ar 'aire acht cionnas dobheith meas air. Acht créad
í an chiall atá ansin, an tan ag iarraidh uaignis agus comhgháir
an tsaoghail do sheachna dochum aire do thabhairt dó féin
agus Dhia, agus ar tteacht dhó go nuaidhe as na smuaintidhibh
diagha dobhí aige, a bheith aig iarraidh glóiredhíomhaoine
agus molta ar dhaoinibh? Do chaoin tú do pheacadh ar uaigneas,
agus atáthí dá dhéanamh anois go puiblidhe. Do adaimh
tú ar tús nách raibhi ionnad acht cré agus talamh, agus 'na
dhiaigh sin measadh tú gurab fearr an miota atá ionnad féin
ná ansna flitheasaibh, agus gurab uaisle an fhuil agus an fheoil
atá ionnad agus dá ndearnadh tú iná daoine an domhain; agus gan
ionnainn uile acht géaga éinfhíneamhna, uisce aon tobar, agus
toradh aon fhréimhe. Gibé mholas é féin agus iarras glóir as gach
solas dá bhfuair a n-aimsir na hurnaighthe, agus go dtug Dia fios
annamh dó ar mhórán do neithibh diagha, as sin as follus go bhfuil
lán di shruthbhréagaibh agus arna dhalladh rena ghrádh féin.



Guidhim an tí bhíos mar sin: tugadh aire dó féin go
grinn agus bíodh a fhios aige nách bhfuil an acht duine
claon colnaidhe, atá lán dá thoil féin agus di ghrádh ar na
neithidhibh a bheineas leis féin, dá chur ós árd, aig iarraidh
glóire díomhaoineach asta; agus nías mó do náire agus
di thruaighe ná sin, go dtugann masla do na freachnamhaibh
spioradálta, agus, rena mhailís féin, nách baineann sochar ar bith
asda. Gidheadh, atá leigheas in aghaidh na n-olc so, eadhón,
duine do chur a thola féin re toil Dé, agus gan a shólás féin
d'iarraidh ina ní ar bith, más ní spioradálta nó diagha féin é.



An 27 Caibideal.



NA CÉIME AR A CCUIREANN DUINE A THOIL FÉIN
RE TOIL DÉ.



Ionnas goma fios dúinn ár dtoil féin do chur re toil Dé
ins na neithibh ar ar thráchtamar san chaibidil ár ndiaigh,
taisbéanad san chaibidil so na graduim ar a rachfam suas


L. 154


dochum ár dtola do chur re toil Dé in gach ní a chuireas amhgar
orainn, amuigh nó astuigh, más doilgheas, míochlú, riachtanus,
nó céasadh ar bith eile é.



An chéad chéim. An uile ní as mian re Dia do theacht
orainn, a iomchar go foighideach toilteanach, dá chontrárdha
dá mbíd; agus gan a mheas ar a shon sin gurab mór an gníomh
dorinne, acht go ndearna an ní bú chóir agus bú riachtanusach
dó do dhéanamh, agus nach dearna sin féin có foirbhthe
agus bu hiomchubhaidh dó.



An sagart Helí, ar chuir Dia díoghaltas ar chloinn Israel
ar son peactha a chloinne, ar dtuigsin breitheamhnais Dé dó
'na aghaidh féin agus a thighe, nír lámh cur 'na aghaidh acht
adubhairt go foighideach: “As é féin an Tighearna, déanadh an
ní as mian leis”, 1 Reg.,c.3. Bú lór leis gurbh é Dia é. Uime
sin dobhí foighid aige, agus tug sompla dúinne an lorg
céanna do leanmhuin, agus a smuaineadh gurab féideair le Dia,
mar árdThighearna, a thoil féin do dhéanamh re gach ní dá
bhfuil ina sheilbh; agus más éagcóir toirmeag do chur
ar dhuine fána chomhairle féin do dhéanamh rena mhaoin féin,
créid nách mbeith na comhachta céanna ag Dia ar gach ní dar
chruthaigh? As féideair ris an tighearna a shearbhóntaidh do
smachtughadh; as cóir don athair a mhac do cheartughadh;
atá d'fhiachaibh ar an mbreitheadh pian do thabhairt do
chiontach; agus ní féideair do neach toirmeasg do chur orra.
Uime sin, ní hé amháin go bhfuil ceart aca, acht fós go bhfuil
d'fhiachaibh orra ó dhlighiudh nádúrtha sin do dhéanamh.



An féideair linn a mheas go léigfe Dia, atá 'na Thighearna,
'na Athair, agus 'na bhreitheamh againn, a chúram féin
de, gan smacht agus ceart do dhéanamh orainn d'eagla sin
do dhol ar seachrán; agus má mheasmaoid gurab éagcóir
a cheart féin do bhuain do dhuine, nach mó an éagcóir ná
sin a cheart féin do bhuain do Dhia? Ar an módh so as cóir
dúinn féachain ar an uile ní, agus a mheas re creideamh fírinneach
gurab ó láimh chomhachtaigh Dé thigid; óir as
d'fheasbuidh an chreidimh so ghabhmaíd chugainn go holc
agus bhíos saobhnós orainn ris na daoinibh, amhail agus nách
é Dia dodhéanamh ionstrument díobh isna neithibh contrárdha
theagmhas dúinn. Gidheadh, as é do thoghas iad re diamhair a
eagna dochum a cheart féin do chur a ccrích, agus dochum


L. 155


teagaisg do thabhairt dúinn onóir do thabhairt dóibh mar
oificidhibh Dé; óir ní hé amháin go dtugmaíd meas agus onóir
do na ríghthibh agus do na hárdbhreatheamhnaibh saoghalta a
bhíos ós ár cceann, acht fós do gach oificeach dá dtig uatha,
ionnas gurab coir báis foiréigean do dhéanamh orra. Mar a'
gcéanna as cóir dúinn meas do bheith againn ar bhreitheamhnas
ceart Dé agus ar na daoinibh a chuireas Dia uadha.



Tugadh an duine é féin fá fear, agus Dia don taobh eile,
agus dochídhfe nách bhfuil ann féin acht scládhbhaidhe
truaillighthe, agus gurab é Dia an rí agus an breitheamh
fíorcheart; agus abradh go minic ina intinn féin, ris an
ab Pastor: “Cia hé misi do chuirfeadh mo thol nó mo bhreitheamhnas
ós ceann breitheamhnais Dé? Pelagius, lib. 9. Má tá
a n-aghaidh dligheadh, duine do thabhairt breitheamhnais
ar dhuine eile ar nách bhfuil 'na uachtarán, cionnas nách
éigceart gearán do dhéanamh ar Dhia fá éinní dá ndéan?
Tairis sin, ní bhaineann an mhíofhoighid saothar ná trioblóid
ar bith dínn acht méadaigh iad; agus ní thógbhann an phian
dínn, do bhrígh nách ar son Chríost iomchramaoid an chroch,
agus uime sin bí 'na dólás agus 'na hualach róthrom againn.



An dara céim. Gach ní contrárdha agus gach dólás d'iomchar
go suilbhir súgach. An rí Dáuídh, an feadh nách raibh fhios
aige gurab í toil Dé an mac beag dorugadh dó d'fhagháil
bháis, dobhí ag gul agus ag déanamh troisgthe agus urnaighthe,
sínte ar an talamh; gidheadh, ar cclos bháis an leinbh dó,
do éirghe don talamh go lúthgháireach, agus dochuaidh go
tigh Dé do dhéanamh adhradh dó, agus tug buidheachas dó;
agus do iarr biadh do thabhairt chuige, agus iar n-éirghe
a mheanma, tug sólás dá mhnaoi, 2 Reg., c.12.



An duine beannaighthe Iob, arna chrádh ris an uile
bhochtacht, adeir: “Gurab so mo shólás, a bheith do mo
chéasadh re doilgheas gan mo chaigailt; agus ní chuirfe mé a
n-aghaidh tola Dé,” Iob, c.6. Críost ar dTighearna, iar mbeith
tuirseach dó gus an mbás, agus air ccur alluis fola de, gidheadh,
ar cclos dó ón aingiol gurab í toil a Athar é d'fhulang na
páise rochruaidhe dobhí chuige, do ghabh meisneach é, do
thréig gach doilgheas dá raibh air, agus dochuaidh go lúthgháireach
a n-aircis a námhad, ag Matha c.26. Ní raibh sólás
ba mhó, nó teachtairacht ba taitneamhaidh ris d'fhagháil ón
aingiol, nó dearbhadh do thabhair dó ar thoil a Athar.


L. 156


Ar an modh ccéanda bhádar na habsdail, Act.,c.5. Dá mhéad
inghreim persecuision dá raibhi orra, dobhádar lán do
lúthgháire agus do shólás; agus sin ag teacht as an ccreideamh
fhírinneach dobhí aca a nDia, agus as fios méad na tarbha
agus na maitheasa tig do na daoinibh as na neithibh a bhíos
contrárdha dóibh. Agus dá mbeith grádh fírinneach againn ar
Dhia, ní bhfuil ní ar bith as mó dobhéaradh ciúnas agus
síothcháin intinne dúinn nó a fhios do bheith againn a thoil
do choimhlíonadh, do bhrígh ná bhfuil ádhbhar sóláis ar bith
as mó ná sin.



An bhanóigh bheannaighthe Liduuina, arna céasadh le galar
agus re heasláintibh iomdha, dobhí có réidh agus sin re
toil Dé go n-abradh do ghnáth: “A Thighearna, ní bhfuil ní as
taitneamhaighe leam ná tú do chéasadh agus gan chaigailt
dam, óir as é as sólás dum coimhlíonadh do tholasa”, Surius, tom.7.
Agus fós as mar sin atá, do bhrígh nách bhfuil sólás ar
bith as mó ná é. Fós, gibé ag a mbí grádh fíor aig' air
Chríost, as cóir dó an uile shólás saoghalta do tharcaisniughadh,
agus sin amháin a bheith do shólás aige, ní éigin d'fhulang
ar son Chríost, ag rádh na mbriathar úd Chríost féin, ag
Lúcás c.22: “Déantar do thoilsi, a Thighearna, agus ní hí mo
thoilsi.” Ionnas gurab é dísleacht an chéime so iolgháirdeas
do bheith orainn an tan fhuilngeamaoid éinní agus fós gan
sólás ar bith d'iarraidh; agus as é an t-iolgháirdeas so as
luibh leighis dúinn a n-aghaidh an uile dhoilghis dá dtig
orainn, agus dochum an uile riachtanas d'iomchar go foighideach
dá dtig orainn ar an saoghal sa.



An treas chéim. Buidheachas do thabhairt ar son gach
céasadh dá dtig orainn ar an tsaoghal sa, agus a mheas gurab
tíodhlacadh mór ó Dhia é. Iob, ar ccaill a chloinne agus
'mhaoine dó a n-aon uair do ló, agus arna dhéanamh bocht,
lán do bhruid agus do thruaighe, adubhairt: “Go raibhi ainm
an Tighearna beannaighthe.” Agus d'éis a chuirp, ó mhullach a
chinn go trácht a bhonn, do bheith arna chréachtnughadh le
lubhra, ionnas go raibh na srotha sileadh ag teacht as, do
mheas gurab tíodhlacadh fuair ó Dhia, ag rádh: “Má fuaramar
tiodhlacaidh maith' ó láimh Dé, créad nach bhfuileóngmaois
olc agus anró uadh?” Iob, c.1 et 2; amhail adéaradh: Má
ghabhmaoid chugainn go maith má gheibhmoid sólás ó Dhia


L. 157


ar an saoghal sa, agus go dtugmaoid buidheachas dó ar a shon,
créid nách ttiubhramaois buidheachas dó an tan a léigeas
buaidhirt agus anró orainn, as mó luaigheacht gan chomórtas
a bhfiaghnaise Dé iná an uile shólás an tsaoghail si, go speisialta
ón aimsir atá sompla Íosa Críost Mic Dé againn, re ndéanann
anró an tsaoghail s cosmhuil sinn? Ag so an meas dobhí
ag Iob, agus as uime sin dobhí ag tabhairt buidheachais do
Dhia, dá mholadh agus dá bheannughadh san uile bhochtaine
agus anró dá ttáinic air. An ní céanna fós as iomchubhaidh do
gach aon do dhéanamh reir mian gan é féin do mhealladh. Dá
mbeith fós anró an tsaoghail si gan a bheith 'na thíodhlaicadh
Dé, mar atá, bu chóir dúinn buidheachas do thabhairt air a shon,
do bhrígh go gceanglann sinn re Dia agus Dia linn. Más mian
re duine grása tighearna mhóir do thuilleamhuin, ní críonna dó,
a gcás go ndéanamh ní a n-aghaidh a thola, gan buidheachas do
thabhairt dó. Agus is mó ná sin go mór atá d'fhiachaibh
orainne buidheachas do thabhairt do Dhia ar son gach ní dá
dteagmhann dúinn, do bhrígh le sin do ghnáthughadh, na neithe
bhíos go holc nó contrárdha dúinn, go ndéanmaoid maith iad
agus go mbainmaod sochar asda. Adeir S. Crisost., ep.1 ad
Thessal., hom.10: “Má d'fhulaing tú olc ar bith, más mian leat
féin, ní holc é; tabhair buidheachas do Dhia agas atá an t-olc
'na mhaith.”



An ceathramhadh céim. Gach bruid agus gach anró dá mbí
orainn d'fhulang re fonn níosa mhó d'fhulang. Mar sin dobhí
Íosa Críost do ghnáth, lán do phéin agus do bhruid tré fhad
ris go raibh aimsir a pháise ag teacht, dochum na bpian
gcruadhálach dobhí chuige a d'fhulang; agus an tan dobhí
arna bháthughadh go hiomlán a dtuile na páisi, dubhairt go
raibhi tart air, ag cur i gcéill go raibh fonn air níosa mhó
d'fhulang. Do lean mórán lorg Críost annso, agus idir gach
aon an mairtír uasal agus an duine riaghalta, Sérlus Spinola,
ar son go raibh crádh mór aige dá fhulang ar son a Thighearna
Íosa, ba mhian leis níosa mhó d'fhulang, mar do fhoillsigh
féin, ag sgríobhadh dochum duine áirighthe dá dhearbhráirtheachaibh
ris na briathraibh si: “Mar bú fhéidir
neithe cruaidhe d'fhulang, as sáimh dúinn a fhaicsin créid
fhuilngid daoine eile, dochum sinn féin d'ollmhughadh agus
do théaghughadh rena lasrachaibh. Cá huair a bhíos an aimsir


L. 158


so ann? Ó, a lao! Ó, a uair! Ó, a mhóimint! Ó, 'Athair,
créid í an mhillseacht duine do smuaineadh aige féin bás
d'fhulang ar son Chríost, agus cionnas bhias an bás féin?”
Ag sin an fonn dobhí air bás d'fhulang ar son Chríost; agus
ní raibh uirid lúthgháire air ariamh agus dobhí air an tan
do loisgeadh beo é ar son 'Thighearna. S. Proinsias
Xauerius, an tan dogheibh iomad sóláis neamhdha, do
ghuidh Dia modh do chur orra, ag rádh: “As lór sin, a
Thighearna, as lór sin.” Gidheadh an fonn dobhí air ní
d'fhulang ar son Dé, nírbh fhéidir a shásadh; uime sin, dá
mhéad duadh nó saothar dá mbíodh air, adeireadh: “Tuille,
a Thighearna, tuille.”



Féachmaoid anois nách é amháin fir acht mná go raibheadar
foirbhthe san chéim so; agus as lór dúinn do shompla an
mhaighdean bheannaighthe Ludouica Carabhaghal, dá mhéad
do cheangladh í féin re Dia, gurab móide an fonn dobhíodh
uirre míle pian agus céasadh d'fhulang ar a shon, mar do
dhearbhaidh sí féin asna briathraibh so síos. “Ní bhfuil
glóir nó sólás eile d'easbuidh oram, agus ní fhaghaim modh
nó réasún dochum taitneamhugh do bheith agam ar an sólás
úd do smuainmaoid d'fhagháil ar neamh, agus ní féidir leam
ar mhódh ar bith smuaineadh nó labhairt ar so. Dogheibhim
mé féin tur tirim agus an uile shlighe dúinte romham.
Gidheadh, an tan smuainim ar Dhia, gabhaidh fonn ádhbhal mé
mé féin do cheangal go rofhoirfe leis an maith síorraidhe sin,
agus as sin tig fonn eile chugam, bás d'fhulang ar a shon;
agus ansin amháin dobhíos mo uile ghrádh, mo smuaineadh,
agus mo shólás.”



Agus labhraidh sí níos soiléire ná so a n-áit eile, ag rádh:
“Fonn glan fírinneach tola na hanma sa í féin do chur i
n-oireamhain do thoil Dé, as é as mó dogheibh luaigheacht,
an tan dobhíos réidh gan níos mó d'fhulang do bhuairt ar son
ár dTighearna iná as mian leis féin. Gidheadh, iar bhfaicsin
nárbh fhéidir di fuireach aige sin agus lorg cumhra Críost dá
cealgadh dochum é féin do leanmhain, tig as sin ar uairibh dá
fhonn rómhóra do bheith a n-aon spiorad, mar atá, fonn ádhbhal
í féin do chur le toil Dé go hiomlán, agus fonn eile rótheasaighthe
ró-éifeachtach bás d'fhulang ar a shon ris an uile phéin;
agus an tan nách féideir an fonn so do chur a ngníomh, titigh


L. 159


a ndoilgheas róghéar, ionnas go measann nách féideair a
leighis gan an fonn féin do chur i gcrích. Bí an t-anam dá
chéasadh re a chéadfaidh inmheónacha, agus ní theastaigheann
uadh acht bás d'fhagháil trí mhéad an fhuinn dobhí air, nó
re a raibh ar lasadh, críoch do chur ar bheatha an tsaoghail
se míle míle uair, a bpianaibh rómhóra, ar ghrádh na maitheasa
síorraidhe dá dtug gean. Agus ní bhfuil pian as mó ná an bás
so do chur air cairde; agus ní bhfuil ní ar bith as mó atá
d'fhonn uirthe nó bás d'fhagháil re near an doilghis sin,
agus bás d'fhagháil do chionn nách bhfuil ar a chumas bás
d'fhagháil. Bí fós den taobh eile lán do lúthgháire, do bhrígh
gurab í toil Dé gan furtacht d'fhagháil di ón mbruid sin;
agus mar sin dogheibh rena chruthughadh créad é géire agus
beodha an doilghis tig ón ngrádh. Dogheibh fós nách bhfuil
sábhas ar bith as uaisle agus as fearr blas nó coimhtheacht
agus coimhcheangal an doilgheas' mhóir sin agus coimhlíonta
tola Dé rena chéile, ní do mheasas an breitheamhnas daonna
do bheith contrárdha, eadhón, duine do bheith réidh go
hiomlán ar thoil, agus doilgheas rómhór do bheith air nách
bhfuil ar a chumas an fonn atá air do chur i ngníomh. Agus dá
mhéad bu mhian re neach do dhéanamh chum so do thuigsin, ní
hé amháin nách bhfághann an solas atá d'iarraidh acht
tuitidh a gceo dhorcha níosa mhó, dá bhrígh gurab re haon
solas ár gCoimhdheadh Íosa Críost is féideir diamharún na
hoibre so do nochtughadh agus d'fhoillsiúghadh dúinn, do
bhrígh gurab dá dhiadhacht amháin as cóir fios do bheith aige,
ar an ádhbhar nách bhfuil acht neimhní san uile chomhachta
rena chomhachtaibhsion.” Acc sin briathra na mná beannaighthe sin.



An 28 Caib.



FOILLSIGHTHEAR ANNSO MÉAD NA TARBHA ATÁ
INA RIAR DÉ DO DHÉANAMH DOCHUM DUINE DÁ
CHUR FÉIN RENA THOL.



As a ndubhramar go so as féideair dúinn a mheas méad
na luaigheachta atá ag riar Dé do dhéanamh. Subháilce í
róshaidhbhir agus ró-éifeachtach dochum móráin mhaitheasa
spioradálta agus luaigheachta do chruinniúghadh don duine.


L. 160


Atá fós ro-iomchubhaidh dochum an anma do tharraing re
gearraimsir dochum foirbhtheachta. As í so beatha na
n-aingiol a bhíos ag fuireachrus do ghnáth créad as toil re Dia
do dhéanamh dóibh dochum a chur a ngníomh. As í an
tsubháilce so lorg díreach Mhic Dhé, sólás agus ciúnas intinne
san uile bhuaidhairt agus trioblóid. As í as síothcháin don anam,
eiteall go neamh, agus cúis na foirbhtheachta spioradálta.
Fá dheoidh, as í athchuimireacht na foirbhtheachta uile í,
ionnas, a ndubhramar go so ar mhoirtificasion, ar dhuine
do thréagean a thola féin, ar dheaghrún nó glaine intinne,
nó ar dhuine do chur a thola féin go hiomlán re toil Dé, atáid
uile ina riar Dé do dhéanamh go fírinneach, agus is ria cuirthear
a ngníomh a bhfreachnughadh iad.



As dearbh nách bhfuil modh ar bith as iomchubhaidh dochum
mortificasion agus dochum duine dá thréagean féin ná an riar
so; do bhrígh, má tá sí foirbhthe, so gcuireann smacht ar an
uile chéadfadh agus ar an uile fhonn dá mbí ag duine, ionnas
nách déanadh ní ar bith leo acht go ceart ordaighthe, ní hé
amháin ar na céadfadhaibh corrparrdha acht fós ar na
céadfadhaibh spioradálta mar atá an tuigsi agus an toil,
as deacra do chur faoi riar ní ar bith eile nó do smachtughadh.
Agus ris an riar so, mar as toil eile doníothar, gibé ag a mbí
an riar so go foirbhthe, ní cóir dó a thoil féin do bheith aige;
agus is ris sin do thréigeas neach é féin go hiomlán, agus coimhlíonaidh
an ní as mó atá 'riachtanus air dochum tola Dé do
dhéanamh, mar atá, gan a thoil féin do leanmhuin.



Uime sin, ní bhfuil modh ar bith as iomchubhaidh dochum
an uile ní do dhéanamh re deighintinn, agus dochum toile Dé
do choimhlíonadh gan seachrán, nó a riar do choimhéad. Atá
dá ní ag an deaghrún so le gcurthar a ngníomh é, eadhón, gach
ní as mian re Dia do dhéanamh, di bhrígh gurab í sin tol Dé.
Is follus fós nách bhfuil duine as lugha a mealltar ná an tí
doní gach éinní do réir thola Dé, agus nách bhfuil fós duine as
iomláine dobheir satisfacsion dó féin nó é, agus as mó atá cinnte
dá choimhlíonadh go fíorghlan. Fós, ní bhfuil acht cealg agus
mealltóracht an diabhail duine do léagean de an ní chuireas a
uachtarán, atá in áit Dé aige, d'fhiachaibh air, a gcás go mbeith
intinn aige ní as fearr ná é do dhéanamh, nó gurab aingeal as
neamh dobhéaradh comhairle dó. Ní bhfuil críonnacht nó
gliocas as mó, nó taisbéanadh ó Dhia as cinnte, ar dhuine dá


L. 161


chur féin le toil Dé, nó riar a uachtaráin do dhéanamh; agus
gibé doní sin, as deimhin dó gurab í toil Dé doní. Gibé doní
a chontrárdha so, is dearbh dó nách í toil Dé doní agus nách
deaghrún atá aige. Tugaid na huachtaráin órdughadh uatha
in gach ní as mian leo agus ar an modh as mian leo, a ccás go
bhfuilid féin go holc agus nách bhfuil deighintinn aca ag tabhairt
an órdaigh uatha, muna bhfuil an ní olc an féin go follus,
as í toil Dé a riar do dhéanamh; ionnas nách bhfuil deisgréid
as críonna ná so, nó críonnacht as eagnaidhe, nó eagna as
diadha, nó riaghail choitcheann as lugha ar a bhfuil aisgiordughadh,
nó modh as sábhálta, nó ealadha as athchuimire
dochum tola Dé do choimhlíonadh, agus dochum na neithe do
cuireadh d'ualach orainn do choimhlíonadh agus do chur a
ngníomh re deighintinn agus le deaghrún. Uime sin, gach
riaghail dá dtugamar uain go so dochum tola Dé d'aithne,
ní riachtanas don duine umhal í, óir saoradh subháilce na
humhla uaidh é.



An dara coinghioll as cóir do dhuine do bheith aige san
uile ghníomh, mar atá deaghrún agus gloine intinne, agus is
é sin, an uile ghníomh do dhéanamh ar an modh as mian re
Dia. Dogeibhthear é san uile dhuine atá umhal fírinneach,
do bhrígh nách bhfuil blas ar bith aige ar a thoil féin, agus
as sin tig, air cclaoidh ár dtola féin, gan aon ní do bheith
innte contrárdha do thoil Dé, acht an uile ní do dhéanamh dá
réir; agus a mheas gurab í aithne Dé féin aithne an uachtaráin
do choimhéad, amhail gurab é Dia féin do laibheóradh iad, nó
gurab ó neamh dothiocfaidís.



As é dísleacht na humhla, duine do bheith do réir thola
Dé, do bhrígh, mar tá an duine umhal faoi réir agus faoi smacht
duine eile, mar sin is cóir dó a bheith réidh an uile ní d'fhulang
do réir órdughadh a uachtaráin, óir gurab í sin tol Dé.



Ní cóir don duine umhal a bheith ceangailte don ní si nó do
ní eile, acht tréagean uasal coitchionn do dhéanamh ar a thol féin
a bheith ullamh réidh dochum an uile ní a curthar d'fhiachaibh
air nó adearthar ris; agus ris an ruan so biaidh réidh dochum
an uile ní curthar a d'fhiachaibh air. Más éagean dúinn sin
féin do chur re toil Dé an uair doní ionstrument do na dúilibh
éigciallda, nó do na peacachaibh nó na daoine atá gan
chreideamh, an tan a bhíos an t-aier míofhallán nó


L. 162


mímheasardha, nó a bhíos tnúth nó fuath ag daoinibh orainn,
nó dobheirid tarcaisne nó masla dúinn; nách mó ná sin
as cóir dúinn foighid do bheith againn an tan a chuireas Dia
ionstrament as uaisle ná sin chugainn, dárab cóir dúinn onóir
do thabhairt, mar atá ár n-athair spioradálta agus duine
atá 'na bhiocáire Dé, fós a bhíos go minic 'na dhuine
naomhtha, aig a mbí gean mór aige Dia air, ionnas, uime sin
féin, gurab cóir dúinn agus gurab iomchubhaidh dúinn a réir
do dhéanamh?



Atáid so comh follus agus sin, muna raibhi an duine umhal,
nách féidir dó a thoil féin do chlaoidh nó toil Dé do choimhlíonadh;
agus doní an duine umhal gach ní díobh. Agus gach
maith agus gach sochar dá ndubhramar go so do theacht
as toil Dé do choimhlíonadh, atáid uile ag an duine umhal,
saoiriaraigh. Atá an tsubháilce so arna rómholadh ó aithreachaibh
na hEaglaisi, ar gnáthughadh ris na naomhaibh,
ionnas gurab air a grádh do fhulaing Íosa Críost páis.
Adeirthear an tsubháilce so do bheith dall, do bhrígh go
gcoimhlíontar toil Dé ionn go cinnte, agus bhféachan ar
ní ar bith eile acht an ní a haitheantar di do dhéanamh;
agus mar sin re súilibh dalla aimsigh scópa tola Dé. Uime
sin, gibé lerab mian grádh do bheith aige air a Shlánaightheoir,
bíodh grádh aige ar an tsubháilce so ar a bhfuil róghrádh
aigesion. Gibé rer mian toil Dé do choimhlíonadh, annsa
tsubháilce so fhoillsigheas Dia a thoil féin dó. Gibé lérab
mian é féin do chlaoidh, leanadh don tsubháilce so agus
béaraidh buaidh ar a thoil féin. Gibé lerab mian síothcháin
agus ciúnas d'fhagháil, leanadh di; óir lena cuidiughadh
biaidh saor ón uile bhuaidhirt. Gibé lerab mian slighe
aithghearr go flaitheas Dé d'fhagháil, gabhadh slighe na
humhla atá socair díreach.



Tugadh an duine onóir dá uachtarán amhail agus gurab é
Dia dobheith ag labhairt ann, agus ná tiaghadh órdlach
tair a thoil, do bhrígh go rachadh in aghaidh thola Dé an
méid go ndéanamh ní ar bith in aghaidh an tí atá in áit Dé
ós a cheann. Cuireadh gach aon ina chroidhe go daingean
na briartha úd do labhair Críost, ag Lúc. 10, ris an muintir
dá dtug ughdardhás os cionn cháich oile, ag rádh: “Gibé
éisdeas sibhsi, mise éisteas sé; agus gibé dobheir tarcaisne


L. 163


díbh, damsa dobheir tarcaisne.” Acht, cia dobhéaradh
tarcaisne do Dhia acht duine diablaidhthe? As rochontrárdha
dá chéile an duine umhal agus an duine easumhal. Aingeal
neamhdha an t-umhal, ar nách mbíonn di chúram acht toil
Dé do choimhlíonadh; Lusifer nó diabhal oile as ifrionn an
t-easumhal, dobheir tarcaisne ar an tí atá a n-áit Dé ós
a cheann.



An 29 Caibideal.



CIONNAS DOBHEITH AEN TOIL AMHÁIN RE DIA AG DUINE.



As tréigean a thola féin, as glaine an ruain, agus as
coimhlíonadh tola Dé, doní an duine céim dochum aon toile
re Dia do bheith aige, eadhón, ceangal comhdhaingean agus
cardeas do bheith aige re Dia agus le a naomhthoil, ionnas
nách bhfuil ionnta acht aon toil amháin, ar mhodh gurab
mian leis gach ní as mian le Dia, agus fós gurab mian leis
an mian sin do bheith aig Dia, gan ádhbhar eile d'iarraidh
acht gurab í sin toil Dé; ionnas, an méid go mbeanann ris
féin, nách bhfuil feidhm ar bith aige ar a thoil féin, di bhrígh
go ndéanann toil Dé go hiomlán di, ag déanamh agus ag
fulang gach éinní as mian le Dia, amhail gurab é an duine
do thogh dó féin í, nó go mbeith fonn air a teacht mor sin,
dá mhéid saothar nó buairt dá mbí ann: agus ris sin foillsigh
nách é amháin go bhfuil a thoil do réir tola Dé acht
fós go bhfuil aon toil re Dia aige. Gibé a chuireas a thoil
féin re toil eile, agus a gcás go mbeith docamhail ann, cuiridh
toil aca í féin in oireamhain don toil eile - aondacht na ttola,
ní bhfuil an acht aon toil déant' as dá thoil idir nách bhfuil
contrárdhacht nó docamhail ina ní ar bith - ionnas, gibé ní an
ní as mian re toil aca, gurab mian ris an toil eile é, amhail gurb
í féin do thogh an ní céanna. Fós, ní bhfuil mian léithe ní
ar bith di féin acht amhail agus bheadh marbh. Fós - ní
nách féidir do theacht - dá mbeith toil Dé gan a beith ann,
ní bheith mian ar bith aice, do bhrígh nách bhfuil toil eile
aice acht tol Dé, iona bhfaghann níosa mhó di shámhas ná


L. 164


dá leanadh a toil féin in gach aon ní. Agus dámo riachtanasach
di grása ar bith d'iarraidh di féin, ní féidir ria a dhéanamh
gan coimhéigniughadh agus pian mhór d'fhulang; ionnas gur
féidir ria a rádh gurab í a tol féin doní an tan doní toil Dé,
óir nách bhfuil toil chontrárdha nó intinn ar bith aice.



Dochum na haon tola so re Dia do bheith againn agus
d'fhagháil, gluaiseadh na briathra so síos an duine dhiadha
spioradálta, Ludobhicus Blosius, sinn. In Tabella spirituali,
p.4, adeir mar so: “Léig thart an uile ní as féidir leat do
thuigsin, agus ná cuir cás a gcréitúir ar bith; agus bí réidh
amháin ar thoil na maitheasa gan fhoirchionn a théid as
ceann an uile thuigsi. Gabh í so chugad agus tabhair
grádh di, gibé ar bith módh ar a dtiocfaidh na neithe, más
go sona nó más go contrárdha, má tá peiriacail ionnta, gion
go bhfuil; agus ní féidir teacht dochum dignide as mó, nó
gníomh ar bith do dhéanamh as oirdheirce, as glórmhuire, as
mórrdha, agus as sáimhe, nó duine dá chur féin in oireamhain
do Dhia, gan mian ar bith do bheith aig' acht toil Dé amháin.
Ó, mo Dhia, go meannaighthear tú, a Chruthaighthóir agus
a bheatha an uile ní, ar son gurab tusa an Cruthaightheoir
agus gur misi an créatúir; tusa tá ann gan tús gan deiriodh, sinne
nimhní agus bochta; tigmíd mar sin féin dochom coda éigin
dod árdmhaitheas d'fhagháil, ionnas go mbeithmís ar aon
toil agus aon bhreitheamhnas leat. An toil leat so? As
toil linne é. An mian leat sinne do bheith fichthe bliadhain
i bpéin agus a gcathaighibh, lán di dhólás? Gabhmaoid
sin chugainn go fonnmhar. An toil leat sinn a bheith uiríseal
tarcaisneach faoi pheirsecuision? Ag sin ár bhfonn agus
ár móide féin a bheith subhach lúthgháireach faoi do smacht.
An féidir dúinn dol ar seachrán mar so, nó ní ar bith, as
riachtanasach dúinn dochum dol ar neamh, a bheith d'fheasbhuidh
orann ó thoil atá comh naomhtha agus comh ceart
agus atá tol Dé, re nách féidir ní ar bith do dhéanamh acht ní
naomhtha ró-iomchubhaidh? An Dia atá comh tabharthach
agus comh daonachtach agus atá, créid as féideair ris d'iarraidh
ar an duine acht an ní rachfas dochum saidhbhris agus
dochum sochair adhbhalmhór dó? Créad é an teagasc nó
na haitheanta bhéarus an Coimhdhe beannaighthe úd nách


L. 165


bhfuil lán d'eagna agus do thrócaire? Cia hí an tslighe
a mhúinfeas dúinn nách bhfuil slán sábhálta? Créid í
an chomhairle bhéaras dúinn nách bhfuil ró-éifeachtach
rótharbhach dúinn dochum na beatha síorraidhe? An tan
ataid so uile ródhearbhtha róchinnte do réir an chreidimh
chríostaidhe, agus nách bhfuil contabhairt ar bith ionta,
nách mór an mhire dúinn ár n-antoil féin do leanmhuin agus
tarcaisne do thabhairt ar thoil Dé do shábhálas sin ón
uile pheiriacail? Gabhadh orainn do sciúrsaidhibh marbhthacha,
marbhadh sinn nó tugadh ár sláinte dúinn, baineadh
ár ndevótion dínn nó tugadh sé dúinne é, tráchtugheadh
sin mar sgládhbhaidhaibh nó mar dhaoinibh saora, tugadh
Dia céasadh nó sámhas dúinn; atámaoid a bpurt ár sábhála,
acht amháin ó chroidhe agus ó inntinn a bheith réidh re
toil Dé agus sinn féin do chur a n-oireamhain di san uile
ní, agus ár dtoil féin do thréigean atá 'na fréimh agus 'na
tobar an uile uilc againn, agus ar nách bhfuil feidhm eile acht
gach ní dá ndearna Dia go maith ionnainn, agus do scríobh
rena lámh féin in ár gcroidhe, do scrios agus do dhíbirt,
agus cur a n-aghaidh a thola diadha go ró-mhíonáireach.”



An 30 Caib.



TRÁCHTAR ANNSO MODH AR A DTUGANN
DIA A FHOIRM FÉIN AGUS 'GHNÉ DO MHÓRÁN
d'ANMANNAIBH BEANNAIGHTHE NAOMHTHA
MAILLE RE BEATHA DHIADHA.



As aon toil do bheith ag duine le Dia, tig dó gné Dé agus
beatha dhiadha do bheith aige. An mhórdhacht fhíornaomhtha
úd, do líonas neamh agus talamh, dobheir 'ainm féin don
druing thig dochum na foirbhtheacht so, ag rádh, ag Dáuídh,
Psal.81: “Adubhairt mé gurab Déa sibh, agus clann an árdrígh
uile.” Tigidh go maith ris so briathra Críost, ag Eoin c.17,


L. 166


ag labhairt leis an Athair neamhdha agus ag rádh: “Gidhim
go raibhadar uile ar aon toil mar atá tusa, a Athair, ionamsa
agus misi ionaibhsi, go raibh siad mar aon ionainn.” As
cruaidh an cuibhreach so in ar mian re Críosd sin do bheith
ceangailte dé, ní hé amháin go mbeithmís greamaighthe de,
acht fós nách beith acht aon ní ionainn agus a nDia. Dothig
an t-anam dochum na honóra rómhóire so an tan do thréigeas
agus bhriseas a thoil féin, an méid gurab féideair a dhéanamh
ar an saoghal so, agus do chuireas sí í féin re toil Dé. Agus ar
ndéanamh neimhní mar sin dá thoil féin, éirghidh ós a cheann
féin ar mhodh iongantach agus claochlaighthear í ina ttoil Dé,
ionnas nách toil léith ní ar bith uaithe féin, acht gurab í toil
Dé atá ag oibriughadh innte, amhail nách beith toil eile
aige acht tol Dé amháin, rena bhfuil beo agus rena n-oibrigheann
gach éinní ar mhódh, dar leat, nách ceangailte do thoil Dé
atá sí acht gurab aon toil ria í, mar nách beith toil ar bith aige
féin; di bhrígh nách mian réith éinní mar is mian ris na
daoinibh acht mar is mian re Dia, dá ndearna iodhbairt dá toil
féin, dá saoirsi agus dá beatha uile dá deoin féin, agus dá dtug í
féin 'na sglábh níosa mhó ná dobhí S. Paulínus 'na sglábh ag an
duine bharrbarrdha dá dtug é féin air son mic bhaintreabhaighe
dá dheoin féin, ar son go raibhi 'na easbag, mar adeir S. Greigóir,
lib.3, Dialog., c.1, mar nách beith toil aige.



As é uair doníothar an claochlódh iongantach so, an tan
fhéachas an t-anam ar na neithibh a bhaineas le glóir agus
le honóir Dé amhail agus gurab é Dia féin dochífeadh, agus
mheasas gurab iad san na neithe a bheanas ris féin go dílios;
a n-aghaidh sin, féuchain ar gach ní bhainios ria féin, ní hé
amháin mar neithe comhaightheach, acht fós amhail agus nách
re duine ar bith iad; ar mhódh, gibé ar bith ní bheanas ria féin,
mar atá sochar, clú nó onóir, nó sámhas corparrdha nó spioradálta,
nách iarrann iad acht amhail nách beith sí féin ann, agus
nách beith a leithéide sin ar an domhan, ag tabhairt aire do
ghnáth do Dhia agus dá ghrádh, ag déanamh anois an ní mhairfeas
tré bhithe síor a gcomhluadar na naomh agus na
n-aingiol ar neamh. Go dtugaidh Dia, an tAthair trócaireach,
tré luaighidheacht fola Íosa Críosd, dúinn toil Dé do dhéanamh
agus do choimhlíonadh ar an talamh mar doníthar air neamh.
Amen.


L. 167


An 31 Caib.



TRÁCHTAR ANNSO NA FOINN TEASAIGHTHE RENA
DTIG DUINE DOCHUM FOIRBHTHEACHTA AGUS
DOCHUM TOLA DÉ DO CHOIMHLÍONADH, AGUS AR NA
NEITHIBH A BHROSDAIGHEAS AGUS SPORUS
DOCHUM SIN DO DHÉANAMH É.



Ag so an treas flaitheas, parthas agus críoch an uile fhoinn
dá mbí ag searbhóntaidhibh dísle Dé; agus as iad as
slightheacha dóibh chuige sin, mortificasion, glaine intinne,
agus coimhlíonadh tola Dé, ar ar labhramar go so. Gidheadh,
dochum teacht dochum na críche as mian re duine, ní lór dó
an tslighe do thionsgnamh acht as éigein dol ar aghaidh
innte. Uime sin is riachtanusach dó lón dochum beatha, cosa
dochum siubhail, súile dochum radhairc, solus dochum gan dol
ar seachrán san oidhche, nó má tá duine dall, as urus dó dol ar
seachrán a slighe chaomhnata gan toirmeasg. Uime sin cuirfead
teagasg geinerálta annso a bhéaras congnamh dúinn dochum dol
ar ár n-aghaidh, a dhéanas an tslighe caomhanta dúinn ón
uile pheiriacail agus ón uile thoirmeasg a theagmhus ár slighe.



Roimhe an uile ní as cóir tionsgnamh le meanmna agus le
croidhe uasal foirtill, agus le mian ádhbhalmhór dol ar ár
n-aghaidh, óir mar adeir S. Auguistíne, trac, 56, in Joan.,
as iad sin cosa an anma re ttig dochum Dé. Dá bhrígh sin is
cóir dúinn díthchioll do dhéanamh na foinn si do bheith beo
ar lasadh, maille re meas mór do bheith againn ar thoil Dé
agus ar sin féin do dhol ar ár n-aghaidh ina gcoimhlíonadh
ós ceann an uile ní dá bhfuil san domhan, ós ceann an uile
shólás, shámhus, agus onóra, ós ceann ár mbeatha dá mbeadh
míle beatha againn; agus cuirmíd romhainn re tionscnamh
teacht, agus measmaíd ó rún croidhe nách leor dúinn gach éinní
do dhéanamh dochum taitneamh re Dia, acht déanam fós é ar
son Dé go fírinneach maille re humhla agus re huirísle agus le
dóchus mór a nDia, agus re fonn fearrdha teacht dochum
foirbhtheachta oirdheirce.



“Ní bhfuil lámh Dé arna gearrughadh,” Isa.,c.59, agus
gibé nách déan an díthcheall sin, ní choimhlíonaidh toil Dé
rér mian sinn do bheith naomhtha, 1 Thessal., c.4; agus gibé


L. 168


atá naomhtha, naomhthar é níosa mhó, Apoc.,22, agus ná
coisgeadh an fíréan a fhíréantacht féin do mhéadughadh.
Adubhramar thuas mórán do réasúnaibh a ghluaiseas agus
bhrostaigheas sinn chuige so; gidheadh, mar atá an ní
róthábhachtach ann féin, cuirfeam annso réasún oile dár
mbrosdughadh agus dár sporadh dochum ár n-anma do
dhúiseacht óna leisgidh agus óna mímheisnidh agus óna dombuidheachas
dofhulang dá Choimdhe, re a measann gurab lór
di muna ndéana peactha troma nó marbhtha ina aghaidh, an
tan ba chóir dó gan ní ar bith do léigean tarais in arbh fhéidir
leis seirbhís do dhéanamh do Dhia nó 'bhuidheachas do thuilleamh.



Ar tús, tugmaoid fá dear go grinn cia hé Dia an féin,
méad a mhórrdhacht, agus cionnas, dá mbeith míle domhan ann,
as fiú é grádh agus onóir d'fhagháil uatha, ar son a mhaitheasa
féin théid ós ceann teangtha agus tuigsi, ar son a eagna, a
uile chomhacht, agus gach foirbhtheacht oile dá bhfuil ann,
gan tús gan deiriodh. An uile ní do mheasmaoid gurab mór an
tseirbhís do Dhia a dhéanamh, arna chur i gcomórtas re maith
an Choimdhe, dochífiom féin go follus gur róbheag é nó nách
bhfuil acht nimhní ann.



An dara huair. Tugadh an t-anam fá dear an tarcaisne,
an masla, an bhochta, na riachtanais, na doilghis, agus fá
dheoigh, an bás nimhneach do fhulaing Mac Dé ar son an duine
agus ar a ghrádh, ionnas go mbeith grádh ag an duine ar
agus go dtugadh a ghrádh agus a onóir don Athair neamhdha.
Agus dochídhfe fós anso go soiléir gach ní dá ndearna nó dar
fhuilaing, a ccomórtus na neithe bú chóir di do dhéanamh, nách
bhfuil ionnta uile acht leanbaidheacht; agus, ó dobhí cúram
comh mór agus sin ag Críost fá ár sláinte, nách mór an mhire
dúinn féin gan cúram mór do bheith againn 'na thimchioll
san uile aimsir?



An treas ní. Tugmaoid fá dear an neabhurchóid, glaine na
beatha, agus an fhoirbhtheacht as iomchubhaidh dúinn do
bheith againn as aithne Dé, a aithnigheas dúinn gan aigheadh
do thabhairt do na lochtaibh nó do pheacadh ar bith, acht a
bheith ródhíthchiollach isna subháilcibh do réir na prímhaithne
úd, ag Marc c.12: “Bíodh grádh agad ar do Thiaghearna Dia re


L. 169


do chroidhe uile, réad th'anam uile, agus read h'intinn uile,
agus re do neart uile”. Féachadh gach aon ar so go grinn;
agus dochídhfe go follus, agus ní gan náire dó féin, cá fad atá
ón fhoirbhtheacht so, agus cionnas nách déan an ní atá
d'fhiachaibh air ón uile cheart.



An ceathramhadh ní. Tugmaois in ár ccuimhne iliomad
tíodhlaicthe Dé dúinn, agus gach grása corrparrdha agus
spioradálta dá dtug dúinn, agus an grádh éagmais rena ttug
dúinn iad, agus doghéabham go fírinneach nách bhfuil acht
neimhní in gach buidheachas dá dtugmaoid dó ar a son; fós,
gurab nár dúinn gan níosa mhó do dhéanamh ar son an tí
tug na tíodhlaicthe sin dúinn.



An cúigeadh ní. Osgail súile do chroidhe agus féach, an méad
as féideair leat, ar an ghlóir shíorraidhe atá fá choinne
na druinge do chlaoidheas iad féin agus doní deaghoibre.
Smuainidh fós, dá mhéad foirbhtheacht dá mbí isna hoibrithibh,
go mbiaidh an ghlóir agus an luaigheacht níosa mhó; agus
tuigfe tú annsin go soiléir créad é laghad an tsaothair dorinnis
a ccomórtas na luaigheachta móire sin, agus géabha tú
meisneach dochum oibreacha na subháilce do chur i bhfreachnughadh.



An seiseadh ní. Meas agad féin uaisle, onóir, agus sgéimh na
subháilce innte féin; fós, an mhórdhacht, an mhaise, agus an
dignid dobheir don anam; agus as sin tabhair tarcaisne ar
thruaillightheacht ghránda an pheacaidh agus ar an ngráin
truaillighthe chuireas ar gach aon dá ndéan é; agus annsin
cuir romhad go foirtill fíorláidir, dámadh éigein duit bás
d'fhagháil ris an saothar sin, slighe na subháilce do leanmhuin
agus slighe na bpeacadh do sheachna agus do thréigean.



An seachtmhadh ní. Cuir a ccomórtas re chéile beatha na
seanathar agus naomh na hEaglaisi, a subháilcibh iongantach,
an fonn dobhí orra 'ccuirp agus a cclaonta féin do chrádh
agus do cheannsughadh, a n-úrnaighthe fhada agus a
ngríomharthaibh oirdheirce, re do bheatha féin; agus as dearbh
gomadh nár leat do dhobhéasa agus truaillightheacht do
ghríomhartha agus do smuaintidhe.



An t-ochtamhadh ní. Cuimhnigh ar iomad na bpeacadh
gráineamhla dorinne tú in aghaidh Dé agus doghéabha tú
nách ndearna tú lórghníomh iomlán in aon chuid díobh, agus


L. 170


gurab mór an náire agus an míochlú duit gan adhradh
agus onóir as mó ná sin do thabhairt dod Chruthaightheoir, nó
nách ndearna tú díthcheall díolaidheacht do thabhairt dó ar son
na honóra do bheanais de, an méid gur féidir leat é.



An naoiamhadh ní. Foscail súile h'inntinne agus tabhair
h'aire do iomad peiriacail agus cathaighthe an tsaoghail si,
an diabhail, agus na colla, agus a liacht duine do mealladh
leo. Déansa díthcheall, má tá ciall agat, tú féin do choimhéad
orra, agus gach lá dá ttig, le freachnughadh uasal na subháilce,
tú féin do neartughadh 'na n-aghaidh dochum teacht slán as an
ccath gcruaidh sin.



An deitheamh ní. Cuimhnigh le S. Ierom ar an mbreitheamhnas
déidheanach a bhias cruaidh ceart, lán do bhaoghal
agus d'eagla, ina mbainfe Dia cunndas géar dínn in ár
ngníomharthaibh uile, agus ár lochta agus ár subháilce ár
ccuideachta ag teacht ina fhiaghnaise dochum freagra do
thabhairt ar son ár bpeacadh agus ar a' lórghníomh do
rinneamar ionnta, agus ar an dombuidheachas dobhí againn ar
an mbreithiomh ccéanna. Uime sin, muna bhfuil easbuidh
céille orainn, cuirfeam romhainn ó so amach lórghníomh do
dhéanamh, agus ní bhiaidh meas againn ar a ndearnamar go so,
acht a rádh linn féin nách ttugamar díolaidheacht san chuid
as lugha dár bhfiachaibh.



An t-aonmhadh ní déag. Féachmaoid go grinn giorra agus
díomhaoineas na beathadh so, síorraidheacht na beathadh oile,
cinnteacht an bháis, neimhchinnteacht uaire an bháis, agus
nách bhfuigheam aimsir aithrighe 'na dhiaigh; agus do
ghéabham gurab díoghbhálach dúinn móimint den aimsir do
chaitheamh go díomhaoin gan tarbha éigein do bhuain aisde.



An tara ní déag. Tugmaíd fá dear na briartha so síos an
duine naomhtha S. Uinsinsius, Opere de vita spirit., c.13,
acc rádh: “Gibé ar bith modh ar a dtionsgna tú beatha mhaith
ina céim ar bith, muna bhfuil fon ort dol ar d'aghaidh
ina ccéim as áirde ná sin, ní bhfuil do fhundament agad acht
andóchas agus uabhar, agus ní féidir gan námha agus mainneachtnaigh
do bheith ceangailte de ó tá an dá locht sin ann,
agus ní féidir gan iomad di lochtaibh spioradálta do bheith
mar aon ris; agus más maith leat a bheith saor ó na lochtaibh
sin, gibé ar bith beatha oile a thionnsgeónas tú, déana


L. 171


díthchioll beatha as foirbhthe ná í do bheith agat.” Adeir S.
Bearnard, ag labhairt ar an druing a bhíos friochnamhach ar
tús agus 'na dhiaidh sin a bhíos mainneachtnach, ag meas
gurab lór dóibh a bhfuil aca: “Uch, dámadh feas duit créid é a
laghad atá agad, agus créid é a luas a chaillfir é, muna
gcoimhéadaigh an té thug duit.”



An tríomhadh ní déag. Smuainmís ar dhuibheagán ceartbhreatha
Dé ar dhaoinibh aig a raibhi beatha bheannaighthe
aimsir fhada, agus fá dheoidh, ar son peactha folaightheach
nách dtugadar fá dear, gur léig Dia iad do thuiteam agus
drochchríoch do theacht orra. Uime sin, ná bíodh aon duine
comh dearmadach agus sin air féin, má tá ciall nó réasún aig,
dá fheabhas beatha dá bhfuil aige, gan díthchioll do dhéanamh
ar é féin do ghlanadh níosa mhó, é féin d'uirísliughadh níosa
mhó, agus dol ar aghaidh níosa mhó nó dorinne gus an tan sin,
ag ceartughadh a chlaonta, ag scrúdúghadh a choinsias,
dochum é féin do cheangal le Dia níos daingne; agus bíodh ar
a choimhéad go grinn gan ní ar bith do dhéanamh as a
dtréigfeadh Dia fá dheoidh é.



An ceathramhadh ní déag. Smuainmíd re creideamh
daingean fírinneach truma agus síorraidheacht na bpian atá fá
choinne na bpeacach a n-ifrinn, agus dochífiom, duadh,
crádh agus piana an tsaoghail si, dá bhuaine dá mbeithdís,
gurab éudtrom iad 'na bhfochair sin; fós gurab fonnmhar
taitneamhach bu chóir dhúinn a n-iomchar, ionnas gurbh fhéidir
linn sin féin do shaoradh ó na pianaibh síorraidhe agus dol ar
ár n-aghaidh gach aon lá, dochum na peiriala, ar nách bhfuil
leigheas, do sheachna. Dá dtugthaí do dhuine, ar ar tugadh
breith báis, aimsear dochum neithe ar bith do dhéanamh re
saorfaidh é féin ón phéin atá chuige, as dearbh, dá dhocamhla
dá mbeith an ní ann féin, agus nách bhfuigheadh onóir ar bith
oile ar a shon, nách léigfeadh de gan a dhéanamh. Uime sin
is iomchubhaidh dúinne an uile dhíthcheall do dhéanamh gan
tuiteam agus dochum sinn féin 'shaoradh ar an gcontabhairt
atá do láthair againn, go speisialta an tan go bhfuigheam
glóir agus onóir ar son a dhéanta.



An cúigeadh ní déag. Gibé reir mian sólás, ciúnas, agus
síothcháin do bheith aige, gan bhuaidhairt gan trioblóid,
agus teacht dochum foirbhtheacht, cuireadh roimhe re rún


L. 172


daingean toil dé do choimhlíonadh; agus muna ndéan sin, ní
bhiaidh ciúnas intinne aige acht biaidh do ghnáth lán di
bhuadhairt, ag fagháil bháis agus é beo, an feadh a bhias gráin
aige ar chrádh an chuirp agus a bhias ag iarraidh socamhail dó go
héigcríonna. Gidheadh, gibé chuireas roimhe foirbhtheacht na
beatha spioradálta do leanmhuin, ní hé amháin nách gcuireann
duadh, saothar, nó crádh an chuirp ar acht fós dogheibh fonn
ionta agus sólás neamhdha lena ccois. As truagh an ní, agus
as comhartha mímheisnigh, duine do bheith mainneachtnach,
do bhrígh, gibé a bhíos amhlaidh, nách bíonn sólás ó Dhia nó
ón tsaoghal aige, agus gurab mó an duadh agus an saothar
bhíos fair nó ar an druing a bhíos teasaigh friochnamhach
a seirbhís Dé.



Fá dheoigh, tugmaois fá dear go díthcheallach gor órdaigh
Dia aimsir chinne do gach aon mar as follus as an scrioptúir
in ar cóir dó ní d'fhulang, é féin do chlaoi, agus saothar na
subháilce do thuigsin. Agus gibé dodhéanas díthchioll
seasmhach gus an aimsir sin, ag déanamh foiréigein fhearrdha
air féin, doghéabha innsin congnamh ó láimh chomhachtaigh
dhaonachtaigh Dé, agus na neithe ag déanamh socamhail dó,
gidh gur mheas a mbeith docamhlach, agus a' déanamh slighe
na foirbhtheachta réidh socair, ag tabhairt dortadh grás
don anam, amhail agus dobheith dá thógbháil idair a lámhaibh
féin, ar mhódh nách biaidh ní ar bith d'fheasbuidh air acht
dol ar aghaidh go seasmhach ag breith buadha air féin, agus
sin ar uairaibh le beagán aimsire. 'Na aghaidh sin teagmhaidh,
di chionn gan duine do dhéanamh freachnaidh air féin ar feadh
bliadhna nó míosa, nách ttig dochum na críche do hórdaigheadh
dó ná chum na naomhthachta dobhí fána chomhair, agus an
sólás dogheabhadh ar bheagán saothair, go gcailleann é; fós,
ámh, ar son a bheith maineachtnach, gurab baoghal dó é féin
do dhamnughadh go síorraidhe.



An t-uirsgéal ar na tealenta, ag Matha,c.25, is cúis
cheart é dochum eagla do chur orainn agus dochum meisnigh do
thabhairt dúinn; do bhrígh, an tí nách dearna sochar ris an
taleint a tugadh dó, do beanadh de í, agus do cuireadh i
bpríosún dhorcha é, mar nách ndeairna tarbha ar bith ria; agus
tugadh don tsearbhóntaigh fhírinneach í do bhain sochar as an


L. 173


taleint dofuair roimhe sin. Mar sin a theagmhas go minic go
mbainean Dia na grása tug do na daoinibh agus nách déanaid
sochar leo acht bhíos fuar spadánta díobh, agus go dtugann
iad do na daoinibh a bhíos friochnamhach díthchiollach a
seirbhís Dé.



Atáid na réasúin so daingean tábhachtach, má tugthar a meas
féin orra agus 'smuaineadh go minic tromdha. Uime sin
guidhim gach aon a léighfios iad a léaghadh arís, agus gach
ponc díobh fá seach do thabhairt fá dear go grinn aireach, óir go
bhfuil a bhrígh féin in gach aon phonc dhíobh dochum ár leisge
agus ár spadántas do bhuain dhínn. Ní feas fós cia hé an
croidhe dá chruidhe reir féidir seasadh ris na sé saighdibh
déag tinntighe so gan teas agus lasair gráidh do ghabháil.



An 32 Caib.



SOMPLAIDHE AR AN BHFONN TEASAIGHE DO
BHÍ AIR DHAOINIBH TOIL DÉ DO CHOIMHLÍONADH.



d'éis na réasún sa, adubhramar go so, dár mbruideadh agus
dár mbrostughadh dochum taitneamh reir Slánaightheoir agus
dochum a naomhthola do choimhlíonadh re grádh éagmhais
agus le friochnamh teasaighthe; anois, san ccaib. so, ionnas
gurab móide doghéabhaid so fréamhach in ár gcroidhe, cuirfead
somplaidhe oirdheirc síos ar dhaoinibh do lean an tslighe so ris
an uile neart cuirp agus anma do thaitneamh re Dia, ionnas
go leanmaois a sompla; do bhrígh gurab beag gach ní dá
ndéanmaoid a ccomórtas a ndearnadarsan arna gluasacht
ris na réasúnaibh adubhramar tuas, óir nír sheachnadar
duadh ná saothar dochum tola Dé do choimhlíonadh.



Dobhí Símon Stílites ceithre fichid bliadhan 'na sheasamh
ar cholamhain chomhdhaingin, gan suidhe gan chodladh, faoi
an aiér, re gaoith, re sneachta, agus re fearrthain, ag fulang
fuachta agus teasa, agus gan biadh do fhromhadh acht aon
uair san tseachtmhain. Dobhíodh ag urnaighthe d'oidhche
agus do ló, agus do chlaonadh a chorp comh minic agus sin
gur áirimh an searbhóntaidhe Teodoretus a n-aimsir aithghearr


L. 174


míle dá chéad a ceathair agus a dá fhichiot, agus do áireómhadh
níosa mhó acht go raibhi cortha dá n-áireamh. Agus do
chromadh é féin go mbuaileadh a éadan ar an talamh, ní nárbh
fhéideair do dhéanamh gan duadh rómhór do chur ar a chorpán
seargaighe lag. Dobhí fós léine gharbh róinn óna cheann go a
chosaibh fair; agus ar son gomadh leor do dhuine eile a
samhail sin di léine do bheith air aon ló amháin, níor chuir an
duine beannaighthe so de í tuilleadh agus ceithre fichid
bliadhan do ló nó d'oidhche. Surius, to.1, 5 January.



S. Iacob, ancaire, dobhí deich mbliadhna ina uaimh
adhlaicthe, agus é beo, dochum na beatha síorraidhe do thuilleamhain;
agus d'eagla saobhnós do chur ar Dhia, do chuir a
lámh i lár na lasrach. Acc Surius, 28 January.



Do chuir an manach Joannes é féin i gcuas chumhang
chairrge, ag urnaighthe do shíor 'na sheasadh, agus ní cholladh
acht an méid ba éigein dó mar sin. Ní fhromhadh fós biadh
acht Corp Críost gacha Domhnach; agus do réir a mheasa féin
bu bheag sin a ccomórtas na síorraidheachta. Ag Surius thuas.



Ab beannaighthe darbh ainm Pacomius, dochum neithe éigein
d'fhulang ar son Dé, do shiubhladh cosnochtaighe idir
dhrisleach, agus an tan dothiaghadh mórán dealg ina chosaibh,
do iomchradh é go foighideach fearrdha, lán do lúthgháire, ag
cuimhniughadh go raibhi ár dTighearna ceangailte le tairrngeadha
san ccroich.



Banab dárbh ainm Sára, ar ghrádh Chríost do thréig an uile
shólás saoghalta; dobhí trí fichid bliadhan ar bhruach srotha
agus nír fhéach air ariamh. Pelagius, lib.7, n.19.



Philoromus, sagart, do cheangail a chosa agus a lámha féin
le slabhradh iarainn a n-uaimh thalmhan, ag guidhe Dé do
ghnáth ó chroidhe. Pallad., hist. Lausiac., c.113.



Zoerardus, ancaire, do chaitheadh an oidhche uile le
hurnaighthe, agus cuas darach ba theagh dó; agus do chuir a
lán do thairrngeadhaibh géara maide timchioll thart ar an
gcus. Do chuir fonnsa daingean fána cheann féin agus
ceithre clocha crochta as, ionnas, gibé ar bith taobh ar a
léigfeadh a chorp nó a cheann curtha, go múisgeóladh na
tairrngidh nó na clocha é, mar léighthear ina bheathaidh ag
Maurus Boemus.


L. 175


S. Guilielmus, diúce na Gascúinne, ón am do fhill ar Dhia,
nír chuir a lúireach chruaidh iarnaidhe nó a chlogad dhé
ariamh. Lipel., 10 Feb.



Cruas beathadh agus piana na bannaoimhe Cristina, do
sháraigh an uile iongantas, óir ní raibh ina beatha uile acht
iongantas áidhbhéil. Dothéigheadh asteach ar uairibh i
mbácús ar lasadh, uair eile faoi uisce ar a mbeith leac, uair
eile do chrochadh í féin a ccroich, uair eile do cheangladh
a corp uile do rotha na mbitheamhnach, uair eile doníodh sí
í féin d'umhairt a ndealgaibh agus a ndreasaibh, ionnas nách
bíodh a corp uile acht 'na éinchréacht. Acc Surius, 23 Junii.



Créad adéaram anois re cruas beathadh na seanmhanach,
ní dochondairc rena shúile féin S. Joannes Climacus, ar a
labhrann mar so, in scala Paradisi, gradu 5. “Dochondairc
mé drong do na daoinibh neamhurchóideacha so, ó neoin go
maidin, gan cor do chur dá cois, faoi dhrúcht na haoidhche, ag
troid go docamhlach ris an suan agus ris an nádúir, ionnas
nách mór nách gclaoidhtí iad, do bhrígh nách ttugdís ciúnas
ar bith dóibh féin; agus tairis sin, dobhídís dá ngearradh
féin ris an masla agus re hathais fána laghad donídís. Drong
eile ag féachain suas ar neamh, re gul agus re comharcaibh
ag iarraidh furtacht as. Drong eile ag déanamh urnaighthe
agus a lámha, amhail daoine coirtheacha ciorrthamacha,
ceangailte ar a gcúl, agus a n-aghaidh re náire agus re tuirsi ar
an talamh, ag mes narbh fhiú iad féin féachain ar neamh;
ní lámhdaois labhairt nó aon fhocal do rádh, do ghuidhe
ós aird, nó Dia d'ainmniughadh. Drong eile 'na suidhe ina sac
ar luaithreamhán, agus a gcinn idir a nglúinibh, ag bualadh
a n-éadain go minic ar an talamh; dream eile ag bualadh a
n-ochta di ghnáth. dochídhfidh annsin go follus fírinneach
briathra Dáuídh, Psal.37, dá ccoimhlíonadh: daoine dá
gcéasadh agus dá gcromadh féin go nuige an bás, lán do thuirsi
ar feadh an laoi, agus créachta a gcuirp ag loghadh drochbholadh,
gan chúram ar bith aca a timchioll na colla. Ní chuimhnighdís
ar bhiadh d'ithe agus do chuiradís a ndeora féin ar fud
an uisce do ibhdís, agus luaith agus luaithreamhán dobhíodh
mar arán aca. Dobhíodh a gcraicinn ceangailte dá ccnámhaibh
agus iad seargthaighe mar fhéar thirm, Ps.101. Ní cluintí


L. 176


uatha guth eile acht: “Truagh, truagh sin na daoine
bochta;” agus arís: “As truagh sinn; as cóir, cóir; maith, Ó,
maith dúinn, a Thighearna.” Dream eile: “Déan, déan
trócaire.” Dream eile níos truaighe ná sin: “Maith dúinn, a
Thighearna, maith dúinn más féidir trócaire do dhéanamh
orainn.” Dream eile dá loscadh féin re teas na gréine. Dream
eile dá gcéasadh féin re fuacht. Dream eile nách ibheadh den
uisce acht gan bás d'fhagháil re tart. Dream eile, an tan do
bhlaisdís arán, do theilgedís uatha é ag rádh nárbh fhiú iad
biadha daonna do fhromhadh, d'éis a ndearnadar d'olc mar
bheatheachibh brúideamhail. Dream eile ag a raibh a nglúine
cruaidh, mar chraiceann camhaill, ó iomarcaidh glúinearacht;
a súile caite, arna súghadh asdeach ina gceannaibh; a ngruaidhe
loitte agus arna loscadh re teas na ndeor; a ngnúis agus a
n-aghaidh seargthaidhe ó dheora, amhail dobheithdís d'éis
bháis, nochtaigh, gorm, créachtach ó iomarca na ndorn agus na
mbuille, ionnas gurab seilidhe fola do chuirdís as a n-ochtaibh.
Ní raibh leabaidh aca dochum suain. Ní raibh ceist aca ar
ghloine nó ar éadach in aghaidh an fhuacht; gach aon ní dá
raibh d'éadach aca briste réabtha, lán do shalchar cnumh. Nír
chomórtas rena bhfoidhid so agus rena bpianaibh buadhairt an
diabhail ar dhuine, ná tuirsi mná fá bhás a haon mhic, ná daoine
bochta ar deoraidheacht, ná piana na mbitheamhnach, tré
mhéad an duadh' agus an tsaothair dobheirdís dá gcorp féin.
Drong eile díobh ag guidhe Dé an galar mór do chur orra. Drong
eile ag guidhe Dé galar éigin gráineamhail do chur orra. Drong
eile ag guidhe Dé a n-ailt agus a gcnámha agus a bhféitheacha
do chrapadh agus pairilis do thacht orra, ar acht a bheith saor
ó phianaibh ifrinn.”



Dogeibhthear san aimsir so fós daoine do lean lorg na seanmhanach
re cruas crábhaidh agus aithrighe, mar atá na daoine
beanaighthe Henricus Suso, Petrus de Alcantara d'órd
S. Proinsias, Joannes de Cruce, Carmelít, Georgius Colebrant,
Jesuit, agus mórán eile as gach aon órd riaghalta nách féidir
a n-áireamh annso.



Léigim taram labhairt ar na mairtíribh, gach ar fhuilaing siad
d'eagla dol in aghaidh Dé, ar son gomadh éigein dóibh a
mbeatha, a bhfuil, agus a bhfeoil do thabhairt ar a shon.
S. Clemens, easpac Ansiranus, dobhí ar feadh ocht mbliadhan


L. 177


fichiot ag fulang pian ró-uathbhásach. Do curthaoi meanadh
dearg tríd a lámhaibh agus tríd a mhéaraibh go huilinn, clogad
tinntighe ar a cheann. Do briseadh cnámha 'chuirp uile re
clochaibh cruaidhe. Dobhí ceangailte do rotha agus é arna
ghearradh le sciúrsadhibh, ionnas gomadh truaighe an t-amharc
ris na gintleacha féin é, acc Surius, 23 Jan.; agus ar son go raibhi
na piana mór, ba bheag leis iad ar son Dé.



Measaid daoine an tsaoghail gurab comórtas rena mbás
a saoirsi do chaill; gidheadh, S. Paulínus agus S. Serapion, ab,
do reacadar iad féin mar sglábhuidhibh ar son Dé agus dochum
taitneamh ris, agus do chaitheadar aimsear fhada san
mhoghsaine sin ag fulang duadh agus saothair. Greg.,lib.3,
Dialog.,c.1; Pall., Hist., c.83.



Josaphat mar is follus as stair a bheathadh, agus mórán eile
maille ris, do thréigeadar ríoghachta móra ar son Íosa Críost.
An fonn ádhbhal dobhí orra taithneamh re Dia, do chuir
d'fhiachaibh orra a sólás saoghalta, a saoirsi, a mbeatha, a
n-onóir, agus a ríoghachta do thréigean, neithe lán do dhuadh
agus do dhocamhal do ghabháil chúca, piana do shantughadh,
sglábhaidhthe do dhéanamh díobh féin, lán do lúthgháire a
dtarcaisne agus a n-anuaisle, ag fulang bochtacht dá ndeoin
féin co nuige an bás. Nír ob na daoine beannaighthe si ní ar
bith d'fhulang agus do dhéanamh ar son Dé; agus ní raibhi do
chúram aca nó do stuidéar acht seirbhís do dhéanamh dó,
ionnas gurab mó a d'fhuilaing siad agus dorinneadar ná dob
éideair ris an nádúir daonna d'fhulang ná d'iomchar.



Ar son go mb'fhéideir mórán sompla oirdheirc iongantach don
tseórt sa do thabhairt anuas dochum solais; gidheadh, an teasghrádh
dobhí ana gcroidhe, ní féidir aithris; agus, ag léigean
móráin tharam, cuirfead anso síos an sómpla iongantach do
fhágaibh an duine spioradálta againn, eadhón, Jacobus de
Saura, ionnas go mbrosdaígheadh na daoine friochnamhach agus
go gcuirfeadh náire ar gach mainneachtnach. Dobhí fuath ádhbhal
ag an duine maith so ar a thoil féin agus ar a shaoirsi féin,
agus re fonn toil Dé do choimhlíonadh dorinne íodhbairt de
féin, agus do gheall go minic gan ní ar bith do dhéanamh acht
do réir tola Dé. Gidheadh, ní hí mo chomhairle d'aon duine


L. 178


aithris do dhéanamh ar an duine maith so gan féachain 'na
thimpchioll go ró-aireach, do bhrígh go raibh ar lasadh có
mór agus sin re grádh Dé nách raibh meas aige ar ní ar bith
dá ndéanamh, muna dtréigeadh a thoil féin agus a shaoirsi go
hiomlán. Uime sin tug móid an uile ní is mó dochífidh dó
a bheith foirfe do dhéanamh, agus nír lór leis íodhbairt do
dhéanamh dá anam, muna ndéanamh fós dá chorp í. Agus mar
nárbh fhéidir leis an mhóid dorinne do sgríobh ina chroidhe,
do ghearr a ucht féin ós ceann an chroidhe, agus do scríobh í
rena fhuil féin. Dobhí an chneadh comh domhain agus sin
nách mór nách ttigheadh go nuige an croidhe ann; agus
tré neart grádha Dé doní an mhóid so d'athnuadhadh go minic.
Acc so a foirm.



“Trí ghrádh na Tríonóide neamhdha, Íosa, Muire, agus na
naomh uile, dobheirim móid gurab mian liom teacht dochum
na foirbhtheachta as mó as éidir leam. Ó, a mo Dhia, as feas
duit an fonn atá agam agus cionnas atáim ag fagháil bháis dot
ghrádh féin agus re mian fíorghlan seirbhís do dhéanamh duit.
Ó, mo Dhia agus mo ghrádh féin, gabh chugat mé mar shearbhóntaidhe
agus maith mo mhainneachtnaigh dam. Dobheirim
fós móid gurab mian leam teacht dochum glaine na n-aingeal,
agus nách bhfuil fonn agam ina ní ar bith acht ionat féin agus
ar do shon féin, agus ní bhiaidh grádh agam ar ní ar bith
acht ar mo Dhia; agus san uile ní nách biaidh peacadh ann,
biaidh mé úmhal do mo uachtaránaibh, agus dodhéana mé a
ttoil go fonnmhar friochnamhach, an méid gur féidir leam;
agus gach ní dá ndéana mé nó dá laibheóra mé nó dá smuainfe
mé nó ba mhian leam, go raibh uile dochum onóra na Tríonóide
neamhdha, mo Thighearna Íosa, Muire, S. Ióseph, an t-athair
naomhtha S. Ignasius, agus na cúirte neamhdha uile. Geallaim
fós mo riaghla do choimhéad, agus gan peacadh dá laghad do
dhéanamh go haireach; agus maille re grásaibh Dé dodhéanfad
díthchioll a bheith di ghnáth a bhfreachnughadh grádh Dé agus
mo thoil féin do thréigean, riar Dé do dhéanamh agus taitneamh
ris, agus a thabhairt fá dear go bhfuil do láthair agam san uile áit.”


L. 179


Ní bu leoir leis sin acht, mar dobhí ar lasadh le grádh Dé,
tug móide eile, eadhón, maille le congnamh Dé an uile dhíthchioll
do dhéanamh re hurnaighthe agus gach módh eile fá féidir
leis a tharraing dochom Dé, mar atá, an uile pheacthach, págánach,
agus eiriceach, dochom sláinte anma d'fhagháil dóibh,
Dia do choimhéad na bhfíréan atá agus thiocfas go deiriodh an
domhain; agus go mbiaidh réidh go láthamhail a chorp agus a
anam, a fhuil agus a bheatha, a onóir agus 'chlú do thabhairt
ar a shon.



Gidheadh, ní raibh sásta ris so, tré mhéad an fhonn dobhí
air lorg Mhic Dé do leanmhain, acht do athnuigh na móide
sin agus do chuir cuing eile ar féin, gach gníomh as áirde agus as
uaisle in gach aon subháilce do dhéanamh, mar atá umhla,
macántas, tocht, bochtaine, geanmnaidheacht, glaine ainglidhe,
riar, trócaire, déirc, foidhid, deaghthoil, neart, ceart, deuósion,
crádhbhadh, buidheachas, urnaighthe, fiaghnaise Dé,
mortificasion, carthannacht, fonn na n-anmann do shlánughadh
etc., agus nách léigfeadh de gníomh subháilceach ar bith ba
féidir leis gan a chur a bhfreachnughadh.



Ag so, a léightheoir, an freachnughadh spisialta. Ag so an
freachnughadh spioradálta. Ag so seirbhís do dhéanamh do
Chríosd mar charaid ionmhain. Ag so a bheith 'na sharbhóntaidhe
dhíleas. Ag so a bheith 'na mhac úmhal ag Dia
agus grádh fírinneach do bheith ar Dhia. Is nár dúinne an
tan dochímaoid daoine eile có díthcheallach agus so ag
déanamh seirbhíse do Dhia agus sin féin fuar spadánta fallsa,
amhail nách beith fiacha ar bith ag Íosa Críost orainn, nó nár
fhulaing Críost bás ar ár son. Créad atámaoid do dhéanamh,
nó an é ní as mian linn gan a bheith ár searbhóntaidhthe ag Dia
nó gan a bheith á gcloinn aige, nó gan grádh ar son grádha do
thabhairt d'Íosa Críost? Taisbéanmaoid so le gníomh di bhrígh
nách gcuirmíd romhainn go daingean fírinneach seirbhís do
dhéanamh dó, agus gurab anbhfann drochmheisneach do thionsgnamaoid.



Ní huime scríobhthar so ionnas gomadh cóir do gach
aon nduine a samhail so do chuing nó do cheangal do chur
air féin, óir dobheith sin ró-éigcríonna; acht, gibé duine do
bheith iomchubhaidh chuige, ná leanadh sé a bhreitheamhnas
féin acht gabhadh comhairle óna athair spioradálta, dárab fios


L. 180


a threorughadh, agus guidheadh féin Dia go dúthrachtach fán
tslighe dhíreach do mhúnadh dó. Gach duine fós táinic dochum
na foirbhtheachta móire so, dobhí daoine foghlamtha eolach dá
stiúrughadh, dá bhfacas nár chóir srian do chur re freachnamh na
subháilce dobhí ionnta agus ris na grásaibh dofuaradar ón
Spiorad Naomh. Ag so amháin ba mhian leam do chur i gcéill
do gach aon, an ní atá d'fhiachaibh orra ón uile dhlighiudh do
dhéanamh, eadhón, lorg na naomh do leanmhain, an méid ba
fhéidir leo; agus go ttugaidh Dia grása dóibh.



An 33 Caib.



TRÁCHTAR ANSO AN FUATH AGUS AN GHRÁIN AS
CÓIR DO BHEITH AR AN BPEACADH MARBHTHACH,
DI BHRÍGH GO BHFUIL IN AGHAIDH TOILE DÉ
GO DÍREACH.



An ruan daingean seasmhach dobhí ag naoimh an domhain
toil Dé do choimhlíonadh san uile ní, foillsigh an fuath
dobhí aca ar an bpeacadh, mar ní atá go díreach a n-aghaidh
toil Dé; agus, ionnas gurab móide a tuigfidh gach ní dá ndubhramar,
laibheóram anso ar thruma agus ar dhíoghbháil an
pheactha, mar atá contrárdha do thoil Dé, ní as ar féidir le gach
aon sochar do bhuain as; mar sgríobhthar ar S. Peadar, go
raibhi ar feadh a bheathadh ag caoinadh an aon pheactha do
rinne a n-aghaidh a Shlánaightheora, ionnas go m'fhéidir leis
sásadh do thabhairt ar a shon.



Atá an peacadh marbhtha óna nádúir féin a n-aghaidh an
uile réasúin cheart, ionnas nách féideir a smuaineadh ní as contrárdha
dó ná é; fós, gurab díoghbhálaigh agus gurab urchóidigh
é don tí doní é ná ní ar bith eile, agus ná ifrionn féin,
muna mbeith duine acht móimeint do ló san pheacadh. Atá gráin
ag Dia agus ag na hainglibh air. Ní bhfuil olc i gcomórtas ris,
agus ní bhfuil truaillightheacht agus míshéan as mó ná é. Acht,
mo thruaghe, ar son go bhfuil so dimhin ceinne, ní bhíonn
coimhne againn ar. An tan ba chóir dóibh crith agus uathbhás
do bheith orra go bhfuighthí aon duine den chineadh


L. 181


dhaonda do thuitfeadh ina chomh gráineamhail sin d'olc go
ndéanamh peacadh a n-aghaidh Dé, agus ní hé amháin go
ndéanaid é, acht dothéid siad a chodladh gan eagla, agus rún
peactha aca. Gidheadh, ionnas go ngabhmaís fuath agus
gráin ar an olc ródhíoghbhálach so, dobhéaradh congnamh
rómhór dúinn na neithe so síos do thabhairt fá dear.



Smuain, dá bhrígh sin, Ó, a dhuine, gráineamhalacht uilc an
pheactha ann féin, a ccás nách beith toirmeasc ar bith ar agus
nách beith ifrionn fána choinne. Do mheasadar na feallsamhain,
ag nách raibh acht solus réasún nádúrtha, ar so neithe ar
bith dá fheabhas, nár chóir aon pheacadh amháin do dhéanamh,
dámadh éigean do dhuine bás d'fhulang; di bhrígh go bhfuil
contrárdha don nádúir, do réasún, agus do dhignid an dhuine
ar ar chuir Dia a íomháigh féin, agus ris an bpeacadh go ndéantar
é cosamhail re hainmhidhe gan chéill, nó re capall nó le
múille ag nách bhfuil tuigsi, Psal.48. Uime sin, lucht an pheactha
do dhéanamh, iarraid uaigneas agus áit dorcha, do bhrígh gur
náir leo a ngníomhartha féin. Agus atá an ghráin so a' pheactha
comh mór sin go ndubhairt Anselmus, de Similitud., c.190, dá
bhfaicadh gráin an pheactha do thaobh agus uathbhás ifrinn
don taobh eile, agus gomadh éigean dó ceachtar díobh a ghabháil
mar roghain, gurab taosga do theilgfeadh é féin go hifrionn
ná dodhéanadh an peacadh; “óir dob fhearr leam”, ar sé, “dol
go hifrionn glan ar pheacadh nó dol ar neamh re sal peacaidh,
do bhrígh gurab follus nách bhfuil pian a n-ifrionn acht ar
lochta nó glóir a bhflaithios acht ar son na ndeighníomh.”



An peacadh marbhtha dobheir masla do Dhia féin; uime sin
ní féidir olc as díoghbhálaighe ná é do smuaineadh. Measta
méad gach masla as uirísle an té dobheir an masla uadh agus
as onóraighe an tí dá dtugthar í. Acht cia thusa dobheir masla
do Dhia mhór, má chuireann tú thú féin i gcomórtas ris an
saoghal uile? An chruinne so i gcomórtas na bhflaithios, ní
bhfuil an acht punc; agus na flaithis uile a ccomórtas Dé,
ní bhfuil inta acht neibhní. Cia hé Dia dá dtug tú masla? Atá,
an Tighearna uilechomhachtach, a chuireas critheadh ar uaithneadhaibh
nimhe agus bhíos lán d'eagla ina fhiaghnuise, Iob, 26 c.,
agus dá gcromaid colamhain na cruinne, Iob, c.9, an
mhórdhacht, an mhaith, an eagna, nó comhachta gan foircheann.
Anois, má tá tusa comh tarcaisneach sin nách bhfuil


L. 182


acht nimhní ionad a ccomórtas na cruinne talmhaidhe, agus
Dia comh mór agus atá, as follus nach féideair do smuaineadh
masla as mó nó tarcaisne ar bith do thabhairt dó.



Ó, a dhuine, an masla dobheir tú do Dhia ris an bpeacadh,
ní masla mar gach masla í; acht an méid gurab féideair leat,
bainidh tú a bheatha agus a onóir de agus cuiridh tú ar nimhní
é, mar adeir S. Bernard, ser.3, de Resurrec.: “An tan doní toil
díleas an duine an peacadh, an méid gurab féidir leis, marbhaidh
Dia, óir ba mhian leis gan comhachta do bheith aige díoghaltas do
dhéanamh isna peacaidhibh ná a mbeith' na n-ainbhfios air; agus
mar sin as mian leis gan bheith' na Dhia, an méid gur féidir
leis, óir ba mhian leis é a bheith neamhchomhachtach, nó bheith
éigceart nó ainbhfiosach. Cá bhfuil olc as gráineamhla ná so, rer
mian a chomhachta, a eagna, agus a cheart do bhuain do Dhia”?



Féach créad dorinne an peacadh ar na hainglibh, na créatúirí
as uaisle ar bith, agus chruthaigh Dia ar neamh, agus dá
dtug mórán tíodhlactha ós ceann na nádúire; acht ar ndéanamh
aon pheactha amháin mharbhtha le smuaineadh dóibh, do
chailleadar na tíodhlaicthe so uile agus do tleigeadh go hifrionn
iad, agus dorinneadh deamhain díobh. As éigean gurab olc
mór ró-uathbhásach an ní do chuir an chríoch sin go hobann ar
chréatúiridhibh ró-uaisle. Dá bhfaictheá míle rígh dá gcur i
gcroich a n-éinacht, níorbh fhéidir leat a mheas nách coir
ró-uathbhásach ghráineamhail dorinneadar, as nách dearnadh
grása ar aon díobh; gidheadh, ní comórtas sin le huimhir do-áirmhe
do spioradaibh ró-uaisle le dhamnughadh, a raibh gach
aon díobh níos comhachtaigh agus níos neartmhaire nó míle
impire. Dá mbeith loch rómhór agat lán do mhil, agus go
ndéanamh aon bhraon domblais do thuiteadh an searbh é
uile, ní féideair nách mór an bhrígh dobheith ag an mbraon sin.
Mar sin, ar dtuiteam aon bhraon peactha ar na haingilibh, do
ghluais fearg Dé comh mór agus sin 'na n-aghaidh gur bhain
díobh na tíodhlacthe móra tug dóibh agus gur chuir a bpianta
síorraidhe iad. As deimhin gurab mór an bhrígh dobhí san
bpeacadh do leag na crainn árda so dobhí curtha i dtigh an
Tighearna, Psal.91, agus dobhí a sólás parrthais Dé, Ezechiel, c.28,
an tan do bhain as a bhfréamhaibh le haon bhuille amháin iad.


L. 183


Ádhmha, ár gcéadathair, dá dtug Dia tíodhlaicthe móra
nádúrtha agus grása dó, ceann agus prionnsa an chinidh
daonda, ar ndéanamh aon pheactha craois dó, do chaill na
grása, an fíréantas, agus gach tíodhlacthe eile dá raibh aige san
stáid bheannaighthe ina raibh, agus do díbreadh re heasonóir
as parrthas é dochum deoraigheachta síorraidhe, agus do
damnaigheadh é féin agus a shliocht 'na dhiaidh dochum báis
cuirp agus anma agus dochum iolomad bochtacht eile. Ionnas
nách bhfuil olc san gcruinne nách é pian an pheactha so é;
agus as a ttig galair, cogadh agus pláigh, tuirsi agus bás daoine
an domhain nách féidir a gcuntas; ionnas gur thuill aon
pheacadh marbhtha, ní hé amháin bás aon nduine acht bás míle
millión. Smuain aon uladh cnámh a bhfuair bás ariamh agus a
bhfuighidh bás go deiriodh an domhain; Ó, a Dhia íodhain, ná
mór an t-ár é? Gidheadh, bás na gcorp a gcomórdús bháis na
n-anmann, ní fhuil acht scáile dhorcha ann, óir do mharbh an
peacadh so a rugadh do chloinn Ádhaimh i bpeacadh na sinsear.
Anois, nách duine ar mire reir mian an nimh so d'ibhe?



Do dhíoghal Dia comh cruaidh agus sin peacadh na n-aingeal
agus Ádhaimh, ar son nách raibheadar comh trom ris na peacaí
donímíd anois. Ní fhacai siad fuil Mhic Dé arna dortadh ar a
son, agus mar sin níor pheacaighdar in aghaidh Dé d'éis uirid
oibliogáide do chur orra agus do chuir orainne; níor pheacaighdar
a n-aghaidh Dé dorinne aingeal de féin ar a son, nó do
dhoirt braon dá fhuil dá shlánughadh, nó do fhuilaing masla agus
bás ar a son. Dá bhrígh sin as truime na peacaidh do
nímaoine ná a peacasion, óir donímíd iad a n-aghaidh
Dé dorinne duine de féin ar ár son, d'fhuilaing bás ar air son,
agus tug é féin mar bhiadh dúinn. Ní gan ádhbhar adubhairt S.
Agustíne: “A Thighearna, gibé nách déan seirbhís duit ar
son gur chruthaigh tú é, do thuill sé ifrionn; agus gibé nách déan
seirbhís duit ar son gur cheannaigh tú é, ba chóir ifrionn nua do
dhéanamh dó.” Dá mbeith an peaca an féin gan bheith comh
díoghbhálach agus adubhramar, ba mhór an dombuidheachas a
dhéanamh in aghaidh fola Críost, agus do thuillfeadh sé míle bás.



Dá mbaintaoi a lámh do bhodach agus go ngéabhadh rí
comhachtach truaighe dó, agus nách bhfuigheadh modh eile ar
a leighios acht a lámh do bhuain de féin ionnas go mbeith a


L. 184


dhá láimh ag an óglach, cia déaradh nách trócaireach maith
an rí sin? Agus as mór an buidheachas bo chóir don óglach
do thabhairt dó. Acht dá dteagmhadh 'na dhiaidh sin go
dtóigeóbhadh an fear céanna an lámh sin a n-aghaidh an rí,
nó go mbuailfeadh é ria, cia déaradh nár ghníomh gráineamhail
sin? Smuaineadh gach aon aige féin an phian ba chóir do
thabhairt don chladhaire sin. Gidheadh, ní comórtas sin le
trócaire Dé orainne agus reir ndombuidheachas ar. Ní
haon lámh amháin do chailleamar acht beatha air gcuirp agus
ár n-anma go hiomlán, an tan tug Críost ní haon lámh amháin
tug dúinn acht a chorp uile agus a bheatha, as uaisle nó neamh
agus talamh, agus sin dochum ár slánaighthe agus dochum
beatha síorraidhe do thabhairt dúinn, mar adeir féin ag Eoin
san treas chaib. Ar a shon sin atámaoidne gráineamhuil
comh dombuidheach agus sin gur lina thíodhlaicthe féin do
chuirmíd saobhnós air, ní hé amháin le ár lámhaibh agus re
ár gcroidhe acht fós re beatha ár gcuirp agus ár gcreidimh, do
cheannaigh dúinn ar a bhás féin, ag déanamh peaca leo as
andóchus a mórthrócaire Dé agus a fhoidhide. Créid é an ghné
dombuidheachais so? Créad é an modh uilc agus mailísi nách
féideair do thuigsin? Agus créad nách bhfaghmaoíd bás do
náire agus do thuirsi fá fheirg do chur ar Dhia comh maith agus
comh trócaireach agus sin? Nách truaillighthe an lucht feille sinn?



Nách mór fós mailís an pheaca a thuilleas pian síorraidhe?
Ar son gurab é Dia an mhórmhillseacht agus an cheannsaigheacht,
fuilngidh na créatúirí, do chruthaigh sé féin, do bheith
dá losgadh i ttinidh shíorraidhe gan truaighe ar bith do dhéanamh
dóibh; agus ní has easbuidh maitheasa ná trócaire Dé tig
sin acht as méad mailísi an pheaca. As deimhin leam go mbeith
truaighe ort dá bhfaictheá ní hé amháin duine acht fós gadhar
dá losgadh a ttine aoil ar feadh leathuaire. Gidheadh, atá olc
an pheaca comh mór sin go gcuireann toirmeasg ar mhórthrócaire
Dé do na daoinibh, ionnas nách gluaistear é re faicsin a
chréatúire féin dá losgadh go síorraidhe a n-ifrionn, agus na
piana so ifrinn níos éattruime ná do thuill na peacaidh.



As mó an t-uathbhás ná sin uile Mac Dé d'fhulang báis ar
son an pheaca nách ndearna sé. Ó, gráineamhlacht an uilc tug
a shamhail so do bhail ar an maith gan foirchionn agus ar an


L. 185


neamhurchóid Íosa Críost. Dá bhfaicmís rí rócheart róthrócaireach
ag cur a aon mhic dochum báis róthruaillighthe go
puiblighe, agus ag fiafraidh créad í an choir ghránda dorinne
as a ttugadh a shamhail sin do bhás dó, agus go n-aibeóradh
duine linn nách ndearna mac an rígh olc ar bith acht gurab ar
son uilc duine eile do cuireadh chum báis é; créad é an
meas dobheith againn ar an gcoir sin, agus an bhfuil
duine ar bith nách mbeith gráin aige ar an gcoir chéadna?
Uime sin, créad é an crith croidhe as cóir dúinn do
bheith orainn fá mar do dhoirt Íosa Críost a fhuil féin ar son ár
bpeacaí? Agus féachmaoíd an beag an choir cionfátha báis do
thabhairt dó.



Féach anois agus tabhair do aire go grinn a' claochlódh
doní an peaca ar an duine. Doní sé do charaid Dé, a námhaid;
do mhac Dé, searbhóntaidhe an diabhail; d'oighre nimhe, oighre
ifrinn. Gibé doní peaca marbhtha, caillidh a cheart dochom na
glóire síorraidhe. Caillidh na grása agus sochar gach deighoibre
dá ndearna nó dá ndéanfadh, an feadh a bhias san staid sin, do
bhrígh gur námhaid do Dhia é ag a bhfuil fuath comh ádhbhal
agus sin ar an bpeaca, ionnas gurab fíor adubhairt Ludouicus
Blosius, in Monil. spirituali, c.1: “Dá ndéanamh an óighe do
ghin Mac Dé aon pheaca amháin marbhtha, agus go bhfuigheadh
bás gan aithrighe do dhéanamh ar a shon, go gcaillfeadh a
cuid do ríoghacht nimhe agus dobheith pianadh go síorraidhe
a bhfochair dhiabhal ifrinn.” An Tighearna úd atá 'na
árdmhaith agus bheathaigheas agus fhéachas ar na beathadhachaibh
brúideamhla, ní fhéachann ar an bpeacach trí ghráin
an pheaca. As mallaighthe an toradh so an pheacadh do
bheir ar Dhia agus ar na hainglibh gan féachain ar an duine, ar
doirteadh fuil Chríost ar a shon, agus go bhféachaid ar an nathair
nimhe; ionnas gurab gráineamhla é ná madra marbh d'éis a
bheith lobhtha. Créid í an mhaith duit sgéimh agus sláinte
chorpardha do bheith agat más truaillighthe gráince tú ná tód
nimhe, ná fós mórán do dheamhnaibh uathbhásach? Fá dheoigh,
créad é an ní a mbiaidh gráin agad air, muna raibh gráin agad ar
so doní an peaca duit? Ní dhéin ní ar bith dochar dúinn acht
an peaca amhain. Uime sin adubhairt S. Crisostum, to.5, Disertat.
singulari et luculenta, nách déan ní ar bith olc don duine


L. 186


acht é féin; do bhrígh, má sheachnann duine an peaca, doní sé
rena thoil féin, nách ádhbhar eagla dó ní ar bith eile.



An modh ar a ndéantar an peaca, as mór mhéadaigheas a
mhailís; óir ní haon uair acht go minic do chuirmíd fearg ar
Dhia, agus gach uair do mhaith ar bpeacaídh dúinn do thuiteamar
ionnta arís, agus do chuireamar peaca ar muin peaca dár ndeoin
féin, amhail nách beith do bhrígh ann acht uirid le bolgam
uisge d'ól; agus sin i bhfiadhnaise Dé nár chuir saobhnós ort
ariamh, mar ba holc leat gur fhuilaing bás ar do shon; agus ní
le ní ar bith eile donímíd an peacadh acht ris na tíodhlaicthibh
dofuaramar ó Dhia; fós, ní dochum taitneamh re dia oile acht
re daoinibh agus ris an diabhal, agus dochum sásadh do thabhairt
dár gclaonta truaillighthe féin; ní ar son ríogheacht nimhe
acht docham a caill; ní a n-aghaidh rí talmhaidhe acht a n-aghaidh
an rí síorraidhe. Dámadh págánach tú dobheith leiscéal
éigin agat, acht mar as críostaigh tú ní bhfuil leiscéal ar bith
agad. Joseph, Genesi, c.19, agus Susanna, Daniel, c.13, roimhe
Críost do theacht a gcolann daonna, do ghabhadar do
roghain bás d'fhulang níos luathe nó dobhéirdís a ttol dochom
peaca na colla do dhéanamh. Féach 'nois, a dhuine, créad as
cóir duit do dhéanamh dochum an pheaca do sheachna. Bás
d'fhulang, as cuma créid é; agus do fhulaing Críost bás ar tús
ar do shonsa agus dochum nách déantá peacadh. Agus créad é
an ní beatha an chuirp do chaill ar bheatha an anma do choimhéad?
As so gabh fuath agus gráin ar an bpeaca ós cean an
uile ní; agus gabh ruan seasmhach, síorraidhe, daingean, bás
d'fhagháil ar tús sul do chuirfea fearg ar Dhia.



Cuirfemaoid anso ní éigin ar leighios an pheacaidh, ionnas
go bhfaicmís go follus as riachtanasacht an leighis méad agus
truime an uilc. Dobhí an peacadh comh doleighiosta agus sin
nár lór ní ar bith dá fhóirithin acht fuil aoin Mhic Dé, ar mhodh
nárbh fhéidir sásadh do thabhairt ar son aon pheacaidh amháin
le luach ba lugha ná sin; agus as sin a thuigmíd méad uilc an
pheacai, an tan nár fhóir leighios ar bith eile dó. Tugthar brígh
an leighis so dúinn isna sacramentibh beannaighthe, nách féidir
linn do ghlacadh gan grása Dé do bheith ag congnamh linn. Atá
ar ár gcumas an peaca do dhéanamh; gidheadh, ní bhfuil ar ár
gcumas éirghe as gan congnamh Dé. Cia hé an duine a thleigfeadh
é féin a bpoll domhain agus nárbh fhéidir ris teacht as? Nó cia


L. 187


chuirfeadh é féin i bpríosún chumhang agus dobhéaradh an
eochair do dhuine eile? An peaca, tair a bhfuil do mhórolc agus
do mhailís ann, ní féidir a leigheas acht le fuil Críost agus le
trócaire Dé, atá réidh san uile aimsir dochum maitheamhnas do
thabhairt dúinn, má bhíonn fíoraithreachas againn in ár
bpeacadhaibh; gidheadh, mar nach leór leighios do chur ar
na peacadhaibh dorinneamar acht fós na peacaí atá chugainn
do sheachna, ag so síos leighios chuige sin.



An chéad leigheas. Sacrament na haithrighe agus Cuirp
Chríost do thathaidh, ar son nách mbeith coinsias peacai
mharbhtha aige duine, do bhrígh go neartaidhionn tathaidh na
sacrament so an t-anam dochum na gcathaidh do chlaoi. Atá
an módh so rótharbhach dochum grása Dé do choimhéad. Gibé
ag a bhfuil rún daingean gan peacadh do dhéanamh, nár bu
lór leis sin; gabhadh módh iomchubhaidh dochum a sheachna.
Más mian leat dol don Róimh, ní lór duit rún do bheith agad
sin do dhéanamh acht caithfe tú an tslighe do thionscamh;
óir an uile dhuine reir mian teacht dochum críche ar bith,
is éigein dó an tslighe dochum na críche sin do ghabháil. An
tslighe dochum an pheacai do sheachna, tathaighe na sacramente
beannaighthe; agus gibé doní mainneachtnaigh don tslighe
so, is baoghal dhó.



An dara leigheas. Siocra na bpeacadh agus díomhaoineas
an tsaoghail do sheachna; óir go bhfuil ár neart agus ár mbrígh
comh anbhfann lag agus sin gur baoghal dúinn muna seachnam
ócáideacha na bpeaca. Agus ní amháin an cuidiughadh agus
na slighthe, atá againn dochum grása Dé do choimhéad, as
cóir dúinn do thathaighe, acht fós gach ní, do chuirfeadh toirmeasg
orainn, do sheachna, mar atá comhgháir an tsaoghail,
díomhaoineas, sógh, antoil, fonn onóra, saint, agus grádh na
colla. Gibé reir cruaidh nó reir docamhlach iad so, gidhim é,
féachadh ar mhéad an uilc as mian leis do leigheas, ar dhochar
agus ar thruailligheacht an pheacai mharbhtha, agus ar mhéad
na mailíse atá ann; ionnas, dochum aon pheacai amháin
mharbhtha do sheachna, gomadh cóir do dhuine ríoghacht an
domhain, ór na cruinne, a shólás, agus a anam féin do thabhairt
uadh níos luaithe nó do dhéanamh an peaca, a ccás go maithfí
a ccéadóir dó é. Cuireadh an duine fós a ccéill dó féin, le


L. 188


díthchioll gan mórán saothair, gurab féidir ris an peacadh do
sheachna, ag smuaineadh do ghnáth gurab ní gráineamhail é
atá in aghaidh Dé, fola Íosa Críost, anma an duine féin, agus
réasúin nádúrtha.



An treas leigheas. Urnaighthe agus léighthóracht sporadálta;
óir ris an urnaighthe dogheibhmíd grása ó Dhia, agus ria
féin agus le smuaintibh maitha dogheibhmíd eolas ar na
neithibh síorraidhe; do bhrígh gurab é tobar agus fréamh an uile
uilc dhúinn gan na neithe do thabhairt fá dear mar as cóir, mar
adeir Ieremias, c.12: “Atá an talamh arna scrios do
bhrígh nách smuaineann aon duine air.” Cia an duine do
thuigfeadh créid é an peaca nách beith crith croidhe ar fá go
ndearna an peaca ariamh; nó nách beith uathfás air, ag
smuaineadh go m'fhéidir leis peacadh do dhéanamh? Léighthóracht
na leabhar spioradálta, nochtaigh dúinn an fhírinne,
an pheiriacail agus na cealga atá romhainn, agus cuidighidh ris
na smuaintibh maithe. Teagmhaidh ar uairibh gan sin do
bheith iomchubhaidh dochum úrnaighthe agus a bheith iomchubhaidh
dochum léighthóracht, agus an ní nárbh fhéidir linn
d'fhagháil rer ndíthcheall féin, go bhfaghmaoíd é as léighthóracht
na n-ughdar.



An ceathramh leighios. Díthcheall do dhéanamh na peacaí
sologhtha do sheachna; agus ris sin ní thuitfe go huras isna
peacaíbh marbhtha, do bhrígh go ndéan an peaca sologhtha
slighe don pheaca mharbhtha, mar doní an tinneas don mbás.
Agus gibé chuirfeas eagla Dé do leathtaobh ina neithibh beaga,
dobhéar tarcaisne uire ar bheagán agus ar bheagán ina
neithibh móra; óir leanaidh gach aon doní thaithnigheas ris,
agus mar nách gcuireann é féin re toil Dé isna neithibh beaga,
an tan dogheibh ócáid doní mar an ccéadna ris na neithibh
móra ba chóir do sheachna.



An cúigeamh leigheas. Ní éigin do dhéanamh go laothamhail
ós ceann na bhfiach atá ort, ionnas nách ba leor le duine
aitheanta Dé do choimhéad, atá 'na riachtanas ar an uile dhuine
dochum a shlánaighthe, acht deaghoibre éigin do dhéanamh
nach bhfuil a d'fhiachaibh ort. Atáid diadhairí foghlama adeir:
“Gibé ag a mbí rún na haitheanta amháin do choimhéad agus
gan deaghoibre ar bith eile do dhéanamh, go bhfuil a mbaoghal


L. 189


a shlánaighthe ón pheiriacail a gcuireann é féin peacadh
marbhtha do dhéanamh.”



An seiseadh leighios. Cómhairle an Spiorad Naoimh,
Ecclesiasticus, c.7: “Cuimhnigh ar do chríochaibh déigheanacha
agus ní dhéana tú peaca go bráth.” Dá mairmís go síorraidhe,
atá mailís an pheacaidh comh mór agus sin, ar mhíle domhan
nár chóir dúinn a dhéanamh. Gidheadh, ós dearbh dúinn bás
d'fhagháil, nách mór an mhire dúinn ualach comh trom agus sin
do chur orainn, eadhón, an peaca? Gibé do thuigfeadh go
bhfuigheadh bás gan mhaill ar ndéanamh a pheacai, dá mbeith
ciall aige, ní chuirfeadh an tsíorraidheacht a ccontabhairt. Do
gheibh mórán bás obann; as féidir an ní céanna do theagmháil
duitsi. As féideair an bás do thacht ort ag déanamh an
pheacai dhuit agus gan uain athrighe do thabhairt duit. Créad
do dhéantar leat annsin, a bhochtáin? As feas duit go dtárla
so do dhaoinibh. An bhfuil tusa saor ón chás chéanna? Adéara
tú: “As féidir gan an cás sin do theagmháil dhamhsa.” Dúbhairt
gach duine dá dtárla é an ní céadna. As deimhin gurab
féideair dó theagmháil duitsi; agus má theagmhann, as tú
duine as dona do na daoinibh. Ní ní mar sin an tsíorraidheacht
bú chóir do chur a ccontabhairt. Féach ar do chorp a bhias
'na bhiadh cnumh; an ar son a thoil thruaillighthe do thabhairt
dó a chrochas tú Críost arís, agus theilgeas tú thú féin go hifrionn?



Dobheir fós cuimhne an bháis orainn gráin do bheith againn
ar an bpeaca. Má tá bás an chuirp ní is uathbhásaidh
nó gach ní, mar adeir Aristotle, lib.3, Ethic., c.6, créad é an
t-uathbhás bás an anma, eadhón, an peacadh? As córa an
t-anam do mheas a bheith marbh, iar gcailleamhain grása Dé,
iná an corp, iar gcailleamhain an anma.



Cuimhne an bhreitheamhnais dhéidheanaigh, cia ar nách
ccuirfeadh eagla peaca do dhéanamh, an tan as éigean dúinn
san ló uathbhásach úd cunntas do thabhairt don tí ar ar
chuireamar fearg, agus béara Dia breitheamhnas orainn anso
do réir mar thugamar breith ar an tsaoghal sa? Ris an bpeaca
marbhtha thugamar breith báis ar Chríost ár dTighearna, agus
ní amháin gur chuireamar Barabas roimhe acht mar an gcéanna
Luisifer. An féidir ní nías gráineamhla agus as míchubhaidh nó
so d'fhaigháil? Créad í an freagra bhéara tú an tan a chuirfidhear
id haghaidh an grádh éagmhais ba chóir duit do bheith


L. 190


agat ar Dhia, ar son gach móirthíodhlaicthe dá ttug duit, ar
son fola aon Mhic Dé, ar a ttug tú tarcaisne dochum seirbhíse
do dhéanamh don diabhal? Ó, mo thruaighe, a' críostaigh, a
ngeall ar thaitneamh ris an diabhal, ag crochadh an athuair an
tí fhulaing bás croiche ar a shon; mar adeir Pól ad Heb., c.10,
ag tabhairt tarcuisne ar Mhac Dé agus ag tabhairt onóra dá
námhaid atá ag iarraidh a dhamnúghadh go síorraidhe, agus an
fhuil dhiadha, mar ní tarcuisneach, do chur a nimbrígh.
Nách ádhbhar eagla dúinn iad so, ag teacht do láthair an bhreitheaimh
chruaidh cheart dá ttugamar tarcaisne?



Cuimhne pian ifrinn - ádhbhar crithnuighthe croidhe, ar son
gurab troma aon pheaca marbhtha ná míle ifrionn, ionnas
gomadh córa do dhuine piana síorraidhe d'fhulang nó aon
pheaca marbhtha amháin do dhéanamh, agus nó a thoil do
thabhairt chuige. An beag an t-olc as mó ná piana síorraidhe?
As dona agus as mó do thruaighe an tí a thruailligheas a anam
féin re haon pheaca marbhtha nó dá mbeith diabhail ifrinn
uile ina chorp, agus go mbeith gach aon diabhal díobh dá
phianadh ris na tintibh re bhfuilid na hanmanna damanta uile
dá céasadh. Ó, a dhaille iongantach na ndaoine ar an
saoghal so, nách dtugan fá dear méad na ndochar so; agus mar
nách dtugaid fá deár mailís an pheacai, ní smuainid ar olc na péine.



Ó, a dhuine, an lámhthá piana ifrinn d'fhulang ar feadh aon
uaire amháin? Agus mar sin cionnas do chuireas tú thú féin a
gcontabhairt a bhfulang go síorraidhe? Ní féideair leat tineas
géar fiacal nó dubhán d'fhulang go foighideach aon lá amháin,
cionnas as mian leat an uile olc d'fhulang an feadh a bhias
Dia 'na Dhia? Bíodh a fhios agad, an mhuintear atá dá
losgadh anois a n-oifrinn, gur mheasadar uair éigin nách
tiocfaidís féin chum na críche sin, agus as an meas sin go
ndearnadar an peaca; agus anois dochíd gurab olc do
mealladh iad. Atá agad, maille le trócaire Dé, aimsir na peacaidh
a rinne tú do chaoineadh, agus gan peaca eile do dhéanamh.
Uch, créad í an díoghbháil duine dá mhealladh féin san tsíorraidheacht?
Guidhim thú, osgail do shúile. Atá mórán dá
bpianadh 'n-ifrionn ar son aoin pheacai; do pheacaidh tusa go
minic agus ní bhfuil eagla ort. Ní huaisle tú ná na haingil; ar


L. 191


a shon sin, ar son aon pheacaidh amháin, dorinneadh diabhal
do Lucifer agus biaidh mar sin tré bhith síor.



Ó, an bhfuil míshéan as mó ná gan duine do theacht go
bráth dochum na críche dochum ar cruthaigheadh é, agus gan
dóthas aige a theacht chuice? As mór do chuireas ar dhuine
cnáimh do chur as alt aige; as mó ná sin gan chomórtas doilgheas
an anma a bhíos dá phianadh go síorraidhe, scartha rena chrích
féin. Dá mbeith gan d'olc san bpeaca acht sin amháin, nó
a n-ifrionn, ba mhór an t-ádhbhar uathbháis é.



Ba tharbhach do dhuine smuaineadh ar an ghlóir agus ar an
séan síorraidhe chailleas ris an bpeaca. Dá mbeith ór an
domhain agus a bhfuil do shaidhbhrios ann ag aon duine, agus
go sluigfeadh an talamh iad uile a n-aoinfheacht, meas créid í
an díoghbháil dobheith do dhuine shanntach go speisialta an
saidhbrios sin do chailleamhain. Acht créad é a laghad sin
a ccomórtas shaidhbhris neimhe a chailleas duine dá dheoin
féin? Dá bhfaghmaoís duine 'na rígh ar maidin agus um neoin
gan éadach uime do chuirfeadh fána chorp, do mheasfamaoís
gurab olc an chineamhain dobheith aige. Gidheadh, as mó
ná sin duine d'fhaicsin ar maidin 'na oighre ar ríoghacht nimhe
agus, idir sin agus an oidhche, ó bheith 'na mhac ag Dia, go
ndearna sglábhaidhe an diabhail de féin. Ó, a mhire éigcéillidhe
na ndaoine! ionnas as féidir a fhoillsiughadh le briathraibh
go gcaillfeadh duine, ar son antola truaillighthe ar feadh
móiminte, an sólás síorraidhe? An fios duit, a dhuine, créad do
chailleas tú an tan doní tú peaca marbhtha? Ríoghacht a
chailleas tú; a bheith do mhac ag Dia féin, agus an uile shólás
a chailleas tú. An bhfuil ciall agat, a dhuine; nó an bhfuil fuath
agat ort féin? An éudóchas atá ort, nó nár chaill tú do mheisneacht?
Cuimhnigh ort féin, agus féach an mhaith atá fád
chomhair má bhíonn tú díleas as do Thighearna Íosa Críost.
Féach ar an bhfuil uasail do dhoirt sé dochom ríoghachta
saidhbhre síorraidhe do thabhairt duit.



Cuidiúghadh mór chuige so, gach deaghobair dá ndéana tú a
ofráil do Dhia le hintinn gan a léigean duit tuiteam in aon pheaca
agus do shaoradh uatha fá chéadóir, coimhéad grinn do bheith
agat gan fearg do chur ar Dhia, eagla agus uirísle do bheith ort


L. 192


fá na peacaidhibh dorinne tú. Dá bhfaictheá tód ar t'éadach,
do chuirfeadh critheagla ort. An feas dúinn go lór go raibh an
peaca ar ár n-anam; gidheadh, ní bhfuilmíd comh cinnte sin
gur díbreadh as é. Uime sin as cóir dúinn gan a bheith ár ccodladh
nó mainneachtnach fá shláinte ár n-anma.



Gach ní dá ndubhramar go so, bruidiuigheadh sin dochum
a bheith uiríseal, agus cúram do bheith againn ár bpeaca do
ghlanadh le deaghoibribh corporrdha, do réir staide gach aon
duine, agus re hoibre ár n-anma mar atá grádh agus aithrighe,
agus sin do dhéanamh go minic; agus ris sin ní thuitfeam go huras.



Do réir ráite na naomh, gibé a bhias díthchiollach peaca a
chomharsann do thoirmeasg, ag congnamh mór dó é dochum
maitheamhnuis a pheaca féin d'fhagháil. Uime sin as déanta
dúinn an uile dhíthchioll gan sinn féin do chur feirge ar Dhia,
nó a leigean do dhuine eile fearg do chur air, an méid gur
féideair linn, agus sin ar son Dé go fírinneach. Gníomh róibheannaighthe,
cúram do bheith ag duine do ghnáth an uile
dhuine do choimhlíonadh tola Dé agus an peacadh do sheachna.



An 34 Caib.



AS TRUMA AN PHEACAI SHOLOGHTHA HAITHEANTAR
MÉAD AN UILC ATÁ SAN BPEACA MHARBHTHACH
'N-AGHAIDH TOLA DÉ.



As méad na grána atá ag Dia ar an bpeaca shologhtha tuigfeam
go follus méad an uilc atá san bpeaca mharbhtha, do réir na
naomh agus na ndochtúiribh do labhair orra go tábhachtach
fírinneach. Do bhrígh nách ttuigmíd go maith an méid agus an
truma atá san bpeaca mharbhtha an féin, rena chur a ccomórtas
ris an bpeaca a mheasmaoíd a bheith beag éadtrom, ar
shon go bhfuil mór an féin, doghéabham an peaca marbhtha
ní amháin a bheith trom acht fós róthrom. As é differ atá idir
an bpeaca sologhtha agus an peacadh marbhtha, mar atá idir
an tinneas agus an bás; agus má tá an peaca sologhtha comh
mór agus sin, ní féidir gan an peaca marbhtha do bheith
romhór. Má tá an beag mór, cionnas a bhias an ní atá mór ann féin?


L. 193


Cúram agus fonn seirbhíse a dhéanamh do Dhia, as éigein ruan
daingean do bheith 'na chuideachta, an méid as féidir linn, gan
ní ar bith dá laghad do dhéanamh ar a mbeith míghean ag Dia;
ionnas nách cóir tarcaisne do thabhairt ar pheaca ar bith dá
laghad, do bhrígh go bhfuil ceart ag Dia orainn ár ngníomhartha
uile do dhéanamh do réir a thola féin. Uime sin is mó an t-olc
aon pheaca sologhtha dá laghad nó díoghbháil ar bith saoghalta
agus ná piana síorraidhe; agus bú thaosga bú chóir do dhuine an
uile phian dá bhuirbe, as féidir le Dia do chur air, d'fhulang nó
peaca dá laghad do dhéanamh. Is mór an truaighe an neamhchás
a bhíos ag daoinibh na peacaí sologhtha do sheachna, amhail
gomadh ní éattrom iad; gidheadh, ní fhuil dá éattruime dá
bhfuilid nách gcuirid saobhnós ar Dhia. Ní féidir fós a rádh
gurab ní éadtrom an peaca sologhtha acht amháin a ccomórtas
an pheacai mharbhtha, do bhrígh nách bhfuil olc ar bith as mó
ná é acht an peaca marbhtha féin amháin. As mó an t-olc é ná
pian ar bith, galar, bochtacht, míochlú, agus nó an bás féin, dhá
mbeithdís uile ceangailte dá chéile. Uime sin, ionnas go mbeith
fuath agus gráin againn ar an uile pheaca dá laghad, cuirfead
síos annso an truaillightheacht atá ann, an toramh tig de, agus
an leigheas atá 'na aghaidh.



Atá dá ghné peacai shologhtha ann. A haon díobh do
níothar le mainneachtnaigh nó re neamhaire, ó nách bhfuil
fíréan ar bith saor. An tara gné doní duine re mailís nó dá
dheoin féin; agus maille le grásaibh Dé as éidir iad so do sheachna,
agus is cóir dúinn an uile dhíthchioll do dhéanamh chuige
sin, go speisialta más as drochghnáthughadh doníamaoid iad.



As lór dochum fuatha do bheith againn ar an bpeaca shologhtha
míghean do bheith ag Dia ar agus go mbrostaigheann
dochum feirge é. Agus, mar as olc é mar sin atá in aghaidh Dé,
as éigean gurab measa é ná olc ar bith timporálta nó síorraidhe.
Uime sin, dá ttugthaí a rogha do dhuine peaca sologhtha
dheoin féin do dhéanadh nó piana síorraidhe d'fhulang a
n-ifrionn, nó gan glóir Dé d'fhaicsin go bráth, do réir réasúin
cheart doghéabhadh do roghain gan an peaca do dhéanamh.
Agus mar sin dodhéanamh a bhfuil di naomhaibh ar neamh;
as taosge do thréigfeadís an ghlóir atá aca agus theilgfedís iad
féin a dtinidh ifrinn, ó a d'fhuileóngaidís a ccur ar neimhní,
ná dodhéandís a shámhail sin do pheaca.


L. 194


Cionnus as féidir a mheas gurab éadtrom an ní atá comh
trom agus sin; nó cionnas as beag an t-olc doníothar a n-aghaidh
mórdhachta Dé? Má meastar an peaca sologhtha mar atá
ann féin, atá gné éigein uilc gan foircheann ar son, a
ccomórtas an pheaca mharbhtha, go bhfuil éadtrom. Agus san
chéill sin adubhairt S. Hiero., epist.14, Celantiam, c.2:
“An féidir linn a rádh peaca ar bith do bheith éadtrom ina
mbeith tarcuisne Dé?” Is éifeachtach an réasún so dochum
fuatha do bheith acc searbhóntaidhe díleas Dé ar an bpeaca
shologhthach. Créid adéarmaoís ris an mac do laibheóradh
mar so: “Ní chuirfe mé fearg ar m'athair ar mhodh go ccuirfeadh
as a theagh mé nó nách ttiúbhradh a oighreacht dom; gidheadh,
dochum sásamh do thabhairt dom thoil féin, ní léigfe mé dím
saobhnós éadtrom do chur air.” As dearbhtha gur mac míonádúrtha
adéaradh sin, agus is cosamhuil iad ris an druing doní
peaca sologhtha as a riocht agus dá ndeoin féin. Agus as sin,
créid é an meas as cóir do bheith ar an mhuintir doní an
peaca marbhtha? Ionnas gomadh cóir dúinn le neart ár n-anma
crith agus uathbhás do bheith orainn; agus ar so nách féidir
le bréithir nó le smuaineadh a fhoillsiughadh créid é an ní an
peaca marbhtha, ní héidir le neach fuath agus gráin do bheith
aige air mar as cóir. Uime sin, bíodh eagla orainn roimhe do
ghnáth, an tan as cóir dúinn an peaca sologhtha féin do sheachna
go rodhíthchiollach.



A ccás nach gcuirfeadh an peaca sologhtha saobhnós ar
Dhia, ba lór dochum fuatha do bheith air go bhfuil i aghaidh
réasúin agus gurab sal agus míghné ar an anam é; agus mar atá
níos uaisle iná an uile chréatúir corparrdha, ní bhfuil sal dá
laghad nách gcuireann míoghnaoi adhbhal ar. Dá gcurtaoí
a bhfuil do mhísgéimh chorparrdha ar bith in aoinfheacht, ní
comórdas í re gráin aon pheaca amháin sologhtha. Nách iongantach
an taoidhbhise ceann asail nó dragún d'fhaicsin ar
dhuine? Gidheadh, as iongantaidh ná sin duine ag a mbiaidh
ciall ar a chumas ag rádh focail a n-aghaidh na carthanachta,
nó smuainte díomhaoin do choingmháil a bhfad ana chroidhe.



Ní hé amháin gurab sal an peaca sologhtha acht fós as galar é
as peiriaclaighe ná tinneas corporrdha ar bith, an méid gurab
uaisle an t-anam ná an corp. A ttáinic do ghalar corporrdha


L. 195


ariamh nó dar fhuilaing lucht easláinte ar bith, dá gcurtaoí a
n-ainfheacht iad, ní comórtas iad uile le haon pheaca amháin
sologhtha dá laghad. Cia an duine reir féidir doilgheas clocha
fuail, tinneas fiacal, seilge, galar na n-alt, agus cancar d'fhulang
in aoinfheacht; nó créad é an taisbéanadh bruide dobhéaradh
uadha, an té ar a mbeith na dochair si uile? Gidheadh, is mó an
t-olc agus an truaighe aon pheaca sologhthe ná iad uile. Nách
mór an mhire neamhshuim do dhéanamh do na peacadhaíbh
sologhtha agus cúram amháin do bheith againn gan tuitim a
bpeaca mharbhtha? Créad fá nách bhfuil níosa mhó do mheas
againn ar an anam nó ar an gcorp? Agus má nímíd díthchioll
ní hé amháin beatha acht fós sláinte agus sgéimh an chuirp do
choimhéad, créad nách ndéanmaíd níosa mhó di chúram fá
shláinte agus fá sgéimh an anma?



An peaca sologhtha, mar adeir S. Auguistín, ser.41, de
Sanctis, agus S. Griogóir, lib.21, in Job, c.9, “scriosaigh sé ár
sgéimh agus salaigh sé an t-anam, agus cuiridh buaireadh agus
lubhra air re a ccailleann a ghné, ionnas nách féidir leis brásáil
do thabhairt do 'chéile neamhdha nó teacht dá láthair acht le
náire.” Ní maith linn ár n-éudach do bheith fliuch nó salach,
agus créad um nách bí cúram againn fá ghlaine ár gcoinsiais?
Nách mór an mhíchioll níos mó do chúram do bheith againn fán
éadach dorinneadh do chraicnibh beathadhach, nó do shalchar
cnumha, nó fán anam ar a bhfuil fioghair agus íomháigh Dé?
Créad é an meas dobheith againn ar bhainríoghain ar a mbeith
purpur uasal agus dodhéanamh í féin d'aonfairt i lathaigh, agus
go rachfadh mar sin chum leaptha a rígh agus a céile? As mó
atá a n-aghaidh réasúin iná sin an t-anam, atá 'na chéile ag
Críost, gan cás do bheith aige peaca sologhtha do dhéanamh.
Má tá an peaca sologhth mar so, cionnas bhias an peaca
marbhtha; nó créad í an ghráin as cóir do bheith air, do bhrígh
gur mó an t-olc atá ann míle uair nó san bpeaca shologhtha?



Atá truaillightheacht, olc, agus gráin an pheaca shologhtha
comh mór agus comh díoghbhálach agus sin gurab ró-olc an
toradh tig de; ionnas, uime sin féin, goma chóir dúinn fuath do
bheith againn air. Féachmaíd anois an toradh tig de, an
mhéid gurab galar é. As peiriaclaighe é ná galair an domhain,
dá mbeithdís uile a n-aonfheacht ar aon duine amháin; óir an
peaca sologhtha, ní bhfuil ann acht cancar an anma do chaithios


L. 196


agus lagaigheas brígh na subháilce go marbhann fá dheoigh
an t-anam, dá tharraing dochum peaca marbhtha. Lubhra é
a chuireas gráin agus mísgéimh ar an anam, ionnas nách bíonn
gean ag an ccéile neamhdha ar. Pairilis é a bheanas a neart
agus a bhrígh as an anam, ar mhodh nách féidir leis oibre na
subháilce do dhéanamh. Iorapais é, ag lasadh fuinn agus tarta
na neithibh saoghalta. Tinneas croidhe é do chuireas toirmeasg
ar ann ccarthanacht. Galar na n-alt é nách léigeann dúinn
dol ar ár n-aghaidh a slighe na foirfeachta. Tinneas ochta é
nách léigeann dúinn ár n-anál do tharraing dochum Dé. Boidhre
é nách léigionn dúinn teagasg Dé d'éisdeachd. Daille é nách
léigionn dúinn an fhírinne d'fhaicsin. Tinneas nó cnaoi é a
lagaidheas agus mhúchas an uile shubháilce. Fós, mar a bhíos
an tinneas corrparrdha 'na rabhadh roimhe an bás, as mar sin
a bhíos an peaca sologhtha roimhe an peaca marbhtha, agus
as sin nías measa ann, go n-ullamhaigheann an duine dochum
peacadh marbhtha.



Trí modha, do réir S. Tomáis,1,2, q.88, ar a bhfosglann
an peaca sologhtha an tslighe do pheaca mharbhtha. An
chéad mhodh - óna nádúir féin; amhail gibé ghoideas ní beag,
as uras ris ní mór do ghoid; agus fásaigh mar fhásas buachaill
dochum a bheith 'na fhear agus leomhan óg dochum a bheith 'na
leomhan mhór.



An dar módh. Do bhrígh gur maith a leanas so - ní bhfuil
stad ar an bhfear so acht ag déanamh peaca sologhtha; as sin
tuitigh sé i bpeaca mharbhtha. Atá sé neimhdhíleas isna
neithibh beaga; biaidh amhlaidh isna neithibh móra. Ní bhfuil
meas aige orra súd; ní bhiaidh meas aige orra so, do réir mar
adearthar, Eccl., c.19: “Gibé dobheir tarcaisne ar na neithibh
beaga, tuitigh a ndiaigh a chéile.” An tan a ghnáthaigheas
duine a bheith ag déanamh peaca sologhtha, fásaidh, ar uairibh,
fonn comh mór agus sin a bheith dá ndéanamh go gcuireann a
chríocha déidheanach ionta, agus mar sin go dtuiteann a
bpeacadh marbhtha, do bhrígh go leanann gach aon dá
ghnáthughadh féin.



An treas modh ar a ndéanann an peacadh sologhtha slighe
don pheacadh marbhtha - do bhrígh go gcuireann do leathtaobh
na neithe do choimhéadfadh duine gan tuiteam ann, mar atá
na trí neithe so síos. An chéad ní. Cuire sé úmhla agus eagla


L. 197


Dé i dtarcaisne; óir gib' aige nach bí cás saobhnós do chur
ar Dhia dá dheoin féin agus as a riocht ina neithibh beaga,
diaigh a ndiaidh ní ba cás ris fearg do chur ar Dhia ina neithibh
móra. An dara ní. Bainidh an peacadh sologhtha a mbrígh as
na subháilcibh atá contrárdha dó nó go gcaitear iad go hiomlán
agus go mbí an t-anam claon dochum an pheactha ón
gnáthughadh. An tras ní. Gibé a ghnáthaigheas na peactha
sologhtha as a riocht, tairrngidh Dia a ghrása speisialta uadh
ar bheagán agus ar bheagán, agus sin go róicheart fán
dombuidheachas dobhí aig' air a mhórdhacht dhiaghdha.
Uime sin, ó dobheir an peacadh sologhtha sligh ar an uirid
sin do mhodhaibh dochum an pheactha marbhtha, gibé rer
mian so do sheachna, seachnugheadh sé súd; agus gibé ar
nách bí eagla roimhe an peacadh sologhtha, ní bhfuil eagla air
roimhe an peacadh marbhthach do réir mar adubhramar.



Dá bhfaicmís dias do choimhéadfadh iad féin ar an uile
pheacadh marbhtha; gidheadh, ní bhfuil cás ag aon díobh
mórán peacadh sologhtha do dhéanamh, agus an dara fear seachnaidh
iad go róidhíthcheallach, an méid gur féidir leis; biaidh
an fear déidheanach so 'na shompla subháilce agus neamhurchóide.
Biaidh fós cráibhtheach, umhal, 'na shólás ag gach
duine dá mbaineann leis, má duine riaghalta nó saoghalta é,
agus biaidh meas duine bheannaighthe naomhtha air.
Gidheadh, an tí nách seachnann na peactha sologhtha biaidh
meas contrárdha ar, agus gan do dhifer eatorra acht an
peacadh sologhtha; mar sin gur mór an díoghbháil doníd san
bheatha spioradálta. Agus má thig a leithide sin do thoradh as
an bpeacadh shologhtha, créid é an toradh tig as an bpeacadh
marbhtha? Créad é an critheagla as cóir dúinn do bheith
orainn, an tan chluinmíd iomrádh ar an bpeacadh marbhthach
amháin, do bhrígh gurab é bás an anma é?



Na piana a chuireas Dia ar son na bpeacadh sologhtha,
foillsighid go lór an míghean atá aige orra. Agus dochum so
do thuigsin go maith, bíodh a dheimhin againn nách ccuireann
Dia pian ar son an pheactha acht do réir mar a thuilleas; fós,
go bhfuil fírghlic, ionnas nách féidir leis dol ar seachrán. Anois,
cionnas is féidir a mheas gurab beag an t-olc an peacadh sologhtha
an tan a chuireas Dia, atá rócheart, pian bháis ar a shon? Do
réir móráin do dhochtúiríbh tromdha, ní dhearna Maoisi agus


L. 198


Áron acht peacadh sologhtha re contabhairt éigin do bheith
orra, ag bualadh na cairrge ag uisge na contrárrdhachta,
Num.,20. Mar an gcéadna bean Lot, fá fhéachain 'na diaigh re
héattruime banda, dorinneamh carrtha salainn di, agus gan acht
Dia dá rádh leo gan féachain 'na ndiaidh ar Shodom dá loscadh.
Más fíor nách dearnadar so acht peacadh sologhtha, cia air
nách beith eagla? Fáidh eile, 3 Reg. 13, ar shon pheactha
shologhtha, dothug Dia do leomhan lena mharbhadh é. A
mbeatha na n-aithreacha naomhtha a léaghthar an ní céadna ar
ancaire naomhtha.



Ní hé amháin re bás, acht fós re galar as truime ná an bás, do
ní Dia díoghaltas isna peacthaibh sologhtha. Adeir Crisost.,
conc.3, de Lazaro, gurab ar shon pheactha shologhtha do léig
Dia gorta agus créachta ó mhullach a chinn go trácht a bhonn
ar Lasarus, mar atá ag Lúcás, c.16. Adeir Cassian, Coll.7,
c.26, ar shon pheactha shologhtha, go dtáinic pairilis ar an
abb Pól, ionnas nárbh fhéidir ris ball dá bhallaibh do ghluasacht.
S. Gioraldus, iarla, ar shon pheactha bhig, do dalladh é ar feadh
aimsire, mar léighthar ina bheatha. Léighthar fós a mbeatha an
iarla Elsearius, ar shon é féin do chur a bpeiriacail pheactha,
go raibh Críost féin ag gabháil di sciúrsa air, an feadh
dobhí ag rádh an tsailm Miserere mei, Deus. Nías uathbhásaighe
ná so, adeir Cassianus, Collat.7, c.27, do thárla don
abb Moises, gur léig Dia don diabhal do dhol ina chorp ar shon
labhairt go borb ina ccomhrádh éigin, ag sasamh ar
'bharamhail féin. Adeir Sulpitius go dtárla an ní céanna do
mhanach eile ronaomhtha. Atá sin dearbhtha gur lugha an t-olc
a bhfuil di dhiabhail in ifrionn a bheith san gcorp ná aon
pheacadh amháin sologhtha do bheith san anam. Ó, mo thruaighe
ná dtuigmíd so, agus má thuigmíd, ná bímíd ar ár gcoimhéad.



Léigidh Dia piana eile ar an saoghal so ar shon na bpeacadh
sologhtha, mar atá cathaighthe a chéasas agus do bhuaireas
an duine, míochiúnas coinnsiais, dólás, dorchacht, agus tiorma,
ionnas go measann an duine é féin do bheith scartha re Dia
agus rena chumann, agus sin a n-aimsir na hurnaighthe nó dá
féagmhais. Fós, gibé doní na peactha sologhtha as a riocht,


L. 199


ní bhfuil síothcháin nó ciúnas nó fiaghnaise mhaith óna choinsias
aige, agus ní beag na piana so. Anam éigin beannaighthe
fuair mórán fábhair agus grása ó Dhia, do adaimh féin go raibh
bliadhain iomlán gan sólás ar bith d'fhagháil ó Dhia ar shon
pheactha shologhtha. Dobhí duine eile ar shon smuainte glóiredhíomhaoin,
ar a bhfuair taitneamh ina chroidhe, cúig bliadhna
gan sólás ar bith do mhothughadh ó Dhia. As mór an phian
agus an díoghaltas ó Dhia ar na peacthaibh so cuidiúghadh a
ghrása féin do tharraing uainn, agus as é sin as fréamh do gach
péin oile a chuireas orainn. Agus má tá go ndéan na peactha sologhtha
so, créad dodhéanas an peacadh marbhtha?



d'éis bháis an duine taisbéanfadh Dia é féin níosa bhurba
iná so, óir ní dhéanaidh grása ar pheacadh dá laghad. Ní
hiongnadh nách maithfeadh rí nó tighearna, ag déanamh cuntais
re mhaor nó rena fheamantaidhe, míle nó céad ducáid;
gidheadh, nach maithfeadh feorling dó, as róchruaidh an
cuntas é. Cia hé an tighearna do bhainfeadh cuntas dá bhuachaill
seomra gur bhris sé snáthad? Gidheadh, beanfaidh Dia cuntas
in gach peacadh dá laghad. Adeir an dligheadh, lib., Scio, ff.
de in integrum restit., nách bhfuil ag an mbreitheamh cás ina ní
bheag; acht Dia, atá 'na bhreitheamhain róicheart, ní léigeann
briathar díomhaoin tairis gan chunntus. Iongnamh as mó ná
sin gur bhain díolaigheacht dá aon Mhac moirneach féin ar
shon an pheactha sologhtha as lugha dá ndéanaid na daoine.



As trom i bhfiadhnaisi Dé an peacadh sologhtha, mar as
follus as géire an cheart doní 'na thimchioll, ionas nách
iongnamh príosún uathbhásach do bheith ag Dia d'éis an tsaoghail
si ina ccuireann pian ghéar ar a shon; mar adeir S. Aug.,
lib.21, de Civit., c.x, an drong a bhíos san bríosún so is
iongantach beodhacht na piana a bhíos orra; agus do foillsigheadh
so go minic do dhaoinibh dar chóir creideamhain. Biaidh
an phian do réir na bpeacadh ar na céadfadhaibh, agus
do réir na maille dorinneamar san bpeacadh. Ar na peacthaibh
sologhtha labhras Pól,1 Cor.3, nách bhfuil ionta acht maide,
féar tirim, agus connlach, di bhrígh go lasann siad mar fhéar
thirim; agus gibé doní an peacadh sologhtha, gurab maidigh
crona chruinnigheas dochum tineadh do lasadh chum é féin
do loscadh. An bhfuil mire as mó ná so?


L. 200


Adeir na diadhairí go coitcheann go mbiaidh pian mhóráin
di pheacadhaibh sologhtha comh trom re péin aon pheacaidh
amháin mharbhtha; má bhíonn pian na bpeacadh sologhtha
síorraidhe in ifrionn, gion go mbiaidh. Ar feadh na haimsire
bhíos an t-anam a bpurgadóir, atá sgartha re hamharc Dé; ní
as mó a chuireas doilgheas air tair éis na bhfonn atá air é
féin do cheangal rena chrích dhéaidheanaigh. Méadaigh fós
an doilgheas so nách feas dó cá fad a bhias i bpéin. As so as
féidir a mheas truma na bpeacadh sologhtha, di bhrígh go
gcuireann aon pheacadh amháin díobh maill agus toirmeasg ar an
anam fá raarc Dé d'fhagháil. Atá riaghail ceart Dé comh
cruaidh agus comh díreach agus sin nách leigionn a chlann agus
a cháirde dísle féin asteach dá phálás neamhdha féin nó go
raibhid glan ón uile smál, agus ar so go rugadar buaidh ar
an saoghal agus ar ifrionn. Cia reir féidir a rádh gurab beag
an ní fá ndéan Dia sin? Falaigh grádh gráin, buaidh oirdheirc
lochta beaga; gidheadh, ceart díreach Dé agus cúram a onóra
féin, ní fhuilngeann peacadh dá laghad gan díoghaltas, ionnas
gurb é sin an réasún as a dtug Dia piana troma a bpurgadóir
do dhaoinibh róibheannaighthe.



Adeir Petrus Damianus, lib.2 epist.15, go raibh S. Severinus
fá phéin i bpurgadóir ar shon, trí mhéad a chúraim, go
n-abradh uaire an laoi uile ar maidin. Adeir Cantipratanus,
lib.2 Apum, c.16, v 5 gur thaisbéin Hugo de Sancto Victore,
d'éis a bháis, é féin do shagart áirighthe ag a rádh ris: “Do
bhrígh, an feadh dobhí mé ar an tsaoghal, nách dtug mé crádh
do mo chorp, ag dol go purgadóir dam, ní mór go raibh diabhal
a n-ifrionn nár bhuail buille láidir oram.” Adeir Uinseinsius
Ferre go raibh duine áridh a bpurgadóir bliadhain iomlán
ar shon aon pheactha amháin shologhtha. Scríobhthar ar
mhanach áirighthe go rugadh breith air a bheith i bpurgadóir
go lá an bhreitheamhnais, di bhrígh go raibh mainneachtnach
fá gach breith aithrighe dá ccurtaoí air do choimhlíonadh.
Duranus, easpog Tolósa, ar shon go raibh dúil mhor aige a
ngreann agus a ccaint dhíomhaoin, do thaisbéan é féin d'éis a
bháis agus a bhéal arna at, lán do chréachtaibh. Má curthar


L. 201


pian comh mór so fán bpeacadh sologhtha, créad dodéantar
ris an bpeacadh marbhtha?



Uime so as ádhbhar eagla an peacadh sologhtha, agus má
bhíd iomadamhail, curthar a ccomórtas iad re braonaibh uisge;
ar shon go bhfuilid beag, doní mórán díobh tuile mhór agus
báithid luingeas. “Créad é as cruaidhe ná cloch nó as lugha
ná braon? Ar a shon sin, tollaidh an braon bog, re tuiteam go
minic, an chloch chruaidh.” Mar nách bíonn duine foirfe
ris an ccéad ghníomh, mar an ccéadna ní bhíonn ró-olc acht
re haimsear. Le haimsear fós méadaigh an tinneas. Ní thuiteann
teagh les an céad chrathadh. Ádhbhar eagla na
peactha so, do bhrígh gurab beag an meas a bhíos orra. Gidheadh,
ní cóir tarcuisne do thabhairt ar námhaid atá róláidir. As iongantach
an ní a lámhaim a rádh, ar S. Crisost., hom.87, in Math.:
“Dochíothar dam go minic nách mó an díthcheall as cóir dúinn
do dhéanamh na peacaidh marbhtha do sheachna nó na peactha
sologhtha. Gráin do bheith again orra súd, cuiridh an nádúir
féin d'fhiachaibh orainn; acht iad so, do bhrígh go bhfuilid beag,
ní chuirmíd cás ionnta; agus, mar dobheirmíd tarcaisne orra, ní
ghaibhmíd meisneach dochum a gcur dínn, agus as sin tig, re
ár mainneachtnaigh féin, go ndéantar peactha móra díobh.”



A n-aghaidh olc comh iomadamhail agus iad so as cóir an
uile ghné leighis d'iarraidh; agus ba chongnamh mór dochum
a seachna iad so síos do choimhéad. An chéad ní. Sgrúdadh
géar do dhéanamh go laotheamhail ar ár ccoinsias, ag féachain
go grinn ar thuiteamar, agus a chur romhinn go daingean ár
ngníomhartha do leasughadh. An dara ní. Teacht re húmhla
speisialta do ghlacamh Chuirp Críost, do bhrígh, an tan a glacthar
an sacrament diadha so go diongmhálta, go nglanann an
croidhe agus go neartaigheann na subháilce. An treas ní. Na
cúig céadfaidh corporrdha, atá 'na bhfuinneogaibh ag an
anam, do choimhéad re cúram mór. A' ceathramhadh ní. Srian
do chur re fonn agus re claontaibh an chroidhe, agus gan a léigean
dó ní ar bith a shantughadh acht do réir réasúin. An cúigeadh
ní. Mortification, óir gibé a choingmhas é féin ó na neithibh
atá ceadaightheach age, agus urus leis na neith' ar a bhfuil
toirmeasg do sheachna. An seiseadh ní. Lorg Críost do


L. 202


leanmhuin, do bhrígh gurab é scáthán na neamhurchóide é. An
seachtmhughadh ní. Díthcheall do dhéanamh do hnáth dol
ar ár n-aghaidh i slighe na subháilce comh foirbhthe agus as
féidir linn. An t-ochtmhadh ní. Grádh Dé, óir, gibé ag a mbí
grádh fíor aige ar Dhia, seachnaidh gach peaca dá laghad. As
cóir fós iad so uile d'óileamhain agus do mhéadughadh re hurnaighthe.



Ar shon gurab fíor a ndubhramar ar na peacthaibh
sologhtha, ní cóir do dhuine tuirs mhór do bheith ar 'na
timchioll; acht umhluigheadh é féin agus cuireadh roimhe
go díthchiollach é féin do leasughadh, go speisialta annsna
peacthaibh doní le drochghnáthughadh, agus sin re dóchus mór
agus le meisneach. Atá Dia róthrócaireach agus atá grádh
athardha do chloinn aige orainn; agus, ar shon nach bímaoid
foirbhthe go hiomlán, doní foidhid linn. Bímíd díthcheallach
gan critheagla. Cuiridh an díthcheall leigheas ar na peacthaibh,
agus cuiridh an cri heagla toirmeasg ar na deaghoibre. Agus
as é áit díleas cómhairle so, an tan doní duine peaca
sologhtha as a riocht, do bhrígh na peactha donímaoid le
neamhaire, ní bhfuilid róidhíoghbhálach agus ní féidir linn a
seachna do ghnáth.



An 35 Caib.



TRÁCHTTHAR ANNSO CIONNAS AS CÓIR DÚINN
GACH NÍ CHUIREAS TOIRMEASG ORAINN A SLIGHE
DÉ DO SHEACHNA, AGUS TEAGASG AGUS RIAGHLA
CHUIGE SO.



Ní lór do dhuine dochum críche do chur ar an tslighe do
thionscainn, mar as mian leis, é féin do bheith réigh, acht fós
as éigean dó a fhéachain an bhfuil an tslighe innte féin go maith,
nó an bhfuil bitheamhnach innte do chuirfeadh toirmeasg
air. San tslighe sbioradálta atá mórán do neithibh a chuirfeas
toirmeasg orainn as cóir dúinn do sheachna; agus gibé rear mian
teacht dochum naomhthachta, ní hé amháin peaca, acht fós
gach ní eile do chuirfeas toirmeasg orainn a slighe na foirbhtheachta,
as cóir dúinn a sheachna. Uime sin cuirfe mé


L. 203


comhairleach' anso síos, agus gibé a leanfus iad, tógfaidh
mórán do thoirmeasg na sligheadh agus nochtfaidh cealga na
ndiabhal, agus saorfaidhear ar chathaighibh agus ar pheacaidhibh
é. Ní laibheóra mé annso ar an leigheas coitcheann atá ag
an druing lear mian teacht dochum naomhthachta as mó ná
chéile, mar atá an saoghal do thréigean, móid bochtachta agus
geanmnaidheachta do thabhairt, a dtoil féin do chur ar láimh
Dé agus a n-uachtarán, acht ar leigheas fhóirfeas do gach aon,
gibé stáid ina bhfuil, óir ní bhíonn an diabhal go bráth díomhaoin
dochum na ndaoine do mhealladh agus dochum toirmeasg
do chur ar ár ndeághoibrighibh. Gidheadh, dochum sin
féin do choimhéad ar a gealgaibh bu mhaith na riaghlacha
so síos.



An chéad riaghail. A smuaineadh go grinn agus a chur
romhainn, ní hé amháin an peaca do sheachna, acht fós an uile
ní do chuirfeadh maill orainn fá dhol ar ár n-aghaidh a sligh
na subháilce, agus aimsir do ghabháil chuige sin, ionnas goma
feas dúinn créid é an ní a chuireas toirmeasg orainn; agus
smuaineadh ar an iasg mbeag ar a labhrann Plinius, lib.9, c.25,
ag rádh: “Dá mhéad gaoth nó stoirm dá mbí ar an bhfairrge,
go ccuireann an luingeas mór 'na seasamh;” agus ar shon go
bhfuil so iomchubhaidh ag gach aon, as mó ná sin atá d'fhiachaibh
ar na daoinibh riaghalta.



An dara riaghail. Díothchioll do dhéanamh dol ar ár n-aghaidh
do ghnáth agus gan ní dá laghad do dhéanamh go mainneachtnach;
óir ó na neithibh beaga beirthear céim dochum na
neithibh móra, agus is lór ris an diabhal breith ar mhér amháin
dochum na láimhe uile do tharraing chuig' agus an corp go
hiomlán do chur faoi. Uime sin, bíodh gráin ag searbhóntaigh
dhíleas Dé ar na bhfocal úd: “créid é an cás atá ansin? Ní fhuil
dochar ana ní bheag;” do bhrígh, gibé atá ag seirbhís do Thighearna
uilechomhachtach, don mhaith mhórdha, ina bhfuil an
uile shólás agus an uile mhaith, agus leir mian fá dheoigh glóir
d'fhagháil uadh, ní beag ris ní ar bith nách bí do réir a thola.
Adeirthar go minic: “créid é an cás atá annsúd?” Gidheadh,
atá cás mór, óir dob éideair gurab air atá do shláine shíorraidhe.
Agus atá 'na dhifer eadair na daoine mainneachtnach, nách
gcuireann cás isna neithibh beaga, agus na daoine dúthrachtacha,


L. 204


nách beag leo ní ar bith do chuirfeadh maill nó toirmeasg orra
a slighe na foirbhtheachta.



An treas riaghail. Gan ócáid manneachtnach do bhuain
as sompla dhuine ar bith dá naomhtha, acht a mheas go raibh
riachtanas age re recreasion mar nách bhfuil agadsa; agus a
thabhairt fá dear ansin nách cóir meas do bheith ar an sompla
do réir an duine tug uadh é acht do réir mar atá an ní an
féin. Má tá an comhrádh ar shubháilcibh speisialta, as féidir ar
uairibh sompla do ghabháil ó ghadaidhe nó ó bhitheamhnach;
agus muna bhfuil an ní iomchubhaidh an féin, dámadh
aingeal as neamh nó absdal Críost dodhéanamh é, ní cóir aithris
do dhéanamh air. Uime sin ní cóir dúinn sompla ar bith do
leanmhuin acht do réir na foirbhtheachta atá san ngníomh
féin. As mór an bhrígh atá san riaghail sa, óir as sompla
duine ar a mbí meas spioradálta, as minic a théid daoine ar
seachrán, ag meas gurab iomchubhaidh dóibh aithris do dhéanamh
ar dhaoinibh eile; do bhrígh nách maith an riaghail dhúinn
sompla daoine ar bith do leanmhuin, a ccás go ndéandís naoimh
an domhain é, muna bhfuil an gníomh foirbhthe an féin, muna
ttugaidh riachtanas orainn a dhéanamh nó cúis éigin eile speisialta,
óir annsin as maith agus is iomchubhaidh rena dhéanamh é.



An ceathramhadh riaghail. Gan labhairt acht re riachtanas;
óir gibé a bhíos rochainteach, caillidh a spiorad agus a
dhevósion. Mar an gcéadna, gan ní ar bith d'éisdeacht acht
ní tarbhach. As mór a mheallas an diabhal re briarthaibh agus
le seanfhoclaibh, dobheir leis as ifrionn, ar a gcuireann dath
grinn nó súgartha; agus ní amháin go mealltar daoine fuara
manneachtnach leo so acht fós daoine spioradálta, an tan níd
gnáthughadh díobh. Agus bíodh duine anso ar a choimhéad
gan sompla aon nduine do leanmhuin - briathra ar bith nách
biaidh iomchubhaidh, eadhón, do réir dhlighidh Dé, ní cóir a
n-éisteacht nó creideamh dóibh, (óir tairngid sinn ó lorg
Chríost do leanmhuin,) dáma aingeal as neamh do laibheóradh
iad. As é ní as cóir do thabhairt fá dear isna briathraibh agus
isna somplaidhibh, an bhfuil sochar nó tarbha ionta, ní hé cia
dorinne so nó súd, nó cia dubhairt é.



An cúigeadh riaghail. Gan duine do leanmhuint luirg duine
eile acht do réir réasúin agus riaghalach an tsoisgéil; ní ar nách
smuinid mórán, agus nách ccuirid a ngníomh, di bhrígh,


L. 205


mar adeir an scrioptúir diadha go minic, ní bhfuil meas ag
doinibh an tsaoghail ar eagna Dé, agus a bhfiaghnaise Dé ní
bhfuil acht ainbhfhios, earráid, agus amadánacht a n-eagna an
tsaoghail.



An seiseadh riaghail. Beatha agus bás ár dTighearna
Íosa Críost do bheith riaghail chinnte againn san uile
ghníomh; agus inta sin sáithiomaoid súile ár n-intinne, ionnas
go mbeithmaois cosmhuil re Mac Dé, an mhéid gurab féidir
linn, a n-uirísle, a dtarcaisne, a moichte, a riachtanas agus a
mórán amhgar eile; agus anso ní bhiaidh peiriacail orainn dol
ar seachrán. Coimhéadadh gach aon teagasc ár gCoimhdhe
scríobhtha ina chroidhe agus cuireadh a uile fhonn ann, agus
abradh go minic ris féin ráite agus briathra ina dtaobhann
Críost linn a lorg féin a leanmhuin. Agus ar shon go bhfaghthar
iad so searbh docamhlach ar tús, fá dheoigh bí sámhas agus
milseacht mhór ionnta ar shon nách blaiseann iad acht an drong
do thill re deaghoibribh é. “Gibé ler mian misi do leanmhuinn,
tréigeadh sé é féin, agus tógbhadh a chroch féin go laetheamhail
agus leanadh mo lorg”: ag Lúcás, c.IX. Arís, c.XIV:
“Gibé dothig chugamsa agus nách bhfuil fuath aige ar
'athair féin agus ar a mháthair agus ar 'mhnaoi agus ar a
chloinn, ar a dhearbhráithreacha agus ar a dheirbhshéarachaibh,
agus fós ar 'anam féin, ní féidir leis a bheith 'na
dheisgiobal agam,” eadhón, an mhéid go gcuirfidís toirmeasg
air i slighe Dé.



An seachtmhadh riaghail. Neamhspéis do chur san uile
shólás, a n-onóir nó a meas shaoghalta, acht an méid as
riachtanasach nó as iomchubhaidh; agus an tan as éigean ar
uairibh sólás do ghlacadh, smuaineadh roimhe gan ní ar bith do
labhairt acht ní tarbhach ina mbiaidh sochar an anma agus
onóir do Dhia, do bhrígh nách iomchubhaidh do shearbhóntaidhe
Dé cómhrádh ar bith eile do bheith aige acht re Dia nó ar
Dhia nó ar shon Dé; agus bíodh ar a choimhéad go díthchiollach
gan é féin go bráth do thabhairt go hiomlán do na
neithibh saoghalta, óir as deacair do dhuine é féin do
chruinniughadh d'éis a réim féin do léigean ris na céatfadhaibh
corporrdha.


L. 206


An t-ochtmhadh riaghail. A mheas gurab ní ró-mhíochubhaidh
onóir nó moladh ar bith do thabhairt dúinn, agus gráin do
bheith againn ortha amhail gurb é an diabhal féin dochluinfemaois
dá mholadh, ag rádh linn féin gurab do Dhia amháin as
cóir glóir agus onóir do thabhairt, agus dhúinne masla agus
tarcuisne; óir mar adeir S. Uinsensius Ferrer, Tract. de vita
spirit., c. 15: “Gibé lear mian cathaighthe agus líonta an diabhail
do sheachna, ná bíodh do mheas aige air féin acht uirid re
corp marbh, lán do chnumhaibh agus do dhrochbholadh, ar
nách fiú ris féachain, acht a shrón do dhrud trí mhéad a
bhréantais, agus a aghaidh a chasadh uadh d'eagla go bhfaicfeadh
ní comh truaillighthe ris.” Agus so an meas as cóir do dhuine do
bheith aige air féin a bhfiaghnaise Dé agus na n-aingiol, do
bhrígh na peacaí sologhtha féin amháin gurab mó an ghráin,
an drochbholadh, agus an glonn do chuirid ar dhuine, ná ní
ar bith eile. Uime sin, spreagadh duine é féin do ghnáth, má
deaghobair féin doní, agus bíodh náire air nách déan gach
éinní comh friochnamh agus comh foirbhthe agus ba
chóir dó; agus ris sin ní bhiaidh cuid aige den druing a bhias
ag iarraidh glóire agus onóra dóibh féin, agus smuaineann
ar onóir Dé nó ar theagasc Críost nó ar shompla na naomh.



An naomhadh riaghail. Ná bíodh do mheas ag duine ar an
saoghal acht mar dobhí ag an tsaoghal ar Chríost; agus mar sin
ní bhiaidh acht meas amadáin aige air. Agus ná léigeadh de
ní ar bith a bheanas re seirbhís Dé ar son breitheamhnais
mhearrdhánta na ndaoine. Agus gibé re mian seirbhís do
dhéanamh do Dhia, tugadh tarcaisne roimhe an uile ní ar
bhreitheamhnas an tsaoghail agus ar 'eagna mar ní éigríonna
gan chéill; agus ná bíodh na briathra meallta so ina bhéal di
ghnáth, “créad adéaraid na daoine?” As ádhbhal an díoghbháil
thig as a' náire mhíonáireach so: agus an féidir ní d'fhagháil
as míothaitneamhaidhe re Críost nó gomadh nár linn admháil
go follus gur searbhóntaidhthe dó sinn? Uime sin adubhairt
Críost, ag Lúcás, c.9: “Gibé ler nár mise d'admháil a bhfiaghnaise
na ndaoine, bú nár leamsa a admháil i bhfiaghnuise a
m'Athar agus na naomh ar neamh.” As truagh an scéal go
bhfaghthar daoine do thionscain go maith agus fá dheoigh
ar ghrádh an tsaoghail gur thréigeadar slighe na fírinne ag


L. 207


séanadh Íosa Críost. Ar an ádhbhar sin, goma nár leat an deaghobair
do thionsgain tú go friochnamhach gan críoch do chur
uirre mar an gcéanna. Nach mó an mhire seirbhís Dé do
thréigean ar mhurmar na ndaoine a bhíos ag seirbhís don diabhal?
Óir, mar adeir S. Bonauentura, de instit. Novit., p.2, c.3:
“Má tá eagla ort a bheith aonaránach agus as sin fuath a
bheith ag daoine ort, bíodh fhios agad nách bhfuair aon duine
do na naoimh glóir aonaránach ar neamh nách dearnaidh
díthcheall a bheith aonaránach a naomhthacht bheathadh
ar an saoghal sa.” San áit chéadna, ag labhairt ar na daoinibh
a bhíos sgaoilte mainneachtnach, adeir: “Mar nách léigid súd a
ndrochbhéasa féin díobh ar ár soinne, ní hiomchubhaidh
dúinne ár stuidéar maith tarbhach do léigean dínn ar a sonsan,
do bhrígh, más mian leo teacht dochum na beathadh síorraidhe,
as éigean dóibh sligh Dé do ghabháil linn agus a sligh féin
do sheachna.”



An deachmhadh riaghail. Gan saobhnós do chur ar Dhia
d'fhonn taitneamh re daoinibh ar bith. As baoghalach an
bagar doní Dáuídh an rí, Psal.52, ar an duine nách gcoimhéadann
an riaghail so, ag rádh: “Do scaoil Dia óna chéile
cnámha na muintire bhíos ag taitneamh ris na daoine;
fuaradar náire agus tharcuisnigh Dia iad.” As ceart sin do
dhéanamh orra, do bhrígh bhfuil duine dar chóra
tarcaisne do thabhairt nó do' té ag nách bí cás tarcaisne do
thabhairt ar a Shlánaightheoir Íosa Críost, d'fhuilaing bás ar
a shon, agus óna bhfuair tíodhlaicthe móra, agus sin d'eagla
míothaitneamh re duine beag truaillighthe ag nách bhfuil
fiacha ar bith air, agus do éidir atá 'na sglábhaidhe ag an
diabhal agus 'na chúis bháis síorraidhe ag an tí atá ag iarraidh
taitneamh ris.



An t-aonmhadh riaghail déag. Ár n-uile dhíthcheall agus
chúram do dhéanamh grása Dé d'fhagháil agus a méadughadh
agus a gcoimhéad, agus gan a mbeith díomhaoin againn, mar
adeir Pól,2 Cor., c.6; agus adeir ris féin, 1 Cor.,c.XV, nách
raibh grása Dé díomhaoin ann. Mar an gcéadna as cóir dúinn
comhoibriughadh do dhéanamh re grásaibh Dé, ionnas go m'
fhéidir linn a rádh, re Dáuídh, Psal. 118: “Do reath mé a slighe a
h'aitheanta, an tan do fhosgail tú mo chroidhe” re do ghrásaibh;


L. 208


agus muna féideair linn rith do dhéanamh, ná fanmaoíd ár
ccomhnaighe. Ar so a labhras Pól, ad. Rom., c.1, ag rádh: “Ar
shon gur thuigeadar gurab é Dia é, ní thugadar glóir nó onóir dó
mar Dhia; uime sin do léig dóibh tuiteam a bpeacaibh gráineamhla”,
atá uathbhásach lena luadh nó rena labhairt.



An tara riaghail déag. Aire do thabhairt go díthcheallach do
shanas an Spiorad Naoimh, gan an doras d'athrúghadh go bráth
don tsolas neamhdha, nó a éisdeacht id chroidhe; do bhrígh
gurab mór an mhíonáire cur a n-aghaidh an Spioraid Naoimh,
nó, gibé deaghrún ghabhas duine as a shanas, gan a chur a
ngníomh go dúthrachtach. Uime sin as déanta dúinn an uile
dhíthcheall na sanais dhiadha do ghabháil chugainn go
lúthgháireach agus sochar do bhuain asda dochum cealga na
ndiabhal d'aithne agus do sheachna, mar doníodh S. Proinsias
ag smuaineadh do ghnáth ar gach sanus dá bhfaghadh ó Dhia;
agus dochum sochair do bhuain asda, dobhíodh dóirsi a
anma agus a chroidhe oslaigthe dochum sanais Dé d'éisdeacht.



An treas riaghail déag. Mortification neamhghnáthach do
ghlacadh ar uairibh agus ócáid d'iarraidh ár ttoil féin do bhriseadh;
agus sin do bheith 'na aonach spioradálta againn, di
bhrígh gur féidir ris an anam níosa mó do luaigheacht
d'fhagháil re haoin ghníomh amháin oirdheirc mar so ná re
caogad eile; agus teagmhaoidh sláinte shíorraidhe do dhuine do
bheir aon bhuaidh amháin do' tsórt so, mar dobhíos an tsláinte
chorpordha ar leigheas do ghlacadh ina am féin.



An ceathramhadh riaghail déag. An duine a d'athnughadh
go minic a dheaghrúin, d'eagla iad do dhol ar dearmad uadh
nó neamhchúram do bheith aige isna subháilcibh do chuir
roimhe do fhreachnughadh. Agus mar dobhíos cíos áirighthe
re haghaidh na dtighthe agus na bpálás ríoghdha do choingmháil
ina scéimh féin, mar an gcéanna, dochum páláis spioradálta an
anma agus teampol an Spioraid Naoimh do choingmháil gan
tuiteam, as cóir dúinn a bheith dá athnughadh go laetheamhail;
agus fá chéadóir ag rádh, re Dáuídh an rí, Psal.76: “Anois atá
mé ag tionsgnamh;” ag cur a ccéill dúinn féin gurab é an lá sin
do thionsgnamar seirbhís do dhéanamh do Dhia agus gurab é
an lá déaghanach dár saoghal é. An dara ní. Annsna féastaighibh


L. 209


tig gach mí, nó go háirighthe fá dhó san bhliadhain, laothe
éigin do chaitheamh ag smuaineadh orainn féin agus re cuntas
do bhuain dínn féin in ár ngníomharthaibh; fós, gan ní ar bith eile
do thráchtughadh ar feadh na haimsire sin acht urnaighthe agus
freachnughadh oile spioradálta, ionnas goma féidir linn
faoisidin éigin ghenerálta do dhéanamh agus gach deaghrún dá
raibh againn do dhaingniúghadh; agus uair gach bliadhain
níosa mhó d'aimsir do chaitheamh ris an bhfreachnúghadh
céanna. An treas ní. Comh luath agus dobhéaram fá dear
mainneachtnaigh ar bith ionainn féin, gan mhaill ar bith ár
ndeaghrún do athnuadhughadh agus díoghaltas éigin do
dhéanamh orainn féin ar shon ár mainneachtnaigh le húrnaighthe
nó le pian éigin eile. As mór an t-olc an mhainneachtnaigh
agus gabhaidh neart a ndiaigh a chéile. Uime sin as cóir, ris
an uile dhíthchioll, a díbirt agus a sgrios roimhe neart do
bhreith di.



An cúigeadh riaghail déag. Gibé crúas beathadh do chuir duine
roimhe, gan a léigean de ar shon na háite, nó na hoifige nó na
dignide dofuair, nó ar shon a bheith aosda, do bhrígh gurab
lúgha an meas as cóir dúinn do bheith againn orra so uile nó ar
an mbás atá chugainn agus ar mhórthíodhlaicaibh Dé dúinn;
agus más mian linn buidheachas iomchubhaidh do thabhairt do
Dhia ar a son, as córa dúinn níosa mhó do chruas do ghabháil
orainn féin nó saoirsi ar bith d'iarraidh, acht a bheith deontadhach
re beagán, ag smuainiughadh do ghnáth ar úmhla agus ar
bhochtacht Íosa Críost. Bu mhór an ní agus bu rómhaith an
sompla, agus ba mhór an sochar agus an tabha dothiocfadh
as do na coimhthineólaibh riaghalta agus don Eaglais uile, dá
mbeadh na huachtaráin agus na daoine atá a ccéim árd comh
friochnamhach, comh naomhtha neamhurchóideach agus do
bhádar ar tús, agus comh díthcheallach ar gach aon ní do
dhéanamh go hiomchubhaidh. Agus ní bhfuil contabhairt,
mórán dá ndéanaid na daoine, ar scáth an mheasa nó an chlú
do chailleamhain, gurab ar a ngrádh féin doníd é, agus as
neamhcharthanacht. Gidheadh, ní bhfuil ní as onóraidh nó as oirdheirce
iná lorg aoin Mhic Dé, ár dTighearna Íosa Críosda, do
leanmhuin a n-uirísle fhírinneach agus i simplídheacht chríostaidhe,
agus sin do thaisbéanadh san uile ghníomh.


L. 210


Fá dheoigh, gabhmaois an dá chomhairle tug S. Bearnard
uadh, in Formula honestae vitae, eadhón, i Scáthán na Beathadh
Macánta, ag rádh: “Más mian leat teacht dochum na críche
atá tú d'iarraidh, atá dá ní a riachtanas ort. An chéad ní: tú
féin do tharraing ón uile ní diombuan saoghalta, agus gan do
mheas do bheith agat orra acht amhail nách beithdís an.
An dara ní: gan ní ar bith do rádh nó do dhéanamh acht an
ní mheasas tú go fírinneach a bheith do réir thola Dé.” Ar an
dara comhairle so do labhramar ar feadh rainn go so. An chéad
chomhairle as cóir do choimhéad acht an mhéid as riachtanasach
nó go bhfuil onóir Dé ag cur d'fhiachaibh orainn a chontrárdha
do dhéanamh; agus mar sin biaidhmaoid sgartha ris na
neithibh saoghalta, agus biaidh Dia againn a n-uaigneas ár
gcroidhe. Uime sin, déanmaoid díthchioll é do bheith do láthair
againn in ár n-intinn; agus ar shon gurab mó Dia ná na flaithis
uile, bí sé druite san anam ag a mbí grádh Dé.



An 36 Caib.



TRÁCHTAR ANSO AR RIACHTANAS NA HÚRNAIGHTHE
DOCHUM DUINE DO THEACHT CHOM FOIRBHFEACHTA
AGUS DOCHUM TOLA DÉ d'AITHNE AGUS DO
CHOIMHLÍONADH.



Ní bhfuil modh dochum iad so, agus dochum gach ní dá
ndubhramar tuas, do chur a ngníomh as tarbhaigh nó léighthóracht
spioradálta, urnaighthe, agus fiaghnaisi Dé; agus mar
nách féideair a' bheatha chorparrdha do choimhéad gan oileamhain
laotheamhail do thabhairt don chorp, mar an ccéadna,
ní féidir an bheatha spioradálta do choimhéad gan oileamhain
laetheamhail do thabhairt don anam; ionnas, as mainneachtnagh
na hurnaighe, gurab mór a thuiteas a bpeacaidhibh
troma. Ar so labhrus Dáuídh rígh, Psal.101, dá chaoineadh
féin, ag rádh: “Do buaileadh mé mar fhér tirim, agus do chríon
mo chroidhe, do bhrígh gur dhearmad mé m'aileamhain féin
do chaitheamh.” An urnaighe adeir aileamhain an anma, óir
gurab í as biadh dó, agus dobheir brígh don uile dheaghobair.


L. 211


Agus amhail atá an t-arán coitchionn leis an uile anlonn, is mar
sin atá a háit féin ag an urnaighe san uile fhreachnughadh
dhiagha agus san uile ghníomh shubháilceach. Atá riachtanas
na húrnaighthe comh mór agus sin gur deacair a fhoillsiughadh
re briathraibh, óir ar shon gurab maith an chosamhlacht adair
bhiadh an anma agus biadh an chuirp, do bhrígh gur féideair le
duine a bheith beo gan athair, gan mháthair, gan éadach, gan
leabaidh, gan tigh, acht ní féidir leis a bheith beo gan bhiadh;
gidheadh, as mó nó sin atá an urnaighthe 'na riachtanas ar an
anam. Agus ní bu lór le S. Crisostum, lib.1, de orando Deum, an
urnaighe do chur i gcomórtas re biadh, acht adeir fós: “An ní
doní an t-anam don chorp, an ní céanna doní an urnaighthe
don anam.” As féidir ris an gcorp a bheith beo lá nó dhó gan
bhiadh acht ní féideir leis a bheith beo móiment gan anam.
Uime sin adubhairt Críost, Luc.,c.18: “As cóir a bheith ag
déanamh urnaighthe do ghnáth gan sgíth.”



Anois más cóir dúinn, gibé ar bith ní as éigean dúinn do
dhéanamh, ár súile do bheith suas dochum Dé d'fhonn do bheith
dá ghuidhe, créad fá léigean searbhóntaidhe Dé dhe, an tan
nách bí cúram eile air, gan Dia do ghuidhe go dúthrachtach,
más mian leis grása d'fhagháil uadh.



Atáid trí neithe san urnaighe as a ttig ioiliomad maitheasa
agus grása dúinn ag a bhfuil sí 'na fréimh agus 'na bun. An
chéad ní, athchuinge, re n-iarrmaoíd leigheas dár mbochtaine
spioradálta agus do gach mórriachtanas eile dá mbí orainn.
An dara ní, go dtugmaoíd fá dear agus go n-athnighmid rúindiamhair
an chreidimh agus na beathadh síorraidhe. An treas
ní, gur coimhcheangal í le Dia agus comhrádh neamhdha diadha.



Do thaobh an chéad ní, as mó riachtanas na hurnaighthe nó
d'easlán gan chosaibh, gan lámhaibh, gan mhaoin, gan cháirde,
déirce d'iarraidh, agus gan do bheathaidh aige acht í; óir ní
bhfuil cosa aige dochum siubhail ná lámha chum saothair, nó
maoin dochum féachain dó féin; ionnas, munab mian leis bás
d'fhagháil, gurab éigein dó déirc d'iarraidh rena theangaidh.
Gidheadh, as rómhó ná so go mór an riachtanas spioradálta ná
riachtanas corporrdha ar bith dárab féideair do smuaineadh,
ar shon nách bhfaicthear do na daoinibh é; agus dá dtugmaís
dár n-aire é, dobheithmís aig gul agus ag gárrtha ar Dhia do
ghnáth, agus ní choiscfimís do bheith dá ghuidhe do shíor. Is


L. 212


beag an ní iarras Mac Dé agus Pól, 1 Thessa., c.V, orainn, gan
staonadh d'urnaighthibh do ghnáth.



Má bhíonn an bocht ag guidhe agus ag gárrtha ar feadh an
laoi, ag iarraidh déirce agus trócaire dochum a riachtanais
chorporrdha d'fhurtacht, an mór dúinne an uirid sin do dhéanamh
ar shon ár riachtanais spioradálta? Uime sin nách mór
an mhire dhúinn aon lá amháin do léigean tharainn gan Dia
do ghuidhe? Do mheasfaimís gurab comhartha éadóchais nó
díth céille dobhéaradh ar bhocht gan déirc d'iarraidh agus gan
do bheatha aige acht í; gidheadh, as mó ná sin an mhire agus
as mó an t-éadóchas bhíos ag an tí doní mainneachtnaigh fán
urnaighthe, munab mian leis é féin do mharbhadh. Dochímíd
na daoine, ar a mbí riachtanas corporrdha orra, ag caitheamh
an laoi uile ag iarraidh furtachta, ar shon nách feas dóibh a'
bhfuighid é; gidheadh, támaoínde deimhin, má nímaoid an
urnaighthe mar as cóir, go bhfuigheam furtacht dár riachtanas
spioradálta, di réir mar do gheall Mac Dé dúinn, ag Matha c.7.



Riachtanas na hurnaighthe san dara ní, as eolas agus as fheas
na beathadh atá chugainn a thig, agus dogheibhmíd sin ris an
urnaighe, do bhrígh nách féideair do dhuine peiriacail na bpian
síorraidhe do sheachna, nó sámhus na glóire diadha neamhdha
d'iarraidh re fonn, má tá 'na ainbhfios air créad iad. Solas
soillseach an urnaighthe a nochtas iad so dúinn, agus fuinneog
í tré a bhfaicmíd olc agus maith an tsaoghail atá chugainn.
Gibé adéaradh re duine go bhfuil dá fhuinneoig a n-áit éigin,
agus tré fhuinneoig díobh go bhfaicthear staid agus coinghioll
na naomh ar neamh, mórdhacht agus glóir Chríost ár Slánaightheoir,
agus méad Dé an féin; agus tré fhuinneoig eile go
bhfaicthear piana ifrinn, lasracha, agus ceodh dorcha gráineamhail
na teineadh uathbhásaigh', na peacthaigh dá bpianadh
ag deamhanaibh do shíor san bpríosún bhocht thruaillighthe
sin; an measmaoíd go bhfuil duine san domhan dobheith
dimhin don radharc so d'fhagháil nách rachadh dá fhéachain,
dá fhad uadh dá mbeithdís? Gidheidh, as í an urnaighe an
fhuinneoig tré a bhfaicmíd neamh agus ifrionn, naoimh agus
daoine damanta, aingil agus deamhain, glóir agus bochta
shíorraidhe. As í fós fhoillsigheas Dia dúinn agus thasbéanas
an differ atá idir an dá shíorraidheacht. Nách gránna
an leisge dúinn neithe comh mór agus so, ar a bhfuil mórán


L. 213


uainn féin orra, gan a dtuigsin? Gibé dobheith láimh ar
tor re n-aibeóradh duine tromdha fírinneach cinneamhain
rómhaith nó ró-olc do bheith fána choinne, agus ar a láimh
féin a rogha do ghabháil díobh, agus go dtaisbéanfaidh dó as
fuinneog an tuir modh agus gléas gach cinneamhna; an measmaoíd
an bhfuil duine ar bith nách ttóigeóchabh a cheann go
luath dochum iad so a d'fhaicsin, ionnas go m'fhéidir leis an
drochchinneamhain do sheachna agus díthcheall do dhéanamh
dochum teacht dochum na cinneamhna maithe? Uime sin,
nách mór an mhainneachtnaigh agus an leisge thruaillighthe
dúinn gan féachain go grinn ar an dá chinneamhain si atá
rómhainn, agus go ttiocfaidh ceachtar díobh gan chontabhairt
ar bith orainn, ionnas go mb'fhéideair linn dólás agus bochta na
drochchinneamhna do sheachna agus teacht dochum sóláis
shíorraidhe na deighchinneamhna.



An treas ní atá san urnaighe, go gcuireann an t-anam a
bhfiaghnaise Dé agus go gceanglann ris é ar mhodh iongantach
re grádh, ionnas nách lugha an riachtanas atá ris so ná re gach
ní eile; do bhrígh go bhfuilmíd gan séan gan sonas an feadh a
bhímíd sgartha re Dia, óir ansin atámaoíd gan chongnamh, gan
chuidiughadh, gan fios comhairle againn. Má sgarthar uan
beag rena mháthair, créad dodhéanas sé acht bás d'fhagháil
gan bhiadh gan bhainne? Bíd na helementí ag spairn re fuirach
'na n-áit féin. Má scarthar ball ler ccorp, ní bhíonn beodh. Mar
an gcéadna, mar as riachtanas do na helementibh a bheith 'na
n-áit féin, do bhall a bheith san ccorp, agus don un a bheith
ag a mháthair, mar sin is riachtanasach dúinne an urnaighthe
chum teacht dochum Dé agus dochum a bheith beo go fírinneach
son, munab mian linn bás d'fhagháil.



'Na cheann so, ris an muinntiorras so re Dia doníothar an
t-anam foirbhthe agus iomchubhaidh dochum oibreacha na
subháilce agus dochum tarcaisne na neithibh saoghalta, agus ní
bhfuigheadh docamhail mar ba ghnáth leis isna freachnaighibh
naomhtha agus i gcomhairlaibh an tsóisgéil do chur a ngníomh.
An blas agus an sólás dobheir Dia do dhuine san urnaighe, bainid
a mblas den uile shámhus shaoghalta. Fós, doníd an mortification,
atá riachtanasach ag searbhóntaidhe Críost, éadtrom gan
docamhail. Mar sin, ar iomad d'ádhbharaibh, foillsighthear
riachtanas na hurnaighthe.


L. 214


Gibé doghéabhadh ina n-éinní amháin saidhbhrios, onóir,
sláinte, neart, agus gach ní eile ba mian leis d'iarraidh, bu
mhór an díth céille dó mainneachtnaigh do dhéanamh 'na thimchioll
nó dearmad do dhéanamh de. Ó, a Dhia uilechumhachtaigh,
nách mór an mhire a bheith mainneachtnach fán urnaighe
agus gurab í as congnamh dúinn san uile riachtanas, agus as
coimhéad daingean dúinn ar an uile olc, agus as leigheas
dearbhtha dúinn 'na n-aghaidh, agus gur ria dogheibhmíd an
uile mhaith, eadhón, Dia féin ina bhfuil an uile mhaith, agus
nách dtig olc ar bith dúinn acht as dearmad do dhéanamh di,
agus gurab lena cuidiughadh théaghmíd ar ár n-aghaidh gach
aon lá a slighe na subháilce.



Uime sin guidhim gach aon rer mian toil Dé do choimhlíonadh,
tré ghrádh Íosa Críost agus rena shochar féin, bíodh dúthrachtach
san urnaighe; óir ní bhfuil dá dhíthchiollaighe dá ndéan í,
nách móide bhias 'na shearbhóntaidhe dhíleas ag Dia é. Agus
bíodh meas againn ar an mhaith so mar as cóir; agus tugmaoís
buidheachas do Dhia ar shon a bheith ag fuireach linn dochum
labhairt ris; agus atá dár ngríosadh chuige tré mhéad an fhuinn
atá air maith do dhéanamh dúinn. Agus ná bíodh contabhairt
orainn go n-éistfidhe sinn, eadhón, an tí atá dár mbrosdughadh
dochum comhráidh ris, agus go ttiubhraidh dúinn go tabhartha
cinnte gach ní as mian linn, an tan ag iarraidh orainn é féin
do ghuidhe. An bhfuil sólás as mó nó go bhfuil cead againn
labhairt re rígh an domhain gach uair as mian linn fein? Créad
é méad na haimsire do caithtear, agus créad é a mhéad do
ghuidheadóiríbh ís éigean d'iarraidh, dochum labhartha d'fhagháil
le rígh nó le tighearna, ag nách bhfuil acht clúid bheag don
talamh so aige? Gidheadh, ar shon go bhfuil rí nimhe agus
talmhan ag iarraidh orainn teacht do chomhrádh ris, is ar éigean
dogeibhthear duine reir mian teacht chuige, ar shon gurab
mór atá uainn ar. Na daoine saoghalta, an tan a bhíos sibhte
nó gnódhaighe móra ar bith aca a bhfiadhnuise breithimh, ní
fhaighid ciúnas oidhche nó lá go gcuirid críoch orra; agus sinne,
ar shon ár sláinte síorraidhe, ní chuirmíd saothar ar bith orainn.
An bhfuil mainneachtnaigh ná dánacht, éadóchas nó míonáire
ar bith as mó ná so? Agus ní feas dam cá hainm oile as cóir nó
as iomchubhaidh dam do thabhairt ar mhainneachtnaigh na
hurnaighthe iná iad soin.


L. 215


Guidhim arís agus arís gach duine reir mian seirbhís do
dhéanamh do Dhia, tréas na fiacha atá ar ár Slánaightheoir
orainn, tré ghlóir Dé, trí chur suas na hEaglaisi, tré iolgháirdeas
na n-aingiol, tré shólás na bhfíréan, agus trína sochar féin,
más mian leo toil Dé do choimhlíonadh, an mhéid gur féideair
leo é, ná léigdís mainneachtnaigh san urnaighe. As innte ghéabhaid
fios créad as mian re Dia do dhéanamh dóibh, agus doghéabhaid
neart agus grása dochum sin do dhéanamh agus a chur i
ngníomh; agus doghéabhaid ar neamh tré shaoghal na saoghal
an ní do thionsgnadar ar an tsaoghal sa. Go ttugaidh Dia
trócaireach tabharthach sin dúinn uile, agus go raibh a ainm
féin beannaighthe tré shaoghal na saoghal. Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services