Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maith agus Dearmad

Title
Maith agus Dearmad
Author(s)
Ó Fiannachtaigh, Tomás,
Composition Date
1833
Publisher
(B.Á.C.: , Cuideachta Gaodheilge Uladh, 1833)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MAITH AGUS DEARMAD



Sgéul beag d'ar b'ughdar Maria Edgeworth.



Rosanna, ón ughdar chéadna.



Air na d-tarruing go fírinneach ó Bhéurla go Gaoidheilg,
air íarratas agus fa thearmonn na Cuideachta
Gaoidheilge Uladh a m-Béul-Fearsaide
le
Tomás Ó Fiannachtaigh
Oide Gaoidheilge a m-Béul-Fearsaide.



Clodh-bhuailte a m-Baile-ath-cliath.


L. iv



A Shaoi,
Ceadaigh dhuinn, a n-ainm na Cuideachta Gaodheilge Uladh, an beag-shaothar
so, do tionsgnadh chum maitheasa luchd ar d-tíre, do thoirbhirt fa
chomairce do Thighearnamhlachta le mor-urraim mar chomhartha treathlag air
a móir-mheas dod' dhíogras-sa a n-aith-bheodhadh ar d-teanga mhín
mhilis mhathardha a léigeadh a bh-faillighe le fada. Is mór an sas chum
foghluim do chur air aghaidh a g-comhnuidhe thu, agus da réir sin, comh
luath a's chualaidh tu tracht air ar g-cuideacht-sa a bheith air bun,
tháinic tu uait féin, mar budh cuibhe do dhuine onórach, agus dhéonaidh
tu d'ainm a chur síos mar bhall dí.
Gídh nach bh-fuil ann so acht leabhrán beag, ta súil aguinn 'na
dhiaigh sin go m-béidh se féumamhuil d'ar g-coimhtíorachuibh. A measg
na m-Breathnach agus na n-Albanach Gaodhalach, gidh nach bh-fuil an chaoí
cheadna aca a ta aguinne, is mór tá síad a' cur teanga a sínnsior air
aghaidh, agus a' tabhairt oideis agus foghluime do luchd an ainbhfiosa air
an modh so nar bh'fhéidir leo fhaghail air ghléus air bíth eile.
Do mheas an Chuideacht nar bh'féidir leo rud air bíth a dhéanamh air
d-tús, chum an nídh do chuir síad rompa a chur a ngníomh, nídh b'fhearr
ná roinn d'oibreachaibh Maria Edgeworth (an t-ughdar oirdhearc
sin, a theagagsas
go h-éagna agus go móralta) d'athrughadh go Gaoidheilg, agus a
dheanamh soilléir sothuigsionach do mhórán d'a eilg, agus a dheanamh
soilléir sothuigsionach do mhórán d'a luchd a h-éin-tíre.
Is doigh leo go measfuighear nach
bh-fuil an dá sgéul bheaga a thogh siad neamh-oireamhnach do stáid lathaireach
na h-Eirinn. Ta muinighin láidir aca go leanfuidh mórán da
léighfhidh an beag-shaothar so aca go leanfuidh mórán da léighfhidh an
beag-shaothar so sompla an fheilmeoir dhuthrachtaigh Rosanna, ionus go
m-b'fhéidir leo a m-beatha do chaithéamh go sona séunmhar. 'Sé a n-doigh,
mar an g-céadna, go ruagfuidh agus go n-díbeoraidh síad as a n-inntin gach
uile ghné mhiosguis agus mhio-rúin do mhéudaigh go mór olc ar d-tíre
go d-tí so, agus do thairuing mi-chliú uirri; agus go lean fuidh siád, air
gach uile uile ocáid, gnáthlabhairt Mhuiris .i. "Maith agus Dearmad."
Is sin-ne, a Shaoi,
le mór-urraim do sheirbhisigh ro-umhal, bíth-dhílis,



Sgribhneóiridh na Cuideachta.
A m-Béul-fearsaide, 1833


L. 1


Do bhí garrdhadoir 'na chómhnuidhe ann san g-comharsanachd do bhaile
ánnsa taobh shíar do Shacsain ag a raibh aonmhac d'ar bh'ainm Muiris, air
a raibh sé ro-cheanamhuil. Do chuir a athair é lá áirídhe go baile nach
raibh a bh-fadh uaidh, do cheannach síola garrdhaidh dó. A núair tháinic
Muiris go siopadh an t-síl, do bhí sé lán do dhaoinibh agus bhí déifir
air gach aondhuine chum é féin do ríar air d-tús. Do chúaidh fear mór
árd an chéad úair roimhe le fóirneart, agus annsin bean mhór ramhar:
do sheas seision go foighideach a bh-fogus don g-contasóir, ag fanmhuin no
go m-bíadh foill ag neach éigin na síola bhí sé íarraidh thabhairt dó.
Fa dheireadh a núair a fúair an dream eile go h-iomlán a bhí sa t-siopadh
na neithe bhí air íarraidh uatha, d'fhill fear an t-siopaidh chum Mhuiris
agus dubhairt sé leis, "créad theasduigheas uáitse óglaigh bhigh
fhoighidigh." "Teasduigh na síola so go h-iomlán uaim do m'athair," ar
Muiris, ag tabhairt sgríbhinne do fhear a t-siopaidh ann a raibh cuntas air
ainmneachaibh na síol, "agus do thug mé airgiod liom chum díol air son an
iomláin."



Do chuartaigh an síoladóir na síola go léir a bhí teasdail ó Muiris,
agus cheangail sé súas ann a bpáipéar íad. Bí sé ag ceangal súas pis
bhreagha áluinn iomdhathach, an
tan céadna sin tháinic fear mór timpchiollach gairbhéadanach a-steach
thrid chúl-dhoras a t-siopaid agus chomh luaith
'sdo tháinic se a-steach, do gháir se a-mach, ag radh, "an bh-fuil na
síola a d'orduigh mé réidh;


L. 2


ta gaoth agus muirlíonadh linn, ba chóir dóibh a
bheith air bhord luinge a-ne.
Agus cait a bh-fuil mo chioltharn China, bh-fuil sé pácaigh súas, agus
air na dhíriúghadh?"
"Tá sé air a g-clár sin shúas ós cionn do chinn, a dhuine úasail,"
ar an síoladóir, "ta se ro-shabalta, do chídh tú, acht ní fhúaramur
foill a phácáil fós; déanfar a-niúgh e, agus do gheabhamoid na sióla
réidh dhuit ghán mhoill, a dhuine uasail."
"Gan mhoill! corruigh leat mar sin, ní phacálfuidh na síola iad féin
súas: déan déifir, guidhim thú."
"Air an m-ball, a dhuine uasail, comh luaith 'sdo dheanfad súas é so
'na cheangaltán don m-búachal bheag so."
"Créad an bhrígh a ta a g-ceangaltán an bhúachail bhig so; is féidir
leisean fanmhuin, agus ní féidir liomsa. Ní fhanmhuid cóir gaoithe no
líonadh agus traghadh na mara le duine air bíth. Gabh so chugad, a
bhúachail, agus bhí air siúbhal," á dubhairt an fear neamhfhoighidheach,
agus air na radh so dho, do thóg se súas na sióla don g-contasóir,
a-nuair a chrom fear a t-siopaidh síos ag íarraidh stúaidh phaipeir ruaidh
ramhair, agus córda chum an ceangaltán d'fhasgadh. Ni raibh an ceangaltán
acht filte súas go bog, agus air a thógbháil súas don bh-fear neamhfhoigideach,
do raobadh an paipéar le meadhachan na pise a bhí taobh astigh
dé, agus do sgeith ná síola go léir air feadh an urláir agus Muiris ag
síneadh amach a lámha ag iarraidh a n-gabháil, 'sgan maith dó ann. Do
sgab an phis thrid ar tsiopadh go h-iomlán; do bhí an fear neamhfhoighidéach
ag easgaine orrtha; act do thionsgnuigh Muiris a bhéith da
g-cruinniughadh a gceann a chéile, comh tapaidh is b'fheidir leis, gan a
bhéith feargach dó.
Air m-béith dhó gnothach mar so, fuair an fear na síola bhí air
íarraidh uaidhe, agus air m-beith dhó ag trácht orrtha, tháinic mairnealach
asteach san t-siopadh, agus a dubhairt, "á Chaiptin, d'athruigh an
ghaoth a n-iompódh láimhe, agus is cosmhuil go m-bíadh droicshíon againn."
"Ta go maith, is maith liom sin," a dubhairt an fear gairbhéadanach, a
bhí 'na chaiptin air a loing; "is ait liom fanmhuin lá eile a g-cúan,
agus ta obair go leor agam a lámh."


L. 3


Do chuaidh an Caiptin air aghaidh go dána go doras a t-siopaidh, do
chonnairc Muiris, an trath bhí sé air a ghlúinibh air a d-talamh ag
cruinniughadh a' shiola, go raibh cos a Chaiptin a n-achran le corda eigin
a bhí air sileadh sios ón g-clár air a raibh an cioltharn China 'na
sheasamh.



Do thug Muiris fa deara, da rachfadh an caiptin aon choiscéim
amháin eile air aghaidh, nar b'fhéidir dhó gán a córda do tharruing, ionnus
go leagfadh sé síos a chioltharn, do bhrígh go raibh an córda castaidh
timchioll air a íachdar. Air an m-ball do rug se gréim air chos a Chaiptin,
agus do stad ó shiúbhal é. "Stad! fan do sheasamh, a dhuine uasail," ar
se;, "no brisfir do chioltharn China."



D'fhan an fear 'na sheasamh go socair, d'amharc se agus do chonnairc
cionnus d'fhastuigh a córda do chlaspa a bhróige, agus cionnus a bhí a
chioltharn breagha China a g-contabhairt tuitim a-núas mar gheall air.
"Go fírinneach táim ro-bhuidheach dhíot, m'óglaigh bhigh," ar sé;
"do shabháil tú mo chioltharn, nach m-brisfinn air dheich b-píosa óir,
oir is dom mhnaoi é, agus thug mé liom sabháilte é, ó críochuibh coigcriche a
bh-fad ón m-baile, budh mhór an trúaighe da mbrisfinn é tar eis a
thabhairt a d-tír sabháilte. Go deimhin táim robhuideach dhíot,
óganaigh bhig, ba h-é so maith do dhéanamh a n-aghaidh an uilc. Goillidh
sé go mór orm ghur leag mé síos do shíola, do bhrígh go bh-fuil tú ad'
bhuachal dheaghnádurtha, claon cum maitheamhnus do thabhairt uait. Bí
chomh maith sin," ar sé ag iompoighead chum fhir an t-siopaidh, "'sa
cioltharn sin a shíneadh a-núas damh."
Do thóg coimheadaidhe an díol-chuain a-nuas an cioltharn go
rochúramach, gus do bhaín an caiptin an falach dé, agus do tarruing a-mach
fréamhacha éigin laile; "is cosmuil duit le méid an t-síl a fúair
tú, gur le garrdhadoir thú. An bh-fuil dúil agad a n-garrdhadoireachd," ar
se le Muiris.
"Tá go deimhin dúil anmhór agam ann, a Shaoi," ar Muiris: "oir tá
m'athair 'na gharrdhadoir, agus ceadaig sé dhamhsa saothar do dheanamh mar
aon leis, agus thug sé garrdhad beag dham féin."


L. 4


"Ag so dhá fhréamh laile dhuit, ma bheirenn tu aire mhaith dhóibh,
m'fhocal duit go m-bíadh na laile is 'aille a Sacsan agad ann do gharrdhadh
beag.



Do fuair me na lail so ó cheannaighe Fléimionach, a dubhairt liom, nach
raibh cineal air bíth a Holanda b'áille agus ba dofhaghalá 'na íad.
Tiocfa síad ar aghaidh agadsa mur n-goiligh gaoth no síon orrtha."
Thug Muiris buidheachus don duine uasal, agus d'fhill sé chum baile, air
m-béith dhó fonnmhar a fhréamha breaga
laile do thaisbéunadh d'a athair, agus d'a
chompánach .i. mac garrdhadóire a bhí 'na chomhnuidhe a bh-fogus dó: 'sé
ainm a bhí air mhac a gharrdhadóire, Artur.
'Sé an chéud nídh rinne Muiris, tar éis a fhréamha laile do
thaisbéunadh d'a athair, d'imtheacht air siúbhal go deifireach go garrdhadh
Artuir da thóireacht. Bhí balla cloiche ísiol deanta gan moirtéal air
bít 'na theóran idir a n-garrdhaidh. "A Artuir! a Artuir! ca b-fuil tú?
Bh-fuil tú ann do gharrdhadh; ta féim agam ort." Acht níor fhreagair
Artur air aonchor, agus níor tháinic sé go h-éasgaidh do theagmhail le
na charaid mar ba ghnathach leis. "Atá a fhios agam ca bh-fhuil tú," ar
Muiris, "agus tá me ag teacht chugad comh lúaith is féidir liom a dhul
thríd na sgeacha subhcraobh. Tá nuaidheacht mhaith agam duit, nídh eigin
do thaithneóchas leat d'fhaicsin, tá mé cinnte;" ar Muiris bocht, íar
n-dul thríd na sgeacha subhcráobh dhó, agus íar dteacht ann a mharc a
gharrdhaidh féin dhó, chonnairc se a chlog-ghloine, a chlog-ghloine
ionmhuin a rabhadar a chularáin ag fás faoi choimhbreagha is sin, a aon
chlog-ghloine briste 'na mhioruibh.
"Is aithmhéalach liom é," a dubhairt Artur, do sheas 'na leathluighe air a
spád ann a ghárrdhad féim, "tá eagla orm go m-biadh fearg anmhór ort
liom."



"Acht an tusa, a Artuir, a bhris mo chlóg-ghloine? Och! cionnus
b'fhéidir dhuit sin do dhéanamh?



"Bhí mé ag caitheadh fiadhaille, agus tachair thar an m-balla, agus go
mío-thapach do thuit cnap mór féir lán do chlochaibh beaga air sileadh síos
as a fhréamhachaibh, air do chlog-ghloine, agus do bhris é mar chídh tu."



Do thóg Muiris súas an cnap féir a thuit thríd a n-gloine bhriste
air a chularáinibh, agus d'amharc sé air


L. 5


feadh tamuill air a chularáinibh 'na shocht.
"Och! mo chularáin bhochta! is éigin daoibh bás d'fhaghail a nois.
chífidh mé bhur m-blatha buidhe críon a márach; acht atá se déanta agus
ní bh-fuil neart air, nior bh'fhéidir a shabháil; uime sin,
Arthuir, na h-ábramoid níos mó 'na thimchioll."
"Atá tú rómhaith; shaoil mé go m-béidh fearg ort liom. Tá mé
cinnte go m-béidh fearg anmhór ormsa leatsa, da m-brisfása gloine
liomsa."



"O! maith agus dearmad, mar a deir m'athair a g-comhnuidhe, 'sé sin
slighe is fearr. - Feuch créad do fuair mé dhuit."



Annsin d'innis sé d'Artur an sgéul a d-taobh Chaiptin na loinge agus
an cioltharn China agus sgaipeadh na síol. d'aithris sé dhó mar an
g-céadna a d-timchioll na bh-fréamha breagha láil a tugadh dó, agus fa
dheireadh do thairg Muiris aon do na fréamhachaibh ceannamhla d'Artur, noch
do thug buideachas dó le luthgháire mhór, agus a dubhairt arís is arís:.
"Cád é chomh maith is bhí tú, gan fearg a bhéith ort liom air son
do chlog-ghloine a bhriseadh. Táim go mór níos brónaigh fa n-a bhriseadh,
'ná da m-béidheadh feargach liom."
"d'imthigh Artur a nois do chur a fhréamh láile, agus bhí Muiris
ag tabhairt fa deara na leabacha a bhí a chompánach ag romhar, agus gach uile
nídh do bhí teacht súas ann a gharrdhadh. "Níl a fhios agam créad is
cíall dó," ar Artur, "acht is cosmuil duit a g-comhnuidhe a bheíth comh
lúthgáireach ag faicsin na neithe ag teacht súas ann mo gharrdhadhsa comh
maith agus da m-ba leat féin go léir iad. Táim go mór níos sona ón
d-trath far thainic m'athair ag comhnuidhe annso, agus ó léagadar duitse
agus damhsa obair agus caithiomh aimsire a dhéanamh a g-ceann a chéile,
ioná bhí me 'ríamh 'roimhe: oir is éigin duit a thuigsin, sul a d-táinic
sinn do chomhnuidhe annso, go raibh fear-gaoil ann aon teach liom do
bhúadhairigheadh mé a g-comhnuidhe. Ní raibh se a n-gar do bhéith comh
deaghnádúrtha leatsa; níor bh'áil leis aríamh amharc le pleisiur air mo
gharrdhadh, no air nídh air bíth a rinne mé, bhí déanta go maith, agus níor
thug sé 'ríamh roinn air bíth dham d'éinneithe da raibh aige; uime sin níor
thaithnigh sé liom:


L. 6


cionnus b'fhéidir damh taithneamh a bheith agam air?



Acht creidim go n-déanan fuath a bheith againn air chách eile neamhshona
sinn; oir is fios dam nach raibh sólas air bíth ann mo bheatha agam, an
tan a bhí mé ag ciapáil leisean; agus táim a g-comhnuidhe go maith ad'
chuideachdsa, a Mhuiris, oir ta a fhios agad nach m-biodhmoid a á n-imreas
re chéile ann am air bíth."
Búdh mhaith don uile dhuine, da m-b'fhéidir a chúr a g-ceill dhóibh,
mar Artur, go m-bh'fhearr muintearas do ghnáthughadh agus do chothughadh, 'ná
a bhéith a n-imreas. Búdh mhaith don domhan go léir da leanfaidh siád
sompladh Mhuiris, ag tabhairt maitheamhnuis uatha, agus ag déanamh dearmaid,
anúair a déantar, no mheasaid go n-déantar eagcóir orrtha.
Do bhí Maighistir Oachla, athair Artuir, fear an gharrdhaidh altra,
claon chum locht do thógbhail do nídh gan bhrígh, agus anúair a mheasfadh
se go n-dearna aon-dhuine da chomharsanaibh droichghníomh air bíth air,
bhí se níos uaibhrigh ioná go n-íarfadh sé orrtha ádhbhar a n-oilbheim
a thaisbéunadh dhó; uime sin is minic do bhí se mealta ann a bharamhuil
orrtha. Do shaoil se gur thaisbéun se sbiorad, .i. a bhéith cuimhneach
mothuightheach fa mhasladh, agus air an ádbhar sin, air son nach raibh se
'na dhuine dhrocnadúrtha, do tharruing an bharamhuil mhealltach a bhí aige
a d-taobh meisnigh no sbioraide air úairibh é chum néithe drochnadúrtha do
dhéanamh. Ba ghnáthach leis a radh go minic, "caraid chumanach, agus
namhuid fhíochmhar," agus do bhíodar a namhuide níos iomadamhla iona a
chairde. Ní raibh se ro-shaidhbhir, acht do bhí sé uaibhreach, agus ba h-é
a ghnath-labhairt, "is fearr fuath iona fíorthruaighe." Anuair tháinic se
air d-tús do chomhnuidhe a bh-fogus do Mhaighistir Grant, an garrdhadoir,
do bhí sé claon chum fuath do bhéith aige air, do bhrígh go g-cuala se gur
b'Albanach Maighistir Grant; agus bhí drochbharamhuil aige air mhuintir
Albain go h-iomlán. Do mheas se go raibh síad go léir glic agus santach,
do bhrígh gur mheáll ceannuighe seachrain Albanaigh ésean aon úair amháin.
Do chlaoidh síbhialtachd Maighistir Grant a g-céim éigin an reamhchlaonadh
so, acht fós do bhí amhrus aige a n-inntinn féin "nach raibh annsa t-síbhial
tachd so," (mar a dubhairt se) "acht dath no


L. 7


cosmhulachd, agus nach raibh se,
no nar bh'fhéidir dó a bhéith, íar m-béith 'na Albanach dó, 'na charaid
chomh fírinneach le fíor-Shácsanach beartha."
Bhiodar subhcraobha ro-bhreagha ag Grant, bhí an toradh comh mór sin, ionnus
gur mhían le duine a fhaícsin. Anúair a bhí siad aifchidh, thangadar
mórán do choimhidheachaibh ón m-baile a n-gar dóibh do-bhí a n-ionad
ionnlata, chum na subhcraobha so d'fhaicsin da n-goirthear brobdignag .i.
fathach.



"Cionnus fuair tu, no tháinic tu chum na subhcraobh breagha iongantacha
so, aitchim ort, a chomharsaidh Grant, ma fhéadán duine fhiafruighe," ar
Maighistir Oachla leis an gharrdhadóir, trathnóna áiridhe.
"Sin rún" ar Grant, le mionghaire cneamhairdhe. "O " má's rún é, ni
dhearfha me níos mó, oir ní bhíann roinn air bíth agam le rúin dhuine
eile nach m-biann roinn air bíth agam le rúin dhuine eile nach m-biann dúil
aige a rúin a nocdamh dham. Acht do b'fhearr liom go g-cuirfeádh uait an
leabhar sin; bíann tu a g comhnuidhe ag déanamh stuidéir go h-aireach
air leabhar éigin, anúair a thig duine air bíth ar cuairt chugad, nídh nach
bh-fuil ann mo bharamhuilsa (gidheadh nach bh'fuil ionnam acht duine simplidhe
codarmanta gan fhoghluim, a tugadh súas agus do rugadh a Sacsan) comh
síbhialta agus comh carthanach is b'fhéidir a bhéith."
Do dhúin Maighistir Grant a leabhar go tapaidh, acht dubhairt se ag
amharc go géur air a mhac, "gurab 'sa leabhar sin a fuair se a shubhcraobha
Brobdignag."



"Asé do thoil a bhéith greanmhar leosan nach bh-fuil a shéun orrtha
a bhéith comh leabhar-fhoghlumtha leatsa, a Mhaighistir Grant; acht measaim,
(íar m-béith dham am' fhear Shacsanach gan comhrádh foghlumtha, mar a
dubhairt me a roimhe,) go bh-fuil se go h-iomlán comh cosmuil do dhuine,
subhcraobh fhaghail ann a gharrdhadh le n-a leabhar, a Mhaighistir Grant."
Ag tabhairt fa deara do Grant gur labhair a chomharsadh go bodachamhuil,
níor dhubhairt se nidh air bíth a n-aghaidh, air m-béith dhó 'na dhuine
chraíbhtheach agus eolach go maith air an sgríobtúir dhiadha; (mar ta
an chuid is mó do mhuintir Albain, noch a thuilleas meas mór dóibh féin;)
do bhí a fhios aige go g-coscann freagradh mín boile, agus d'fhreagair se
a n-guth dheaghaigeantach, "cluinim, a chomharsaidh Oachladh, gur cosmhuil
duit


L. 8


mórán airgid do dhéanamh dod' fhas-chrann an bhlíadhain so.
Ag so, fa thuairim do shláinte agus sláinte an té is leatsa, ní ag
déanamh dearmaid do na planduighib noch a chim ata ag teacht air a naghaidh go
breagha."



"Do bhéirim buidheachus ó chroidhe dhuit, a chomharsaidh, ta na plandaidh
teacht air a n-aghaidh go measardha, ta sin cinnte, agus ag so, fa
thuairim do shláinte mhaith, a Mhaighistir Grant, thú féin agus do chúram
maille le do shubhfraobhaibh - cionnus ainmnigheas tú íad." d'ól
sé agus tar éis stad do dheanamh, ag tógbháil suás an chomhraidh arís,
dubhairt se: "Ní bh-fhuil cosmhulacht air bíth orm a bhéith ag íarraidh
deirce, acht da m-b'fheídir leatsa thabhairt damh"
Annso do cuireadh toirmeasg air Mhaighistir Oachladh le teacht asteach
choimhídhigh éigin, agus níor chríochnuigh se a athchuinge do dhéanamh
chum Grant Ní raibh Maighistir Oachladh claon, mar dubhairt se na thaobh
féin, chum comaoineacha d'íarraidh air éinneach, agus níor bh'fhéidir le
nídh air bíth acht le sochroidheachd Graint amháin, buaidh do bhreith
air a reamhchlaonadh comh fad sin, ionnus go m-b'féidir cathughadh do chuir
air, comaoin air bíth d'íarraidh air Albanach. Do bhí se air tí cuid do
na planduighibh subhcraobh Brobdignag d'iarraidh.
An lá na dhiaigh sin do smuainigh se arís air na subhcraobhaibh; acht
air m-béith dhó 'na dhuine náireach, níor mhían leis féin a dhul da
n-íarraidh, agus d'íarr sé air a mhnaoi, a bhí go díreach ag dul gus an
margadh, do ghlaodhach ag geatadh Graint, agus ma bhí se ag obair ann a
gharrdhadh, beagán do phlanduighibh subhcraobh d'íarraidh air. Ba h-é
freagradh thug bean Óachlaidh chuige, "nach raibh planda air bíth
subhcraobh
ag Maighistir Grant a bhearfadh se dhó, agus da m-beidís comh iomadamhuil
is b'fhéidir aige, nach d-tabharfadh se aon uaidh do dhuine air bith, acht da
mhac féin. Do ghlac fearg mhór Oacladh 'nuair a chúala se an teachdaireacdh
so; dubhairt se go m-ba cleas mí-naireach truaillidh é, agus
nar bh'fhéidir súil do bheith le nídh air bíth eile ó Albanach. Dubhairt
se nach raibh ann féin acht suthaire inmheallta daillinntinneach, fa dhothchus
do chur aríamh a m-bríathruibh shíbhialta Albanaigh: do


L. 9


thug se móide
gur luaithe do gheabha se bás a d-teachoibre an pharáiste, ioná d'iarrfadh
se comaoin da láighiod air Albanach.
d'aithris míle uair da mhnaoi an gléus ar mheall an ceannuighe Albanaigh é
deich m-bliadhna ó shoin, agus fa dheóigh, thug se mionna nach m-beith roinn
air bíth aige le Maighistir Grant, no le aonduine ba leis, ó sin amach.
"A mhic Artur" ar sé, ag labhairt ris an m-buachal a tháinic asteach air
an uair sin go díreach ó obair; "a mhic Artuir, a g-cluinneann tu mé, na
faicim choidhche arís thu a g-cuideachd Mhuiris Grant."
"Ag-cuideachd Mhuiris a athair?"
"A g-cuideachd Mhuiris Grant, a deirim. Croisim ort ón lá agus ón uair
so amach roinn air bíth a bheith agad leis."
"A athair ionmhuin, créud fa?"
"Na fíafraigh ceisd air bíth diom, achd déan mar deirim leat."
Do bhris Artur amach a n-gul, agus níor lábhair focal acht so amháin:
"aseadh, a athair, dhéanfad mar deir tu liom go deimhin."
"Cad é so anois? créad fa n-guileann an t-óglach?
An measánn tu, a amadáin, nach bhfuil aon bhuachal eile le fághail, do
dhéanfadh súgradh ad'fhochair acht mac an Albanaigh so? Do gheabha mise
amach comrádaigh eile dhuit, a leinbh, ma 'sé sin an t-iomlán."
"Ní h-é sin an t-iomlán, a athar," ar Artur, ag déanamh a dhithchioll,
é fein do chongbháil ó osnaibh; "Acht is amhla tá an cás, ní bhéidh
a leithid do chomráda choidhche arís agam; ní bhéidh aon charaid eile go
brath agam mar Mhuiris Grant."
"Och! a amadáin bhoicht!" ar a athair, ag fasgadh cinn a mhic chuige,
"biadh go díreach chosmhuil le d'athair, soimheallta le briathraibh breagha
no mar sin. Acht anuair a bhias tú beo comh fada liomsa, gheabha tú amach,
nach bhfuilid cairde chomh iomadamhuil le sméuraibh, agus nach bh-fasaid air
gach aon tum."
"Ní headh, go deimhin, ní mheasaim go bh-fasaidh," ar Artur, "ní raibh
aon charaid 'riámh 'roimhe agam, agus ní bheidh choidhche arís mar
Mhuiris Grant."
"Gach mac mar athair - feudann tú a radh gur tharlaidh dhuit go maith
a bhéith réidh leis."


L. 10


"Réidh leis, a athair! agus nach rachfad choidhche arís chum oibre
gus a ghairdhadh, agus nach féidir leisean a theaht chum mo ghairdhaidhsa."



"Ní rachair," ar Oachladh go ceanndána; "do rinne a athair cleas
danartha ormsa, agus ní dhéanfadh aondhuine a leithid do chleas orm fa dhó
deirim
nach n-dhéanfadh - sguab súas an teallach so, a bhean - a bhuachail,
na bi ad'amadhán, acht ith do chuid bagún agus gabáisde agus na cluineamoid
níos mó a d-taobh Mhuiris Grant."
Do gheall Artur a bheith umhal da athair; níor íarr sé acht cead
labhairt le Muiris aon uair amháin, agus fhios a thabhairt dó, gur do réir
ordughadh a athair do rinne sé so.
Do fuair se an athchuinge so; acht anuair ba mhían
le Artur fios d'fhaghail ós a chionn sin, gad é an réasún do bhearfadh
se fa'n sgáramhuin so, do dhiúltaigh a athair a réasún d'insinn. Do
ghlac an dá charaíd cead le chéile go ro-dhoilgheasach.
Anuair a chúalaidh Maighistir Grant so go h-uile, rinne se a dhithchioll
d'fhaghail ámach, créad a d'fheudfadh oilbhéim a thabhairt d'á chomharsan,
acht níor bh'féidir leis sin d'faghail amach, do chionn
Oacladh a bhéith go ceanndána 'na shocht.



Anois níor bh'ionnan an teachdaireachd a chuir Grant uaidh, 'sa sgeul
a fuair Oacladh. Ba h-é so an teachdaireachd, nar le Maighistir Grant na
subhcraobha, da bhrígh sin nach raibh ceart aige a d-tabhairt uaidh: go
m-ba le n-a mhac Muiris íad, agus nach é so an t-am cóir don bhlíadhan
chum a b-plandughad. Do miothuigeadh an teachdaireachd so go mío-fhortunach.
Thug Grant a fhreagradh d'a mhnaoi, agus ísi do chailin seirbise Bhreathnach,
nar thuig go beacht canamhuin leathan Albain do labhair a maighistreas; agus
nior fhéud sísi fós a chur a g-céill go maith do Mhaighistreas Oachladh,
a d'fhuathuig blas cainte na m-Breathnach, agus d'a raibh a h-aireachas,
(anuair a bhí an cailin seirbhise ag deanamh na teachdaireachda,) go
prionnsapalta tógtha súas le ceannsuigheadh a h-eich. Air m-beith don
n-each, air a raibh Maighistreas Oachladh air marcuigheacht an lá so,
drochmhúinte, ní fhanfadh se 'na seasamh go socair ag a n-geatadh, agus
bhí sísi neamhfhoideach freagradh


L. 11


d'fhaghail agus imtheacht air a h-aghaidh gus an margadh.
Air neithibh neamhthabhachdaigh don t-samhuil so eirighid ceannairce
comharsan go minic.



Anuair a chuir Oacladh roimhe aon úair amháin fuath a bheith aige air a
chomharsadh Grant, nior fheúd se a bheíth a bh-fad gan cúis chum géarán
do dhéanamh. Do bhí crann pluimbis a n-garrdhadh Graint, a bhí curtha a
n-gar
donn m-balla cloiche sgaoilte, (.i. nach raibh ceangalta d'a chéile
go daingean,) do bhí 'na theóran idir an garrdhadh agus na fas-chranna. Do
tharla don talamh ann a raibh an crann pluimbhis curtha, gan a bhéith chomh
maith go h-iomlán leis úd a bhí an taobh eile don m-balla, agus chuaidh
fréamh an chrainn phluimbis thríd an m-balla le fóirneart agus do ghlac
sealbh céim air chéim air an áit is fearr a thaithnigh leis. Do mheas
Oacladh, do bhríg go m-ba le maighistir Grant an crann pluimbis, nach raibh
ceart air bíth aige a bheith air a chuid talmhansan; d'innis ádhbhocóid
dó go m-b'fhéidir leis cur d'fhiachaibh air Grant a ghearradh síos.
Ní ghearrfadh Maighistir Grant a chrann pluimbis síos do réir ordúghad an
adhbhocóide, agus chomharluigh an t-adhbhocóid Oachladh dhul chum dlíghe
a d-taobh an cháis, agus chuaidh an t-agradh dlighe air aghaidh air feadh
tamuill mhaith. Ag deireadh na h-aimsire sin, tháinic an t-adhbhocóid chum
Oaclaidh ag íarraidh airgid air, ionnus go m-b'fhéidir leis an dlighe a chur
air aghaidh, ag dearbhughadh dhó, go g-críochnochuidh an cas gan mhaill ann a
leithsean. Do dhíol Oacladh deich b-píosa óir re na adhbhocóid, thug sé
fa deara, go m-ba mhór an t-suim airgid dó a dhíól, agus nar bh'fhéidir le
nídh air bít acht gradh an cheirt amháin, chur d'fhiachaibh
air dhul air aghaidh go buainsheasmhach san éiliomh n-dlíghe so, mar gheall
air ghréim talmhan "nach fiu dhá phighin," ar sé, "tar éis an uile nídh.
Is beag an diobháil do gnidh an crann pluimbis dam, ach ní mían liom go
meallfadh Albanach mé." Do thug an t-adhbhocóid fa dearadh fuath
Oachlaidh
a n-aghaidh lucht na hAlbain, agus do mheas se tairbhe do déanamh dhé: agus
do chuir se a g-céill dó, ionnus go d-taisbéunfadh se sbiorad fhir
Shacsanaigh, go raibh se ríachdanach dó dhul air aghaidh leis an g cúis,
gídh b'é air bít choiseónadh se dó.


L. 12


Ba gár a n-diaigh an chomhraidh so leis an adhbhocóide, go raibh
Oacladh ag siubhal le coisceimnibh méisneamhla gus ang-crann pluimbis ag
rádh
leis féin, "da g-coiseónfadh se céud ponta damh, ní fhulangfad don
Albanach ghlic so, buaidh d'faghail orm."



Do chuir Artur toirmeasg air chaint mhicéillide a athar, ag síneadh amach
a lámha chum leabhair agus planduígh óga éigin a bhí leagtha air an
m-balla. "Saoilim, a athar," ar se, "gur dhuitse ataid na neithe so, oir
ata
sgríbhínn bheag dírighthe chugadsa a láimhsgríobhadh Mhuiris. A
m-bearfadh me chugad é."
"Beir, léig damh a leigheadh, a leinbh, ó thárla go g-caithfe mé."
Bhí na bríathra so ann.
"Mhaighistir Oaclaidh ionmhuin."



"Níl a fhios agam créad fa n-dearna tu imreas linne; taim ro-dhoilghíosach
mar gheall air. Acht air son go bh-fuil fearg ortsa liomsa, ní bh-fuil
fearg ormsa leatsa. Tá muinighin agam nach n-díultóchaid tu cuidh do
mo phlanduighibh subhcraobh Brobdignag noch a d'íarr tú tamall fáda ó
shoin, anúair a bhamur go léir 'nar g-cairdibh dílis. Níor bh'é sin an
t-am cóir don bhlíadhain chum a b-plandughadh, agus is uime sin nar
cuireadh chugad íad; acht ata se anois go díreach ann am choir le na
g-cur, agus cuirim an leabhar chugad ann a bh-fuighidh tú an fáth fa
g-cuírmid luaith fheamnaigh a g-comhnuidhe tímchioll a bh-fréamha, agus
fuair me luaith fheamnáigh éigin duitse a tá a b-pota na m-blath air an
m-balla. Níor labhair mé re Artur, no ésean liomsa, 'ríamh ó dubhairt
tu linn gan labhairt re chéile. Mar sin, ag íarraidh mar athchuinge do chuid
subhcraobha Brobdignag do theacht chum bhéith comh maith le ar g-cuidne,
agus ag míanadh sinn do bhéith go léir 'nar g-cairdibh arís, is mé, le gean
d'Artur ionmhuin agus duitse,
Mac do chomharsan chumanaigh, Muiris Grant.
Tuille eile. Ta sé anois ceithre mhí ó tharla an t-imreas, agus is
anfháda an tamall sin."



Bhí roinn mhór don sgríbhinn so gan éifeachd ag Oacladh, do bhrígh nach
raibh se roieólach air léigheadh sgribhneorachda, agus is air éigin
d'fhéud se na litre


L. 13


do ainmniughadh agus do chur re chéile go ceart.
Cídh b'é air bíth é, ba chosmhuil dó a bheith corruighthe ris, agus
dubhairt se; "creidim go bhfuil gean mór go leor ag Muiris so ort, a
Artuir, agus is cosmhuil dó a bheith 'na short buachail mhaith; acht a
d-taobh na subhcraobh, measaim nach bh-fuil acht leithsgéul sa méud a deir sé 'na
d-timchioll, agus air mhodh air bíth, ó tharla nar bh'fhéidir liom a
bh-fághail anuair a d'íarr mé íad, ní ghlacfad anois iad. - An g-cluinéann
tú mé, a Artuir, a deirim, cad é ta tu ag leigheadh annsin?" - Do bhí
Artur ag leigheadh leathanaigh no taoibh duilleóige do bhí dúbailte síos
san leabhar, noch a d'fhág Muiris air an m-balla mar aon ris na
plannduighibh subhcraobh. Do léigh Artur go h-árd mar so síos.
(Oirchisde míosamhuil, an t-ochtmhadh lá air fhíthchid den dara mí
gheimhridh, leathanach ceithre chéad is aonmhadhair-fhíthchid.)
"Curthar cineal subhtalmhuin ag Jerse, a folaighthear beagnach le feamnaigh
sa n-geimhreadh, air an módh g-ceadhna a bh-folaighthear iomad de
phlanduighibh
a Sacsan le h-aoileach stabla, bíd na subhtalmhuna so go coitchionn
timchioll mhéid apricoit den mhéid mheadhonaigh agus biann blás anmhilis
orrtha. Ann Jerse agus Gernse, suighte aon chéim amháin air éigin níos
foigse gus an ard an-deas iona Cornuall, bídh gach uile chineal toraidh,
pónaire, pis agus fós gach nídh íonfais a soghsur ann a n-am féin
caocaidhis no trí seachdmhain níos luaithe iona a Sacsan, fiú air bhruach na
fairge gus an árd a n-deas, agus is air éigin a mhaireas an sneachta
ceithre h-úaire air fhithchid gan leaghadh air an d-talamh. Gidheadh gur
féidir don áidhear sháillte agus uime sin fliuch, a thimchiollas na
h-oileanso, bhéith 'na ádhbhar aige so; air a shon sin is féidir fós
cuid dé chur a leith na luaithe fheamnaigh a n-deantar feim dé mar leasughad."
"Agus ag so," ar Artur a-rís, "nídh éigin sgríobhtha le cleitean air
ghreim bheag páipeir, agus is é sgribhneoireachd Mhuiris é. Léighfidh me
dhuit é."


L. 14


"A-núair a léigh mé san leabhar so an nídh deirthear a d-taobh fás
na subhtalmhuin comh mór le apricóitib (.i. cíneal toraidh,) déis iad a
bhéith folaighthe os a g-cinn le luaith fheamnaigh, do mheas me go m-b'fhéidir
go n-déanfadh luaith fheamnaigh maith do shubhcraobhaibh m'athar, agus
d'fhíafraigh me dhé, an d-tabharfadh se cead damh fromhadh do dhéanamh.
Do thug se cead damh, agus air an m-ball do chuaidh mé agus chruinnigheas a
g-ceann a chéile feamnach éigin do chuir an t-anfa a d-tír, agus do
thiormaigheas agus loisgeas é agus ann sin leasuigheas na subhcraobha leis,
agus an bhlíadhain na dhiaigh sin, d'fhásadar na subh craobha chum bheith san
mhéid sin ann ar chonnairc tú íad. Anois 'sé an fath fa n-innisim so
dhuit, air d-tús, chor go m-béidh a fhios agad do shubhcraobha do chur a
n-eagar no do leasughadh; agus san dára h-áit, do bhrígh go g-cuimhnighim
gur fhéuch tu go ro-thromdha, amhuil is nach raibh tú sásta le m'athair,
a-núair a d'innis se dhuit go m-ba rún an t-slíghe le a d-táinic se
cum a shubhcraobh Brobdignag: do b'fhéidir gur b'é an nídh so do rinne
comh feargach so thu linne go h-uile, oir níor tháinic tu 'ríamh ón
trathnóna sin d'fhéuchain m'athar. A-nois d'innis me dhuit gach uile
nídh is feasach damh, agus da bhrígh sin, tá muinighin agam nach m-béidh
fearg ort linn nios mó."
Do shásaigh an t-so-chroídheachd so go mór Maighistir Oacladh, agus
dubhairt se; - "acht a-nois, a Artuir, is so nídh éigin cosmhuil - ag so
d'innsin an nídh is mían le duine d'fhaghail a-mach, gan oráidibh
breagha. Is mó is cosmhuil so le Sacsanach no le Albanach.
Aitchim ort, Artuir, an bh-fuil fhios agad an a Sacsan no ann Alban
rugadh do cháraid Muiris?"



"Níl a fhios agam go deimhin, a Shaoi, níor fhíafraigh mé 'ríamh,
agus níor shaoil mé gur bh'fhiú dadaidh é. Ní fios damh éin-nidh acht
so amháin, mar a tá, cidh b'é air bíth ann a rugadh é, go bh-fuil se
ro-mhaith. Féuch, a athair, tá mo lail ag blathughadh."
"Ar m'fhocal, béidh se so 'na lail áluinn."
"Tugadh damh é le Muiris."
"Agus a d-tug tú dadamh dhó air a shon?"
"Níor thugas nídh air bíth san domhan; agus thug se dhamh é, go díreach
san ám cheadna ann a raibh


L. 15


cúis mhaith aige fearg an-mhór a bhéith air liom,
go díreach a-núair a bhris me a chlog-ghloine."



"Ta mían mór agam leigean daoibh súgradh do dhéanamh a bh-fochair a
chéile a-rís," arsa athair Artuir.



"Och! da n-déanfádh sin," ar Artur, ag búaladh a bhosa fa chéile,
budh mhaith dúinn-ne é. Dearbhuighim dhuit, a athar, gur minic a shuidh mé
air fedh úaire, shúas san abhall fhiadhain úd, gan chorrughadh, ag
féuchain síos air Mhuiris ag oibriughadh ann a gharrdhadh agus ag tnuith
a bhéith ag oibriughadh a n-einfheacht ris. Feuch, a athar, ní'l mo
gharrdhadh a ngar do bhéith a n-ordughadh chomh maith is ba ghnathach leis a
bhéith. Acht do bhéidh gach uile nídh go ceart a-rís da."
Ann so do cuireadh toirmeasg air Artur le teachd an adhbhocóide chum
Maighistir Oacladh, chum céisd éigin d'fhíafraidh dhé, a d-timchioll
éiliomh a n-dlígheadh a d-taobh an chrainn pluimbis. Do thaisbéun
Oacladh
litir Mhuiris dó, agus comh lúath 's do léigh sé í, (nídh do chuir
uathbhas ro mhór air Artur,) do ghair se a mach, ag radh; - "creud an duine
úasal beag glic é so! Air feadh m'eoluis go h-iomlan, níor tharla
rud air bíth 'ríamh orm is fearr ná é so. Acht 's í an lítir is glice
léigh mé a-ríamh í."



"Ca bh-fuil an gliocas?" arsa Oacladh, agus do chuir se a speaclairidhe
air. "Nach bh-faiceann tu, a dhuine mhaith, nach bh-fuil sa n-iomlán dé so
a d-taobh na subhcraobh Brobdignag, acht neimhnidh agus bréaga, chum
d'éiliomh-sa a d-timchioll an chrainn pluimbis d'fhor-choimhead? Tá fios
aca, 'sé sin atá fios ag Maighistir Grant a tá géur go leór, go rachfaidh
an chúis sin a n-aghaidh, agus nach fuláir dó, gan mhaill, suim mhór
airgid a dhíol leat air son díobháil, ma théid an chúis air aghaidh."
"Air son díobháil!" ar Oacladh, ag féachuinn go h-uathbhasach 'na
thimchioll ag an g-crann pluimbis: - "acht níl a fhios agam gad é is mían
leat. Ní mían liom-sa nídh air bíth acht an ceart; ní mían liom suim
mhór airgid air bíth d'íarraidh, oir is beag an díobháil do rinne an
crann pluimbis le teachd


L. 16


a-steach ann mo gharrdhadh; acht amháin, ní
tháithnigheann liom go d-tiocfadh se ann súd gan mo chead."



"Ta go maith, ta go maith," ar an t-adhbhocoid, tuigim sin go h-iomlán;
acht so an nídh is mían liom chur a g-céill duit, a Mhaighistir Oaclaidh,
go bh-fuil Grant so agus a mhac ag íarraidh cairdeas a dhéanamh leat-sa, le
bríb de bheagan subhcraobhaibh do chur chugad fo láimh mar so, ionnus nach
d-tiocfadh an chuis chum breitheamhnais cheirt."
"Bríb!" - do gháir Oacladh a-mach, - "níor ghlac me bríb air bíth
a-ríamh, agus ní ghlacfad go brath;" agus le mothugadh h-oban feirge, do
tharraing se na subhcraobha as an d-talamh ann a raibh Artur da g-cur, agus
chaith se thar an m-balladh íad a-steach a n-garrdhadh Graint. Do chuir
Muiris a lail noch a bhí a tosughadh air shéidigh bláith uaidh, a b-pota na
m-bláth air mhullach an bhallaidh a n-dóigh go bh-feichfeadh a charaid
Muiris é, ó lá go lá.
Och! ní raibh a fhios aige cread an t-ionad guasachdach ann ar chuir se
é. Do scaith aon d'a phlandaibh subhcraobh Brobdignag féin, a theilg
Oacladh as a láimh le feirg, an ceann d'a lail dheas.
Air m-béith d'Artur ag léir-smuaineadh gad é mar chuirfeadh se a g-céill
d'a athair, go raibh an t-adhbhocóid meallta ann a bharamhuil air Mhuiris
bhocht, níor thug se fa deara tuitim an laile.
Lá air na mhárach, a-núair do chonnaic Muiris a phlandaidhe subhcraobh
sgaftha air an d-talamh, agus a lail air a raibh se ro cheanamhuil briste, do
ghabh uathbhas mór é agus fearg air feadh tamuill, acht níor mhair fearg
a-ríamh dó-san a bh-fád d'aimsir. Chuir se a g-céill dó féin gur le
mí-thafadh do tharla so go léir; níor bh'fhéidir leis a chreidmhuin go
m-b'fhéidir do dhuine air bíth, a bheith chomh mío-rúnach sin dó, is go
n-déanfadh díobhal dó d'a dheóin. "Agus cuir a g-cás go ndearnadar so
go h-uile le rún fearg a chur orm-sa," ar se leis féin, "ní thig liom nídh
air bith do dhéanamh níos fearr ná gan léigean dó fearg a chur orm.
Maith agus dearmad." As mó sólás a bhí ag Muiris as a n-inntinn so a
bhéith aige ná b'fhéidir leis a bhéith aige gan í, dá m-ba leis laile
Holanda go h-iomlán.


L. 17


Do bhíodar laile an trath sin 'na néithe mór-lúaigh do réir bharamhla
luchd na tíre a n-iomad d'áitibh air gach taobh den áit, ann a rabhadar
Muíris agus Artur 'na g-comhnuidhe.



Do bhí neach dúileamhuil a m-blath air tí féasda do ghairm ag baile a
n-gar dóibh, mar a raibh tursgán maith d'uirlis gharrdhadoireachda re
faghail mar lúach saothair tre bhuaidh do bhréith ag neach air bíth a
d'fheudfadh an bláth a b'fhearr d'a chinéil do thaisbéunadh. Ba h-é an
lail an bláth a b'fhearr san m-blíadhain a chuaidh thart, do réir baramhla
na poiblidheachda, agus da réir sin, rinneadar mórán de dhaoinibh a
n-dithchioll 'na dhiaigh sin fréamhacha laile d'fhaghail, a n-doigh buaidh do
bhréith an bhlíadhan so.



Ba bhreagha an lail a bhí ag Artur. Mar bhí se da bhreathnughadh ó lá
go lá, agus gur shaoil se go raibh se teachd air aghaidh gach uile lá, bhí
mían mór aige buidheachas a thabhairt d'a charaid Muiris air a shon; agus
is minic do ghrap sé súas re na chrann abhalloir fiadhain féin, chum
féachuinn a-steach a n-garrdhadh Mhuiris, a n-doigh a lail-san d'fheicsin mar
an g-céadna a m-bláth 's a sgeimh iomlán. Nior bh'fhéidir leis fheicsin
air aon chor.



Air theachd lae féasda an bhlathoire, do chuaidh Oacladh maille le n-a
mhac go h-ionad na coimh-thíonoile ag bréith an laile áluinn leo. Is air
fhaithche iomairte fharsaing go chruinnigheadar a g-ceann a chéile. Bhí na
blátha go léir d'iomad cinéal a n-eagar air chnocán ag an g-ceann shúas
den bh-faithche iomairte, agus, a-measg an iolardhais dheagh-mhaisigh so go
h-iomlán, do bhí an lail a thug Muiris do Artur breagha go soilléir. Is
don té lerab leis an lail so, do breathnuigheadh an dúais do thabhairt, agus
a-núair a tugadh an uirlis gharrdhadoireachda dheas do Artur, chúalaidh sé
guth a d'aithin se go maith ag aitchiughadh sólais dó. d'fhill se, d'fhéuch
se 'na thimchioll, agus chonnaic se Muiris a charaid.
"Acht ca bh-fuil do lail féin, a Mhuiris?" arsa Maighistir
Oachladh.



"Shaoil me, a Artuir, gur innis tu dham, gur chongbhaigh se ceann dó féin."
"Do chongbhas go deimhin," arsa Muris, "acht, (tré mhio-thafadh creidim) do
bhris duine éigin é."


L. 18


"Duine éigin! cia h-é?" - ar Artur agus Maighistir Oacladh a n-ein-
fheachd.



"Duine éigin a chaith na plandaidhe subhcraobh tar ais a rís thar an
m-balladh;" ar Muiris.
"Is mise an duine éigin sin, is mise an fear sin," ar Oachladh; "ní
cuibhe liom a shéanadh; acht níor smuaínigheas do lail do bhriseadh,
a Mhuiris."



"A Mhuiris ionmhuin," ar Artur; "oir ata a fhios agad, a athar, gur féidir
liom Muiris ionmhuin a ghairm air 'nuair a tá tusa do lathair -ag so an
uirlis gharrdhadoireachda - glac íad agus fáilte."
"Ní ghlacfad aon díobh," ar Muiris ag tarruing air ais.
"Tairg don athair íad, tairg do Mhaighistir Grant íad;" ar Oacladh ag
cogar; "glacfaidh seision íad, béidh mise a n-urrudhas ort."
Do bhí Maighistir Oacladh meallta. Ní ghlacfadh an t-athair an uirlis.
Do ghabh uathbhas Maighistir Oacladh. "Go dearbhtha," ar se leis féin, "ní
féidir dó so a bheith 'na thruaighleanach nar shaoil mé" agus air an m-ball
do shiubhal se suas chum Grant agus dubhairt se ris go danartha; "Is ro
mhaith fuaras do mhac-sa air mo mhac-sa, agus is cosmhuil duit a bhéith
luthgháireach mar gheall air."



"Ataim gan amhras," ar Grant.



"Nídh," ar Oachlad, "do- bheir baramhuil dam ort níos fearr ná bhí agam
a-riámh 'roimhe; 'sé sin le radh, ná bhí agam a-ríamh ó'n lá chuir
tú an freagradh mi-mhodhamhuil chugam a d-taobh na subhcraobh dí-chéillidhe
malluighthe sin, gad é an t-ainm a bheir tú orra,"
"Cad é an freagradh mío-mhodhamhuil é?" ar Grant go h-uathbhásach.
d'aithris Oachladh go beacht an freagra a fuair se, agus dhearbhuigh
Grant
nar chuir se teachdaireachd mar sin aríamh uaidh. D'aithris se go beacht
an freagra ceadna do chuir se uaidh, agus do shín Oachlad a lámh amach chuige
air an úair ag radh, "creidim thu, ní'l ríachdanas níos mó a radh.
Ní'l orm acht buaidhreadh nar fhíafraigh mé so dhíot ceithre mhí ó
shoin agus mar sin do bheidhinn réidh muna m-beitheádh-sa ad' Albanach.
Níor thaitnigh Albanach liom go maith 'ríamh gus a-nois. Feudamaoid
buidheachas do thabhairt


L. 19


don óglach bheag mhaith so," ar se, ag filleadh chum Muiris,
"fa ar d-teachd fo dheireadh chum reidhteachadh.



"Níor bh'fhéidir seasamh a-mach a n-aghaidh a dheagh-chroidhe. Go
deimhin tá brón orm ó íachdar mo chroidhe, gur bhris mé a lail. Crathaidh
lámha le muinnteardhas, a bhuachailligh; is maith liom d'feicsin comh
soilbhir sin a-rís, a Artuir, agus tá muinighin agam go d-tabharfadh
Maighistir Grant maitheamhnas dúinn."
"Och! Maith agus dearmad," arsa Grant agus a mhac a n-einfheachd; agus ó
sin súas, tháinic an dá thaghlach le céile go maith.
Do rinne Oachladh fonamhad faoi n-a amaideachd féin a d-taobh an chrainn
phluimbis, agus a g-cionn aimsire, rug se buaidh iomlán os cionn a roimh-chlaoin
a n-aghaidh luchd na h-Alban, comh mór sin, ionnus gur tharla comh-roinn
a g-cúram ceannuidheachda idir é féin agus Grant. Do fritheadh
leabhar-fhoghluim Mhaighistir Grant agus a eolas air an ealadha chomh-áireamh
ro-fhéumamhuil dó; agus a leith Oaclaidh bhí mórán de
cháilidheachdaibh maithe tapaidh ann, a bhí an-tarbhach d'a pháirtide.
Do chuir an reidhteachadh so idir a muinntir luthgháir mhór air an dís
buaichillidh, agus dubhairt Artur go minic gur b'é gnath-labhairt
Mhuiris,
iodhon, Maith agus Dearmad, do bhuaidh a sonas go h-iomlán dóibh.



Crioch.




L. 20


Rosanna
An cheud chaibhidil



Tá dhá chineal sasaidh ann: aon aca fhásas ó shaothar, agus an ceann
eile ó leisge ghnathamhuil. Is subháilce an cheud cheann, acht is
dubháilce an dara ceann. Is iomdha sompla de gach aon chineil aca so le
faghail a n-Eirinn; áit ann a bh-faiceamoid go minic fear slán fulláin, ag
fulang ó lá go lá amhgar agus trioblóid mar gheall air nidh a b'fhéidir
a leigheas gan mórán dochair; agus goillidh se air dhuine a chloistin
da radh, "Dhéanfha se maith go leór dhamhsa. Nach n-dearna se do m'athair
romham. Is féidir liom theacht a d-tír air feadh mo shaoghail; air mhódh
air bíth, tá mé sásta." Is mór an toirmeasg a chuireas an leisg so air
shaothar na n-daoine.



Acht is féidir somplaidh do chineal eile fhaghail a-measg móráin de
mhuintir na h-Éirinn a bhíos 'na g-comhnuidhe san tír. Is feidir le duine,
cuid aca fhaiceal ag cíapáil le anró go crodhach fearamhuil meisneamhuil,
agus ag iomchar gach buaidhreadh nach féidir a léigheas, le méisnigh mhóir,
air mhodh nach féidir do dhuine gan iongnadh agus truaighe a bheith air san am
chéadna.



Tá bunadh 'na g-comhnuidhe a m-baile bheag dheas thuaithe, a g-coigeadh
Laighean, d'ar b'ainm Grae. Is feasach do na comharsanaibh go léir nach raibh
mórán saidhbhris ag Grae an gabhaltuidhe a d-tosach a shaoghail.
Do b'é mac a b'óige do theaghlach mhór é: agus an mhéid do mhaoin a athar
a thainic chum a chionn rona, ní raibh ann acht go m-budh leór é chum a
bhean agus a thriur cloinne do chongbhail súas. Ní raibh aige


L. 21


acht céud ponta d'airgiod thirm tar éis báis a athar, agus do b'éigean dó
dhul a-steach a m-bothán déanta de bhalla chriaidh.



Bhí linn mhúlaigh os coinne an dorais: agus le taobh na fuinneóige,
bhí carn aoiligh chomh árd le cumhdach an tígh, a chongbhaigh a-mach an
solus, agus a líon an teach le droch-bhaladh. Bhí fánadh leis an talamh
d'ionnsaidh doruis an tígh, air mhodh, (air m-béith don linn lán a n-aimsir
fhliuch) go m-bídheadh an chisdeanach 'na baisteach, agus bhí an t-urlár
chomh fliuch is chomh bog sin gach uile ám, ionnus go m-bídheadh lorg
tairngidhe na m-bróg le faicsin ann gach uile bháll dé. Go deimhin, is air
éigin a b'fhéidir lorg na d-tairngidh so fhaicsin acht amháin go díreach
a bh-fogus don dorus, no a n-áit ar dheallraid solus na teine; do bhrígh
go raibh an deatach chomh mór sin ann gach áit eile ionnus go m-b'fhéidir
leis an muic a bheith a bh-foigseacht troidhe dhuit, 'sgan tu da faicsin. Is
cosmhuil go ráibh luchd comhnuidhe deigheanach an tígh so sásta gan
saimléar air bíth, agus go deimhin beagnach gan aon mhullach; do chlaon
na cúplaidh agus na taobhain a-steach, agus níor cuireadh a n-ordughadh íad
a riámh ó shoin, agus bhí síad a tuitim a-steach le meadhachan an chumhdaigh,
ionnus go m-budh bhaoghalach a g-cinn do bhreig-chíabaibh na muintire
nach m-bídheadh air a g-coimhéud orra.
Ní raibh an chosmhulachd taobh a-muigh móran níos fearr ná mur bhí se
taobh a-stígh. Bhí timchioll dhá fhithchid acra san bh-feilm, agus bhí
an fál air gach taobh den talamh (air a m-bídheadh an airneis ag inghilt)
chomh olc sin, go d-tigheadh eallach na g-comharsan a-steach go minic san lá,
agus a g-comhnuidhe san oidhche. Do shaothruigh an té a bhí san áit sin
roimh Ghrae an talamh intreabhtha comh olc sin air chor go raibh se go
h-iomlán as leasughadh.



Da m-béidh Grae mar an g-céadna gan chroidhe gan mhéisnigh, b'fhéidir
dó féin agus d'a bhunadh a bheith ag íarraidh déirce a-niúgh. Do mheas
mórán d'a chomharsanaibh go m-budh mhór an truaighe é; agus a m-beagán
laethibh tar éis báis a athar thainic mórán díobh chum coimh-dhoilghios
a dhéanamh leis. Bhí Síméon sáimh a-measg na muintire a thainic. Budh
dhuine ciúin ceansa


L. 22


foighideach é, no budh córa a radh, leisgeamhuil, agus
da bhrígh sin, thug daoine eigin Símeón bog d'ainm air.
Bí sé 'na short leath-dhuine-uasail, no mar deirtheádh, 'na cheatharnach.
Bhí feilm bheag aige a b'fhiu céud no céud-go-leith ponta san m-blíadhan;
leith-ceúd eile ag teacht a-steach as oifig a bhí aige a d-tígh an
chustuim; agus muillionn nar bh'fhearr dhó céud ponta san m-blíadhan aige
ná é, muna m-béidh go raibh se na chomhnuidhe air feadh mórán aimsire.
"O! bobh! bún! gad é an buaidhreadh a bh-fuilimid ann!
gad é an méud trioblóide ta annso!" - arsa Símeon, a-nuair a thainic
se go teach Ghrae, agus fuair se san dréimire é ag baint an t-sean chumhdaigh
de'n teach: air m-béidh d'aon d'a chlann mhac, ógánach timchioll
cheithre m-blíadhan déug d'aois, ag líonadh cairte le aoileach as an
g-carn-aoiligh a bhí os coinne na fuinneóige. Bhí a mhac a b'óige, óglach
dha bhlíadhain déug d'aois, ag déanamh díoga mo claise chum an t-uisge
do tharraing air siúbhal as an linn ghlais, agus a éadan a's a mhuinéul
comh dearg le teine: agus bhí Róisi a dheirbh-shiur, cailin a g-ceann a
deich m-bliadhan, ag cruinniughadh na lachain do bhí a mathair air tí bhreith
chum tíghearna na talmhan le díol.



"O bob bún! gad é do bhuaidhreadh a's do thrioblóid annso! go
deimhin, a Shéumais Grae, tá tu anróideach go leór, a dhuine bhoicht!"
"Ní féidir a radh" arsa Grae,
"go bh-fuil duine air bíth bocht ag a bh-fuil a shláinte
agus usáid a bhalla. Do bharr air sin," ar seisean, "nach bh-fuil bean agus
clann mhaith agam, agus nach bh-fuil adhbhar go leór ag duine a bheith
sásta leis na tíodhlacaíbh so?"
"'Seadh, go deimhin, 'sé sin an bealach is fearr le dhul thríd an
t-saoghal so. Cídh b'é air bíth theagmhas, go díreach a ghlacadh go
foighideach agus a bheith sásta. Do réir mo bharamhla-sa, níl nídh air
bíth is mór-luaighe, ná a bheith sásta a g-clúid theith sheasgair a chois
na teine."
"Is fíor sin, a Shiméoin," arsa Grae; "acht ní dhéanfadh do chineal
sásaidh-sa go brath damh-sa. An té shuidheas síos go sáimh a g-clúid
an t-saimléir,


L. 23


agus nach n-déanfadh dadadh acht a phíopa do chaitheadh;
is gearr no go d-tuitfidh an teach a-núas 'na mhullach agus ann-sin créud
tharlochas dod'shásadh?"



"Ta se lúath go léor smuaineadh air sin an t-ám a thiocfas se," arsa
Símeón; níor shábháil faitchíos teach ó thuitim a-ríamh: agus cuir
a g-cás go sábhalfadh, do b'fhearr liom é tuitim ná faitchíos a bheith
orm."



"Acht nach m-b'fhéidir leat an teach do chongbhail súas," arsa Grae;
"gan eagla air bíth a bheith ort?"



"An le mo ghuailleacha chur faoi?" arsa Símeón. "Níor chleacht mo
ghuailleacha obair mhór a-ríamh, agus ni thaithnighean si liom air chor air
bíth. Chomh fada a's fhéadfadh me bord a's leaba mhaith a bheith agam,
agus casóg le cur air mo dhruim, níl beann agam air an g-cuid eile. Téidh
an saoghal mar is toil leis, táim sasta. hé! hó! tá an cnaipe so
scaithte as coíléir an chota mhóir so agam, agus cionnus do chongbhuidheas
me orm é. Go deimhin dhéanfaidh biorán chomh maith le cnaipea's níos
fearr. Beidh me ro bhuidheach díot, a mhaistreas Grae, no a Róisi bhig, ma
bhuidheach díot, a mhaithreas Grae, no a Róisi bhig, ma bheireann tu biorán
damh." Shaith se an biorán a n-áit an chnaipe chum an cóta mór do cheangal
timchioll a mhuinéil, agus d'imthigh leis.
Do ghoin se a smeig timchioll dhá uair dhéug an lá céudna; acht
do rinne se dearmad den g-cnaipe fhuaghail a-steach lá air na mhárach, agus
a n-oirthior agus an lá 'na dhíaigh sin. Bhí se sásta, mar dubhairt se
féin, a cheangal leis an m-biorán.
Ní mar sin d'ar g-caraid Grae. Níor bh'áil leis mio-chomhgar air
bíth d'fhulang, a bh'fhéidir a léigheas le saothar, no le inntleachd.
Acht cídh b'é air bíth nar bh'fhéidir a leasughadh, d'fhulang se go
foighideach fearamhnil é. Cuireadh ceann agus cumhdach úr air a theach gan
mhaill. Do cuireadh an carn aoilígh as a áit agus sgaipeadh é air feadh
na coda sin d'a fhearan is mó bhí air easbhuidh leasughaidh: do tiormadh an
linn bhréun, leis an uisge do tharraing uaidh, noch do rinne talamh an
mhóin-féir torthamhuil; agus ní raibh an chisdeanach 'ríamh ó shoin 'na
baisteach a n-aimsir


L. 24


fearthaine, do bhrígh go n-dearnadar, a leath-lae,
díoga bheag leis an uisge do thairaing air siubhal.
Ní raibh lorg tairngidh na m-bróg nios faide le feicsin san urláir; oir
do chuir an dís buachaillidh caith thirm mhuillin thríd an g-cré, agus
bhuail siad an t-urlar go maith, go n-dearnadar cruaidh comhthrom é.
Do rinneadh mar an g-céadna na seómraidh saor glán ó dheataíg: oir
do rinne Grae saimléar, agus bhí fuinneóg ghloine a-nois air an g-cisteanaigh
a n-áit na fuinneoga bhí a-nallúd uirri, ar ghnathach leithi a bheith
stoptha súas le sean-hata, a-nuair a bhídheadh an ghaoth a' séideadh go
ro ghéur. Bhí solus a-nois san tígh. Níor bh'fhéidir leis a muic a-nois
dhul a-steach 's a-mách gan a faicsin 's gan a bualadh: ní raibh sí air
lóistin san g-cisteanaigh nios mó.
Go deimhin bhí neamhchosmhulacht comh mór sin idir an chisteanach
a-nois, agus a-nuair a bhí an maighistir deigheanach 'na chomhnuidhe innte,
ionnus go n-deacha sí ó aithne air. Ní raibh sí air aon chor cosmhuil
le fall mhuiche. Bhíodar na ballaidh air na nigheadh le h-aol chomh geal
le sneachta, agus do cuireadh cláir súas air ar cuireadh uradh tíghe glan
maide agus peathair a n-eagar. Ní raibh carnáin air bíth do thachair gan
féum a g-coirnélaibh an t-seómradh, no fiú sean chlíabh, nó seán phluid
no brat, no cóta mór caithte síos air feadh móimeide as bealach
an chailin. Ní raibh. Bhí Róisi 'na cailin a chuirfheadh gach uile nídh
a g-comhnuidhe ann a áit féin: agus thainic se beagnach comh reidh aice,
cóta no brat chrochadh súas air thairnge maide, le na g-caitheadh síos air
an talamh no air an urláir. Mheas sí go raibh se chomh furas an cliábh
agus Iód na móna a chur as a bealach a-nuair a bheireadh a dearbhraithreacha
a-steach na potátaoi agus an mhóin, le na bh-fagáil a lár na cisteanaigh,
le tuisle do bhuain aisti féin agus as a mathair; no le na madaidh agus na
cait a bheith da g-cognadh.



Do b'fhéidir go measfuidh gur néithe gan bhrígh íad so, agus nach
cuibhe do sheanchaidhe tracht air a leithide; acht is mór a chuidigheas
néithe de'n t-sort so le glaine agus sólas do thabhairt do bhunadh bhocht;
agus uime sin is oireamhnach tracht orra ann a leithid so de dh'obair.
B'adhbhar uathbhais agus achmhusáin do chuid de


L. 25


chomharsanaibh Grae, gur
chuir se a-mách air a g-céud thosach timchioll deich b-ponta,
níor bh'feidir dhó a bheith níos lúgha, (suim mhór airgid dhó-san!) air a
theach gus a ghairdhadh; do bhrígh, do réir a m-baramhuil-san, go
m-bh'fhearr dhó an t-airgiod á leagan a mách air an talamh.
"Agus créud fá" ar síad-san, "nach n-déanfadh se a dhíthchioll
comnuidhe a dhéanamh san t-sean chabán air feadh tamuill, mar rinne daoine
eile 'roimhe maith go leór. Budh chóir do dhuine bhocht" ar síad-san,
"a bheith sásta le teach uirisiol: agus créud é an tairbhe an t-airgiod
tirm a chur a-mach a m-bealach nac d-tiubharfadh se nidh air bíth a-steach."
Do mheas an feilmeoir Grae nar bh'féidir dó a chuid airgid a leagan
a-mach chum tairbhe ní bhudh mhó: óir is maith an bháramuil gur
shábháil se, leis na deich b-ponta so, a bhean, a chlann a's é féin ó
fiabhras bhréun agus ó ron-ghalar. An mhuintir
a bhí 'na g-comhnudhe san tígh só go déigheanach, agus a d'fhulang an
carn aoiligh a bheith a bh-fogus don bh-fuinneóg, agus an linn líath-ghorm
theacht a-steach air feadh na cisteanaigh, agus an ghaoth ghéur do bheith
ag séideadh a-steach thríd an h-fuinneóg bhriste, do chaill siad a
sláinte a m-beagán blíadhanaibh. Bhí fear an tígh bacach le sgoilteach;
fuair dís cloinne leis bás de'n bh-fiabhras: agus bhí súile na mathar
comh lasda dearg sin ionus nar bh'féidir leithi sníomhadh no dadaidh eile
do dheanamh re easbhuidh radhairc. A-nois thainic an t-iomlán dar cailleadh
le tineas bhunadh an tígh, le dochtuir, agus le cur na cloinne, thainic
síad go léir a d-trí m-blíadhanaibh a bh-fogus do dheich b-ponta tri
h-uaire. Uime sin, ma dhearcamoid air airgiod amháin budh duine ro chríona
Maighistir Grae. Créud a d'feudfadh seisean no duine air bíth eile a
dhéanamh gan sláinte? Ní h-é an t-airgiod an chéud nídh san t-saoghal
so air ar chóir smuaineadh: oir is iomdha nídh nach feídir a cheannach
air airgiod, agus is díobh so an t-sláinte. "Is féidir le sláinte airgiod
a dhéanamh, acht ní feidir le airgiod slainte a thabhairt;" ars' an
feilmeoir criona - "agus ann sin mar geal air


L. 26


bheagan sgillinibh no pontaibh,
ta solus aguin-ne le ar ngnothuidhe a dheánamh agus d'fheicsin; agus cláir
agus cófra le ar g-cuid éadaigh do chur a d-taisge ionnta.
A-nois beidh an uiread sin go h-iomlán sabháilte aguinn gan morán maille,
oir mairfidh na h-eadaigh niós faide, agus ní rachfuidh na neithe air gach
taobh dhinn a-mugha; agus a-nuair is feidir liom-sa agus leis na buachallaibh
theacht a bhaile a n-díaigh ar n-obair lae chum a leithid so de theach, is
féidir dhuinn a bheith sásta."



Iar n-deimhniughadh sláinte, glaine, agus soluis ann a thigh dár
d-tréun fhear comh maith is b'fhéidir leis, thug se féin agus a chlann a
n-aireachas chum an talamh do chur a n-eagar. Do thoisigh síad a' deasughadh
na bh-fal go h-uile; oir gidheadh go raibh na buacaillidh óg, b'féidir leo
cuidiughadh le n-a n-atair ag saothrughadh na feilme: bhí mían a's sólás
aca obair a dhéanamh 'na chuideacht-san. B'fhéidir le Sean, an té ba
sine, potataoi a chur, agus le Roibeard, treabhadh do dhéanamh: air mhodh
nar ghabh Graé feadhmanach air bíth air thuarasdal lé cuidiughad leis, no
Maighistreas Grae seirbhiseach mna air bith. "Is feidir le Róisi a's liom-sa",
ar sise "maith go leor aire do thabhairt don dá bhá, agus a m-bleaghan, agus
an t-im a dheanamh; agus 'na cheann sin feadfhamoid rud eigin a shaothrughadh
ler sníomhachan. Is eigin duinn déanámh gan searbhoghantuidh, agus is maith
dhuinn réir do dhéanamh orainn fein, agus budh choir duinn réir do
dhéanamh orainn fein, agus budh choir duinn a bheith sásta leis."
"Beidh an aimsir níos fearr," arsa Grae, "'sé sin le radh, dhéanfam
níos féarr í gach uile bhliadhan: caithfeamoid an chuid is gairbhe a
bheith aguinn air d-tús."



An chéud bhlíadhan, gan amhrus, bhí se garbh go léor, agus da fheabhas
da n-dearnadar a n-díthchioll, nior bh'fhéidir leo níos mó ná an ciós a
dheanamh: agus budh h-é suim an chiosa dha fhithchid ponta. Budh h-é
tighearna na talmhan duine áirighe d'ar b'ainm Hopcins, d'ar ab oifig cíos
a thógbhail do dhuine uasal eigin a bhí 'na chomhnuidhe a
Sacsan. Do chuir Maighistir Hopcins roimhe go ceann-dana an
cíos


L. 27


d'fhaghail an lá budh chóir e agus fuair se é. Do bhí Grae sasta a n-
inntinn féin, ag smuaneadh gur b'é a leas é.



"A nuair a díoltar an cíos aon uair amháin," ar se, "ni feidir a
iarraidh a-rís, agus ni'l me a g-cumhachta dhuine air bíth: is mór an
sólás sin. Tá se cinnte da m-béidh cíos na leith-bhlíadhna air feadh
tamuill a m' lamhuíbh, go m-b'fhéidir dó a bheith feumamhuil damh, acht is
fearr gan a bheith faoí chomaoin ag duine mar Mhaighistir
Hopcins, a chuirfeadh d'fíachaibh orainn a chúiteadh leis a
m-bealach eigin; agus sin a nuair is lúghadh a bhéidh
smuaineadh aguinn air." Bhí Maighistir Hopcins, 'na short
duine d'a ngoirthear a n-Éirinn fear meadhonach, .i. duine a
cheannaigheas talamh ó na h-árd-thighearnaíbh le na dhíol
a-rís níos daoire, agus go minic go ro dhaor leis na daoinibh
bochta. Bhí a chuid talmhan ag Grae air chíos chomhthrom,
do bhrígh nach ó Hopcins do ghabh a athair léaghsa na talmhan;
acht ón duine uasal d'a raibh an fear so a' tógbhail cíosa.
Bhí dúil ag Maighitir Hopcins an talamh; acht
ón duine uasal 'a raibh an ear so a' tógbhail cíosa. Bhí dúil ag
Maighistir Hopcins an talamh a bhí seilbh Grae do cheannach, agus uime sin,
budh mhían leis a chur a g-céill do thíghearna na talmhan, do bhí 'na
chomhnuidhe a Sacsan, agus ag a raibh beagán eoluis air a dhuthchaidh féin
nach raibh feilm Grae go ro mhaith. - "Mur n-díolfhuidh na Graes so an
chíos," ar se le na thiomántóir, "cuir a g-cuid airnéis a láimh, agus
díol go puíblidhe íad, fa cheann ochd lá, leis an té is mó bhearfhas
ortha. Ma ealuigheann síad áir siúbhal, beidh an talamh glan agam, agus
is féidir liom a thabhairt le muinnteardhas dom' chairdibh féin comh
luaith a's thiocfhaidh se am' sheilbh."
Bhí se beagán meallta: oir bhí an cíos díolta súas gus an lá.
"Acht," ar se, "ní mar so bheidh se air an m-blíadhan so chugainn. Ta an
fear so a' leagan a chuid airgid a-mach air an talamh, ag déanamh díog agus
fal, agus ni thabharfadh sin mórán tairbhe a-steach go h-oban. Fagfamaoid
an cíos ann a lamhuibh air feadh blíadhna no mar sin agus ann sin bhéarfamoid
ordughadh air le n-a chur a-mach, ma fhaghamoid ann ar g-cumhacht é,
ó gheabhamoid


L. 28


go cinnte. Ann sin gach a n-dearna se leis an teach, is damh-sa rachfhas se
ann sochair. Budh mhór an t-amadán é a chuid airgid a chur a-mach mar so!"



Tharlaidh se 'na dhiaigh sin go n-dearna Grae tairbhe mhór de'n airgiod
a leag se a-mach a' cur deis air a theach: agus sin ann ám agus air mhódh
nach raibh súil air bíth aige leis. Bhí a chabán a rádharc a bhealaigh
mhóir a bhí a' dul chum baile timchioll míle ón áit a raibh se 'na
chomhnuidhe. Thainic cuideacht shoighidiur as Sacsan chum ceathramhan do
ghabhail san m-baile sin, thainic a g-cuid mna go goirid 'na n-diaig. Do
ghlac tinneas cloinne go h-oban aon de na mnáibh so .i. bean oifigigh. Sul
ma d-tainic síad chum an bhaile, do stad an soighidiúr do thiomán an
chairt ann a raibh sí ag baile beag de chabanaibh bochta a bhi air thaobh
a bhothair: agus do chuaidh se a-steach a g-ceann aca, ag fiáfraidh de
bhunadh an tígh a d-tabharfadh síad lóistín don mnaoi. Ag féuchain don
mnaoi thinn air an g-caban so lán de dheataigh agus de shalchar, thug sí
fuath dhó: agus d'íarr sí mar athchuinge air, a tabhairt air a h-aghaidh
chum an tígh bhig dheis ghil do chonnairc sí tamull beag ón áit sin.
Ba h-é so teach Grae.



Do thug a bhean aoidheacht agus céud míle fáilte dhí; d'fhéud sí
leabadh dheas agus seomra anghlan, tirm a thabhairt di. Ni fada a n-diaigh
a theacht dí no go rug bean an oifigigh leanbh, agus d'fhan sí ag
Maighistreas Grae no go d-tainic si chum a sláinte agus a neirt a-rís. Bhí
sí ro bhuidheach de Mhaighistreas Grae air son go n-dearna sí mórán dí,
agus bhí a fear amhluidh mar an g-ceudna. Thainic se trathnóna eigin chum
an chabáin bhig agus do réir nois na Sacsanach dubhairt se.



"Tá fhios agad, a Mhaighistir Grae, go bh-fuil adhbhar agam-sa no ag mo
mhnaoi, (ó's e an cás céudna é,) a bhéith buidheach dhíot-sa no dod'
mhnaoi; (noch is ionann;) uime sin, dlíghe comaoin a chúitiúghadh. Thug
ar d-taoiseach-sluaigh ordughadh dhamh-sa, air m-beith dham mo
mhaigistirceathramhuin, cuid do shean-chapollaibh na
saighidiúraidh do reic go puiblidhe. A-nois do cheannaidh me an ceann is


L. 29


fearr aca air fhíor-bheagán, agus thug
me liom ann so é a ndoigh go n-glacfa é mar shórt cuitiughaidh a n-éiric
na sibhialtachda thaisbéun tu féin á's do bhean damh-sa agus dom' mhnaoi.




Do fhreagair Grae, ag radh, go raibh sé ro bhuidheach dhé fa'n n-gearrán
do thairgeal dó acht nar bh'fhéidir leis a ghlacadh: go raibh luthghair ro
mhór air é bheith a g-cumas a mhna sibhialtachd air bíth do thaisbéunadh
do dheóradh: acht do bhrígh nar chongbhaigh síad teagh-ósda nar bh'fhéidir
leo nidh air bíth a ghlacadh a n-ionad díoluigheachta.
Thaithnigh féile agus daonnacht an fheilmeoir Grae go ro mhór leis an
oifigeach. - "Go deimhin," ar se, "Chualaidh me, sul ma d-tainic
me go h-Eirinn
nach raibh lucht sáruighte na n-Eirionnach á bh-féile le faghail air
dhruim na talmhan, agus chim gur fíor é. Agus gídh b'é air bíth áit a
m-béidh me ó so súas air feadh mo shaoghail, ni cheilfhidh me sin.
Agus á-nois, aitchim ort, aithris dam, an féidir liom nídh air bíth da
laighiod a dhéanamh choidhche le cúitiughadh a dheanamh leat fa'n g-comaoin
a chuir tu orm: oir, ma's éigin an fhirinne innsin ormsa, ní h-áill liom a
bheith faoi chomaoin ag duine air
bíth, a-nuair
a bhíann se a'm' chumas a chúitiughadh."
"Ionnus go g-cuirfinn a g-céill duit," arsa Grae, "nach mian liom
cúitiughadh air bíth dh'íarraidh ort, inneósad duit cionnus is féidir
leat oiread no a dheich n-oiread a dhéanamh dham-sa, a's rinne mise dhuit-se;
agus sin gan cáill píghine a chur ort féin no air aon n-duine de'n
mhuinntir d'a bh-fuil tu a' déanamh seirbhise."
"Innis dam cionnus is féidir a dheanamh, agus déanfar é;" ars' an
t-oifigeach.



"Maiseadh, so a bh-fuil me íarraidh ort .i. aoileach thígh na soighidiúr
a thabhairt dam, a dhéanfas mo chuid talmhan agus me féin saidhbhir, gan
tusa a dheanamh nios boichde: oir bhearfha me luach comhthrom dhuit air,
gidh b'é air bhíth is fiú é. Ní'l me ag íarraidh ort éagcóir da laighiod
a dhéanamh air a muinntir a bh-fuil tu futha."



Do gheall an t-oifigeach go n-deanfadh se sin agus céud míle fáilte.
d'fhalaigh Grae deich n-acradh


L. 30


talmhan leis an aoileach a thug se ó thígh na saighídiúr; agus bhí na deich
n-acradh so á g-craicionn ro mhaith an bhlíadhan na dhiáigh sin. Ba leór so
le deich m-ba a thógbháil: bhí trí ba aige cheana, agus cheannaigh se
seacht g-cinn eile, agus chuir sé stábla suas le a raibh do bharr na g-
céud ponta aige tar éis luach ná m-bó do dhíol. Ba ro mhaith an sás im a's
boinne a dhéanamh a bhean agus a inghin. Rinne síad ceithre phonta san m-
bliadhan air bhlathaigh gach aoin bhó. Do shaill siad an t-im agus rug síad
leo é gus an margadh a b'fhoisge dhóibh. Dhíol síad an bhlathach le
muinntir na tíre theidheadh ann a tígh 'na coinne do réir nóis na h-áite
sin.



Thóg siád cúig gamhana 'na cheann sin, a dhíol siád a g-cionn a
m-blíadhna air chúig ghinidh dhéug go léith. 'Na dhiaigh sin agus uile,
níor thóg an tigh-boinne aimsir na mathara duthrachtaigh so agus a h-inghine
súas go h-iomlán: bhí ám aca snaith do sníomhadh air a bh-fuair síad
sé ghinidh. Rinne síad, mar an g-céudna, rud beag air éunlaith; acht ní
dhearna síad sin acht amháin an chéud bhlíadhan: thug Maighistir
Hopcins fúrfhogradh dhóibh 'na dhiaigh sin, go g-caithfidh síad éunlaith
an dualgais a dhíol do réir mar bhí d'fhiachaibh orrtha san léas, no dhá
ghinidh thabhairt dó gach uile bhlíadhan air a son. Is iomdha slíghe bhí
aige, le airgiod d'fhásgadh a-mach as íocaidhibh bochta agus ní raibh mían
air bíth aige géilleadh do na Graes; oir ba mhó an dúil a bhí aige
a-nois 'ná a-ríamh a bh-feilm a bheith ann a sheilbh féin; do bhrígh,
tre saothar agus díthchioll an fheilmeóra chríonna so agus a chlainne, go
raibh sí go mór níos fearr a-nois 'ná air d-tús.
Gídheadh go raibh a dhís clainne ro óg, do chuidigh síad le n-a
n-athair an talamh do shaothrughadh mar a dubhramar 'roimhe. Do thiormaigh
an mac ba sine machaire beag d'ar b'ainm machaire na luachair, ag tarruing an
uisge uaidh. A-nois ní raibh feath air bíth le faghail air, agus thug a
athair tairbhe an mhachaire so dhó, agus dubhairt se go n-ainmneóchadh se
'na ainm féin é. Rinne Roibeard, an té do b'óige, fromhadh beag do
reir comhairle a athar, a bhí 'na chúis mhagaidh ag mórán d'a chomharsanaibh
air d-tús,


L. 31


agus d'a n-dearnadar iongnadh air deireadh. Bhí an tobar as a d-tigeadh an
t-uisge chum linn na láchan ag ceann móin-fhéir, a bhí a' claonadh síos le
fána, air mhodh go m-b'fhéidir leis an uisge rith air siúbhal de.
d'fhliuch Roibeard an móin-fhéur so san ám cheart de'n m-blíadhan, agus
thug se barr 'na dhíaigh sin nach bh-facas a leithide 'ríamh a-roimhe ann.
Do ghoir a athair machaire Roibeird don móin-fhéur so, agus thug se luach
an fhéir thirm a d'fhás air dó féin.




"A-nois a bhuachaillidh muirneacha," ars' an t-athair maith so; "do
shaothruigh sibh-se beagán airgid daoibh féin; agus so beagán eile
dhaoibh, an méid is féidir liom a shábháil. Feiciom créud is féidir
libh a dhéanamh leis an airgiod so. Cuirfidh se luathghair orm bhur
bh-faicsin a' teacht air aghaidh le'r saothar agus le'r méisneach: ní'l
me ag íarraidh oraibh a bhéith bhur sglábhaidhibh agam-sa air feadh na
coda is fearr d'ur m-beatha; acht béidh me deóntach a g-comhnuidhe
congnamh a thabhairt dáoibh, mar budh chóir d'athair a bheith."
Is air eigin a d'fheúd na buachaillidh focal a labhairt, no freagra air
bíth a thabhairt uatha d'a n-athair; acht an oidhche cheadna sin, air
m-béith dhóibh leo féin, dubhairt duine aca leis an duine eile.
"A bh-facaidh thu lítir Sheóin Ríl chum a athar, a dhearbhrathar?
Deir siád gur chuir se deich n-ginidh a bhaile chuige. An saoileann tú go
bh-fuil se fíor?"
"Ta go deimhin; connairc me an litir, agus níor sgríobhadh lítir
a-ríamh ó mhac chum athar níos carthanaigh ná i. Connairc me na deich
n-ginidh d'a n-díol leis an t-sean n-duine a-steach ann a laimh; agus ba
mhaith liom, san ám cheadna, da m-ba mise a bhéidh ag déanamh na néithe
céadna le m'athair féin."
"'Sé sin go díreach an nídh air a raibh me a' smuaineadh, a-nuair a
d'fhíafraidh me dhíot a bh-fachaidh tu an lítir. Acht ní raibh rud air
bíth ag Seóin Ríl a-nuair a chuaidh se a g-críochaibh coigcriche leis
an arm go h-Egipt a-nuraigh. Go deimhin, ní raibh dúil agam féin a-ríamh
an droma do leanmhuin, acht is beag nach leor so chum cathughadh do chur air
neach a dhéanamh. Da measfuinn go m-b'fhéidir liom


L. 32


deich n-ginidh a chur a bhaile chum m-athar, chuirfinn me féin air rolla
na saighidiúr a-márach."



"Ní maith a dhéanaidh sin, a Roibeird," ansa Seóin; oir ta me cinnte
go m-bh'fhearr le m'athair go mór, tusa bheith aige ná deich n-ginidh; ní
airighim mo mhathair bhocht, agus Róisi, agus me féin d'ar mhór an
t-adhbhar bróin a chloistin go n-deachaidh piléar thríd do cheann mar a ta
a n-dan, uair éigin don muinntir a leanas an armáil. Os a chionn sin, ní
thaithnigheann ceardh fola liom. Air mo shon-sa b'fhearr liom ealadhan air
bíth eile nach n-déanann díoghbhail d'aon n-duine, agus ghnídheas maith
do mhórán chomh maith liom féin, mar a dubhairt ar n-athair an lá
a-roimhe. Ann sin gídh b'é A ghnidheas duine, is le cogúas glan do gnídh
se é, agus is féidir leis a shólas a bheith aige."
"Ta tú ceart, a Sheóin, agus bhí mise air seachrán tracht air
liostail," arsa Roibeard: "acht 'sí lítir Sheóin Ril amhain, agus na
deich n-ginidh a chuir se chum a athar do chuir ann mo cheann é. Is fearr
ceard air bíth, mar deir tusa, ná ceard fhola. Is féidir liom an oiread
sin a dhéanamh do m'athair le fanmhuin 'sa m-bhaile agus aire thabhairt
dom ghnothuide. Uime sin a-nois slán leat; rachadh mise a chodhladh, agus
is féidir linn tuille a radh 'na thimchioll a-márach."
Air maidin, lá air na mhárach, a-nuair a bhí an dís ogánach so a'
cur potátaoi san machaire do bhunadh an tigh, agus ag léir-smuaineadh créud
budh chóir dhóibh a dhéanamh tar éis na potátaoi a bhéith curtha,
cuireadh toirmeasg orrtha le garsún beag a thainic d'a n-ionnsuidhe ag rith
comh tapaidh is d'fhéud se, a' gairm a-mach.
"Adhbú! adhbú! ta feum ag Símeon O Dochartuidh oraibh. Air son Dé
rithidh trasna an chorraigh, chomh luaith 's is féidir libh agus cuidighidh
leis a ghearrán a tharraing a-mach as a díoga úd thall ann ar thuit se
síos a-réir."
Do lean an dís dearbhraithreacha an buachall beag air an m-ball, agus
thug síad téud agus adhastar leo; óir do mheas síad nach m-béidh
ceachtar


L. 33


aca ag Símeon bog. Fuair síad é ag fasgadh a lamh a bh-fogus don
tonnamhas, an áit a raibh an gearrán d'á mhúchadh. Bhí buachaill beag
giobach ag streachailt chinn an ghearráin le píosa do rópa bheag gearr
fheir. - "Och, mo chreach! mo chreach! gad é dheanfhas me gan adhastar? Ar
n-doigh cailfighthear an gearran, díoghbhail adhastair, agus ch'áit san
domhan mhór a bh-fuigheadh me ceann," arsa Símeon, 'sgan é a' corrughadh
aon urlach amháin as an áit, "Och, beannacht Dé dhaoibh, a bhuachaillidh, a
thug an t-adhastar aguinn. Acht féuch ata an beathach bocht go díreach
caillte. Ní thabharfadh an domhann go léir a n-éinfheacht beo as sin é.
Caithfidh me cur súas leis a g-caill agus a bhéith sásta. Thug me cúig
ginidh déug air, agus léumfadh se níos fearr ná gearrán air bíth san tír.
Och, mo thruaighe é! mo thruaighe é! Acht glachaidh go socair an cás, ó
tharla nach d-tig linn dadaidh dhéanamh acht sin. A chreatúir bhoicht! a
chreatuir bhoicht!" Níor thug na h-ogánaigh luthmhair so cluas do ghearan
Shimeoín, acht le congnamh Simeoin agus an dís buachaillidh, do
tharraing síad an gearrán as an tonnamhas. Bhí an créatur bocht beag nach
as anal le saothar ag iarraidh faghail a-mach; acht a g-cionn tamuill bhig
'na dhiaigh sin, shín se é féin, agus thainic se chuige féin a n-díaigh a
chéile, air mhodh go m-b' fhéidir leis seasamh. Bhí leath-chos leis 'na
dhiaigh sin comh bacach sin ionnus gur air éigin d'féud se siúbhal; agus
dubhairt Símeon go m-béidh se bacach le n-a bheo.



"Acht cía smuaineóchadh choidhche go rachfadh se air seachrán ann a
léithid d'áit ghrána seach áit air bíth eile?" ar se; "ta fhios agam,
air mo shon-sa, go bh-fuil an áit sin comh faluighthe sin d'fhéur agus do
luibhfearnach de gach aon chineal, agus ta se an fhad sin ó leasuigheadh
dadaidh leathair ann sin le linn dhearbhrathar m'athar ui Hagartuidh, ionnus
nar chuimhnigh me air aon chor go raibh tonnamhas, no cineal poill air bíth
eile ann; agus b'fhearr liom go m-beidh siád so a bh-fad uaim, sul ma
n-deachaidh mo ghearrán breagha a-steach ionnta air seachrán mar dhallorán:
oir is mar so bhí an cás: bhí se deigheanach san oidhche a-nuair a
thainic me a bhaile


L. 34


'réir, agus ní raibh me comh measardha le breitheamh. Iar d-teacht a bhaile
dham, ní fhuair me aon n-duine 'na shuidhe acht an cailin; thug me an
gearrán dí le cur san stábla, agus dhearmad si an doras a dhruid 'na diaigh
a ta gan glas air bíth, agus ní raibh acht beagan coirce aige tre neamh-
aire an bhuachaill, agus ní raibh adhastar air bíth le n-a cheangal, agus
tháinic mo Shir Háisint bocht a-mach ann so air seachrán, mar bhí an
donas air, agus a-steach san tonnamhas leis. Nach raibh rath air mo
reamh-bhrathair ó Hagartuidh a rinne an tonnamhas ann so air chor air
bíth. Do b'fhéidir dó theacht súas, mar ba chuibhe dhó, gan a lamha
shalaigheadh le leasughadh seithidh salacha".



"Bhí me go díreach air tí radh leat gan buaidhreadh a bhéith ort fa
do ghearrán a bhéith bacach," arsa Seóin Grae, "agus innsin duit, da m-béidh
an tonnamhas a n-eagar a-rís agad, go m-b'fheidir leat luach gearráin eile
a dhéanamh súas gan mhaill."



"Och! ní bheidhínn a m-buaidhreadh le rud air bíth de'n t-sort. Féuch
muillionn Rosanna ann siúd thall; bhí me a d-trioblóid a t-saoghail leis
no gur stad se go h-iomlán. Is féidir leis a muinntir a thiocfhas a'm'
dhiaigh-sa a chur air siúbhal a-rís agus fáilte. Ta mo shaith go díreach
agam le theacht súas air agus air mhodh air bíth ta me sásta."
"Acht, da mb'fhéidir leat cíos comhthrom fhaghail air an tonnamhas,"
arsa Seóin, "a n-dhíolfá é?"
"Ní chuirinn a n-aghaidh sin air aon chor, a g-cás nach m-béidh triobloid
dam ann" arsa Símeón. "Agus da m-b'fhéidir leat duine éigin fhaghail a
choingbheóchadh muillion Rosanna air siúbhal gan buaidhreadh air bíth chur
ort féin a g-cuirfeád a n-aghaidh sin, a g-cuirfeádh?" arsa Roibeard.
"Ní chuirfinn, go cinnte;" arsa Símeón ag gáiridh. "Gídh b'é
bhéarfas Día damh, ma's beág mór é, tá me sásta. Acht ná meas go
bh-fuil me am' amadan fa bhéith ag caint chomh leamh so a d-taobh an cháis;
ta fhios agam maith go leór gad é d'fhéudfainn faghail air an muillionn
tamull fáda ó shoin, a-nuair a stad se air d-tús, da n-díolfhainn é leis
an té a bhí dh'a cheannach uaim; acht gídheadh go raibh se 'na


L. 35


íocaidhe comh maith is b'féidir leat íarraidh, 'na dhiaigh sin agus uile
d'éirigh se súas am' aghaidh-sa ag an togha deigheanach, agus uime sin ba
mhaith liom é bheith am' chumas a thabhairt le tuigsin dó nach n-dearna me
dearmad dé." Air an adhbhar sin dhiúltaidh me an muillionn a dhíol leis air
chor air bíth, agus dubhairt me mur so leis san ám cheadna: "A Mhaighistir
Hopcíns," arsa mise, "tá talamh Rosánna a seilbh mo bhunaidh-sa le
tuille agus dhá chéud blíadhan, agus gidheadh go meastar le mórán daoinibh
'sna laethibh so go n-déantar gach uile nídh mar gheall air airgiod; agus
gidheadh go n-dearna tusa, a Mhaighistir Hopcins oiread airgid 'sa
b'fhéidir le mórán a dhéanamh san ám cheadna, agus ní ghoilleann se orm-
sa, ní mór liom dhuit go léir é; acht beidh me chomh dána a's a radh leat, nach
m-béidh talamh Rosánna no roinn no cuid air bíth dé, ad' sheilbh go
brách a n-asgaidh no le ceannach, a Mhaighistir Hopcins, comh fáda a's
bheidheas mise beó." - Do las spiorad mhuinntire Dhochartuidh ionnam;
agus air son go ngoiridh gach uile duine Símeón sáimh dam, tá splanc de
spiorad cheart ionnam 'na dhiaigh sin. Acht na bocáin bearach so, luchd-
deanta an airgid, éirigheas súas ón t-salchar amháin fa cosaibh dhuine, air
mo shon-sa, ní thaithnigheann síad liom air aon chor. A-nois, a
bhuachaillidh, budh mhaith liom léas a thabhairt daoibh air mhuillionn
Rosánna tar éis diúltadh thabhairt do Hopcins: óir bhí sibh féin agus
bhur n-atair romhaibh, a bhuachaillidh, ro charthanach a g-comhnuidhe liom-
sa. Ataim réidh chum labhairt libh a d-taobh an tonnamhais agus uile, agus
bheirim buidheachas daoibh fa mo ghearrán do tarraing dham air maidin. An
siubhalfhaidh sibh súas agus dearcadh air an muillion? Rachainn féin libh,
acht is éigin dam a dhul chum líaigh-chapoll a d-taobh choise Shir
Háisint, ann áit a bheith mo sheasamh ann so níos faide. Beannacht Dé
libh, a bhuachaillidh. Bhéarfadh án cailin eochar an mhuillin daoibh, agus
taisbéunfhadh sí gach uile nídh dhaoibh chomh maith 'sda mbéidhinn féin 'sa
lathair."



Do chrap Símeón a chóta mór súas 'na thimchioll, agus súd air
siúbhal é go liaigh na g-capoll. Bhi luathghair mhór air an dís
dearbhraithribh san ám cheadna do bhríg go raibh síad air tí an muillion
d'faicsin,


L. 36


'sgan a bhéith ag eisdeacht leisean ag síor-chaint.
Bhí Símeón 'na chabaire neamh-thuirseach air feadh an lae, óir ní raibh
aon nídh le déanamh aige acht a bhéith a' caint. Gach uair da m-bíad
tracht air thalamh Rosánna, no uair air bíth a chuireadh mothughadh feirge
air, bhí sé 'na chainteoir uathbhásach.



AN DARA CAIBIDIL



Iar m-breathnughadh an mhuillin do Sheóin Grae, thug se fa deara go raibh
an bhróg mhuillinn úachdarach 'na luidhe air an g-ceann íachdarach agus
gur b'é so amháin a stop an muillionn ó bhéith air siúbhal. Ní raibh
cuid air bíth eile dhé caithte no briste no as ordughadh. Dala an tonnamhuis,
bhí se go mor as ordughadh, acht bhí se air na shuidhe go ro chomhgarach.
Bhí uisge go líonmhar le faghail air
thaobh dhé, agus bhí crainn
daraigh curtha air a chúl, ionnus go m-b'fhéidir cairt fhaghail go reidh
ann. Tá se cinnte gur mór a milleadh cairt na g-crann so, a chuir a reamhbhrathair
cúramach ó Hagartuidh, ó thainic siad a seilbh Shímeóin; óir,
tre neamh-chúram, (mar ba ghnathach leis,) léig se an airnéis a-steach 'na
measg. Do ghearr se, mar an g-ceadna a-nois a's a-ris mórán don amuid
a b' fhearr sul ma d-tainic se chum a iomláine, a-núair a theasduigheadh
airgiod uaidh chum a ríachdanas do chosg; agus san ám so féin, fuair na
Graes gach uile chrann a b'fhiú aireamh leagtha a-mach le gearradh; agus an
dá chéud lítir d'ainm Shímeóin ui Dhochartuidh curtha mar comhartha
orrtha.



Níor dhubhairt an dís dearbhraithreacha críonna so níos mó le
Símeón a d-taobh an muillinn no an tonnamhais, no gur íarr síad comhairle
air a n-athair. Dubhairt se leo tionsgnadh go h-aireach ag tairgsint do
Shímeón cúram an mhuillin agus an tonnamhais a ghabhail orrtha féin air
feadh blíadhna air son cuid éigin


L. 37


de'n tairbhe: agus ann sin da bh-feicfeadh síad go m-béidh cosmhulacht
orrtha dhul air aghaidh go maith, go m-b-féidir leo léas do ghabhail air
a n-iomlán. Ní raibh cur súas air bíth ag Simeón an socrughadh so a
dheanamh leo, agus ní raibh baoghal air bíth dhóibh-san roinn a bheith aca
ris; do bhrígh, ma bhí se 'na dhuine fhailligheach leisgeamhuil, go raibh se
cneasda agus diongmhalta air a fhocal do sheasadh agus a gheallamhuin do
chomh-líonadh.



Do rinneadar réidhteach re chéile, go m-béidh se air chumas
Sheóin agus Roibeird, an muillionn agus an tonnamhas do chongbhail no a
thabhairt súas fo cheann na blíadhna, agus idir an dá ám, íad-san
na gnothuidhe do chur air aghaidh do Shímeón, agus cuid iomcubhaidh de'n
tairbhe a bhéith aca air son a n-aimsire agus a saothair.
Cuaidh síad air a n-aghaidh leis an muillion agus an tonnamhas air feadh
na blíadhna, go mór níos fearr ná mar do shaoil síad. Bhí Símeon
ro fhonnmhar air léas fáda a thabhairt dóibh air na foirgneamhaibh, air
choinghiol céud go léith ponta a dhíol síos leis a laimh. Thóg a
n-athair an t-suim airgid so dhoibh, oir bhí creideamhuin mhaith aige, agus
b'fhéidir leis bannuighe seasmhach a thabhairt uaidh; do bhrígh go raibh
feilm talmhan ro mhaith aige, a bhi a m-blath 's a soghsur a-nois; agus
leag síad a-mach an t-airgiod a dhíol tar ais leis air an módh so, .i.
roinn áiridhe thabhairt dó gach aon bhlíadhan as a d-tairbhe.
Ní raibh na h-ogánaigh so eas-urrumach no neamhaireach le linn a
bheith séunmhar dóibh. Cuaidh síad air a n-aghaidh le n-a n-gnothuidh go
buan-sheasmhach; bhí síad sásta teacht súas go measardha agus obair
chruaidh d'fhulang air feadh tamuill. Do mheas mórán d'ogánaibh na tíre
air gach taobh dhíobh .i. clann luchd ceirde agus gabhaltuidhe a d'fheud
b'fhéidir capall no dhó cheannach, no dhó no trí culaidh éadaigh san
m-blíadhan agus le'r ba mhían íad féin a chur a g-céim úasal; agus a
chaith a n-aimsir ag fiadhach, ag eunlathoireacht, no ag comhrac coileach;
mheas síad, a deirim, go m-ba h-ogánaigh lagspioraidigh na Graes, air son go
raibh síad comh tugtha sin d'obair. Do rinneadar fáidheorachd a d-taobh na
n-dearbhraithreacha so, .i. a-nuair a chruinneochadh síad saidhbhreas, nach
m-beidh an croidhe no an fhéile aca le n-a chaitheadh, no le sólás air
bíth do bhaint as. Acht


L. 38


is mór a bhí síad meallta.
Do réir an nóis ar tugadh suas na Graes, nior mheas síad go raibh sólás
no aoibhneas air bíth a g-cruinniughadh saidhbhris a-mháin. Ni air son
an airgid féin acht mar gheall air gach nídh da m-b'fheidir fhaghail air,
ghradhaidh síad é; agus mheas síad nar bh'fheidir do dhuine sólás ní
budh mhó d'fhagail do bharr airgid, no féum ní a b'fhearr a dheanamh dhé
ná cuidiughadh le n-a n-athair agus le n-a mathair ann a ríachdanas. A-
núair
a dhíol síad le n-a n-athair an céud go léith ponta
a d'íoc se air a son roimh rae, 'na
dhiaigh sin do thionsgnuidh síad air chabán deas a chur súas dó a bh-fogus
don g-coill agus do mhuillionn Rosánna, ann áit áluinn ann ar chualaidh
síad é ' radh aon úair amháin go m-budh mhaith leis teach a bheith aige.
Dubhramar roimhe, go raibh brath ag Máighistir Hopcins air an bh-feilm
so, agus go m-ba mhían leis a bhéith réidh leis na Graes: acht níor
bh'fhuras dó sin do dheanamh, do bhrígh gur díoladh an cíos a g-comhnuidhe
go bithchinnte. Ní raibh leithsgéul air bíth aige an t-eallach do
thiomaint,
fiú mar gheall air dhualgas na n-éunlaith; bhí síad a g-comhnuidh réidh
ag Maighistreas Grae san ám chóir. Os a chionn sin, ba mhór an t-adhbhar
bróin agus feirge le Maighistir Hopcins na Graes fhaiceal ag teacht air a
n-aghaidh chomh maith sin gach uile bhlíadhan air a chuid talmhan: bhí se air
síor lasadh le tnuth fa shéun a chomharsan díthchiollaigh shalarthaigh;
agus ba leór cúis tairbhe da laighiod chum a thnuth do chorrughadh.
A-nois, bhí iomthnuth aige dó air son a mhóin-fhéir ghlasa, agus a-rís
mar gheall air charáiste ime a bhí se chur go Baile-ath-clíath. Do
théidheadh deich m-bá Grae gach maidin agus trathnóna go bithchinnte thart
le fuinneóg Hopcins, agus is minic nach m-bidheadh sasadh aige ann a
cheudlongadh no ann a shuipéar ag dearcadh orrtha go bronach; acht níor chuir
rud air bíth buaidhreadh air an duine fhuathmhar so comh mór le aoileach
thigh na saighidiúr. Ba ghnathach leis seasamh ag a fhuinneóg féin, agus
gach uile ualach aoiligh a theidheadh thart go feilm Grae do chomhaireamh
go brónach dolásach.
Rinne se a dhithchioll aon uair amháin dioghbhail mhór a dhéanamh do
charaid Grae .i. an t-oifigeach, ag cur casaoide a-steach os ísioll 'na
aghaidh gur ghlac sé


L. 39


bríb ó Grae, agus gur dhíol se aoileach thígh na
sáighidiúr leis, níos saoire ná mur tairgeadh dhó ó dhaoinibh eile air;
acht go h-aghamhuil, ní raibh dúil air bíth ag an taoiseach le a n-dearna
se an chasaoid so nídh air bith dh'innsin dó os ísioll; rinne se
loirgeoracht a g-cás na fírinne go puiblidhe, agus fuaras a-mach agus
cruthuigheadh go soleir cneasdacht an oifigigh agus cealg Hopcins: agus ann
áit dochar a dhéanamh do Grae don g-casaoid mhiosguinneach so, 'sé an rud
a chuaidh sí chum sochair dó; oir d'innis an taoiseach an sgeul don
taoiseach a bhí air cheathramh san m-baile 'na dhiaigh féin, agus é-sean
don bh-fear a thainic 'na dhiaigh-san, air módh nach raibh maith do
Mhaighistir Hopcins cur a-steach air son an aoiligh air aon chor 'na dhiaigh
sin.



Fuair Grae a g-comhnuidhe é roimh duine air bíth eile. Bhí Hopcins
air cúthach, agus níor bh'fheidir leis a fhuath no fhearg do chosg fa
theóran air bíth acht teorain an dlíge amháin.
Fa dheiread, fuair se a-mach gléus do réir dlighe le díoghbhail a
dheanamh d'a namhuid. Bhí roinn thalmhan le Maighistir Hopcins idir feilm
Grae agus an móintheach; agus ní raibh móinteach air bíth san
g-comharsanachd acht é; a-nois, ní léigseadh se do Grae no do dhuine
air bíth d'a mhuinntir, aon fhód móna do thairaing thríd n-a chuid
talmhan, agus thoirmeasg se go h-iomlan air a íocaidhibh bochta gan fód
móna a dhíol leis. Shaoil se go g-cuirfeadh se ó theach 's ó áit a
namhuid air an módh so.
Tharlaidh neithe a bheith mar so a-nuair ba mhían le Seóin agus le
Roibeardh teach a chur súas d'á n-athair ag Rosanna. Níor chéill síad
a rún air; oir nior mhían leo rud air bíth a dhéanamh nach d-taitneochadh
leisean agus le n-a mathair. Bhí a n-deirbhshiúr Róisi rann-pháirteach
leo san uile chomhairle; agus a g-caitheamh na d-trí m-blíadhna déigheanach
ba ghnathach lei dhul le sólás mhór gach aon lá, tar éis a h-obair lae
a chríochnughadh, go muillion Rosanna, ionnus go bh-feicseadh sí cionnus
a bhí á dearbhraithreacha a' dul air a n-aghaidh. Nach aoibhinn do gach
aon bhunadh tígh nach m-bíann fuath no miosgais eatorra, agus ann a m-bíann
pléisiúr ag gach aon n-duine fa léith a sonas an iomláin. Do thaithnígh
cumann agus féile na clainne go ro mhór le Grae.


L. 40


Bhí Sean a-nois trí blíadhna air fhithchid, agus ní raibh a
dhearbhrathair acht dhá bhlíadhan ní b'óige ná é.
"A bhuachaillidh muirneacha," ar se, "ní'l rud air bíth a b'fhearr liom
féin agus le'r mathair, ná cabán beag deas a bheith aguinn a bh-fogus
daoibh, air an m-ball chéadna a leag me a-mach dhá bhlíadhan ó shoin
mar a deir sibh liom. Ní'l san g-cabán so ann a bh-fuilmid 'nar g-comhnuidhe
a-nois, acht sórt áite gan mhaith, déis a bhfuair me do dhochair ag íarraidh
a chongbhail súas, agus neamh-dheóin a n-déanann Róisi le n-a
chongbhail glan gleóidte taobh a-stigh. Is feidir linn teach is fearr ná é
a chur súas a-nois, agus is maith liom a bhéith as comhachta ghéur-leanamhuin
Mhaighistir Hopcins. Uime sin tionsgnamoid agus cuireamoid teach úr
súas. Béarfhaidh sibh-se congnamh uaibh, a bhuachaillidh, agus ní thabharfhaidh
sibh
uaibh acht congnamh; cuimhnighidh, a deirim, nach d-tabharfhaidh sibh uaibh
acht congnamh. Agus tá súil agam gur féidir liom-sa air an m-blíadhan so
chugainn cuidiughadh libh-se teach a chur súas do gach aon n-duine aguibh. Is
míthid daoibh smuaineadh air pósadh, agus air sibh féin a shocrughadh. Is
maith an rud do dhuine teach a bhéith réidh aige d'a chéile. Béidh baile
beag aguinn féin ag Rosanna. Cía aige bh-fuil fhios nach mairfidh me le
clann mo chlainne fhaicsin, 'seadh, agus a g-clannsan 'na dhiaigh sin, 'na
g-comhnuidhe air gach taobh dhíom, saotharach, solárthach, agus sásta."
Chuir síad súas do lathair cabán úr d'a n-athair ag Rosanna, agus do chuaidh
se a chomhnuidhe ann an t-earrach 'na dhiaigh sin. Air d-tús rinne
siad garrdhadh; agus chuir síad gabáiste agus meacna, pis agus pónaire ann,
agus beagan do bhlathaibh breagha. B'ait le Róisi a bhéith ag tabhairt aire
don n-garrdhadh so. Do leag a dearbhraithreacha a-mach machaire beag deas
glas os coinne an doruis, agus chuir síad fál sgeaighe agus driseóige air.
Bhí fána síos ris an machaire go brúach an uisge, agus b'fheidir an
muillionn agus na crainn fhaicsin ó fhuinneóguibh an pharlúis. Ní raibh
cabán níos déise, no go deimhin chomh deas leis san tír sin aríamh
roimhe.
Acht b'fhearr go mór an deagh-theacht le chéile a bhí a g-comhnúidhe
eatorra ná an cabán deas, an


L. 41


garrdhadh cumhra, an bhainseach os comhair an
doruis, agus an fál sgeaighe air gach taobh de'n m-bainsigh.
Tá moran ann ag a bh-fuil na táinte agus na mílte, a ta bocht 'na
dhiaigh sin, do bhrígh gur mian leo tuille a bhéith aca. Ionnus go
d-tabharfhuinn sompla uaim, Maighistir Hopcins, a sgríob a gceann a chéile
fhithchid míle ponta, no, mar deir dream eile, deich míle fhithchid, agus
sin ar feadh chúig m-bliadhan déug, ní raibh lá sonais
no séin aige fhád a's bhí se d'a chruinniughadh, no 'na dhiaigh sin: oir
bhi se d'inntinn shantach mhí-shásta. Ní'l da mhéud da raibh aige nach
móide ba mhían leis a bhéith aige. níor bh'féidir leis sonas a chomharsan
d'fhulang, agus ma rinne iomthnuth dithchiollach solarthach é, gídheadh san
ám cheadna rinne sí mí-shona é. Agus gídheadh go raibh se 'na dhuine
an-tsona do réir bharamhuile na puibligheachta, 'na dhiaigh sin níor
bh'fhéidir leis sólais na beatha so do bhéith aige mar gheall air mhíshasamh
a inntinne féin. Ní raibh bean no clann aige le congbhail súas.
Níor mhían leis pósadh, do bhrígh go bh-fuil bean cosdasamhuil, agus
páisdidh nios measa ná gearradh. Ní raibh binn aige air rud air bíth acht
air shaidhbhreas amháin. Níor thug se, ní h-é amháin, sólas air bíth
dhó féin, fiú néithe ríachdanach na beatha. Do bhí se 'na aonar san
domhan. Bhí fhios aige nach raibh gean ag duine air bíth air. Do léig se
a sdair féin a súilibh a chomharsan go léir. Do b'fheasach
do gach neach gur air mhi-shéun dhaoine eile á d'árduigh sé é féin;
agus ní'l da áirde d'ar éirigh se nach móide bhí a lochta soilléir.
A-núair a léig duine air bith a ghnothuidhe a bh-fáillighe, no tugadh le
mí-agh chum fír-riachthanuis é, bhí Hopcins fa réir a g-comhnuidhe le
buntaiste do bhréith air ann a chruadhog. Do thigeadh se a g-comhnuidhe air
d-tús chuca le cairdeas bréige; acht ní fáda go m-bídheadh adhbhar
bróin ag an muinntir a chuirfheadh a n-dothchus go dí-cheillidhe ann. Air
m-béith dhó neamh-shuimeamhuil ann a chliu, 's gan daonnacht air bith ann,
ní raibh aon sgrúbal aige a thairbhe do leanmhuin comh fáda le bruach na
slíghe so d'a n-goirfeadh an dlíghe, slíghe na ceilge. Bhí fiu a lucht-gaoil
féin a' casaoid go n-dearna se eagcoir orra 's gan cás air bíth air
fa sin a dhéanamh, 's ní bhéidh roinn ag duine


L. 42


air bith leis an bh-fear
so acht duine gan eólus air a theasdas, no duine a bh-fír-ríachdanus.
Cad é an mhaith a bhí dhó féin no do dhuine air bíth eile 'sna míltibh
bhí cruiniughtha a g-ceann a chéile aige?
Bhí Maighistir Hopcins air buile a-núair a chonnairc se nar bh'fhéidir
leis Grae a ghabhail ann a líon mar shaoil se. Chonnaic se an cabán deas
ag éirigh, agus muillion Rosanna ag oibriughadh, neamh dheóin a mhiosguis.
Bhí se abh-fad ag léir-smuaineadh air urchóid éigin 'na shochd. Air
m-béith dhó lá áiridhe 'na sheasamh air mhullach sléibhe ann a dhuthchaidh
féin, áit ó'r fhéud sé an tír 'na thimchioll fhaicsin; d'amharc se
air an b-Parrthas bheag a bhí a seilbh a namhuid. Thug se namhuid mar ainm
a g-comhnuide orrtha so d'a raibh se féin 'na namhuid. Is gnathach mearbhall
mar so air dhuine, an tan a bhíann se a bh-feirg.
"Ní bhéidh muillion Rosanna air bun blíadhan ó 'niú, no ní
Hopcins is ainm damh-sa;" ar se leis féin. - "Mhóidigh me díoghaltas a
n-aghaidh na n-Graes so, agus ísleóchadh me íad sul a stadaidh me. Ní
chodhlóchadh me go socair choidhche no go g-cuiridh me air siúbhal go
h-iomlán as an tír íad."
'Na dhiaigh sin, níor bh'fhuras áitreabhaigh chomh cneasda macanta leo
so do thiomaint as an tír. 'Sé an chéud rud a chuir se roimhe dhéanamh,
an machaire a bhí a n-gar don muillion a cheannach ó Shímeón O
Dhochartuidh. Do ríth an sruthan thríd an machaire so: agus fuair
Hopcins
tathneamh mór ag tabhairt fá deara go miosguiseach, go m-b'fhéidir leis
an sruthan athrughadh, agus an t-uisge a chur air siúbhal ón muillion go
h-uile 's go h-iomlán air bheagan cosdais. Fan ám so do bhí Símón
bocht a g-cruadhog mhór tre a chionta féin, air mhódh go m-b'éigin dó
géilleadh don ríachdanus, neamh-dheóin an spiorad uaibhreach a bhí aige.
Thainic athrughadh


L. 43


mór air, a g-caitheamh na d-trí m-blíadhna déigheanach.
An fad bhí se gan phosadh ba leór a theacht a-steach le n-a chongbhail
súas a n-di mhaoineas.
'Na dhiaigh sin, do smuainigh Símeón bog fa dheireadh air phósadh, no
budh chóra a radh, do ghlac cailin óg glic, a bhí 'na muirnín aige air
feadh suim do bhlíadhnaibh, ann a ceann cur d'fhíachaibh air pósadh.
Bhí sí fír-eolach air a mhealladh le briathraibh milse, agus mar an g-céadna
air bhriathraibh borba do labhairt leis. Ní raibh se inmheasta go
m-b'fhéidir le duine comh socair le Símeón seasamh a n-aghaidh dhuine ann
a raibh an da chailidheacht so a g-ceann a chéile.
Do labhair se mar so leis féin: - "Do chaill me dhá oiread lei, mar tá
sí, a's da m-béidh sí 'na mnaoi agam. Ni'l tairbhe air bhíth aice cúram
do dhéanamh do nídh air bhith a bhaineas damh-sa, acht amháin an saoghal
a chur thart, agus gach a bh-féudann a dhéanamh dhí féin, 's d'a clainn.
Agus ta an chlann, mar an g-céadna, ó bheag go mór, ag goid 's a' fúadach
gach uile néithe da bh-féudann siad greim do bhreith air, agus da chur air
léith dhóibh féin. A-nois ma ghním mo bhean dhlísteanach dí, mar is
mían lei agus mar ta si íarraidh, béidh cuid aice féin de gach uile nídh
chomh maith liom-sa, agus rachadh se chum tairbhe dhí féin aire thabhairt
do gach uile nídh. Is bean bheó thapaidh í, agus sabhálfuidh sí mórán
trioblóide dham, agus dheanaidh sí a díthchioll gach uile rud a dhéanamh
chomh maith is féidir lei mar gheall air a clainn; agus a-núair admhuigheochadh
mise íad go léir, measfuidh síad gur b'ionann íad fein agus mise,
mar deir si-si; agus os a chionn sin, ní thig liom síothcháin a bhéith
agam air ghléus air bíth eile."
Ionnus nach n-gabhfadh Simeón cúram no trioblóid an phosta air féin,
agus nach m-béidh se ag cíapáil le sgollóir mna, (an nidh is trioblóidigh
san domhan,) do mheas se leanan mna a chongbhail, agus a-nois, chum suaimhneas
a bhéith aige, do phós se í. Dhearbhuigh sí dhó nach m-béidh síothcháin
no suaimhneas choidhche aice, go m-béidh sí 'na mnaoi dhlisteanaigh
aige; agus nar bh'fhéidir lei, air aon chor, fhulang dó-san móimead
síothchána bheith aige.
De phós Símeon as laimh í, mar dubhairt se féin,


L. 44


acht ní raibh san
b-pósadh sin acht tosach trioblóide.
Bhí mórán de luichd-gaoil ag an mnaoi nuadh-phósda; agus thainic
uimhir mhór aca as gach uile thaobh air chuairt aice tar éis a pósadh.
níor bh'féidir le n-a fear, a bhí 'na dhuine fhiuntach, a dhoras a dhruid
a n-aghaidh dhuine air bíth. Bhí muintir Dhochartuidh, tuille agus ceud,
'seadh, dha chéud blíadhan ó shoin, cliúteamhuil fa n-a bhféile, agus
bhí se d'úalach air Shímeón O Dochartuidh cliú a mhuintire do chongbhail
súas. Bhí ceathar clainne aige le tabhairt súas, 's gan íad durn oibre
dhéanamh dhó; oir bhí fuath an-mhór aca air obair, chomh maith le n-a
n-athair. d'athruigh baramhuil na puiblidheachdha a d-taobh Shímeóin go
h-oban. An méid a raibh gaol air bíth aca le muintir Dhochartuidh, agus
a raibh eagla orrtha go m-beidh se féin agus a chlann ag íarraidh congnaidh
orrtha, gháir síad a-mach a n-aghaidh, ag radh; "nach mór an náire don
bh-fear so nach n-déanann se rud éigin dó féin, 's d'a mhuintir!
Cionnus is féidir dóibh so, nach n-déanann saláthar air bíth dhóibh
féin, súil a bhéith aca cabhair d'fhaghail ó dhaoinibh eile? Ta se
sásta go deimhin! Ta, agus caithfidh se bhéith sásta gan mhaill na
talta a ta a bh-fádh a seilbh a shinnsior a dhíol; agus 'na dhiaigh sin,
muna n-déanaidh se díthchioll, caithfidh se bhéith sasta a bhreith chum a
phriosúin. Ta se peacamhuil ag duine air bíth arán a díomhaoinis d'ítheadh
go sásta."
Is minic a dubhradh so, agus cáint mhí-chliúiteach mhaslaigheach mar so
'n-a lathair féin. B'fhéidir go musgólfadh so é as an trom-shúan ann a
raibh se, agus go g-cuirfeadh se d'fíachaibh air díthchioll éigin a
dhéanamh, muna m-béidh go bh-fuair a charaid Sir Haisint O Bríain áit dó
a d-tígh an chustuim, a b'fhiú leith-chéud ponta sa m-blíadhan. Rinne se a
dhíthchioll theacht súas air thairbhe na h-áite so a modh shuarach go leór.
Ní'l 'fhios aguinn, agus ní mó ná sin is féidir fhaghail a-mach go
deóigh, ca fada rachfadh se air aghaidh mar so; oir níor léigeadh d'a
léisge a réim nadurtha do ghabhail: thainic a léir-sgrios go h-oban le
oibriughadh priobháideach agus le slíghthe urchóideacha.
Ba mhían le Hopcins an machaire sin a bhí a n-aice le muillion


L. 45


Ghrae do cheannach agus mur bhí fhios aige go maith go raibh Símeón chomh
uaibhreach sin 's nach n-díolfadh se roinn air bíth de thalamh Rosanna leis,
do thionsgan se módh éigin chum a chur a ngeibhionn nar bh'fhéidir leis
theacht as.



Bhí Síméon neamh-aireach ag coimh-líonadh a chúraim mar fheithmheoir,
nídh a b'fhéidir a thuigsin roimh rae. Ní raibh fhios aige, no ma bhí,
do léig se thairis é, go raibh mórán uisge-bheatha da dhéanamh go neamh-
dhlísteanach 'sa g-comharsanachd aige agus air gach taobh dhé. Níor bácadh
le luchd a bhíadáin a radh, gur ghlac se airgiod ó luchd-déanta
an uisge-bheatha go minic ann ám a ríachtanuis; acht do shéun se so
a-muigh 's a-mach. Do b'fhéidir gur mó an fios a bhí ag a n-a mhnaoi
agus a chlainn a d-taobh an cháis so ná aige féin. Ba
ghnathach leo spruillidhe beaga páipeir do dhíol le luchd déanta uisge-bheatha,
mar dhídean le n-a sábháil air a namhuid; acht níor bh'fhéidir
dhóibh dídean air bíth a bhéith aca a b'fhearr ná neamh-aire agus
léisge Símeoin. Tharlaidh go bh-fuair Maighistir Hopcins go mí-thapamhuil
sgríbhinn bheag air a raibh séala mhic Ui Dhochartuidh. Ionnus nach
léigfeadh se aon nídh thairis a b'fhéidir a bhéith 'na chion-fath d'a
mhí-chliú, do chuir Hopcins duine ann a raibh muinighin aige, le fur-fhuagradh
thabhairt do Shímeon go raibh uisge-beatha da dhéanamh go neamh-dhlísdeanach
ann a leithide so de theach, (ag ainmniúghadh an tígh sin
d'ar geallladh dídean). Fuair Síméon sáimh cundus air so, acht do léig
se thairis é go failligheach mar ba ghnathach leis. 'Sé dubhairt se go
raibh se ro mhall smuaineadh air n-dul a' tógbháil na stille an trathnóna
sin, agus do dhearbhuigh se go rachfadh se da tógbháil lá air na mhárach;
acht an lá na dhiaigh sin chuir se thart é, agus an lá na dhiaigh sin a-rís
do rinne se dearmad de, agus do sgríobh fear thógbhail an ghearraidh chuige
air na mhárach, ag ordughadh dhó theacht do lathair chum cundus a thabhairt
d'a thaobh féin. San g-cruadhog so do mheas se a chasaoid a dhéanamh le
Sir Háisint O Bríain, a n-dóigh go m-b'fhéidir leis, muinnteardhas a
dhéanámh dhó le n-a chaomhaint ón g-ceart. Fuair se lítir o Mhaighistir
O Bhríain chum fir-thógbhail an ghearraidh, a tharlaidh bhéith san tír
fa'n ám sin. d'imthigh se air siubhal leis an lítir; do tharlaidh caraid


L. 46


san t-slíghe air, a dubhairt leis tiomáint comh tapaidh a's d'fhéud se a
n-diaigh fhir-thógbhail an ghearraidh ionnus go m-béarfadh se air, sul ma
d-tiocfadh se chum aruis an chomhaírligh ui Choin, an áit a raibh se air tí
proínn a chaitheadh.
Bhí an comhairleach O Coin ag cur a-steách air son a bhéith 'na fhear-ionad
na condae sin a b-Pairlement a n-aghaidh Shir Háisint Ó Bhríain, agus uime
sin, bhí se soilleir gídh b'é duine ag a m-béidh fear aca 'na charaid,
go m-béidh an fear eile 'na namhuid. Da bhrigh sin bhi se ríachdanach ag
Símeón bréith air fhear-thógbháil an ghearraidh sul a m-béid se taobh
a-stigh do gheatadh a namhuide.
Rinne Símeón a dhíthchioll chum a chapoll do thiomaint chomh tapaidh
a's b'féidir leis, ag séideadh agus ag cur feirge air féin; acht ní
raibh maith dhó ann; oir is air an g-capoill a thuit síos san tonnamhais
(mar is cuimhneach leis an léightheoir) do bhí se a' marcuigheacht.
Tháinic fear-chruinniughadh an ghearraidh go teach an chomhairligh ui Coin
a bh-fád roimh Shímeón, agus a-núair a thug se lítir
an duine uasail Háisint O Bríain dó, b'furas aithne air an módh ann ar
ghlac se í, nach bh-fuair se ann ám í. Chaill Síméon a churam a bh'fhiú
leith-chéud ponta sa m-blíadhan.
Acht ní raibh rud air bíth ba deacaire dhó d'fhulang go foighideach,
ná cáint mhasluidheach a mhna, a bhí a g-comhnuidhe a' casaoíd air, agus
da dhíbliughadh. Bhí fhios aige ó ghnath-eolus, nach raibh gléus air
bíth a b'fhearr le n-a cur 'na sochd, ná an imirt go léir fhagbhail aice
féin; .i. cead cáinte thabhairt dí, 's gan é féin focal air bíth
labhairt. Uime sin níor bhác se dí a bheith a' cáint go sgannalach leis
no go raibh sí go h-iomlán as anál, agus é féin beagnach 'na chodhladh,
agus ann sin dubhairt se: "Go deimhin ní'l amhrus air bíth nach í sin an
fhirinne, agus nach bh-fuil gach a n-deir tu ro cheart; acht ó tharlaidh
nach bh-fuil gairm air ais air nídh air bíth a theidheas thart; agus do
réir an t-sean-fhocail, nach d-tig leo so a bhíos 'na seasamh air an talamh,
bhéith níos ísle, 's mór an sólás sin: da brígh sin féudamoid a
bhéith fásta."



"Sás ta go deimhin!" ar sisi, "gad é an sásamh do dhuine theacht
súas air photátaibh a's air shalann? Mise, a ta am' mhnaoí dhlisteanach
agad-sa, agus


L. 47


tu-sa a ta de shliocht mhuintir' Dhochartuidh, go léigfeádh
dod mhnaoí uasal a bhéith faoí tharcuisne agus faoi dhímheas, mar bhéidh
sí a-nois gan amhrus; agus sin aca so a d'éirigh ó neimhnidh ó 'niúgh go
'né.
Féuch Maighistreas Grae thall úd le taobh Rosanna 'na comhnudhe air
do chuid talmhan féin: amharc uirri féin agus ormsa! agus féuch an
neamh-chosmhulacht mhór a ta eadruinn!"
"Tá beagán neamh-chosmhulachta eadruibh go cinnte," arsa Símeon.
"Tá beaghan neamh-chosmhulachta eadruinn go cinnte!" arsa Maighistreas
Dochartuidh 'na dhiaigh-san, ag labhairt comh árd géur caol a's b'fheidir
lei, agus a' tabhairt milléin dó san ám chéadná; oir bhí fearg mhór
uirri le Síméon fa mar léig se osnadh throm a-núair a thug se freagairt
uirri, no budh córa a radh, a-nuair a thainic se lei air a sgéul. Ní'l
rud air bíth is mó chuireas fearg air mhnaoí go minic, ná aontughadh lei.
"Agus ma ta neamh-chosmhulacht eigin idir mise agus Maighistreas Grae, budh
mhaith liom fhios a bhéith agam cía h-é is ciontach leis."
"Budh mhaith a's liom-sa mar an g-céudna, a, Mhaighistreas Dochartuidh:"
arsa Síméon.



"Maiseadh, inneósadh mise dhuit air an m-ball é a Mhaighistir
Dochartuidh:
is tu féin is ciontach, a Mhaighistir Dochartuidh: no budh chóra radh, is
mise is ciontach, tre do phosadh no cuiedacht a chongbhail
leat air aon chor. Da m-béidhinn pósta
ag fear luthmhar tapaidh saotharach salárthach mar Maighistir Grae,
b'fhéidir liom a bhéith chomh séunmhar san t-saoghal, agus ní's séunmhaire
ná Maighistreas Grae; oir is fearr d'fhoghnfadh saidhbhreas damh-sa
ná dí-si, 'sná do dhuine air bíth d'a cineal; agus is mór an náire é
os comhair an domhainn, agus 'sé sin a deir gach n-uile dhuine, na Graes
so
d'fheicsin a' teacht air a n-aghaidh, agus a'cur futha an siúd ag Rosanna,
chum ar n-díobhál-ne."
"Ní díobhál air bíth dhúinne é, a ghradh; oir ta a fhios agad nach
n-dearnamar tairbhe air bíth de'n tonnamhas no de'n muillion: agus a-nois
díolann síad-san deich b-ponta fhithchid san m-blíadhan linn, agus sin go
bíth-chinnte mar an g-céudna. Gad é dheanfhadh sin


L. 48


gan é anois, do bhrígh
gur chaill sinn an áit a bhí aguinn a d-tígh an chustuim.
Go dearbhtha saoilim go raibh agh ro mhór oruinn a leithide d'íocaidhe
fhaghail."
"Go deimhin ní h-é sin mo bharamhuil-sa," ar sisi; "oir da m-béidh oiread
céille le cuilleog agad, b'fhéidir duit féin gach
a n-dearnadar-san a dhéanamh. Agus da n-déanfá sin, creud an t-athughadh
mór a bhéidh air do bhean dhlísdeanach agus air do chloinn!
Do b'fhearr liom go m-ba h-é toil na naomh mo phósadh le léithid' an
fheilmeoir Grae no a chloinn mhac."
"A d-taobh a chloinne," arsa Símeón, "ta síad beagan neamh-oireamhnach
a g-cás aoíse; acht do leith a n-athar, ní fhaicim fath cur suas san
domhann dó; agus ma ta seisean amhluidh, agus gur mían leis malairt bean
a dhéanamh, go deimhin, a mhuirnín, béidh mise sásta."
Do ghoill an comhradh deigheanach so a rinne Símeón, (oir dho labhair se
go suaimneach greanmhar) comh mór sin air Mhaighistir Dochartuidh, ionnus
nar bh'fhéidir lei foighide a dheanamh níos faide, agus gur bhris sí
a-mach
a ngul; agus ó'n uair sin, (air m-béith dhó a-nois
tar éis a h-aon dhéug san oidhche,) ó sin gus an sé air maidin, bhí sí
a' gul 's a' caoidh, a's d'a mhaslughadh gan stad.
d'éirigh Símeón as a leaba air maidin gan neall a chodhladh air feadh
na h-oidhche, ag radh - "Go deimhin caithfidh na naoimh a bh-flaitheamhnas
aire thabhairt duit a-nois, mar a deir tu féin, Allaidh, oir taim-se
tuirseach díot a-muigh 's a-mach: uime sin is éigin damh a dhul a' fíadhach
no ag éunlathoireacht le mo charaid Sir Háisint O Bríain chum me
féin d'athbéódhadh."
Bhí brón mhór air Shímeón a-núair a fúair se a-mach go raibh a
ghearrán chom bacach sin 's gur air éigin d'fhéud se siubhal. Trath bhí
se ag smuaíneadh c'áit a bh-fuigheadh se gearrán air íasacht le dhul a'
fíadhach an lá sin, thainic Maighistir Hopcins a lathair a'marcaigheacht
air chapoll maith fíadhaigh. Gídh go raibh an duine uasal so uaibhreach
ó nádúr, 'na dhiaigh sin b'fhéidir leis é féin d'umhlughadh, a-nuair
ba mhían leis é, agus a-nuair a bhéidh tairbhe dhó ann. Bhí a fhios
aige go maith go raibh fuath ag Símeón air; acht do


L. 49


thug se fa deara mar an
g-céudna go raibh díobhál airgid air Shímeón.
Fiú íad is tréine agus is boirbe air bith fearg, a-núair a chuireann
síad íad féin a n-achrann, a's bhíos uireasbhuidh airgid orrtha, is
éigin dóibh íad féin d'umhlughadh a n-aimsir na cruadhoige. Thainic
Símeón sáimh chum fír-ríachdanuis tre léisge agus fallsachd, air mhodh
go m-b'éigin dó, air mhaith leis féin, a uabhar d'ísliughadh. Tharlaidh
diúltadh do Mhaighistir Hopcins aon uair amháin, an trath ba mhían leis
cuid de dhuthaidh mhúintir' Dhochartuidh do chéannach ó dhuine aca. Bhí
a thairgse níos trathamhuile a-nois, agus comh glic a's b'fhéidir a bhéith.
d'fhíafraidh se de Shímeón air d-tús, gad é a bharamhuil de'n g-capoll
sin air a raibh se a' marcuigheacht, mar bhí a fhios aige go raibh Maighisitir
O Dochartuidh ro eolach air chapoillibh maithe fíadhaigh; agus dubhairt se
leis mar an g-céadna, nach g-ceannochadh se í ó ghrúmadh an chomhairligh
ui Chuin gan comhairle d'íarraidh air charaid eolách. d'fhiafraidh se ann
sin an m-b'fíor gur tharlaidh imreas idir Shímeón agus fear-chruinniughadh
an ghearraidh; do rinne se gearan a n-aghaidh mhiosguis agus mhí-rúín
an spíodóire, gídh b'é air bíth é! agus fa dheóigh, dubhairt se le
Símeón, ma bhi cruadhog air bíth air mar gheall air a áit do chailleamhuin,
go raibh bealach réidh aige le airgiod d'fhaghail dhó féin .i. cuid de thalamh
Rosánna a dhíol.
Do chorruigh díobhál an chapoill do lathair, agus an comparáid a rinne se
san móimeint chéadna idir an chréatúr capoill bhacaigh air a raibh se 'na
leath-luidhe, agus an capoll breagha fíadhaigh air a raibh
Maighistir Hopcins a' marcuigheacht; do chorruig so Símeón, a deirim, níos
mó ná an chuid eile go h-iomlán. Sul mar sgar síad le n-a chéile, do
rinne Hopcins margadh leis fa'n machaire sin d'a do rinne Hopcins margadh
leis fa'n machaire sin d'a d-tug se taithneamh. Fuair se é go mór níos
saoíre ná mur bhí súil aige fhaghail. Thug se an capoll fíadhaigh do
Shímeón mar roinn díolaigheacta.



Chomh luaith 's do fuair Hopcins an machaire so, a bhí a bh-fogus do
mhuillion Grae, ann a shéilbh féin, chuir se roimhe ann sin tionsgnamh
urcóideach éigin a bhí ann a inntinn le fáda, do choimh-líonadh. Fagamoid
é a g-ceann a chuid oibre; caithfeamoid aireachas a thabhairt do
neithibh níos tabhachtaigh ná íad so.


L. 50


Trath bhí Róisi, maidin áiridhe, ag cruiniughadh céud bhlath luaith
na blíadhna, thainic searbhoghantuidhe a libhre dhóigheamhuil a láthair
air marcuigheacht; agus d'fhíafraidh se an raibh Maighistir Grae no aon
n-duine de'n m-bunadh sa' mbaile.
Bhíodar a h-athair agus a dearbhraithreacha a-muigh sa' machaire, tamull
beag o'n teach, acht dubhairt sisi go rachfadh sí 'na g-coinne. "Níl
ocáid leis, a bhean uasail óig," ars' an searbhoghantuidhe, "oir ní'l do
gnothuidhe agam leo acht
na cardaidh so fhagáil do mhnáibh uaisle an tíghe."
Chuir se dhá charda a-steach ann a láimh, agus d'imthigh sé leis 'na
lán-ríth, cosmhuil le duine a m-béidh mórán gnothuidhe éifeachdaigh le
déanamh aige. Annsna cardaibh so bhí cuireadh chum coimh-thionoil daimhseoraighe,
a bhí Sir Haisint O Bríain air tí thabhairt do dhaoinibh uaisle
na tíre de'n dara céum. Thug Róisi na cardaidh lei chum a mathara, agus an
trath bhí síad da n-ath-léigheadh an dara h-uair, thainic Grae a-steach
chum céudlongadh. "Creúd ta ánn so aguinn, a leinbh;" ar se, ag tógbháil
súas aon de na cardaibh. d'fhéuch se air a mhnaoí a's air a inghin air
feadh tamuill le mí-shuaimhneas éigin inntinne: agus ann sin, chomh maith 's
nar mhían leis toirmeásg a chur orrtha, thionsgnuigh se a bhéith caint air
néithibh eile, agus níor labhradh aon nídh air an g-coimh-thionol
daimhsearuighe
no gur chaith síad a g-céudlongadh. Dubhairt a mathair le Róisi
dhul agus a blatha do chur ann uisge, agus chomh luath a's d'fhag sí an
seómra dubhairt sí: "Chím, a mhuirnín, nach d-taithnighean leat go
rachfamois chum an choimh-thionoil daimhseoruighe; uime sin is maith liom nar
dhubhairt me dadadh le Róisi 'na dtaobh sul ma d-tainic tu a-steach; oir is
éigin duit 'fhios a bheith agad, go raibh dí-mhaoíneas dí-chéillidhe mar
is gnathach le mathair orm, agus comh luath a's chonnairc me an carda, do
shamhluidh me am'inntinn féin Róisi so aguin-ne gléusda comh maith le bean
uasal aír bíth, agus a' féuchain níos déise ná mórán aca, agus gach
uile dhuine a' déanamh iongantuis dí! Acht b'fhéidir go bh-fuil an
cailín níos fearr mar ta sí, gan a bhéith tógtha súas 'na beán uasal.
Agus 'na dhiaigh sin, do bhrígh go bhfuil teacht a d-tír aguinn chomh maith
le mórán a ta d'a g-cur féin a g-céim, agus a meastar a


L. 51


bhéith 'na
n-daoínibh uaisle, créud an fath sa léigfeadh ar g-cailin an uain so thart
chum í féin d'árdugadh céim san t-saoghal."
"A ghradh mo chroidhé," arsa Grae, go ciúin socair, is ro nadurtha an nídh
dhuit-se, air m-béith dhuít ad' mhathair ag léithide Róisi de chailin,
bród a bhéith agad aisti, agus dúil a bhéith agad a sgéimh do chur os
árd air gach módh d'ar bh'fhéidir é; acht 'sé an chéim prionsapalta
smuaineadh gad é an gléus le'r féidir lei a saoghal do chaitheadh go
séunmhar; agus ní h-é an nídh a bhíos taithneamhach le ar n-dí-mhaoineas
air feadh móimeinte. A-nois, níl me cinnte da d-téidheadh sí chum an
choimh-thionoil so, agus í féin a chur beagan a gcéim, go méudochadh se a
séun air aon chor. Nach bh-fuilmid go maith mar ta sinn. Tarr a-steach, a
Róisi, tarr a-steach, a ghradh; budh mhían liom da n-éisdfeá leis an nidh
air a bh-fuilmid a' tracht, agus a bhéith críonna dhuit féin; ta tu sean
agus críonna go leór, ta me cinnte. Bhí me air tí fíafraidh dhíot, nach
bh-fuilmid go léir sona séunmhar san modh ann a bh-fuilmid a g-ceann a
chéile a-nois?"
"'Seadh! seadh! ta sinn mur sin go deimhin," ars' an bhean agus an
inghin a n-éinfheacht.
"Uime sin, nar chóir dhúinn a bhéith sásta, agus gan íarraid ar stáid
d'athrughadh?" arsa Grae.
"Acht ní athrochadh se ar staid a dhul aon uair amháin chum coimhthionoil
daimhseoruighe - a n-athrochadh, a athar?" arsa Róisi, go náireach.
"Ma thionsgnamoid aon uair amháin sinn féin a chur á g-céim dhaoine
uaisle, ní bhéidh dúil aguinn theacht air ais a-rís chum an stáid ann a
bh-fuilmid a-noís. Uime sin bhudh chóir dhúinn smuaíneadh air dtús
créud an tairbhe a dhéanfas an t-athrughadh so dhúinn. Tá bíadh a's deoch,
éadach a's teine aguinn, créud
eile b'fhéidir linn a bhéith aguinn da m-béidhmis 'nar n-daoinibh
uaisle? Tamoid go léir sásta linn féin, agus le chéile; ta sláinte
agus deagh-intinne aguinn: gad é d'fheudamoid a bheith aguinn níos mó, da
m-béidh saidhbhreas an domhainn aguinn? no, budh córa a radh, cuir a
g-cás go m-béidh sinn mur sin, an m-bh fhéidir linn ann sin gach uile
shólás da bh-fuil aguinn a-nois


L. 52


a bhéith aguinn?



Níor bh'fhéidir go dearbhtha: oir sa' g-céud áit, bhéidh uireasbhuidh
mhór airgid oruinn, do bhrígh go m-béidh mórán bréaghán, nach
mothaighmid a n-díobhál a-nois, comh ríachdanach dúinn le ar n-arán
laetheamhuil. Bhéidh náire oruinn gan an uile nídh a bhéith aguinn a bhíos
ag daoinibh uaisle; gídheadh nach fiú sóp íad so a g-cás fhíor-shóláis
air bíth a bhíos da m-bárr aguinn, tar a cheann sin is éigin a bh'-faghail.
Ann sin bhéidh náire oruinn a d-taobh na h-oibre le'r bh'éigin dúinn
airgiod do shaláthar chum díol air son an iomláin de na néithibh so gan
tabhacht. Ann sin bhéidh náire mhór air Shéan agus air Roibeard, da
bh-feicfeadh na daoíne uaisle íad ag oibriughadh san muillion, a' tógbháil
suas saic phlúir, agus faluighthe go léir le min: no da bh-fuigheadh siad
san tonnamus íad, agus a lamha nochtuighthe tar chnaimh na h-uillean. Agus
chuirfeá-sa, a Róisi, do thúrnadh-lín as a' m-bealach go déifireach; agus
béidh náire ort, da bh-faicfuigheadh thu ag deasughadh mo phróinne dhamh-sa.
Neamh-dheoin sin, ní cas náire aon-nídh aca so, agus ta bród oruinn
go léir á-nois fa bhéith d'a n-déanamh."
"Agus go m-ba fáda búan bhéidhmid mar sin!" arsa Maighistreas Grae.
"Tá tu ceart, agus do labhair mise go di-chéillidhe. Róisi, a mhuirnín,
caith na cardaidh sin a-steach sa' teine. Tamoid sona séunmhar, agus sásta
da'r stád; agus ma athruigheann sin, bhéidhmid mí-shasta neamh-shona,
mar ata mórán díobh so a mheastar a bhéith nios fearr ná sin-ne.
Feúch! ta na cardaidh dóighte; uime sin ná smuaineamoid níos mó orrtha."
"Tá súil agam nach bh-fuil brón air Róisi a d-taobh an choimh-thionoil
daimhseoruighe so. An bh-fuil, a Róisi bhig?" - ars' a h-athair, da
tarruing chuige, agus da cur 'na suidhe air a ghlún.
"Bhí aon adhbhar amháin, a athar," arsa Róisi, bhí aon adhbhar amháin,
agus ní raibh acht sin, far mhían liom a dhul chum an choimh-thionoil so."
"Maith go leór;" ar seisean; innis dúinn é. Déanadh tu mar is toil
leat: geallaim sin duit roimh rae. Acht innis an t-adhbhar dhúinn.
Creidim go bh-fuair tu é ann áit éigin a n-íachdar an bhlatha bhreagha
sin a


L. 53


tá tu a bhreathnughadh le ceathramhadh uaire, innis dam é," ar se a'
gáiridhe.
"Sé so amháin an t-adhbhar, a athar," arsa Róisi; acht féuch! och, ní
fhéudaim innsin duit a-nois. Féuch cía ata teacht."
'Sé duine bhí ann, Sir Háisint O Bríain 'na shuidhe ann a charbad,
agus a sheárbhoghantuidhe Sacsanach d'ar b'ainm Stafford 'na chuideacht;
bhí a iomchar modhamhuil tromdha go h-iomlán neamh-chosmhuil ris an módh ann
a raibh a maighistir air foluamáin agus air fuaidreadh go cullóideach buaidhearta.
Bhí Sir Háisint a' dul thart ag íarraidh gotha no bhótaidh air
feadh na tíre - gnothuidhe d'a d-tug se taithneamh mhór, agus ann ar sháruigh
se gach uile dhuine, do réir baramhla na n-daoine. Bhí gach uile cháilidheacht
ríachtanach aige, agus go dearbhtha do ghríosaigh fath comhachtach
go leór é chum sin do dhéanamh; oir do bhí 'fhios aige, muna d-tóighfidh
chum a bheith 'na bhall de'n b-Pairlement é, go g-caillfeadh se a
shaoírse
san ámh chéadna: do bhrígh go raibh príbhléid baill de'n b-Pairlement
ríachtanach aige le n-a shabhail ó n-a ghabhail. Bhí dúithche mhór aige,
agus neamh-dheóin sin, ní raibh duine air bíth san g-condae ba bhoichte
ná é; oir gídh b'é air bíth teacht a-steach a bhíos ag duine, ma bhíann
a fhéile os cionn a achmhuinge is éigin dó bhéith bocht. Ní h-e amháin
gur chaith Sir Háisint O Bríain níos mó ná a theacht a-steach; acht ba
mhían leis go measfuidheadh suim a chíos a bhéith fa dhó níos mó na
mar bhí se go fírinneach. Uime sin, b'éigin dó caitheamh a dhéanamh
do réir an t-saidhbhris a léig se air féin a bhéith aige; agus chuir an
dí-mhaoíneas ámaideach so a n-achran é a d-tosach a shaoghail, air mhódh
nar bh-fhéidir leis é fein do réidhteach 'na dhiáigh sin as. Bhí an-dúil
aige a bheith 'na áird-threóraidhé ann a thír féin: rinne se a dhíthchioll
air an uile dhuine do shásadh, agus choisin sin mórán dó: agus
chuir se a-steach air son a bhéith 'na bhall de'n b-Pairlement a n-agaidh
móráin eile. Rug se buaidh, acht is iomadh míle ponta chaill se leis.
Bhí gach uile nídh le ceartughadh le n-a dheagh-labhairt, a bhí in-mheasta
go deimhin. Bhí se deagh-chainteach tuigsionach greanmhar, agus bhí muiníghin
an-mhór aige as féin go m-b'fhéidir leis gach uile nídh d'fhoillsiughadh


L. 54


chomh soilleir a's b'fhéidir é.



Do rinneadh íongnadh mór d'a oráidib san b-Pairlement; agus bhí se air
buille le ain-mhian onóra agus árdughaidh a g-céim shaoghalta. B'áill
leis a bhéith 'na dhuine oirdheirc san t-Seanáid; agus an feadh bhí se
dían air an g-cuspóir so, do léigeadh a ghnothuidhe féin a bh-fáillighe
go h-iomlán. Ní thigean ain-mhían agus fearachas-tíghe le chéile air aon
chor. Neamh-dheóin sin, bhí d'fhiachaibh air O Bríain, chum mórdhacht
a bheatha do chonghbhail súas, uireasbhuidh na subháilce súaraigh so .i.
fearachas tíge, (mhar ba ghnathach leis féin á radh) a dhéanamh suás
le gléus éigin eile. Do choncas dó nach raibh slíghe air bíth eile
ion-glacuighthe aige, chum so thabhairt chum críche, acht cúl a thabhairt do
na ceadfadha do lean se go d-tí so. Goill se go mór air, sin a dhéanamh;
acht ní raibh neart aige air, da bhrígh nar bh'fhéidir leis theacht súas
air chúig chéud ponta sa' m-blíadhan a-nois, tar éis cúig mhíle do
chaitheadh gach uile bhlíadhan roimhe sin. Mur sin, ó bheith dhó 'na
thíorthach theinntidhe, thainic se chum a bhéith 'na bhuin-chíosuidhe
uirísiol.



Do rinne se a dhíthchioll le neart inntleachda agus le réasuntachd chealgach
cúis mhagaidh do dhéanamh do na céadfadha á thréig se. Go h-aith-ghearr,
ba mhían leis mór-dháil a dhéanamh as a bhéith ag síor-chaint
go neamh-náireach air ríaghluidheoraibh na críche, agus ba ghnathach leis,
magadh agus fonnamhad a dhéanamh faoí gach uile shubháilce phuiblidhe, chomh
maith a's nach raibh ionnta acht taóm-buile agus fuar-chrabhadh gan bhrígh.
Do chuir Sir Háisint a g-céill do dhaoinibh eile ar úairibh le n-a
dheagh-chaint agus tre mhaiseamhlachd a bhéusa, go raibh an ceart aige; acht
faraor! bhí aon n-duine amháin nar bh'fhéidir leis a mhealladh, agus 'sé
sin é féin. Ní raibh meas air bíth aige air féin, agus níor bh'fhéidir
le nídh air bíth cúitiughadh a dhéanamh ris san t-sásamh inntinne do
chaill se. Gan féin-taithneamh bíann gach uile shólás san domhan gan
bhlás.
Tar a cheann sin, do shaoil gach uile dhuine, nach raibh fios a inntinne
aige, go raibh Sir Háisint O Brían 'na dhuine shona do réir chosmhulachd:
agus níor mheas duine air bíth go m-ba dhiol truaighe é, no gur b'é féin
ba chiontach leis, no go raibh droch-bhail a ghnothuidhe follasach don
t-saoghal. Bhí áit thairbheach


L. 55


aige; acht do mheas se go raibh se oireámhnach
aíge caitheadh do dhéanamh do réir a theacht a-steach, agus da bhrígh sin,
ní raibh se sgillin níos saidhbhre a g-cionn bhlíadhna.
Do phós se bean-oighre shaidhbhir a n-dothchus a fhortún briste a dhéanamh
súas lei; acht bhi sé oireamhnach aice, no mheas sí féin go raibh,
caitheadh a dhéanamh do réir a fortúin; agus uime sin ni raibh a fear aon
sgillin amháin níos saidhbhre tre n-a phósadh. A-núair a bhídheadh
cruadhog airgid air Sir Háisint a-nois a's a-rís, do thogbhadh a
ghníomhaidhe, a bhí 'na ríaghluigheoir air gach uile nídh aige, airgiod air íasacht
dó chomh tapaidh a's b'féidir é; agus ta 'fhios
dó chomh tapaidh a's b'féidir é; agus tá 'fhios ag gach uile dhuine gur b'éigin
díol go daor air son cobhair air bíth a
díol go daor air son cobhair air bíth a faghthar ann aimsir na cruádhoige. Ta daoine ann,
a bhíos chomh h-éasgaidh
ag tabhairt airgid air íasacht uatha ann a léithide so de chás, agus is
féidir le luchd an ain-mhíain agus na dosgúigheachta íarraidh. Ba duine
mar so Maighistir Hopcins, agus is é do bheireadh áirgiod air íasacht don
m-Barún gach uile úair do bhídheadh easbhuidh air.
Ní raibh 'fhios ag Sir Háisint O Bríain go raibh a mhaoin shaoghalta
a mí-ordughadh go ro mhór, no go m-b'éigin dó é féin d'ullmhughadh fa
chomhair togha úr nuadh, mur gheall air briseadh súas oban na Pairlement.
A-núair a chuaidh se chum na tíre, thainig sgaoth de luchd-fíacha garóideach
trioblóideach 'na thimchioll ag íarraidh air comaoin do chur orrtha, agus a
ghealla
do coimh-líonadh dhóibh. Is bocht an
rud do dhuine a bhéith ag íarraidh gean na n-daoine do thuilleadh chum é
féin do chur a g-céim, muna bh-fuil se saidhbhir go leór chum an nídh is
mían leis do dhéanamh a-mach.



Do rinne an Barún a dhíthchioll chum a thréigean ó thaobh an cheirt
do cúr thart go maiseach le grinn-bhriathruibh; agus an feadh a b'fhéidir
leis gáire agus súgradh a dhéanamh 'na shuidhe síos a g-ceann boird
líonmhair, níor bh'fhéidir dó gán mórán d'fhaghail a dhéanfadh gáire
agus súgradh 'na chuideacht. Acht bhí buidheann láidir air na dhéanamh
suas 'sa tír 'na aghaidh. Bhí beirt choimh-sheasmhoiridhe eile a' cur
a-steach air son a bhéith d'uaislibh na Pairlement: ba duine aca so an
comhairleach O Cuinn, fear gan sibhíaltas air bíth agus de threidhibh uirísle
; acht tar a cheann sin,


L. 56


b'fhéidir leis deoch d'ól, agus luchd-bhóta
do mhealladh chomh maith go h-iomlán le Sir Háisint, d'aimh-dheóin é
bhéith chomh deaghchainteach, inntleachdach, a's bhí se.
Bhí Maighistir
Molineau, an coimh-sheasmhoir eile, go mór níos in-eagluidhe; do bhrígh go
raibh se 'na dhuine thréidheach fhíréunta iónnruic, agus nach n-deárna
dearmad a-ríamh de nídh air bíth a rachadh chum sochair do luchd a thíre.
Ní raibh se 'na cheann-feadhna, acht bhi se 'na charaid don g-ceart agus do
na bochtaibh, air mhodh nach bh-fuileóngfadh se luidhe go trom orrtha le láimh
láidir. Do chomh-aontaigh buidheann mhór de dhaoinibh buidheach neimh-spleadhach
chum an duine uasal so do chongbhail súas.



Bhí adhbhar ag O Bríain a bheith air crioth fa n-a chineamhuin; ba
cluimhthe cruaidh dhó é so. Chuaidh se air feadh na tíre ag iarraidh
bhótaidh chomh luthmhar tapaidh a's b'fhéidir a dhéanamh; agus bhí se
aireach air an dream so a bheith ann a leith, a m-bían dúil mhór aca a
bheith ag rith a-nunn 's a-nall thríd an tír ann aimsir togha, agus a mheasas
íad féin a bhéith cúiteach go leór mur gheall air an mór-dháil a bhías
aca air feadh thamuill, agus an chullóid a ghní siád. Ba duine mar sin
Símeón O Dóchartuidh. Bhí se neamh-aireach air a ghnothuidhe fein, acht
ro éasgaidh a g-cás dhaoine eile. Níor bh'fhéidir leis fanmhuin san
m-baile a-nois: da bhrígh sin ba mhaith leis rith síos a's súas air feadh
na tíre, agus is aige d'fhag O Bríain an t-iomlán d'obair shalach an
togha le cur a g-criche. Thug Símeón sáimh é fein a-núas chum an cheim
is ísle d'uaislibh an t-seachráin, mar a h-ainmnighthear íad; daoine nach
m-biann dadadh le déanamh aca, no teacht a-steach air bíth le n-a
g-congbhail súas, agus do ghairmidh daoine uaisle díobh féin, agus a
shaoileas gur cóir dhóibh meas mor fhaghail mur gheall air sinnsearachd a
muinntire. Do bhí 'fhios ag Sir Háisint O Bríain gad é mar b'fhéidir
leis uabhar Shímeóin do bhladaradh, agus a mhealladh le cluanaigheacht.
Shaoil Símeón sáimh, da m-béidh an Bárún 'na bhall d'uaislibh na
Pairlement, go bh-fuigheadh se áit dó a d-tígh an chustuim chomh maith
leis an áit a chaill se go déigheanach. A n-dothchus na geallámhna sin
d'oibrigh Símeón níos díthchiollaigh ná mur ba ghnathach


L. 57


leis a dhéanamh air ócáid air bíth ariámh 'roimhe, agus
ní raibh an chailidheacht bhríoghmar sin .i. caint bhladhmanach, áir
easbhuidh uaidh.



Chuaidh se ro fhada air uaribh leis an nós so; oir ni h-e amháin go n-dearna
se borrachas air an rann daoine a bhí a n-aghaidh le n-a bhladhmanadh; acht
is minic a mheall se a cháirde féin. Mur an g-céudna, dhearbhuigh se d'a
dhíonadoir, agus é os cionn a bhuidéil, go m-b'fhédir leis mórán luchd-bhótaidh
fhaghail dhó, air nach raibh cumhacht air bíth aige. Mur
eisiomplar, d'innis se do Sir Háisint O Bríain go raibh se cinnte go
d-tiubhradh ná Graes go léir a nguth dhó, agus is mur gheall air an deimhniughadh
so do fuair Róisi, agus a mathair cuireadh chum an choimh-thionoil
daimhseoraighe; agus 'sé so an t-adhbhar fa d-tainic
an Barún do lathair a b-pearsuin chum a
mhilis-bhriáthra do labhairt ag Rosanna. Do chongbhamar ro fháda ag dorus
an chábáin é; is míthid dúinn a léigean a-steach a-nois.



AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL.



Air n-dul a-steach dhó, 'sé an chéud nídh a bhreathnuigh se, sgéimh
Róisi. Do ghlac sí seilbh comh h-oban sin, agus comh mór air inntin, ionnus
go n-dearnaidh sé dearmad de'n togha air feadh tamuil bhig, agus de gach
uile nídh a bhain dó. Ionnus go d-taisbéunfaidh sé an t-síbhíaltacht
sin do gach neach, a dhlígheas an té a bhías a' cur asteach air son a
bhéith a b-Pairlement, bhí sé ríachdanach aige léigen air féin a bhéith
lán tsásta le athair, agus le mathair, le mac, agus le inghin; acht ní
raibh ocáid air bíth le bladaradh san g-cabán so; oir go fírinneach
thaithnigh gach uile dhuine de'n m-bunadh fa léith leis. Do corruigheadh
céadfadha mothuighthe nádurtha an chroidhe ann. Rinne an duine ain-mhíanach
so dearmad d'a thionsganta go léir, agus d'a uile chúram, ag léir-smuaíneadh
air an aoíbhneas agus air an t-sólás a bhí ag a na léithide
so de dhuine uirisiol; agus do bhí an Barún ag comh-radh le feilmeoir


L. 58


Grae air feadh leath-uair ' go h-iomlán, sul ma d-tainic se chuige féin.
"Tá an mhuintir so," ar se a n-inntin féin, "níos séunmhaire go mór ná
táim-se, 's ná bhí mé 'ríamh!



Tá síad-san sásta a m-beatha do chaitheadh go h-uaigneach; bhí mi-se mío-shasta
fiú a-nuair bhí mo chliú air lasadh agus air na chraobh-sgaoileadh
a measg na n-daoíne. Acht ní'l se a'm' chumas-sa mo chineamhuin
d'athrughadh. Chuaid me air bhord luinge air mhuir na críoch-smachta chomh
neamh-aireach a's da m-ba bád beag pléisiúir í; a-nois ta me ceangailte
síos gus an maide-ramha, agus ní féidir le sglábhadh air bíth a bhéith
níos measa ná ta me."



B'fhéidir gur mur gheall air sgéimh Róisi, a g-céim éigin, thug
Sir Háisint taithneamh comh h-oban a's chomh mór sin d' aoíbhneas na tíre.
Ta se cinnte gur mó an buaidhreadh a bhí air, a-nuair a chualaidh se nach
rachfadh sí chum an choimh-thionoil daimhseoraighe, ná bhí air an tan
h-innséadh dhó nár bh'fhéidir le n-a hathair no le n-a dearbhraithreachaibh
a n-guth a thabhairt dó. Air m-béith don bh-feilmeoir Grae 'na dhuine
chomh neamh-spleadhach a g-céadfadha a's bhí se a maoin shaoghalta, dubhairt
se leis an m-Bárún go fírinneach cneasta, gur mheas se nach raibh duine
air bíth le faghail budh oireamhnaigh ná Maighistir Molineau le cur a
b-Pairlement; agus da bhrígh sin gur dó-san budh chóir dhó a ghuth a
thabhairt. Do rinne Sir Háisint a dhíthchioll d'a chomhairleadh, 's gan
maith dhó ann, agus ann sin d'fhag se an cábán go dólásach brónach.
Tharlaidh Símeón O Dochartuidh air tar éis é dhul beagán de mhíltibh
ó'n dorus, agus thug se chaint mhaslúightheach dó go feargach mío-shásta,
fa mar mheall se é, da chur a g-céill dó go raibh na Graes 'na leith. Ní
raibh focal le radh ag Símeón air d-tús; ácht do smuainigh se go trathamhuil
air bhealach áiridhe le'r bh'fhéidir leis é fein do réidhteach as an
acran so.
"Is tu féin is ciontach go h-iomlán, a dhuine uasail le do thoil," arsa
Símeon: "dá fheabhas an fear togha thu, rachfadh mise a m-bannuidhe go
bh-fuigheadh me duine a sháróchas thú san g-cás so. Cuir mise agus
Stafford tar ais a-rís air an móimeint so go Rosanna, agus bhearfaidh sinn
na trí bhótaidh chugad a g-cionn uaire


L. 59


chomh marbh le preachan, no ní O Dochartuid is ainm damh-sa!"
"Dearbhuighim dhuit, a Mhaighistir Dochartuidh, nach d-tuigim thu," ar
seisean.



"Maiseadh, léig damh-sa cogar a dhéanamh ann do chlúais, a Shir
Háisint, agus cuiridh me a g-céill duit go bh-fuil an ceart agam."



Do sméid Símeón go ro éifeachdach, agus d'fhéuch se críona go
h-iongantach; ann sin d'a shíneadh féin síos ó n-a ghearrán d'ionnsuidh
an charbaid le theacht a bh-fogus do chluas Shir Háisint, d'innis se a
g-cogar dó, go raibh 'fhios aige ó ughdar ro mhaith, go raibh Stafford a
n-gradh le inghean dheas Grae, agus nach raibh mí-thaithneamh air bíth ag
Róisi air-sean; go raibh gean an-mhór ag a n-a h-athair agus ag a n-a
dearbhraithreacha uirrthi, agus da bhrígh sin go m-b'fhéidir lei a n-gotha
d'fhaghail dó, da labharfuidh go ceart lei.
Níor chuir an sgeul so oiread luathgaire air Shir Háisint a's mheasfá
ba chóir dhó a chur. Dubhairt se go fuar failligheach nar bh'féidir leis
Stafford a léigean uaidh do lathair, agus ann sin do thiomáin se air aghaidh.
Do méudaigheadh an sgéul so go mór, ag imtheacht ó bheul go béul, agus
gach uile dhuine a' cur leasughadh leis mur is gnathach. Bhí gean ag
Stafford air Róisi gan amhrus; acht níor innis se sin a-ríamh dhí; agus a
d-taobh Róisi, b'fhéidir go bh-fuigheadh sinn a-mach a h-inntin go léir,
muna m-beidh go d-tainic carbadh Shir Háisint go díreach a-núair a bí si
'na suidhe aír ghlún a h-athar, agus air tí innsin dó créud an fath fa'r
mhían lei dhul chum an choimh-thionoil daimhseoruighe.
Bhí Stafford 'na thaoíseach teaghlaigh ag an m-Bárún, agus is aige bhí
ríaghalughadh os cionn shearbhoghantuidhe do-smachtaighthe a mhaighistir.
Bhí se ro eólgach air neithe do dhéanamh a módh ríaghalta do réir nós
na Sacsanach, nós nar thaithnigh go mór le n-a choimhshearbhoghantuibh;
agus da bhrígh sin bhí fuath mór aca air, agus ní aca-san amháin, acht
ag mórán de lucht na tíre san g-comharsanacht sin, a mheas go raibh reamhchlaonadh
láidir aige do leith gach uile néithe do bhain re Sacsan, agus
dí-meas follasach do gach nídh a bhain re Eírinn. Thug síad fa deara
'na dhíaigh sin, nach


L. 60


raibh an ream-chlaonadh so aige a n-aghaidh mhuintir
na h-Éirinn go léir; d'admhuigh Stafford é féin go raibh bunadh Ghrae
beagnach chomh ríaghalta, bithchinte, salárthach, taithneamhach a's da
m-béarfuidh a Sacsan íad.
Do chuir sin íongnadh chomh mór sin air, ionnus nar fhéud se gan a dhul
gach uile úair da raibh foill aige gus an muillion no go cábán Rosanna
ionnus go bh-feicfeadh se an m-b'fhéidir a léithide so de néithibh a
bhéith go fírinneach a n-Eirinn. Is ag muillion Rosanna do cheannaigh se an
méid plúir a theasduidheadh uatha, agus 'sí Róisi do chongbhuidh éunlaith
ris an m-bean-tíghe a g-comhnuidhe; air mhódh go raibh se ríachdanach ag
Stafford a dhul go minic air cuairt go cábán Ghrae mur gheall air ghnothuidhe
a mhaighistir; agus gach uile uair a théidheadh se ann, do shaoil se go
raibh cábán Ghrae níos mó agus níos mó cosmhuil le tígh Shacsanach: agus
mheas se gach uair agus gach ám go m-ba chosmhuile Róisi le cáilin Sacsanach
ná le rud air bíth eile. "Is mór an truaighe," ar seisean, "nar rugadh í
air an taobh thall de'n bh-fairge; oir níor bh'féidir le mo mhathair agus
le mo cháirdibh a g-condae Warwick, cur súas air bíth a bhéith aca dhí
ann sin. Acht do bhrígh gur cáilin Eirionnach a ta inte, ní féidir leo go
dearbhtha taithneamh air bíth a bhéith aca uirri." Is minic a chualaidh se
íad a' radh, no amhuil a's da n-déarfadh síad, go m-budh mhór an briseadh
croidhe leo, da b-pósadh se a n-Eirinn, agus comhnuidhe a dhéanamh a measg
na m-bogaigh agus na n-Eirionnaigh fhíadhain.
A nuáir a chuimhnigh Stafford air reamh-chlaon a cháirde a n-aghaidh
mhuintir na h-Éirinn, bhí droichmhéisneach mhór air, smuaíneadh air
Róisi phósadh; acht teagmhuidh se air úairibh go d-taisbéunann léirsmuaineadh
air reamh-chlaonta dhuine eile ámaideacht ar g-claonta féin
dúinn, agus is mar so bhí an chás sa lathair. Do sgríobh Stafford go
minic chum a cháirde a g-condae Warwick da dhearbhughadh dhóibh, go raibh
síad meallta go h-iomlán ann a m-baramhuil a d-taobh na h-Erinnn; nach raibh
Eire go léir 'na bogach; go raibh iomad crann árd 'sna h-áitibh tre ar
shiúbhal se, agus go raibh mórán de bhailtibh beaga tuaithe ann, chomh deas
a's budh mhían leat d'faicsin ann áit air bith; agus go


L. 61


raibh na fir,
(gídh go g-caitheann cuid aca bróga fós,) go mór níos féile do dheóraidhibh
ná bhí na Sacsannaigh; agus go raibh na cáilinidh, an chuid aca
nach raibh feoighte lé deataigh, chomh breagha
deas dathamhuil le cáilin air bíth a chonnairc se a-riámh, go h-áiridhe
cáilin éigin d'ar b'ainm Róisi Grae.
Ba h-í mar an g-ceadna an cáilin a b'fhearr
agus ba taithneamhaigh d'ar b'aithne dhó a-ríamh í, gídh go raibh
se beagnach 'na pheacadh an oiread sin a radh a leith cáilin air bíth nar
rugadh a Sacsan.
Do sgríobh Stafford mórán eile de'n t-sórt so chum a mhathar;
sgríobh si-si air ais chuige da fhreagairt, agus d'íarr sí mar athchuinge
air, smuaíneadh go maith créud a bhí se air tí a dhéanamh, sul ma bh-fulóngfadh
se dhó féin tuitim go doimhin a n-gradh le Róisi Grae so, no le
cáilin Eirionnach air bíth eile a tugadh súas a g-cábán déanta de bhalladh
criaidh, agus nar bh'féidir do dhuine súil a bhéith aige go d-tiompóchadh
a léithide so a-mach air deireadh comh maith le bean a rugadh go fírinneach
a Sacsan, agus a tugadh súas a d-teach scláta.
Do h-athruigheadh Stafford chomh mór sin ann a reamh-chlaonta agus ann
a bharamhuil air mhuintir na h-Eirinn ó thainic se n-a measg, air mhódh nar
fhéud se gan miongháire do dhéanamh faoí roinn de lítir a mhathar; gidheadh,
thainic se lei comh fada so is gur mheas se go raibh se céillidhe aige
gan tuitim go doimhin a n-gradh le cáilin air bíth Eirionnach no Sacsannach
no go m-béidh eólus go h-iomlán aige air a méin 's a tuigse. Uime sin
léig se dhé go críonna, 'sé sin le radh, léig se dhe oiread a's d'fhéud
se, comhartha air bíth a thabhairt do Róisi go raibh gean air bíth aige uirri,
no go raibh lán-fhaill aige a teasdas, agus fios a h-aigne fhaghail a-mach.
Do bhí so ann a chumhacht a-nois. Chonnairc se go d-tug a mhaighistir
taithneamh mór do Róisi mur gheall air a sgéimh áluinn; agus bhí 'fhios
aige go rachfadh Sir Háisint air aghaidh le n-a ghnothuidhe go búain-sheasmhach
neamh-thuirseach. D'éirigh a chroidhe le luthghair, 'n-úair a
thainic an carda a thug cundus air a diúltadh. Do léigh se a-rís agus
a-rís é, agus fa dheoidh chuir se a-steach ann a bhrollach é go dluth
le n-a
chroidhe. - "Is maith


L. 62


an inghean Róisi," ar se leis féin; "agus is maith
an comhartha sin go m-béidh sí 'na mnaoí mhaith.
Ní smuaínigheann sí go d-tug mo mhaighistir taithneamh dhí; acht is
maith a ghnídh sí comhairle a h-athar chríonna chumanaigh do ghlacadh. Ní
raibh oiread de ghean a-ríamh agam air an bh-feilmeoir Grae sin, ann ám air
bith ann mo shaoghal a's ta air an móiment so."
Do chuir a mhaighistir toirmeasg air Stafford an tan bhí se ag labhairt
mar so leis féin: ghlaoídh se go feargach air, agus d'fhíafruidh se
dhé, créud fa nach d-tug se coirce do na
caiplibh an lá roimhe sin, mar d'íarr se air. Is fíor go n-dearna se
dearmad go h-íomlán de'n g-coirce, do bhrígh go raibh se buaidheartha míoshuaimhneach
ann intinn mur gheall air Róisi, agus air an g-coimh-thionol
daimhseoruighe. Do las Stafford go bun an dá chlúais. D'admhuidh se gur
ro dhona rinne se, dearmad a dhéanamh de'n g-coirce; acht dubhairt se go
rachfadh se chum an sgiobóil do lathair, agus go d-tiobhradh se a-mach don
n-grúmadh é.B'fhéidir go d-tiobhradh
maighistir air
bíth eile, nach m-béidh chomh so-chorruidh no chomh diongmhalta le O
Bríain, maitheamhnas do Stafford ann sa bh-faillighe so, air son a ghnathdhuthracht
roimhe sin.
An tan chúalaidh an t-ughdar mór-mheasamhuil Stern maighistir
áiridhe aon uair amháin ag tabhairt achmhusain ghéir so sheirbhiseach mar
gheall air locht gan bhrígh, dubhairt se leis an duine uasal so, "a Shaoí
ionmhuin, níor chóir dhúinn súil a bhéith aguinn gach shubhailce fan
ngréin fhaghail air fhithchid ponta san m-blíadhan."
Ba mhían le O Bríain íad a bhéith aige air amháin geallamhuin
fhithchid ponta sa' m-blíadhan. Gídh nar dhíol se tuarasdal a shearbhoghantuidh
'ríamh go cneasda, 'na dhiaigh sin ba ghnathach leis a maslughadh
go ro mhío-mhodhamhuil gach uile úair da m-bídheadh fearg air. 'San g-cás
lathaireach, méuduigheadh a dhroch-aigne le h-éud.
"Do b'fhearr liom, a dhuine uasail," ar se le Stafford, tar éis é gair
mionna móra do chur as; "go d-tiobharfá aire dod' ghnothuidhe, 'sgan a
bheith a' dul a n-díaigh néithe nach bh-fuil oireamhnach duit, agus nach
bh-foghnann dhuit; ní'l lá ratha go deigheanach ort; tá tu neamh-aireach,
míomhodhamhuil, agus ní'l tu iontaobh."


L. 63


d'fhulang Stafford go foighideach gach ar dhubhairt a mhaighistir, no go
d-tainic se gus an focal so, "ní'l tu iontaobh;" acht chomh luath a's
dubhairt se so, níor bh'fhéidir leis smacht a chur air féin níos faide.
Chaith se air an d-talamh eochar mhór an sgioboil a bhí ann a laimh, agus
ghair se a-mach - "ní'l me iontaobh! an é so luach saothair mo
sheirbhise go h-iomlán. Ní'l me iontaobh! Maiseadh ní'l aon
ghnothuidhe ann so agam-sa níos faide."



"Ní'l da luaithe imtheochas tu nach amhluidh is fearr é, a dhuine
mhaith," ars' an Bárnn go feargach; agus ní raibh rud air bít a b'fearr
leis 'san ám sin ná ésean imtheacht as a radharc. "Is fearr duit imtheacht
leat go Sacsan do lathair: ní'l féum agam air do sheirbhis níos faide."
Níor labhair Stafford aon fhocál amháin níos mó, acht d'imthigh se
leis as a radharc, ionnus go m-b'fhéidir leis a bhuaidhreadh inntine do
chéilt; agus a núair a bhí se 'na aonar bhris se a-mach a n-gul, ag radh
leis féin a-rís agus a-rís, "Maiseadh 'sé so luach mo sheirbhíse go léir!"
An trath d'fhuaraigh fearg Shir Háisint, smuaínigh se go raibh tuarasdal
sheacht m-blíadhan le díol le Stafford aige, agus do bhrígh nach raibh se
comhgarach aige sgaramhuin leis an oiread sin airgid annsa lathair ann aimsir
na togha, do chuir se roimhe reidhteach leis. Ní do ghradh an cheirt ba
mhían leis so a dhéanamh, agus uime sin is éigin a radh go raibh se comh
uirisiol laig-spioraideach sin a's a leith-sgéul féin a ghabhail le n-a
fheadhmanach féin, agus tuairim a thabhairt dó go raibh fáilte aige
fanmhuin ann a sheirbhis ni b'fhaide ma ba toil leis é. "A dhuine uasail,"
arsa Stafford, do bhrígh go n-deir tu nar mhían leat a radh go raibh me
mí-chneasda, nídh nar thuill me a radh liom agus da bhrígh sin nar
bh'fhéidir liom d'fulang, ta me sásta fanmhuin. Béidh me maith go leór
le fuireach agad-sa ma's féidir damh dánacht a dhéanamh labhairt leat
a d-taobh nídh éigin a ta ann m'inntin, agus fíafruigh dhíot an m-béidh
diúltadh air bíth agad da smuaíneóchuinn air Róisi Grae a phósadh?"
"Diúltadh air bíth agam! ní bhéidh diúltadh air bíth agam-sa," ars'
O Bríain le gné thromdha, cailidheacht


L. 64


a bhí air a chumas gach uáir agus
gach ám, agus nar bh'fhéidir leis an t-Sacsanach shimplidhe thabhairt fa
deara - "Créud an fath fa m-béidh cur súas air bíth agam-sa dod' phósadh
le Róisi Grae?"
"Ní'l fhios agam, a Shaoí, ní fheadaim a radh," arsa Stafford; "acht
shaoil me an lá a chuaidh tu go Rosanna, go m-ba chosmhuil duit íongnadh
mór a dhéanamh d'a sgéimh,
agus dubhairt tu liom a n-dé gan a bhéith ag rith a n-diaigh
néithe nar bhain dam."
"Agus créud fá saoilfeá go measainn-se nach bh-fuil Róisi Grae
oireamhnach duit," arsa O Bríain ag gáiridhe. "A d-taobh an mholaidh thug
me dhí an lá chuaidh me go Rosanna, ní raibh ann acht milis-bhriáthra
gan bhrígh, agus ní rud air bíth eile."
Bhí Stafford lán t-sasta leis an módh uirísiol ann ar fhoilsigh a
mhaighistir é féin dó. Do rinne síad muinntearas le chéile, agus do ghlac
Stafford do láimh a-rís an cúrám a bhí aige timchioll an tíghe níos
duthrachtaigh ná rinne se 'ríamh roimhe. B'éigin dó fanmhuin no go
m-béidh se comhgarach ag a n-a mhaighistir cead a thabhairt dó a dhul lá
áiridhe go Rosanna, agus Róisi d'íarraidh le posadh. Do chuir a h-iomchar
a d-taobh an choimh-thionoil daimhseoraighe a n-iúl dó go raibh reamh-chlaonta
a mhathar a n-aghaidh mhna na h-Eirinn gan adhbhar air bíth.
An feadh bhí a inntin san stád so, chuir O Bríain fios air, aon mhaidin
amháin, agus dubhairt se leis go g-caithfe se dhul go h-ionad áiridhe a
bh-fogus dó, chum daoíne éigin ag a raibh talamh saor 'na seilbh, agus a
m-b'fhéidir d'a n-gotha an togha d'iompodh ann a leith. "B'féidir críoch
a chur air na gnothuidhe sin a m-beagán laethibh," ars' O Bríain; agus do
ghabh Stafford re n'ais, sin do dhéanamh go fonmhar. Ní raibh na daoíne
uaisle, chum ar cuireadh na
lítreacha le Stafford, 'sa m-baile, agus da bhrígh sin, b'éigin dó
fanmhuin air feadh caochaidhise ag fuireach leo. Ag teacht air ais dó,
ghabh se slíghe a bhí ag dul le taobh Rosanna, ionnus go m-béidh an sólás
aige, an chuid is lugha dhe, Róisi fhaicsin air feadh tamuill bhig; acht
a núair a ghlaodh se ag an g-cabán, ní léigfuidh a-steach é, nídh do
chuir íongnadh ro mhór air. Air m-béith dhó 'ná dhuine lasánta ó
nádúr, agus 'na dhuine uaibhreach mur an g-céadhna, do


L. 65


smuainigh se air
d-tús an gearran thiompodh thart, agus imtheácht leis.
Acht ag cur toirmeisg air a chorruidhe, do mheas se gan an áit d'fhagáil
no go bh-faghadh se a-mách gad é ba chíall dó so. Do smuaínigh se nach
n-dearnaidh aon n-duine de'n m-bunadh sin 'ríamh roimhe mío-choinghiol
no cealg air bíth air. Da bhrígh sin go m-ba mhaith an bharamhuil nach
d-tiompochadh síad a n'aghaidh a-nois muna measfadh siad go raibh adhbhar
maith aca. Chuaidh se air marcaigheacht air an m-ball go machaire a bhí
a bh-fogus dó, ann a bh-facaidh se móran luchd-oibre ag saothar. Bhí
Grae
féin 'na g-cuideacht. Do thuirling Stafford d'a ghearrán go h-éasgaidh,
agus le gnúis mhodhamhuil mhacanta do shín se a-mách a lámh ag radh, "
Ní thig liom a chreidmhuin gur mían leat mo mhaslughadh: innis damh créud
fa nach léigfidhthear a-steach ann do theach me, a dhuine mhuinntearaigh?"
Do chuir Grae a bhata fa n'ucht air feadh tamuill bhig, agus tar éis
fhéucain go grinn tromdha air, dubhairt se, "Chím go raibh sinn ro
neamh-fhoighideach; ní raibh adhbhar air bíth aguinn a bhéith a n-imreas
leat-sa, a Staffoird: oir níor bh'féidir duit go brath fhéuchain orm leis
an n-gnúis mhacanta shubháilceach sin, da m-béidh lamh air bíth 'sa
n-gnothuidh so agad."
"Cad é an gnothuidhe?" arsa Stafford.
"Siúbhal a bhaile liom, as éisdeacht na n-daoíne so, agus inneosad sin
duit," arsa Grae.
Trath bhí síad a' siúbhal gus an cabán, do bhain Grae a-mach as a
phócadh leabhar-pocadh mór leathair, agus bhí se ag cuartughadh lítre ann.
"Aitchim ort, a Staffoird," ar se, "ar chuir tu-sa melon chum m'inghine-sa,
timchioll deich lá ó shoin?"
"Chuireas ceann a thóg me féin. d'fhagbhas ag a n-garrdhadoir é, le
n-a chur chuice, agus dubhairt me leis innsin dí nar mhaith liom go m-b'eigin
damh dhul as baile mur gheall air ghnothuidhe mo mhaighistir,
agus nar bh'fhéidir liom a faicsin air
feadh beagán do laethibh, no rud éigin mur sin."
"Níor thainic teachdaireachd air bíth de'n t-sórt sin," arsa Grae,
"acht amháin an melon agus an sgríbhinn bheag so. Go deimhin," ar se ag
féuchain air Stafford, a-núair a bhí se a'léigheadh na lítre,


L. 66


"ta se
ag éirigh comh báin-ghnéiteach, is d'éirigh mo bhean féin a núair a
thaisbéun me dhí í."
Go dearbhtha d'éirigh Stafford báin-ghnéiteach le fearg. Ba lítir í a
sgríobh a mhaighistir chum Róisí, agus d'íarr Sir Háisint mar athchuinge
gan a foillsiughadh air aon chor, ag geallmhuint spré mhaith a thabhairt
dí chum a pósda le fear mhaith éigin eile, da n-glacadh truaighe í d'fhear
a bhi i a n-gradh lei, agus a' faghail báis le gradh uirri.
"Ní fheicfidh me mo mhaighistir go brath a-rís, "arsa Stafford; "níor
bh'fhéidir liom a fhaicsin gan me féin a chur a g-contabhairt rud éigin a
dhéanamh nar bh'fhéidir dhamh a mhaitheadh dam féin. E-sean 'na dhuine
uasal! é-sean 'na dhuine uasal! imtheochadh me liom agus fagfuidh me a
lítreacha agus a ghearrán ag cuid d'a mhuinntir: ní fheicfidh me go brath
a-rís é; muna n-díoladh se feorling de thuarasdal mo sheacht m-blíadhan
liom, is cuma liom é; ní chodoladh me oidhche eile ann a theach. E-sean
'na dhuine uasal!"
Do chuir an mothughadh feirge a bhí air Stafford luthghair mhór air
Ghrae; agus is móide chorruigh se é, do bhrígh go raibh Stafford a
g-comhnuidhe roimhe sin modhamhuil macanta agus an-tsibhíalta. Tharladar na
néithe so go h-iomlán ag an dó de'n chlog trathnóna, agus thainic se go
Rosanna trathnóna an lae chéadna. Bhí Róisi 'na suidhe a g-ceann oibre
ag fuinneóg an chabáin. A núair a chonnairc sí é ag an n-geatadh bheag
bhán, d'aithnigheadar a dearbhraithreacha air a dath cía bhí a' teacht,
agus rith síad a-mách da theagmhail ris.
"Ba cóir dhaoibh bhur n-doirse a dhruid am' aghaidh-sa a-nois, ann áit
rithe a-mách dom' theagmhail; oir ní feasach me go bh-fuil feoirling san
domhann agam acht a bh-fuil san mála so. Bhí me comh ámaideach 's gur
fhág me gach ar shaothraigh me a lámhuibh duine uasail nach féidir leis a
thabhairt damh acht a bhana air son mo thuarasdail. Acht is maith liom go
bh-fuil me a-mach as a theach air aon chor."
"Agus is maith liom-sa go bh-fuil tu ann mo theach féin," arsa Grae,
ag cur fáilte roimhe le teas ghradh na féile do tharruing deóra an chumainn
a súilibh Staffoird. Rinne Róisi mion-gháire faoi n-a h-áthair -


L. 67


níor dhubhairt si dadadh acht a chathaoir uillean a chur chuige, agus bhí sí
ro ghnothuidheach ag cóiriughadh an bhuird chum tea do chur air.
Do sméid Maisgistreas Grae air a h-aoidheadh; chuir sí d'fhíachaibh air
suidhe síos le-n-a taobh, ag innsin dó go m-béidh tea aige ag Rosanna comh
maith a's bhí aríamh a g-condae Warwick aige, "agus as soithighibh a
rinneadh a Staffordshire," ar sí, ag baint na g-cupán tea is fearr a bhí
aice, agus na b-plata beaga a-mach as coirn-sdial.
Bhí Roibeard beo súgach ó nádúr, agus dúil aige fonnamhad a
dhéanamh faoi n-a cháirdibh: da bhrígh sin, níor fhéud sé toirmeasg
a chur air fein gan aithris dóibh go raibh íongnadh mór air fa mar thogh
Stafford bean Eirionnach mar roghan air mhnáibh an domhainn. "An bh-fuil tu
lán-chinnte, a Staffoird," ar se, "nach bh-fuil sgíathain air guailleachaibh
mo dheirbhshiure?"
"Bh-fhuil tu réidh a-nois, a Roibeird?" ars' a mhathair, air thabhairt
fa deara dhí go raibh náire mhór air Stafford, agus nach raibh freagradh
ullamh aige. -
"Ma bhí reamh-chlaonadh ag Stafford a n-aghaidh mna na h-Eirinn, is
móide an cliú do mo Róisi-sa buaidh do bhreith air; agus a dtaobh
sgíathan, cuir a g-cás go m-béidh síad oruinn, níor náire air bíth
dhúinne a ta 'n-ar n-Eirionnaígh beartha é, agus da réir sin, níor mhi-chliú
air bíth a g-cur 'n-ar leith. Nach bh-fuil sgíathain air na
h-ainglibh féin!"
Is mór an t-aoíbhneas, air uairibh, greann trathamhuil a dhéanamh,
agus chonnairc Stafford sin air an uair sin go díreach: oir d'imthigh a
náire a n-diaigh a chéile, agus ní dhearnaidh Roibeard fonnamhad faoi níos
faide. "Ní raibh smuaíneadh
agam" ar se, "gad
é chomh furas a's ta se náire chur air Shacsanach a gcomhlúadar a
mhaigistreas."
Ba an-aoíbhinn an tráthnóna é so ag Rosanna, Tar éis Róisi imtheacht
as an g-comhlúadar, nídh do rinne sí gan mhaill chum gnothudhe an tighe
a dhéanamh, do labhair a h-athair le Stafford go h-an-tsíbhíalta.
"A Staffoird," ar se, "ma deir tu liom, gur féidir leat m'inghin do chongbhail
súas a slíghe bheatha mur ta sí a-nois, bhearadh me dhuit le pósadh í."
Do réir mo bharamhuil-se, (agus 's é sin a ceadfadh-sa mar an g-céudna,)
ní'l slíghe air bíth bheatha san domhann is


L. 68


fearr 'ná é so, don dream
a chleachdas é.
B'fhearr liom Róisi fhaicsin da pósadh le duine cneasda salarthach deagh-aigeantach
so-ríartha mar thu féin, a d'féudfadh sí a ghradhadh, ná da
m-béidh sí 'na mnaoí ag duine chomh oirdheirc le Sir Háisint O Bríain:
oir do réir mo bharámhuile, ní ghnídh se duine sona no séunmhar, mórán
saidhbhris a shealbhughadh. Saoilim go bh-fuil me féin air an uair so níos
saidhbhre ná Sir Háisint; oir ní'l dadaidh ag duine air bíth orm, ní'l
maighistir air bíth orm acht me féin, agus is féidir liom mórán a
dhéanamh do dhuine mhuinntearach. Acht ta tu a' síor-smuaineadh air
Róisi,
agus ní'l aire air bíth agad air mo chaint-se. So a bh-fuil le radh agam,
bídh si agad ma 's é a toil fein é; agus a d-taobh an chuid eile, cuir a
g-cás nach n-díolfadh O Bríain leith-phíghin go deóidh leat dod' chuid
airgid, ní chuirfeadh sin toirmeasg air bíth air do bhainis. Is maith na
buachaillidh mo chlann mhac-sa, agus ní bhéidh uireasbhuidh ort-sa no air
Róisi chomh fada a's bhíos muillion Rosánna air bun.
Do rug an fhéile so buaidh go h-iomlán air Stafford. Is deimhin gur
dúal do na h-Eirionnaigh a bhéith fíal, Chuir se íongnadh mór air an
t-Sacsanach d'ar ghnathach fíor-chneastachd fhaiceal a measg luchd a thíre
féin, ann a roinn le n-a chéile; acht is annamh a bhí cleachdadh air bíth
aige air theas-ghradh muinntearach mur so, no duine a' dhéanamh dearmaid
d'a thairbhe féin mur gheall air dhuine eile. Níor fhéud se focal a
labhairt air feadh tamuil bhig, acht tar éis é laimh a chrathadh go
carthanach le athair Róisi,
(nídh a thaisbéunas gean mór a measg na Sacsanach,) dubhairt se leis,
"Bheirim buidheachas ó chroidhe dhuit, a charaid, agus ma mhairim chomh
fada le Metúsalem, ní dhéanaidh me dearmad dé so. Acht ní air do
shaothar-sa no air shaothar do chloinne is mían liom-sa theacht súas;
níor roinn chomhthrom í sin, agus ní mheasaim go m-béidh se oiréamhnach,
do réir mur tugadh súas me. Is dólásach an nídh liom nach féidir leis
an maighistir so agam dadaidh thabhairt damh air son seirbhis mo sheacht
m-blíadhan, acht an greim beag paipeir so," ar se, ag breith bhanna Shir
Háisint as a leabhar pócaidh. Act gídh go b-fuil a reamh-chlaonta féin ag
mo mhathair a n-aghaidh mhuinntir na h-Eirinn, agus go
bh-fuil


L. 69


sí ro cheann-dána 'na d-taobh, air m-béith dhí 'na mnaoí
aosda nar fhag Sacsan a-ríamh, no fiú an pharáiste ann ar rugadh í,
tar a cheann sin, ta sí 'na mnaoí charthanaigh, agus ní féidir liom
smuaíneadh go n-diúltochadh sí congnamh a thabhairt dam, no go g-cuirfidh si
toirmeasg air bíth air mo phósadh, a núair a gheabhaidh sí a-mách go
bh-fuil mían aguinn a chur a g-crích.
Uime sin sgríobhadh me chuice sul a
g-codoladh me a-nocht, agus b'fhearr liom go m-b'fhéidir liom íomhaigh
Róisi
do chur a-steach fa fhalach na lítre, a bhéidh níor fearr ná ar bh'fhéidir
liom a radh 'na taobh. Acht ní thig le íomhaigh air bíth ceart a dhéanamh
dhí. Ní milis-bhríathra is mían liom, amhuil do rinne Sir Háisint ag
moladh a h-éudain; acht amháin an fhírinne innsin. 'Sé is mían liom a
radh, nar bh'feidir le íomhaigh air bíth a chur a g-céill dom' mhathair
créud maitheas, deigh-mhéin, agus modhamlacht Róisi. Tá móran de
reamhchlaontaibh ag mo mhathair; acht ta sí 'na mnaoí mhaith, agus ní'l
amhrus air bíth agam nach m-béidh sí amhluidh liom-sa."
Do sgríobh Stafford lítir fhada chum a mhathar, agus a g-cionn caocaidhise
'na dhiaigh sin, fuair se an freagradh gearr so.
"A Sheórsa mhic,
Thug me fur-fhuagradh dhuit gan tuitim a n-gradh le cáilín Eirionnach, agus
d'innis me dhuit nar bh'féidir liom aontughadh leis go brath. An leaba a
choireochas tu dhuit féin, is éigin duit luidhe uirrthi. Ta do dheirbhshiur
Doran da pósadh mur an g-céudna, agus air tí siopadh chur suas a
Warwick
do réir mo chomhairle féin: an mhéid airgid is féidir liom a shabháil is
eigin damh a thabhairt dí-si a ta 'na leanbh umhal; agus ta súil agam,
ma's toil le Día é, deireadh mo shaoghail do caitheadh 'na cuideácht, agus
a bh-fochair a cloinne mar is cóir, 'sa b-paraiste so, an áit ar rugadh
agus tugadh súas me. Ag íarraidh mur athchuinge gan adhbhar aithreachais a
bheith agad, 's gan uireasbhuidh air bíth a bhéith ort, is mi-se.
Do mhathair chumanach, Doran Stafford."
Do chuir an lítir so buaidhreadh mór air Stafford


L. 70


agus mheasg sí go mór a inntin.



Ann sin thug se do Ghrae ann a lamh í gan focal a radh, agus ann sin
tharraing se a chathaoir air siubhal ó Róisi. D'fhalaigh se a éadan
le n-a lamhuibh, agus níor labhair se, no níor chualaidh se aon fhocal
amháin d'ar labhradh 'na thimchioll air feadh leat-uair go h-iomlán, no gur
mhúsgail a charaid Roibeard fa dheireadh é, dá bhúaladh air a n-guallain
agus ag radh, "Tarr, a Staffoird, ní fhoghnaidh uabhar Sacsannach dúinn-ne;
ní'l ann so go léir acht chum peannas a thabhairt dúit-se do bhrígh gur
dhiultaidh tu a bhéith ran-pháirteach lin-ne a muilleann Rosanna, nídh
is éigin duit a dhéanamh a-nois air son Róisi, muna n-déanfadh tu é
mur gheall oruinn-ne no ort féin. Maith go leor, abair go bh-fuil tu sásta."
Níor bh'fhéidir do Stafford gan a bheith corruighthe. Ní raibh duine
de'n m-bunadh acht Róisi nach raibh ag íarraidh air, sin do dhéanamh;
agus gídh nar labhair sí-si aon fhocal, is mó chorruigh sí é ná íad-san
a bhí ag caint. Bhí an dinéar réidh ullamh agus curtha air an m-bord,
sul mar socraidheadh an t-imreas muinntearach so. Dinéar! 'seadh, dinéar,
Is éigin do dhaoinibh air uairibh dhul chum dinéir air lár na stáide is
ceimeamhuile; agus air na láethibh is mo suim agus is guasachtaigh d'ar
saoghal curthar an phróinn air an m-bord mur is gnathach. Ní'l me radh
go dearbhtha gur ith Stafford oiread an lá so a's ba ghnathach leis. Ba
mhían le Roibeard go n-ólfadh Stafford deoch de leann na h-Eirinn 'na
chuideacht féin sa thuairim sláinte Róisi, agus le sonas a's séun a bheith
air mhuillionn Rosanna.
Bhí an gloine go díreach líonta, agus an t-sláinte air tí a h-ól,
'nuair thainic aon de luchd oibre Ghrae a-steach, agus é ag cur alluis agus
air cuthach a módh nach féidir aithris.
"A mhaighistir Roibeird! a mhaighistir Seóin! a mhaighistir! tamaoid
sgriosta go léir! an muillionn agus uile!"
"An muilionn!" - ar gach uile dhuine ag éirigh 'na seasamh go h-oban.
"'Seadh an muillionn," ar seisean; "ta se thart go deóidh, agus sin-ne
mur an g-céadna. Ní déanaidh muillíonn Rosanna obair air bith go brath
dhamh-sa no dhaoibh-se; ní dhéanaidh," ar se, ag glanadh a


L. 71


éadain le n-a
láimh, agus ag fálach a shúl do bhí a sileadh na n-deór.
"'Sé an bitheamhnach sin Hopcins is ciontach go h-iomlán leis. Go
d-tóigfheadh gach uile ghinidh, agus gach uile sgilling, agus gach sé-pighine
d'a n-glacadh se, boilg air a mhéuraibh ó'n lá so a-mach go brath."
"Acht gad é rinne se air an muillion?" ar síad-san.
"Och! mallacht Dé agus Mhuire agus na naomh dhó," ar seisean, "nar dhéanaidh
se lá dha leas, agus nar fhaicidh Día rath air, agus losgadh a chroidhe aige,
an bitheamhnach bradach! Acht ní thig liom losgadh níos measa d'íarraidh
dhó ná ta aige cheana ann sin. Ní thig, go deimhin; oir ta se ithte súas
le iomthnuth fa shéun dhaoine eile, mur is follus do ach uile dhuine a
dhearcas air a shúil; mí-shéun air a lá ann ar shocruidh sí air mhuillion
Rosanna!"
"Acht go de rinne sé air an muillionn?" arsa Grae, Glac gó foighideach
é, agus innis dúinn go socair é, agus ná bí ag easgaine air an bh-fear
níos mó."
"Ná bíam ag easgaine air an bh-fear! Glac go socair é!" ar seisean
- "An é an t-am a ghlacadh go foighideach, 'núair a ta se air an úair so a
lathair ag tarruing air siubhal gach uile bhraon uisge ó'n t-sruthán do
ghluaiseas chum an mhuillin? Tá se sin, an clodhaire!"
Leis sin féin, d'éirigh Stafford 'na sheasamh, rug se air a mhaide
daruidhe, agus chuaidh se d'ionsuidh an doruis. Do lean Roibeard agus
Séóin
é go tapaidh; acht air n-dul thar a n-athair dhóibh, leag se lamh air gach
aon aca, agus d'íarr se air Stafford fanmhuin 'na sheasamh. Comh luath a's
chualaidh síad é da n-gairm, d'fhan síad 'na seasamh. "A chlann," ar se,
"créud a ta sibh air tí a dhéanamh? Ná déanaidh aineart air bíth,
a bhuachaillidh, ná déanaidh aineart air bíth: gheabhaidh sibh ceart, ná
bidh faitchios oruibh. Ní léagfam dhó éagcóir a dhéanamh oruinn. Da
m-béidh Hopcins deich n-uaire chomh mór a's ta se, agus fíthchidh uair
chomh tíoránta, gheabhaidh sinn ceart air; acht is éigin dúinn aire
thabhairt dúinn féin, 's gan aon nídh a dhéanamh go diorruisgeach. Uime
sin deirim libh léigean damhsa labhairt leis, agus cosgaidh sibh féin,
cídh b'é air bíth theagmhas. B'fhéidir nach


L. 72


bh-fuil ann so go léir acht
mearbhal: b'fhéidir gur a' déanamh díoga d'a mhóin-fhéur a ta Maighistir
Hopcins, no b'féidir go bh-fuil se a' dul da fhliuchadh, 's nach bh-fuil
'fhios aige no go n-innsidhthear dhó é, go bh-fuil se ag falmhughadh
srutháin ar múillin."
"Ní féidir dhó gan 'fhios a bheith aige! ta se géur go leór agus ro
ghéur," arsa Pádruig, ag déanamh drantain leis fein, agus é air a d-tosach
d'ionnsuidh an mhuillin. Do lean Stafford agus an dís dearbhraithreacha a
n-athair go modhamhuil a' déanamh íongnadh fa n-a mhacantas, agus mían aca
aithris a dhéanamh air da m-b'féidir leo.
Bhí Hopcins 'na shuidhe go h-aireach air theóran a choda talmhan féin.
"Súd é 'na shuidhe air mhullach an chloidhe, a' gabhail sóláis as an
droich-bheart a rinne se," arsa Pádruig. Agus éisd! ta se a' feadaoil,
's ar sruthán ag imtheacht air siubhal uainn. Nar raibh me beo muna
m-b'fhearr liom 'na an leine is fearr a chuir me air mo druim a-ríamh, a
chaitheadh a-steach 'sa muirt shalach air a móiméad so réir mur thuillidh se!
Agus muna m-béidh mur gheall air mo mhaighistir ann so, dhéanfuinn sin sul
ma d-tí ceann móimeinte."
Bhí Pádruig lán d'fheirg, agus is air éigin a d'fhéud Grae a chosg;
agus ann sin ag dul go suaimhneach do Ghrae d'ionnsuidh Hopcins, dubhairt
se leis go ciúin macanta, - "Go cinnte, a Mhaighistir Hopcins, ní féidir
go bh-fuil tu air tí díobháil chomh mór a dhéanamh dhúinn, a's ar
muillionn a chur 'na chomhnuidhe."



"Níor leag mi-se méur air do mhuillionn," arsa Hopcins, agus é a'
déanamh mion-gháire cneamhartha. Da m-b'fhéidir le do ghiolla ann sin,
(ag síneadh a láimh d'ionnsuidh Phádruig,) chruthughadh gur leag me méur
air, ann sin tiocfadh leat an dlíghe imirt orm; ach ní ghním díobhál
do dhuine air bíth air mo thalamh féin, agus ta ceart agam mo mhóin-fhéir
féin d'fhliuchadh: agus os a chionn sin, ta fíadhnuise agam a chruthochas
nach raibh sruthán an mhuillin sin lán ann ám
air bíth a g-caitheadh na n-deich m-blíadhan so chuaidh thart, an feadh bhí
muillion Rosanna a seilbh Shimeoin ui Dhochartuidh' agus mur an g-
chéadna, go raibh an muillion 'na chomnuidhe. Rithean an


L. 73


sruthán 'n-ur n-aghaidh, a dhaoine uaisle, agus ní lugha leis an dlíghe.
Ta comhairle an luchd-dlíghe is fearr ann Eirinn agam le mo chás a
sheasamh, Déanaidh bhur n-díthchioll, bheirim 'ur n-dúlán. Slán libh."
d'imthigh Maighistir Hopcins go déifireach gan éisdeacht le focal níos
mó; oir bhí eagla mhór roimh' Phádruig air. Chúalaidh se é ag
bagairt, agus chonnairc se a shúile air dearg-lasadh le feirg.
"Ná bídh droich-mhéisneach oruibh, a bhuachaillidh muirneacha," arsa
Grae le n-a chlann a bhí ag féuchain go brónach air ghluasacht mhall an
rotha-uisge. "Cuir an díalaoid air mo chápall damh a Shéin, agus ullmhaighidh
sibh féin le chéile, agus tigidh liom chum an chomhairligh Molineau."
"Och! athair," ar Séan, "ní'l maith dhuinn a dhul chuige, oir ta 'fhios
agad go bh-fuil se a' cur a-steach air son a bhéith 'n-aon d'uaislibh na
Pairlemeint, e agus ta mórán bhótaidh ag Maighistir Hopcins."
"Is cuma sin," arsa Grae, "dhéanaidh Maighistir Molineau an ceart, 's
é sin mo bharamhuil-se 'na thaobh, Da m-ba duine air bíth eile a bheidheadh
ann, ní chuirinn buaidhreadh orm féin dhul fo n-a dhéin; no ní bheidhinn
chomh uirísiol sin 's go n-íarrfuinn comhairle air bíth air; acht 's é
mo bharamhuil nar bh'fhiúntach leis gníomh salach a dhéanamh mur gheall air
bhóta no rud air bíth eile. Ta me lán-chinnte nach n-déanfadh se nídh
da laighiod a n-aghaidh an cheirt mur gheall air a thairbhe féin. Cuiridh
an díalaoid air an g-capall, a bhuachaillidh."
Do chuir na buachaillidh an díalaoid an g-capall agus air feadh an bhealaigh
níor thainic comhnuidhe air Ghrae, (agus é air marcaigheacht,) acht ag
íarraidh méisnigh a thabhairt d'a chlainn, 's d'a dhearbhughadh dhóibh
da n-glacfadh an comhairleach Molineau a g-cás a lámh, nach m-béidh níos
mó de thrioblóid ann. "Ní cosmhuíl leis na giuisdísibh siothchána é,"
ar seisean, "a chuireas leath-dhuisin de dhaoinibh bochta a-steach a b-priosún
gan chóir gan cheart. Ní duine é a théidheas a-steach a b-Pairlement ag
radh néidhe áiridhe, agus thigeas a-mách ag radh néithe eile. Ní cosmhuil
le'r g-caraid Sir Háisint Ó Bríain, é, d'ar b'éigin a theanga, a inchinn,
agus a chogúas do


L. 74


dhíol le n-a cheann do chongbháil os cionn uisge.
A n-gearr, is duine é nach bh-fuil faitchíos air é féin d'iomchar, agus
mur an g-céadna le'r bh'féidir é féin d'iomchar, ann aimsir togha mur ám
air bíth eile; uime sin, ta muiníghin agam dhul d'a lathair a-nois ann ar
g-cruadhoig, gídh go bh-fuil casaoidh le déanamh agam a n-aghaidh dhuine
ag a bh-fuil sé bhótaidh a's dá fhíthchid; oir 's é so an uimhir, do réir
mur deir síad, a ta ag Hopcins air a chumas."
An feadh bhí Grae a' déanamh an chomh-raidh so agus ag moladh an
chomhairligh Molineau chum sólás a thabhairt do Sheóin agus do
Roibeard;
bhí Stafford ag íarraidh méisnigh a thabhairt do Róisi 's d'a mathair, a
bhí brónach dólásach fa'n muillion a bhéith 'na chomhnuidhe. Bhí beagnach
oiread féum ag Stafford é féin air méisnigh a's bhí aca-san; oir do
chonnairc se nar bh'féidir leis féin agus le Róisi theacht a g-ceann a
chéile do lathair mar ba mhían leis. 'Sé a raibh ag na dearbhraithreachaibh
fíalmhar le tairgsint dó, cionn ronna de'n muillionn. Bhí feilm ag
a n-athair; acht ní raibh slíghe air bíth eile leis an m-bunadh do
chongbháil súas acht sin, agus cionnus a b'fhéidir le Stafford a bhéith 'na
mhúirín orrtha, ó tharla go m-ba cosmhuil dóibh a bhéith bocht anois: oir
níor bh'féidir leis fhaghail ó n-a chroidhe a bhéith 'na úalach orrtha
fiú a nuáir a bhí síad saidhbhir, ag labhairt go h-iomarbhaidheach, do
bharr air mur bhí síad a-nois.



AN CUIGEADH CAIBIDIL.



Bhí mí-shuaimhneas mór inntine air an m-buidheann bheag 'san g-cábán ag
súil leis a n-athair agus le n-a chlann a theacht air ais. Bhí Róisi 'na
suidhe ag an bh-fuinneog ag faire dhóibh; do sgur a mathair da bheith
cniteal, agus rinne sí osnadh: bhí Stafford 'na thocht, oir do rinne sé
móran cainte leo ag íarraidh méisnigh thabhairt dóibh, agus chonnairc se
nach raibh maith dhó ann.
"So íad a' teacht!" ar seisean, "acht ta síad a' marcaigheacht chomh
maill-tríallach sin ionnus go bh-fuil me cinnte nach bh-fuil núaidheachd
mhaith air bíth leó."


L. 75


Ní raibh go deimhin: ní fhuair síad núaidheachd maith air aon chor.
Rinne an comhairleach Molineau go dearbhtha gach ar bh'féidir le duine air
bíth a dhéanamh; dubhairt se go n-gabhfadh se do láimh a g-cúis do
sheasamh a g-cúirt-shiothchána air bíth air dhruim na talmhan; agus bhí sé
follasach go raibh mothughadh feirge an-mhór air a n-aghaidh urchóide
Hopcins; acht 'san ám cheádna, dubhairt se go fírinneach leis na Graes,
da d-téidheadh síad chum dlíghe leis an duine buaidheartha so, go
m-b'fhéidir dó díobhál mhór a dhéanamh dhóibh sul a m-b'fhéidir leo a
g-ceart d'fhaghail air ais.



"Maiseadh féudamaoid dhul a chodhladh a-nocht brónach go leór," arsa
Roibeard, "air m-béith lán-dearbhtha dhúinn go bh-fuil toirmeasg air ar
muillionn, agus go bh-fuil eiliomh a n-dlighe fada aguinn le dhul thríd sul
ar féidir linn a fhaicsin air siubhal a-rís, ma fhaiceamaoid choidhche air
siúbhal é."



d'amharc Róisi agus Stafford air a chéile agus rinneadar osnadh.
"Is fearr dhúinn gan a dhul chum dlighe air aon chor leis an m-beagán a ta
aguinn a chailleamuin," arsa Máighisdreas Grae.
"Is mían liom go bh-fuigheadh mo chlann ceart, a bhean," ars' an
t-athair go méisneamhuil; "ní'l dhúil a n-dlíghe agam, ta 'fhios ag Día;
ní dheachas chum dlíghe le duine air bíth a-ríamh ann mo shaoghal; ní'l
duine air bíth le faghail is mó eagla roimh nídh de'n t-sort sin ná mi-se;
acht ní'l fáitchíos air bíth orm seasamh air son mo chloine, agus an
cheirt. An fad is fiú pighin san domhann me, caithfidh me í le ceart
fhaghail dóibh. Ní chaillfeadh siad a saothar air feadh a m-beatha; ní
bhainfighear a bh-fuil aca díobh le fóir-neart; ní fhulónga me d'aon
n-duine beo éirigh 'san mullach orrtha, da shaidhbhre agus da thíorantaigh
e. Ní h-eagal liom a chuid airgid no a ghéur-chúiseacht 'sa n-dlíghe;
oir glacaidh Maighstir Molineau do láimh ar g-cás do sheasamh é fhéin, agus
sin a bh-fuil me íarraidh. Ma théidhean an chúis 'n ar n-aghaidh, agus go
d-tiocfadh léir-sgrios oruinn, go raibh ar léir-sgrios air cheann an té
is ciontach leis. Gheabhaidh me bas go sásta tar éis me mo dhíthchioll a
dhéanamh le ceart fhaghail dom' chloinn."


L. 76


Comh luath a's bhí fios na néithe so coitchionn, bhí gach uile dhuine
'san g-comharsanachd ro fhúathmhar air Hopcins, agus bhí trúaighe aca go
léir don dís dearbhraithreacha, agus d'adhmholaidh síad meisneach a n-athar.
Ní raibh duine air bith le faghail nar mhían leis an cás a dhul a n-aghaidh
Hopcins; acht bhí se comh eólgach sin air an dlíghe, agus chomh séunmhar
sin d'a chosaint féin ó'n g-ceart, agus a' déanamh díobhail d'a naimhdibh,
air mhodh go raibh eagla air gach uile dhuine, gídh go raibh an ceart ag na
Graes, nach m-b'fheidir leo sin a dhéanamh a-mách do réir fhoirm an dlíghe:
agus air an adhbhar sin, is iomdha dhuine thug comhairle dhóibh gan a dhul air
aghaidh leis an dlíghe air aon chor; acht do sheas Grae a-mách, agus bhí
an comhairleach Molineau díongmhalta air a fhocal do sheasamh, agus dubhairt
se go n-gabhfadh se do láimh an chúis do sheasamh é féin a g-cuirt-dlíghe
air bíth.
Chuir Hopcins cundas os ísiol chum an chomhairligh, ag radh, da d-tugadh
se dídean no comairce air bíth do na Graes a g-cóir no a n-éagcóir, nach
raibh maith dhó súil a bhéith aige leis na sé bhótaidh a's dá fhíthchid
a bhí air a chumas-san, agus do bhrígh go raibh an contae a-nois beagnach
meadh air mheadh, nar bh'féidir dóibh gan an mheadh d'iompódh ann a leith-san.
Níor chuir Maighistir Molineau suim air bíth 'san g-cundas so; acht
an lá céadna fuair se é, chuaidh se d'féuchain an fheilmeoir Grae gus a
chábán: do shiubhal se 'n a chuideachta go muillionn Rosanna, agus do
leag se a-mách cionnus ba cóir an chúis a chur air aghaidh.
Mhóidigh Hopcins nach n-géillfeadh se do chostas air bíth chum
uabhar na n-Graes mur aon le n-a n-dídeanoir d'umhlughadh;; acht
tharlaidh
nídh nach raibh súil leis. Rinne Maighistir Molineau faistine go minic
a d-taobh Hopcins, .i. go g-cuirfeadh se a g-contabhairt ro mhór é féin,
amhuil do ghnídh daoine glice go minic; oir do bhí 'fhios aige créud an
sórt conradh ba gnathach leis a dhéanamh le gach n-uile chineal daoine
d'ar bh'fhéidir leis tairbhe a dhéanamh ann aimsir na cruadhoige.
d'innis Maighistir Molineau roimhe rae go meallfuidh fa dheireadh é le
tiodal éigin neamh-éifeachdach a n-éiric a slighthe cealgacha féin; agus
a measg an uimhir


L. 77


mhóir do sgrios se, go d-tarlochadh dhuine éigin fa
dheireadh air a bheidh cúiteach leis.
Is tre Shímeon ui Dochartuidh do tharlaidh so, nídh nach saoilfeadh
duine air bhíth. Ní raibh Hopcins air a choimhéud air aon chor air, ann
a roinn leis; oir bhí dí-meas mór aige air dhaoinibh leisgeamhla macanta;
agus go deimhin ní raibh rún air bíth ag Símeon bocht a mhealladh; acht
tharlaidh gur léas le ath-nuadhadh go brath bhí 'sa léas a thug se do
Hopcins air an machaire a dhíol se leis. Bhí airtiogal reidhtigh eatorra
ag ceangal an té do ghlac an léas, ath-nuadhadh a dhéanamh taobh a-stígh
d'aimsir áiridhe tar éis báis gach aoin t-saoghail; agus muna n-déanfadh
se sin go m-b'fhéidir an léas do bhriseadh.
Do léig Símeon sáimh a bh-faillighe
an léas d'ath-nuadhadh tre léisge nadurtha, agus níor chuimhnigh sé amháin
gur thuit an saoghal. Bhí síad ag ól a g-cuideacht a chéile an trath
thug se an léas do Hopcins, a ghabh chuige é go ro fhonmhar, d'eagla go
g-caillfeadh se an uain thrathamhuil le críoch a chur air an margadh le'r
shaoil se Símeon a mhealladh, agus 'san ám chéadna meadhon fhaghail an a
chumas tre ar bh'fhéidir leis a leir-dhíoghaltas agus a fhearg d'imirt air
na Graes. Is air mhachaire a bh-fhogus do mhuillionn Rosanna tugadh an léas
so, agus do réir fhíadhnuise shean n-duine áiridhe 'san g-comharsanachd sin
shaoil se go m-b'féidir leis a chruthughadh go raibh an móin-fhéur so
folaighthe le h-uisge anállod, 's nach raibh braon 'san t-sruthán-muillinn.
Ann a uile ghníomharthaibh 'na dhiaigh sin, do chongbhuidh se é féin go
cúramach, mur shaoil se, air a chuid talmhan féin; acht do bhrígh go raibh
cúis dhlighe da tionsgnadh 'na' aghaidh a-nois, mheas se go raibh se
ríachdanach a thiodal féin a bhreathnughadh, oir bhí fhios aige go n-déanfadh
Maighistir Molineau lorguireachd dhían air an g-cás.
A núair a léigh se an léas a fuair se ó Shímeon, thug se fa deara
airtiogal cinnte ag cur d'ualach air an íocaidhe ath-nuadhadh a dhéanamh
taobh a-stigh d'aimsir áiridhe. Thainic laige chroidhe air! Bhí íongnadh
mór air agus mí-shasamh leis féin do bhrígh nar bhreathnuigh se an léas
níos grinne sul ar chríochnuigh se an margadh Da m-béidh roinn aige le
duine air bíth eile acht le Símeon, ní éireóchaidh so dhó. Bhí se
ro mhí-shuaimneach


L. 78


a n-inntin: d'imthigh se leis ann sin air lorg Shímeoin
ionnus go m-béidh 'fhios aige an rabhadar na saoghalta go leir beo.
Dubhairt Símeon air d-tús leis, nach maith a bhí 'fhios aige cía h-íad
na saoghalta, do bhrígh go raibh ceo mór air a mheabar: acht rinne se
a-mach fa dheireadh go raibh aon aca marbh thar an aimsir cheart le ath-nuadhadh
a dhéanamh. Dubhairt se go raibh tíghearna na talmhan a m-Baile-ath-
cliath,
's gur léig se a bh-faillighe go cinte sgriobhadh chuige ó ám go h-ám.
Bhí Hopcins air cuthach: thainic dath bháin-ghneithach air le feirg.
Do rinne Símeon mianfhaoilidh, agus d'íarr se air mur athchuinge gan
buaidhreadh a bhéith air; "oir tar a cheann sin," ar se, "ta 'fhios agad gur
dhamh-sa bhíos an díobhál. Ní féidir liom mo mhargadh a d-taobh an
mhachaire so do dhíol me leat do choimhlíonadh, oir is tre mo neamh-aire
féin do chaill me é; acht ní bheanan sin duit-se, oir ta a fhios agad-sa
comh maith liom-sa, go bh-fuigheadh tu le gléus éigin no eile píosa
talmhan níos fearr de'n m-beagán a ta agam, go bh-féuchaidh Día orm!"
"Go bh-féuchaidh Día ort go deimhin!" arsa Hopcins, ag féuchain air
agus ag labhairt go feargach mí-mheasamhuil. "Innsim duit, a dhuine, gur
dhamh-sa ta an díobhal agus nach dhuit-se; agus nach féidir le talamh air
bíth d'a bhfuil agad le díol, cúitiúghadh air bíth thabhairt damh-sa.
Caillfidh me m'eiliomh dlíghe."
O! hó!" arsa Símeon, "is mur sin is fearr é. Creud an mhaith do
dhuine dhul chum dlighe air aon chor. Ní féidir do chaill droich-néithe mur
sin, dochair a dhéanamh do dhuine go brath."
"Aitchim ort, labhair go céillidhe," arsa Hopcins go neamh-fhoighideach,
agus é a' siubhal súas 's a-núas air feadh an t-seómra.
"Hé! hó! tuigim an cás a-nois," arsa Símeon; ta 'fhios agam cáit
a bh-fuil tu a-nois; nach air na Graes a ta tu smuaíneadh? 'Seadh, sin
an chúis air a bh-fuil tu a' caint. Acht a-nois, a Mhaighistir
Hopcins, is
luthghair budh chóir dhuit a bhéith ort mur ta orm-sa, agus ní brón, do
bhrígh nach bh-fuil se ann do chumas dochair a dhéanamh don m-bunadh sin; oir
go deimhin is daoine maithe íad, agus ta an tír go


L. 79


léir leo a'd' aghaidh-sa.
Agus cuir a g-cás go m-buadhóchad do chúis fíthchidh uair a n-díaigh a
céile, ba h-é sin an cás céadna. Níor bh'fhéidir leat d'éadan a
thaisbéunadh go deóidh, agus air mo shon féin, níor bh'fhéidir dom'
choguas maitheamhnus a thabhairt dam go bhrath fa bhéith mo chionn-fath air
aon chor, 's gan smuaineadh agam air, a chur a'd' chumas-sa a léithide éagcóir
a dhéanamh. Agus 'na dhiaigh sin, gad é chuir ann do cheann toirmeasg
a chur air mhuillion Rosanna; oir ní raibh trioblóid 'san domhan duit é
bhéith air siubhal?"
Ann sin do sheas Hopcins go h-oban, oir níor éisd se le focal d'ar
labhair Símeon ó thus go deireadh, agus dubhairt se leis 'sna briathruibh
so síos, a n-guth mhín cheansa:
"Ta a fhios agad, a Mhaighistir Dochartuidh, go bh-fuil meas mór agam ort."
"B'fhéidir sin," arsa Símeon, "gidheadh is mó sin ná is feasach damh a
bhéith agadh a-riamh do dhuine air bith."
"Aitchim ort, bhí tromdha; deirim leat go bh-fuil, agus do d-tiubhraidh
me le tuigsin duit é," arsa Hopcins. "Is mó agus is mó an t-íongnadh sin,
a Mhaighistir Hopcins," arsa Símeon.
"Agus nídh is íongantaigh ná sin go léir," arsa Hopcins, "dheanaidh
me d'fhortún ma ghnídh tu comaoin bheag gan bhrígh damh."
"Rud air bíth san domhan nach d-tiubhraidh móran buaidhreadh dhamh," arsa
Símeon.
"Och! ní thiubhraidh so buaidhreadh da láighiod duit, arsa Hopcins,
"gheabhaidh me an áit úd a d-tígh an chustuim duit a bh-fuil tu ag súil
leis le fáda, agus nach féidir le Sir Háisint O Bríain fhaghail go brath
dhuit. Geabhaidh mi-se dhuit í sul ma d-tí seachdmhain ó 'niúgh.
Deirim go d-tiubhraidh me cinnteas duit air fam'lámh a-nois, ma dhéanann
tu an nídh a ta me íarraidh ort."
"Dhéanfad, go cinnte," arsa Símeon, "muna bh-fuil se deacair a dhéanamh
: gad é an rud é?"
"Ní'l ann acht so," arsa Hopcins, "ní'l ann acht so go díreach, gur
b'éigin duit cuimhniughadh, ní féidir dhuit gan a thabhairt chum do
chuimhne, gur sgríobh tu


L. 80


chum do thíghearna talmhan
ag tairgsint an léas d'ath-nuadhadh."
"Ní chuimhnighim air a leithide de nídh air chor air bíth," arsa Símeon
go h-uathbhásach.
"Cuimnighir go deimhin, cuimhnighir go deimhin; acht níor thug se
freagra air bíth dhuit, ta 'fhios agad," arsa Hopcins.
"Acht deirim leat, a dhuine, nar sgríobh me a-ríamh air aon chor," arsa
Símeon.
"Is olc an chuimhne a ta agad, a Shímeóin, agus b'fhéidir dod' lítir
gan dhul air a h-aghaidh. Ní'l nídh air bíth is simplidhe 'ná sin, ní'l
nídh
air bíth is so-dhéanta, 'ná é," arsa Hopcins.
"Ní'l, da m-béidh se fíor," arsa Símeon.
"O! is féidir a radh, cídh b'é aca fíor no bréugach é, ta 'fhios
agad," arsa Hopcins.
"Ní le Símeon O Dochartuidh, a Mhaighistir Hopcins," ar seisean.
"Féuch, a Mhaighistir Dochartuidh, ta meas mór agam ort," arsa Hopcins,
d'a chongbhail go daingean, agus a' taisbéunadh leabhar pócadh lán
d'airgiod dó.
"Is éigin dam," ar se leis féin, "druidim leis an dailtín so, oir tá
me gabhtha ann a líon a-nois. Chím go bh-fuil se 'na chneamhaire níos mó
ná ta se 'n'amadan." "Tuigeamaoid a chéile, a Shímeoin, a charaid dhílis.
Innis damh gad é ta tu íarraidh, agus tabhair sgríbhinn bheag ghearr dhamh
da chiállughadh gur labhair tu leis fa'n léas d'ath-nuadhadh, agus gheabhaidh
tu d'áit a d-tígh an chustuim mur an g-céadna."
"Ní'l fhios agad cía leis a bh-fuil tu a' caint, a Mhaighistir
Hopcins," arsa Símeon, go fúar, dí-mheasamhuil; "ní gnathach le muintir
Dhochartuidh mionna eithigh a thabhairt, agus is buaidhreadh é nach n-glacuinn
orm féin do dhuine air bíth, cuir a g-cás go m-béidh se 'na athair agam;
ní ghlachuinn a leithide chúis a láimh air son gach bille d'ar mheall tu an
cine daonna a-ríamh as, a Mhaighistir Hopcins. Ná bíodh fearg ort; níor
labhair me air mhealladh a-ríamh leat, no gur thracht tu air mhionna eithigh
liom; agus chuirfinn síos a stoiridh thu a n-diaigh mhullaigh do chinn,
muna m-béidh nach bh-fuil aon stoiridh ann mo theach, agus da m-béidh
féin, bhéidh se ro thrioblóideach agam a dhéanamh.


L. 81


"A-nois ta súil agam, a Mhaighistir Hopcins, go d-tuigeann sinn a chéile
go maith."
d'imthigh Hopcins air siubhal ag easgaine air féin agus lán de náire.
Bhí luthghair mhór air Shímeon ó Dhochartuidh do bhrígh go raibh
nuaidheacht mhaith le innsin aige; uime sin chuaidh se go déifireach go
Rosanna, le gach ar tharla aithris de na Graes, agus chum comh-luthghair a
dhéanamh leo tre a neamh-aire féin, mur dubhairt se.
d'éisd síad le sgéul Shímeon go luthghaireach, agus bhí sólás
orra 'nois, do réir mar bhí brón agus dólás orra roimhe sin. A g-cionn
leath-uaire 'na dhíaigh sin, fuair siád lítir uirísiol ó Hopcins, da
íarraidh mur athchuinge orra gan a chlú agus a mheas a bhaint dé, no mí-rath
cur 'sa t-saoghal air, ag craobh-sgaoileadh gacha ar tharla dhóibh:
agus dubhairt se go d-tiubhrfadh se air ais chum a áit féin sruthan mhuillin
Rosanna gan cosdas air bíth dóibh-san; agus go d-tiubhrfadh se cúitiughadh
cosmhuil airgid dóibh, da ngealladh síad dó nach labharadh siad focal
a d-taobh an cháis.
Is furas tuairim a thabhairt gur dhiúltaidh síad go dí-mheasamhuil
gach ar thairg se dhóibh: d'innis siad an t-iomlán dé do Mhaighistir
Molineau, agus lá air na mhárach bhí fios ag na comharsanaibh go léir air;
agus bhí luthghair mhór orrtha fa bhíthbinneách, a bhí a' déanamh
eagchóra air na daoinibh, d'fhaghail a-mách. Do chuidigh na comharsanaidh
le chéile an t-uisge thabhairt air ais chum srutháin an mhuillin, agus
íar m-béith do mhuillion Rosanna air siubhal a-ris, bhíodar tíghthe an
bhaile bhig air na soillsiughadh, agus ní'l fiú na b-páisdidhe nar thaisbéun
an broid agus an luthghair a bhí orrtha, oir rinne síad teinnte
cnamha móra mur gheall air na Graes.
Do thaithnigh cneasdacht Shímeoin ui Dhochartuidh san g-cás so chomh
mór sin le n-a thighearna talmhan, ionnus go d-tug se léas úr nuadh dhó
air an móin-fhéir, agus sin gan cáin air bíth; agus is mó ná sin an
luthghair a bhí air Shímeon bhocht, 'núair a dubhairt an feilmeoir Grae
leis go mbéidh aire aige féin air an d-talamh a bhí ann a sheilbh go foíll.
'San ám chéadhna, níor bh'fhéidir le Hopcins dhul a-mách as a theach
féin gan masladh d'fhaghail, no gan eagla a bhéith air go bh-fuigheadh se
tárcuisne; uime sin, d'ullmhaigh se é féin chum an tír do thréigin.
"Acht


L. 82


sul a n-imthigh me air siubhal," ar se, "béidh an oiread sin de
shasadh a's de shólás agam, an chuid is lugha dhé, 's go g-cuirfidh me
d'fhíachuibh air Mhaighistir Molineau an togha do chailleamhuin."
Go deimhin bhí faitchíos mór air na Graes, go n-éireochadh caill mhór
do Mhaighistir Molineau mur gheall air an dídean cáirdeamhuil a thug se
dhóibh ann a g-cruadhoig. Bhí na bhótaidh beag nach meadh air mheadh 'san
g-condae, agus chuirfidh na sé bhótaidh a's dá fhíthchid a bhí air
chumas Hopcins an mheadh do leataobh; acht an lá roimh' an togha, thug
Stafford ordughadh air O Briain, agus ghabh se é mur gheall air thuarasdal a
bhí aige air; agus da bhrígh sin, d'éirigh le Maighistir Molineau, agus
sin gan toirmeasg air bíth.
Acht filleamaoid air ais ó amhgar agus leatrom na neithe so chum síothchain,
graidh agus cárthanais a g-cabán aoíbhin Rosanna. Ní raibh rud
air bíth le toirmeasg a chur a-nois air phósadh Róisi agus Staffoird.
Do rinneadh an pósadh le gach uile thaisbéunadh agus comhartha aoibhneis,
mur is gnathach 'sa tír. Bhí beannacht a h-athar chumanaigh agus a
mathar ag an mnaoí nuadh-phósta so, agus comh-lutghaireadh a dearbhrathar
gradhmhar, agus sasadh a h-inntine féin 'na cheann sin aice. Nach fearr na
neithe so ná sról agus síoda, agus ná a bheith a' marcuigheacht a
"g-cóiste árda air eachraidh bána." Do mheas Róisi sin, agus do chruthaigh
a h-iomchar'na dhíaigh sin nach raibh sí mórán air seachrán. Tamull a n-
diaigh a phósta, chuaidh Stafford go Sacsan le n-a mhnaoí
air chuairt chum a mhathar nach raibh ro shasta leis air d-tús mur gheall air
é pósadh gan a cead; acht cheana, rinne sí muintearas gan mhaill leis
féin, agus le n-a mhnaoí Eirionnaigh. Do rug a béusa ceannsa-sa, agus
a h-umhlacht buaidh go h-iomlán air a reamh-chlaonta mí-réasúnta.
Dubhairt sean Mhaighistreas Stafford le n-a mac, an tan a bhí se air tí
theacht air ais, go raibh taithneamh comh mór sin aice air a mhnaoí a-nois,
d'aimhdheóin an fuath a bhí aice uirri air d-tus, ionnus da m-b'fhéidir
lei theacht go h-Eirinn gan dhul thríd an bh-fairge go rachfadh si ann go
cinnte, 's go g-caithfeadh sí blíadhan 'na chuideacht-san, agus a bh-fochair
na n-Graes ag Rosanna.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services