Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sceulta Mhicil Uí Mhuirgheasa ón Rinn

Title
Sceulta Mhicil Uí Mhuirgheasa ón Rinn
Author(s)
Ó Muirgheasa, Micil,
Pen Name
Fear Mór, An
Compiler/Editor
Ó h-Eochadha, Seumas (Bail.)
Composition Date
1923
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na gabhair ag feuchaint
ó thuaidh.



Nuair bhíos in aois m'fhichid bliadhan 'sé an áit a
raibh cómhnuidhe orm ná thiar ag cor an bhóthair, an áit
úd a bhfuil an scothán aitinn ag iomrascáil le crann
sceiche gile le h-ais an t-srutháinín ceólmhar fíor-
uisce atá ag deunamh síos ar an bhfairrge. Bhí tigh
beag deas agam agus acra talmhan de thalamh maith.
Is beag chuirfidhe ann ná tiocfadh, agus is beag thiocfadh
ná cuirfidhe. Bhí roinnt cearc agus lachan agam,
agus dhá ghé a's gandal. Bhí gabhar agus asal agam,
agus bhí mé ag deunamh go h-ana-mhaith dhom féin.
Bhínn laetheanta ag obair ar mo phádh agus laetheanta
eile 'sa mbaile. Acht an lá so bhí mé ar mo mharanna,
agus adubhairt mé liom féin go mb'fhearr dhom dul
siar feuchaint an bhfuighbhinn gearrchaile d'oirfeadh
dom, mar bhí an iomarca cúraim orm féin, agus ní
bhfuighbhinn aireachas a thabhairt do gach aon rud. Bhog
mé liom chun bóthair agus bhí mé ag imtheacht liom go
dtí tuitim na h-oidhche. Casadh tigh beag ceann tuighe
le h-ais an bhóthair orm, agus chuaidh mé isteach. Ní
raibh aoinneach istigh acht bean a' tighe agus a h-inghean.
Bheannaigh mé dhóibh agus bheannaigh bean a' tigh dhom,
agus adubhairt sí liom suidhe. Shuidh mé ar an gcathaoir
agus do dhearg mé mo phíopa. Bhuail mé cos liom


L. 6


in áirde ar an gcois eile, agus bhí mé ag caitheamh liom,
acht bhí an t-súil go h-aibigh ar an gcailín i gcómhnuidhe
agam.



"An bhfuil aoinneach eile 'na chómhnaidhe 'sa tigh seo
acht sibh araon?" arsa mise.



"Níl duine eile go Dia acht an bheirt againn,"
arsa bean a' tighe. "An fear bocht bhí annso is fadó
ghlaodhaigh Dia air."



"Agus an inghean duit an gearrchaile seo?" arsa
mise.



"Ó'se, 'seadh, a dhearbhráthair," ar sí sin.



"Tá deallramh gearrchaile maith uirthi, Dia á
beannachadh," arsa mé féin. "Bhfuil aon talamh ag
gabháilt leis an tigh seo?"



"Níl, mhuise, oiread gus leagfainn mo chos air,"
arsa bean a' tighe.



"Baineann sé le deallramh go bhfuil an saoghal cruaidh
go leór oraibh, agus dá bhfuighbhinn-se é bhogadh dhíbh
'sé ba mhéinn liom," arsa mise.



D'innis mé do bhean a' tighe annsan, connus mar
bhí, agus mhol sí dhom an inghean do phósadh, agus an
bheirt aca thabhairt liom abhaile.



"B'fhéidir nár b'fhearr ar domhan é," arsa mise.



Shocruigheamar ar an áit sin dul go dtí an sagart,
agus pósadh sinn an lá 'na dhiaidh sin.



I gcionn cúpla lá, nuair fuaireamar an rud beag
troscáin bhí ag máthair mo chéile do bhailiughadh, tháinig
an triúr againn aniar chun mo thighe-se. Nuair chonnaic
an t-sean-bhean gach aon rud bhí agam bhí sí an-shásta, agus
dubhairt sí gurbh é Dia do chuir siar chúcha mé, "agus,
a Bhríghid," ar sí sin, b'shin í ainm an ghearrchaile, "an
lá do phós tú Micil righne tú do leas, mar níl de
chompráid idir an dá áit, acht mar atá idir Aoine an
Cheusta agus Lá Nodlag."


L. 7


Bhí an triúr againn an-chompórdamhail i dteannta
a chéile, gan aon phus ar aoinneach acht gach duine againn
mar a chéile. Bhínn féin ag obair ag tigh an Phaoraigh
bhí taoibh linn, agus thagainn abhaile gach aon oidhche.
Bhíodh na mílte fáilte ag Bríghid agus ag an t-sean-
bhean romham. Acht an oidhche seo bhí an bheirt aca ar
chomh-liúigh.



"a Dia lem' anam," arsa mé féin, "cad do bhain
díbh a chuigint, nó cad atá in bhúr gcur ag liúirigh mar
seo?"



"Táim-se ag béiceadh," arsa Bríghid, "mar tá na
gabhair ag feuchaint ó thuaidh feadh an lae."



"Agus cad atá ort-sa go bhfuilir ag béiceadh?"
arsa mise leis an t-sean-bhean.



"Eagla atá orm go dtiocfaidh an madra ruadh fé
dhéin na gcearc oidhche éigin, agus sinn in ár gcodladh,"
ar sí sin, "agus go gcreachfaidh sé sinn."



"Mhuise, go dtuga Dia ciall díbh," arsa mise,
"mar go deimhin, tá sibh 'na práinn, má bhí aon bheirt
riamh 'na práinn."



Ní raibh aon mhaith dhom bheith leó. Bhídís ag béiceadh
romham gach aon oidhche. 'Sa deireadh do bhris ar an
bhfoidhne agam agus adubhairt mé leó, mar a stadfaidís,
go mbogfainn liom chun bóthair agus ná casfainn ar
an mbaile go dteagmhóchainn le beirt óinseach nó
beirt amadán bheadh chomh dona leó.



Tráthnóna an lae i mbáirigh, ba é an sceul ceudna
aca é, agus d'fhág mé slán agus beannacht aca agus
d'imthigh mé liom chun bóthair. An cheud tigh a ndeachaidh
mé isteach ann tigh táilliúra ba eadh é. Bhí an táilliúir
i lár a' tighe. Bhí bríste 'na láimh aige agus bhí sé ag
coimeád bhásta an bhríste oscailte. D'fheuch mé féin
thimcheall, agus cad do chídhfinn acht garsún in áirde
ar fhraghthacha an tighe. Do léim an garsún anuas


L. 8


agus chuaidh cois leis isteach 'sa bhríste acht bhí an chois
eile leath-is-amuigh.



"Ní dheunfaidh sé an ghó," arsa an táilliúir, "caithfidh
tú dul in áirde arís."



B'ait liom féin cad do bhí ar siubhal aca agus chuir
mé ceist ar an táilliúir.



"Tá mé ad' iarradh an bríste do chuir ar an ngarsún
so," ar seisean.



"Dé chúis ná cuireann tú an bríste air mar
chuireann gach aoinneach?" arsa mise, "cos an cheud
uair agus annsan an chos eile?"



"Níor chuimhnigh mé riamh air," arsa an táilliúir,
"agus go deimhin táim an-bhuidheach díot de chionn é
do innsint dom. Beidh fhios agam connus bríste
do chur ar gach aoinneach feasta."



Bhí mé féin sásta go raibh beirt agam chomh toghtha
agus bhíodar 'sa mbaile agam, acht nuair bhí mo chos
ar an mbóthar dubhairt mé liom féin go raghainn tamall
eile. Ní ró-fhada chuaidh mé nuair chonnaic mé triúr
ban le h-ais botháinín beag, agus saothar orra. Bheann-
aigh mé dhóibh agus bheannaigheadar dom. D'fhiafruigh
mé dhíobh cad do chuir an saothar orra.



"Ó'se," arsa duine aca, "táimíd marbh ag an
mbó so, ad' iarraidh í do chur in áirde ar an tigh, go
n-íosfadh sí an sop féir atá ag teacht le h-ais an
t-simné."



"Nárbh fhusa dhíbh corrán d'fhaghbháil, agus an sop
féir do ghearradh, agus é do chaitheamh ar an talamh
chúichi?"



"Ó'se, Dia linn! níor chuimhnigheamar riamh air,"
arsa siad san.



D'fhág mé lá maith aca, agus d'imthigh mé liom.



Ag dul suas árd an bhóthair dom chonnaic mé sluagh
mór daoine ag obair le h-ais séipéil. B'ait liom


L. 9


féin cad do bhí ar siubhal aca agus chuaidh mé suas chúcha.
Bhí gróití, piocóidí, sluaiste, agus rámhainn aca,
agus gach aoinneach aca ar a dhícheall.



"Bail ó Dhia ar an obair," arsa mise.



"Dia a's Muire dhuit a's Pádraig," arsa siad san.



"Cad atá sibh a dheunamh annso?" arsa mise.



"Táimíd ag aistriughadh an t-séipéil ó's na neann-
tóga agus na feochadáin atá ag fás annso taoibh
leis," arsa siad san.



"Agus nárbh fhusa dhíbh na neanntóga agus na
feochadáin do aistriughadh ná an séipéal?" arsa mise.



"Ó'se, níor chuimhnigheamar riamh air," arsa siad
san.



Ag méadughadh orm bhí na h-amadáin agus na h-ónsaigh
agus adubhairt mé liom féin go gcasfainn abhaile.
Bhí an lá an-bhrothallach agus chuaidh mé isteach go dtí
tigh beag feirmeóra theagmhaigh orm. Ní raibh romham
istigh acht bean.



"Bail ó Dhia a's ó Mhuire ort, a bhean a'tighe," arsa
mise.



"Dia a's Muire a's Pádraig duit," arsa sí sin.



"Ní fheadar an mbeadh aon deoch agat, a bhean
a'tighe?" arsa mise, "tá an-thart orm."



"Tá," arsa sí sin. "Cia aca b'fhearr leat deoch
bhainne, nó deoch 'an uisce?"



"Is fearr liom deoch bhainne," arsa mise.



"Is dócha, a fhir mhaith, go bhfuil tú tar éis teacht
i bhfad ó bhaile," ar sí sin.



"Táim tar éis teacht ós na flaithis, a bhean a'tighe,"
arsa mise.



"Ó'se, Dia lem' anam" arsa sí sin, "shíleamar
ná fuighbheadh aoinneach teacht ós na flaithis."



"Faigheann fánairí teacht in aghaidh an seachtmhadh
bliadhain," arsa mise.


L. 10


"Mhuise, Dia linn," arsa sí sin, "is iongantach
an sceul atá agat. Táim-se pósta an tarna h-uair.
Ní fheadar an mbeadh aon t-seans go bhfeicfeá an cheud
fhear bhí agam? Fear breágh grádhmhar gaedhealach ba
eadh é, agus b'fhearr liom é míle uair ná an pleidhce
fir atá anois agam."



"'Dé an ainm bhí air?" arsa mise.



"Seán," ar sí sin.



"An gcreidfeá mé, a bhean a'tighe, gur i bhfochair
a chéile a bhím-se agus Seán ag obair gach aon lá!
Ag baint sceach atáimíd le dhá mhí. Níor d'fhágadar
luid den eudach in áirde orainn."



"Mhuise, Dia linn, má's mar sin atá an sceul is
dócha go bhfuil Seán bocht i bpráinn culaith?"



"Ó'se go deimhin, gheobhadh sé léi," arsa mise.
"Ag dul a bhaile go dtí mo mhuintir féin atáim-se,
fé dhéin roint rudaí atá uaim. Táimíd gan mhaith ag
an mhairt fheóil gheibhimíd gach aon lá, agus thabharfaimís
aon airgead ar phíosa bágúin, mar is é is mó thaithigheamar
nuair bhíomar ar an saoghal so."



"Ó'se, Dia linn," arsa bean a' tighe, "athrúghadh
indé is eadh d'itheamar an blúire déidheanach bhí sa
mbairrle, acht má bheurfá leat cráin bhreágh reamhar
atá annsan amuigh agam, thabharfainn tamall den
chapall bán duit chun í bhreith leat."



"Beurfaidh mé mhuise," arsa mise, "agus is ar
Sheán bheidh an t-áthas í d'fhaghbháilt."



"Bhfuil aon táilliúirí in áirde agaibh?" ar sí sin.



"Tá, carn díobh," arsa mise.



"Tabharfaidh mé adhbhar culaith bhréide do Sheán
duit, agus cúpla meascán ime, mar ba bhreágh leis
i gcómhnuidhe an t-im a dheunfainn féin dó. Is dócha
go mba mhaith leat an chráin bheith galánta ag dul
go dtí na flaithis?"


L. 11


"Ba mhaith liom, mhuise," arsa mé féin. Fuair
sí dhá stoca dhubh agus dhá stoca bhán. Chuir sí na
stocaí dubha ar a cosa deiridh, agus na stocaí bána
ar a cosa tosaigh, agus an bhonet bhíodh uirri féin Dia
Domhnaigh ag dul go dtí an Aifreann, chuir sí ar a
cluasa í, agus cheangail sí le ribín dearg shíos fé
mhuinéal na cránach í. Ghabhamar an capall bán annsan,
agus chuireamar an chulaith air. Chuireamar an chráin
isteach sa chrib, agus thug bean a' tighe adhbhar a chulaith
agus an t-im dom, agus bhog mé liom chun bóthair.
Bóthar fada díreach ba eadh é, agus nuair bhí mé cúpla
míle ón tigh d'fheuch mé siar, agus chonnaic mé fear
agus capall diallaite ag teacht im dhiaidh. Rioth sé
liom ar an nómant, gurbh é fear mná na cránach do bhí
chugham. Bhí mé gairid do iompódh an bhóthair. Nuair
bhí mé as radharc fhir an chapaill diallaite, chuir mé
an capall bán agus an t-ualach bhí agam isteach i bpoll
coiréil bhí ar thaobh an bhóthair, agus rioth mé thar n-ais
fiche rámhann nó mar sin. Shín mé ar chnámh mo chúil
i ndíg an bhóthair agus leig mé orm bheith im' chodladh.
Nuair do tháinig fear an chapaill suas tháinig sé i leith
chugham agus do labhair sé liom.



"An bhfeicfeá aon gharsún a raibh capall bán agus
crib aige ag gabháilt an bhóthair?" ar sé sin.



Chimil mé féin mo shúile agus dubhairt mé leis gur
anois díreach do imthigh sáilíní na cairte isteach ins
na flaithis.



"Ó dar fiadh, bhí an ceart ag an mbean, agus ós mar
sin tá an sceul tá sé chomh maith dhom casadh," ar
seisean.



Nuair fuair mé féin casta é, thug mé an capall
bán agus m'ualach amach as an gcoiréal agus tháinig
mé abhaile go dtí mo dhá óinseach agus ba chuma leo
cá raibh na gabhair ag feuchaint ó shoin.


L. 12


Sceul Rátha ó gCormaic.



Nuair bhíos-sa ag teacht ar bheith ag caitheamh tobac ní
raibh mórán airgid an lá san sa Rinn. Rioth sé liom
go mb'fhearr dhom m'aghaidh do thabhairt ar dhúthaigh
éigint eile, agus go Ráth ó gCormaic is eadh chuaidh
mé. Ba é aimsir na bprátaí do bhaint é. Is gairid
bhí mé im sheasamh ann nuair tháinig leiceachán d'fhear
óg suas chugham.



"Bhfuil tú in iúil ar phrátaí do bhaint?" ar seisean.



"Ní bheadh aon ghnó annso agam," arsa mise, "mara mbeinn."



"'Dé méid bheadh uait sa t-seachtmhain?" ar sé sin.



"Ó'se, is beag san," arsa mise, "mar tá mé tar
éis teacht tamall ó bhaile. Raghaidh mé leat ar deich
scillinge agus mo chothughadh."



"Ní raghaidh tú," ar seisean, "acht má's maith
leat teacht tabharfaidh mé ocht scillinge dhuit."



Tar éis beagán cainte dheineamar an margadh ar
naoi scillinge.



"Siubhail leat liom," ar seisean, "go n-ólfaidh
tú deoch."



D'imthigh mé leis agus d'ól mé dhá dheoch uaidh, agus
annsan tháinig sé amach liom go dtí ciosa an bhaile
chun go ndíreóchadh sé mé ar an áit a raibh a thigh.



"An bhfeiceann tú an bóthar san annsan?" ar
seisean. "Imthigh leat an bóthar san go bhfeiceóchaidh
tú cloch mhór sa díg ar thaobh do láimhe deise, agus
geata mór iarainn gairid dí. Imthigh leat síos an
bóithrín sin agus ní theagmhóchaidh aon tigh leat ann
acht mo thigh-se."



D'fhág mé slán agus beannacht ag an mbuachaill
agus d'imthigh mé liom.




L. 13


Bhí mé ag faire an-gheur feuchaint an bhfeiceóchainn
an chloch mhór, agus an geata mór iarainn. Theag-
mhaigheadar liom timcheall míle go leith ón áit d'fhág
mé an buachaill agus bhí mé go h-ana-áthastamhail ar
fad iad do fheiscint, mar bhí mé ag teacht cortha.
Níorbh' iongnadh mé bheith cortha mar bhí mé tar éis ocht
míle agus fiche do chuir díom an lá san.



D'oscail mé an geata agus d'imthigh mé síos an
bóithrín. Ar thaobh mo láimhe deise thíos is eadh bhí
an tigh, agus go deimhin tigh an-dheas ba eadh é. Tigh
ceann tuighe ba eadh é agus aghaidh an duiris amach ar
an macha. Bhí bairrle i lár an mhacha le h-aghaidh
uisce do tharraingt, agus go deimhin do fheuch gach aon
rud go deas cruinn triopallach dom, agus adubhairt
mé liom féin gurbh é Dia do chuir ann mé agus go
mbeadh mo dhóithin airgid agam feasta chun tobac do
cheannach.



Chuaidh mé isteach agus bheannaigh mé d'fhear a'tighe.



"Dia a's Muire a's Pádraig duit," ar sé sin,
"ar tháinig tú i bhfad?"



"Táim tar éis teacht ón Sean-Phobal," arsa mise.



"Éist, a mhic ó! Is dócha go bhfuil an áit sin i bhfad
as so," ar seisean.



"Tá sé timcheall dhá mhíle dheug is fiche," arsa
mise.



"'Dé an ainm atá ort?" ar seisean.



"Micil a Muirgheasa ón Rinn thugann siad orm,"
arsa mise.



"Go mairidh tú t-ainm agus do shloinne," arsa
fear an tighe.



"Go mba hamhlaidh dhuit," arsa mise.



"Leag do rámhan suas leis an bhfalla annsan agus
beir ar chathaoir agus tarraing aníos chun na teineadh,"
ar seisean.


L. 14


"Ar thug tú aon sceul nua leat ón áit sin?"



"Níor thug mé aon sceul a bfiú a sheanchas," arsa
mise.



"B'fhéidir," ar sé sin, "ná beitheá i bhfad mar
sin."



Bhíomar ag caint linn trí na chéile, mé féin agus
é féin, go dtí gur tháinig buachaill a' tighe. Seán
bhí ar an mbuachaill.



"A Sheáin," arsa fear a' tighe, "seo garsún ón
Rinn tháinig go dtí sinn chun bheith in ár bhfochair ag
baint phrátaí an t-seachtmhain seo chughainn agus tá
sé tar éis teacht an-fhada ó bhaile agus is dócha go
bhfuil sé cortha. Tá sé chomh maith ár suipéar do
chur ar an teine."



Chomh luath agus adubhairt fear a' tighe an chaint,
d'éirigh an corcán agus chuaidh sé ar an teine, gan
aoinneach do bhaint cos ná lámh leis. Ní raibh sé ar
an teine thar chúig nómantaí nuair do éirigh sé
agus chuaidh sé ar an mbórd. Thuit na prátaí
amach as agus chuaidh an corcán go dtí an drosúr gan
aoinneach do bhaint leis. Tháinig pláta mór gabáiste
beirbhthe anuas ó mhulla an tighe agus d'éirigh pláta
mór feola aníos tríd an mbórd.



"Tar anuas chun do shuipéir, a fhir na Rinne," arsa
fear a' tighe.



"'Dé an mhaith dhom dul síos," arsa mise, "dar
ndóigh, níl sé beirbhthe."



"Mara bhfuil sé chun do shásaimh gheobhaidh tú suipéar
eile," arsa fear a' tighe.



Rug mé ar an gcathaoir agus chuaidh mé go dtí an
mbórd agus ar bhfallaing féin gurbh é sin an suipéar
bhí go deas. Nuair bhíomar go léir sásta ní fheadar
mé cár imthigh an fuighleach ná an bórd, acht d'imthigheadar
mar a shlogfadh an talamh iad gan tásc gan tuairisc.


L. 15


Adubhairt mé im' aigne féin má chasfainn ar an Rinn
go bráth go mbeadh sceul nua agam.



"A Sheáin," arsa fear an tighe, leis an mbuachaill,
"tá sé chomh maith dhuit píosa coinnle agus an lantréir
d'fhaghbháil mar teastuigheann ón ngarsún so dul a
chodladh. Teighir agus teasbáin an leaba dhó."



Fuair Seán an choinneal agus las sé í agus chuir
sé isteach sa lantréir í.



"Siubhail leat anois, a gharsúin," ar seisean, "go
dteasbánfaidh mé do leaba dhuit."



D'imthigh Seán romham-sa amach agus d'imthigh mise
in a dhiaidh. An tarna coiscéim thug mé leath-is-muigh
dhen doras síos i bpoll uisce chuaidh mé agus bhí mo
dhá chois thíos in uisce go dtí mo dhá chromán. Nuair
do dhéininn iarracht ar chois liom do tharraing aníos
bhíodh an chos eile thíos, agus bhí barr na luachra a bhí
ag fás sa churrach im chaochadh. Bhí gach aon liúigh do mhuir
agus do thír agam, agus mé ag feuchaint im dhiaidh
agus romham, agus gan aon radharc agam ar an tigh,
ná ar Sheán, ná ar fhear a' tighe. 'Sa deireadh do
ionntuigh Seán an solas orm.



"Cad é an riabhach atá id choimeád annsan?"
arsa sé.



"Táim caillte agus ní fheadar mé cá bhfuilim,"
arsa mise.



"Tabhair dom do lámh," arsa Seán, "go dtairrin-
geóchaidh mé aníos as san tú."



Thug mé mo lámh dó agus tharraing sé aníos mé as
an áit a raibh mé im sheasamh, agus chuamar araon isteach
go dtí tigh an chodhlata. Nuair do chuamar isteach
thar an doras chrom mé síos ag feuchaint ar mo bhróga,
agus ní raibh pioc díom fliuch ná salach.



"Ó Dia lem' anam," arsa mise, "ní fheadar mé
cá raibh mé ag dul im bhascadh."


L. 16


"Éist," arsa an buachaill, "meabhrán éigin do
bhí in do cheann. Sin í annsan do leaba, agus nuair
bheidh tú istigh innte múch an snaibín coinnle, mar
níl'im-se ag dul a chodladh go dtí ar ball. Caithfidh
mé feuchaint ar na beithidhigh agus sop thabhairt
dóibh."



D'imthigh sé leis annsan, agus dhún sé an doras in
a dhiaidh. Chuaidh mé féin go dtí an leaba agus bhain
mé dhíom mo bhróga, agus adubhairt mé dó nó trí
phaidreacha. Níor chuaidh mé ró-fhada orra mar bhí
mé ró-chortha. Bhain mé dhíom mo chuid eudaigh annsan,
agus chuaidh mé sa leaba. Mhúch mé an choinneal agus
ba ghairid gur thuit néal beag codhlata orm. Níor
bhfada dhom gur airigh mé an tigh ag crioth. Shíl mé
gur tóirneach bhí ann acht ba ghairid gur airigh mé an
doras á chur isteach. Bhí fhios agam ar an nómant
gur tarbh bhí chugham.



"Ó Dia lem' anam," arsa mise, "pé mar do
righne mé riamh tá an donas anocht orm."



Ar éigin bhí an focal as mo bheul nuair bhuail an
tarbh a dhá adharc fé'n leaba agus chaith sé soir, siar,
agus ó dheas mé féin agus an leaba. Dá mhéid de
bhúithre bhí ag an tarbh is mó de liúirigh agus de scréachaidh
bhí agam féin. 'Sa chaitheamh bhain sé asam shíl mé go
raibh mé leath-slighe in áirde go dtí na scamaill, acht
le ceadughadh Dé, ag teacht anuas dom fuair mé mo
lámh do leagaint ar chipín soluis, agus chimil mé an
cipín do chnaiste na leabthan, agus las sé, agus las
mé an snaibín coinnle bhí agam. D'fheuch mé thimcheall
orm féin. Ní raibh tarbh ná bó le feiscint agus bhí an
doras dúnta. Shín mé siar ar an leaba arís, agus
má bhí scannradh nó sceimhleadh ar aoinneach riamh is
orm-sa bhí sé.



"Ó'se, Dia lem' anam, cad é an mí-ádh sheól annso


L. 17


mé," arsa mise, "nó ní fheadar mé an orm féin nó
ar an tigh atá an rí-ra so!"



Chun ná beadh an snaibín go léir dóighte, mhúch mé í,
acht níorbh é mo dhearmhad na cipíní soluis do leagaint
taoibh liom. D'iarr mé ar Dhia annsan gan leigint
d'aon rud teacht chugham, chuirfeadh mo chodladh amudha
orm go dtí maidean. Dhún mé mo shúile, acht is gairid
bhíodar dúnta agam nuair do airigh mé glór cruite
an chapaill ag teacht ag árd-riam. Chuir sé an doras
isteach agus tháinig sé de léim isteach sa leaba a raibh
mé féin innte. Bhí dhá chois leis ar an taobh istigh díom,
agus an dá chois eile ar an taobh-is-muigh dhíom agus
mise im' luighe idir a cheithre cosa agus a phus leagtha
anuas ar mo chluais. Bhí mé annsan sínte agus gan
cead agam corraighe anonn ná anall, acht mé in deireadh
m'anma le neart scannradh. Bhí mé ad' iarraidh mo
lámh do tharraingt aníos feuchaint an bhfuighbhinn teacht
ar na cipíní agus ba thoil le Dia go bhfuair mé mo lámh
do leagaint orra sa deireadh. Chnag mé ceann aca
ar an bhfalla. D'fheuch mé thimcheall orm féin acht
ní raibh capall ná searrach sa leaba.



"Tá buaidhte ag sceul na h-oidhche seo ar a bhfaca
mé riamh," arsa mise liom féin. "Pé rud is cor
don bhuachaill, ní mhúchfad-sa an choinneal a thuilleadh."



"Ar éigin bhí na focail as mo bheul nuair do bhuail
an buachaill isteach chugham.



"Nár thuit do chodladh fós ort, a fhir na Rinne?" ar
seisean.



"Mhuise, i mbasa, níor thuit, a mhic ó," arsa mise,
"mar is agam-sa tá an oidhche mhí-ádhmharach ón uair do
imthigh tusa uaim."



"Cad do bhain duit?" ar seisean.



"Beidh mé á sheanchas duit ar maidin," arsa mise.



"Ní bheadh na trioblóidí móra sin in do cheann,"


L. 18


ar seisean, "dá mbeadh aon sceul nua agat d'fhear
an tighe nuair tháinig tú um thráthnóna."



"Is cuma liom anois," arsa mise, "acht nár leigidh
Dia go mbeadh a leithéid d'oidhche go bráth arís agam,
agus ní túisce ghealfaidh an mhaidean ná go n-imtheóchaidh
mé liom ón áit mhí-ádhmharach so."



"Éist, anois, a Mhíchil," arsa an buachaill. "Níor
ith na cait an bhliadhain fós, agus pé faid thabharfaidh
tusa 'sa tigh seo, ní dheunfaidh fear a'tighe ná aoinneach
eile aon imirt ort feasta."



Chodluigheamar go sámh as san go maidin, agus níor
chuir dada go Dia isteach ná amach orainn. Níor
ghlaodhaigh Seán orm féineach go raibh mo bhreascast
i gcóir. Thug mé bliadhain go leith sa tigh sin agus
sé tigh do b'fhearr a raibh mé ó shoin ann é. I gcionn
na h-aimsire sin, ghlaodhaigh fear a' tighe orm lá, agus
adubhairt sé go raibh an-chathughadh air gan gnó bheith
aige níos sia dhíom. Dhíol sé amach annsan mé. Eachtra
an ladhar airgid thug sé dhom. D'fhágamar slán ag
á chéile go buidheach beannachtach, agus ní raibh mé in
Ráth ó gCormaic riamh ó shoin.



Sceul na Bó.



Bhí lánamha phósta ann tamall de bhliadhanta ó shoin.
Seán agus Máire dob' ainm dóibh. Bhí lá an chíosa ag
glaodhach orra, agus gan dada aca chun é do dhíol,
mara ndíolfaidís an t-aon bhóín amháin bhí aca. Bhí
lá an aonaigh ag teacht, agus adubhairt Máire go raibh
sé chomh maith aca an bhó do dhíol.



"Tá go maith," arsa Seán, "raghaidh mé go dtí
an aonach léi."



Nuair tháinig lá an aonaigh chuir Seán é féin i gcóir


L. 19


agus bhog sé chun bóthair, é féin agus an bhó. Le linn
dul amach as an macha dhóibh, chaith Máire sean-bhróg
leó, agus adubhairt sí gur airigh sí riamh go mbíonn an
t-ádh leis an t-sean-bhróig.



Bhí an bhóín go deas ag Seán, agus is gairid bhí sé
ar an aonach nuair tháinig ceannaightheóir i leith chuige.



"Cad atá tú ag lorg ar an mbóín sin agat?" ar
seisean.



"Níl agam," arsa Seán, "acht aon fhocal amháin,
tóg nó fág, dhá phúnt deug."



Nuair chonnaic an ceannaightheóir go raibh margadh
sa mbó aige thug sé dhó an dhá phúnt deug uirri, agus
d'iarr sé ar Sheán í choimeád ar feadh uair a chluig,
mar bhí beagáinín gnó le deunamh aige thíos ag Cé Chóidí.



Is gairid bhí sé imthighthe nuair tháinig ceannaightheóir
eile chuige.



"Cad atá tú ag lorg ar an mbó?" arsa an tarna
ceannaightheóir.



"Níl agam," arsa Seán, "acht aon fhocal amháin,
tóg nó fág, dhá phúnt deug."



Dhíol sé amach ar an áit sin dhá phúnt deug leis, agus
d'iarr sé ar Sheán í choimeád go ceann leath-uair a
chluig, mar go raibh gnó siar go dtí an mBriúirí aige.
Adubhairt Seán go gcoimeádfadh, agus fáilte.



Ba ghairid go dtáinig bean aníos chuige. "Dia
dhuit," arsa an bhean.



"Dia a's Muire dhuit a's Pádraig," arsa Seán.



"Cad bheidh mé a thabhairt duit ar an mbóín sin
agat?" arsa an bhean.



"Níl agam," arsa Seán, "acht aon fhocal amháin,
tóg nó fág, dhá phúnt deug."



"Gheobhaidh tú é sin," arsa an bhean, ag tarraingt
sparáin mhóir fada aníos as a brollach.


L. 20


Dhíol sí Seán ar an áit sin, agus d'iarr sí air an
bhóin do choimeád dí ar feadh tamaillín go raibh
beagáinín gnó aici síos ag tigh Dhomhnaill Uí Fhearchair.



Ba ghairid gur tháinig an cheud cheannaightheóir do
cheannaigh an bhó.



"Shíl mé na beinn a fhaid imthighthe uait," ar sé sin.



"Tá tú luath go leór," arsa Seán.



Siar bhí a thriall abhaile. D'fhág sé lá maith ag Seán,
agus d'imthigh sé leis, é féin agus an bhó. Cia bheadh
ag gabháilt aniar acht an tarna ceannaightheóir.



Chuir sé a bhata in áirde.



"Cá bhfuil tú ag dul lem' bhó?" arsa sé sin.



"Táim á breith abhaile," arsa an fear bhí á cur siar.
"Cheannaigh mé ó chianaibh í ar dhá phúnt deug."



"Ní tusa a cheannaigh í acht mise," arsa an fear
bhí ag gabháilt aniar, "agus mo chroidhe ó'n riabhach
má leigim-se dhuit í do bhreith leat."



Luigheadar chun a chéile ar an áit sin. Bhailigh an
t-aonach go léir thimcheall orra.



I lár an achrainn cia bheadh ag gabháilt aníos de
chúinne an bhainnc ná an bhean.



"Ó Dia lem' anam," arsa sí sin, "ní fheadar cad
atá ar gach aoinneach ag rioth?"



D'innis duine éigin dí gur dhá cheannuightheóir a bhí
ag baint bó do na chéile. Nuair do dhruid sí aníos
thug sí fé ndeara gurbh í a bó féin bhí 'san achrann.
Ceann de chlócaí dhen t-sean-aimsir bhí uirri. Do
fhill sí in áirde dhá chúinne an chlóca ar a dhá cuisle
agus chrom sí ar chlocha bhí leathta ar an t-sráid. Thóg
sí dhá ladhar aca agus chrom sí á gcaitheamh. Ní raibh sí
ag tógaint aon mharc d'aon rud acht ag caitheamh léi
ar a dícheall. Mhill sí ceud duine, agus bhris sí
fuinneóg agus fiche. Caitheadh fios do chuir ar na
píléirí feuchaint an bhfuighbhidís an t-síothcháin do


L. 21


dheunamh. Thángadar, agus an t-oifigeach leó. Do
labhair an t-oifigeach.



"Bhfuil an fear do dhíol an bhó ar an aonach?"
ar seisean.



"Táim annso, a dhuine uasail," arsa Seán, ag
cur a láimhe in áirde.



"'Dé chúis," arsa an t-oifigeach, "go bhfuil
siad so ag marbhughadh a chéile mar gheall ar do
bhó-sa?"



"Ní fheadar mé," arsa Seán, "acht is amhlaidh atá
siad nach ad' iarraidh mo bhóín do bhaint díom dem'
aimhdheóin nuair chíonn siad aosta lag mé."



"Imthigh leat abhaile," arsa an t-oifigeach, "tú
féin agus do shíabhra bó. Feuch 'dé an díoghbháil atá
deunta ar an mbaile seo indiu agaibh!"



"Habha abhaile, habha abhaile," arsa Seán, agus
d'imthigh sé leis, é féin agus a bhóín.



Bhí Máire in a seasamh ag an leath-doras roimhe agus
a dhá h-uillin leagtha ar a bharra.



"Ó'se Dia lem' anam, a Sheáin," ar sí sin, "nár
dhíol tú an bhó?"



"Leig dom féin anois, go dtí ar ball," arsa Seán,
"agus bí ag faghbháilt mo dhinnéir dom."



Chuir sé isteach an bhóín agus thug sé sop dí.



"Ná cuir aon chaint orm, a Mháire," ar seisean,
"go mbeidh mo dhinnéar ithte agam, agus annsan
inneósaidh mé gach aon rud duit."



B'fhada le Máire go raibh Seán réidh, mar ní fheadar
sí cad é an sceul bhí aige dhí, agus bhí eagla a croidhe
uirri ná beadh an cíos aca do'n mháighistir. Fé dheireadh
do labhair Seán, agus adubhairt sé le Máire suidhe
ós a choinne amach, agus go inneósadh sé dhí cad ba
chor dó ag an aonach.



"Dhíol mé an bhó," ar seisean, "le triúr, agus tá


L. 22


sé púint deug is fiche in mo phóca agam, agus tá an
bhó agam in a fhochair sin."



"Mhuise, a Sheáin, a mhaoineach, ba mhaith í caitheamh
na bróige ar maidin."



"Ba mhaith," arsa Seán, "acht 'sé an t-eagla atá
anois orm, go gcuirfidh siad an dlighe orm, agus go
ndíolfaidh mé as go dóighte."



"Tá sé an-dhian nó cuirfid," arsa Máire, "agus
'sí mo chomhairle-se dhuit, ná dul go dtí túrnae
i mbáireach agus an sceul go léir do innsint dó.
Abair leis annsan go bhfuil tú sásta ar dheich bpúint
do thabhairt dó má bhuaidheann sé dhuit, acht ná beidh
aon leath-phingne le faghbháil aige mar a mbuaidheann."



"Tá go maith," arsa Seán, "Raghad i mbáireach."



Chuaidh Seán go dtí an túrnae maidin lá ar na bháireach
agus d'innis sé an fhírinne dhó ó thosach go deireadh.



"Tá sé dian nó crochfar tú," arsa an túrnae,
"acht mar sin féin, deunfaidh mé mo dhícheall duit.
An ar an mbóthar bhíodh an bhó agat?"



"'Seadh mhuise, bobhtaí," arsa Seán.



"An mbíodh aon phort, nó amhrán agat nuair bhíteá
á h-aodhaireacht?"



"Sé an port ba ghnáthaidhe liom bheith im' bheul,"
arsa Seán, ná,



"Deunfaidh san an gnó go h-áluinn," arsa an
túrnae. "Aon duine fhiafróchaidh dada dhíot lá na
cúirte, imir é sin dó."



"Tá go maith," arsa Seán.



Nuair tháinig an lá, chuadar go léir go dtí an chúirt.


L. 23


Ba í cúis Sheáin an cheud chúis do thriaileadh. D'fhiafruigh
an breitheamh de ar cheannaigh an fear san (.i. an cheud
cheannaightheóir) an bhó uaidh maidin lae an aonaigh.




"San teabha dilí abha deabha deabha,
San teabha dilí abha deabha dí," arsa Seán.



D'fhiafruigh an breitheamh de ar cheannaigh an tarna
fear an bhó uaidh maidin lae an aonaigh. Ba é an
freagra ceudna bhí ag Seán. D'fhiafruigh an breitheamh
de annsan, ar cheannaigh an bhean an bhó uaidh maidin
lae an aonaigh.



"San teabha dilí abha deabha deabha
San teabha dilí abha deabha dí," arsa Seán.



"Tiomáin leat abhaile, ná feiceann a bhfuil istigh
'sa chúirt gur amadán tú," arsa an breitheamh.



"Slighe amach, a dhaoine," arsa Seán, agus thug sé a
aghaidh ar an dorus.



Is gairid suas ó ghéata na cúirte bhí sé nuair do
lean an túrnae é.



"A Sheáin," arsa an túrnae, "nár mhaith í mo
chomhairle?"



"San teabha dilí abha deabha deabha
San teabha dilí abha deabha dí," arsa Seán.



"Ó dar fiadh, éist," arsa an túrnae, "ná fuil
an chúis pléidhte, agus tabhair dom mo dheich bpúint."



"San teabha dilí abha deabha deabha
San teabha dilí abha deabha dí," arsa Seán,



agus bhog sé chun bóthair abhaile do féin.


L. 24


An Luichín Bhán



Lánamha do bhí ann tamall de bhliadhanta ó shoin,
agus bhí aon inghean amháin aca. Do labhair an guth
an oidhche seo agus 'sé rud adubhairt sé acht go gcaithfidhe
an gearrchaile do chur isteach i gcaisleán go ceann
seacht mbliadhna gan aon phioc de sholus an lae, ná
na gréine do theasbáint dí, nó má theasbánfaidhe go
n-ionntóchadh sí 'na luichín bhán, agus ná raibh an
draoidheacht san le h-imtheacht dí go mbainfeadh sí
trí gháire as triúr ban leasa.



Cuireadh isteach i gcaisleán í agus banaltra ag
tabhairt aireachais dí. Lá des na laetheanta bhí an
bhanaltra ag dul go dtí an tobar fé dhéin cróca uisce,
agus níor chuimhnigh sí ar an doras do dhúnadh 'na diaidh.
Nuair chas sí ó'n tobar bhí an gearrchaile ionntaighthe
'na luichín bhán. D'fhan a guth agus a caint féin
i gcómhnuidhe aici, agus ba bhreághtha an ceol bhí aici
ná an ceól sídhe féin. Bhí a dóithin le n-ithe agus
a ceart le codladh aici agus bhí an saoghal ar a toil
aici istigh 'sa chaisleán.



Bhí fiadhach ag gabháilt leath-is-muigh an lá so, agus
bhí mac ríogh 'sa bhfiadhach. D'airigh sé an ceol ba
dheise do airigh aoinneach in a dhá chluais riamh istigh
'sa chaisleán. Chuir sé fé dhraoidheacht é, agus ghaibh
sé mar gheasa air féin, má's i gceann mná bhí an ceól
do airigh sé, ná pósfadh sé aon bhean eile acht í sin.
Chuaidh sé go dtí doras an chaisleáin. Bhuail sé
ag an doras. Tháinig an bhanaltra agus d'oscail
sí do. D'fhiafraigh sé dhí an raibh aoinneach eile sa
chaisleán acht í féin. D'innis an bhanaltra dó mar
bhí.



"'Sé chúis a bhfuil mé nach ghaibh mé mar gheasa orm


L. 25


féin má's i gceann mná bhí an ceol d'airigh mé gan
aon bhean eile bheith pósta agam acht í," ar sé sin.



Tar éis do bheith ar a mharanna ar feadh scaithimh
adubhairt sé ná raghadh sé indiaidh a fhocail. Pósadh
é féin agus an Luichín Bhán le na chéile. Uaireanta
bhíodh sé an-thrí-na-chéile agus bhíodh an-chompórd air
uaireanta eile.



I gcionn ocht nó naoi sheachtmhainí indiaidh an phósta,
adubhairt sé le n-a bhean go gcaithfeadh sé dul abhaile
feuchaint a athar is a mháthar.



"Is fadó ba cheart duit san a dheunamh," arsa an Luichín Bhán.



Bhí an-fháilte ag a athair agus a mháthair roimhe, mar
shíleadar gurb amhlaidh bhain rud éigin dó, nuair nár
chas sé níos túisce.



"B'fhéidir," arsa an t-athair leis, "gurb é an rud
ceudna do righne do bheirt dhearbhráthar do righne
tusa. Phósadar san gan cead a n-athar ná a máthar."



"'Sé mhuise," arsa sé sin, "tá mé pósta le naoi
seachtmhaine."



"Níl aon díoghbháil annsan," arsa an t-athair,
"má tá bean mhaith agat. Is gairid mhairfidh mise
anois, mar tá mé aosta lag. Táim chun sceul do
chur go dtí do bheirt dhearbhráthar chun iarraidh ar a
mbeirt bhan léine a dheunamh dhom chídhfidh mé orm fá
do fhágfaidh mé an saoghal so, agus táim ag tabhairt
an chuireadh cheudna duit-se, agus pé aca de'n triúr
ban is deise dheunfaidh léine dom, sé a fear súd
gheobhaidh trian mo choda."



Nuair tháinig an prionnsa abhaile d'fhiafruigh a bhean
do connus bhí a mhuintir.



"Ó, tá siad go h-an-mhaith," ar sé sin, "acht a leithéid
seo, bhí m'athair a rádh liom, agus go bhfóiridh Dia


L. 26


orm-sa cad do dheunfaidh mé, níl aoinneach agam
dheunfadh léine dhom."



"Bíodh misneach agat," ar sí sin, "nár d'airigh
tú riamh go mbíonn cabhair Dé ar bóthar?"



Bhrúigh sé fé chomh maith agus do fheud sé go dtí gur
tháinig an mhaidean a raibh sé chun dul go dtí tigh a athar.
D'éirigh a bhean go doth agus d'ullmhaigh sí a bhreascast
dó. Nuair bhí gach aon rud i gcóir chuaidh sí go dtí
é agus dubhairt sí leis éirighe.



"'Dé an mhaith domh-sa éirighe?" ar seisean, "níl
dada agam a bheurfaidh mé liom."



"Éirigh, pé ar domhan de," ar sise, "agus dar
ndóigh, ní fios cá mbeadh do thógaint."



Do righne sé a comhairle agus do léirigh sé é féin
chun bóthair. Nuair bhí sé chun bogadh an doras amach:
"Beir leat an páipéar sin ar an bhfuinneóig," ar sí
sin leis, "agus ná h-oscail é go mbeidh an bheirt
eile tar éis na léintreacha bheidh aca theasbáint."



D'imthigh sé leis agus bhí an bheirt dhearbhráthar roimhe.
An léine do righne bean an cheud dhearbhráthar
do phós, sin í do oscladh an cheud uair. An
léine do righne bean an tarna dearbhráthar, 'sí
do oscladh an tarna huair agus ba í léine
do righne an Luichín Bhán an léine dhéidheanach do
oscladh, agus thug sí an chraobh léi ó aon léine do
righneadh riamh. Bhí dath cleite do gach aon eun bhí fé'n
spéir 'sa léine sin. Nuair chonnaic an t-athair í, is
beag nár bhain sé radharc na súl de, áilneacht agus
a dheiseacht bhí sí.



"Agat-sa," arsa sé, "atá an bhean is fearr des
na mná. Tá trian mo choda le faghbháil agat-sa agus ag
do bhean indiu. Agus ó's rud é go bhfuil mo ré-se
ar an saoghal so lámh le bheith caithte, ba mhaith liom a
rádh libh fé n-imtheóchaidh sibh indiu, go gcaithfidh gach aoin-


L. 27


neach agaibh a bhean féin do thabhairt im' láithir-se a
leithéid seo lá, agus pé bean den triúr ban is fearr
chaoinfidh mise, is aici sin agus ag a fear bheidh mo
chuid go léir."



Do dhuibh a's do theann ar fhear an Luichín Bháin acht
níor leig sé dada air. Is é bhí go cráidhte ag bogadh
chun bóthair. Ag dul abhaile dhó bhí sé ar a mharanna
feuchaint cad do dheunfadh sé, agus gan aige mar
bhean, acht luch.



Nuair bhuail sé isteach go dtí tigh a mhná, chuir sí
na tuartha fáilte roimhe, agus d'fhiafruigh sí dhe connus
do chuaidh dó.



"Chuaidh go maith," ar sé sin, "agus bhuaidh an léine
do righne tusa ar gach léine dár righneadh riamh. Acht
a leithéid seo, bhí ár n-athair a rádh linn, go gcaithfidh
gach aoinneach againn a bhean féin thabhairt leis a leithéid
seo do lá agus pé bean den triúr ban is fearr a
chaoinfidh é gurbh shin í agus a fear a gheobhaidh a chuid go
léir. Agus go bhfeuchaidh Dia orm-sa cad do dheunfaidh
mé?"



"Bíodh misneach agat," ar sí sin, "agus ná bí i
gcomhnuidhe ag dol in eudóchas."



Nuair tháinig an mhaidean ghlaodhaigh an Luichín Bhán
ar a fear. D'éirigh sé agus chuir sé é féin i gcóir.
Nuair bhí sé ag bogadh chun bóthair do labhair an Luichín
leis. Dubhairt sí leis dhá phíosa bhata do bhreith leis,
agus imtheacht suas go dtí lag an bhóthair, agus gan
tor sceach ná tor aitinn do fhágaint gan bualadh, ar
eagla go mbeadh cat ná madra ionnta thabharfadh
fúithi. D'imthigh an fear bocht leis agus is é bhí go
maolchluasach ag imtheacht.



Nuair a fuair an Luichín Bhán imthighthe é, chuaidh sí
agus fuair sé dhá cheann deug de fhranncaigh agus dhá
cheann deug de lucha. Chuir sí luch mar mharcach ar gach


L. 28


franncach. Fuair sí píosa pháipéir annsan agus dhein sí
carréiste canta dhe. Ghaibh sí isteach na franncaigh fé,
agus shuidh sí isteach sa charréiste í féin, agus thiomáin
sí léi suas an bóthar. Nuair bhí sí ag gabháilt thar
chrosaire bhí tamall ón tigh cad do bheadh ag gabháilt
aníos an bóthar 'na coinne acht triúr ban leasa, agus
na trí gáire do righneadar d'airigh na mairbh ins na
reiligeacha iad. Ar ionntódh na baise do righneadh
capaill des na franncaigh, agus do righneadh fearaibh
des na lucha, agus d'ionntaigh an carréiste sa t-slighe
ná raibh a bharr le faghbháilt. D'imthigh an draoidheacht
den Luichín Bhán agus ba í an bhean ba bhreághtha ar
luigh gaoth ná grian riamh uirri í.



Thiomáin sí léi annsan suas go dtí an áit a raibh a
fear. Bheannaigh sí dhó agus d'fhiafruigh sí dhe cad do
bhí sé a dheunamh ag teacht aníos lag an bhóthair.



"Ní leigfeadh náire dhom é do innsint duit, a
bhean uasail," ar seisean.



"Ó gheobhaidh tú é innsint domh-sa," ar sí sin, "mar
b'fhéidir go bhfuighbhinn congnamh do thabhairt duit."



Annsan d'innis sé go áith-leasc dí gurbh amhlaidh
phós sé luichín bhán agus go raibh sí ag teacht aníos an
bóthar, agus go raibh sé ag bualadh na dtor ar eagla
go mbeadh cat nó madra ionnta mharbhóchadh í."



"Bí istigh sa charréiste," ar sí sin. "Níl baoghal
ar do bhean phósta mar is mise í."



"Ó ní tú a chuigint ná ar aon chor," ar seisean,
"mar is maith atá aithne agam ar mo bhean phósta."



Acht nuair bhí sí ag dul i bhfad air chuaidh sé isteach
agus d'imthigheadar go dtí tigh a athar. Bhí an bheirt
dearbhráthar agus a gcuid ban rómpa. Bean an cheud
dhearbhráthar do phós, 'sí chuaidh 'sa chaoineadh an cheud
uair. Chaoin sí go breágh é agus ba bhinn leat bheith
ag éisteacht léi. Thosnuigh bean an tearna dearbhráthar


L. 29


annsan, agus bhí sí sin thar na beartaibh leis. Annsan
thosnuigh an tríomhadh bean, ba í sin an Luichín Bhán.
Dhein sí an caoineadh chomh h-aoibhinn sin, gur chuir sí
sámhán agus sior-chodladh ar a raibh ag éisteacht léi.
Nuair dhúisigh an t-athair thug sé a strus agus a gheall
go léir don Luichín Bhán agus dá fear, agus mhaireadar
go saidhbhir sámh an chuid eile dá saoghal.



Aonach na Carraige.



Tamall dhe bhliadhanta ó shoin, bhí beirt fhear bhí ar
a bpádh ag dul go dtí an Charraig le roint beithidheach.
Cheapadar, mar bhí roint dá n-aois tabhartha, gur mhaith
an rud dóibh garsún óg do bhreith leó chun na mbeithidheach
do stopadh ar na beárnacha, agus orm-sa bheartuigheadar
chun dul leó, mar bhíos go bríoghmhar ar mo chosa, agus
go deimhin is girrfhiadh fánach ná béarfainn air an lá
san.



Bhíomar ag an Charraig le breacadh an lae. Ba
ró-ghairid gur cheannuigheadh na beithidhigh os na fearaibh,
mar bhí an-ghlaodhach ar bheithidhigh reamhra an lá ceudna,
agus bhí buille na tuagha de fheóil ar ár gcuid-ne dhíobh.
Nuair bhí na beithidhigh imthighthe uainn agus airgead
tógtha, chuamar isteach i dtigh ag ithe ár mbreascaist.
Nuair do bhí mo bholg lán agam féin shuidh mé ar chathaoir
mar bhí mé cortha.



"B'fhéidir, a Mhicil," arsa na fearaibh (fir), "gur
mhaith leat-sa do reast do dheunamh, agus gheobhaimíd-ne
amach feuchaint connus atá an t-aonach ag imtheacht.
Glaodhfaimíd ort-sa nuair bheimíd i gcóir chun dul
abhaile."



Thuit mo chodladh orm fhéin, agus nuair do dhúisigh mé
d'fhiafruigh mé de bhean a' tighe ar tháinig na fearaibh
(fir) im' lorg.


L. 30


"Níor tháinig, a gharsúin," ar sí sin.



"Go bhféachaidh Dia orm-sa," arsa mise, "is amhlaidh
d'imthigheadar abhaile agus níor chuimhnigheadar ar
ghlaodhach orm."



"Ó'se Dia linn," arsa bean a' tighe, "ná fuil
fhios agat ná deunfaidís é sin?"



"An inneósfá dhom, a bhean a' tighe, 'dé an t-am
'sa ló é?"



"Tá sé tar éis an dá bhuille dheug," ar sí sin.



"Mara dtiocfaidh siad i mbeagán eile aimsire,"
arsa mise, "cuirfidh mé chun bóthair."



Ní rabhadar ag teacht, agus bhain mé dhíom mo bhróga
agus mo stocaí. D'fhag mé slán ag bean a' tighe
agus chuaidh mé leath-is-muigh dhe'n doras. D'fheuch
mé soir siar agus ó dheas, agus d'iarr mé ar Dhia mé
chur ar mo leas. D'imthigh mé liom chun bóthair annsan.
Bhí mé tamall ag rioth agus tamall ag siubhal. Ní
ró-fhada chun bóthair bhí mé nuair bhí an oidhche ag teacht
orm. Tháinig mé suas le fear a raibh boiscín ar a
dhrom aige.



"'Dé chúis do bhróga a's do stocaí bheith dhíot, a
gharsúin?" ar seisean.



Dh'innis mé mo chúrsaidhe dhó.



"Bhfuil dul i bhfad ó bhaile ort?" ar sé sin.



"Tá dul go Dúngarbhán orm," arsa mise.



"Annsan," arsa sé, "atá mé féin ag dul. Fanfaidh
mé leat, agus cuir ort do bhróga is do stocaí."



Shuidh mé síos ar phort na díge agus chuir mé orm
iad. Nuair bhíodar orm d'fhiafruigh sé dhíom an raibh
aon chipín soluis agam.



"Ó'se Dia linn, níl," arsa mise, "acht b'fhéidir
ná beadh sé ró-fhada nuair theagmhochadh tigh linn."



B'fhíor dom, mar is gairid chuamar nuair theagmhaigh
tigh linn.


L. 31


"Cuir an boiscín seo ar do ghualainn," ar seisean,
"agus bí ag imtheacht leat agus gheobhaidh mise greim
'sa mbóthar ort."



Bhí mé fhéin ag imtheacht liom agus mé ag feuchaint as
mo dhiaidh anois is arís, agus gan aon phioc d'fhear an
bhosca le feiscint agam ag teacht. Nuair bhí mé tar-éis
stiall mhaith dhé'n bhóthar do chur díom chonnaic mé
strapa ar an gclaidhe ar thaobh coilleadh bhí ann, agus
thug mé m'aghaidh ar dhul in áirde ar an strapa.
Nuair bhí mé in áirde ar mhulla an chlaidhe shamhaltaigh
sé dhom go raibh casán ag imtheacht tríd an gcoill.
D'imthigh mé liom síos an casán agus mo bhoiscín
thiar ar mo dhrom agam. Ní ró-fhada síos bhí mé
nuair do theagmhaigh tigh liom agus chonnaic mé an
solas amach fé bhun an duiris. Chuaidh mé go dtí
an doras agus bhuail lem' láimh é. Is gairid bhí mé
ag fuireach nuair d'oscail bean an doras. Bheannaigh
mé dhí agus bheannaigh sí sin domh-sa.



"An bhfuighbhinn bheith istigh uait, a bhean a' tighe?"
arsa mise.



"Duine an-eaglach san oidhche is eadh mé, agus tá
mé tar-éis bóthar fada do chuir díom, agus ba mhór
an grádh Dia dhuit lóistín do thabhairt dom go maidin."



"Tabharfaidh mé, agus fáilte," arsa sí sin.



"Is dócha go bhfuil tú cortha ag an mbóthar, a
gharsúin. B'fhéidir go mbeadh dúil agat in rud
éigin le n-ithe."



"Duine muinteardha thabharfadh dom é," arsa mise.
Leag sí pláitín prátaí agus pláitín feola chugham,
agus d'ith mé mo dhaothain díobh.



"B'fhéidir go mbeidhtheá-sa ag éirighe go doith ar
maidin agus go mba mhaith leat dul a chodladh anois?"
arsa bean an tighe liom.


L. 32


"Maite, mhuise, ba mhaith liom," arsa mise, "mar
tá mé pléidhte ag an mbóthar."



"Tá go maith, a gharsúin, sin í in áirde do leaba os
cionn póirse an t-seomra, agus gheobhaidh tú an chathaoir
sin annsan do chur féd' chosa chun dul in áirde.
bead-sa ag léiriughadh an tighe go fóil, agus tá roinnt
rudaí beaga le deunamh agam fá do raghaidh mé a
chodladh," arsa sí sin. D'imthigh mé liom in áirde
sa lochta beag agus d'fhág mé mo bhoiscín sa chistin
im' dhiaidh. Bhain mé dhíom mo chuid eudaigh annsan,
agus chaith mé in áirde i mbun na leabthan iad, agus
chuaidh mé isteach sa leaba. Bhí me an-chompórdamhail
sínte siar sa leaba, acht níor bhfada gur airigh mé an
buille mór á bhualadh ar an doras, agus ar bhfallaing
fhéineach gur chuir Micil cluas air féin, agus cad do
bheadh ann acht triúr fear agus chúig cinn de bheithidhigh
do bhí goidthe aca.



Thiománadar isteach sa chistin iad agus luigheadar
chúcha, agus mharbhaigheadar iad. Bhaineadar na croicinn
díobh, agus chuireadar isteach i mbairrle iad. Shuidheadar
síos annsan agus d'itheadar a suipéar i dteannta
a chéile. Ar ball, bhí fear aca ag dul suas sa seomra
agus cad air bhuailfeadh sé barr a bhróige acht ar mo
bhoiscín-se. Chorraigh na rudaí bhí istigh ann.



"Dé an riabhach rud é seo?" ar seisean, agus
rabharta feirge air.



"Garsún ar thug mé bheith istigh dó anocht," arsa
bean an tighe, "sin é a bhosca."



"Ó, dar so súd, ná raibh fhios agat ná raibh sé
luadhalta dhuit aoinneach do leigint annso isteach?
B'fhuiris dh'aithint gur tusa bhí chun sinn a chrochadh."



"Éistighidh go réidh," arsa bean an tighe, "ar son
anamainn bhúr marbh, agus gheobhaidh sibh éirighe ar ball,


L. 33


agus é sin do mharbhughadh, agus é chur amuigh sa choill,
agus annsan ní baoghal go gcrochfaidh sé sibh."



Nuair do bhraitheas an duine déidheanach díobh imthighthe
a chodladh d'éirigh mé féin. Bhí mé ad' iarraidh mo
chos do sháidh amach i gcosa mo bhríste agus i dtaobh gan
an solas bheith agam, bhain an bríste an-aimsir díom
á chur orm. 'Dé an díoghbháil, nach nuair bhí sé orm,
an taobh ba cheart bheith abhus 'sé bhí siar, acht imbasa,
d'fhág mé mar sin é mar ní leigfeadh an t-eagla dhom
bheith ag lapadáil leis níos sia. Chas mé crios aniar
tharm agus tháinig mé anuas ó'n leaba, agus dá mbeadh
chiseán bogán fé'm chosa ní dóigh liom go mbrisfinn
ceann aca. Bhí greim le'm fhiacla agam ar mo phus
ar eagla go n-aireóchaidhe m'anál. Bhí mé ag ceapadh
dhom féin má gheobhainn an doras do oscailt go mbeadh
liom. Níor thug mé bróg ná stoca liom, hata ná
bosca, agus ba thoil le Dia go bhfuair mé an doras do
oscailt. Le linn is mé bheith ag imtheacht de'n tairsing,
dhein an doras glór, agus i maithte bhí amhras agam go
mbeadh an tóir im'dhiaidh.



Oidhche ghealaighe ba eadh í, agus is beag d'fheur do
fhás fé'm chosa go ndeachaidh mé treasna dhá pháirc,
acht riothfainn níos mire meireach an t-slighe a raibh
an bríste orm. Pé feuchaint ghug mé im'dhiaidh chonnaic
mé an tóir ag teacht, agus do righne mé dh'iarracht ar
thigh feirmeóra bhí tamall uaim. Isteach san iothlainn
chuaidh mé. Bhí cruach bhreágh thuighe ann agus bhí dréimire
'na sheasamh le ceann na cruaiche. Níor dhein mé acht
an dréimire do chur díom suas, agus nuair bhí mé shuas
ar bharr na cruaiche tharraing mé an dréimire in áirde
as mo dhiaidh. Ní túisce bhí an dréimire in áirde agam
ná dh'airigh mé fúm shíos iad. Bhí fhios aca go maith
go raibh mé in áirde ar bharr na cruaiche agus chromadar
ag bailiughadh gach aon rud bhí san iothlainn agus á gcur


L. 34


ós cionn a chéile, 'sa tslighe go rabhadar lámh le bheith
in áirde, acht má bhíodar, scaoileas síos an dréimire
ar an taobh eile agus bhogas liom chun reatha arís. Ag
dul thar an tarna claidhe dhom (claidhe clocha fuara ba
eadh é) thuit mé féin agus an claidhe i dteannta a chéile.
Bhí fhios agam go raibh deireadh liom agus d'imthigh mé ar
mo chromada cois an chlaidhe agus cad do theangmhochadh
liom acht sean-chabhail capaill. Ní raibh ann acht na
h-easnuidheacha agus cnámh a dhroma. Chuiadh mé féin
isteach agus shín mé istigh innte. Nuair tháinig an
triúr suas d'fhéachadar thimcheall acht ní raibh pioc
díom le feiscint. Is beag ná go rabhadar ag ithe
a chéile i dtaobh mé imtheacht uatha.



"Casaimís abhaile in ainm Dé," arsa fear aca,
"ní fheadar sé siúd cia h-é sinn, agus ní baoghal go
gcasfaidh sé ar an dúthaigh seo tar éis an scannradh
bhain dó anocht."



"Ní fheadar 'dé rud é seo thall," arsa fear eile
aca.



"Tá, sean-chabhail capaill," arsa an fear mór,
"agus ós rud é ná fuil dada againn ag dul abhaile
tá sé chomh maith dúinn í bhualadh in áirde ar ár
nguailne."



Thugadar leo í agus mise sínte istigh innte. Nuair
thángadar go dtí an macha d'fhiafruigh ceann aca dhen
bheirt eile cad do dheunfaidís léi.



"Tá sé chomh maith dhúinn í chaitheamh annso cois an
chlaidhe, mar atá an tigh istigh ró-bhrúidhte le gach aon
rud," arsa an fear mór.



Leagadar anuas ar an gclaidhe annsan í, agus ba
thoil le Dia go raibh an ghealach ag dul chuige, mar bhí
crampa i gcois liom agus chaith mé í shíneadh.
D'imthigheadar leó isteach 'sa tigh annsan. Nuair
fuaireas-sa imthighthe iad, tháinig mé amach as chabhail


L. 35


an t-sean-chapaill agus bhogas chun bóthair abhaile agus
ag teacht aníos dom thar choill an tSeurlóigigh is eadh bhí
dúnainn an lae ag éirighe orm agus mise go suaidhte
sáraighthe tar éis na h-oidhche. Níor chuaidh mé go dtí
an Charraig riamh ó shoin.



Gabha na Ceardchan Deirge.



Bhí gabha uair ag an Cheárdcha Dhearg agus bhí sé
díomhaoin an lá so. Casadh garsún isteach go dtí é.



"Dia dhuit," arsa an garsún.



"Dia a's Muire a's Pádraig duit," arsa an gabha.



"An dtabharfá dhom tamall de'n cheárdchain ar
feadh leath-uair a chluig, má's é do thoil é?" arsa
an garsún.



"I mbasa tabharfaidh mé," arsa an gabha, "mar is
beag an gleithearán atá indiu orm,"



Chuaidh an garsún ar fuaid na ceárdchan, agus ní'l
aon bhlúire iarainn fuair sé nár bhailig sé chuige agus
nár chaith sé isteach 'sa teine. Is gairid fhág sé ann
iad nuair tharraing sé amach arís iad. Bhuail sé buille
agus leath-bhuille orra, agus i gceann ceathramha uaire
bhí an cheárdcha lán de chearca agus de lachain aige.
Bhailigh sé chuige isteach in mála iad, agus d'fhág sé
slán ag an ngabha agus d'imthigh sé leis.



Nuair fuair an gabha imthighthe é chuaidh sé féin feuchaint
an bhfuighbheadh sé aon bhlúire iarainn na dhiaidh, agus
an méid fuair sé thug sé leis go dtí an teine iad.
Is gairid do fhág sé 'sa teine iad nuair do tharraing
sé amach iad. Bhuail sé buille agus leath-bhuille orra
agus dá mbeadh sé á mbualadh ó shoin ní bhfuighbheadh
sé cearca ná lachain do dheunamh dhíobh.



Tháinig an garsún arís an lá 'na dhiaidh sin agus
sean-chapall gan mhaith aige.


L. 36


"An dtabharfá tamall de'n cheárdchain indiu dom?"
arsa an garsún.



"Mhuise, i mbasa, tabharfaidh mé," arsa an gabha,
"mar ní mó atá le deunamh indiu agam ná indé."



Chuaidh an garsún ag deunamh crúdh do'n chapall.
Nuair bhí sí deunta aige chuaidh sé amach agus bhain
sé an chos ó'n chapall. Thug sé leis isteach í. Nuair
bhí an chrúdh curtha fé'n gcois aige, chuaidh sé amach agus
chuir sé an chos fé'n gcapall arís, agus in áit
sean chapall gan mhaith, 'sé rud bhí aige annsan ná
capall breágh óg. Chuaidh an garsún in áirde ar an
gcapall, d'fhág sé slán ag an ngabha agus d'imthigh
sé leis.



Nuair fuair an gabha imthighthe é bhí sé ar a mharanna.



"I mbasa," ar sé sin in a aigne féin, "raghad suas
agus tabharfad anuas mo shean-chapall féin agus
deunfad an cleas céadna leis."



Chuaidh, agus thug sé leis anuas é. Righne sé crúdh
do'n chapall agus nuair bhí an chrúdh deunta aige,
bhain sé an chos ó'n chapall agus thug leis isteach í
chun an chrúdh do chur fúithi. Nuair do chas sé bhí an
capall caillte.



"Mhuise, nár éirighe acht an t-ádh leat-sa, a gharsúin
mhí-ádhmharaigh, nach mise atá creachta indiu agat," ar
seisean.



Tháinig an garsún an tríomhadh lá agus dhá shean-bhean
in éinfheacht leis. D'iarr sé tamall de'n cheárdchain
arís, agus má d'iarr fuair sé í. Righne sé dhá shúgán
féir agus chaith sé thimcheall ar an dá shean-bhean iad,
agus chuir sé isteach 'sa teine iad. Is gairid d'fhág
sé ann iad nuair do tharraing sé amach arís iad. Bhuail
sé buille agus leath-bhuille orra agus dhein sé cailín
breágh óg dhíobh. D'fhág sé slán agus beannacht ag


L. 37


an ngabha annsan, agus d'imthigh sé leis é féin agus
an cailín óg.



Nuair fuair an gabha imthighthe iad, chuaidh sé suas go
dtí a thigh, agus thug sé anuas a bhean féin agus máthair
a chéile. Dhein sé dhá shúgán féir agus cheangail sé an
bheirt bhan le na chéile agus chuir sé isteach 'sa teine
iad. D'aireochthá fiche míle ó bhaile iad ag liúirigh agus
ag scréachaigh. Chriothadar an cheárdcha le neart a
mbéicidhe acht bhí sé chomh maith aca éisteacht. Nuair
bhíodar tamall 'sa teine tharraing sé amach iad. Bhuail
sé buille agus leath-bhuille orra, acht dá mbeadh sé
á mbualadh ó shoin ní bhfuighbheadh sé cailín óg do dheunamh
dhíobh.



Tamall maith 'na dhiaidh sin bhí an garsún ag gabháil
thar an cheárdchain. Bheannaigh sé do'n ghabha agus
bheannaigh an gabha dó.



"Connus atá an sceul ó shoin agat?" arsa an
garsún.



"Tá, go beó bocht," arsa an gabha.



"Tá sé chomh maith dhuit an cheárdcha do fhágaint
as dhiaidh agus teacht liom-sa," arsa an garsún.
"Dochtúir is eadh mise agus deunfaidh mé dochtúir
eile dhíot-sa."



"B'fhéidir nár bh'fhearr ar domhan é," arsa an gabha,
"mar fear is eadh mé atá cráidhte go maith ag an
saoghal."



D'ímthigheadar leó annsan go dtí fear mór saidhbhir
bhí ag coimeád na leabthan ar feadh chúig bhliadhna.
Nuair do shroiseadar an tigh adubhradar gur dochtúirí
iad agus go mba mhaith leó an máighistir d'fheiscint.
Dubhradh leó ná raibh aon mhaith dhóibh é d'fheiscint mar
go raibh sé tabhartha suas ag na dochtúirí go léir.



"Má tá féin," arsa an garsún, "Atá coinne againne
maith do dheunamh dhó."


L. 38


Dubhradh leó annsan dá dtógfaidís an máighistir
go bhfuighbhidís breath a mbéal féin d'ór agus d'airgead.
Chuaidh an bheirt dhochtúirí in áirde go dtí an seomra 'na
raibh an duine uasal tinn. D'fheuchadar air agus
fuaradar báisín uisce allabhog. Dhúnadar doras
an t-seomra annsan. Tharraing an garsún ceann
an duine uasail amach thar chnaiste na leabthan agus
bhain sé an ceann de le bileóig bhí aige. Nigh
sé 'sa mbáisín an gearradh. Nuair bhí sé nighte glan
tirim aige, chuir sé ar cholainn an duine uasail é agus
i gcionn trí cheathramha uaire, bhuail an triúr aca anuas
an staighre, agus bhí an duine uasal chomh maith in a
shláinte agus bhí sé riamh.



Thug an garsún an chuid is mó dhen airgead fuair
sé as an duine uasal do thógaint, thug sé don ghabha
é. Pé ar domhan raidhlsidhe do bhuail an gabha cheap
sé go raibh sé chomh maith de dhochtúir leis an ngarsún
agus dubhairt sé go n-imtheóchadh sé ar chion a lámha
féin feasta.



"Tá go maith," arsa an garsún, "Gheobhair imtheacht."



Chuaidh an gabha go dtí an mbaile mór agus cheannaigh
sé bileóg mar bhí ag an ngarsún. Bhí sé ráidhte go
raibh duine uasal ag dul chun báis in a leithéid sin
d'áit. Chuaidh an gabha go dtí muintir an duine
uasail, acht dubhradar sin leis ná raibh aon mhaith dhó
dul á fheuchaint, mar go raibh sé ag tarraingt leis.
Bhí teipighthe ar na dochtúirí go léir aon mhaith do dheunamh
dhó.



"Dochtúir mise," arsa an gabha, "agus níor theip
orm fós an mhaith do dheunamh, agus tá mé sásta ar
mo cheann do chailleamhaint mara ndeunfaidh mé an
duine uasal do leigheas."



Scaoileadh suas go dtí an seomra é. Fuair sé
báisín uisce allabhog. Chuir sé gach aoinneach amach as


L. 39


an seomra agus dhún sé an doras. Tharraing sé
amach ceann an duine uasail go dtí faobhar na leab-
than, agus bhain sé an ceann de leis an mbileóig. Seo
an ceann ag preabarnaigh agus ag léimrig ar fuaid
an t-seomra agus ní bhfuighbheadh sé breith air dá
gcaillfeadh sé a chiall. Pé feuchaint do righne sé amach
'sa bhfuinneóig cia chídhfeadh sé amuigh acht an garsún.



"Ó'se, le h-anamainn do mharbh, tar aníos chugham
go mear, nó tá deireadh liom," arsa an gabha.



Tháinig an dochtúir óg aníos agus is gairid an mhoill
bhí air nuair do rug sé ar an gceann. Nigh sé agus
ghlan sé é, agus bhuail sé in áirde ar an duine uasal é,
agus ba ghairid go raibh an duine uasal chomh maith agus
bhí sé riamh. Bhuail an triúr aca anuas an staighre
agus ní fios cad é an pádh fuaradar ó'n duine uasal.



Do labhair an dochtúir óg leis an ngabha annsan,
agus adubhairt sé leis an dochtúireacht do chaitheamh
uaidh, agus go dtabharfadh sé féin buaidh dhó a bhuaidhfeadh
ar an ndochtúireacht. Dhein an gabha mar adubhradh
leis agus tháinig sé abhaile go dtí a thig féin. Ba
ghairid na dhiaidh sin go ndeachaidh sé go Contae Chorcaighe,
agus atá sé thiar ann ó shoin ag baint coiréal cloch
agus ag deunamh coiníní agus girrfhiadhtha dhes na clocha,
agus meireach san ní bheadh coinín ná girrfhiadh in Éirinn
indiu.



Seán Ó Céilleacháin.



Bhí lánamha phósta ann tamall de bhliadhanta ó shoin
go mba ainm do fhear a tighe Seán Ó Céilleacháin. Máire
bhí ar a bhean. Bhí Seán Ó Céilleacháin lá ag dul go
dtí an aonach. Casadh fear ins an mbóthar leis.



"Dia dhuit," arsa an fear.



"Dia a's Muire a's Pádraig duit," arsa Seán.


L. 40


"An bhfeadar tú dhom," arsa an fear, "cá bhfuil
tigh Sheáin Uí Chéilleacháin annso?"



"'Dé an gnó atá agat dé?" arsa Seán.



"Tá, go bhfuil deirbhshiúr dó thuaidh gairid do Chluain
Meala ag dul chun báis."



"Is mise Seán Ó Céilleacháin," arsa Seán.



D'imthigheadar leó dhen mbóthar annsan. Do righ-
neadar an comhgar trí shliabh agus aiteann, trí fhraoch
agus trí spiara árda cloch, tamall ar an árdán agus
tamall ar an ísleán, go ndeachadar ó thuaidh go dtí
an áit a raibh a dheirbhshiúr. Ní raibh pioc den chroiceann
ar chosa Sheáin ná raibh scriosta stractha le gairbheacht
an bhóthair.



Nuair tháinig oidhche an aonaigh b'ait le n-a bhean ná
raibh Seán ag teacht abhaile. D'imthigh sí ar fuaid
tighthe an bhaile feuchaint an bhfeiceóchadh aoinneach
Seán ag an aonach. Ní bhfuair sí aon sceul ó aoinneach.
Níor tháinig sé an oidhche sin ná ist oidhche i mbáireach,
ná ist oidhche in oirthear.



I gcionn cheithre lá 'na dhiaidh sin, bhí cúigear fear
ag feirmeóir ag dul ag baint mhóna. An cheud áit
a ndeachadar ag polladh fuaradar fear báidhte i bpoll
na móna. Thógadar aníos ar an bport é. Nígheadar
agus ghlanadar é, agus ní bhfuighbhidís a dheunamh amach
cérbh'é é. Rioth an sceul ar fuaid an bhaile go bhfuaradh
a leithéid i bpoll na móna. Tháinig an baile, agus
tháinig bean Sheáin Uí Chéilleacháin. Righne gach aoinneach
amach gurbh é Seáin agus gurbh amhlaidh dh'iompaigh
uisce na móna a dhath. Thugadar abhaile go dtí an
tigh é, agus is í Máire do chaill le tórramh do chur
air, agus le Aifrean do chur leis.



I gcionn seacht seachtmhaine 'na dhiaidh san, do phós
bean Sheáin Uí Chéilleacháin táilliúir bhí ar an áit. Bhí
cos ghairid aige, slán mo chomhartha, agus bhí sé ar leath-


L. 41


shúil, agus a chainncín ag éirighe rud beag in áirde sa
spéir.



"Níl aon airgead agam thabharfainn duit as an
bpósadh do dheunamh, a Athair," arsa Máire leis an
sagart, "mar a dtógfá muc atá agam."



"Tógfaidh mé," arsa an sagart, "acht ní bheurfad
liom anois í."



Tháinig Seán Ó Céilleacháin abhaile oidhche Shathrainn
thimcheall seachtmhain 'na dhiaidh sin. Chuaidh sé go dtí
an doras. Bhuail sé ag an doras agus d'fhiafruigh
sé an raibh aoinneach istigh.



"Ó dar so súd," arsa Máire, "sid é Seán Ó
Céilleacháin atá ag teacht na sprid chun mise do
mharbhughadh i dtaobh tusa do phósadh."



"Ní tusa mharbhóchaidh sé a chuigint," arsa an
táilliúir, "acht mise mharbhóchaidh sé i dtaobh tusa do
phósadh."



Chuireadar gach aon trucáil bhí istigh leis an doras
chun ná fuighbheadh an sprid dul isteach. Nuair ná
h-osclóchthaidhe an doras do Sheán, chaith sé dul isteach
i mbothán na muice, mar bhí sé cortha tuirseach ag an
mbóthar agus ba chuma leis cá ndeunfadh sé a reast.



Sin í an oidhche cheudna do bheartaigh an sagart ar
bheirt fhear do chur fé dhéin na muice. Chun í shiubhal
bhíodar, mar bhí tigh an t-sagairt agus tigh Sheáin Uí
Chéilleacháin gairid do na chéile. Bhí córda aca chun é chur
ar chois na muice. Chuaidh fear an chórda go dtí doras
an bhotháin agus bhí sé d'iarraidh teacht ar chois deiridh
na muice. Ní fhaca sé, is níor d'airigh sé dada gur
buaileadh anuas idir an dá shlinneán é le buille bhata
cuilinn. Nuair fuair sé é féin do chruinniughadh rioth
sé amach, agus as go bráth leis an mbeirt aca chomh
mear is do thug Dia cosa dóibh. Níor stadadar gur
bhaineadar amach tigh an t-sagairt.


L. 42


"Ia dhe," arsa an sagart, "cad atá bhúr gcur ag
rioth, nó ar thugabhair libh an mhuc?"



"Níor thugamar, a Athair," arsa siad san, agus
ba dhícheall dóibh labhairt le neart saothair.



"'Dé chúis?" arsa an sagart.



"Mar tá Seán Ó Céilleacháin ins an mbothán,"
arsa siad san.



"Ó Dia lem' anam," arsa an sagart, "nach bhfuil
an fear sin curtha le dhá mhí, agus nár d'airgheabhar é
á chur fé ghuidhe an phobail?"



"Is cuma 'sa riabhach, a Athair," arsa siad sin, "tá
sé 'sa mbothán anocht."



"Ní h-airigheadh an talamh sibh," arsa an sagart,
"nó deurfaidhe gur sibh an bheirt amadán is mó beó.
Caithfidh sibh dul agus an mhuc thabhairt abhaile libh
anocht."



"Ní chaithfimíd, agus ní raghaimíd, a Athair," arsa
siad san, "mara dtiocfaidh tú féin linn."



Tháinig an sagart leó agus thug sé leis a stoil,
agus a leabhar. Bhí beárna shingil chloch ag bun an
bhóithrín. Chuaidh an triúr aca suas ar ghualainn na
beárnan. Chuir an sagart an stoil air ag doras an
bhotháinín, agus d'oscail sé an leabhar beag agus bhí
sé á léigheamh, mar oidhche spéir ghealaigh ba eadh í.
An fear chuaidh isteach an cheud uair, ní hé chuaidh isteach
an tarna h-uair. Is gairid bhí sé istigh sa mbothán,
agus é ar a chromadadh, nuair buaileadh idir an dá
shlinneán é. Nuair d'airigh an sagart fuaim an bhuille
thug sé léim, agus chaill sé an leabhairín beag den
iarracht san. Rioth an triúr aca, acht ba bhríoghmhaire an
sagart chun dul thar an bheárnain ná iad. Thuit an
bheirt fhear agus an bheárna i bhfochair a chéile, agus ní
baoghal gur d'fhan an sagart gur d'éirigheadar. Ar
maidin lá ar na bháireach ba í maidin Dé Domhnaigh í.


L. 43


D'éirigh Seán Ó Ceilleacháin as easair na muice, nuair
ba am leis é, agus chuaidh sé amach sa macha. Bhí doras
tighe na muintire dúnta i gcomhnuidhe. Chuaidh sé amach
go dtí claidhe an mhacha agus bhuail sé a dhá uillinn ar
an gclaidhe agus bhí sé ar a mharanna. Ba ghairid go
bhfaca sé cuideachta daoine ag gabháilt an chomhgair
go dtí an Aifreann.



"Ní beag dom a dhonacht chaith mé an oidhche agus
gan an tAifreann do chailleamhaint," arsa Seán.
Agus d'imthigh sé i ndiaidh na cuideachtan go dtí an
Aifreann.



D'aithin cuid des na daoine é, agus bhíodar ag
imtheacht an-mhear uaidh. Shíl Seán gurbh' amhlaidh bhíodar
déidheanach don Aifreann agus bhí sé ag geurughadh na
ndiaidh. Ba ghairid gur riothadar. Má riothadar,
rioth Seán 'na ndiaidh. Nuair chonnaic na daoine go
léir Seán ag rioth baineadh árd-gheit asta. Isteach sa
séipéal leó chomh mear agus bhí aca. Isteach le Seán
in a ndiaidh. Rioth na daoine amach an doras eile nuair
a chonnacadar Seán. Rioth an sagart chomh maith leó
agus níor d'fhan duine dhaoine beó sa séipéal acht
Seán Ó Céilleacháin.



"Dia lem' anam," arsa Seán, "ní fheadar 'dé chúis
gach aoinneach bheith as a chiall, agus 'dé an díoghbháil
acht an sagart chomh dona leo."



Tháinig Seán thar n-ais abhaile. Bhí a dhuirisín féin
oscailte roimhe, agus bhí a bhean in a suidhe ar thaobh
den teine agus an táilliúir ar an taobh eile. Nuair
chonnaic Máire Seán ag teacht isteach an doras leig
sí liúigh aisti, agus is beag ná go ndeachaidh sí i
lagachar le neart scannradh.



"Ó Dia lem' anam, a Sheáin Uí Chéilleacháin, cia aca
beó nó marbh atá tú?"


L. 44


"Is deas duit-se nach marbh atáim," arsa Seán.
"Dá mbeinn-se marbh bheitheá-sa gan muc aréir.
Tháinig beirt bhitheamhnach fé dhéin na muice, acht má
thángadar chaitheadar imtheacht gan an mhuc. Níor
bhfada 'na dhiaidh sin gur tháinig triúr den treibh cheudna
acht chaitheadar sin an bóthar do thabhairt ortha gan an
mhuc leis."



"Acht nár thórramhuigheadh thusa ar an mbórd san,
agus dá chomhartha san féin, nach mise do chaill le tú
thórramh?" arsa Máire.



"In ainm Dé, éist a bhean, agus ná bhí ag deunamh
Máire Ní Ógáin díot féin. Cia hé an fear so istigh
agat?"



"Tá, an táilliúir," arsa Máire, "mar shíl mé go
raibh tusa curtha, agus phós mé an táilliúir seo."



"Éirigh as san a tháilliúir na smuilce," arsa Seán,
"agus bog bóthar abhaile duit féin, agus ná feictear
go bráth arís ar an dúthaigh seo thú."



Réiltín an Earbaill.



Bhí mé lá dom' shaoghal, nuair bhí mé im' pháiste,
bhfochair mo mháthar a's í ag piocadh brosna. Tháinig
an seabhac agus rug sé le na ghob a's le na chrúcaí
orm. Thug sé in áirde ins an spéir uachtarach mé.
Chuaidh sé in áirde i bpuillín beag caol 's deireadh
agus leag sé uaidh i bpáircín bháin mé agus thuit mo
chodladh orm. Nuair do dhúisigh mé b'ait liom de
thalamh an domhain cá raibh mé.



D'éirigh mé agus chimil mé mo bhasa dem' shúile.
D'fheuch mé uaim in gach áit agus chonnaic mé tigh thíos
i lag beag talmhan tamaillín uaim. Righne mé dh'iar-


L. 45


racht air, agus chuaidh mé isteach. Bheannaigh mé do
mhuintir an tighe agus bheannaigh muintir an tighe go
fáilteamhail dom.



"Bhfuil tú i bhfad ar an dúthaigh seo?" arsa fear
a'tighe.



"Mhaise, i maithte, nílim, a fhir mhaith," arsa mise.
"Ní fheadar mé dhe thalamh an domhain cá bhfuilim, nó
cad do thug annso mé."



"'Dé an ainm atá ort, led' thoil?" ar sé sin.



"Micil Ó Muirgheasa ó'n Rinn, is ainm dom,"
arsa mise.



"Tar ag ithe, a Mhicil Uí Mhuirgheasa," arsa fear
a' tighe, "atá an dinnéar i gcóir."



"I mbasa raghaidh mé," arsa mise, "mar tá ocras
orm."



Nuair bhí an dinnéar ithte againn d'fhiafruigh mé
d'fhear a' tighe an raibh aon mhórán tighthe ins an dúthaigh
in a rabhamar. Dubhairt sé ná raibh ann acht trí tighthe,
agus ná raibh acht deich n-acra fichead talmhan ag gabháilt
leó.



"Ní fheadar an mbeadh aon ghnó agaibh dhem' leithéid
se," arsa mise.



"Ní bheadh, a Mhicil," arsa fear a' tighe, "mar níl
sé luadhailte dúinn aoinneach eile do choimeád annso
acht sinn féin."



"Go bhfeuchaidh Dia orm-sa, má 'seadh," arsa mise,
"agus connus raghaidh mé abhaile?"



"Tá an foghmhar bainte buailte againn," arsa fear
a'tighe, "acht tá mé deimhneach ná eiteóchaidh aoinneach
de'n triúr againn tá in ár gcomhnuidhe annso tú ar
chuid lae de shúgán tuighe, agus annsan gheobhthá cuid
na dtrí lá do cheangal le na chéile agus bheurfadh sin
tamall maith síos tú. Ba mhór an nídh dhuit gan an
tuitim mhór ar fad bheith agat. Gheobhaidh tú fuireach


L. 46


im' fhochair-se anocht, agus tosnughadh ar an súgán
imbáireach."



"Tá go maith," arsa mise, "is dócha ná fuil dada
eile le deunamh, agus go deimhin táim an-bhuidheach
díot."



Chodail mé an oidhche sin in a fhochair agus chuaidh mé
ag obair ar an súgán an mhaidean 'na dhiaidh sin.



Nuair bhí cuid lae deunta agam chuaidh mé um thráth-
nóna go dtí an tarna tigh. Bheannaigh mé do mhuintir
an tighe agus bheannaigheadar san domh-sa. D'innis
mé mo sceul do fhear a' tighe agus d'iarr mé cuid
lae de shúgán tuighe air.



"Gheobhaidh tú é agus fáilte," ar seisean, "má
dheineann sé aon acra dhuit."



"Ó'se go deimhin deunfaidh, cuid mhór," arsa mise.
"Acht b'fheárr liom ná rud ná deurfainn go bhfuighbhtheá
mé choimeád ar feadh roint seachtmhainí."



"Ó'se Dia linn," ar seisean, "dá mbeadh aon
ghnó agam díot choimeádfainn tú agus fáilte, acht níl
sé de chead againn aoinneach do choimeád annso acht
an triúr againn."



Thug mé an lá agus an oidhche 'na fhochair agus
annsan chuaidh mé go dtí an tríomhadh fear. Fuair
mé cuid lae uaidh sin leis, agus is é bhí go deas
séimhialta liom.



Cheangail mé na trí píosaí dhe'n a chéile annsan
agus fuair mé píosa dhe bhata láidir. Chuir mé barr
air agus tháinig mé go dtí beul an phuill. Sháidh mé
an bata síos 'sa talamh ag beul an phuill agus bhuail
mé le sáil mo bhróige é chun é do dhaingniughadh go
maith. Cheangail mé ceann an t-súgáin dhe'n mbata
agus scaoil mé síos an ceann eile. Chuaidh mé síos
ar an súgán annsan ó láimh go láimh. Nuair bhí mé ar
cheann an t-súgán ní raibh aon phioc dhe'n talamh so le


L. 47


feiscint agam. Mharannaigh mé orm féin agus dubhairt
mé liom féin má raghainn in áirde arís go mb'fhéidir
go bhfuighbhinn cuid trí lá eile. In áirde liom arís
ó láimh go láimh. Nuair bhí mé i ngiorracht trí troighthe
do bheul an phuill, cad do bheadh ná fear aca in áirde,
agus nuair chonnaic sé ag casadh mé ghearraidh sé an
súgán. Anuas liom agus an súgán im' dhorn. Bhí
an ghaoth andeas im' shéideadh ó thuaidh agus an ghaoth
adtuaidh im'shéideadh ó dheas. Bhíodh im' shéideadh
soir, siar, ó dheas agus ó thuaidh agus gach aoinneach
chídheadh san oidhche mé shílidís gur mé Réiltín an
Earbaill. I gcionn chúig sheachtmhaine is eadh thuit mé
'sa churrach móna i mBaile Uí Chiaróg. Bhí fearaibh ag
baint mhóna 'sa churrach agus thógadar mé. Thugadar
braoinín té dhom, agus nuair tháinig mé chugham féin
theasbánadar an bóthar abhaile dom. Ní raibh dada
agam thabharfainn dóibh acht amháin an súgán. Tháinig
mé abhaile go dtí m'athair agus mo mháthair, agus mara
raibh fáilte aca romham níl gob ar ghandal.



Donnchadh ó Urmhumha.



Seo fear bhí ann tamall de bhliadhanta ó shoin a
mb'ainm dó Donnchadh Urmhumha. Chuaidh sé lá go dtí
an aonach ag díol bó. Theagmhaigh fear 'sa mbóthar
leis.



"Cad atá tú ag lorg ar an mbó?" arsa an fear.



"Táim ag lorg chúig phúint deug deich uirri," arsa
Donnchadh.



"Tá cláirseach cheóil annso agam-sa," arsa an
fear, "agus is fearr dhuit an chláirseach ná na ceudta
púnt. Aoinneach bheadh ag rinnce a n-imreóchthá an


L. 48


chláirseach dó níor ghádh dhuit é stad go dtí gur mhaith
leat féin é."



Thóg Donnchadh an chláirseach ar an mbó agus chuaidh
sé abhaile. "Cad fuair tú ar an mbó, a Dhonnchadh?"
arsaigh a mháthair leis.



"Fuair mé rud maith," arsa Donnchadh.



"'Dé mhéid?" arsa an mháthair.



"Inneosad duit ar nómaint," arsa Donnchadh. "Acht
seo cóir cheóil a fuair mé agus ba mhaith liom tú fheiscint
ag deunamh bobhta rinnce."



"Tá go maith," arsa an mháthair. "B'fhéidir go
dtógfadh bobhta beag ár gcroidhe."



D'éirigh sí agus chuaidh sí ag deunamh rinnce agus
bhí Donnchadh ag imirt ar an gcláirsigh. Nuair bhí
sí ag teacht cortha ní bhfuighbheadh sí stad. Do liúigh
sí ar Dhonnchadh agus do iarr sí air stad de'n imirt.



"Deunfad," arsa Donnchadh, "acht ná fiafraigh
díom arís anocht cad fuair mé ar an mbó."



"Geallaim-se óm' chroidhe agus óm' chorp duit,"
ar sí sin, "ná fiafróchaidh mé dhíot go bráth cad fuair
tú uirre, acht amháin mé stad."



Stad sé annsan í agus ní baoghal gur chuir sí a
thuilleadh ceisteanna air i dtaobh na bó.



I gcionn ráithe bhí clú agus cáil Dhonnchadh agus a
chláirsighe an fuaid na dúthaigh. Aon áit a mbíodh
rinnce agus croidhléis bhíodh Donnchadh agus a chláirseach
ceóil ann. Thuill sé an domhan agus an saoghal
d'airgead ag imtheacht ó thaobh taobh na tíre ag seinnt
dos na daoine. Tar éis roint aimsire chuaidh sé go
Baile Átha Cliath. Bhí árd oidhche rinnce ag tigh an Mheura
an oidhche seo. Bhí gach aon cheoltóir do b'fhearr 'sa
dúthaigh ag seinnt ann. Bhí Donnchadh ann acht ní raibh
sé ag seineamhaint. Chuir sé aithne ar inghin an Mheura
agus bhíodar an-mhuinteardha le na chéile. D'innis sé dhí


L. 49


i dtaobh na cláirsighe. I ndeireadh na h-oidhche dubhairt
an cailín óg leis an gcoimhthionól go n-imireóchadh
Donnchadh ó Urmhumha greas ceóil dóibh. Thosnuigh
Donnchadh. Bhí cuideachta mhór ag rinnce. Bhíodar
ag rinnce agus ag rinnce leó agus gach aoinneach ag
teacht cortha. B'fhearr leó ná aon rud go bhfuighbhidís
stad, acht bhíodar fé dhraoidheacht ag an gceól agus
ní raibh aon smacht aca ar a gcosa. I ndeireadh na
scríbe nuair bhíodar pléidhte buailte amach d'iarr
inghean an Mheura ar Dhonnchadh iad do stad. Dhein
sé a comhairle. Bhí an-mheas ar fad aici ar Dhonnchadh
annsan, agus shocruigheadar go n-imtheóchaidís i bhfochair
a chéile go dtí tigh mháthar Dhonnchadh.



D'imthigheadar leó ar dheireadh na h-oidhche. Ag
imtheacht dóibh an bóthar cad do theagmhochadh ortha ná
láir bhán. Bheannaigheadar do'n láir bháin agus bhean-
naigh an láir bhán dóibh.



"An bhfaca tú tuinn ar bogadh riamh," arsa Donnchadh
leis an láir bháin.



"Ní fhaca mé," arsa an láir bhán, "agus b'fhearr
liom go bhfeiceóchainn."



"Tar isteach 'sa churrach so," arsa Donnchadh, "agus
chídhfidh tú ar nómant í."



Chuaidh an láir bhán agus Donnchadh isteach. Chuir
sé isteach i lár na tuinne an láir bhocht agus ba ghairid
bhí sí ann nuair chuaidh sí á bascadh.



"Ní thabharfaidh tusa aon chúnntas orm-sa," arsa
Donnchadh, "ná ar inghin Mheura Bhaile Átha Cliath,"
agus d'imthigh sé féin agus an cailín óg leó.



Ní ró-fhada chuadar nuair theagmhaigh leomhan leó.



"Dia dhuit," arsa siad san leis an leomhan.



"Dia a's Muire dhuit a's Pádraig," arsa an
leomhan.


L. 50


"An bhfaca tú riamh," arsa Donnchadh leis an leomhan,
"tuise cláirsighe á thógaint?"



"Ní fhaca," arsa an leomhan, "agus b'fhearr liom
ná dada go bhfeicinn."



"Siubhail leat," arsa Donnchadh, "agus chídhfidh
tú go luath é."



Thángadar go dtí crann mór téagartha bhí sínte ar
thaobh an bhóthair. Do righne Donnchadh muirtís 'sa
chrann agus annsan do righne sé ding. Chuir sé
earball an leomhain isteach ins an muirtís agus chuir
sé an ding ann leis. Bhuail sé buille dhe chúl na
tuagha ar an ding á fásgadh.



"Ó, th'anam ón diabhal" arsa an leomhan, "tá mé
millte."



Bhuail sé buille eile air chun í do fhásgadh níos fearr.



"Ní thabharfaidh tusa aon chúnntas uait cár ghabh
Donnchadh ó Urmhumha ná inghean Mheura Bhaile Átha Cliath,"
ar seisean, agus d'imthigh sé féin agus an cailín óg leó.



Ní ró-fhada chuadar nuair do theagmhaigh madra ruadh
leó.



"Dia dhuit," arsa siad san.



"Dia a's Muire dhuit a's Pádraig," arsa an madra
ruadh.



"An bhfaca tú crann sceiche gile á chur in a sheasamh
riamh?" arsa siad sin.



"Ó'se Dia linn, ní fhaca mé," arsa an madra ruadh,
"agus thabharfainn aon rud ar é fheiscint."



"Siubhail leat linn," arsa Donnchadh, "agus teas-
bánfaimíd duit é."



D'imthigh an madra ruadh leó. Thángadar go dtí
crann mór sceiche gile.



"Tar i leith anois agus teadbánfad duit é," arsa
Donnchadh.



Rug sé ar earball ar an madra ruadh agus chuir


L. 51


sé ar chnámh a chúil in áirde sa chrann sceiche gile é.
Ní bhfuighbheadh an madra ruadh corraighe ag na deilgní.



"Fan-se annsan," arsa Donnchadh leis, "agus ní
thabharfaidh tú aon chúnntas cár ghabh Donnchadh ó Urmhumha
ná inghean Mheura Bhaile Átha Cliath."



D'imthigheadar leó an bóthar annsan.



Ní ró-fhada bhíodar imighthe ó'n rinnce nuair d'airigh
an Meura go raibh a inghean imthighthe le fear na
cláirsighe. Lean an Meura agus a mhaith-shluagh iad.
Ag imtheacht dóibh an bóthar cad do theagmhóchadh ortha
'ná an láir bhán.



"Bail ó Dhia ort, a láir bhán," arsa siad san.



"Dia a's Muire dhíbh a's Pádraig," arsa an láir
bhán.



"An bhfeiceóchthá a leithéid seo ag gabháilt an bhóthair
le déidheanaighe?" arsa an Meura.



"Mo chiach chráidhte go bhfaca," arsa an láir bhán,
"mar is iad do chuir mise isteach 'sa tuinn seo, agus
nach go dtógfaidh sibh-se mé, tabharfaidh mé m'árd-
chongnamh chun iad do fhiadhach."



Thógadar an láir bhán agus d'imthigh sé leó. Bhíodar
ag cur díobh ar a ndícheall gur casadh an leomhan
leó.



"Dia dhuit." arsa siad sin.



"Dia a's Muire dhuit a's Pádraig," arsa an
leomhan.



"Ní fheadar an bhfeicfá a leithéid seo dhaoine ag
gabhailt an bhóthair?" arsa an Meura.



"Mo chiach chráidhte go bhfaca," arsa an leomhan.
"Is iad do chuir in achrann 'sa chrann so mé, agus
má bhogann sibh-se as so mé, tabharfaidh mé m'árd-
chongnamh dhíbh chun iad do fhiadhach."



Bogadh ón chrann é agus d'imthigh sé leó.



Bhíodar ag imtheacht suas árd an bhóthair agus cad


L. 52


do theagmhóchadh orra ná crann mór sceiche gile. Chonn-
cadar an madra ruadh in áirde 'sa chrann. Bhean-
naigheadar dó agus bheannaigh sé dhóibh.



"An bhfeiceóchthá a leithéid seo do dhaoine ag gabháilt
thar brághaid?" arsa an Meura.



"Nár éirighidh an t-ádh leó," arsa an madra ruadh,
"nach iad do chaith mise ar chnámh mo chúil in áirde
annso, áit a bhfuil deilgní ag dul go dtí an smior
ionnam."



"Scaoilfimíd anuas tú acht go dtabharfaidh tú
t-árd-chongnamh dúinn chun iad do fhiadhach," arsa an
Meura.



"Déinidh," arsa an madra ruadh, "agus ní bheidh
a chathughadh oraibh."



Nuair chonnaic Donnchadh ag teacht as a ndiaidh iad
bhí sé i dteannta. Chuimhnigh sé ar sheift ar nómant.
Luigh sé ag deunamh céachda Gaedhealach i lár an bhóthair.
Nuair tháinig an sluagh gairid dóibh stad an láir bhán
de urchar.



"Ní raghaidh mise thar an áit seo," ar sí sin, "mar
'sé rud atá siad san a dheunamh ná tuinn ar bogadh
chun mise do chaitheamh isteach innte."



"Ní baoghal go raghaidh mise thar an áit seo," arsa
an leomhan, "mar 'sé rud atá siad a dheunamh na tuise
cláirsighe chun mo earball chuir síos ann."



"Ó'se an riabhach cos raghaidh mise thar an áit seo,"
arsa an madra ruadh, "mar 'sé rud atá siad a
dheunamh ná ag cur crann sceiche gile na sheasamh chun
mise do chaitheamh in áirde air."



Do chaith an Meura agus a mhaith-shluagh casadh abhaile
arís. Pósadh Donnchadh ó Urmhumha agus an cailín óg
tamall in a dhiaidh sin, agus ní raibh aon lánamha phósta
fé bhun na gréine ró-dheas ag maireachtain dóibh.


L. 53


I dTúis m'Óige



Nuair bhí mise i dtúis m'óige bhí mé an-thabhartha don
achrann. In aon áit a mbeadh bruighean ba mhaith liom-sa
bheith ar an duine ba shia isteach bheadh innte. Is minic
tháinig mé abhaile agus mo mhalaí gearrtha, fuil lem'
chluasa, mo hata caillte agam agus muinirtle mo
chasóige ar na craobhacha. Bhí mé ag crádh m'athar
agus mo mháthar an-mhór. Ní ró-fhada in a dhiaidh san
gur righneadar cleas ar mé do chuir go dtí an
scoil. Lá des na laetheanta casadh mo chomráduidhe
féin liom, agus d'fhiafruigh sé dhíom an gceannóchainn
píopa bhí aige.



"Ní haon mhaith domh-sa píopa," arsa mise, "mara
bhfuil blúire tobac agat."



"Tá blúirín tobac agam leis," ar sé sin.



"An mbeidh tú daor orra?" arsa mise.



"Ní bheidh mé," ar sé sin. "Tabharfaidh mé dhuit
ar trí leath-phingne iad."



Chuardaigh mé féin mo phócaí agus fuair mé trí
leath-phingne agus thug mé dhó ar an bpíopa agus ar
an mblúire tobac iad. D'imthigh mé liom annsan go
dtí an scoil. Is beag dem' leasún d'fhoghluim mé
an lá sin, acht ag cuimhneamh ar an bpíopa agus ar an
mblúire tobac. Bhí mo phócaí stractha agam ó bheith
ag cur mo lámh síos ionnta ar eagla go gcaillfinn an
píopa ná an tobac. Nuair fuaireamar cead teacht
amach um thráthnóna, bhaineas-sa dhíom mo bhróga agus
mo stocaí chun ná beinn i bhfad ag teacht abhaile. Bhí
an tráthnóna marbh-fhliuch agus ins an gcorcán cois na
teineadh bhí mo dhinnéar ag mo mháthair romham. Leite
bhí aici dhom. Bhí m'athair in a shuidhe ar chathaoir taoibh
leis an teine, agus a cheann i gcoinne na h-iarta aige,


L. 54


agus snuadh-chodalta air. Fuair mé cáirt agus
spiún agus braon bainne ó mo mháthair, agus ní ró-fhada
chuaidh mé ar an leitin le neart sainnte chun an phíopa
agus an ghail. Do leag mé an cháirt in áirde ar chlár
an chorcáin agus tharraing mé chugham mo phíopa agus
mo bhlúire tobac. Líon mé an píopa agus leag mé
sprédhín mhóna in áirde air, agus bhí gach aon ghal amach
as mo bheul ag éirighe in áirde. Bhuail mé cos liom
thar an gcois eile agus shíl mé go mba shaidhbhre mé
ná rígh Shasana. Cad do phreabfadh in áirde ar chlár
an chorcáin acht an cat. Leag sé an clár, an cháirt,
a's an spiún. Dhúisigh m'athair agus chimil sé a bhasa
dá shúile.



"An píopa atá agat, a Mhicil?" ar seisean.



"I mbasa, is eadh," arsa mé féineach.



D'éirigh sé in a sheasamh.



"Bhail, mhuise, a mhic ó, níor bheag duit a raibh de'n
mí-ádh ort agus gan píopa bheith agat."



D'imthigh sé síos go dtí an doras agus d'oscail sé
é, agus tháinig sé aníos go dtí mé féin. Rug sé
ar dhá chluais orm, agus níor bhain aon chos liom leis
an urlár gur chuir sé leath-is-amuigh den doras mé.



"Tabhair-se is do phíopa," ar sé sin, "bóthar éigin
eile oraibh."



Bhí mé féin leath-is-amuigh is mé ar mo mharanna
feuchaint cad ba mhaith dhom a dheunamh. Dubhairt mé
liom féin pé'r domhan áit a raghainn go raibh mé
in iúil ar luach ruainne tobac do thuilleamh. D'imthigh
mé liom agus thug mé m'aghaidh ar chathair Chorcaighe.
Bhí mé tamall ag rioth agus tamall ag siubhal agus ba
ghairid go raibh mé ag tuitim siar cortha. Dubhairt mé
liom féin, má theagmhochadh aon tigh liom go raghainn
ag lorg bheith istigh ann. Bhí sé ag teacht dubh fá do


L. 55


theagmhaigh aon tigh liom acht ba ghairid 'na dhiaidh sin
go bhfaca mé geata iarainn agus dhá philéar gheala
ar thaobh mo láimhe deise. D'imthigh mé isteach an
geata, agus síos liom bóithrín fada bhí ann, agus
nuair chuaidh mé síos tamall shamhaltaigh sé dhom go
raibh tigh ar an áit. Leag mé mo dhá láimh ar fhalla
bán bhí ann agus bhí mé ag lapadáil liom feuchaint an
bhfuighbhinn teacht ar dhoras tighe. Cad do theagmhochadh
liom ná doras tigh bainne, agus thuit amach ná raibh
aon ghlas air, agus fuair mé dul isteach ann. Nuair
bhí mé istigh ní bhfuighbhinn dheunamh amach 'dé an sórt
tigh é. Chuardaigh mé mo phócaí agus níor bh'fhéidir
liom aon chipín soluis d'fhaghbháil. Bhí mé im chorraighe
féin anonn is anall ar an úrlár agus ba ghairid gur
bhuail tubán lem' ghlúna. Chuir mé mo dhá láimh isteach
sa tubán feuchaint an bhfuighbhinn dheunamh amach cad
do bhí ann. Chuir mé barraí mo mheuracha isteach im'
bheul, mar bhraith mé fliuch iad, agus d'aithin mé gur
leamhnacht do bhí 'sa tubán. Luigh mé ar mo leath-
ghlúin agus bíodh ag an tubán mar ar bhaineas an tart
díom féin.



"Tá an sceul go maith anois," arsa mise liom
féin, "dhá mbeadh aon áit agam a luighfinn."



Ba ghairid bhí mé ag lapadáil nuair theagmhaigh meadar
liom, agus chuimhnigh mé má leagfainn an mheadar ar a
cliathán agus mo cheann do chuir isteach innte go mb'fhéidir
go dtiocfadh rud éigin bheurfadh ar chosa orm, agus
i mbasa is amhlaidh d'fhág mé in a seasamh í agus chuaidh
mé isteach innte. Shuidh mé síos innte ar mo chorra
cip. Bhí mé chun imtheacht luath ar maidin ó'n tigh acht
ba luaithe bhí bean an tighe éirighthe ná mar d'airigh mise
dúiseacht. 'Sé rud do righne bean an tighe ar an
nómant ar tháinig sí amach go dtí tigh an bhainne acht
dul agus breith ar dhabhach uachtair agus é do dhortadh


L. 56


síos orm féin 'sa meadair, agus le méad an chodladh
bhí orm féin níor d'airigh mé é. Chuaidh sí agus rug
sí ar an tarna dabhach agus dhort sí arís isteach 'sa
meadair é. Sin é an uair dhúisigh mise, mar bhí an
t-uachtar im' mhúchadh agus ag dul isteach im' chluasa
is im' shúile, agus ar shlighe éigint, fuair mé mo cheann
do thógaint aníos. Nuair chonnaic sí ag tógaint mo
chinn aníos as an meadair mé thuit sí i bhfanntais le
neart scannradh, agus le linn dí bheith ag éirighe is
eadh fuair mé féin mo chosa amach as an meadair. An
fhaid bhí mé im' chrochadh féin d'airigh mé í ag dul isteach
go dtí fear an tighe.



"Ó tá mé marbh, a Sheáin" ar sí sin.



"Cad é an riabhach bhain duit?" arsa Seán.



"Ó Dia le m'anam," ar sí sin, "éirigh go mear
mar atá an diabhal amuigh 'sa meadair."



"Glaodhaigh ar an madra dubh a bhfuil an craos air,"
arsa Seán, "agus cuir as é."



D'imthigh mé féin liom suas i gcoinne árdáin
cnuic bhí suas ó'n tigh, agus ní ró-fhada chuaidh mé
nuair fheuch mé as mo dhiaidh. Chonnaic mé an
madra dubh-riabhach ag teacht aníos agus spreidhnlíní
teineadh ag imtheacht as a shúile agus deallramh an
diabhail air. Nuair bhí sé gairid dom, bhain mé
dhíom mo chasóg feuchaint an bhfanfadh sé á líghe,
agus ba thoil le Dia gur fhan. D'imthigh mé liom
annsan go ndeachaidh mé ar sháil an chnuic; agus
nuair ná raibh an madra im' leanamhaint bhain mé
ladhar féir feuchaint an bhfuighbhinn an t-uachtar bhaint
dem' bhríste. Righne mé mé féin maith go leór agus
ní ró-fhada chuaidh mé nuair theagmhaigh tigh feirmeóra
big liom. Chuaidh mé isteach ann.



"Bail ó Dhia a's ó Mhuire oraibh annso isteach,"
arsa mise.


L. 57


"Dia a's Muire a's Pádraig duit, a bhuachaill
óig," arsa fear a tighe.



"An mbeadh aon ghnó agat de gharsún oibre go
ceann beagán seachtmhainí?"



"Mhuise, i mbasa, atá a mhic ó," ar sé sin, "agus
is é Dia agus an Mhaighdean Mhuire chas isteach go dtí
mé tú, mar thóg mé píosa coilleadh le h-aghaidh teineadh
trí seachtmhaine is lá indiu, agus ní raibh aoinneach
im' fhochair ghearrfadh mion í, agus ba mhaith liom
go bhfanfá mara mbeidh tú ró-dhaor orm."



"Fanfaidh mé id' fhochair," arsa mise, "ar trí
raolacha sa ló agus mo chothughadh."



"Geobhaidh tú san agus fáilte," ar sé sin.



D'itheamar ár mbreascast i dteannta a chéile agus
annsan d'imthigheamar linn go dtí an choill. Thug
sé sin tuagh agus treasc leis agus thugas-sa tuagh agus
billeóg liom. Leite bhíodh chun breascaist gach aon
mhaidin againn, agus leite bhíodh chun suipéir againn
gach aon oidhche. Arán agus leamhnacht bhíodh againn
chun dinnéir, agus go deimhin bhíodh an-thruagh ag bean
an tighe dhúinn. 'Sa chorcán choimeádfadh an t-aing-
seóir dúinn í chun go mbeadh sí te againn. Sé an ainm bhí
ar bhean a tighe ná Máire Cháit Nell, agus Seán na Gréine
thugtaí ar fhear an tighe. Bhí mé féin agus é féin ag
obair i dteannta a chéile. Ní raibh aon rud agam le
cur 'na choinne acht go gcoimeádfadh sé ag an choill
ró-dhéidheanach mé. Bhíomar an oidhche seo ag obair
sa choill, agus ní fheadar mé féin cad ar bhí mé ag
tarraingt na tuagha mar bhí sé an-dhubh. Pé rud do
ruaig Seán taoibh liom agus é ag gabháilt d'iall a
bhróige, ar tharraingt na tuagha dhom féin, cad do
bhuailfinn ná Seán anuas ins an muinéal agus bhain
mé an ceann de ar an áit sin. I gcionn tamaillín


L. 58


beag b'ait liom 'dé chúis ná raibh Seán ag caint liom,
ná ag deunamh aon fhothraim leis an tuagh.



"A Sheáin," arsa mise, "ná fuil sé in am scur?"



Níor labhair aoinneach liom. Labhras níos aoirde
ná sin an tarna h-uair. Nuair nár fhreagair aoinneach
dhom leag mé uaim mo thuagh agus chuaidh mé lem' dhá
bhais ag cuardach na talmhan ar eagla gur aon lagachar
tháinig air. Cad do gheobhainn ná ceann Sheáin.



"Ó Dia lem' anam," arsa mise liom féin, "atá an
diabhal deunta."



Leag mé uaim an ceann agus chuaidh mé sa
chuardach arís, agus i mbasa, fuair mé an cholann
tamall beag ó'n áit a raibh an ceann. D'iarr mé
ar Dhia is ar an Mhaighdean Mhuire cabhair agus congnamh
do thabhairt dom. Ba ghairid gur rioth sé liom go
bhfuighbhinn an díoghbháil do leigheas. Rug mé ar chabhail
air agus thug mé anonn do dtí bun crainn é agus chuir
mé in a sheasamh annsan é. Chuir mé píosa bhata in a
choinne ar eagla go dtuitfeadh sé fhaid bheinn a casadh
ar an gceann. Annsan fuair mé an ceann agus chuir
mé ar a cholainn é. Oidhche mhór sheaca ba eadh í agus
thimcheall fiche nómant bhí mé ag coimeád an chinn
ar an gcolainn, nuair do labhair sé liom.



"I mbasa, a Mhicil," ar sé sin, "tá mé go maith
arís, agus go deimhin ba mhaith an sceul é bhaint dom
mar choimeádfainn ró-dhéidheanach sa choill tú. Is
dócha ná faca tú mé nuair do tharraing tú an tuagh."



"Ó'se, a Mhic ó, arsa mise, "ar ndóigh dá
bhfeicóchainn ní dheunfainn é."



"Ag dúnadh iall mo bhróige bhíos-sa," ar sé sin,
"agus shíl mé ná raibh tusa chomh gairid dom."



"Ó'se, a mhic ó," arsa mise, "sin é mar a bhíonn."



"Is fearr dhúinn dul abhaile anois agus buidheachas
do ghabháilt le Dia nach níos measa atá an sceul againn.


L. 59


Tá sé chomh maith dhúinn gan dada a rádh le Máire mar
bheadh an t-aingseóir trí-na-chéile dá mbeadh aon fhios
aici cad do thuit amach orainn."



D'imthigheamar a bhaile, cos ar chois agus bhí an-ocras
orm féin an oidhche sin agus fá do ruaig do Mháire
an bainne a thabhairt dom bhí an crústa tógtha den
leitin agam agus mé á ithe amach as mo láimh. Ar
mo ghlúna bhíos-sa agus ba ghairid gur tháinig Seán
as mo choinne ar an taobh eile dhen chorcán. Bhí an
gal ag éirighe aníos as an leitin nuair bhain mé an
crústa dhí, agus chuir Seán a cheann rud beag isteach
thar fhaobhar an chorcáin le sainnt chun na leitean, agus
leagh an gal an sioc bhí ag ceangal a chinn agus thuit
a cheann isteach sa leitin. Má thuit féin níor chuir
sin amudha ar mo shuipéar d'ithe mise. Rug mé ar
stolladh gruaige air, agus thóg mé aníos as an leitin
é agus leag mé ar an urlár é, agus le linn na h-uaire
sin d'fheuch Máire anuas.



"Ó Dia lem'anam, a Mhicil," ar sí sin, "nach é sin
ceann Sheáin ar an urlár?"



"'Dé an díoghbháil é bheith ann?" arsa mise.



"'Dé chúis ná beadh díoghbháil ann?" ar sí sin, ag
leigint trí liúgh aisti agus ag bualadh a bas. Shíl
mé gur chrioth an tigh mór thimcheall orm agus ba bheag
an deifir nár chuir sí amudha ar mo shuipéar mé.



"In ainm Dé agus Mhuire, teighir fé dhéin an dochtúra,
a Mhicil," ar sí sin, "feuchaint an bhfuighbheadh sé a cheann
do chuir ar Sheán."



"Nach dochtúir mise féin, a bhean an tighe," arsa mise.



"Ó'se, má iseadh, a dhochtúir, le h-anamain do mharbh
cuir a cheann ar m'fhear bocht."



"Cad do thabharfaidh tú dhom as é do dheunamh?"
arsa mise.



"Tá ocht bpúint im phóca," ar sí sin, "nár chuir


L. 60


mé sa bhannc an lá eile, agus an gcuirfidh tú a cheann
ar Sheán bocht ar an méid sin?"



"Cuirfidh mé," arsa mé féin, "acht tabhair dom
anois é."



Thug sí dhom an t-airgead agus d'fhill mé go deas
cruinn cruaidh é istigh i bpáipéar ruadh agus bhuail
mé síos ins an phóca bhí leath istigh ar mo bheist é. Rug
mé ar chabhail ar Sheán agus thug mé liom amach go
dtí pinniúir an stábla é. Fuair mé gabhalóg bata
agus chuir mé in a choinne í chun ná tuitfeadh sé fhaid
is bheinn ag casadh fé dhéin an chinn. Thug mé an ceann
liom annsan agus leag mé in áirde ar an gcolainn é,
agus choinnigh mé lem' láimh é ar feadh fiche nómant.
I gcionn na h-aimsire sin labhair Seán arís.



"I mbasa, a Mhicil, is dócha gurbh é teas na leitean
do bhog an uair úd é! Caithfead fuireach siar ó bheul
an chorcáin feasta."



Bhuaileamar araon isteach go dtí Máire. Bhí an
oiread áthais ar Mháire agus gur shíl sí mé féin agus
é féin do chur ag rinnce, acht nuair d'fheuch sí ceart
air: "a dhochtúir," ar sí sin, "nach bhfuil a aghaidh an-
mhór ar a chúl agat?"



"Má's eadh," arsa mise, "bainfidh mé dhe arís
é, mar ní raibh aon t-solas ar foghnamh agam."



"Tá sé go maith agat," ar sí sin. "B'fhéidir nár
bh'fhearr a aghaidh bheith ró-fhada aniar. Ní beag a
bhfeicfidh sé mar atá sé."



"Tá go maith," arsa mise.



Nuair tháinig am chodalta chuamar go léir a chodladh,
acht níor throm suain domh-sa é, mar bhí eagla orm go
mbogfadh teas na leabthan a cheann arís agus ná beadh
an sioc ann chun é do cheangal. Mar sin bhogas
chun bóthair i lár na h-oidhche agus sceul ná duan ní
bhfuaras ó fhear an chinn ó shoin.


L. 61


An Phinginn is Aoirde.



Bhí lánamha phósta ann tamall de bhliadhanta ó shoin,
Seán do b'áinm do fhear a' tighe agus Máire do bhí
ar a bhean. Bhí lá an chíosa ag glaodhach orra agus
ní raibh dada aca chun an mháighistir do dhíol. Bhí
aon bhó amháin aca, agus ba é an scian tríd an gcroidhe
leo scaramhaint léi, acht ní raibh leigheas aca air.
Shocruigheadar ar an mbó do dhíol, agus an oidhche
roimhe an aonach adubhairt Máire le Seán gan an
iomarca do iarraidh uirri ar eagla ná fuighthí í do
dhíol.



"Is cuma liom," arsa Seán, "caithfidh mé an phinginn
is aoirde ar an aonach do fhaghbháil uirri, nó ní
dhíolfad í."



D'éirigh sé go moch ar maidin, agus nuair bhí sé
i gcóir, bhog sé chun bóthair é féin agus an bhó. Is
gairid bhí sé ar an aonach nuair tháinig ceannaightheóir
chuige. "Cad atá tú ag lorg ar an mbó?" ar
seisean.



"Ní bhfuighbhidh aon fhear indiu í gan an phinginn is
aoirde," arsa Seán.



"Ní fheadar an ceannaightheóir 'dérd é an phinginn is
aoirde, acht ní bhfuighbheadh sé aon fhocal eile d'fhaghbháil
as Sheán. D'imthigh sé leis agus é go searbhasach de
féin. Ba é an sceul ceudna ag gach aon cheannaigh-
theóir tháinig i rioch an lae. An chéad cheannaightheóir
tháinig ar maidin tháinig sé arís um thráthnóna.



"Bhail, a Sheáin," ar seisean, "bé (an é) an t-airgead
ceudna atá tú ag lorg i gcómhnuidhe uirri?"



"'Sé mhuise," arsa Seán.



Níor dhein an ceannaightheóir acht pinginn do chuir


L. 62


in áirde ar bharr bata láimhe bhí aige. Annsan chuir
sé an bata ós a chionn in áirde agus an phinginn ar a
bharr.



"Sin í an phinginn is aoirde ar an aonach indiu," ar
seisean, "agus caithfidh tusa an bhó do thabhairt domh-sa
uirri." Fuair sé an bhó ó Sheán agus thug sé an
phinginn dó.



Nuair do chuaidh Seán abhaile ba í an cheud cheist do
chuir Máire air ná ar dhíol sé an bhó go maith.



"Éist, a bhean, agus leig dom féineach," arsa Seán,
"acht faigh mo dhinnéar dom go mear, mar tá mé
caillte 'on ocras."



Fuair sí a dhinnéar agus d'ith sé é.



"Mhuise, a Sheáin," arsa Máire arís, "innis dom
dé méid fuair tú ar an mbó."



"Tá sé chomh maith dhom an fhírinne do innsint duit,"
arsa Seán, "ní bhfuair mé ar an mbó acht pinginn.{"}



Nuair do airigh Máire an chaint is beag ná gur imthigh
sí 'na geilt. Phreab sí, agus léim sí, agus dóbair
go stracfadh sí a raibh de ghruaig ar a ceann. Ní
raibh aon ainm ó aer go talamh nár thug sí ar Sheán.
Nuair bhí sí cortha ó bheith ag léimrigh agus ag liúrigh
do labhair Seán.



"Éist go réidh, a bhean," ar sé sin, "má bhí an
ceannaightheóir ró-mhaith domh-sa indiu bead-sa suas
fós leis."



Nuair do éirigh Seán maidin lá ar na bháireach chuaidh
sé agus bhailigh sé buachaill agus fiche, agus thug sé
leis iad go dtí currach mór luachra agus líonadar
trí cheud mála le seisc agus thug sé leis abhaile iad.
Bhí seacht nó h-ocht de chaoirigh sa mbaile aige agus
bhearraigh sé iad, agus chuir sé ladhar den olann i mbeul
gach aon mhála. Fuair sé tamall de chapaill ós na
comharsain agus thug sé leis na málaí go léir go dtí


L. 63


an mbaile mór. Cia gheobhadh an t-slighe acht an ceann-
aightheóir do cheannaigh an bhó uaidh ar an bpinginn.



"Dia Dhuit, a Sheáin," ar seisean.



"Dia a's Muire Dhuit a's Pádraig," arsa Seán.



"Cad atá agat á dhíol indiu?" arsa an ceannaigh-
theóir.



"Tá trí cheud mála olainne chomh maith agus do
leagadh ar an mbaile seo riamh í," arsa Seán.



"An osclóchthá mála dhíobh go bhfeicinn í?"



"Osclóchad agus fáilte," arsa Seán.

Nuair do chonnaic an ceannaightheóir an olann
thaithnigh sí go h-an-mhaith leis, agus adubhairt sé go
mbeadh na trí cheud mála uaidh mar an rud é go mbeadh
Seán ró-dhaor air.



"Ní bheidh mé, mhuise," arsa Seán, "tabhairfidh mé
dhuit í ar ocht scillinge an mála."



"Gheobhaidh tú san uaim," arsa an ceannaightheóir.



Thóg Seán an t-airgead, agus bhí an-chompórd air
ag teacht abhaile go dtí Máire an tráthnóna san.



Nuair chuaidh an ceannaightheóir abhaile leis an olann
dhoirt sé amach as na málaí í agus sin é an uair chonnaic
sé cad é an saghas olainne bhí aige. Nuair tháinig Seán
isteach abhaile d'fhiafruigh a bhean de cad ba chor do.



"Ba chor go maith dhom," arsa Seán. "Bhuail an
ceannaightheóir ceudna liom do cheannaigh an bhó uaim,
agus thug sé ocht scillinge an mála dom ar na trí
cheud mála."



"Ó'se Dia linn, a Sheáin," ar sí sin, "ná fuil
a fhios agat go dtiocfaidh an fear sin ar t-éileamh
agus go mbeidh an sceul níos measa ná riamh annsan
agat."



"I mbasa is dócha go dtiocfaidh, agus b'fhéidir
nár bh'fhearr dhom rud do dheunfainn ná dul i bhfolach
'san ualach aitinn sin, amuigh sa macha."


L. 64


Is ar éigin bhí sé amuigh nuair tháinig an ceannaightheóir
agus a dhearbhráthair isteach sa tigh.



"Bail ó Dhia a's ó Mhuire annso isteach," ar siad san.



"Dia a's Muire a's Pádraig díbh, a fheara," arsa
Máire.



"Cá bhfuil fear a tighe?" arsa siad san.



"D'imthigh sé amach ó chiana," arsa Máire, "agus
níor chas sé fós."



Níor dhein ceann aca acht breith ar bun spruinne
bhí gairid don doras, agus seo amach 'sa macha é agus
thug sé aghaidh na spruinne ar an aiteann."



"Ó ná déin, a fhir mhaith," arsa Seán, "mar táim-se
annso."



"Éirigh as san, a rógaire bitheamhnaigh, a bhfuil mé
creachta agat," arsa an ceannaightheóir.



D'éirigh Seán go h-áith-leasg agus is é bhí go
maolchluasach ag éirighe. Chuireadar isteach i mála
é. Bhuail fear aca in áirde ar a ghualainn é agus
d'árduigheadar leó é. Is gairid bhíodar imthighthe
nuair do labhair Seán istigh sa mála, agus 'sé rud
adubhairt sé ná gurbh é féin Seán Dilín do bhí istigh
i mála ag dul go dtí n-a flaithis. Lá an-bhrothallach
ba eadh é agus chuaidh an ceannaightheóir agus a dhear-
bhráthair isteach 'sa cheud tigh tábhairne theagmhaigh orra.
D'fhágadar Seán bocht amhigh cois claidhe agus bhí an
port ar siubhal i gcómhnuidhe aige. Cia bheadh ag
gabháilt thar brághaid acht ceannaightheóir a raibh sé cinn
deug do bhuláin aige. Nuair do airigh sé an chaint,
"mise Séan Dilín athá istigh i mála ag dul go dtí n-a
flaithis; mise Séan Dilín athá istigh i mála ag dul go
dtí n-a flaithis," chuir sé cluas air féin agus tar éis
dó bheith ag éisteacht le Seán ar feadh tamaill do
labhair sé.



"An mbeadh aon t-seans go leigfeá mise isteach


L. 65


sa mála," an seisean, "mar atá mé cortha dhen saoghal,
agus cráidhte ciapaighthe ag an mbean atá agam?"



"Leigfidh mé," arsa Seán, "acht bain an córda
den mála."



Bhain sé an córda den mála, agus chuaidh sé féin
isteach ann. Adubhairt sé go raibh sé an-bhuidheach
do Sheán, agus go raibh sé ag tabhairt na sé cinn deug
de bhuláin reamhra dhó.



"Tá go maith," arsa Seán, "acht coinnigh ar an
gcaint bhí agam-sa agus is gairid go mbeidh tú ins
na flaithis."



D'imthigh Seán leis, agus na sé cinn deug de bheithidhigh
reamhra aige. Ní ró-fhada bhí sé imthighthe nuair tháinig
na ceannaightheóirí amach as tigh an tábhairne. Níor
dhein ceann aca acht breith ar an mála, agus é do chuir
in áirde ar dhruim árd a ghuailne. D'imthigheadar
leó annsan go dtí go ndeachadar go dtí an poll
báidhte agus chaitheadar síos é féin agus an mála.
Chuadar abhaile annsan agus d'inniseadar dá n-athair
agus dá máthair cad do bhí deunta aca



"Ó'se, Dia linn," arsa an t-athair, "tá droch-obair
deunta agaibh, agus tá sé dian nó díolfaidh sibh as
lá éigint. Teighidh ist oidhche i mbáireach agus tugaidh
roint airgid don mbean bhocht a dheineabhar baintreabhach
dí agus go maithidh Dia dhíobh an choir uathbhásach atá
deunta agaibh."



Tháinig an bheirt aca ist oidhche i mbáireach agus nuair
bhíodar ag deunamh ar an tigh, bhí beithidhigh in gach aon
áit thimcheall orra. B'ait leó cia'rbh leis na beithidhigh
bhreághtha. Chuadar isteach.



"Bail ó Dhia 's ó Mhuire annso isteach," arsa ceann
aca.



"Dia 's Muire 's Pádraig díbh, a fheara," arsa Seán.


L. 66


Bhí iongantas orra nuair do chonnacadar an fear
bhí báidhte, dar leó, 'na shuidh cois na teineadh, acht
níor leigeadar dada orra.



"A Sheáin," arsa siad sin, "cá bhfuairis na beithidhigh
go léir?"



"Dá mbeadh aoinneach agam do stopfadh aréir
iad nuair do chaitheabhar sa pholl báidhte mé, bheadh
seacht n-oiread agam," arsa Seán.



"An dtiocfá," arsa ceann aca, "go dtí an poll
báidhte in ár bhfochair anocht."



"Má theighim," arsa Seán, "mise an cheud fhear
raghaidh síos."



"Ó dar ndóigh, tá cuid mhór beithidhigh agat-sa anois
agus ba ceart duit duine againne do leigint síos
ar dtúis."



"Raghaimíd go dtí an poll an triúr againn an cheud
uair, pé sceul é," arsa Seán, "agus ní mór dúinn
trí mhála bhreith linn."



D'imthigheadar leó go dtí an poll an oidhche sin.
Chuaidh ceann des na ceannaightheóirí isteach i mála.
Buaileadh córda ar a bheul agus caitheadh síos é. Nuair
bhí an t-uisce á thachtadh agus á mhúchadh. "Blab,"
"blab," "blab," ar sé sin.



"Ó th-anam ón diachair," arsa Seán, "an airighir?
Atá sé ad' iarraidh na mbeithidheach do stopadh."



"Cuir isteach go mear sa mála mé agus caith síos
mé go raghad i gcabhair air," arsa an dearbhráthair.



Chuir Seán isteach sa mála é go luath léir, agus chaith
sé síos é. D'fhág sé sa pholl an bheirt cheannaigh-
theóir, agus tháinig sé abhaile, agus ní raibh buadhairt
ná mairg air as san amach.




L. 67


Éirigh a Hata



Nuair bhí mé óg d'imthigh mé trí nó ceathair de
laetheanta óm' mhuintir agus nuair do chas mé bhí
m'athair agus mo mháthair ar buile liom.



"An chun tú bheith ag imtheacht id' amadáinín gan
chiall do thógamar tú?" arsa m'athair liom.



"Ó'se, b'anamh liom imtheacht," arsa mise, "agus
an rud is anamh is iongantach."



"Cuir uait do ghearradh gad," ar seisean, "agus
teighir amach agus feuch ar an asailín a bhfuil a dhá
chliathán buailte le na chéile gan aoinneach annso bhain-
feadh sop ná seóirse dhó."



"Is gairid bheidh," arsa mise, "dá bhfuighbhinn-se
an oidhche."



Nuair fuair mé idir a deich agus an t-aon uair
deug 'san oidhche é, ghabhas chugham mo chórda, mo bhileóg,
agus mo ghabhlóg agus d'imthigh mé liom. Bhain mé
an-bheart d'fheur agus d'aiteann óg trí-na-chéile. Do
líon mé 'sa chórda é agus dóbair ná fuighbhinn éirighe
fé. Bhí mé ag goid liom an bóthar agus níorbh' fhada
go raibh mé ag tuitim cortha. Leag mé an beart in
áirde ar thaobh an chlaidhe chun mo reast do thógaint.
Cad do gheobhadh tharm ná an sluagh, dubhadh na gcnoc
is na mbánta dhíobh. Bhíodar ag caint agus ag caitheamh
aimsire leó, acht ní fheadar mise cad do bhíodar a
rádh. Bhí fear mór ruadh siar tamall uatha agus gach
aon léim aige, ad' iarraidh teacht suas leó.



"'Dé chúis," arsa mise, "tusa bheith i ndiaidh na
coda eile?"



"Mar nuair bhí mise," ar sé sin, "ins an saoghal
a bhfuil tusa, agus mé im thórramh ar chlár bhí cóirdín
ar dhá órdóig mo chos chun iad do choimeád le chéile


L. 68


agus an dream do chuir 'sa chomhrainn mé níor chuimh-
nigheadar ar é ghearradh."



"Tá bun scine agam-sa," arsa mise, "agus b'fhéidir
go bhfuighbhinn é ghearradh."



"Ó'se gheobhaidh tú, a gharsúin, agus ná raibh a fhaid
san de luigheachán bliadhna ort," ar seisean.



Shocruigh mé an beart ar an gclaidhe agus tháinig mé
amach ar lár an bhóthair go dtí é. Luigh mé ar mo
leath ghlún agus ghearraigh mé an córda, agus go deimhin
b'fhuiris é ghearradh, mar snáithín beag caol ba
eadh é.



"Innis dom," arsa sé sin, "cad é an ainm atá
ort."



"Tá, Micil Ó Muirgheasa ó'n Rinn," arsa mise.



"Táim-se an-bhuidheach díot, a Mhicil," ar seisean.
"Táim chomh bríoghmhar le h-aon fhear 'sa sluagh anois.
Acht a leithéid seo, a Mhicil," ar seisean, "caithfidh tú
bheith thíos ag an gcrosaire a leithéid seo dh'oidhche mar
tá mise agus an sluagh ag dul thar fairrge amach chun
Lonndain agus ní bhfuighbhimís dul an gan do leithéid-
se bheith in ár bhfochair."



Ní raibh aon sainnt orm féin dul leó acht bhí eagla
orm an t-eiteachas thabhairt dó, agus adubhairt mé
go mbeinn ag an gcrosaire roimhe. D'imthigh sé uaim
annsan mar dh'imtheóchadh an ghaoth Mhárta. Chuaidh
mé féin agus bhuail mé mo dhrom i gcoinne an bhirt
agus bhog mé liom chun bóthair. Bobhtaí bhíodh áthas
orm nuair chuimhnighinn ar an sceul agus bobhtaí eile
bhínn an-mhí-shásta. Pé sceul é, fuair mé an beart
liom go dtí bothán an asail, agus bíodh ag an asal
mar ar chuireas-sa bolg air.



Nuair bhí mé ag dul a chodladh d'fhiafruigh mo mháthair
díom an bhfaca aoinneach mé. D'innis mé dhí mar
bhí idir mé féin agus an Fear Ruadh.


L. 69


"Ó'se go deimhin," ar sí sin, "b'fhearr liom ná
raghthá a chuigint ann."



"Níl leigheas air anois," arsa mise. "Is dócha
go raibh sé mar chros ós mo cheann agus go gcaithfidh
mé gabháilt tríd."



D'imthigh mé liom an oidhche adubhradh liom agus
bhíos im' sheasamh ag an gcrosaire rómpa. Tháinig
oiread díobh agus chlúdóchadh ceud acra gus an Fear
Ruadh na ndiaidh aniar.



"Árd-fhear is eadh tú, a Mhicil," arsa an Fear Ruadh.
"Bhí fhios agam go mbeidhtheá chomh maith led' fhocal
agus ná teipfeá orainn. Táimíd chun bheith ag
imtheacht i gceann tamaillín. Seo dhuit hata, agus
nuair dheurfaimíd-ne, "Éirigh a hata," abair-se,
"Éirigh a hata," agus an buaidh ceudna bheidh againne
beidh sé agat-sa."



Ba ghairid gur airigh mé an liúigh, "Éirigh a hata."



"Éirigh a hata," arsa mise chomh maith le cách.



In áirde leó 'sa spéir uachtarach go dtí na réiltíní,
agus in áirde liom-sa 'na bhfochair. Bhí sé de chomhacht
aca san imtheacht trí na réiltíní, acht bhuailinn mo
cheann 'na gcoinne. Agus nuair rángamar Lonndain
bhí mo cheann chomh mór le leath-bhairrle ó bheith ag
bualadh i gcoinne na réiltíní. Isteach i stór óil
chuadar agus chuas-sa isteach 'na bhfochair.



"Tabhair-se aireachas duit féin, a Mhicil," arsa an
Fear Ruadh, "agus nuair adeuraimíd-ne i ndeireadh
na h-oidhche, "Éirigh a hata," abair-se, "Éirigh a hata.""
I dtaobh sinn bheith ag faghbháilt an óil gan dada, do
righne mé féin craos de agus nuair bhíodar ag imtheacht
ar maidin roimhe glaodhach an choiligh, bhí Micil sínte
idir dhá bhairrle agus ní fheadar sé dada mar gheall
ar an sluagh ná an hata. D'fhan mé sínte go dtí
go dtáinig fear an stóir. Nuair tháinig sé isteach


L. 70


rug sé ar bhairrle. Fuair sé eudtrom é. Rug sé
ar bhairrle, agus ar bhairrle eile, agus bhí gach aon
bhairrle aca follamh. 'Sa deireadh cad do gheobhadh
sé acht mé féin caithte taoibh le bairrle. Rug sé
isteach ar chabhail orm agus chuir sé ar bhonn mo chos mé.
Dubhairt sé mar an mé an diabhal ná fuighbhinn na
bairrlí go léir d'fhollmhughadh. Thug sé leis mé suas
go dtí an oifig, agus d'innis sé dá mháighistir 'dé an
díoghbháil bhí deunta 'sa stór agus ná raibh glas briste
ná rian dighe ar an urlár, acht mar sin féin go raibh
na bairrlí follamh.



"Teachtaire ó'n Rígh, nó teachtaire ó'n riabhach is
eadh é seo," ar sé sin, "agus, déin-se leis pé ar
domhan rud is maith leat."



"Tugtar aireachas maith dó," arsa an máighistir,
"agus chuir dh'fhiachaibh air an chúirt do sheasamh."



Tháinig lá na cúirte agus 'sé rud do ghearraigh an
chúirt orm, acht mé chrochadh agus mé dhóghadh an lá
ceudna. Nuair tháinig an lá a rabhadh chun mé chrochadh,
bhí míle beart aitinn agus fagóidí sceach in aon charn
amháin aca in áirde ar mhulla chnocáin áird. Tugadh
amach mise agus bhí píléir ag gach láimh liom, beirt im
dhiaidh aniar agus triúr romham amach. D'imthigh mé
leó go deas agus go cneasta mar ná raibh fhios agam
cá raibh mé ag dul. Chuamar suas ar an gcnocán.
Bhí bórd annsan agus cairt chapaill caithte siar ar a
sáilíní. Dubhradh liom féin dul in áirde ar an mbórd.
Ceangaladh mo dhá láimh do leath-laidhe (bhód) na cairte
agus díreach nuair bhíos ceangailte is eadh chuimhnigh
mé ar an hata.



"Le h-anam in do mharbh," arsa mise leis an bhfear
do cheangail mé, "scaoil mo lámh dheas, go mbainfidh
mé fíoghar na croise dhíom féin fá do fhágfaidh mé
an saoghal so."


L. 71


Scaoil. Chuir mé mo lámh isteach i bpóca m'oscla
agus tharraing mé amach an hata.



"Éirigh a hata," arsa mise.



D'éirigh an chairt, an bórd, na fagóidí agus an
t-aiteann. Tháinig scannradh a gcroidhe ar an dream
bhí ag feuchaint orm. Marbhadh a leath díobh ad' iarraidh
teicheadh. Bhí mé féin chúig sheachtmhaine im' shéideadh
roimhe gach aon ghaoth, gur thuit mé ar Ché Phortláirge
agus sin é an áit do scaoil na máirnéalaigh gach ceangal
do bhí orm. Tháinig mé abhaile go dtí m'athair agus
mo mháthair agus níor chuaidh mé fé dhéin beart aitinn
riamh ó shoin.











19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services