Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Reacaireacht Ghrinn na Tuaithe

Title
Reacaireacht Ghrinn na Tuaithe
Author(s)
Ó Conchubhar, Tadhg,
Composition Date
1925
Publisher
Brún is Ó Nualláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RACAIREACHT GHRINN
NA TUAITHE


L. 2


Tadhg Ó Conchubhair, úghdar agus seanchuidhe.


L. i


ROIMHRÁDH.



Ó Thadhg Ó Conchubhair i gCorca Dhuibhne iseadh
do scríobhadh a bhfuil sa leabhar so go dtí leathnach
a 111. Ó aithris bhéil do scríobhadh iad uile agus is
é Fíonán Mac Coluim do chur síos iad ar fad
beagnach. Is minic a bhí an té atá ag scríobhadh an
nóta so i dteannta Fhíonáin i dtigh Thaidhg, i dtreó
go bhfuil deimhne an scéil seo d'á chéadfadh féin
aige, agus is d'á bhrí sin d'iarr lucht an leabhair a
chur i n-eagar air an trácht gearr so a dhéanamh ar
na píosaí filíochta so agus ar Thadhg Ó Conchubhair.



Sean-fhear seacht mblian agus cheithre fichid iseadh
Tadhg Ó Conchubhair anois. Tá comhnaidhe air ar an
nGráig le h-ais séipéil Liospóil, cúig míle soir ó'n
Daingean. Ní raibh comhnaidhe air aon am d'á shaoghal
taobh amuich d'á pharóiste féin. Bhí feirm dheas
thalmhan aige agus do dhein sé a shaothrú go tuig-
sionach agus go tairbheach ionnus ná féadfaí a rádh
aon uair ná raibh sé "os cionn a bhuille" go maith —
feirmeóir slachtmhar, cúramach agus compórd agus
crích d'á réir air féin is ar a chlainn. Duine soi-
mheanmnach suairc iseadh fós é, greim agus léargus
aige ar chúrsaí an tsaoghail, agus nár bhain an saoghal
an gean gáire de chúinní a bhéil agus a shúl, ná an
chneastacht shéimh d'á aigne.


L. ii


Tíompall na bliana 1903 iseadh fuarthas fios ar
dtúis go raibh na "dánta" so ag Tadhg Ó Conchubhair.
Do scríobh Mícheál Ó Ciabháin, O.S., (a chliamhain)
"Cleamhnas an Bhacaigh" uaidh agus do léirigh leanbhaí
Scoile Breanndán é ag Feis an Daingin sa bhliain
1904 — ní a thug taithneamh do mhíle duine. Fóraoir
géar! cailleadh na cóibeanna de'n "dán" agus
nuair a chuathas chuig Tadhg chun a fhagháil arís uaidh
bhí mór-chuid de imithe as a chuimhne. Adeireadh
Tadhg go raibh a lán eile de'n tsaghas céadna aige
ach gur imigheadar as a chuimhne ar fad. Ní h-iongna
san do dhuine d'á aois. Is le teacht arís agus arís
eile do slánuigheadh an mhéid atá slán uaidh sa
leabhar so.



Bhí éideimhin mhór ann i dtaobh cé dob' údar do na
h-iarrachtaí filíochta so. Le linn dúinn bheith 'á
bhfagháil ó Thadhg, bhímís go piaclach 'á fhiafhraidhe
dhe cé cheap iad nó cé uaidh a fuair sé féin iad.
Ní dheineadh sé ach gáire, agus freagra éigin a thabhairt
dúinn d'fhágadh gan eolas sinn. D'fhiosruigheamar
mórán de sheandaoine eile sa pharóiste ach do
chuaidh d'ár ndícheall oiread agus líne d'aon "dán"
aca d'fhagháil uatha ná fiú a chuimhne a mhúscailt


L. iii


ionnta. Ní chualadar riamh iad. Bhí úncail aige
le linn a óige a bhí 'na scoláire mhaith agus 'na
mhúinteóir scoile sa pharóiste agus mheasamar
tamall gurbh' iad a dhéantús san iad; ach tuigeadh
dúinn dá mb'eadh go mbeadh focal éigin d'á
dtuairisc ag daoine eile seachas Tadhg Ó Conchubhair.
An cuardach san a deineadh agus an deimhniú tháinig
d'á bhárr ná raibh fiú oiread agus a dtuairisc roimh
1903 ag duine ar bith ach aige féin — níor fhág san
tuigsint eile ná tuairim againn ach gurbh é Tadhg
féin a cheap iad. Ar feadh an dá bhlian nó trí
seo caithte nuair a cuirtí ceist 'na dtaobh arís
air d'admhuigheadh sé "go raibh sé fáigiúil le linn
é bheith óg." B'shin rud ná h-admhochadh sé go dtí
san. I bhfómhar na bliana anuiridh d'iarr an té atá
á scríobhadh so ar Shéamas Ó Conchubhair, O.S., (mac
leis) dul chuige go speisialta thar ár gcionn agus,
ar son feasa agus eolais agus fírinne, a iarraidh
air a innsint dúinn cé cheap na h-iarrachtaí a bhí
fachta againn uaidh. D'admhuigh Tadhg annsan gurbh
é féin do cheap iad agus sé tuairim an scríbhneóra
gurab é sin réidhteach na ceiste go fírinneach.



Is dearbh nach duine eile ach Duibhneach a chéad
cheap na n-iarrachtaí filíochta so. Tá rian Chorca
Dhuibhne ar gach aon phioc de'n chainnt ach ar an


L. iv


mbeagán a ceartuigheadh go folus. Nuair bhítheas
á n-ullmhú le cur i gcló ó am go h-am is léir
gur cuireadh an módh foshuidhteach i gceart i bhfoth-
áit ach is léir d'á aindeoin sin gurab é gnáthshlí
Chorca Dhuibhne a bhí i ngach áit ann ar dtúis .i.
an fhuirm choingheallach d'úsáid i n-ionad na fuirme
fó-shuidhte — locht atá go daingean i nGaedhilg
Iarthair Chiarraighe. Tá comharthaí go leor eile le
fagháil — focail atá iomráidhteach ameasc Duibhneach,
mar atá "oipineon," "alfraits," "i bhfearas,"
"farró," "lamháil," "dá gcífeá"; agus muna
leor san d'fhianaise, tá trácht ar "Phíobaire an
Mhachaire" dob' aithnid sa cheanntar sin.



Níl aon ní ins na "dánta" féin a bhuailfeadh
dáta ar a ndéanamh níos sia siar ná an tráth
go bhféadfadh Tadhg Ó Conchubhair féin iad a
cheapadh. Tá, go deimhin, a lán ionnta a dheimhn-
eochadh gur le trí fichid bliain a ceapadh iad. Tá
trácht ar theacht an Bhéarla ar dtúis san áit
("Tréalach agus Máighréad"), trácht ar an "gcros"
a thógaint i n-aghaidh an óil, trácht ar "phílears"
agus "té" agus "Home Rule." Tá an uile
deallramh ar an scéal gur le linn Taidhg a
ceapadh iad; agus i láthair an eolais atá le
fagháil againn is é ár dtuairim gurbh é a cheap.


L. v


Ná h-éiligheadh an léightheóir ealadha na scol ná
feallsúnacht na suadh ins an bhfilíocht so Thaidhg Uí
Chonchubhair. Ní fhaghaidh sé aon chuid de'n d'á rud
ins na h-iarrachtaí seo. Duine tuaithe a cheap iad
nárbh eol do éigseacht ná léirmheas litríochta. Aigne
na tuaithe — tuath na Gaeltachta a bhí ann caoga
bliain ó shin — sin é atá ionnta; greann na tuaithe;
coidreamh na tuaithe agus a daoine, idir shagairt
agus feirmeóirí, agus bacaigh, agus píobairí; tuig-
sint na tuaithe nár ghéill fós gur mó is galánta
gadhairín díomhaoin Mhadam na cathrach ná an chearc a
bheireas an t-ubh nó an gamhain d'ólas bláthach; saoghal
na tuaithe nárbh' fhios dó cathracha ná caisleáin ná
béasa "na n-uaisle" ach gur lán-eol do treabhadh
agus cur agus tighthe cinntuighe agus béasa daoine
simplí agus na subháilcí agus na lochtaí a bhí ag
gabháil leo. B'é sin an t-eolas agus an t-adhbhar
a bhí ag Tadhg Ó Conchubhair. Do dhein sé leo do
réir a acmhuine.



An chuid is tréithiúla de na h-iarrachtaí atá sa
bhailiú seo — na píosaí fada atá i bhfuirm dráma —
is neamh-choitchianta an saghas oibre í i nGaedhilg.
B'fhéidir go bhfuair an t-údar an smaoineamh


L. vi


aithne bhí aige (agus ag urmhór Gaedhilgeóirí le na
linn) ar "An Peacach 's an Bás," "An Siota 's a
Mháthair," "An Cholann 's an t-Anam," agus b'fhéidir
"Cúirt an Mheadhoin-oidhche" agus "Páirlimint na
mBan." Ach ní ionnta san a fuair sé an deilbh
drámíochta atá ins "An Dá Dhrúncaer" agus i
"(g)Caismirt na gCearc," agus do bhí, leis, i
"(g)Cleamhnas an Bhacaigh" nuair do bhí san slán.
Mar le h-iarracht duine tuaithe ná feacaidh dráma
riamh is iongna cad a bheir do an tuigsint i
dtaobh tréithíocht aigeanta agus meóin daoine
d'eadardhealú mar atá ins "An Dá Dhrúncaer"
agus i "(g)Caismirt na gCearc," agus cad a mhúin
do fuireann an chluiche do thabhairt chun cinn nó ar
gcúl do réir mar bhíonn riachtanas leo. Gan agó, tá
cuma an tuataigh ar na h-iarrachtaí ar fad, ach beidh
ar an léightheóir a admhú gur "tuata tuiscionnach"
é agus go ndearna sé obair ná dearna duine eile.



Deineadh an léightheóir staidéar ar an meadracht
atá san dá shaghas iarracht atá againn ó Thadhg Ó
Conchubhair. Tá meadracht agus chomh-fhuaim amhráin
ins na h-amhráin — "Amhrán a' Bhaitsiléir," "Amhrán


L. vii


na Staigíní," "Nuair phósfa siad Dan," agus c. Ach ins
na drámaí agus ins na h-agallaimh tá an chainnt
beagnach ar fad scurtha ó ughaim na filíochta, go mór
mór 's "An Dá Dhrúncaer." Níl annsan ach an rian
is lugha de mheadracht agus ceangal aon-bhéime air
agus an tomhas féin go neamh chomhthrom. Tá meadar
agus béim agus tomhas de shaghas i "(g)Caismirt
na gCearc," agus i "Lorg Dhomhnaill ar a bhróga"
agus i "(d)Tréalach agus Maighréad," ach is mór
idir é agus mheadracht Eoghain Ruaidh agus filí an
léighinn. Bhí filíocht scaoilte de'n tsaghas so ag fás
ameasc na ndaoine gur chuir meath na Gaedhilge
cosc leis. Is cuimhin le h-aoinne ó'n bhfíor Ghaelt cht
a oilteacht a bhíodh daoine ann chun "rosc" cainnte
a chur asta fé mar dhein máthair an chailín úd d'imigh
leis an saighdiúir Albanach —



M'fhada-chreach nímhneach!
Mar d'éaluigh mo Shíle
Le rábaire Híelan'
Gan bó 'ge ná caora
Gan hat' air ná bríste
Ach a phettí-coat scaoilte.



Féach, leis, "Caoine Airt Uí Laoghaire," "An
Caoine Mhagaidh," "Crónán na Bó," "Eachtra
Sheáinín," "Eachtra Chapaill a' Chuimín," "Eachtra
an Aodhaire," "Eachtra an Bhradáin," agus c.


L. viii


An bíogadh filiúil ór fhásadar san is é ghríosuigh
Tadhg Ó Conchubhair. Ní ón léighean ná ó scoilibh
suadh a tháinig sé. D'fhás sé as aigne daoine gurbh
áil leó fuirm agus órd ar chainnt agus gur ceileadh
ortha ins na h-aimseara deirineacha an ealadha a
mhúinfeadh dhóibh conus an ghreantacht iomlán a chur ar
shruth a mbriathar béil. Dá maireadh an bheócht agus
an bhuirbeacht sa Ghaedhilg ní fios ná go dtiocfadh an
tréith filíochta san chun cinn agus chun blátha agus ná
beimís i dtaoibh leis an méid seo a fuaireamar ó
Thadhg Ó Conchubhair agus le beagán eile d'á shaghas



Feasta beidh an té cheap na píosaí so iomráidhteach
ameasc lucht scrúdaithe na Gaedhilge agus na sean-
aimsireachta. Luadhfar Tadhg Ó Conchubhair ameasc
na bhfilí muinntire i gCiarraighe — le Tomás Ruadh
agus Seán Ó Duinnshléibhe do chuaidh roimis.



"AN SEABHAC,"
Um Féil Brighde, 1925.


L. 3


AN DÁ DHRÚNCAER



[Ó bhéal-aithris Thadhg Uí Chonchubhair,
Lios Póil, Ciarraighe]



An tAthair Paor — sagart na paróiste.



Seán Ó Séagha — meisgeóir duine.



Léan — Bean phósda Sheáin Uí Shéagha.



Séamus Raol — fear síbín.



Sinéad — Bean Shéamuis Raol.



Maighréad — cómharsa.



Bóthar tuaithe ar maidin go moch.



An Sagart: Nach moch ataoir lasmuigh, a Sheáin
Uí Shéagha!
Is ní maith é do chruth ná do leibhiré;
A 'neósfá conus a chaithis an oidhche 'raer?



Seán Ó Séagha: Ná fuileann tu féin amuigh
chó' moch liom, a Athair Paor!
Is níl aon locht agam-sa ar mo chruth ná
'r mo leibhiré;
Agus pé slighe ar chaitheas-sa an oidhche araer
Is dó' liom gurb' é sin mo chúram féin.


L. 4


Sagart: 'S dó' liom-sa, a Sheáin, go mbainean
sé led' bhean bhocht Léan,
Chó' mór is bainean sé leat féin,
An tslighe gur chaithis-se an oidhche 'raer,
Is an chuid eile go léir det' shaoghal.



Seán: I mbriathar féin, a Athair Paor,
Nach gádh dhuit bheith ag tógaint páirt le Léan
Mar, deas nó clé, go bhfuil sí ábalta ar a
ceart a bhaint amach di féin.



Sagart: 'S dó! bhí duine éigint 'á rádh liom-sa
indé,
Go bhfuil a croidhe briste ar fad i Léan,
Mar go bhfuilean tusa ag caitheamh do shaoghal
agus do shlighe bheatha go léir,
I síbín Shéamuis Raol.



Seán: Dhera, is dócha gurab í Léan bhí ag
innsint duit ar a' scéal,
Is bíodh geall nár 'nis sí aon phioc dá
lochtaí féin,
Cé gur mór acu 'baint léi,
Agus thabharfadh a turus ar shíbín Shéamuis
Raol chó' maith le Seán Ó Séagha.



Sagart; Ní chreidim-se, a Sheáin Uí Shéagha,
go bhfuil aon lochtaí móra 'baint le Léan,
Agus ní chreidim-se go mbacfadh sí le síbín
Shéamuis Raol,


L. 5


Mara raghadh sí ann at' dhiaidh féin
A d'iarraidh tu thabhairt abhaile léi.



Seán: Arú mhuise! 'Athair Paor! cá bhfuil na
lochtaí móra 'baint le Seán ach chó' beag
le Léan?
Má ólaim anois nó arís mo bhraon
Nach é mo thuilleamh féinig é,
Agus cad a bhainean san le Léan?



Sagart: Á! a Sheáin! ó'n lá cheanglas tú le
Léan
Tá sí chó' buanamhail ar do thuilleamh is
taoinn tú séin,
Is ar ndó, ba cheart duit é roinnt léi,
agus déanamh leis dá réir.



Seán: I m'briathar 'Athair, is maith is cuimhin
liom é —
Agus a bhfuaireas uaithe 'spré
Gur bhainis-si dhíom é go léir,
Is mara mbeadh scillinn bhí im' phóca féin,
Gur bhaoghlach go mbeimís gan ár ndinnéar!



Sagart: Ta deállramh, a Sheáin, nár mór í an
spré,
Mar níor thugais dómhsa ach a' seacht is raol;
B'éigean dom leath-choróin eile a chur ann mé
féin
D'fhonn an Easbuig a dhéanamh baodhach.


L. 6


Seán: Dhera mhuise, cad é'n bhaint a bhí ag an
Easbog leis an sgéal?
Mara mbeadh go bhfuilean tusa beagán baoth
Ar ndó choimeádfá do chuid airgid agat féin.



Sagart: Á, a Sheáin Uí Sheagha, ní thugas-sa do'n
Easbog ach a cheart féin —
Rud ná fuaireas-sa uait-se ná ó Léan.
Agus b'fhearra dhuit é thabhairt dómh-sa féin
Ná é thabhairt ar fhuisgí lobhtha Shéamuis Raol.



Seán: Tá fhios agam go maith, Athair Paor,
gur bheag leat ar fad é,
Cé ná rabhais thar deich neóimintí, ar a mhéid,
Am' cheangal-sa le Léan,
Is gur minic a chaitheas dhá uair déag a chluig
ag baint an fhéir,
Le speil ar beagán faobhair,
Is ná faghainn leath a' seacht is raol!



Sagart: An té chraobhscaoilean Dlighe na Naomh
Is as a chaithfe sé a bheatha bhaint, é féin,
Is mara bhfaghadh sagairt as póstaí ach seacht is
raol,
Ba suarach é a mbreicfeast ná a ndinnéar.



Seán: Seadh, 'nois, a Athair Paor, pé 'cu baint
a' choirce é, no baint an fhéir,
Dúblógha mé dhuit an seacht is raol
Ach mé scur arís ó léan!


L. 7


Sagart: Á! a Sheáin Uí Shéagha! 'á dtabharfá dhom
saidhbhreas an tsaoghail
Is 'ollmhaitheas go léir
Ní scurfainn tus' ó Léan,
Is ní lugha ná fhéadfainn é.



Seán: Arú, a Athair Paor! ar ndó ní le slabhra
ná lé téid,
Ná le córda reamhar ná caol,
A cheanglais-se mé le Léan,
Ach le beagán ráidhte béil
Agus gan ach gibi is i gcuid aca san féin.



Sagart: A Sheáin Uí Shéagha, 'á mba le slabhra
nó le téid,
Nó le córda reamhar ná caol,
Do cheanglóinn tu le Léan,
Do scaoilfeá iad tu féin.
Níorbh' eadh ach le ceann de shácraimíntí Dé
Agus a bhfuil de shagairt ar a saoghal,
Is fiú amháin an Pápa féin,
Ní fhéadfaidís tú scur anois ó Léan.



Seán: Gabhaim párdún agat, 'Athair Paor,
Ná cloisim Séamas Raol á léigheadh as na
páipéir,
Go bhfuil breitheamhain dlighe 'gus léighinn
'ghá sgur a n-aghai'n lae;
Agus san ar fuaid a' tsaoghail.


L. 8


Sagart: Á! a Sheáin Uí Séagha! ní h-í dlighe
na mbreitheamhan san Dlighe na Naomh
Mar an pósadh déintear in Eaglais Dé
Níl aon sgaoileadh air go raghaidh duine acu
'n chré.



Seán: 'S dó mhuise 'nois, Athair Paor, liom-sa
ní thaithnean Léan
Is ní lúgha ná thaithnim léi
Agus i gcóir na síorruidheachta agus an
tsaoghail
B'fhearra dhos gach aoinne 'gainn imtheacht
do féin
Ná bheith ag bruighean mar bhímíd in aghaidh
an lae.



Sagart: 'S dó, a Sheáin, tá a leigheas san ar
do lámhaibh féin:
Dá n-eireóchthá as an mbraon
Is fuireach ó shíbín Shéamuis Raol
Ní bheadh ach gradam is grádh eadraibh araon.



Seán: Mhuise mo thruagh go muar tu, 'Athair
Paor!
Má's dó leat go bhfaghadh cion ná grádh slighe
i gcroidhe Léan.
Croidhe atá chó' líonta 'mhioscais is de phlé,
Is bheadh bolg sean-bhó bheadh tar éis na
h-oidhche ar choca féir.


L. 9


Athair Paor: Ní chreidim-si, a Sheáin Uí Shéagha,
go bhfuil Léan chó' h-olc san go léir.
Má bhíonn sí 'nis nó 'rís ag plé,
Bíonn a' chúis aici go léir a saoghail.



Seán: 'Nis, Athair, sid é ár dtig féin,
Téanam isteach ag triall uirthi, sinn araon,
Is ansan tuigfir féin, ciacu is mó, mo lochtaí-
si ná lochtaí Léan.



Sagart: Raghaidh mé in éinfheacht leat, a Sheáin
Uí Shéagha,
Is tá súil agam le congnamh Dé,
Is le h-eadarghuidhe na Naomh
Go ndéanfa mé síothcháin eadraibh araon.



Seán: Mhuise mo thruagh go muar tú, 'Athair
Paor!
Dá mbeadh dáréag eile sagart ad' fhochair
féin,
Agus Naomh Peadar 'nbhúr bhfochair go léir,
Ní chuirfeadh sibh teanga shíothchánta i mbéal
Léan.



Sagart: Eist do bhéal anois, a Sheáin Uí Shéagha!
Is ná h-abair a thuille léi,
Go ragham isteach ag triall uirthi féin,
Is chidhfidh mé annsan cad a bheidh le rádh
agaibh ar gach taobh.



(Téidhid isteach).


L. 10


Léan (ag fáiltiú roim a' sagart): Dé bheatha-sa
chughainn, 'Athair Paor!
Mhuise! cá bhfuairis Seán Ó Séagha?
Táim se á lorg ó eirghe lae,
Ar eagla go mbeadh sé báidhte i bpoll ná
i bhféith.



Saghart: Go mairir-se i bhfad, a Léan!
Is ní raibh aon bhaoghal báidhte andiu ar
Sheán Ó Séagha,
Bhí sé có' h-ábalta ar theacht abhaile le
h-aoinne againn araon.



Léan: Ní bheadh san le rádh agat, 'Athair Paor,
Dá gcífeá 'teacht é ar maidin indé,
I gcairtín asail ag tuinncéar,
Ceangailte le téid,
Agus ceaintíní an duine bhoicht go léir
Aige raidtithe sa spéir.



Seán: Ó is fada go dtachtann an t-éitheach tusa,
a Léan!
Is measa thú ná an Bréagaire Mór féin,
Adeireadh go dtugadh sé réilthín leis o'n spéir,
de bharra stáca 'néadh sé féin,
Is gurbh é thug leis ar scéith,
Na Cruacha Dubha o'n nGréig.


L. 11


Léan: Dhera, eist do bhéal, a loitiméir!
Ar ndó' níl aon ní ach éitheach le fághail
ó dhrúncaer,
Ná dúbhrais-se leis an Athair Paor, an lá phós
sé sinn araon,
Ná raibh agat ach a' seacht is raol,
Is mé tar éis cúig phúint a thabhairt duit
mé féin.



Seán: Ó! 'Athair Paor, crochfa sí an saoghal,
is go siúrálta crochfa sí mé féin,
Chím ag teacht chughainn Séamus Raol,
Bhí sé sin láithreach a' mhargaidh eadrainn
araon
Is 'neósaidh sé sin duit nár thug sí dhom
ach an seacht is raol.



Léan: Dhera, 'Athair Paor! ná creid focal ó
Shéamus Raol
Mar is fearr é chun an éithigh ná Seán Ó Séagha
féin
Ach tá in éinfeacht leis Sinéad,
Tá sí chó' fírinneach liom féin, is 'neósaidh
sí sin duit gur cúig phúint an spré.



(Tagann Séamus Raol isteach).


L. 12


Léan: Mhuise, go dtachta 'n Beurla briste tusa,
Shéamuis Raol!
Ná tabharfadh an chaint dúinn thá againn
go léir,
An chaint a fuairis ót' athair is ót' mháthair
féin,
Is atá ag an Athair Paor ós aige atá an
fhoghluim mhór go léir.


L. 13


Sinéad (le Séamus): Tuille tubaiste chughat,
a Shéamuis Raol.
Is minic a dubhart-sa leat, mé féin,
An Beurla briste a dh'fhágaint it' dhéidh,
Is gan a bheith it' ghléas magaidh is id'
choilichín Paor,
'Ges na cómhursain uile go léir.



Seán: Dhera, ná fuil sé chó' maith agat, a
Shéamuis Raol,
Dul ar an nGaeluinn ar ár nós go léir
Ar ndó is dócha go bhfuil Beurla ag an
sagart chó' maith leat féin
Agus sin é é a labhairt Gaeluinne ar ár
nós féin —
Anois, a Shéamuis Raol, is cuimhin leat oidhche
an chleamhnais idir mise is Léan
Agus is cuimhin leat nár thug sí dhom ach a
seacht is raol,
Agus deir sí andiu leis an Athair Paor
gur chúig phuint a spré.


L. 14


Sagart: Dubhart leat cheana, a Shéamuis Raol.
ná beadh againn ach ár dteanga dhuthchais
féin.
Is mara bhfuil sí sin agat-sa, éist!



Séamus: Seadh 'nis, 'Athair Paor, inneósad an
sgéal sa Gaeluinn chó' maith agus fhéad-
fad é:
Do bhíos láithreach a' chleamhnais Sheáin is
Léan
Is níor thug sí dho ach amháin a' seacht is
raol,
Agus cé go raibh sparán maith aice féin
Is dóigh dá mbeadh Seán 'na rí ar an nGréig,
Ná faghadh sé pinginn eile ó Léan.



Léan: Ara, nach maith a thuigid siad a chéile,
an dá dhrúncaer!
Agus nach deas a chuireann Seán a sgéal i
mbeul Shéamuis Raol!
Do bhís láithreach, a Shinéad!
Is níor innsis breug ar a dtáinig fós "od"
shaoghal
Agus anois innis-se do'n Athair Paor an
mór a thugas-sa do Sheán mar spré.



Sinéad: Ara, a Léan, is cuimhin liom an sgéal
chomh maith's is cuimhin liom an oidhche araer
Agus, as sparán do bhí ad' bhorlach chlé,
Do thugais chúig phúint do Sheán Ó Séagha,


L. 15


Is ní maith a' chrí' a chuiris air, ar mo nós
féin,
Nuair a thugas a raibh ar a' saoghal agam
do Shéamus Raol.



Lean: Seadh anois, 'Athair Paor! Cad a
deireann tú leis an dá dhrúncaer?
A' b'iad a chreidfe tú, nó mise agus Sinéad,
Nár innis breug ar a dtáinig fós 'ár saoghal?



Sagart: Go siúrálta, a Léan, táim ag dul amach
agaibh ar gach taobh,
Deir Séamus agus Seán Ó Séagha ná raibh
ann ach a seacht is raol —
Agus deireann tusa agus Sinéad gur chúig
phúint an spré,
Dá mbeadh éinne eile agam ar aon taobh,
Thabharfainn breitheamhnachas láíthreach ar an
sgeul.



Sinéad; Dhera, a Léan, nach cuimhin leat-sa bean
a tighe seo amuigh, Máighréad,
A bheith 'ár bhfochair ar feadh na h-oidhche sin
go léir,
Agus is cuimhin léi an sgéal chomh maith le
h-éinne againn féin.



Léan: I mbriathar go bhfuil an ceart agat, a
Shinéad,


L. 16


Féach ná cuimhneoghainn uirthi sin mé féin,
Tabharfa mé isteach láithreach chughat í, 'Athair
Paor,
Is í an cailín í a chuirfidh corc sa dá
dhrúncaer!



Athair Paor: Brostuig ort-sa mar sin, a Léan,
Theasdoch uaim-se bheith sa bhaile mé féin
Ní fheadar cathain a bheadh duine orm ag
glaodhach.



Seán Ó Séagha: I mbriathar, 'Athair Paor, má thag-
ann Máighréad chughainn gheobhaimíd dúiseacht,
Mar tá teanga aici bheárfadh an fhéasóg de
Ghiúdach,
Is dá raghadh sí chun feirge do chaithfeadh sí
an teine dhearg idir an dá shúil ort.



Sagart: Éist anois, a Sheáin Uí Shéagha, go dtiocfa
sí isteach, í féin,
Níor chuala-sa aon droch-rud riamh i ndiai'
Mháighréad.



(Tig Máighréad isteach.)



Máighréad: Dé bheatha-sa ar a' mbaile chughainn,
'Athair Paor!
Is dócha gur b'amhlaidh tángaís chun Críosdaithe
dhéanamh de'n dá dhrúncaer
Agus má 'néann tú dhíobh é,
Beam ag guidhe leat nó go ragham 'n chré.


L. 17


Sagart: Á, a Mháighréad, táid siad so 'n-a
gCríosdaighthe cheana chó' maith linn féin,
Gan aon locht sa tsaoghal, dá n-eireóghaidís
as an mbraon.



Séamus Raol: Seadh anois, 'Athair Paor, ba
mhaith liom beagán focal a rádh, mé féin,
Sar a gcuirfeá aon cheist chun Máighréad
Agus as Beurla is feárr a neósainn a'
sgeul.
Dá lámhalfá-sa dhom é.



Sagart: Á, a Shéamuis, tá do Bheurla ró chrosda
go léir,
Ní maith a thuigfinn é, mé féin,
Agus tabhair an chaint dúinn a thuigfimíd
go léir.



Seán (i gcogar le Sinéad): Th'anam 'n riabhach,
a Shinéad, a chualais cad dubhairt an
tAthair Paor —
Mhuise, nách diail an Beurla atá ag Séamus
Raol agus a rádh ná fuil aon tuisgint
air ag an Athair Paor.



Sinéad (i gcogar eile): Dhera, a' magadh atá
an sagart, a Sheáin Uí Shéagha!
Cé nach dóigh leat go mbeadh aon mhagadh
ag baint leis an Athair Paor.


L. 18


Séamus Raol: Well, mar sin, Athair Paor,
leanfad do'n Ghaeluinn chó' maith is d'fhéad-
fad é —
Agus anois, Athair Paor, oidhche cleamhnais
Seáin is Léan,
B'í sin oidhche thórraimh Thaidhg Uí Néill
Agus bhí an triúr san i dtig a' chuirp
ar feadh a' lae
Ag riarú' bairrlíntí, coinnleóirí, agus áruistí
té,
'S ag olagón go fuidheach nuair ólaidís a'
braon —
Tráthnóna, fuaireadar trí buidéil
Agus dubrathas leo braon a thabhairt dómh-sa
is do Seán Ó Séagha —
Agus dá ngeobhadh chúcha aon stróinséar —



Mhuise, dá sgoilfinn-se agus Seán de'n tart,
ní bhfaghaimís asta braon,
Agus 'á b'ón Spáinn do gheobhadh stróinséar,
Ní bhfaghadh sé diúir as aon buideul.
D'óladar féin iad go léir, i slighe 's
go rabhdar ar meisge caoch.
Tamall ag caismirt agus a' plé,
Tamall a' seimint a' chlár bog déil,
Tamall ag gol i ndiai' Thaidhg Uí Néill
Agus an dóigh leat-sa, 'Athair Paor, go bhfuil
aon chuimhne acu san ar ar mhór ná ar
bheag í an spré —
Is má imthig chúig phúint ó Léan
Is amhla' chaill sí é ar thórramh Thaidhg Uí Néill.


L. 19


Athair Paor: Cad tá le rádh 'gaibh anois, a
Mháighréad?
Má chuabhair chó' fada is adeir Séamus Raol,
Dheineabhair an donas buidhe go léir.



Máighréad: Sé tá agamsa le rádh leat, 'Athair
Paor,
Dá mbeadh aithne cheart agat ar an Raolach
Go mbeadh Sailm na Mallacht le fada agat
air léighte.



(le Séamus Raol)



Greadadh gréine chugat! a stollaire drún-
caera!
Dá fheabhus tú chun an óil, is seacht feárr
tú chun an éithig,
Is níl náire ná eagla ort roim shagart ná
chléireach,
Bhí Seán Ó Séagha is a bhean chó' seasgair
le b-aon bheirt,
Go grádhach, ceannasach, gradamamhail le
chéile,
Ach nuair thóg sé mar chuileachta tú, is
gairid gur thréig sé,
Agus tá sé andiu chó' tubaisdeach leat
féinig —
Is cá bhfuairis an fhoghluim go mbíonn tú
a' léigheamh as na páipéir do,
Is a chur isteach na cheann conus a gheóbhadh
sé é féin scurtha ó Léan bocht


L. 20


Cé gurbh é an lá geal di agus chó' maith
do Shinéad leis,
'A mbéarfadh Lúsifear an beirt agaibh ansa
mhaidin chuige féin leis —
Agus nach nea'-náireach a thráchtan tú thar
bhás Thaidhg Uí Néill liom,
Is go bprúbhálfainn-si as mo sheasamh gur
tusa chuir 'n chré é,
Bhí sé de gheimhre is d'earrach at' fhochair-se
gan traochadh,
Agus fuair sé as galar nár sgar leis
gur éag sé.
Agus nach maith a chuimhnigheann tú ar na
trí buidéil dúinn —
Buidéil beaga chnagaire is gan ach gloine
ann do gach aoinne —
Is mara mbeadh ár mbreóiteacht is ár
n-aindeise ní bhlaisfimís braon de.
Agus anois, 'Athair, screadaim agus éighim
ort,
An bheirt seo dhíbirt as a' bparóisde nó a
sheoladh ar fad as Éire.



Séamus Raol: Dhera arú, Mháighréad, nach 'reamhnach
a bhreóitig an triúr agaibh in éinfeacht!
A 'neósfá dho'n tsagart cad é an gearán a bhí
ar gach n-aon díbh.



Máighréad: Dhera, ca' na thaobh ná 'neósainn é
do'n Athair Paor agus do'n pharóisde
go léir —


L. 21


Bhí tinneas goile orm féin, tinneas fiacal
ar Léan agus tart gan traochadh ar
Shinéad,
Agus mara mbeadh gur ólamair an braon,
B'fhé go mbeadh duine againn 'sa chré,
Agus 'na thaobh san de, sinn go léir.



Seán Ó Séagha: Raibh puinn de óltha agat, a
Mháighréad,
An oidhche rugais ar a dtuaigh is gur thugais
fúm léi,
Is mara mbeadh gur chaitheas mé féin de
phléisg sa chúinne,
Go mbeadh mo cheann na bhrúsgar.



Máighréad: Is dói'n, nuair chonnac Léan agat
'á rúsgadh, ins na fiaclaibh agus ins na
súile, go siúrálta dá mbeadh gunna agam
do sgaoilfinn fút é,



Seán: Dhera, ar ndó' ná 'neósfá, a rúcaigh, cé
thosnuigh ar dtúis é?



Sagart: Éist anois, a Sheáin Uí Shéagha agus
éist-si leis, a Mháighréad,
Mar níl sonas, rath, ná séan, in aon áit
go mbeidh sgallaeracht bhorb gheur
Ach clampar, feall, is claon agus aincisí
eile an tsaoghail —
'Nois tá eadraibh deisciobal Dé, is má


L. 22


'néann sibh dá réir, beidh oraibh rathamhn-
achas sa tsaoghal agus gheobha sibh righeacht
na Naomh nuair a ragha sibh fé na dhéin —
Anois tosno' mé leat-sa, a Shéamuis Raol,
agus le Seán Ó Séagha agus a ndéanfa
sibh mar déarfad é?



Séamus Raol: Is dócha go ndéanfam Athair
Paor, mara mbíon an sgeul ró chrosta
go léir.



Sagart: Ní bhei' sé crosda, docht, ná géar, ach
bei' sé sonuidhe, rathmhar, séimh —
Éirighidh as an mbraon ar a bhfuil rómhaibh
anois d'bhúr saoghal.



Séamus Raol: Mhuise, na tosnófá leis na mná
ar dtúis, 'Athair Paor,
Is measa chun an óil go mór iad ná mise
is Seán Ó Séagha.



Léan: Tá 'fhios agat, a Shéamuis Raol, ná raibh
éinne 'n thriúr againn-ne ar meisge, ar a
dtáinig fós 'ár saoghal —
Is anois, 'Athair Paor, tógfaimíd an chros
uait, má iarran tú orainn é, agus tógadh
na fir í chó' maith linn féin.


L. 23


Sagart: Ana mhaith, a Mháighréad, dubhart ó chianaibh
le Seán Ó Séagha, ná chuala aon dro'-ní riamh
at' dhéidh
Agus a dtógfa sibh, a Shéamuis Raol agus
a Sheáin Uí Shéagha, a' chros fé mar deir
Máighréad?



Séamus Raol: Is dó', Athair Paor, tháinig
chugam-sa indé, deich ndosaen buidéal
de fhuisgí mhilis dhaor,
Agus 'á mbeidís sin díolta agam
thógfaimís a' chros láithreach uait, mé féin
is Seán Ó Séagha.



Sinéad: Go siúráltha, a Shéamuis Raol, mara
dtógan sibh an chros fé mar deir Máighréad,
Beidh dúthaig éiginteach eile agam-sa agus
aige Léan, is ní bheimíd a gconntabhairt
ár n-anama libh araon.



Seán Ó Séagha: Ara, a Shéamuis, tá sé chó' maith
againn an chros a thógaint fé mar deir
an tAthair Paor,
Cad do dhéanfá an ao' chor dá n-imtheoch
Sinéad agus go siúráltha ní mhairfinn-se
i ndiaidh Léan.



Séamus Raol: Is dócha go mbeadh an sgéal
go h-aindhis agam, a Sheáin Uí Shéagha, dá


L. 24


n-imtheoch' Sinéad —
Agus anois, 'Athair, tógfaimíd an chros uait
agus cuirfimíd thar n-ais arís na buidéil.



Sagart: Seadh, téiridh go léir ar bhúr nglúnaibh
agus abraidh na focail a déarfad féin:



"Anois ar a bhfuil rómham dem' shaoghal,
"Le congnamh Rí na Naomh,
"Ní raghaid am' béal,
"Fuisgí saor ná daor,
"Ná brannda dearg ná baodh,
"Ná aon tsaghas fíon' ná lionn ón nGréig,
"Ná aon ní thagan as an soilléar."



Seadh, éirighidh ar fad anois agus téidheadh
gach aoinne agaibh i bhfeidhil a ghnótha féin,
Beiridh mo bheannacht libh agus beannacht De.


L. 25


CLEAMHNAS AN BHACAIG.



Ó bhéal-aithris Thaidhg Ui Chonchubhair,
Lios Póil, Ciarraighe.



An Bacach: Tá an bacach bocht ag beannú' dhuit,
a mhnaoi chríona,
Is go mbeannuighe na b-Aingil agus na Naoimh
duit
Fé mar bheannuighim-se ó chroidhe dhuit!



Cáit: Ní mór a shuím a chuirim ad' bheannachadh
mar ní thagan sí ó chroidhe uait,
Níl sé ach ar bharra do theangan agus a
mhalairt it' inntinn.



Bacach: Bhí sibhialta anois, a dhaltha, is ná bac
an achumhlacht!
Cuir do shíntiús chugam go tapaidh, mar
caithfead dul indiu go Baile Mhúirne.



Cáit: Mhuise greada chugat, a bhacaig! marab
ionnat atá an tighearnamhlacht!
Agus nár chás liomsa dá mbeitheá marbh
sara sroistheá Baile Mhúirne.



Bacach: A chaillichín chruaidh chasta, gan carthanacht
ná daonacht,
Is geárr go raghair abhaile is ní maith é
t'inead ann, is baoghlach.


L. 26


Cáit: Leig dod' ghlamaireacht, a challaire an
éithig!
Nó caithfead an teine dhearg leat, mara
mbeir amu' de phléisg uaim!



Bacach (ag láimhseáil a mhaide croise dho): A
bhfeicean tu an chroisín! B'fhéidir dá bhfaghfá
iarracht de sa mhaoil, go mbeifeá tamall
ag osnuighil agus ar feadh seachtaine ag
cneadaighil.



Cáit: Dá bhfeicinnse ar fuaid a' tighe aon
phíce!
Nó aon airm eile go mbeadh puinnt' air!
Is fadó bheadh sé tríd' chroidhe agam!
Is ansan bhéarfadh Lúsifear chuighe féin síos
tú!



Bacach: Mhuise, a chaillichín ghránda bhuidhe! is
fadó bheadh mo lapa ad' mhaoil agus tú
tarraicthe ar fuaid a' tighe,
Ach 'eagla go dtógfainn uait an gríos
Is go sgaipfinn é ar fuaid Chiarraighe.



Cáit: Nach mé atá a' fághail an ghreada uait
istig am bothán féin,
Is gan cómhursa i ngiorracht fead agam 'á
nglaodhainn!



(Ag caitheamh teine leis)


L. 27


Seo ladhar de'n luaith dhearg duit sa phlaosg
Agus b'fhéidir i dteannta bheith bacach go
mbeifeá caoch



(Liúirean an bacach)



Bacach: A chaillichín dro'-chroidhe, tá mo shúile
agat caoch gan bhrigh —
Seo iarracht do'n chroisín dá tharrac ort sa
mhaoil —
B'fhé go gcuirfeadh sé tu 'n chill,
Agus b'fheárr do'n dúthaigh tú bheith thíos.



Cáit (ag béicig): A bhacaig ghránda bhradaig!
tá mo cheann agat 'na phraisigh is níl
agam dochtúir ná sagart ná fear am
charaid a dhéanfadh tusa' thachtadh
Is a thabharfadh dos na mucaibh thu le stracadh!



(Tuiteann sí ar an urlár).



An Bacach (nuair chíonn sé sínte í): I mbriathar,
a chaillichín an standup,
Go bhfuilean tú ag crothadh na gcos,
Is má bhíon aon ní ort, b'fhé go bhfaghainn-se
'at' bhárr a' chroch —
Ach cuirfe mé dhíom go grod — b'fhé ná
feicfeadh éinne mé anso.



(É d'imtheacht).



('Mac na baintrighe Mícheál a ainm, do theacht isteach tar
éis tamaill. Chíon sé a mháthair sínte).


L. 28


Mícheál: Dhera, a mháthair ghrádhmhar gheal! cad
d'imthig ort ó ghabhas amach,
Go bhfuilean tu rómham at' chnap
Agus braoinín fola a' teacht,
As do mhala ghleóite dheas.



Cáit: A Mhichíl a rúnaig, ceann de bhacaig
Bhaile Mhúirne do shocruig liúmsa —
Cuir díot, a stóraig! agus glaodhaig ar na
cómhursain — agus tugaig thar n-ais arís an
stócach — go ndéanfad é bheirbhiú' 's a
scóladh!



Mícheál: Ara, a mháthair, mara bhfuil fé ach a'
t-aon chos, cad chuige go nglaodhfainn,
Ná tabharfainn liom mé féin é, gan congnamh
ó éinne?



Cáit: Dhera, a Mhichíl a chroidhe! ní mór dhuit
ceathrar ar a luighead, d'fhearaibh móra
groidhe —
Is má gheibheann sé a dhrom le claidhe,
le na mhaide is le na chroisín, beidh sé
dian ortha é chur síos.



Mícheál: 'Sdó' mhuise, beadsa na dhiaidh ar séirse
is ní ghlaodhfad ar aoinne —
Caithfe sé casadh liom agus beagán baochais!



(Imthighean).



(Ar an mbóthar do Mhícheál. É do theacht suas leis an mbacach).


L. 29


Mícheál: Deallruighean tú ana dheabhadh beith ort,
a bhacaig!
Ná tógfá an bóthar fada,
Is gan tú féin a chur chun alluis,
Lá breágh aoibhinn Earraigh.



Bacach: I mbriathar, a gharsúin mhilis ghleóite,
dá mbeifeá-sa ó indé gan aon ní ithe
'ná ól,
Go mbeadh ort deabhadh do dhóthain,
Féachaint cá' bhfaghfá smut de chísde nó cúpla
róstar.



Mícheál: Is mór a náire dos na cómhursain
má taoi'n tú ó indé gan aon ní ithe
'ná ól —
Téanam liomsa anois agus gheóbhair do dhóthain
de Mhinion Cups agus fuighleach feóla.



Bacach: A gharsúin, ná cloisean tú ná fuil sé
ádhmharach filleadh nuair chuirean duine chun
bóthair.
Tá bean mhuinnteardha agam ansan thoir i
mBaile na Móna,
Agus nuair shroisfead í sin gheóbhad mo dhóthain.



Mícheál: Is fearra dhuit fille' liom — chífir
go bhfuil gnó dhíot —
Mara bhfillir let' thoil liom, fillfir at'
indeoin liom!


L. 30


Bacach: Dhera, oilithrigh garsúin! ná fuil fiú na
féasóige ort!
Ná tógfadh sé deichneabhar 'od' shaghas-sa
mise bhaint de'n bhóthar.



Mícheál (ag breith ar chuislinn air): Tá greim
anois ar chuislinn ort — ní leigfead órlach
eile 't' srón leat,
Beidh a' t-aon chos sin fút briste mara
gcasair ar a' neóimit!



Bacach: Ara, bog dem chuislinn, a chréatúirín
bhreóite!
Seo cnuga beag den mhaide dhuit!
B'fhéidir go gcoimeádfadh sé socair go fóil
tú!



(Tá an garsún ar lár. Cuirean se fead as. Tagan cearthrar
nó cúigear de fhearaibh agus labhran duine aca).



Fear: Dhera, 'alfraits bacaig is a mhuirdiréir
chrónta!
B'é sin mac na baintrighe agat marbh ar an
mbóthar?



Mícheál: Dhera, a chómharsa, níl ormsa an náda
Ach tá mo mháthair aige baile 'sis dócha ná
mairean sí fé'n dtráth so —
Casaidh thar n-ais é agus beirighidh libh é ina
láthair.


L. 31


Fear: Caithfe sé fille linn agus beagán sásaimh is —
má tá sí marbh, sé gheobhaidh an bás
láithreach.



(Gabhann an bacach leath-sgéal leó gurbh í an bhean fé ndeara
é is gur chaith sí an teine dhearg leis. Nuair a thagann chun a
tighe é tá Cáit ball-ghlórach is saitheach uisge beirbhithe aici chun sgóla
na muice thabhairt do. Nuair a chíonn na fir nach fiú biorán atá
uirthi deinid iaracht ar Cáit a chur ar a suaimhneas. Níl aon ní
uaithe sin ach an bacach a mharbhú. Ceapan na fir go bhfuil sí ag
imtheacht dá meabhair. Cuimhnighean duine acu ar sheift .i. í bhogadh
chun cleamhnais. Labhrann sé leis na fearaibh eile):



Fear: Dá mba dhóigh léi go mbeadh aon sparán
fóghanta aige b'fhé go stríocfadh sí
Chuir sí sgéala anuiridh chun píopaire an
Chuilinn
Is nuair ná raibh aige aon phinginn
Níor bhac sí é phósadh chuige.



(Glaodhann duine acu ar leath-taoibh uirthi is labhran i gcogar)



Fear: Anois, a Cháit, tá fhios agam go bhfuil
an bacach san ag cuimhneamh ar phósadh,
agus b'fhé gurb' é an rud céadna thug
é an bóthar —
Pé bean a bhuailfidh leis is di tá airgead
na dhóirne — an bhean a gheobhaidh é ní bheidh
aon easba go deó uirthi.



Cáit: 'Alfraits dhéanta is a chrochaire an chórda!
B'amhla a mheasan tú dhómhsa an bacach san
a phósadh — an ropaire a dhóbair a mharbhóch'
mé.


L. 32


Fear: Anois, a Cháit, ná cuirfeadh sé ort aon
iongntas
Níl aon bhaile as so go Baile Mhúirne ná
go bhfaghad sé sin bean is beirt is triúr
ann,
Agus pé bean a gheobhaidh a bhúndla is aici
bheidh an saoghal socair súgach.



(Téidhean Cáit beagán chun socaireacht ansan).



Cáit: Dhera, a Mhichíl, a dhaltha dhil, conus a
phósfainn-se an bacach san tar éis an fhir
áluinn a bhí cheana agam — fear chó' h-árd,
chó' ceannasach, chó' groidhe, chó' calma agus
do gheobhfá i gcathair é.



Fear: Ar ndóin, a Cháit, ní rabhabhair pósta ach
an fhaid a mhairfeadh sibh!
Agus ar ndóin nuair cailleadh Suímon
sgaoileadh an ceangal díbh,
Má thógan tú mo chómhairle-si tógfair an
t-airgead agus féadfair beagán Aifreann
a chur len' anam bocht.



Cáit: Mhuise, a Mhichíl, a dhaltha, b'fhé go mb'fhearra
dhom stríocadh —
Cé ná pósfainn lem mharthain ach ar mhaithe le
h-anam bocht Shuímin
Ach tá an símpleóir bacaig sin beagáinín
íogair
B'fhéidir ná bacfadh sé mé tar éis na
bruighne.


L. 33


Fear: A Cháit, dearmhadtar an bhruidhean nuair
cuimhnightear ar a' gcleamhnas agus dear-
mhódfaidh an bacach é, táim-se in amhrus —
Fiafróghad-sa dhe ar a spota agus ní bheam
i bhfad a ndomhat ann.



(Tharraic sé chuige an cleamhnas, agus do deineadh é…
Bhí oidhche rí-rá ann… Do labhair an mac ar ball).



Mac: Dhera, a mháthair, mheasas tamall ná feic-
finn aoinne choidhche agat in inead m'athar —



Cáit: Ara, éist do bhéal, a bhligeáird!
Ar mhaithe leat féin atáim
Ar ndó déanfa sé inead athar duit-se agus
drithár.



(Do leanadh den cheól is do dhein an bacach rínnce go ndubhairt
Cáit leis):



"A mhíle grádh gheal stad! nó b'fhé go bhfaghfá
allus as."



[An uair do scríobhas-sa síos é seo, san mbliain 1917, ní raibh
ag Tadhg ach an méid seo dhe. Dubhairt sé go raibh tuille dhe
ann ach go raibh sé dearmhadta aige féin. Bhí os cionn trí fichid
bliain ó fhoghlumaig sé ó sheanduine. Ní móide go bhfuil sé ag
aoinne eile beó anois.]



Finghin na Leamhna.


L. 34


CÁIT A' CHALAITHE AGUS A FEAR.



Fear: Mhuise, a oilithrig! is truagh mar a bhacas
tú,
Mar Naomh Peadar ní fhéadfadh leat réidh-
eachtaint!



Cáit: Pé bean is naomhtha ar a' dtalamh so,
Ní fhéadfadh sí gan bheith a' plé leat.



Fear: Ar ndói'n ní raibh aon-bhean lem' linn-se
ar an mbaile
Ná faghainn ar bhagairt mo mhéire.



Cáit: Is dóigh mhuise gurab í Cháit bhocht gur
thuit uirthi an sgamal,
Agus tusa do ghlacadh mar chéile.



Fear: 'Neósad do ghníomhartha do'n phobul,
'S gearánfad tú le sagart na parróiste.



Cáit: Ara! ní chreidfeadh na cómharsain uait
focal,
Is tá an sagart bocht cortha fadó dhíot.



Fear: Ar ndó', níl aon ní le fagháil uait ach
easonóir,
Aincis is tarcuisne béil, leis.


L. 35


Cáit: Mar sin, bím ag iarraidh tú bhrostú chun
oibre,
Rud ná déanfair let' shaoghal dom.



Fear: Ná codhlann tú féinig go h-eadartha!
Nach go dtí an leabaidh a bheirim an té
chugat!



Cáit: Ná bí ag innsint an éithig, a spreallaire!
As do lapaí ní ghlacfainn aon bhraon di!



Fear: Ná tosnuigheann tú leis an aincis ar
maidin dom!
Is istoidhche ní raghaidh lagadh ná traoch' ort.



Cáit: Mhuise! nách láidir ná bím ag cuimilt
mo bhaise dhíot,
Is ag bladar chun mo pheatha do bhréagadh!



Fear: Geobhaidh na pílears liost ar do bheatha
uaim,
Agus cuirfead ar bhannaí na síothchán' tú.



Cáit: Má gheibheann na pílears aon radharc ná
aon amharc ort,
Ragha' tú gan mhoill go Cill Áirne.



Fear: Is dóigh mhuise béarfa mé 'n chúirt sara
fada thú,
Agus déanfad tú cheangailt má's féi'r liom.



Cáit: Is dóigh liom go ndéanfá go maith innti.
Mar taoi'n tú go diail chun an éithig.


L. 36


Fear: Níor chuiris riamh greim in aon bhalcuis
dom,
Is ní bhfuaireas aon léine le mí uait.



Cáit: Tá do chroiceann chomh buidhe is chomh
smeartha san,
Níorbh' aon mhaith a n-ao'-chor í nighe dhuit!



Fear: Tá mo chosa gan aon luid de'n stoca
agat,
Níor dheinis riamh fearsad do shníomh dóibh.



Cáit: Tá do chosa chomh cnámhach is chomh h-aindis
sin,
Ní choimeádfadh Éire stocaí dhóibh!



Fear: Ná caithfe mé éirghe gach maidean duit,
Chomh luath is bhreacfaidh an lá orm!



Cáit: Seadh is beidh do dhúidín a dtiúin is
tobac agat,
Tú ag aereacht na teine 's a' cneáireacht.



Fear: Ná caithfe mé an t-úrlár a scuabadh is
a ghlanadh dhuit,
'S an citeal a chrochadh chun té dhuit!



Cáit: Dhera! A n-ólfainn-se 'thé go ceann
seachtaine
Chuirfeá-sa at' shlaitear é in éinfheacht.


L. 37


Fear: Ná caithfe mé an t-uisge do tharrac ó'n
dtobar chughat!
Is na prátaí do phriocadh 's do nighe dhuit!



Cáit: Mara ndéanfá ádhbhairín éiginteach corraithe
Thiocfadh dathacha at' chnámha i ndíomhaointeas.



Fear: Caithfe mé an cliabhán do luasgadh 's
do bhogadh dhuit,
'S an leanbh do ghaisceadh 's a chíoradh.



Cáit: Ní mór é mo thoradh 'r an leanbh san,
Mar ó'n athair is ró-olc an "bhreed" é.



Fear: Caithfe mé na cearca a dh'fhéachaint ar
maidin duit,
Is do lachainní fhéachaint istoidhche.



Cáit: Níl aon chúram eile ar an dtalamh so,
Is dóigh liom, is feárr a' riúnaigheann tú.



Fear: Tá fuadar na Buidhe fút mar mheasaim-se
A d'iarraidh an bhríste a dh'fhághail uaim.



Cáit: Níl, ach gan baochas duit-se ná dod'
charaid, leis,
Pléidhfad mo cheart féin go bráth leat.



Fear: Ní h-aon mhaith bheith a' caint leat, a
challaire!
B'fheárr an maide do chur ort a' rinnce!


L. 38


Cáit: Mhuise, ná déanfá é thriail liom, a
spreallaire!
Féachaint ciacu 'gainn araon a bheadh thíos
leis.



Fear: Fágfa' mé ansan as mo sheasamh tú,
Ní bheinn feasda a' brise mo chroidhe leat.



Cáit: Imig! agus nár thaga' aon ghaoth a
chasfaidh tú!
Níor bh'fhear do thig ná do mhnaoi thú!



Fear: Imeoghad is pé faid a mhairfe mé,
Ort-sa ní chasfa mé choidhche!



Cáit: Má chasann tú beidh rómhat agam madra
A dh'íosfaidh na colpaí buidhe 'sat!



Fear: 'Sa tsiubhal liom is ní fheadar cá racha' mé,
Mar tá mo chroidhe 'gat-sa briste agus
m'inntinn.



Cáit: Táim bog ar cad é an dúthaigh go racha' tú
Ach ná casfá thar n-ais chun a tighe chugham!



(D'imthigh sé air ansan).


L. 39


CAISMIRT NA gCEARC.



Mícheál Ó Breasail — feirmeóir.



Sinéad — Bean Mhichíl.



Marcus 'ac Gearailt, — feirmeóir eile.



Máighréad — Bean Mharcuis.



Peadar 'ac Gearailt — Mac Mharcuis.
(i ngrádh le Cáit Ghearra).



Bríghid níc Ghearailt — Inghean Mharcuis.



Seán Fada — Mac Mhichíl Uí Bhreasail.
(i ngrádh le Bríghid níc Ghearailt).



Cáit Ghearra — Inghean Mhichíl Uí Bhreasail.



Píobaire an Mhachaire.



Sagart na parróisde.



Sinéad ní Bhreasail: A Mháiréad ní Ghearailt,
mara gcoimeádair do chearca
Tabharfad órdú as mo sheasamh dho'n chúirt
duit,
Cé gurb'é m' opineón daingean ná faghair
aon leath-sgéal dá ndeasgaibh
Acht plucaireacht cainnte is achúmhlacht.



Máighréad ní Ghearailt: Ara, a Shinéad ní Bhreasail,
ní le h-aon easba beatha
Do thriallann mo chearca-sa chughatsa.
Is acu bheadh na h-eagáin fuar dealbh ag
teacht chugham abhaile,
Dá mbeidís ag braith ar a bhfaghaid siad
ná gcúrsa


L. 40


Sinéad: Is dóigh, a Mháighréad ní Ghearailt, tá
agamsa in sa talamh
Pó'ire le seachtain is inniúna,
Is nuair ghluaisigheann do chearca le na
n-ingnibh fada,
Ní dh'fhágaid siad piuc díobh gan spiúnadh.



Máighréad: Mhuise sé m' opineón daingean ar
chuiris de phóire in sa talamh,
Go mbéarfadh leanbh trí mblian leis i
bpúits í,
Is dá ndéanainn corcán maith praisge do
aon fhaimilí fhairsing,
Nár mhór di ar chuiris d'inniúnaibh.



Sinéad; A cheirtleóig gan mhaitheas, sé do léithéid
mhaoidhfeadh as ghaisge,
Nár fhág riamh go dtí an t-eadarthrath an
súsa,
Nár dhein riamh balcuis do leanbh ná fearsaid
a chasadh,
Ach go gcuirfeá an oiread ad' bhladar le
cúigear.



Máighréad: Mhuise, a oilithrigh mheathta! gan
deallramh gan phearsa,
Níl sé de cháil agat beatha do iomchar,
Acht go ndéanfá maoirseacht ar chearcaibh
is dá sgeinnfeadh sicín thar falla,
Go gcloisfeadh an baile tú ag liúirigh.


L. 41


Sinéad: Dar a raibh de leabhra ag Naomh Peadar
is ag Naomh Pádraig fairis
Bainfeadsa leathadh as do shúile,
Mar ní thiocfaidh aon chúirt in sa chathair
ná go mbéarfad ann tú ar bhathas
Nó go gcaithfir na cearca do cheangal sa
chúinne.



Máighréad: A amhasadóir mhalluighthe, channcarach,
aithiseac,
Ná fuair riamh teagasg ná múineadh,
Níl aon bhean ar an mbaile ná gó dtabharfaidh
an leabhar dom dom sa chathair
Gurb' é do choileach-sa mheallann chun
siúbhail iad.



Sinéad: A chrón-chailligh bhradaigh, phór-phusach,
smeartha,
Níl mo choileach-sa bradach ná siubhlach
Is má deirir leis dadamh níl aon chloch ar
an mbaile
Ná go gcuirfidh mé ceangailte dhod' shúil
iad.



Máighréad; Mhuise ná triailfeá as do sheasamh
breith ar chloich chun a caithte,
Is do chloisfeadh an baile seo búirtheach,
Níl aon chnáimhín ad' phearsa ná go ndéan-
fainn a bhasgadh,
I slighe is go dhtabharfá bliain ar a leabaidh
tinn brúighte.


L. 42


Sinéad: Is dóigh mhuise dá gcaillfinn m'anam
leat, gheobhair an chloch so sa mhalain uaim,
Agus b'fhearr liom go mbrisfinn do shúil léi,
Sin anois fuil leat go talamh, a mhéirdrigh
shalaigh!
B'fhéidir go leigfeá feasda dom' choileach-sa,
a rúcaigh!



Máighréad: Tá fhios ag an dtalamh go bhfuilim
geárrtha basgaithe,
Acht beidh sásamh as mo sheasamh ó chroidhe
agam,
Níl aon ribe ar do bhathas ná go stollfad
go talamh,
Is ní bhéarfaidh aon tsagart ort choidhche.



(Tagann Mícheál Ó Breasail, fear Sinéad suas anois)



Mícheál Ó Breasail: A Mháighréad ní Ghearailt,
ná mairbh máthair mo leanbh,
Ní h-aon mheaits duitse, Sinéad bhocht,
Atá ag obair is ag grafadh agam idir dhá
cheann na seachtaine,
Gan sos, gan lagadh ná traochadh.



Máighréad: Acht, a Mhichíl Uí Bhreasail, ná feuchfá
ar mo mhalainn,
Mo chuid fola ag imeacht as gan traochadh.
Dá mbeadh láithreach an sagart is a bhfuil
do "pheelers" in sa chathair,
Gheobhad sásamh i mbaile ar shlighe éigin.


L. 43


Mícheál: Ara, a Mháighréad, a dhaltha, ní bhacfam
pílear ná sagart,
An fhaid atá dhá ghéag mhaithe orm féinig,
Cé nár bhacas riamh gaisge, is ní bhacfad í
leatsa
Ach ní bhfaghair Sinéad do thachtadh ar aon
dul.



Máighréad: Ta chughamsa m'fhear Marcus is aige
stúmpa breágh bata,
Go bhfuil fáinne ar a bharra agus faobhar
air,
Tá 'n-a dhiaidh mo mhac Peadar, agus m'inghean
Brighid leis, fairis,
I slighe is go mbeidhirse i dteannta is Sinéad
leis.



Mícheál: Ach mb'fhé go mbeadh mo mhac-sa Seán
Fada annso chugham go tapaidh
Agus m'ingean Cáit Ghearra 'n-a dhiaidh leis.
Sé m'oipineón daingean ná fuil aon bheirt
bhan ar an mbaile
Ná stollfadh Cáit Ghearra as a chéile iad.



(Tagann Marcus 'ac Gearailt suas annsan).



Marcus: A Mhichíl Uí Bhreasail, goidé fáth an
chatha,
Nó an tusa do ghearruigh Máighréad bhocht,
Ar a dtáinig dod' bheatha níor bhuailis páisde
ná leanbh,
Agus cad fé ndéara an t-éirleach.


L. 44


Mícheál (le Marcus): A Mharcuis 'ac Gearailt,
ná bíodh ort aon fhearg,
Ní mise do ghearraigh Máighréad ort,
Is ní fheadar ó Adam goidé fáth an chatha,
Fiafraigh as do sheasamh dí féin é.



Marcus (le Máighréad): A Mháighréad ní Ghearailt,
innis dúinn gan fearg,
Cé ghearraigh do mhala breágh gléigeal,
Innis é chómh cneasda is dá mbeidhfeá ar
do ghlúin ag an sagart,
Gan baint de ná cur leis ar aon chor.



Máighréad: A Mharcuis 'ac Gearailt, ní h-é
Mícheál ó Breasail
A chuir an breasal ormsa a n-ao' cor,
Ach le stúmpa de charraig, do bhrisfeadh
ceann tairbh,
D'aimsigh in sa mhalainn Sinéad mé.



Annsan léimeas ó thalamh le h-intinn í
thachtad
Agus ghreamuigheas go daingean ar phlaosg í,
Nuair a tháinig Mícheál tar falla agus
chosain í go tapaidh
Agus siad na cearca fé ndeara go léir é.


L. 45


Sinéad: A Mháighréad ní Ghearailt, ní bheidhinn
ag éisteacht leat feasda,
Ní h-iad na cearca fé ndeara é a n-ad'-chor,
Ach a bheith ag fonómhaid is ag magadh fém'
choilichín dearg,
Rud ná lámhálfainn do'n tsagart do dhéanamh



(Labhrann Seán Fada, mac Sinéad, le Brighid, inghean Mháighréad,
annsan).



Seán Fada: Imbriathar, a Bhrighid ní Ghearailt,
go mbeidh seó ag an mbaile,
Agus spórt ag ár máithreacha féin ann,
Cé go gcuirfinn coróin as mo sheasam,
le h-aon fhear 'na bhea dh,
Go bhfaghainn chrothadh gan lapa ó Mháighréad
bocht.



Brighid: Imbriathar, a Sheáin Fada, ná cuirfinnse
leat é,
Mar is fada sibh go ramhar le n-a chéile,
Ach chuirfinn go tapaidh leat dúbailt an
airgid,
Go bpógfaidh ar a spota Sinéad mé.



Sinéad: Mhuise, a Bhrighid ní Ghearailt, gheóbhair
an phóg as mo sheasamh,
Is bheinn ad' phógadh go maidin dá méin leat,
Mar tá agam duit gradam, ná fuil do aon
bhean ar an mbaile
Agus beidh nó go gcuirfear 'n chré me.


L. 46


Máighréad: Is dóigh liom anois, a Sheáin Fhada,
tógfad do lapa
Agus crothfad go slachtar mé féin í,
Mar ad' laogh ná ad leanbh dhéanfá pé ní
ba mhaith liom,
Is ní bheidh eadrainn choidhche ach an réidhteach



(Labhrann Peadar, mac Mháighréad le Cáit Ghearra inghean Shinéad
annsan).



Peadar: Gluais, a Cháit Ghearra, agus téanam
a bhaile
Tá an cath sin imithe sa spéir uainn,
Dhein Brighid is Seán Fada é riarú go tapaidh,
Is réireoghaidh siad a thuille má's féi'r leó.



Cáit Ghearra: Tagaim leat air, a Peadair, agus
glaodhaigh-si leat m'athair,
Agus téanam-sa, a Mharcuis, liom féinig,
Beidh Brighid is Seán Fada le n-ár sálaibh
go tapaidh,
Agus Sinéad is Máighréad in aoinfheacht



(Imighid annsan is iarrann Mícheál Ó Breasail ar an muinntir
eile teacht isteach in a thigh féin).



Mícheál: Buail isteach, a Mharcuis, tá an tráthnóna
fada,
Agus ólfam an tobac in aoinfheacht,
Tabharfaidh Cáit léithi Peadar, tiocfaidh Brighid
mar a mheasaim,
Is ní leigfidh Seán Fada Máighréad uaidh.


L. 47


Marcus: Rachadsa leatsa, a Mhichíl Uí Bhreasail,
A chómhursa fhairsing, gan aon locht,
Is i dtaobh Cáit is Seán Fada agus Sinéad
leó,
Níor bh'fhada liom seachtain ag plé leó.



Sinéad (ag cur fáilte rómpa): Dé bheatha, a
Mharcuis, a chómhursa gan chealg,
Is Dé bheatha, a Pheadair, mar aon leis,
Is a Bhrighid ní Ghearailt, tá rómhat fáilte
Uí Chealla,
Mar ní bhfaghainn cailín chomh deas leat ar
aonach.
Is a Mháighréad Ní Ghearailt, raghainn ar
mo ghlúinibh as mo sheasamh
Dá maithfá dhom obair an lae indiú,
Is arís an fhaid a mhairfead ní fhógróghad
na cearca,
Is geobhair cead magaidh fém' choileach má's
méin leat.



Máighréad: Ara a Shinéad Ní Bhreasail, cad 'na
thaobh ná maithfinn,
Ar ndóigh ní raibh eadrainn riamh ach an
méid sin,
Is ní dhéanfad aon mhagadh féd' choilichín
dearg,
Ní mór liom na cearca go léir do!


L. 48


Sinéad: Dhera, a Mháighréad Ni Ghearailt, cad
dob' áil leis dod' chearca,
Ná fuil a dhóthain mór cearc agam féinig.
Ní chreidfinn ó'n sagart ná fiú amháin ó'n
Easbog
Go ngeóbhadh sé led' chearca-sa a n-ao' chor



(Labhrann Seán Fada anois le n-a mháthair is le Máighréad ar
eagla go n-éireóchad a thuille de'n bhruighin).



Seán Fada: Ara a mháthair, a dhaltha, is a Mháighréad
Ní Ghearailt,
Cad dob' áil libh bheith ag trácht ar na cearca
so a n-ao' chor,
Dá mbeadh beagán acu marbh níorbh' fheárr
iad 'n-a mbeathaidh,
Ná h-íosfaidhe go deas chun dínnéir iad.



Máighréad: Imigh, a Pheadair, tú féin is Seán
Fada,
Agus tugaídh libh dó nó trí chearca liom
féinig
Ní bheidh Brighid is Cáit Ghearra leath-uair
da mbearradh;
Is beidhid ullamh gan stad chun dínnéir díbh.



Sinéad: Ara a Sheáin is a Pheadair, cad é an
mhaith dó nó trí cearca,
Ní fhéadfainn iad a roinnt ortha a n-ao'chor,
Tá ceathrar fear ann, an tsuim chéadna
bhan ann,
Is tugaídh cearc libh a dtómas gach aoinne


L. 49


Peadar: Gluais, a Sheáin Fhada, is faigh stúmpa
breágh maide,
Is geóbhad ceann maith eile mé féinig,
Agus bheirim-se an t-achrann ó'n uair go bhfuil
sé dhúinn ceadaithe,
Go mbeidh cearca go tiugh chun dinnéir ann



(Imighean Seán agus Peadar ag triall ar na cearcaibh annsan.
Cuirean Brighid Ní Ghearailt a ceann san dorus agus chíonn
sí Píobaire an Mhachaire ag dul isteach 'n-a tigh féin).



Brighid (ag an ndorus ag féachaint isteach): Dhera
cómh siúrálta is mhaireann sibh, tá Píobaire
an Mhachaire
Ag dul thiar isteach nár dtigh féinig,
Gluais, a Cháit Ghearra, agus sibh go léir
as bhúr seasamh,
Is coimeádfam é seachtain má's féidir.



Máighréad: Gluais, a Mharcuis is a Mhichíl Uí
Bhreasail,
Agus tair-si leis a Shinéad linn,
Níl aon ní gur fiú trácht thairis, ó thigh
Dhonnchadh-dí go dtí an gcathair,
Ná beidh aige siúd ar aon mhéir dhúinn.



Sinéad: A Mháighréad Ní Ghearailt, tagaim-se
leat air
Go mbeidh aige sgéalta na h-Éireann,
Mar oidhche go rabhas ag caismirt le Mícheál
Ó Breasail,
Fuair sé amach é fé eadarthrath an lae sin.



(Imighid ag triall ar an bPíobaire).


L. 50


Marcus: A Phíobaire an Mhachaire, fáilte agus
dachad rómhat,
Thar a bhsuil d'fhearaibh i nÉirinn
Tá bliain fhada fhairsing ó bhís annso cheana,
Is cad do choinnimh chomh fada tú a n-ao' chor.



Píobaire: A Mhichíl 'sa Mharcuis, tá fhios againn
cheana
Gur fada fairsing í Éire,
Ach, a Mháighréad Ní Ghearailt, cad d'imigh
ar do mhalainn.
Nach maith a chuaidh an tsúil chlé as.



Máighréad: A Phíobaire an Mhachaire, bhíos féin
agus Marcus ag grásgar ar maidin,
Agus bhuail sé le buille caídhráin mé,
Ach gheobhaidh peelers na cathrach liost ar a
bheatha uaim
Agus cuirfead ar bannaí na síothchána é.



Marcus: A Phíobaire an Mhachaire, níl Máighréad
ach ag magadh fút,
Ní mise do dhéin léi an náda,
Í féin is Sinéad Ní Bhreasail bhí ag grásgar
i dtaobh cearca,
Sin é d'fhág a mala deas geárrtha.



Píobaire. Beagáinín achrann, idir mná ar aon
bhaile astigh,
Ní thabharfainn as mo mhuinirthle biorán air,
Chuirfinn mo phíopaí is mo hata i ngeall le
h-aon fhear 'n-a bheathaidh,
Go dtiocfaidh cleamhnas anocht as an ngrásgar.


L. 51


Sinéad (le Brighid): Mhuise, a Bhrighid ní Ghearailt,
níl aon bhean ar an dtalamh,
Do thógfainn-se romhatsa do Sheán bhocht,
Is b'fhearr liom Cáit pósta ag Peadar ná
ag n-a h-athair,
Is ní thabharfainn aon tsásamh do'n tsagart
é rádh leis.



Máighréad: Is dóigh mhuise, a Shinéad ní Bhreasail,
ná bíodh ort aon mhairg,
Mar gheobhair Brighid in sa mhaidin do Sheán
uaim.
Is i dtaobh Cáit Ghearra tá sí am' shúilibh
do Pheadar,
Sar ar rugadh riamh í dá máthair.



Píobaire: A Mhichíl 's a Mharcuis, ná fuil 'nbhúr
mbéil-ne leis teanga,
Ná déarfadh sibh feasda rud éigin,
Tá an sgeul socair cheana ag sna mnáibh
go blasda
Mara ndéanaidh sibhse é bhriseadh ná raobadh.



Mícheál: A Phíobaire an Mhachaire, ná bíodh ort
aon eagla
Go ndéanfadsa ná Marcus bocht náda,
Má tá na mná leis toiltheanach agus na
daoine óga fonnmhar
Seo chuige iad ar sodar amáireach.


L. 52


Marcus: A Phíobaire an Mhachaire, chómh siúráltha
is mhaireann tú,
Táimse leis an margadh sásta,
Mar fear is feárr ná Seán Fada, ní
bhfaghainn é lem' mharthain,
Is beidh beirt bhan ag an bhfear a gheobhaidh
Cáit bocht.



Cáit ní Bhreasail (cuireann sí a ceann 'sa' dorus
agus chíonn sí lucht na gcearc ag teacht):
Tá Seán agus Peadar ag teacht leis na
cearcaibh.
Beidh obair gan stad ag na mnáibh 'nois,
Is tá an coilichín dearg go siúráltha marbh,
'Sé atá ag Seán Fada 'n-a láimh dheis.



Máighréad ní Ghearailt: Ara anois, a Cháit Gheara,
ná bí fúm ag magadh,
Ní h-amhla' mhairbheóghaidís mo choilichín Márta,
Do ghlaodhadh ar maidin orm agus d'aeradh
na cearca dhom,
Is ná béarfadh fiach ná fiolar a bhárr uaidh



(Tagann lucht na gcearc isteach).



Peadar 'ac Gearailt (ag cur fáilte roimh an
bpíobaire): A Phíobaire an Mhachaire,
fáiltí 'n bhaile rómhat,
Agus fáilte Pheadair thar bárr duit!
B'fheárr liom oidhche ad' fhochair-se ná i bhfochair
prionnsa ná rudaire,
Agus shín chugham crothadh de'n láimh dheis.


L. 53


Píobaire: Go deimhin a Pheadair duit, geobhair
an lapa uaim,
Is tabharfad an lámh eile do Sheán leis,
Innis as do sheasamh dom cad do mhairbh na
cearca ar fad
An nimh, an gorta nó pláigh é.



Peadar: A Phíobaire an Mhachaire, ní h-aon
cheann acu mhairbh iad,
Agus gheobhair ceann le n-ithe acu láithreach,
Níor bh'aon ní na cearca, ach an coilichín
dearg,
'S is baoghlach go dtiocfaidh as árd-bhruighean.



Sinéad ní Bhreasail: Mhuise a Sheáin is a Pheadair!
b'é sin mo choilichín dearg,
Atá 'gaibh tachtaithe marbh, gan aon sgrioth.
Bhíodh chómh tláith leis na cearcaibh is bheadh
páisde nó leanbh,
Is dhúisigheadh an baile nuair ghlaodhadh sé.



Dhá bhliain an taca so, seadh cheannuigheas
in sa chathair é,
Is thugas mo stúmpa breágh raol' air,
Is bheartuigheas am' aigne ná sgarfainn lem'
(b)mharthain leis,
Le feabhus a phearsa is a thréithe.


L. 54


Ach tá sé sgartha liom, fóríor deacrach!
Is cad a dhéanfam dá easnamh a n-ao' chor,
Beidh mo chearca leis laitithe is codalthógham
go h-eadarthrath
Is ní choingbheógham an baile seo a n-ao' chor.



Seán Fada: Dhera a mháthair, bí eagnaidhe is ná
bíodh na daoine ag magadh fút,
Gheobhair coileach chomh maith leis ar ndóigh
thoir,
Ná dubhairt Nóra Sheáin Bhreathnaigh liom féin
is le Peadar.
Gurbh' é an coileach ba bhradaighe 'sa' phar-
róisde é.



Sinéad: Dá mbeinn ag éisteacht leis an gcallaire,
ag rádh aon ní lem' choileach beag,
Atá tréith lag marbh, mó bhrón é!
Gan bhuidheachas do'n bhaile, ná d'á bhfuil
ann des na Breathnaigh,
Thabharfainn deoch dá cuid fola le n-ól di.



Peadar: A Shinéad ní Bhreasail, is dúbhach
brónach an chreach é,
Is is mise fé ndeara é, níl domhat air,
Mar is amhla' a chaitheas an maide, le Nóra
Sheáin Bhreathnaigh,
Agus bhuaileas an coileach in annracht.


L. 55


Annsan do ghuídheas chun na bhFlaitheas, chun
Michíl agus Peadair,
Chun Naomh Pádraig farró, gan amhras,
Mar bhí mo chroidhe liom ag preabadh is
mo mheabhair uaim ag scaipe
Is ní fhéadfainn suidhe ná seasamh le sgannradh.



Ansan do liúghas is do sgreadas agus stollas
mo bhathas
Is thuit uaim deóracha fairsinge ramhra,
Nó go ndubhairt liom Seán Fada, an fhoidhne
do ghlacadh,
Is go dtabharfá-sa maitheachas ann dom.



Sinéad: Mo ghraidhn é, a Pheadair, cad a dhéanfadh
mac t'athar
Gan bheith nádúrtha maith dos na cómhursain,
Ó'n uair gur le Nóra Sheáin Bhreathnaigh a
chaithis an maide
Maithim-se an coileach go deo dhuit.



Is amáireach, a Pheadair, gheobhair Cáit Ghearra
ar fad uaim,
Agus déanfaidh Brighid is Seán Fada é, is
dócha,
Is dá mbeadh sé 'na bheathaidh mo choilichín
dearg
Nách aerach mar ghlaodhfadh sé do'n phósadh.


L. 56


Is anois, a Cháit Ghearra, déin é ullmhú
go tapaidh,
Is cuir ar mhéis chun Peadair ar bórd é,
Is má dh'itheann sé creatlach mo choilichín-sa
dearg
Ní bhuailfidh treighid ná tinneas go deo é.



Cáit: Tá sé ullmhuithe cheana, ná bíodh eagla ort,
Is i bhfochair na gcearc dá bheirbhiú leis,
Agus aoinne ach amháin Peadar ní bhfaghaidh
sé dhe blaise,
Gheóbhaidh sé 'dir chosa 'dir ghob is 'dir
shúile é.



Máighréad: A Bhrighid 's a Cháit Ghearra, cuirighidh
an bórd mór i bhfearas,
Tá na cearca so ullamh díbh láithreach,
Agus i dtaobh na praisge, tá sí beirbhthe
cheana,
Leigídh amach in 'sa channa mhór chláir í.



Ansan faighídh árrthaistí fairsionga, is tugaidh
scárlóid dos na fearaibh de,
Agus ólaídh féin leis, bhúr sáith dhe,
Mar chómh siúráltha is mhaireann sibh
Aoin e ólfaidh a dhóthain de'n phraisigh seo,
Is feárrde de a chorp go ceann ráithe.


L. 57


Cáit Ghearra (ag roinnt na praisge): Seadh, a
Phíobaire an Mhachaire, seo canna de'n
phraisigh díbh,
Óladh m'athair agus Marcus ad' theannta í,
Gheobhaidh sibh bodhlaí go tapaidh uaim agus
spíonóg chun measgaithe,
Ná faghaim go mbeidh aon dil 'nbhúr ndeabhaidh
di.



Píobaire: Mhuise a Mhichíl is a Mharcuis, nach
áluinn í an phraiseach,
Is geall le geir í bheadh leachta de mhúnla'
Ar a dtáinig dom' bheatha agus táim glan
an dachad,
Ní bhfuaireas praiseach chomh deas leis am'
shiubhalthaibh.



Marcus: A Phíobaire an Mhachaire, atá sí go
smeartha againn,
A's deirim-se leatsa nách iongnadh é,
Nár chuireadh ocht gcinn de chearcaibh ann
agus an coilichín dearg
Is an chearc beag gur mheádhuigh sí deich púint
dóibh.



Sinéad: A Phíobaire an Mhacaire, is a Mhichíl
's a Mharcuis leis,
Má taoi'n sib de'n phraisigh sin sásta,
Iompuighidh chun na gcearc isteach is líonaighidh
bhúr sleatair díobh,
Is ní call díbh aon ní d'ithe go dtí an taca
so amáireach.


L. 58


Ach seo dhuitse, a Pheadair, an coilichín dearg,
Is ná tabhair a bhlaise do leanbh ná do pháisde,
Cé gurb' é mo chumha chroidhe liom é marbh,
ná é fheiscint beirbhthe i bpraisig,
Is gur shíligheas ná sgarfainn go bráth leis.



Peadar: A Shinéad ní Bhreasail, ní fheadar ó Adam,
Conus a bhainfidh mé greim as
Tá m'aigne socair chun é ar fad do shlugadh,
Aon fhiacal liom choidhche ní raghaidh ann.



Píobaire: A Mhichíl is a Mharcuis ní raibh ach
neamh-ní 'sa' phraisigh,
Ach na cearca so cuimhneoghaimíd go deo
orrtha,
Bainríoghan na Sacsan níor ith riamh aon
chomh deas leo,
An ceann is measa acu ba mhargadh ar
choróin í.



Mícheál: B'fhéidir, a Phíobaire an Mhachaire, sar
a mbéarfaidh an mhaidean ort
Go mbainfidís as do chreatlach ramsach.



Píobaire: A Mhichíl uí Bhreasail, ní cheadóghainn
ar chapall,
Is ná ar thuilleas ar mo phíopaí le ráithe
Go dtiocfadh aon ní orainn treasna, 'dtaobh
bídh ná i dtaobh praisge,
Chuirfeadh cosg le n-ár bpóstaí annso amáireach.


L. 59


Seán Fada: A Phíobaire an Mhachaire, má tá an
dinnéar sin caithte agat
Bíodh na píopaí i bhfearas dúinn láithreach,
Rinncfeam ríl ceathrair, geobhaidh an t-úrlár
so greadadh uainn,
Agus suathfam na cearca, mo lámh duit!



Píobaire: Imbriathar, a Sheáin Fhada, go mbeidh
na píopaí 'gat i bhfearas,
Is gheobhair ríl mhór Bhaile an Chalaith le
dúthracht,
Ó Phíobaire an Mhachaire, thugann ceól uaidh
gan airgead,
Is go maidin ní raghaidh pinginn 'n-a phúits de.



Seán: Bí ad' shuidhe anois, a Pheadair, agus beir
leat Cáit Ghearra
Is a Bhrighid ní Ghearailt rínnc liúmsa,
Is ar do bhás ná ar do bheatha ná leig a
bhárr le cos "Ghearra,"
Bí aireach ar gach iompódh agus cúinne.



Cáit (le Peadar): Ná bac-sa é, a Pheadair,
cad déarfaidh Seán Fada
Má tá ár gcosa-na gearra, táid múinte,
Cruaidh córach slachtar, lán d'fheóil agus
d'anam,
Is a Phíobaire feasda, sgaoil chughainn é.



(Rinncid annsan. Nuair a bhíonn an ríl críochnuithe labhrann
an píobaire).


L. 60


Píobaire: Imbriathar, a Sheáin is a Pheadair, gur
dheineabhair í rinnce go blasda,
Is dhein Brighid is Cáit Ghearra a gcuid
féin de,
Ach leithéid Cáit Ghearra ní bhfaghair ar an
mbaile,
Is measaim ná fuil a máighistir in Éirinn.



Mícheál ua Breasail: Éirigh t'shuidhe, a Mharcuis,
agus rinncfeam araon sgathamh.
A Phíobaire, seinn dúinn rud éigin
Ad' mhálaí níl dadamh ná gur rinnceamar
cheana,
Agus rinncfeam anois é ar shlighe éigin.



(Leanaid de'n rinnce is bíonn abhráin is ceol is rinnce ar siubhal
acu ar feadh tamall de'n oidhche ach sa deire buailtear breoite
iad go léir ach amháin Sinéad ní Bhreasail agus Peadar 'ac Gearailt.
Bhí an píobaire bocht chomh donaidhe sin gur cuireadh fios ar an
sagart dó.)



Sinéad (ar maidin. Níl sa tigh anois ach í féin
agus Peadar): Dubhart leat, a Pheadair,
is cuimhin leat é cheana,
Dá n-íosthá an coilichín dearg nárbh bhaoghal
duit,
Cé gurb' é an cumha chroidhe liom é marbh,
is go mbead dá chaoine an fhaid mhairfead,
Nár dhein sé mo chliamhain mhaith a shaoradh!


L. 61


Ach na póstaídheacha caithfear, chur ar a
gcúlaibh mar mheasaim,
Is ní fheadar ciacu seachtain nó mí é,
Ach má thagann an sagart andiu ar an
mbaile,
Inneósaidh sé sin gach aon ní dhúinn



(Téidheann sí go dtí an dorus is féachann amach is chíonn sí
marcach ag teacht).



Feuch-sa, a Pheadair, a n-aithnéóchthá-sa an
marcach.
Tá sé ag teacht ar coiscéim cosanáirde,
Chomh siúrálta is a mhaireann tú, sin é an
sagart chughainn,
Bí amuigh agus beir ar an gcapall uaidh
láithreach!



(Téidheann Peadar amach ar an macha).



Peadar (ag cur fáilte roimh an sagart): Dé
beatha, a Athair! nach tú tháinig go tapaidh
Is tá do chapall nách mór agat séidthe.
Tá sé líonta de allus, ó n-a cheann go dtí
'na mhalain,
Níor chall duit an deabhadh mór a n-ao'chor.



Sagart: Asdóin an teachtaire, a Pheadair, do
chuaidh chughamsa ar maidin
Dubhairt sé go raibh naonbhar agaibh i reachtaibh
an bháis rómham,
Tar éis béile mór cearca do fuair nimh
a gan fhios,
Is go raibh an Píobaire marbh sar ar fhág sé.


L. 62


Peadar: Táim dá rádh leat, a Athair, ná raibh
aon nimh ar na cearcaibh
Ach gur saíll agus brothaighil go leor iad,
Is níl an píobaire marbh, tá sé fós rómhat
'n-a bheathaidh,
'Sis dóigh liom ná caillfear go fóil é.



'Nois 'Athair, gallda a bhí na cearca, is
bhithears dá ramhrú le fada
I slighe is gurbh' bhlonag ar fad a gcuid
feola.
Is nuair dheineadar iad féin a shacadh de
bhlonaig is de phraisigh,
Níorbh' aon iongnadh iad a bheith tamaillín
breoite.



Sagart: Dhe mhuise má chímse an teachtaire sar
a bhfágfad an baile seo,
Gheobhaidh sé an nimh leis an bhfuip uaim a
dhóthain,
Mar do réir do ráidhte-se, a Pheadair,
níor nimh é ná galar,
Ach craos agus iomorca póite



(Tagann Sinéad suas).



Sinéad: Mhuise a ghrádh ghil, a Athair, dá bhfanfá
tamall ag aighneas le Peadar
Do sgeinnfinn isteach chúcha láithreach
Ní dhéanfainn ach casadh, ní bheinn nóimeat
na baise,
Is inneósad duit conus atáid siad.


L. 63


Sagart: Imigh is bí tapaidh, is ná suidh is ná
seasaimh,
Mar theasdóch uaimse bheith sa bhaile fé'n
dtráth so,
Tá mo chapall 'n-a sheasamh ag síor-shile alluis,
Is ná feadar ná go bhfaghaidh sé galar an
bháis as.



(Imigheann Sinéad is tagann thar n-ais i gcionn cúpla nóimeat).



Sinéad: Ar mo ghlúnaibh, a Athair, táim dá
iarraidh ort maitheamh
Níl siad i ngábhatar an tsagairt a n-ao' chor,
Agus sí Nóra Sheáin Bhreathnaigh chuir fios
ort chomh tapaidh,
Agus is í mhairbh mo choileach-sa indé leis.



Bhíodar tamall de'n mhaidin tinn breoite
ó thalamh
Na mná is na fearaibh in aoinfheacht
Ach amháin mise agus Peadar, ní raibh orainn
dadamh,
Agus sé an coilichín dearg do shaor sinn.



Bhí Seán agus Peadar, Brighid is Cáit Ghearra
Chun pósta andiu in aoinfheacht,
Ach puinnteáil-si anois, 'Athair, aon lá dhóibh
is maith leat,
Agus díolfar go maith asda araon tú


L. 64


Sagart: A Shinéad ní Bhreasail, táim duit ag
maitheamh,
Agus maitheachas uaimse ní gádh dhuit,
A bhe n bhocht gan pheaca, gan mhailís, gan
chealg,
Gan aon locht ar an dtalamh le fáil ort.



Ach na mná is na fearaibh thug do'n pharróisde
seo sganall,
Cuirfeadsa fé gheasaibh iad nách fearrde iad,
Scríobhfad go dtí an t-Easbog agus go dtí
Árd Easbog Caisil.
Agus scríobhfaidh siad-san go dtí an Pápa air.



Ní bhfaghaid siad aon éadach a chaitheamh, ach
leithead de chlúmh gharbh,
A bheidh dá gclúdach ó n-a gcúl go dtí
n-a sála,
Is ní bhfaghaid siad aon bhlaise de chirc ná
de phraisig,
Gan chead ó Easbog Chill Áirne.



Ach Dé Domhnaigh seadh caithfear, na daoine
óga so cheangal,
Bídís ullamh chun pósta an lá san,
Is má díoltar go maith sinn, is gan bheith
gann ná gortach linn —
B'fhé' go bhfágfaimís gach aon ní mar atá sé.



A CRÍOCH.


L. 65


AMHRÁN A' BHAITSILLÉIR.



I.



Ní fheadar in Éirinn goidé mar shaoghal é,
Ní thuigean éinne é i gcóir ná i gceart,
Mar dá mb' é an tuincéar é, ná an bacach
féinig,
Nó an tailliúir aerach — gheibhid siad bean
Ní drúncaer mé ná rop ire éithigh,
Agus feall níor dhéineas riamh ar neach,
Cé gur mór í m'éirim it iss quite plain now,
Gur lochtaí éigin a dhéin mé lat.



II.



I dtúis mo shaoghail dom bhíos beagán aerach
Is ar na cómhursain taobh liom ní bhfaghainn aon
bhlas,
Is mo mháthair féinig dá rádh 'n-aghaidh an lae liom
That 'twass with the agent I should make a match.
Bí Tadhg Ó hÉaluighe ar a' mbaile taobh liom
Chomh maith le h-éin-fhear i gcáil 's i raith,
He'd give me Mary agus deighleáil spré léi —
Is ní raibh her écals in sa pharróisde ar fad.


L. 66


III.



Ach nuair a bhí m'éirim ar inghean an Agent,
'Ge Máire Ní Éaluighe ní raibh aon tseans
Agus Seán Ó Céirín a chuir sí le sgéala
I told him plainly gan teacht thar n-ais.
Ansan d'imigheas féinig go dtí an t-Agent.
To know if he'd take me am chliamhain isteach
Ach ar an ngunna ghlaoidh sé in a terrible rage
too
Is mara mbeadh m'fheabhus de racer, I would be shot.



IV.



Blianta na dhéidh sin, bhí inghean eile ag hÉalaighe
Cé ná raibh sí a n-ao' chor chomh maith le Moll;
Ach shíligheas féinig nár bheag dhom sméide
Nuair a gheobhann mar chéile í agus foirtiún maith.
Chuireas Father Brady ann le sgéala
Is ná h-iarrfainn aon rud léi, dubh ná geal:
Ach b'é a rádh go léir leis "that I was getting
grey now,
Is ná pósfadh Kate mé, dá mba liom Éire ar
fad"



V.



Nuair a chuala an méid sin ó'n sagart naomhtha
On my oath it made me cromadh ar ghol
Ansan chuardaigheas gach éinne chuir riamh chúgham
sgéala
Is ó éinne a n-ao' chor ní bhfaghainn aon tor'.


L. 67


Anois táim am aonar is a' dul san aos leis
Gan wife ná baby do réidhteóch beart,
Ach go bhfuil inghean tuinncéir ann ná fuair fós
éinne
And if she don't take me — I must stop.



AMHRÁN NA STAIGÍNÍ.



Fonn: "Raghadsa is Cittí bhálcaeracht."



Nár sheasgair bhí ár gcaraid in Éirinn
Sar a dtáinig an Béarla chughainn,
Bhí 'gainn sagairt is easbuig is naomhaibh,
Is ba Gaedhlach a dtréithe siúd.
Na capaill ní thuigeadh ach Gaeluinn
Ar fuaid Éireann go léir, dár liúm,
Is dá labharfá le ceann acu i mBéarla
Do bheadh stailc in a thaobh ansúd.



Mo chreach ghéar fhada is mo léar-ghoin:
Dá gcloiseadh sí Béarla, an mhiúil,
Sí a raidfeadh go h-aibig san aer duit
Is raghadh míle de phléisg i ndia' a cúil
An t-asailín beannuithe féinig
Do raghadh sé do léim 'n díg
Agus raidfeadh is chromfadh in éinfheacht
D'fhonn go raghadh fear an Bhéarla 'n draoib.


L. 68


Na ba bochta soineanta féinig
Is i nGaeluinn a gnéidhtí a gcrúdh,
Is dá gcloisidís focal de'n Bhéarla
Ní dhéanfaidís braon a thabhairt;
Lá 's mé 'crúdh na bó báine mé féinig
'Chíonn "set up" a rádh léi ar dtúis
Do thug sí speach ins sa phlaosg dom
Thiomáin a raibh d'fhiaclaibh am' béal chun siubhail.



Ní raibh ag ár sinnsear ar fad ach amháin Gaeluinn
Is ba mhilis a ráidhte siúd
Na coilig do ghlaoidís i nGaeluinn
Is ba dheas leat go léir í a liúgh;
Na cait ar an luich nuair a léimeadh
Is i nGaeluinn a gnéidhtí í bhrúghadh
Is ní bhlaisfidís braon bainne a n-ao' chor,
Go ndéarfá as Gaeluinn "mí-iú."



Ach tá staigíní anois ar fuaid Éireann
Is ní maith iad a dtréithe siúd,
Ní bheannóghaidís le Dia is Muire a n-ao' chor
Ach "goody moddy" nó "how de dew,"
Dá gcloisidís focal de'n nGaeluinn
D'fháisgeadh a mbéal 's a súil,
Agus déarfaidís "dat mush be banish compately
Or de country 'll be fairly dhuined."


L. 69


Ach b'fhéidir le congnamh an Éin-Mhic
Go mbeadh againn fós Home Rule
Ansan chaithfeadh na staigíní staonadh
Is beannachadh i nGaeluinn dúinn;
Chun sgoil Gaeluinn' do curfí de phléisg iad
Agus 'siad do raghadh ann go ciúin,
Is nuair chífí 'bhfochair na leanbh ag léigheamh iad
Ná déarfadh Éire go léir "hurú!"



Ach na staigíní, deirimse féin leo
Go gcaithfe siad claonadh dhúinn,
Agus Beurla Shasana thréigean
Nó dul a' triall ortha féin anonn;
Ní bhfuighid siad cead reatha ná léim uainn,
Ní bhfuighid siad cead sodair ná siubhail,
Is ní bheannóghaimíd dóibh ar an aonach
Go mbeidh acu Gaeluinn dúinn.



NUAIR PHÓSFA SIAD DAN.



Fonn: "An Maide Droighin Éille."



I.



N'fheicim baile in aon áit is breághtha dheise ná
An Chlais —
Tá a chuid tighthe mór-árda, áille, cluthara, geal,
Ach sé tigh Sheáin agus Máire is breághtha eatorra
ar fad —
is dóibh-sean nách cás é mar is geárr go bpóffa
siad Dan


L. 70


II.



Is i dtigh Sheáin atá an parlor is breághtha ins an
bharony ar fad —
Tá úrlár maith cláir ann is carpetí dathanach,
breac,
Tá peictiúirí áille ann agus sgáthán sé troighthe
ar faid
Sófaí is suidheacháin ann tháinig o Chorcaigh amach.



III.



A gcailín óg, Kate, mo léir — mar a bhfuil uirthi hat,
Agus ribíní gléigeala, is laceanna síos 'dtí na
h-ailth,
Tá 'ci eudach 'á réir agus earrings na cluasaibh
go deas,
Ar ndó díolfaidh an spré asta go léir — nuair
phósfa siad Dan.



IV.



Is aige Dan atá an pónaí, ceólmhar, acfuinneach
mear
Treap agus cóiste — is bheadh mórtas ort suidhe
ionnta isteach.
His whip cost a note — is mo scóladh, mar a bhfuil
inti crack
Is bheadh truagh agat do'n phónaí —


L. 71


V.



Tá an cleamhnas 'á dhéanamh — i gan fhios d'éinne,
cloisim, do
With a regular lady… an O'Leary ó Bheantraighe
andeas
Tá 'ci ceudta na gceudta, is gan éinne eile ag
glaodhach ar a daid,
Is díolfar gach claim de phléisg — nuair phósfa sí
Dan.



VI.



Tháinig O Leary féin indé, go bhfeicfeadh sé An Chlais
And he highly did praise a sgéimh, a cré, and its
grass,
Agus mar a raibh aige saoghal… ar ale ar
phuins is ar mhairt!
Is beidh sé ag díol spré, gan spéis, go ndeurfa
siad stop!



VII.



Ach ar maidin amáireach… mo chás!…
do tháinig an chreach
Pílears, is báille is mittimus láidir 'na "fob"
They stripped all the parlor is d'árduig leo an pónaí
's an treap
Is níor bh'furuisd ansan gáire fháil, ó Cháit, ó Sheán,
ná ó Dan,



VIII.



To O'Leary féin, 'tis plain it was a great shock
Is i gan fhios do éinne, d'éaluigh sé an doras amach,
Ach sé m'opineón féin do lucht an éilimh, gur fearra
dhóibh stad
And that their best cure is patience, ar shlighe éigin —
go bpósfa siad Dan.


L. 72


PÓSADH DOB FHEARR LIOM NÁ BACFAINN É.



Fonn: "The Ould Irish Jig."



I.



Is me fiche éigin bliain nó anaice leis,
Shamhluigheas gur mhaith an rud pósadh,
Ach bheartuigheas go ciallmhar am aigne,
Ná bacfainn aon toice chomónta.
Bhí cailín beag deas ar aon bhaile liom,
Bhí sí acfuinneach, lapanta, córach,
Ach nuair ná raibh péarlaí na cluasaibh agus hata
uirthi —
Cheapas go raibh sí comónta.



Curfá:



Pósadh dob' fhearr liom ná bacfainn é,
B'fhearr liom ná bacfainn a' pósadh,
Sé d'fhág me gan éadach, gan airgead,
'S is rud é atá ana chomónta.



II.



Ní raibh baile sa pharróisde gan chailín deas,
Bhí seisear i mbaile nó dhó acu,
B'fhuruisde ceann maith a dh'fáil eatortha,
Ach gur shíligheas go rabhdar comónta.
Ansan d'imigheas chun Corcaighe lá Sathairn
Agus rugas cúig phúint liom am phóca,
Mar shamhluigheas gur ansúd do gheóinn cailin maith
Ná beadh ar aon mhodh comónta.



Pósadh dob' fhearr liom, agus rl.


L. 73


III.



An chéad lána i gCorcaig gur casadh me,
Chonnac sgiúirse de chailín bhreágh óg ann,
Bhí péarlaí na cluasaibh agus hata uirthi,
Agus shíligheas ná raibh sise comónta.
Do leanas an ainnir go fonnmhar,
Do ghaibh sí trí mórán mhór póirsí,
Nó gur stad sí i dtigh mhór i lán' dhorcha —
Is ba dhóigh leat nárbh' aon tigh comónt' é.



Pósadh dob' fhearr liom, agus rl.



IV.



Ansan chuir sí ar chathaoir go socair me,
Agus d'fhiaruigh sí dhíom a rabhas pósta,
Go bpósfadh sí féin me go fonnmhar,
Mar gur thuig sí ná rabhas-sa comónta.
Nuair a dubhart léi ná rabhas, do chuir teachtaire
Chun a' tsagairt a theacht chun ár bpósta,
Is ní fheadar an domhan má ba shagart é,
Cé gur dhóigh leat nár dhuine comónt' é.



Pósadh dob' fhearr liom, agus rl.



V.



Ach istoidhche do líon a tigh d'fhearaibh chughainn
Bhí preabairí críonna 'gus óg ann
Bhí duine aca d'fhéach ana mhalluighthe
Agus ghlaodhaigh sé orm "spailpín comónta"


L. 74


Ansan d'fhiaruigh sé arís díom go feargach
A b'í a bhean féin a dheineas-sa phósadh
Agus thug sé na móide go dtachtfadh mé,
Ná raibh ionnam ach dailthín comónta.



Pósadh dob' fhearr liom, agus rl.



VI.



Ansan ghreamuigh mé triúr díobh nó ceathrar,
Is baineadh díom 'dir casóg is bróga,
Bhí mo bhean pósda ag gáirí is ag magadh fúm
Agus dubhart leo gur bh'obair chomónt' í
Ansan fuaireadar leithead mór garbh dom
Ceangaladh díom é le córda,
Is nuair caitheadh amach ar a' bhfleaige me
Is dócha gur fhéachas comónta.



Pósadh dob' fhearr liom, agus rl.



CLEAMHNAS SHEÁINÍN LÉITH.



Fonn: "An Brianach Óg."



SEÁN:



A Mháire, a ghrádh gheal, is fada a' rás dom,
Ag lorg sáir-bhean, is deighleáil spré,
Má thógair-se ar láimh mé, táim leat sásta,
Is ragham go dtí an t-Athair Pádraig, sinn araon.
Pósfam láithreach, is beidh rí ráth 'gainn,
Imeasg ár gcáirde, go h-éirghe an lae,
Is nó go mbuailidh an bás mé, ní dhéanfad náda,
Gan do thoil-se, a Mháire, le congnamh Dé.


L. 75


MÁIRE:



Go deimhin, a Sheáin, duit, nílim sásta,
Le h-imeacht láithreach, mar deirir-sé,
Mar do réir do ráidhte, taoi i bhfad a' soláthar,
Is níor bhacais Máire go deire an lae.
Fé mar tá an sgéal, do réir gach deáraimh,
Tá do shúile anáirde le deighleáil spré,
Ach táim-se dá rádh leat, gan sgáth, gan náire,
Ná faghair pinginn ó Mháire ar feadh do shaoghail.



SEÁN:



Dhera, ná tuigfeá, a Mháire, go bhfuilim am fhear
óg láidir,
Agus deighleáil dhánta agam féin,
Tá 'gam asal lárach, go bhfuil searrach mór breágh
aici,
Agus cairt ghalánta aige, dhúinn araon.
Tá bó bhreac bhán ann, thugas ó'n mBlárnain,
Chun bainne thál duit, ar bharra féir,
Tá dhá ghabhar is a mionnáin ann, agus céis dheas
chránach,
Is ná déarfadh aon bhean mhacánta go bhfuilim i
dteideal spré.



MÁIRE:



Ach deirim-se, a Sheáin, is ar mhaithe atáim leat,
Má gheibhir bean óg láidir i dtúis a saoghail,
'Bheidh bog subháilceach, cneasda, grádhmhar,
Í thógaint láithreach, is bheith sásta léi,


L. 76


A chrúdhfadh do Bháiní is a gheóbhadh do láir duit,
'S a chuirfeadh na mionnáin duit, is chuirfeadh ar
bhanbhaíbh a' tál í,
Ní mholfainn go bráth duit a thuille spré.



SEÁN:



Mhuise, faire! a Mháire, ná beadh ort náire,
Is a thagairt go bráth liom, bean gan spré,
Fear gan mháthair, gan athair, gan pháisde,
Go mbeadh a tigh beag, breágh, deas, ar fad fút
féin.
Tá an citeal 's an pláta ann, an chroch 's an
corcán ann,
Tá an chathaoir chláir ann, is í lán de phéint,
Ach ó táim sa ghábhatar gur thuiteas i ngrádh leat,
Beidh mé sásta — le cúig púint féin.



MÁIRE:



Níl a thuille le rádh' 'gam, tugaim druim mo láimhe
leat,
Ní bhfagha' tú Máire ar a bhfuil rómhat 's at
dhéidh.
B'fhearr liom fear 's a mhála, ná tusa is stáit
leat,
A sheineóir ghránda! go bhfuil do chroidhe sa
tsaoghal.
Taoir a' maoidheamh as do dhánta, rud nár ghádh
dhuit,


L. 77


Is as do bhothán gránda, atá déanta 'chré,
Is fada thu a' soláthar, is níl seóid 'gat dá
bhárr fós,
Mar ní bean atá uait, ach cúig phúint spré!



SEÁN:



Is dóigh mhuise go ngoilfir-se, a Mháire, mara
bpósair Sean bocht,
Fear óg, láidir, i dtúis a shaoghail,
A d'eireóch láithreach, gach maidean bhreágh dhuit,
Ach dá mbeadh fearthainn ná ár ann, b'fhé
go mbogfá féin.
Gheobhair á' bríste ad' láimh uaim, agus beidh tú
ad' mháighistir,
Is pé ní is áil leat, déanfads' é,
Is ó taoir chomh coimeádthach ar a' sparán ghrándha,
Tógfad mar táir thu, is ní iarrfad raol.



MÁIRE:



Ní chreidim-se, a Sheáin, uait, is ní chreidfinn ó'n
bPap' é,
Gur le grádh do Mháire ná go n-iarrfá an raol,
Ach tú bheith cortha, cráidhte, briste ad' shláinte,
Ó bheith ag soláthar, is gan éinne ad spéis,
Is an brístín bán san, a thugais ó'n mBlárnain,
Ní chaithfead go bráth' é, go raghadh 'n chré,
Is ní éir oghaidh Máire i bhfearthainn ná in ár duit,
Sin beannacht is slán leat, is nár fhaghair bean
let' shaoghal!


L. 78


BÍM-SE 'GCÓMHNUIDHE 'RADAIREACHT.



I.



Bím-se i gcómhnuidhe a' radaireacht
A' radaireacht, a' radaireacht,
Bím-se i gcomhnuidhe a' radaireacht



Curfá:



Teabha reabha di daighdil dí (trí h-uaire)
Rum de daighdil déró



II.



Bím go minic a' portaireacht, a' portaireacht, agus rl.,
Till Katty tells me éisteacht.



III.



Nuair bhainim póg a gan fhios di, a gan fhios di, agus rl.,



IV.



Nuair bhím chun dul abhaile ansan, abhaile ansan, agus rl.,
Deir Katty, "I won't lave you."



V.



Nuair shuidhim chun fuireach ar fad aici, ar fad
aici, agus rl.,
Deir Katty,


L. 79


VI.



A dtiocfá go dtí an sagart liom, 'dtí an
sagart liom, agus rl.,
Deir Katty



VII.



Ansan chuas go dtí an sagart léi, 'dtí an
sagart léi, agus rl.,
And he tied us le na chéile.



VIII.



Ach anois ó táimíd ceangailte, ceangailte,
ceangailte, agus rl.,
Deir Cáit,



LORG DHÓMHNAILL AR NA BRÓGA.



Dómhnall: A Nóra, a stóraigh, a bhfeicfeá mo
bhróga?
D'fhágas fé'n leabaidh aréir iad;
A's na stocaí breagh' nua bhís ag cnotáil
le seachtain —
N'fheicim aon phioc díobh in-ao' chor.
Do smearas na bróga tar éis tu dul a
chodla,
Leis a mblonaig bhí ó Nodlaig sa tsáspan;
Anois chím "Róbher" ag cneadghail le n-a bholg
A's é sínte 'na chodla ar a shástacht.


L. 80


Nóra: A chrochaire an chórda, b'amhl' a dh'úsáidis
mo bhlonag
Led' shlibirí s'lach' seana-bhróga?
'Á b'é sagart a pharóisde gheobhadh chugham
ar a lorg,
Ní thabharfainn do 'r ghiní bhuidhe óir í.
'S mo stocaí órnáideach' — 'á mbeidís ar
chosaibh an Easboig,
Chuirfidís ag rinnce é le mortas;
A's mo bhlonag gé óige do leighisfeadh gach
galar
Thuitfeadh i mbliana ar a' bparóiste.



Domhnall: A Nóra, a stóraigh, ná bí liom i
bhfearg
I dtaobh na blonaige chimilt fém' bhróga;
Tá's agat féin cad é 'n scéal agem'
chosa é
Go bhfuil siad adharcach, cnapánac, scólta.
Dá mbeidís aon lá 'mháin féin anois ar
mo chosa
Do bheidís aca leighiste, is dóigh liom;
A's dá mba dhóigh liom go b'é "Róbher" a
dhein iad a shlogadh,
Do gheobhadh sé an chroch fé thráthnóna.



Nóra: Maithfead duit, a Dhómhnaill, na stocaí
's an bhlonag,
Ar coingheall go leigfidh tú 'e "Róbher";
An gadhar is tréithighe atá ag aoinne ar a'
mbaile,
Ná is dóigh liom ar fuaid a' dá pharóiste.


L. 81


Nach cuimhin leat an bhruighean 'dir me féin
is Cáit Ghearra
Nuair a chuaidh mo chearca san eórnain,
As a colpa buidhe gur bhain sé píosa breagh
fairsin';
'S gur thug sí ráithe ar a leabaidh, tinn
breoite.



Dómhnall: Níor chuimhnigheas go dtí so ar do
bhruighin le Cáit Ghearra,
Ach do chonnac féin cad a dhein "Róbher,"
A's mar gheall ar an ngníomh san ní
dhéanfad é chrochadh
'Á n-íosadh sé 'n bríste i bhfochair na mbróga;
Ach cad a dhéanfad, a mhaoinigh, n'fhéadfad
corruighe thar dorus?
Tá mo chosa mar bheadh cosa bunóice;
An coirce 'na luighe 'rm 's an eórna leis
aibig,
Agus gan fear le fáil insa pharóiste.



Nóra: Seasóghad ar a gcathaoir is féachfad siar
ar an lochta,
Is minic a chím seana-bhróga ann;



(Teigheann sí ar an gcathaoir agus chíonn sí bróga agus
stocaí Dhomhnaill ar an lochta.)



Níl meabhair sicín ná dreanncaide id'
chloigeann!
Nach hid iad anso 'gam do stocaí a's do
bhróga?


L. 82


Cad d'imigh ar do mheabhair go bhfuil an
tigh agat briste,
Is tú faire gan lagadh i ndiaidh "Róbher,"
Is ceart do bheith baoch is nár dhéinis é
chrochadh —
Gadhar ná tabharfainn ar bhó dhuit.



Dómhnall: Dhera 'Nóra, 'nois a chuimhnighim gur
thaidhsigheas trím chodla
Go raibh "Róber" ag cogaint na mbróga;
Is dócha gurbh' amhl' a dh'éirigheas a's chuireas
iad ar an lochta —
Mara mbeadh tusa ní chuimhneóghainn go deó 'rtha.
'Nois tóg chugham anuas iad go gcuiread iad
ar mo chosa,
Agus rinncfidh mé greas ar an mbórd duit;
Ansan amach liom lem' chorán a's is dóigh
liom go mbainfead
A bhfuil de choirce agiam agus d'eórnain



(Cuireann sé na bróga air agus deineann greas rinnce.)



Nóra: Mhuise, mo chara thu, a Dhómhnaill! tá
ceol fós id' chosa
A' gcíonn tú mar lúbann an bórd fút;
'Nois gheobhair cúpla ubh gé uaim agus "trian"
mine coirce,
A's b' é go rinncfeá babhta eile tráthnóna.
Ansan nuair a bheidh na budóga crúidhte a's
an tigh curtha i bhfearas,
Bead amach chugat ag ceangal na h-eornan;
Agus tráthnóna is súgach bheam i n-éineacht
abhaile,
A's rinncfeam ríl singil le mórtas.


L. 83


NÁ BEADH BUACHAILLÍN DEAS AGE SÍLE.



Fonn: "Raghad-sa is Cittí Bhálcaeracht."



("Cosa Buidhe Árda," cuid a dó, leathanach 30).



I.



Ná beadh buachaillín deas age Síle dá bpósadh
sí mé mar fhear!
Do mharbhoghainn an breac ar a' dtuinn di 's an
coinín sa daoich chomh maith,
Ní iarrfainn léi capall ná caora, airgead buidhe
ná geal,
Ach go mb'fheárr liom agiam mar mhnaoi í ná
inghean aon rí 'ár mhair.



II.



Ní bhfaghadh aon locht orm, Síle, mara mbeadh a
ropaire críona mham,
Ní thoileóch sí 'ló dhi ná 'oidhche mise do thogha
mar fhear,
Deir sí go n-ólfainn a dtuíllfinn, 's ná déan-
fainn di tigheas ná slacht,
Gur gaige fuar dealbh díomhaoin mé, ná déanfadh
cúram de chloinn ná 'bhean.



III.



Tá máthair gan taise 'ge Síle, 's ní bhraithean
sí 'croidhe dá shlad,
Mar tá sparán mór fada aici líonta 's í ag
lorg talamh gan chíos le fear,
Ba chuma léi óg é nó críona, ba chuma léi
buidhe é nó breac,
Ba chuma léi cam é nó díreach, ach go mbeadh
aige caoire 's ba.


L. 83



L. 84


IV.



Ní mar' sin, mar a mheasaim, do Shíle, ba mhaith
léi sgafaire díreach glan
Bheadh búclach, bachalach, cíortha, 's ná beadh meirgeach,
buidhe ná salach',
Ná beadh achranach, aithiseach, nimhneach, ná beadh
ocrach-croidhe na bocht,
'S ná beadh ag tómhas a dhuirn le Síle nuair
a gheobhadh sé in aon ní uirthi locht.



V.



Ní thaithnighean a máthair le Síle mar b'fheárr léi
mise ná míle fear,
Mar is meidhreach a sheinnfinnsí ar phíb di 's is
greanta mar rinncfinn sgath,
Do chuirfinn i dtalamh na síoltha agus bhuainfinn
arís thar n-ais,
'S nuair a thiochfainn abhaile ní bhruighinfinn ach ag
racaireacht ghrinn lem' shearc.



VI.



Tá mo mharga socair le Síle 's ní bhrisfeadh é
Éire ar fad,
Gan baochas do mháthair ná do mhuinntir ragha'
sé chun cinn gan stad,
Pósfam sa chathair sa mhí seo 's déanfam an
sagart do dhíol go maith,
'S ní dóichighe dhúinn fuireach in san tír seo ná
bheith ag racaireacht síos amach.


L. 85


TRÉALACH AGUS MÁIGHRÉAD.



(Comhrádh idir bheirt leanbhaí, dritheáir agus drifiúirín, i
nGleann na Mínáirde in aici an Daingin. Timcheall ceithre
fichid bliadhan ó shin do cuireadh an chainnt le chéile.)



Tréalach: Téanam, a Mháighréidín, má ithis an
stéibit
Geobhaimíd i néinfheacht amach.



Máighréad: Im' briathar, a Thréalaigh,
Ar shon gar chaitheas leath-uair ag béicigh,
Ná faghainn aon ghreim in-ao' chor óm' mham.



Tréalach: Ní bheinn-se ag plé léi,
Á mbeinn thú, a Mháighréidín,
Inneósfainn de phléisg í dom' dhaid.



Máighréad: Ar mh'fhalluing, a Thréalaigh,
Ná faghainn aon tor' uaidh in-ao' chor,
Mar tá sé casta ar a méir agam' mham.



Tréalach: Mhuise cad a dhéanfam in-ao' chor,
Má bhíonn siad araon chughainn,
Caithfeam imeacht dúinn féinig ar fad.



Máighréad: Níorbh' aon ní liom aon rud,
Go dtí go ndubharthas indé liom
Go gcaithfeam araon dul ar sgoil.


L. 86


Tréalach: Ó go bhfóiridh an saoghal orm
Agus Rí geal na naomh orainn,
Is go mb' fhearr liom-sa féin dul do'n chroich.



Máighréad: Ó mhuise b'fhearra dhuit é, leis,
Agus domhsa mar aon leat,
Mar marófar go léir sinn ar sgoil.



Tréalach: Ní fheadar an bhfaghaimíd
Bheith ag imirt cnaipí ann
Ag caitheamh caidhtí ann, ná caist?



Máighréad: Ní bhfaghair, go deimhin,
Ach téithfear ó chroidhe dhuit do pheidhre laipíní,
Le beilte breagh righin nó le slait.



Tréalach: A bhfuilim-se chomh símplidhe sin
Go gcoinneóghainn mo laipíní,
Ná cuirfinn i bpócaí mo bhríste iad go pras?



Máighréad: B'fhé' go bhfaghfá ansan hinnse
Treasna an leith-chinn uaidh,
Fhágfadh tinneas id' chluaisín is id' ghab.



Tréalach: B'fhé' go bhfaghainn-se sa chlaidhe 'muigh
Cloichín deas cruinn
D'aimseóch sa mhaoil é ar a hap.



Máighréad: Ná bíonn dóirsí fé bholtaí aige
Ó mhaidin go dtí an oidhche
Agus n'fhéadfá corruighe amach gan a chead.


L. 87


Tréalach: Ní fheadar a bhfaghainn buillín ann ná
císte,
Ná luthóg as an ngríosaigh
Bolgam díghe ann ná deoch?



Máighréad: A Thréalaigh, a mhaoinigh,
Ná bí ortha ag cuimhneamh,
Greim ní bhfaghair choidhche ar aon scoil.



Tréalach: Mhuise nach mór an lucht ocrais
Na máighistirí scoile seo
Nuair a bhíonn a mbolg ar a dtoil aca
féinig,
A rádh go mbeidís sé lá na seachtaine
Ag féachaint ar leanbh beag
Gan greim a tharrac do ná deoch.



Máighréad: Ní sé lá na seachtaine,
A Thréalaigh, a dhaltha dhil,
Ach dá dtugthá seacht mbliana as a chéile ann;
Ní bhfaghfá ach 'mháin greadadh bas,
Agus cánáil bhreagh chaithiseach,
D'iarraidh Béarla a dhaingniú id' phlaosg chughat.



Tréalach: Mhuise ní fheadar, a Mháighréidín,
God é an saghas an Béarla,
Nó cad dob' áil leo de ar ao' chor ar sgoil?
Ná déanfaidís leis an nGaoluinn
Ár dteanga bhreágh féinig
Chuirfeadh na gcodla na h-éin ar an dtor.


L. 88


Máighréad. Ná dubhairt Cáitín Ní Shéagha liom
tráthnóna indé
Ná lamhálfar aon fhocal Ghaoluinn ná smiug
Ach Béarla gan tsaochadh
Dá labhairt is dá léigh dhúinn
Is gan focal di ar aon chor i n-ár bpus.



Tréalach: Ara, Cáitín an Éithigh,
Ná tabhair di aon ghéille
Níl aon deallramh sa tsaoghal ar an bport;
Mar a bhfuil an máighistir ar dith céille,
Gan aon splannc in ao' chor,
Ní stopfadh sé Gaoluinn ar sgoil.



Máighréad: Táim á rádh leat, a Thréalaigh,
Is ná bíodh aon dearmhad na thaobh ort
Ná gur Béarla tá ó'n máighistir ar fad;
Is le Paidir ná Cré leis,
Ní éisteóghaidh sé i nGaoluinn,
Cé gur leo chuaidh ár naomhaibh ar neamh.



Tréalach: Is dóigh mhuise go siúrálta, a Mháighréidín,
Dá ndeineadh sé me stracadh ós a chéile,
Ní déarfad paidir as Béarla go bráth do,
Mar ní ghéillfead sa tsaoghal dóibh —
Sagart ná cléireach —
Go dtuigfí i n-ao' chor anáird' é.


L. 89


Máighréad: Ach staigíní an léighinn seo,
Sé deir siad, a Thréalaigh,
Go bhfuil duine thuigeann Béarla is Gaoluinn
anáirde
Ach má tá a leithéid ann i n-ao' chor,
Sé m' oipineón féinig
Gur paidir as Gaoluinn dob' fhearr leis.



Tréalach: Tá Pádraig Naomhtha,
Is Bríghde mar aon leis,
Columchille is na naoimh eile dh'fhág sinn,
Dá gcuirimís paidir chúcha i mBéarla
Ní thabharfaidís tor' uirthi i n-ao' chor
Ach í chaitheamh de phléisg chughainn le fánaidh.



Máighréad: Dhera máighistrí an léighinn seo,
Níl aon tor' aca ar naomhaibh
Ar a gcainnt, ar a dtréithre ná ar a
múineadh
Táid siad ar barraí díth céille
D'iarraidh teacht ar an anglais Bhéarla
Rud ná raibh riamh go dtí an saoghal so 'nár
ndúthaigh.



Tréalach: Ach b'fhéidir, a Mháighréidín,
Dá n-innstí do'n chléir iad,
Go gcuirfidís stop ar an mBéarla do mhúineadh,
Is go gcaithfidís claoidh leis an nGaoluinn,
Ár dteanga bhreágh féinig
Bhí ag ár sinnsear go léir do réir dúthchais.


L. 90


Máighréad: Ach deir siad, a Thréalaigh,
Go bhfuil cuid mhaith de'n chléir leis,
Ná fuil aca ar an nGaoluinn aon tor,'
Nár chualaís an sagart lá an "station"
Ag gabháil dom' athair gan traochadh
Nuair ná féadfaimís Béarla thabhairt do.
Is ar ndóichighe, an cléireach —
Bhí sé ag magadh go léir fúinn
Is ag gáiridhe go ndéineadh é chor.



Tréalach: Im' briathar, a Mháighréidín,
Nach call do'n tsagart é i n-ao' chor,
B'fhéidir go raibh 'athair sa shean-athair féinig,
gan puinn de'n Bhéarla na bpus;
Ach god é an díoghbháil dom aoinne
Ach mo bhligeáirdín cléirigh
Agus gan aige féin ach "dominus bhobiscum."



Máighréad: Im' briathar, a Thréalaigh,
Coitchianta ó lá'n "station,"
Go bhfuil mo mham gabháil do'n Bhéarla go tiugh
Agus "Maggie" a ghlaodhann sí
Ó shin orm féinig,
Is deir sí "dat name is dacey me tink"



Tréalach: Im' briathar, a Mháighréidín,
Go bhfuil mo dhaid chomh maith léithe —
Níl aon ní uaidh ach Béarla ó shin;
Is deir sé liom féinig


L. 91


Máighréad: Mhuise ní fheadar, a Thréalaigh,
Cá bhfuaireadar an Béarla
Is gan focal na mbéal go dtí so,
An é an sagart is a chléireach
Chuir na bpóca é lá'n "station"
Cé gur dhóigh leat ná fuil sé ró-bhríoghmhar.



Tréalach: Ní fheadar, a Mháighréidín, ní deallrach
le Béarla an tsagairt é i n-ao' chor,
Ní'l aon phioc dá aer air ná a bhlas
Anglais an chléirigh
Tá acu ar shligh éigint,
'S is dócha ná fuil sé ró-dheas.



Máighréad: Féach an máighistir, a Thréalaigh,
Anuas an bóithrín caol chughainn,
Ísligh do phlaosg agus rith,
B'fhé' go gcuirfeadh sé Béarla
Le míorbhúilt i n-ár bplaosg chughainn
Ragham i bhfolach uaidh sa bhfraoch ar an gnoc



(Imighid)


L. 92


RÍ RÁ NA LEANBHAÍ.



Fonn: "Bóthar ó Thuaidh."



Curfá i ndeire gach aon bhéarsa:



Corruigh do chos,
Corruigh do chos,
Corruigh do chos, a mháithrín,
Corruigh do chos,
Do chroidhe is do chorp,
Is déin me chaitheamh anáirde.



I.



Bhí Cáitín n-a suidhe i bhfochair mh'áintín,
Is mise ag cleasaidheacht lem' mháithrín,
Bhí Taidhgín i bhfochair an choileáinín bhuidhe,
Bheidhfá ag brise do chroidhe fé ag gáiridhe.



II.



An coileáinín buidhe do sgeamhuigh sé ar Thaidhgín,
Is ghreamuigh go cruinn ar sháil é,
Do thug m'áintín clabhta do Cháitín,
Agus fuaireas buille fuipín óm' mháithrín.



III.



Do liúigh Taidhgín is sgread sé ó chroidhe,
Is thug dorn sa mhaoil do'n choileáinín;
Do strac Caitín ar fad a léintín,
Is fuair buille cipín óm' mháithrín.


L. 93


IV.



Do ghluais an caitín agus luch na bhéilín,
Fuair sé i bpoillín ins na stácaí;
Ghreamuigheas é ar chluaisín go bhfaighinn an luichín
Is chuir sé laipín im' láimhín.



V.



Ansan phreabas im' shuidhe is chuas go dtí m'
mháithrín,
Theasbánas gan mhoill mo lámh di,
Ansan bhuail sí an caitín le buille an chipín,
Is d'imigh an luichín chun fáin uaidh.



VI.



'Nois déanfam rí de Thaidhgín agus béad-sa im'
bhainríoghain,
Beidh Cáitín ag rinnce ar bórd againn.
Agus déanfaimíd dlígh is coimeádfaimíd í —
Ná ragham ar aon sgoil go deo dhóibh.


L. 94


LEANBH AN CHLAMHRÁIN.



Fonn: "Tally hi ho, hi ho.



I.



(Pus air)



Níl aon leanbh sa dúthaigh chomh h-aindis liom,
Mo mháthair gach aon lá a' bruighean liom,
Bíonn mh'athair am' priocadh is am' stathadh leis —
Ní (bh)fhuaireas mo dhóthain le n-ithe le mí uaidh.



Cumá ná beirbhighean sibh bainne dhom?
Cumá ná cuirean sibh im air?
Cumá ná téidhean sibh ar a' margadh,
Ag ceannach luach leathphinge chísdí!



II.



Mara bhfaghadsa na císdí ar maidin uaibh,
Fanfad sa leabaidh go h-oidhche,
Ní leigfe mé do mháthair ná d'athair, leis,
Mo cheainnín deas cailce do chíoradh.



Cumá agus rl.



III.



Tá mo mháthair gach lá ag gabháil stealladh dhom,
Is m'athair ag gabháil dom istoidhche,
Bíon Síle is Peadar a' magadh fúm,
Is táim marbh ar fad age Suímeon.



Cumá agus rl.


L. 95


IV.



Ach gearánfad mo mháthair — lem' athair,
Is gearánfa mé m'athair le Síle,
Gearánfa mé Síle le Peadar
Is leis a' gcaitín a ghearánfa mé Suímeon.



Cumá, agus rl.



V.



Tá mo mháthair a dul chun na h-aindeise,
Ní thugan sí peandí ná im dom,
Ach uibhín sicín gach aon mhaidean dom,
Is le ráithe ní thug sí aon chín dom.



Cumá, agus rl.



VI.



(Buaileann fonn súgraidh anois é)



Caithidh anáirde go cneasda mé,
Agus deinídh mé 'chutadh gan luighe orm,
Seinnídh go meidhreach dom poirtín deas,
A chuirfidh mé a' raide is a' rinnce.



Cumá, agus rl.



VII.



Caithidh mé anáirde ins na frathacha,
Agus leigídh dom tuitim chun Síle
Caith-se, a Shíle, chun Peadair mé,
Agus beir-se mé, a Pheadair, a rinnce.



Cumá agus rl.


L. 96


AN PEATA 'S A MHÁTHAIR.



(Bhí an peata ag bothántaidheacht is do chuir an chomhursa abhaile
é. Ar chasad chun a thighe féin dó, labhrann a mháthair leis.)



Máthair: Cá raibh mo pheata beag?
Ní fheaca ó mhaidin tu.
Shíligheas ná tiocfá go lá chugham.



Peata: Is amhlaidh a cuireadh a bhaile me
Ó thigh Sheáin 'ac Gearailt thiar
Nuair ná tabharfainn ó'n ngort an bhó bhán dóibh.



Máthair: A Sheáinín, a dhaltha ghil,
Téir' a' lorg na lachan dom,
Nó ní thiocfa siad a bhaile go lá chugham.



Peata: Táim traochta ó mhaidin
Agat féin 's agam' athair,
Is ní bhacfad-sa aon lacha Go lá dhuit.



Máthair: Chomh siúráltha is mhaireann tú
Mara raghair a' lorg na lachan dom
Beidh siad imthighthe ag an sionnach amáireach.



Peata: Dhera, a chaillichín chasta,
Cad do bhís a' dhéanamh ó mhaidin,
Ca' na thaobh gur leigis chun fáin iad.



Máthair: Bhíos-sa ag sníomh beagáinín easnaimh
Bhí ar ár bpíosa beag anairte,
'S an figheadóir ag fuireach leis le ráithe.


L. 97


Peata: Dhera, nár 'fhaghair aon lá dá thairbhe,
Ná ceannóchthá baifití?
Bheinnse 's mh'athair leis sásta.



Máthair: Pé faid a mhairfe mé,
Ní bhfaghair-se ná t'athair uaim
Aon léine de'n bhaifití ghránda.



Peata: Mar sin ta m'athair agat laitithe (.i. loitthe)
Agus tusa ad' pheata aige,
Agus mise dá chluiche 's dá chrádh agaibh.



Máthair: Má gheibhim a thuille de'n chabaireacht,
Geobhair clabhta breágh baise uaim,
Fhágfaidh teinneas ad' leacain go lá dhuit.



Peata: Dhera,' mháthair, a' magadh taoi,
Ar ndó ní bhuailfá do Pheata beag,
Mara dtugainn aon lacha go bráth chughat.



Máthair: Is dóigh,' gearánfad let' athair tu,
Nuair a thiocfa sé a bhaile chughainn;
Sé an buachaill é 'ghreadfaidh tú láithreach.



Peata: Ara, ní bhuailfidh ná mh'athair mé,
An fhaid a bheidh tusa i n-aice liom,
Mar ní thabharfá aon ní le n-ithe go lá dho.



Máthair: Tá 'fhios ag an dtalamh,
Go bhfagha' mé an maide chughat,
Is go gcuirfe mé 'n-a luighe 'r do shlinneáin é.


L. 98


Peata: Ach an dóigh leat, a sheanabhean,
Ná go bhfaghainn-se ins an bhfalla 'muigh,
Spalla breágh caithiseach
Aimseóch' insa mhalainn tú i n-áirde.



Máthair: Aon leanbh a bheadh chomh malluighthe
Is do bhuailfeadh a bhanaltra,
Ní leigfí ins na Flaithis go bráth é.



Peata: Ach cad déarfá leis a' seanabhean,
A gheobhadh ar a peata beag,
Mara bhfaghadh sé na lachain di.
Cá rachadh sí, is dóigh leat, tar éis bháis
d'fhagháil?



Máthair: Raghadh sí go Parrthas,
D'réir dlí na h-Eaglaise,
Mara mbeadh aon ní níos measa le rádh léi.



Peata: Mhuise, má tá ort aon aithne
Ag an ndream tá i bParrthas,
Ní leigfe siad thar táirsigh go bráth tú.
Agus Lúsifar, geallaim duit,
Ná bacfa' sé thairis tú,
Mara gcuirean sé tú i bhfeidhil lachan is
bárdal.



Máthair (is í ar buile chuige): Gearánfad let'
athair tú,
Is gearánfad leis an Sagart tú,
Is inneósad do'n Easbog do ráidhte,
Tabharfa siad greada dhuit
Ná dearmhódfair an fhaid mhairfe tú,
I dtaobh a' tarcuisne thugair dod' mháthair.


L. 99


Peata: Mhuise, is bog atá an Sagart ort,
'S is buige atá an t-Easbog ort,
Is ní thabharfa siad aon toradh ar do ráidhte,
Is dá mbeadh aon mheabhair i gceann mh'athar leis,
Is ní bheidh, faid a mhairfe sé,
Is fadó rachadh sé 'n Spáinn uait.



Máthair: Tá 'fhios ag an dtalamh
Is tá 'fhios ag an Athair Mhac,
Go n-éireó' mé im' sheasamh chughat láithreach,
Is do bhrístín go stracfa mé
Síos go dtí an talamh leat,
Is beidh mé ag gabháil dom' basaibh go lá ort.



Peata: Mhuise nárbh' éachtach a' ghaisge dhuit,
Dá marbhuighteá do pheata beag,
Ná beidh aon bhliain déag go ceann ráithe,
Ach bheirimse an t-achrann
Ná leigfinn mo mhaisle leat,
Dá mbeinn-si gach re lá leat.



(Tosnuigheann sé ag gol. Truagh ag an máthair do ansan.)



Máthair: Dhera, mhuise, ni bhuailfe mé mo pheata
beag,
Ar Éire ná ar Albain
Droch-bhuille ní bhfagha tú go bráth uaim,
Anois, suidh annso anaice liom
Is éireogham as galagar,
Cé gur cheart duit na lachain a dh'fhághail dom.


L. 100


Peata: Ní shuidhfead ná i n-aice leat
T'réis a' ghreadadh atá fachta 'gam,
Ní mór ná go ngoilfinn le cráidhteacht —
Ach má fhaghaim min is bainne uait,
Lán sáspain na leath-phinge,
B'fhéidir go raghainn a' lorg na lachan amáireach.



Máthair: Gheobhair é go tapaidh uaim
Agus san as mo sheasamh leis,
Is a thuille mara mbeidh tú leis sásta,
Cé go ndéarfadh an sagart leat,
Is aoinne bheadh ar mhaithe leat,
Gur cheart duit déanamh mar déarfadh do
mháthair.



Peata: Mhuise, nár itheas an císte ar maidin
dhuit,
Is nár ólas an bainne dhuit,
Is an t-ubh leis, nár shluigeas é láithreach,
Is an t-im, dá mba mhaith leat é,
D'íosfainn go tapaidh é,
Is ba dhóigh liom gur ceart duit bheith sásta.



Máthair: Mhuise, ba mhaith liom mo pheata beag
Ag ithe aráin agus bainne uaim
Ach ba mhaith liom, a dhaltha, leis,
Go bhfaghfá na lachain dom,
Rud ná déanfadh díth ná díobháil duit.


L. 101


Peata: Dhera, ná bodhair mé, a sheanbhean,
Tú féin is do lachainí,
'Ndó ní baoghal dóibh 'n fhaid a mhairfidh an
bárdal,
Tá tinneas am' chloigean
Agus oidhear ar mo chosaibh,
Is a chodla nár mhór dom dul láithreach.



Máthair: Mhuise, a laogh, níghfead-sa do chosa
dhuit
Agus cíorfa mé do chloigean duit
Agus cuirfe mé a chodla tú láithreach,
Is nuair eireóghair ar maidin
Agus líonfair do shlaitir,
B'fhéidir go raghfá ag lorg na lachan dot'
mháthair.



Peata: Má gheibhim bullóigín phingne
Is ádhbhairín ciorcam léi,
Is dócha go ndéanfad iad d'ithe dom' mháthair,
Ach chó' siúráltha 's mhaireann tú,
Má thráchtair ar lachain dom,
Beidh an tinneas am bolg chugham láithreach.



Máthair: Mhuise, téiri' chun socaireacht
Agus tuiteadh do chodla ort dom,
Is ná h-éirigh go h-eadartha amáireach,
Nuair gheobhair pigín bainne bheirbhthe
Agus císte de'n ghreideal uaim,
Is caithfidh t'athair na lachain a dh'fhagháil dom.


L. 102


Peata: Seadh, ar ndó' ní éireogha mé go h-eadartha
Is níos sia leis má's maith leat é,
Ó'n uair go gcaithfidh m'athair na lachain a
(dh)fhagháil duit,
Anois clúdaigh gocneasda mé,
Is fág an pháideóg ar lasadh agam,
Is tuitfidh mo chodla orm láithreach.


L. 102


Tadhg Ó Conchubhair,
Lios Póil, Ciarraighe.


L. 103


TÁIM GLAN AS MO MHEABHAIR.



Fonn: "Dá bpósainn bean ruadh," nó "Páidín Ó Raithbhearta."



Curfá:



Táim glan as mo mheabhair 'ge sna mnáibh seo
gabháil stealladh liom,
Beidh duine 'ca 'm dheabhaidh <dhiaidh> pé ball go
rachaidh mé,
Táim glan as mo mheabhair 'ge sna mnáibh seo
gabháil stealladh 'rm,
Is go lá deire 'n Domhain n' fhéadfainn rogha
dhéanamh eatortha



I.



Tá bean ar an Ráth le ráithe gabháil stealladh liom,
Is ag tabhairt a sparáin dom go bhfuil tarrac aon
asail ann,
Deir lucht feasa na h-áite go bhfuil sé i dtaisce 'ci
Mar gur ghoid sí ó Sheán é, an fear a bhí cheana 'ci.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



II.



Chun bhean na Rátha níl aon rás orm, geallaim
díbh,
Agus san i dtaobh Sheáin 'sa tsligh gránna gur
cailleadh é.
Deir Brighde Thaidhg Sheáin liom cé ná 'neósadh sí
'on tsagart é,
Gurab é 'h-oipineón láidir gurbh' í féinig do mhairbh é.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.


L. 104


III.



Deir Brighde Thaidhg Sheáin go ngeobhadh sí go tapaidh
liom,
Is ar maidin amáireach go raghadh sí 'dtí 'n sagart
liom
Is le h-inntleacht atá 'ci go gcárnálfadh sí airgead
'S ná beidh aon chúram go bráth uirri ach a tendáil
'sa tabhairt aire dhom.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



IV.



Le Brighde Thaidhg Sheáin nílim sásta im' aigne,
Már tá sí plámásach is líonta de bhladar leis,
Níl aon gharsún san áit ná go mbhíonn sí ag
bagairt air,
Is b'é ná beadh sí 'gam ráithe nuair árdóch uaim
Peadar í.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



V.



Tá bean ar an nGleann im' dheabhaidh-se le sealadh
mhaith,
Dhéanfadh sí plainíntí an domhain dom agus píosaí
breagh' anairte,
Tabharfadh sí bradán ón abhainn léi is an langa ó'n
bhfairrge,
Agus gheobainn-se gan dabht iad nuair a bheinn
léithe ceangailte.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.


L. 105


VI.



Ach roim bhean a' Ghleanna tá eagal an tsaoghail
orm,
Tá sí chomh láidir le h-asal is raidfeadh sí is
baoghalach liom,
Tá sí míneáireach malluighthe is cainncín dá réir
aici,
Is dá mbeadh aon deifridheacht eadrainn stracfaí
as a chéile me.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



VII.



Tá bean eile im cheann ach ní 'neósad a h-ainm díbh
Ach go mbíonn sí ag díol gabhar go minic ar 'a
margadh
Faghann sí tistiún an ceann ar ghabhar nach fiú
leathphine,
Is do thabharfadh sí an leabhar dom go mbeathóchadh
sí ar mo leabaidh me.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



VIII.



Ach 'dtaobh bean na ngabhar tá dabht ró-mhór im
aigne
Mar adubhairt Máire shlím shleamhain go ngoilfinn
dá mbacfainn í,
Go seasóch' sí 'g ól "stout" ó Domhnach go
Satharn,
Is go ndíolfadh sí an ceann díom dá bhfaghadh sí
air cnagaire.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.


L. 106


AN BOTHÁINÍN CAITHTE TRÉ CHÉILE.



Fonn:



I.



Táid na cearca sa chistin ag gliogarnaigh,
Is na coiligh ar buile ag glaodhach dóibh,
Tá na chairs ag an gcráin in sa teine orm,
Is mo leanbh sa chliabhán ag béicigh.



(Lúibín:) Nicití! icití! micití!
Nicití! icití! térum!
Nicití! icití! micití!
Mo bhotháinín caithte tré chéile!



II.



As an gcliabhán tá an blaincitín tarraicthe,
Is na muca á stracadh as a chéile,
Bheadh mo leanbh beag siúráltha ithte 'cu,
Mara mbeadh mo mhaidrín tairbhtheach Caper.



Nicití! icití! agus rl



III.



As an gcanna tá an t-uisge ar fad doirtithe,
Agus ruithte ar an úrlár go léir dom,
Tá Máirín san uisge orm treasgartha,
Agus knickers beag Mhurchadh taobh léi.



Nicití! icití! agus rl.


L. 107


IV.



Tá na cupaí ag an gcat ar fad briste 'gam,
Is dhein brúscar de chorcán a té dhom,
Tá falluing an leinbh sa teine 'gam,
Is ní bheidh a balcuisí nighte ar feadh lae 'gam.



Nicití! icití! agus rl.



V.



Ara! féach cá'il mo sheanduine caithte 'gam!
Nár fhág go dtí an t-eadartha an súsa!
Is ó éirigh nár dhein sé luach leathphinghe,
Ach asleep n-a shac in sa chúinne.



Nicití! icití! agus rl.



VI.



N'fheadar mé ciacu dob' fhearra dhom,
É shádh leis an sgein nó mé ghlaodhach air,
Ach le suipín do lasas a mheigioll fé,
Is dhúisigh an lasair de phléisg é.



Nicití! icití! agus rl.



VII.



Ansan do liúigh sé go h-aibig agus sgread orm,
Go múchfainn go tapaidh an blazing,
Is sar a dtógfadh na frathacha teine uaidh,
Chaitheas buicéad mór uisge in sa Phlaosg air.



Nicití! icití! micití!
Nicití! icití! térum!
Nicití! icití! micití!
Mo botháinín caithte tré chéile.


L. 108


AN MAIDRÍN TAIRBHTHEACH CAPER.



Fonn:



I.



Agamsa bhí an maidrín cumasach,
Ba phrionns' é ar mhadraíbh Éireann,
Ar a dtaobh thiar de choingbhigheadh sé 'eirball,
Is ba dheas leat á chrothadh ar gach taobh é.



Curfá:



Ach foraoir bhocht, tá sé 'nis scartha liom,
Mo mhadra taithneamhach Caper,
Is pé rógaire mhairbh mo pheata 'rm,
Chun na croich' fé sheachtain go dtéidh sé!



II.



Bé siúd an madra ceannasach,
Do rithfeadh chómh mear leis an ngaoth dhuit,
Do mharbhuigheadh an coinín ar maidin dom,
Is d'éalóch san nid ar an naoscach.



Curfá.



III.



Do thugadh sé an langa ón bhfaraige,
'Gus an bradán ón abhainn leis n-a bhéal chugham
Do thugadh sé an seabhac leis ón gcarraig chugham
Is an chearc fraoigh do shnapadh ón bhfraoch chugham.



Curfá.


L. 109


IV.



Do thugadh sé an t-uisge ón dtobar chugham,
'S ó'n siopa do thugadh sé an té chugham,
Do thugadh sé an buidéal ón gcathair chugham,
Ar ndó sé mhéaduigh mo ghradam go léir air.



Curfá.



V.



Ní raibh franncach san ndúthaigh nár mhairbh sé,
Agus dhíscigh na luchaigh go léir as,
Le scannra leis d'éaluigh na crackers uaidh,
'S níor fhág sé aon dreanncaid riamh ar phlain-
céad ann.



Curfá.



VI.



Am' baintrig atáim-se le sealad mhaith,
Ach bhí fear agam 'n'fhaid a mhair Caper,
Ach anois ó tá Caper bocht scartha liom,
Caithfad fear beag a dh'fháilt i dtaobh éigin.



Curfá.



VII.



N'fheadar goidé'n fear ab' fhearra dhom,
Bé Seán é nó Marcus nó. Traolach,
Is dóigh liom gurb é Seáinín a b'fhearra dhom,
Mar thabharfadh sé an bríste uaidh féin dom.



Curfá.


L. 110


LORG NA MNÁ CAOICHE AGUS A FIR
AR A CHÉILE.



Fonn: "An Síoda 'thá id bhaillit."



An bhean: Ní fheadar ó Adam ca'il a fear salach
do chailleas,
Táim traochta le seachtain á chuardach
'Sníl aon oidhche ná maidean ná guidhfinn
go blasta
Do'n té bhéarfadh dom greamaithe ar chluais é.



Curfá:



Tá sé na stúmpa mhór aindeis, na stúmpa
mhór aindeis,
Ina stúmpa mhór aindeis cos-bhóthrach,
Ina stúmpa mhór aindeis phór-Phusach smeartha
'S oiread ceann madra de shrón air.



An Fear: A mhná 'gus a fheara 'sa pháisdí an
bhaile,
Má chíonn sibh aon bhean ar mo thuairisg
Innsidh don tSagart 'sdos na peelers leis,
fairis,
Mar is le fear eile d'imigh sí uamsa.


L. 111


Curfá:



Tá sí na straoile mór fada, na straoile
mór fada,
Ina straoile mór fada cam-shrónach.
Tá sí na straoile mór fada, an tsúil chlé
aiste leachta,
I dteannta bheith balbh caoch-shrónach.



An bhean: Tá fhios ag an dtalamh ná beinn i
gcúram an scraiste
Ach gur ghoid sé ag imeacht dó leath-ch'róin uam
Ach b'fhéidir leis an Athair-Mac sar a mbeidh
bliain eile caithte 'ge
Go bhfeicfinn é á thachtadh le córda.



Curfá:



Tá sé na stúmpa mhór aindeis, agus rl.



An Fear: Má chíonn sibh an chaidir istoidhche nó
ar maidin
Aithneó' sibh go tapaidh an stuaire.
Tá a gruaig na sop racaidh, an tsúil chlé
aisti leachta,
'S bhain tinncéir i Malla leath-chluas dí.



Curfá:



Tá sí na straoile mór fada, agus rl.


L. 112


Fonn: "An tailliúirín magaidh."



I.



Agus cailleacha an bhaile ná tabharfadh dom bean
ná spré



Is do gheallas do'n ainnir go leanfainn di féin
go deo.



II.



Is go dtabharfainn mo chapall a gcoinnibh mo
mhíle stór



Is í ag tarrac ar Chaiseal ar sodar i meádhon
a lae.



III.



Mo dhiallaid dá chnagadh is mo chapall gurbh'
árd í a léim,



Sé dubhairt sí fan socair táim corrtha go nólfam
braon.


L. 113


IV.



Agus coirce do'n chapall go fairseag is a dóthain
féir,



Is níor fhágamair Caiseal Go maidin le h-eirghe
an lae.



V.



Ar eagla an airm is go leanfadh an tóir 'nár
ndéidh,



Is bhí céad agus dachad de ghinidhthibh buidhe ag
an mbéith.



VI.



Is do dhíolas mo chapall le sagart ó pharróiste
an tsléibhe



Is do shroiseamair talamh gan uireasa, gá ná
baoghal.


L. 114


VII.



'gus barántasaí scríobhtha 'sa' telegraph news ó
indé,



Is tugadh thar nais go Cluainmeala sinn, chun ár
gcúis do thréill.



VIII.



Go n-ólfainn mo thuilleamh ag imeacht le fán a'
tsaoghail,



Is gur bhuaileas-sa bob uirthi a gan fhios do'n
tsaoghal go léir.



IX.



Is d'fhiafraigheadar dínn-ne a raibh aon ní againn
le rádh,



Is gur fhág sé ag an ainnir an fheirm go léir
faoi réim.


L. 115


X.



Is d'fhiafraigh de'n ainnir a bpósfadh sí réic gan
chéim,



Is ná pósfadh mo mhalairt go gcuirtí í síos
fé'n gcré.



XI.



Is cuadhas go dtí an sagart chun mé cheangailt
le grádh mo chléibh,



Agus mairfeam go sásta idir Carraig na Siúire
's Féard.



RANN.



Is tú mo chara 's is tú mo namhaid!
Agus d'fhágais go minic me fé éadach lom!
Ach anois ó tánn tú chomh gairid dom' ghrabhas,
Bheirim mh'anam 'n anachain ach go ngeóbhair siar
le fonn!



Siúd orraibh!



[Pótaire agus gloine fuisgí suas le n-a bhéal aige adubhairt.]


L. 116


AONACH DROMANNA.



Fonn: "Dómhnall na Gréine."



Go h-Aonach Dromanna má théir is go bhfanfair,
Gan díol go dtí an oidhche, gan díol go dtí
an oidhce,
Glaoidh ar a' landlady is bhéarfa sí cnagaire
Bríoghmhar do'n fhíon duit, bríoghmhar de'n fhíon
duit.



Is scléipeach an bhean í, 's ar aonach na gceannuidhe,
I dteannta an fhíona, i dteannta an fíona
B'fhéidir go stadfadh sí, ag éisteacht let' starthaí'
Nó ag cur síos do ghníomhartha, ag cur síos do
ghníomhartha.



Is néata a fallaing, is gach aon rud 'sa bhfaision,
'S a petticoat síoda, petticoat síoda,
Tabhair póg di nuair sgarfair léi, tar éis bheith
a' ragairne,
Le h-iomad do ghrinn di, iomad do ghrinn di.



Nuair théim-si a bhaile, sé fhiafraigheann mo scraiste
Cá rabhais fea' na h-oidhche, cá rabhais fea' na
h-oidhche,
Do bhíos i nDromanna, ag ól i dtigh leanna,
Is tá mo stoc díoltha tá mo stoc díoltha.


L. 117


SÍ MO BHEAN RÓGAIRE.



Gléas C. Curfá:



Sí mo bhean a' rógaire,
Sí mo bhean a' cladhaire,
Sí mo bhean a' rógaire,
Is cuirfidh sí le faill mé.



Chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn macha bó dhi,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Gurbh' olc a' sás a seolth' í.



Sí mo bhean a' radaire,
Sí mo bhean a' cladhaire,
D'éaluigh sí le Carabhat
Is n'fheadar-sa cá bhfaghad í.



Chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannógainn túirnín lín di,
Leig sí sgéal isteach chugham
Gurbh' olc a' sás a shnímh í.


L. 118


Tá mo bhean a' radaireacht,
Tá mo bhean a' rásaidheacht,
Tá mo bhean a' radaireacht,
Is d'éaluigh sí le sclábhuidhe.



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn jaunting car di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh maide chláir í.



Tá mo bhean a' radaireacht,
A' radaireacht 's a' sráidigheacht,
D'imigh sí le píobaire
Chun gaoithe chur na mhálaí.



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn leaba chlúmh di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh sop sa chúinn' í.



Sí mo bhean a' rógaire,
Sí mo bhean a' cladhaire,
Sí mo bhean a' rógaire,
Is cuirfidh sí le faill me.



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn button boots di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh slipper shoes í.



Sí mo bhean a' rógaire, agus rl.


L. 119


Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn ribín buidhe dhi,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh súgán tuighe í.



Sí mo bhean, agus rl.



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn cana cláir di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh ceaintín stáin í.



Chuaidh mo bhean a' radaireacht,
Chuaidh mo bhean ag ól uaim,
Chuaidh sí thar faraige,
Is nár fhillidh sí go deo chugham!



DÓMHNAILLÍN Ó DÓMHNALLÁIN.



Dómhnaillín Ó Domhnalláin,
Ó Dómhnalláin, Ó Dómhnalláin,
Dómhnaillín Ó Dómhnalláin,
A dtuaidh ó'n Muileann Geárr
Dómhnaillín Ó Dómhnalláin,
Ó Dómhnalláin, Ó Dómhnalláin,
Bíonn sé i gcómhnuidhe ag sliúdaráil
San áit a mbíonn na mná!


L. 120


SUIDH INSO, 'MHÚIRNÍN, LÁIMH LIOM.



Bhíos-sa lá i gCill Áirne,
Is gan fáil ar dhigh agam, óró,
Do bhuail stuaire na gruaige finn' orm,
Suidh inso, 'mhúirnín láimh liom.



D'fhiafruigh sí dhíom, goidí an chine me, óró,
Dubhartsa léi, gur de mhuintir Dhigin mé.
Suidh inso, agus rl.



D'fhiafruigh sí dhíom, a n-imireoghainn cluiche léi, óró,
Dubhartsa léi, gur ró-bhreágh chuige mé,
Suidh inso, agus rl.



Tá mo chroidhe scóltha, ó phósas an fhinnebhean, óró,
Ní chrúdhfadh sí bó, is ní dhéanfadh sí cuigean dom,
Suidh inso, 'mhúirnín, láimh liom.



RANN.



Atá oilithreach gan eirball ag teacht chugham fe'n
súsa,
'S is feilmionta bheirean siúd ar gheig liúm-sa,
Deirim leis má bheirim air, am dhorn dhúnta,
Eitiollach do theipfidh air go dtí Lá an Chúnntais.


L. 121


ORÓ IS NÁCH É SIÚD AN SEO!



(Cúrsaí fir a d'imigh le tinncéaraí fad ó.)



Fonn: "Ré tiúral a lé."



A bhuachaillí a chroidhe 'stigh ar chualúir an sgéal?
An t-amadán mór bhí i dTeampall a tSléi',
Thug suas a thig is d'fhág bean mhaith n-a dhéidh.
Agus d'imigh le bacaigh i gcaitheamh a shaoghail,
Agus óró is nách é siúd an seó.



Geallaim-se dhíbh-se go bhfillfidh siúd sé fós
Is é go fuar dealbh 'san teasbach curtha dhó
A sparáinín caithte aige bacaig 'á ól
Agus gach re rúisc acu ar "Úncailín Eoghan"
Agus óró is nách é siúd an seó!



Dá bhfeiceadh sibh Eoghainín ag gabháil inso siar,
Is é go salach aindis agus ruic ar a ghiall,
Bhí seál mór deasg air agus maintil liath-bhán,
Agus inghean a' bhacaigh ag rith i ndiaidh an
amadáin —
Agus óró is nách é siúd an seó!


L. 122


Cad é an t-iongna liom é dá mba cailín deas
fionn,
Nó bean a bheadh tugtha do phléisiúir is greann,
Ach ag imeacht le léibis go raibh súil as a ceann
Ag iomchar a mhála is a chuilt ar a dhrom —
Óró nách é siúd an seó!



FÓGRA GREANNMHAR.



Athair miúlach, atá stágach gúngach,
Do ghluais chun siubhail uaim, go moch indiu.
Do bhí ceann muar air, eirball sguabach,
Muing ghuaireach, is gan é bán ná dubh.
Ní raibh crú ná táirne n-a chrúba ach spága,
Bhí a rúmpa geárrtha agus marc 'na phus,
Is pé fear nó buachaill ag a mbeidh a thuairisg
Do gheóbhaidh mar dhualgas uaim jug of punch.



[Fear do chaill asal .i. an "t-athair miúlach," d'fhógair mar
seo do'n phobal Dé Domhnaigh.]


L. 123


CAILÍN AN ÚRLA DHONN.



Fonn:
I.



Sí cailín an úrlan dhonn, mó ghrádh-sa gan domhat,
Is suidhte deas a com agus a cnámha síos,



D'fhonn tusa bheith agam i bPortláirge,
Do thógfaimís ann long is do rachaimís anonn,
Thar fairrge, is níor bh'eagal dúinn bheith báidhte.



II.



Ní ghéillimsi dod' ghlór mar is mór do dhúil san ól
Is thar fairrge ní rachadsa go bráth leat



Is gur le bladaireacht do mheallan tú na mná leat.



Geallaim duit gur fada do bheadh trácht orainn,



Seachain mé! do radaireacht ní h-áil liom!


L. 124


III.



Is buartha tá mo chroidhe le taithneamh mór dod'
ghnaoi,
Is go mb'aite liom am aice tú ná ceól sidhe.

Ní sgarfainn leat ar airgead ná ar ór buidhe,



Tair a bhaile liom is beam ceangailte, a stóirín,



IV.



Ach le h-eagla gur cleasa clis do ghnóthaí,
do rachainn leat
anonn,
Thar fairrge, gan eachra, gan cóistí.



Is thabharfainn m'acfainn duit go rabairneach a
stór-chroidhe,



Is in san nGaillimh seadh thógfaimíd ár lóisdín.
Tréigfead feasda an t-ól is 'ní leanfa mé de'n
spórt,
Is beidh airgead go fairsing in mo Phócaí,
Gur mílse liom do Phóg ná siúicre beach ar bhórd,
'S beidh m'aigne-si ceangailte ad' mhór-chroidhe,


L. 125


INGHEAN AN PHAILITÍNIG.



Fonn: "An Gáirdín Neóiníní."



I.



Lá breágh aoibhinn margaidh is mé gabháil trí
Bhail' O Síoda,
Ri' ti'— al' de deedil — dae' ri' fol' de deedil — ti, ri' al—
de dairo,
Cé chasfaidhe ins an tslighe orm ach inghean a'
Phailitínig,
Ri' ti', agus rl.
D'fhiosruigh sí fios mh'ainme nó "goidé 'n baile ó
go mbíon tú?"
"Nó a dtiocfá féin a bhaile liom seal go dtí
mo mhuintir?"
Sé dubhart gur buachaill greanta me a comhnuighim
i gCoiríní,
Ri' ti', agus rl.




L. 126


II.



Má thréigean tú an t-Aifreann do gheó' tú me le
pósadh,
Ri' ti', agus rl.
Mar a dhéin mo mhuintir rómhamsa 's a mairean
uile beó 'cu,
Ri' ti', agus rl.
Gheó tú ór is airgead is talamh gan aon chíos liom
Agus litir ó Mhister Oliver go bhfuil mh'athair caithte
críona
Agus cailín deas ag taisdeal leat — má's meón
leat Pailitíneach!
Ri'ti', agus rl.




III.



Do dhruideas-sa na h-aice siúd is thugas di cúpla
póigín,
Ri' ti', agus rl.
Is má théidhim-se féin abhaile leat, an bhfagha' mé
tú le pósadh,
Ri' ti' agus rl.


L. 127


Sé dubhairt sí "ná bíodh eagal ort, tair liom agus
míle fáilte!"
"Do gheó' tú le toil mh'athar mé 's gan dearmad
óm' mháithrín,
Do gheó tú stoc ar talamh liom agus mairfimíd
go sásta!"
Ri' ti', agus rl.



IV.



Anois tá mo dhuainín críochnuighthe is gan peann
ná dubh am' dheárnain,
Ri' ti', agus rl.
Do thug sí an t-óigfhear barrfhionn léi, abhaile
go dtí na máthair,
Ri' ti', agus rl.
Do chríochnuigheadar an marga, is bhí sé annsan
'na mháistir,
Fuair sé tigh is talamh léi agus iothalla chluthar
shásta,



Ri' ti', agus rl.


L. 128


AR MO GHABHÁIL TRÍD AN MBAILE.



Píobaire fáin do chúm.



Fonn: "Fíníní Chathair Saidhbhín" nó "The Next Market Day."



I.



Ar mo ghabháil tríd an mbaile gurb ainm Rath
Cumhaill,
Seadh dhearcas an ainnir ag bagairt a súl,
Do dhruideas na h-aice — sé beannachadh dubhairt:
"Dé' bheatha 'n mbaile seo, a bhacaig ó'n Mumhain!"



II.



Do bhaineas mo hata dem' bathas go h-umhal,
Is d'fhiafraigheas de'n ainnir a h-ainm ar dtúis,
"Maighréad Ní Chealla," sé freagra dubhairt,
"Is go céad míle mairi' tú th'ainm, a shiúr!"



III.



D'árduigh sí léi me is do luigheas-sa ar ól,
Do líon isteach duine 'gus fiche de lucht ceóil,
Do chaitheamair oíche gan mhairg le spórt
Is nuair dhúisigheas ar maidin bhíos sínte fé'n
mbórd!


L. 129


DÁ bPÓSAINN BEAN RUADH.



Fonn: "Páidín Ó Raifearta."



I.



Dá bpósainn bean ruadh, níor bhuan é mo shaoghal
aici,
Dá bpósainn bean fhionn, bheadh na súile ró-chlaon
aici,
Dá bpósainn bean bhuidhe, bheadh síolmhairt gan
sgéimh aici,
'S i bpáirt na mná duibhe, siad fuighleach fear
Éireann iad.



Curfá:



N'fheadar 'n domhan cé'n bhean dob' fhearra
dhom,
N'fheadar 'n domhan cé'n bhean dob' fhearra
liom,
N'fheadar 'n domhan cé'n bhean do ghlacfa mé,
Ní bhacfa mé aoinne 'cu, d'fhonn a bheith
sgartha leó!



II.



Dá bpósainn bean chríona, do chlaoidhfeadh sí
mh'aigne,
Ag troid 's ag bruighean ó oíche go maidin liom,
Ag éirghiú san oíche chun a píopa do dheargadh,
Do bhrisfeadh sí mo chroidhe 'nam le'n iomorca
ragairne,



Is n'fheadar 'n domhan, agus rl.


L. 130


III.



Cailín tighe móir, ní phósfad 'n fhaid mhairfead í,
Bíon a greim ró-mhór, agus slugadh ró-fhada 'ci;
Nuair ólan sí an t-uachtar, bíon ruaig ar an
gcat aici,
Buille ar an mbuachaill agus dhá bhuille ar an
madra.



Is n'fheadar 'n domhan, agus rl.



IV.



Cailín tighe 'n tábhairne, ní ghrádhfainn a n-ao' chor í,
Ní thaithnighean sí lem' mháthair, is bheadh sgáth orm
fhéin roímpe,
Bíon gloine 'n-a láimh agus grádh ag gach aoinne dhi,.
'S cé aithneóch amáireach í nuair fhasgan sí stays
uirthi!



'S n'fheadar 'n domhan, agus rl.



V.



Cailín ó'n sliabh sí siúd dob fhearra liom,
Cailín ciúin, ciallmhar, modhail-tais leanabach,
Do dhéanfad sí an cíos, de'n im is de'n bhainne dhom,
'S nach liúr léi an diabhach, ná codla go h-eadartha!



'S n'fheadar 'n domhan, agus rl.


L. 131


DOMHNALL NA GRÉINE.



Fear fréic agus frolic, i seomra ná i halla,
Seadh Domhnall na ghréine,
A gcualúir a thréithe,
Do chaithfeadh sé seachtain ag ól i dtigh leanna.
Is ná tuitfeadh néal air,
B'anamh dithcéill' air.



An Casadh:



D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé
Is dá mbeadh a thuille aige,
A chóta 's a léine, a chóta 's a léine,
Domhnall na buile is Domhnall na gloine
Is Domhnall na gréine, Domhnall na gréine.



Is táilliúir 's is gabha é, 'S is printéar maith
leabhar é,
Domhnall na Gréine, Chúmfadh sé bheursa,
Bórd agus leabaidh do dhéanfadh go tapaidh,
Nó bríste breágh néata de chroiceann na gcaorach.



D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, agus rl.



Níl aon bhean i gCorcaigh
Nár dhein sé léi cumann,
Cailíní óga, singil is pósta,
Dá mbréagadh mar mhagadh, idir sé lá na seachtaine,
Le bladar is bréithre,
Eachtraithe is sgéalta.


L. 132


D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé,
Is dá mbeadh a thuille aige,
A chóta 's a léine, a chóta 's a léine,
Domhnall ar meisge 's a bhean ag ól uisge,
'S na leinbh ag béicig na leinbh ag béicig.



GUIDHE NA DREANNCAIDE.



Dóigh sa teine me!
Múch san uisge me!
Nó mairbh ar t'ionga me!
Ach ná tabhair "cuimil a mháilín" dom!



SÍLE NÍ GHADHRA.



A Shíle Ní Ghadhra, dá raghfá-sa ag ól liom,
Dó bhéarfainn guth gadhar duit is radharc bailtí
móra,
D'iompóghainn féin mh'aghaidh ort is thabharfainn duit
póga,
Fé thuairim do mhaighdeanais dá bhfaghainn tu le
pósadh.
'S a Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól!
'S a Shíle Ní Ghadhra, téanam ag ól!
D'ólfainn-se sgillinn 's ba chuma cá bhfaghainn é,
Is do raghainn ar bórd luinge le Síle Ní Ghadhra.


L. 133


A SHAIGHDIÚIRÍN A CHROIDHE.



Fonn: "Cailín beag mo chroidhe"



I.



A shaighdiúirín, a chroidhe,



A chailín bhig mo chroidhe, conus a phósfainn-se thu?
Is gan piuc de'n léine agam, a chuirfinn orum'



Do chuas go dtí an siopa ab fheárr a bhí an',
Is do cheannuigheas-sa léine dom shaighdiúirín an'.



II.



(Is) a shaighdiúirín, a chroidhe, agus rl.,
With a heigh, etc.



A chailín bhig, agus rl.,
Is gan piuc des na bróga agam a chuirfinn orum',



Do chuas, agus rl.
Is do cheannuigheas-sha, agus rl.



III, IV, V,



Mar a chéile ach gur "de'n bheirt agam a "chuirfinn umam,"
"de'n bhríste, de'n hata… orm," a dubhairt se léi. Nuair
bhí gach aon ní bhí uaidh fachta aige d'fhreagair sé mar seo:



A chailín bhig mo chroidhe, conus a Phósfainn thu,
Agus bean agus clann agam ar an dtaobh eile
'n sruth?


L. 134


SEOTHOLO MAGAIDH.



Fonn: "Saighdiúirín a chroidhe."



I.



Óra Neilí arú a chumann 's a Neilí arú a bhuidheanach,
Cé h-é an fear fada san, sa chúinne ansan taoibh
leat?
(Seotholo, seo leó, seo leó a bháibín,
Seotholo, ú leó, seo leo a bháibín).
'S an duine atá ar buile thu nó an duine atá 'r
baois tu,
Nó an aithnigheann tú feasta leanbh an tighe seo!
(Seotholo, agus rl.)
Siubhlaigheas an domhan agus tháinigh mé arís,
Féasóga ar leanbhaí níor cheapas go mbíodh.
(Seotholo agus rl.)



II.



Óra Neilí arú' chumann 's a Neilí 'rú 'chroidhe liom,
Cé'r leis na bútaisí tá i seomra an tighe seo.
(Seotholo, agus rl.)
'S an duine atá ar buile thu nó an duine atá ar
baois tu,
Nó ná h-aithnigheann tú feasta galúin an tighe seo.
(Seotholo, agus rl.)
Shiubhlaigheas an domhan agus tháinigh mé arís,
Spuir ar ghalúin ní fheaca ó imigheas.
(Seotholo, agus rl.)


L. 135


III.



'S a Neilí arú' chumann 's a Neilí 'rú 'bhuidheanach,
Cé'r leis na capaill atá ar stáblaí an tighe seo?
(Seotholo, agus rl.)
'S an duine atá ar buile, agus rl.,
Nó an aithnigheann tu feasda loluíghigh an tighe seo.
(Seotholo, agus rl.)
Shiubhlaigheas an domhan agus tháinigh mé árís,
Cruite ar lolúighigh ní fheaca ó imigheas.
(Seotholo, agus rl.)



LÁ AN DREÓILÍN.



Fuaireas-sa mo dhreóilín thíos ar an Innse,
Fé chab cloiche agus carabhat síod' air,
Thugas-sa chugaibh-s' é a lánamha 'n tighe seo
Is gura seacht gcéad feárr sibh bliain ó'n mí seo!



…Bhí bean darb ainm Cooper ná tabharfadh aon ní do'n
dreóilín. Seo mar dubhairt garsún léi:



Thugas mo dhreóilín chugat-sa a Chooper,
A shean-dhiabhach caillighe, is measa sa dúthaig!
Easba cos, iongan, agus súl ort
Is gura seacht míle measa fé'n Nodlaig seo
chughainn tu!



Sé deacaracht gach deacaracht an rud a chleach-
tathar a chur i ndearamad arís.


L. 136


CAILLEACH MHÓR CHRÓN NA GAIBHLE.



Fonn:



Ar túirín na Gréine 'seadh casadh mé,
I gcúm cnuic ná feadar 'n Éirinn,
I bhfiúntar 's i gconncas le cailligh,
'S na Tuatha Dé Danann go dtraochfadh.



'San Tally heigh ho, heigh ho!
Tally heigh ho, sí 'n cladhaire!
Tally heigh ho, chun seóil,
Sí cailleach mhór chrón na Gaibhl' í.



Gearánaim le fáidhí na mbailt' í,
Ó rainig lem' theangain bheith méirscreach;
An bhláthach age cránta na mbanbh,
Agus scála ag an gcailligh 'á taoscadh.



'San Tally heigh ho, heigh ho! agus rl., agus rl.



Eireochad go deagh-mhoc ar maidin,
Is béarfad mo phaca breagh gadhar liom,
Cuardóchaimíd uachtar a' ghleanna
Agus fiachfaimíd Cailleach na Gaibhle.



'San Tally heigh ho, heigh ho! agus rl., agus rl.



Ar an nGaibhil atá 'n deigh-bhean mar mheasaim,
An staidhce de chaille gan daonacht.
Dar go deimhin dá dtéigheadh sí ins na Flaithis,
Do dheighilfeadh na h-aingil ó chéile.



'San Tally heigh ho, heigh ho! agus rl., agus rl.


L. 137


ANONN 'S ANALL A MHÁIRÍN.



Fonn: "Móirín Ní Ghiobarláin."



I.



Is gan éinne beó am chuileachtain,



N-a h-aonar is í i siopa astig.



Is mé 'g éisteacht le n-a binne-ghuth,



Sé dubhairt sí "leog dod radaireacht."



Curfá:



Is anonn 's anall, a Máirín,
Do mhálaí is do bheilteana,
Is a bhean na stocaí mbána
Ba bhreágh liom bheith ag imirt leat.



II.



Go dréimreach ag tuitim léi,



'S do Phreab mo chroidhe le taithneamh di.



An bhean dé úd bhí ag Jupiter,



Chaith tréimhse seal in Ifreann.



Is anonn 's anall agus rl.


L. 138


III.



Ní h-éinne mar do thuigis, mé,



Ná taobhuig a thuille mé!



Ná straethaire bhréagfadh bruinnioll seal,



Sí an áit n-a chómhnuighim Mucaros.



Is anonn 's anal', agus rl.



IV.



'S adubhairt sí gurbh é an ministir,



'S gur bhaoghlach dom dá bhfeictí sinn.



Idir Claodach is Mucaros,



Trí lár mo chroidhe tá taithneamh duit."



'S anonn 's anall agus rl.



V.



'S gur bhreágh liom bheith na cuileachtain,
'S gur bhinne liom ná 'n chláirseach,
Gach árd-Phort do sheinneach sí.



Má théidhean tú liom go Mucaros?"



"A ghrádh geal, I'm fond of you!"



'S anonn 's anall, agus rl.


L. 139


Fonn: "t-Athair Jack Walsh."



I.



Ar theórain Cluain Meala 'gus Carraig na Siúire,
Maidean chiúin drúchta, go moch ins an bhFóghmhar,
Seadh do dhearcas an ainnir, ba dheise 's ba mhúinte,
Ba thaithneamhaighe liúm-sa, dá bhfeaca riamh fós.
Do dhruideas n-a coinnibh, le taithneamh dá póig,
'S mo hata do leagas go talamh am' dhóid,
Sé dubhairt liom an ainnir "ná bíodh ort aon bhrón,



II.



"Triall liom 'n Charraig agus Caiseal ná taobhaig
A chogar mo chléibh, agus beidh ag'ainn beóir,
Mar is siúinéar maith mise, 's má thaithníon mo
chéird leat,
Imeógham le n-a chéile ró-aerach go leór."
Do fhreagair an ainnir ag preabadh n-a suidhe:



So come fill us a glass and then we'll agree,



III.



Nuair a shroiseas an Charraig is orm bhí an náire,
'S gan pingin ag Seán bocht do ghlaodhfadh ar lionn,
Ach an ainnir chiúin chailce ag sodar lem shálaibh
'S ná feadar dé'n lána a rithfinn chun siúbhail.
"Nuair ná fuil agam sgillinn, do cheannóch braon
dighe,
Teangóghad leat i gCorcaigh, 'gcionn a dó nó trí mhí,
Sé dubhairt liom an ainnir


L. 140


AN FHALLAINGÍN MHUIMHNEACH



(Bhíodh ar chailíníbh fad ó).



An Casadh:



Fallaing ar fhallaing, sí an fhallaingín Mhuimhneach í
(É seo rádh trí h-uaire).
Fallaing chruaidh chasta 's nár chasa' sí choidhche orainn.



Dá mba ag'am an fhalluing ní thabharfainn do'n
phíobair' í,
Ach tabharfainn do'n sgathfaire do chóireóch broc
mín uirthi.



Fógraim an fhallaing is mó dath daor uirthi
Bíon dubh, bíon dearg, bíon glas, uaithne 's buidhe
innti.



Croidhe cráidhte ar a bhfallaing, cé gur beag suarach í,
Is tapaidh do leagfadh sí fear spuir is bútaisí.



Fallaing ar fhallaing, agus rl.



ÓRÓ CHAILÍNÍ.



Fonn: "An Fhallaingín Mhuimhneach."



Ag gabháil tríd an mbaile ar maidin go súgach dom,
Do tharlaidh am aice ainnir is húps uirthi,
Ba dheas í a h-aibit, bhí hata 'gús húd uirthi,
Sgáil na leacain agus mala mar dhrúcht aici.
Is óró chailíní deinigí rún orm.


L. 141


STAD ARÚ RÓGAIRÍN.



Fonn: "Sean-bhean Chríona an Dranntáin."



I.



Thíos ag geata an tsáipéil,
Do casadh orm ainnir na bpráisléad,
Do luigheas-sa ar mhagadh 's ar rás léi,
Chun gur chailleas mo leabhartha is mo pháipéir.



Curfá:



Stad arú ' rógairín, stad, stad!
Fan arú ' rógairín, fan, fan!
Stad arú ' rógairín, stad arú rógairín,
Nó imbriathar go 'neósad thu dhom' mhaimí!



II.



Bhí inghean an aodhaire le mórdháil,
Ag rinnce liom thíos ar an móinteán,
Mó dhícheall ní fhéadfainn í chócsáil,
Mar bhí sí ró-óg ins an deighleáil.



Stad arú, agus rl.



III.



Óigh-bhruinnioll mhúinte na bhfolt mbuidhe,
Ná gluaiseófá 'n ród liom gan mhór-mhoill,
Bheadh agat-sa sóghchas is cóir ghrínn
Fairsinge bólacht is togha tigheas.



Stad arú ' rógaire, stad, stad!
Fan aru ' rógaire, fan, fan!
Cuir díot an bóthar go mear mear,
No 'neósad-sa thusa dhom dhaidí!


L. 142


IV.



Nuair théidhim-si ar aonach chun fastuím,
Mo dhá láimh am' póca 's mé ag feaduíol,
Díolaim mo chaoire 's mo cheartaois,
'S ní thagaim a bhaile go Dardaoin.



Stad arú agus rl.



PISEÓG IME.



Ráth Dé ar an gcuiginn seo,
Sop agus ribe innti,
Is ceirtlíní ime uirthi,
Im an bhaile seo thoir,
Im an bhaile seo thiar,
Im Cháit is Shíle, Mháire is Bhrighde
I gcóir an chíosa,
Chun an tsoithigh a líonadh;
Is im a' tsagairt féin,
Cé gur deacair liom é iarraidh:
Ach mar sin féin, tagadh sé,



Paidreacha is éagcóir,
Mangalum is droch-nós,
Uisge sa bhainne,
Agus teanga liúm leó.


L. 143


FROLIC UÍ RAGHALLA.



Fonn: "An Gamhan Geal Bán" nó "Báb na gCraobh."



I.



I dtigh a tabhairne lá in sa Ghréig,



Do chealg mé i lár mo chléibh



Do dhruideas go dána léi,



Ag gabháil liom thar mhnáibh a' tsaoghail.



II.



A leinbh dob áille gné



Ó thuiteas i ngrádh led' sgéimh



Is me cheangal led' bháin-chneis ghlé



Gan uireasa, gádh, ná baoghal.



III.



Ní chreidim do ráidhte bréig.



Ach imig is fág mé réidh!



Ag tuisgint 's ag foghluim léighinn,



Nó b'éidir an uair sin féin."


L. 144


IV.



Ag tuitim go fáinneach léi.



Ná an pláinéid dob áille gné,



A mala, a srón 's a béal,



Is go talamh gan cháim dá réir.



V.



"Ní leanfad níos mó do'n léighean



Go bhfuilim ró-óg go léir;



Ach cuirfead leis bliain uaim féin,



Bogfam an ród sinn féin!"



VI.



A dtuisgint le snáthaid chaol,



An Fiolar, an Chág 's an Naosg.
's ag súgra le chéile,
Ar maidin 's i lár an lae.


L. 145


TAIR AR MO CHÚLAIBH.



Fonn: "Cnocáinín Aerach na biolairighe."



I.



Dia dhuit, a sheana-bhean mhúinte!
Go dtaithnighean do ghnúis is do leacain liom,
Dá dtoileóchthá liom-sa chun siubhail leat,
Do raghainn-se go h-umhal go dtí an sagart leat.
Tair ar mo cúlaibh, mo chúlaibh,
Tair ar mo chúlaibh, a sheana-bhean!
Tair ar mo chúlaibh, mo chúlaibh
Is béarfad go súgach dot' bhaile thú.



II.



Tánn tusa at' ógánach groidhe,
Is bim-se de shíor ag tagairt duit,
Má ghlacan tú liom-sa mar mhnaoi,
Ní follamh an tslighe leat, geallaim-se.
Raghad ar do chúlaibh, do chúlaibh
Raghad ar do chúlaibh gan dearmad,
Raghad ar do chúlaibh, do chúlaibh,
Is raghad fé lán tsiubhal go dtí an sagart
leat.



III.



Níl airgead flúirseach agam-sa,
Is tá an t-aisdear ró-mhór a bhaile orm,
Níor cheapas ach costas an róid,
Is beidh a thuille, dar ndó, ag an sagart uainn
Tair ar mo chúlaibh agus rl.


L. 146


IV.



Tá airgead agam-sa ár ndóthain,
A réidhteóghaidh an tslighe go dtí an sagart dúinn,
Má thoilighean tú liom-sa mar nóchar,
Beidh macha bhreágh bó in sa bhaile 'gainn.
Leig me ar do chúlaibh, do chúlaibh,
Leig me ar do chúlaibh-se, ' fharaire!
Leig me ar do chúlaibh, do chúlaibh,
Is bogfad an ród go dtí an sagart leat.



AN DREÓILÍN



(Bhéarsa eile)



Dreóilín a fuaireas le h-ais carn cloch,
Do chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a chos,
Thugas seacht seachtaine á tharrac as an bport,
Éiri' t' shuidhe ' bhean a tíghe 'gus líon chughainn
deoch!



(Deirtear "Rí na n-éan e, má tá sé
beag," san trímhadh líne, uaireasta).



Muíntir Chonaill ó Dhaoghad,
Is muíntir Shéaghdha ó Dhairbhre:
Lucht na gcorcán méith,
Ach ní leó féin ach an t-anairthe.



Athair mo chéile mar stéig ag an gcat!
Is máthair mo chéile nár mhairi' sí i bhfad!


L. 147


PÍOBAIRE BAILE 'N LIAIG.



Fonn: "Liostáil an Phaoraig."



I.



Bhíos-sa, lá dealbh, ag taisdeal an bhóthair,
Gan pinginn am póca, ná cuileachta, puinn,
Ghabhas chun tighe 'n ósta, mar ar shíleas gan gó dhom,
Go bhfliuchfainn mo scórnach le siolla ar mo phíb.



Is bímíd ag ól, bímíd ag ól,
Bímíd ag ól 's ag pógadh na mban!
Bímíd ag ól 's ag rinnce le ceól!
Is nach feárr bheith ag ól ná bás 'fháil de'n
tart!



II.



D'eirigheas am sheasamh is theannas mo mhálaí,
Is sheinneas gach árd-phort dob aite le mnaoi,
"Thíos cois na Tuinne," "Barra Cill Airne,"
"Caismirt Finn Trágha" 'gus "Cuileann Uí Chaoimh."



Is bímíd ag ól, agus rl.



III.



"Seo lán a mhála ar lán a chnagaire!"
"Éist! a bhligeáird! is cuir amach an t-airgead!"
Phreab sí ar an dtáirsigh rómham, sciob sí mo hata
dhíom,
Agus pinginn ní thabharfadh ar a raibh d'acfuinn
am phíb.



Is bímíd ag ól, agus rl.


L. 148


IV.



Náire 'gus aithis ar aon fhear mhaith dod' dheáramh,
A bheadh gabhtha i dtigh 'n táirne i ngeall le cnag
aire dighe,
Ná bréagfadh an ainnir is bheith tamall ag rás léi,
Is go brách ná sciobfadh sí an hata det' mhaoil!



Is bímíd ag ól, agus rl.



GIOTAÍ.



B'fhearra liom, b'fhearra liom, b'fhearra liom,
b'fheárr liom,
Tuitim de chapall 's é ar dian cos anáirde,
Ná bean a Phósadh go mairfeadh a máthair
Eagla béil na sean-chaillighe gránda.



Do shiúbhlíos Éire 's an domhan le chéile,
Is cois na Féile ba mhéin liom suidhe,
Níor bhuail liom aoinne do dhein me phléasing,
Ach Mary Haley an cailín groidhe.



Go mairir is go gcaithir é!
Go líonair de'n lathaig e!
Is go gcuirir poll briste ann fé cheann seachtaine!



Ní raibh ann ach sagairt is bráithre,
Is d'imig na báirnig eatorra.


L. 149


SLÁN AGUS BEANNACHT LE BUAIREAMH
A' tSAOIGHIL.



I.



Do casadh cailín beag orm sa tslighe,



'S do líon sí osna anuas ar mo chroidhe.



Éadach leaptha ná aon tsórt ní,



Slán is beannacht le buaireamh a' tsaoighil?



II.



We'll go to an alehouse is beimíd ag ragairne,
If you are willing, a ghrádh geal mo chroidhe,



Is beimíd ceangailte i gan fhios do'n tsaoigheal.
Beimíd ag ól, faid a sheasóghaidh an baraille,



Slán is beannacht le buaireamh a' tsaoighil!



Lá sa tábhairne agus lá sa tsúsa,
Agus lá eile ag soláthar chúcha!


L. 150


EACHTRA AN GHÉ IS AN MADRA



(Cuirtear i leith Eoghain Ruaidh Uí Shúileabháin é seo.)



The 29th of June last, do reir chúrsa an chealandair,
As I was awalking tri bhánta na h-Eatharlan,
The goose first assaulted is d'fháisg chun mo mhadra,
With her mouth bill and beak do phléasg sí insa
bhathas é.
Is le n-a dá sgiathán sa chliathán do chealg é.
The dog was ashamed to be treated ar an aiste sin,
He gently seized her, is gan bhréag do bhain staith
aiste,
Do scread sí is do bhéic sí — mo léan mar do
gearradh í!
My dog being so courageous, is ar an saogal anois
ná stadfadh di,
Do chuir sé a dhá dhéad n-a plaosg agus do mhairbh í.



Fear fromhtha gach achrainn,
A Justice most gléigeal, ná fuil fabhrach ná feargach,
A friend to arch poets, is fear ceannsa n-a labhartha
Go ndéanfadh deciding ar an case,
bhí idir an gé 'gus an madra.
"I received information le h-éifeacht maith dearbhtha,
Gurbh í an gé ar dtúis do sháruig an madra,"
"If that be the case," ars an Judge, "ní dhaorfad-sa
an madra,"


L. 151


"Let him have supercédes is bead féin mar fear
banna aige
"To all petty jailers go nglaodhtar lucht mairsile,
"Constables, bailiffs, is gach aoinne de'n aicme sin,



"Is gan aoinne beó a bhagairt air.
"Let him have supercédes, beidh mo shéala 'gus
m'ainm air,
"Until he stands his trial, ag Assizes na Cathrach,
""Not guilty," they'll find him, beidh cead aighnis
is reatha aige."
Sin é an supercède bhí idir an gé 'gus an madra.



Fear a bhí ag, caint le cailín óg, a bhí buille
baoth ma chreid sí é, a dubhairt é seo:



"Dar a bhfuil de chearcaibh gan cosa in Éirinn,
"Dar a bhfuil de fhraoch in sa bhfaraige mhóir,
"Dar a bhfuil de loingeas ar mullach Chnuic
Bhréanain,
"Do mhalairt-se céile ní dhéanfad go deó!"



Fear ná raibh baoch dá mhnaoi a dubhairt mar leanas:
Ní seaca mé am radharc aon leadhb ba mheasa
ná Cáit,
Caol-aigeantach, milltheach, streiptheach, smeartha
gan áird,
Gruamdha, tuatach, stuacach stailiceach, claon,
Dé'n iongantas mo bhuaic gan ghruaig ó theang-
mhaigh mé léi!


L. 152


AN CAILÍN DEAS' DONN.



I.



Tá óig-bhean deas cailce ar mh'eólas le sealad.
Is breághth' í 'r a leacain ná 'n bhean fuair an t-ubhall,
Thabharfainn mo theasdas i láthair an tsagairt,
Ná h-iarrfainn a malairt dá dtagadh sí liúm.



Curfá



Is grádh Dé bog liom í, bog liom í, bog liom í,
Grádh Dé bog liom an cailín deas donn.
Grádh Dé bog liom í, druid liom í, corruig í,
Grádh Dé bog liom í 's druid liom í anall.



II.



Táim-se le tamall gan dúil i bpuinn beatha,
Go h-atuirseach, caithte, gan tapa ná lúth,
Le grádh ceart do'n ainnir ná h-áirím a h-ainm,
D'éalóghainn léi go tapaidh, dá dtagadh sí liúm.



Is grádh Dé, bog liom í, agus rl.



III.



Dá bhfaghainn-si mo chailín i lúibín i a scairte,
Nó i gan fhios dá maimí, i ngáirdín na n-ubhall,
Do thabharfainn-si cogar di, chuirfeadh a chodhl' í,
'S do bheinn dá bogadh go dtiocfadh sí liúm.



Is grádh Dé, agus rl.



IV.



Dob' fheárr liom mo chailín ná a bhfuil beó ar
an dtalamh,
Dob fheárr liom í am aice ná rachmus an domhain,
Beadsa go h-aingis mar an féid' liom í mhealladh,
Beidh orm taisdeal thar faraige 'nonn.



Is grádh Dé, agus rl.


L. 153


AN BACACH 'S AN STUAIRE.



Fonn: "Geóbhair, a chailín."



I.



Móra dhuit-se ar maidin!
Is Dia dhuit ' ainnir óig!
Dá ngeóbhthá liom-sa, a dhaltha,
Bheadh saoghal breágh againn fós.



Geóbhair, geóbhair, a chailín!
Geóbhair, a chailín, geóbhair,
Geóbhair, geóbhair, a chailín!
Lán do spaigín d'ór.



II.



Ní raibh aon rud riamh ag bacaig.
Ach maide 'cu n-a ndóid,
Cuid do a bhualadh 'r talamh,
'S an chuid eile dho ar feó.



B'fheárr liom buachaill greanta,
Bheadh ag bualadh 'r talamh cóir,
Ná a bhfeaca riamh de bhacaig,
Ar chois is maide a ndóid.



III.



Dearmhad mór, a thuigim,
A bhíonn ar thoice 'ot' shórt.
Mhar níl beatha ag neach chó' fairsing,
Is tá ag an mbacach cóir.



Geóbhair, geóbhair, agus rl.


L. 154


IV.



N'fheaca riamh na bacaig,
Ach ag taisdeal fada ród,
De shíor 's i gcómhnuidhe lorg,
Is lathaig ar a ndrom.



B'fheárr liom buachaill greanta, agus rl.



V.



Tá aithne agat ar mh'athair,
Nár chuir cos riamh ar thalamh fós,
A cheannuig féar deich mbó 's dathad,
D'fheirm fhairsing chóir.



Gheóbhair, geóbhair, agus rl.



VI.



N'fheaca aon rud riamh ag bacaig,
Ní bhíon ciste acu ná stór,
Ach bailiú gach lae ó'n maidin,
Tráthnóna ansan é ól.



B'fheárr liom buachaill greanta, agus rl.



Is minic a bhí fear fada gan a phaidreacha.


L. 155


CÉAD IARRACHT EÓGHAIN RUAIDH AR
FHILÍDHEACHT.



Nuair a bhí Eóghan Ruadh n-a gharsún, d'eulaigh sé lá ó sgoil.
Chuaidh sé féin agus comrádaí eile isteach i sean-dún mar a
déintí poitín ann. Thárla sé ar chrúiscín as d'ól sé a dhóthain
de'n phoitín. Thuit sé n-a chodla mheisgiúil agus d'fhan ann go
maidin lae ar na mbáireach. Nuair d'éirigh sé níor chuaidh sé
abhaile i n-ao' chor, ach seo chun na scoile leis. Bhí sé ar scoil
roim na buachaillí eile agus do thosnuigh sé ar scríobhadh. Nuair
a bhíodar na sgoláirí eile bailithe isteach, chaith Eoghain uaidh an
páipéar ar a raibh sé ag scríobhadh agus thosnuig an cheacht. Do
phioc an mháighistir an bhlúire páipéar suas as do léigh sé a raibh
scríobhtha ann. "Cé sgríobh é seo?" ars an máigistir. "B'é
Eóghan Ruadh a scríobh é, a mháighistir," arsa garsún éigint. "An
tusa a scríobh é seo, a Eóghain." D'fhreagair Eóghan gur bh'eadh.
"A Eóghain Uí Shúiliobháin," ars an máighistir, "nuair a bhead-sa
sínte, cloisfear uait-se." Sé rud a bhí sgríobhtha ar an bpáipéar
ná amhrán mar leanas:


L. 156


III.



Gan brígh am' theangain ná lúth am' ghéig.



D'fhág mé i bpeannaid i gcúmhgrach cléibh,



Said I, "Most noble queen, cá luígheann do dhúthaig
chóir?"
"Ó Éirinn chian," dubhairt sí, "atá dubhach i mbróin,
Ag búraibh Sacsan a bhíon dár gciap gach ló,"



IV.



Dá mhéid mo shuan níor bhrón liom preabadh am
shuidhe,
Go bhféachfainn ar an stuaire do bhreóidh me am
lár go tínn,



As thug sí bárr ó'n mnaoi do casadh do'n nGréig
arís.



[Seán Tóibín a scríobh é seo ó bhéal-aithris Sheumais Uí Ghríofa
i gCill Chaoi i mbl. a 1906. Do cailleadh Mac Uí Ghríofa go
gairid n-a dhiai' san agus é 90 bl. d'aois. R.I.P.]


L. 157


AN CIARRAIGHEACH MALLUITHE



(Eóghan Rua Ó Súileabháin do chúm)



Fonn: "Hóró! Stáca an Mhargaidh!
"Hóró! Stáca na bó!"



I.



Eóghan:



Do shiubhlaigheas a lán ó'n Ráth go Daingean,
'S ó Sráid na Carraige go Clár geal Banban,
Óró! is go Caiseal na slógh.
Margadh tá, dhá lá sa tseachtain ann,
Aifreann gnáth le fáil ón Eaglais,
An cárt 's an cnagaire lán gan mhearathal,
Stáid-bhean cailce 's í dh'fháil chun taisdil liom,
Óró! is nár mhaith é mo sgeól!



II.



An Óig-bhean:



Ba dhoilbh an sgéal dom dá n-éaluíghinn leatsa,
Le réice dot' shamh-ail-se aniar ón Mainistir,
Do mheallfadh mé le h-éitheach go leór,
Chuirfinn an saoghal go léir in earraid liom,
Siar dá rachainn-si chun dúthaighe t'athar leat
Óró! 's níor mhaith é mo sgeól.
Ach má thugair an mhánel go bráth ná sgarfair liom,
Beidh tuille biotáille le fáil in aisge 'gat,
Déin suas t'aigne is téanam a bhaile liom,
Óró! 's a mbeidh agam do gheóbhair


L. 158


III.



Eóghan:



Níl áird sa tsaoghal má's fíor nách rachainn leat,
Is do ghléasfainn mo long dá mb'fhiú do thairbhthe,
Óró! thar faraige mhóir!
Do bhéarfainn liúm tu anonn go h-Albain
Nó go Hanover má sé is fearra leat,
Éire ' seasamh dom! na bíodh eagla ort!
Óró! 's nach tusa mo stór!



IV.



Do shiúbhlóghainn an saoghal go léir 's an Bhreathnaisg
leat,
'S níor bh'fheárr liom bheith in Éirinn ag éisteacht
Aifrinn,
Óró! ná i Sasana Nódh.
Coinghíoll ár pbósta stór bheith eadrainn,
'S an fhaid mhairfimíd beo gan gleo bheith eadrainn,
Óró! creid feasta mo ghlór!
Seo mo dhá láimh duit is ní i bpáirt bheith sgaradh
leat,
Ach chun ceangailt go bráth leat gan spás faid
mhairfimíd.
San suidhte ár margadh, ní dhéanfad do mhalairt-se
Páirt dem anam go bráth ní scarfaidh leat
Óró! faid a mhairfad féin beó.


L. 159


V.



Má leanaim go dian tu siar chun Cheanna Tuirc,
Caillfead mo chiall mara dtriallair a bhaile liom,
Óró! bead a' sile na ndeór,
Ná tair im' dheóidh gan mór-chuid airgid,
Stampaí Ríogh Sacsan air, go cruinn i dtaisge
'gat,
Óró! i gcóir cosdais an róid,
Ní bheidh cluig ar ár ndóirnibh ó rómhar na ngarraithe,
Ná ó chruachadh na móna ná 'n fóghmhar a leathadh
'rainn.
Beidh rinnce fada 'gainn, má sé is fearra leat,
Ór is airgead, ól is beathuisge,
Óró! fad a mhairfimid beó.



VI.



Ní chreidim ód' bhéal dá dtréin dá n-abrann,
Mar is fear magaidh tú, bhíonn ag mealladh ban,
Óró! led' racaireacht spóirt
A chumann mo chléibh, 's a réilthion mhascalach!
Ní neósainn bréag óm' béal ar capall duit,
Ar eagla 'n Pheaca 's go mbeimís damanta,
Grádh tá ceangailte am lár ná scarfad leat,
Óró! go dtéidhead síos fé'n bhfód.



VII.



Ní leogfad fé'n bhfód go deo, mo sgathfaire,
Ó fuaireas fios ' aigne, mar sé dob fhearra liom.
Óró! líon cupar de'n bheóir!
Glaodhaig ar na cáirdíbh go dtrághfam an baraille,
Is déanfam rí rá go mbeidh trácht sa chathair air,
Óró! faid a mhairfidh a bhfuil beó!


L. 160


B'fheárr liom do mhéin ná cead bó bainne 'gat,
Muileann ' meilt plúir, agus brewery ' tabhairt
leanna dhuit,
Siúd é mh'aigne, cé'n chabhair é chasadh liom,
Go dtabharfainn an saoghal duit féin dá dtagthá
liom,
Óró! is nach tusa mo stór!



VIII.



Do shiúbhlíos-sa léi, trí sléibhte Callainne
Ag déanamh ranna dhi, 'gus bréaga á gceapadh dhi,
Óró! sar a dtuitfeadh sí i mbrón!
Chun gur bhailigheas gach réal, bhí déanta i dtaisge 'ci,
Gan phlé, gan achrann, síos am' phaba chugam,
Óró! i gcóir costais an róid.
Do shocruigheas-sa féin mó bhéabhar hat' orm,
Mo mhaide droíghin éile, agus faobhar n-a bharra
'muigh,
'S is tréan 's is calma, léimfinn clathacha,
Chun dúthaighe m'athar siar, d'fhonn a bheith sgartha léi,
Óró! is í ' sodar am dheóidh



IX.



Nuair a bhraith an fhaoilean an oíche tagaithe,
'S ná fuair sí sa tigh, ná amuigh sa gharraidhe me,
Óró! do chas sí olagón!
Do ghlaodhaigh sí ar a máthair 's ar a lán do
leanfadh í,
Dá rádh gur mheallas a croidhe lem' chleasanaibh,
"Óró! is do shlad mo chuid óir"


L. 161


Gluaisíghidh! a cháirde! ní fuláir nó leanfam é,
Cuardógham na bánta 'gus áird na ngarraithe,
Do'n Chiarraigheach Mhalluithe, mheall le n-a bhladar me
Ag diúgadh an chnagaire cois taoíbh an bharaille,
Óró! is céad beannacht le h-Eóghan.



AN RÁBHUIRE SAOIR



Fonn: Petrí 1070-1071, nó "Castlehyde"
nó "An Seanabheist" (Joyce).



I.



Ghlacas mar shlighe chúm, imeacht óm' mhuintir,
Sealad dom síos cois Féile,
Mar d'airigheas dhá innsint, go leathan idir dhaoine,
Go bhfaghainn trácht groidhe ar mo chéird ann.
Do casadh chun tighe mé, i dtosach na h-oíche,
Is d'iarras cead suidhe go séimh ann,
Do fhreagair gan mhoill an tseana bhean chríona,
Ná raibh aici slighe 'stig d'aoinne.



II.



Do labhair an bhrídeach leis an mnaoi gcríona,
Mar is n-a croidhe bhí an daonacht,
Gan rábhuire saoir ghluin chur amach san oíche,
Ag taisdeal na slighe 's é in aonar,
"Mara bhfuil tuighe agat, nó leabaidh n-a luíghfidh,
Tabhair cead suidhe 'stigh féin do!"
Mo hata gur sgaoileas, de bhathas mo chinn,
Is ghabh-as léi míle baochas.


L. 162


BÍMÍD AG ÓL



(Rócán Béarla a dhein Eoghan Rua Ó Súileabháin)



I.



Is bímíd ag ól 's ag ól 's ag ól,
Bímíd ag ól 's ag pógadh na mban,
Bímíd ag ól 's ag rinnce le ceól!
'S nár bh'fheárr bheith ag ól ná bás fháil
de'n tart!



Is bímíd ag ól, agus rl.



Is bímíd ag ól, agus rl.


L. 163


Is bímíd ag ól, agus rl.



Is bímíd ag ól, agus rl.



Is bímíd ag ól, agus rl.



Is bímíd ag ól, agus rl.


L. 164


LEADÍ GÓ LÍ.



Fonn: "Raigh tiúral a lé."



I.



Tá caile ar an mbaile 's is cuma cé hí;
Gabhann sí ar a deadí 's ar fhaimilí an tighe,
Ní bheidh sí gan éadach is é bheith ar an gcraoibh,
Is déanfa' sí plannsaí dhe'n bheafaití bhuidhe
Agus óró my leadí gó lí!



II.



Thíos ag an gcumar tá crannín fé bhláth,
Ná fuil aon ní ach dimities casta 'r a bhárr,
Bíon starch san imioll, agus b'lue in-a lár,
Chun óinseacha liobair a chur sa style árd,
Agus óró my leadí gó lí.



III.



Thuas ag an dtobar seadh chuala-sa an ceól,
Ag buachaill ón mbaile agus cailín beag óg,
Eisean ghá bladar le radaireacht beoil,
A máthair sa bhaile ag casadh olagón,
Agus óró my leadí gó lí.



IV.



Tá cailín ó'n mbaile seo 'dul go Cill Mór,
Ribíní phlaid aici fairsing go leór,
High slipper shoes uirthi in inead na mbróg,
Le súil 's go mbuailidh léi buachaillín óg,
Agus óró, agus rl.


L. 165


SEÁN A' BHRÍSTE LEATHAIR.



Fonn: "Bob and Joan."



I.



Nuair a bhíos i dtúis mo shaoghail,
Ag éirghe suas am' leanbh,
Do bhí orm greann gach aoinne —
Ba mise peata 'n cheana,
Nuair a bhíos ag dul ins na déagaibh,
Do théidhinn imeasg na bhfearaibh,
Níor mhór dom féin n-a dhéidh sin,
Iompáil amach am ghaige!



Curfá.



Téir a léir a leá!
Téir a léir a leadí!
Téir a léir a leá!
Seán 's a bhríste leathair.



II.



Do bhí orm culaith dheas éadaig,
In iúl do sí nó mharcus,
Casóigín deas bréide,
Is bheistín ghléigeal flannel,
Stocaí dubhghlas caorach
Agus bróigín Gaelach smeartha,
Haitín íseal Quaker,
Agus sgeilp de bhríste leathair.



Téir a léir a leá, agus rl.


L. 166


III.



Do bhíos-sa lá ar aonach,
Is mé ag díol céise 's banbh,
Do casadh orm spéir-bhean,
Ag ceannach ubhla 's crackers;
Do dhruid sí liom go dlúth,
Is thóg sí a bhéil dá bonnet,
Is chuir sí nimh a súl
I shape mo bhríste leathair.



Téir a léir a leá, agus rl.



IV.



Ghluais a h-athair 's a máthair,
Ghá lorg ar fuaid a' bhaile,
Fuaireadar mise 's Máire,
I dtigh a tábhairne 'g ól leanna.
Nuair fhágamair an áit sin,
Chuamar go tig a' tsagairt —
Agus fuaireas baile stáit
De bhárr mo bhríste leathair!



Téir a léir, agus rl.



V.



Nuair a bhí na focail ráidhte,
Agus sinn ag teacht a bháile,
Do rug a h-athair ar láimh orm,
Am' fhásga le neart a cheana,
Dubhairt sé féin 's a mathair,
Dá mba leo stát an Mharcuis,
Ná faghadh aon fhear go bráth é,
Ach Seán a' bhríste leathair.



Téir a léir, agus rl.


L. 167


VI.



Nuair a dh'itheamair ár ndóthain,
Agus d'ólamair ár n-acfuinn,
Chuas is Máire ag rinnce,
'S is ró-bhreágh bhuail an talamh,
D'fhiafraigh na daoine go léir díom,
Cad é an sórt mo bhríste leathair,
Dubhart-sa leó go béasach,
Gur smut de chroicean reith' i.



Téir a léir a leá, agus rl.



Curfá (ar nós na píbe): Téir a léir, agus rl.



Téir a léir a leá, agus rl.


L. 168



Téir a léir a leá, agus rl.




Téir a léir, agus rl.



Téir a léir a leá, agus rl.


L. 169


DING DONG DEDERÓ.



Fonn: Petrie, 1407.



I.



A gcualúir, a gcualúir, a gcualáir an sgéal úd?
A gcualúir, a gcualúir, a gcualúir an sgéal úd?
A gcualúir, a gcualúir, ó an gcualúir an sgéal úd?
Is gur imigh an táilliúir le bean an tuinncéara!



Curfá.



Ding dong dederó!
Ding dong déro!
Ding dong dederó!
Buail sin! séid seo!
Ding dong dederó!
Ding dong déro!
Agus d'imigh mo bhean
Leis an dtáilliúir aerach!



II.



Do bhíos chomh trom, chomh socair le h-aonfhear,
Ní dhéanfadh mo chosa orm sodar ar fad téide,
Ach anois do scuabfadh siolla de'n ngaoth me,
Is tá mo cheann n-a bholgán béice!



Ding dong dederó, agus rl.



III.



Ní maith a chím féin rámhan ná grafán,
'S ní feárr mar chím tuagh ná corrán,
Ó d'imigh sí uaim, mo stuaire mná,
Le gaige táilliúra gan buaibh gan sparán.



Ding dong, agus rl,


L. 170


IV.



Is geárr ná cidhfead slighe ná casán,
'S ní giorra ná mar chidhfead puill i gcorcán,
Mar tá mo chroidhe-si lán de dhíomádh,
'S is mairg fear fíor-bhocht go mbíon aige bean
bhreágh!



Ding dong, agus rl.



V.



Thugas seacht seachtaine ar mullach Chnuic Bhréanain
A ceann am ucht is mé ghá h-aeracht,
Ach thuit mo chodla orm lá breágh gréine,
Agus d'imigh sí uaim leis an dtáilliúir aerach!



Ding dong, agus rl.



VI.



Cé h-é siúd thall cois claidhe na gréine?
Cé bheadh ann ach an táilliúir aerach!
Bean an táilliúra agus bean an tuinncéara
Sin beirt bhan ná gabhann le n-a chéile!



Ding dong agus rl.



VII.



A bhean úd thall an bhorlaig ghléigil!
B'fhearra dhuit fille agus na builg seo a shéide
Ná bheith ag imeacht in iarthar Éireann,
In ainm an fiabhail leis an dtáilliúir aerach!



Ding dong, agus rl.



<171>
NA BEARTHA CRUADHA



(Eoghan Rua Ó Súileabháin do chúm).



I.



Maidean uaibhreach, tráth dár ghluaiseas,
A taisdeal cuanta 'gus caolta,
Seadh do dhearcas muar-chuid, de mhachaí buaibh 'nn,
Agus ainnir stuamdha ghá n-aeracht,
Bhí falluing uaithne de dhruim a guailne,
Is ba gheal é a grua 'sa h-éadan,
Ba chratath, dualach, iad a leabhair-chuacha;
Go barrfhionn, buacach, néamhrach.



II.



A ghrádh 's a uanach 's a bháb an tsuainis,
Cad do bheir ort gluaiseacht ag aeracht,
Nó cá bhfuil suairc-fhear na mbó so uait-se,
Go bhfuilir chomh duairc seo at' aonar?
"Mo mhamí dubhairt liom, ar maidin gluaiseacht,
Is na ba so thabhairt chun féir liom,
"Gur oil an buachaill dom dhaid chun buainte.
Mar bhí an bhruid ró-mhuar go léir air."



III.



A ghrádh 's a uanach, dá mb'áil leat gluaiseacht,
Do b'aoibhinn suairc an saoghal duit,
Do dhéanfainn suas tú, i gculaith mná uaisle,
Gach ní bheadh uait is ba mhéin leat,
Chuirfinn síodaí ag luasgadh, de dhruim do ghuailne,
Agus ór go bruach do mhéaraibh,
Is do gheóbhair a stuaire, gach ní bheadh uait-se,
Ach na bearta crua do réidhteach.


L. 172


IV.



Do thabharfainn ór duit le cur it' chófhra,
Do dhéanfadh lón let' shaoghal duit,
Do cheannóghaínn clóca, sa tsiopa nódh dhuit,
Féirín ró-dheas is craobh air,
Do sheinnfinn ceol duit le linn do phósta,
Nár chualais rómham ag aon fhear,
Is do gheóbhair a uanach, gach ní dá ndubhart leat,
Ach na bearta crua do réidhteach.



V.



Do gheóbhair an fáinne, thug Fionn sa tsnámh leis,
Le cur gach lá ar do mhéir uaim,
'S an cochall draoidheachta do bhí ag an tsidh-bhean,
Thug Jason groidhe 'n Gréig leis.
Gheóbhair an brat síoda bhí casta tímpal,
Ag teacht thar tuínn ar Hélen
Agus gheóbhair, a stuaire, gach ní dá ndubhart leat,
Ach na bearta crua do réidhteach.



VI.



Gheóbhair láir bhán Dhómhnaill nár gheallas fós duit,
Ná h-iarrfaidh lón ná féar ort,
Do ghreadfaidh bóthar, go greanta córach,
Mar a bheadh sgamal ceóidh ar thaobh Tuirc,
'S an londubh ceólmhar ón gcarraig chrón-duibh,
Agus tarbh mór na ngaortha,
Is do gheobhair, a stuaire, gach ní dá ndubhart leat
Ach na bearta crua do réidhteach.


L. 173


VII.



Cómhairle thug mo mhamí dhom,
Gan suim a chur' ná géille,
I nglórtha suairce gaigí móra,
Straoilí fuara, ná straethairí,
Bheadh ag cleasaidheacht suas liom,
Is ag ceapadh duan dom,
Is am spreagadh anuas le bréithribh,
Is gan fháil mar dhualgas tar éis mo chúrsa,
Ach "ag magadh bhíos — táim réidh leat."



VIII.



A ghrádh 's a uanach 's a bháb an tsuainis,
Ná créid an tuairim sgéil sin,
Is gur fear do ghluais me le laoithe suairce,
'S ní am straoile fuar ná am straethaire,
Már tá 'gam muar-chuid, de mhachaíbh buaibh ann,
Agus eacha luath-mear gléasta,
Chuirfinn crí' ar chruachaibh i gcóir mo shnuachair,
Agus slinn ar chúirt bhreágh aolbhuig.



IX.



A óigfhir shúgaig, ná bí ag magadh fúm-sa,
Ach má thaithnim leat mar chéile,
Faigh each mear lúthmhar a dhéanfaidh siúbhal duit
Go tig an úghdair léigheanta
Dá dtagthá chugam-sa, tar éis do chúrsa,
Le ceangal dlúth na cléire,
Dob é mo thuairim go bhfaghfá mar dhualgas —
Na bearta crua do réidhteach!



A chríoch san.


L. 174


CHUGAIBHÍ! CHAILÍNÍ!



Fonn:



An Casadh:



Chugaibhí! chugaibhí! ' chailíní!
Chugaibhí! chugaibhí! ' bhéithe!
Chugaibhí! chugaibhí! ' chailíní!
Tuinncéar ó Mhalla is é 'g béicig!



I.



Tháinig sé chughainn ar an mbaile,
Go dtí tig an dá shiminé gléigil,
Bhí an t-im aige Síle gan salann,
Is b'éigean di rith go tigh Casey.



Chugaibhí! chugaibhí, agus rl.



II.



Tá bean aige thiar i dTrá Fraisge
Agus bean i gCuan Dor is i gCléire
Tá bean aige ag Túirín an Aitinn
Agus bean ag an nduine i ngach ao' bhall.



Chugaibhí! agus rl.



III.



Tá bean aige ag Droichead na Snadhma,
Agus bean aige Póna na Stéige,
Tá bean aige in íarthar an Daingin
Agus bean le n-a chois i ngach ao' bhall.



Chugaibhí! chugaibhí! ' chailíní!
Chugaibhí, agus rl.
Mise tá ann is ní baoghal díbh!


L. 175


POIRTÍNÍ BÉIL.



I.



Buachaill ó'n dtobar, ón dtobar,
Buachaill ó'n dtobar an réic seo,
Buachaill ó'n dtobar, ó'n dtobar,
Agus cailín ó Bhaile na gCaorach.



II.



Buachaill ó'n mbaile, ó'n mbaile,
Buachaill ó'n mbaile an truaghnairt
Buachaill ó'n mbaile, ó'n mbaile,
Is cailín ó Bhaile na Buaile.



D'imigh mac cléireach a' tsagairt,
D'imigh mac seárgent na bpílears,
D'imigh mac ceannuidhe an tsalainn,
Is d'imigh ár máighistrín rinnce.



San tally heigh ho! heigh ho!
Tally hi ho! mo bhuidhean-sa!
Tally hi ho! hi ho!
Is nár bheiridh bhúr namhaid orraibh choíche!



[I mbliain na bhFíníní (1867) do ceapadh.]



Aodhaire beag na mbó!
Aodhaire beag na mbó!
Sínte cois an fhraoch
Is an ghaoth ag dul n-a shrón!


L. 176


SEÁINÍN Ó SÉAGHA



Mise Seáinín Ó Séagha!
Táim gan chéill ó rugadh mé!
Is measa liom tusa ná aonne 'cu!
Is beimíd araon ag sugaradh!



Storyway roudlesum, roudlesum!
Storyway roudlesum seanabhean!
Storyway roudlesum, roudlesum!
Bacaig an domhain do mheallan sí!



Do gheall sí léine ar dtúis dom,
Do gheall sí púnt maith airgid,
Dá gcuireadh sí léas ar an Mumhain dom,
Ní raghainn fé shúsa an bhacaig di.



Storyway roudlesum, agus rl.



Téanam go Dairbhre, Dairbhre!
Téanam go Dairbhre ' Chit!
Téanam go Dairbhre, Dairbhre,
Féachaint a mairfimís an'.



Fuaireas aréir ar an gcuilt.



Téanam go Dairbhre, Dairbhre!
Téanam go Dairbhre ' Chit!
Téanam go Dairbhre, Dairbhre!
Is ólfam an tenpenny bit.


L. 177


AONACH BEÁRNA NA GAOITHE.



Ar fhonn "Beidh ríl againn" nó ar fhonn "Bóthar Ó Thuaidh."



I.



Bhí dibharsion aerach ar an aonach,
Mórán Éireann daoine,
Ceolta néata, spórt is sgléip suilt,
Feóil dá gléas, chun bídh ann.
Bhí fuisgí is ale ann, fíon Genébha,
Brannda craorag bríomhar,
Plúr na déise, arán sinséir,
Is cáise is cakes dá ndíol ann.



Curfá:



Sán rabhdlam raindí, rabhdlam raindí,
Rabhdlam raindí réidí,
Rabhdlam raindí, rabhdlam raindí,
Is malluithe an dream tuinncéirí!



San gheiril ó gheabhus san gheiril ó gheabhus,
San gheiril ó gheabhus ó dhéró,
San gheiril ó gheabhus ó, ríosó rabhsó,
Ar chualais na gabhair ag méiligh?



II.



Bhí siúicrí síoltha 'gus risíní,
Mil na gcíor dhá taosgadh 'nn,
Mór-chúid fíona, feóil sicíní,
Is ba shóghail blas-chaoin an gravy,
Bí feóil coiligh ann, bhí ró-mhilis,
Bhí ann feoil druide gus naosgaighe.
Bhí salann is leeks ar anairthe laoígh,
'Gus cana dá dhíol ar raol de.



San rabhdlam raindí, agus rl.


L. 178


III.



Bhí ba, capaill, laoigh ann, gabhair, muca 'gus caoire,
Ar asail do bhí an t-an-éileamh
Ar bhó bainne groidhe bhí seacht nginí buidhe,
Bhí ba seasga cuíbhsach daor ann,
Ar chránta's slipí, bhí cheithre púint trí,
Agus ana-chuid díobh go léir ann,
Ach ar na banbhaí, ní raibh ach neamh-ní,
Níor bh'fhiú dhuit a ndíol a n-aon chor.



San rabhdlam, agus rl.



IV.



Bhí sean-mhná críona laga gan bhrigh ann,
'S a dteanga go líomhtha ag bárdaigheacht,
Plucaireacht cainte acu le sainnt
A gcloinne do dheighilt ón árd-bhruighin,
Bhí bacaig na dúithche ann, lucht trick of the loop,
Sis aibig do liughadh lucht cártaí,
Bhí dathacha i nglúnaibh seanduine an ghúta,
Is é ag easgaine ansúd le h-árdchroidhe!



San rabhdlam agus rl.



V.



Bhí tuinncéír is fiche ann tháinig ó Bhiorra,
'S a n-asail fé'n iomad bagaostaí,
Stáin agus miotail i láimh gach duine acu,
Is iad ag gabháil smut ar a chéile,
Bha gheárr go raibh teine acu, is mórán chruinnithe,
Is ba bhreágh leat na builg dá séide,
Ach dortadh an goradh ar chuid acu chorraigh é
Is ansan do bhí an cogadh 'r an aonach!



'San rabhdlam reandí, agus rl.


L. 179


EACHTRA SHEÁINÍN.



Bhíos-sa sealad ag obair i gtoill,
I gClainn Mhuiris go ndeininn mo thigheas,
Fé árd-rí na bruighne brice.
Seannsúirín binn do bhí am píb,
Do sheinninn siolla air,
'Gus bhíodh na mná ag leanúint Sheáinín le fonn
súgraidh.
Do ghaibh píobaire an tslighe,
Is do luigh sé 'ionga air,
Is mo thruagh-sa Seán,
Nuair chaill sé an áis,
Go leanfadh na mná
Le h-éigean sodair é.
Bhí dóthain mic ríogh
De chasóigín fhada bhuidhe orm,
Ach í bheith giobalach.
Do thugas do thigheasach í,
A bhuail liom thíos,
Ag cur a chuid ime 'mach.
Do thug sé dhom cleith fhada ghroidhe,
Agus maide maith droighin,
Is togha 's rogha 'n tsimitear.
D'imíos liom 'cé tuirseach a bhíos,
Ag cur chun na slighe,
Nár ghabhas riamh roimis sin.
Do shiúbhlíos síos Chonndae an Ríogh,
Agus Conndae na Midhe,


L. 180


Agus Conndae Wicklow.
Is as san síos go tig Donncadh Daoi,
Agus b'fhada liom síos
Dul thairis sin ortha.
D'ionntuigheas go dian,
Ar sodar mhaith ghéar,
Is mo reathaidheacht dá chur i dtuisgint dom.
Dob aindis an tslighe
Do bhídís ag rith am dhiaidh —
Ultaigh, Spáinnigh,
Sasanaig bréana,
Is madraí maola,
Am stracadh ó chéile,
Le neart sodaraigh.
Cé gur thugas-sa féin,
Seacht seachtaine dem' shaoghal,
Ar sgoil Laidne is léighinn,
Agus gach brainnse dá ghéire
Dá chur i dtuisgint dom,
Ní raibh agam de bhárr an méid sin,
Ach go dtuigfinn "God sake look at the crathur,"
A deireadh cuid acu!
Do ghabhas-sa isteach go tig,
'Gus bhí mo chosa nochtuithe,
Léim an madra,
Ó cheann an raca,
Agus bheir ar lorgain orm.
D'éirigh an ainnir,


L. 181


A bhí go cneasda,
Agus bhuail sí buille luinithe,
Anuas insa bhathas air,
'S is dómhsa nár mhísde sin!
D'fhiosruigheas de'n chaoin-bhean
A bhfeicfeadh sí píobaire,
Ag gabháil na slighe,
Go raibh air deithineas.
Dubhairt sí liom go raibh aréir,
Ag seinnim i dtigh Bhreachaighe
Go ró-chumasach.
Chuas ansan go tig duine uasail,
Fuaireas casóg agus hata uaidh,
Dá bhfaghainn an carabhat,
Do bheinn go mustarach.
Thug sé bróga breágh nua dom,
Is níor iarr sé pingin i ngeall ortha ó shoin orm.
Thug sé raol dom i gcóir an bhóthair.
Dubhairt sé liom gan aon bhraon de'n lionn
A bhí go h-úr i Sráid a' Mhuilinn d'ól.
Maidean uaibhreach, bíos i gCill Áirne,
Mar bharra ar gach duine acu,
'Cé chífinn tríd an sráid,
Ach an píobaire go raibh mo chuid aige.
Agus gach há há as mo Phíopaí
Ar a mhuin aige,
Do liúghas agus do screadas,
Is do bhuaileas mo bhasa,


L. 182


Is dubhart go raibh sé ansan agam.
Do bhéiceas ar a raibh ar an mbaile go léir
Druidiúint in aice liom.
Sé dubhairt bean aosda,
Do bhí ag díol éisg ann,
Gur chóir mé cheangal,
Gur duine buile mé,
Nó duine bhí éadtrom,
Nó ar dícéille,
Le sealad roimis sin.
Dubhart-sa léi-se
Go dtug sí h-éitheach,
Go rabhas-sa tuisgeanach.
Do rith sí anall chugam,
Agus bheir sí ar cheann orm,
Is bhain sí stath' asam.
Níor fhág sí splannc agam
Le racht ciceanna.
Sé dubhairt fear málaí,
Bhí ag díol prátaí,
Agus é ghá dtómhas na bpiceanaibh,
Gur i dTráighlí
Do ghnáthuighinn,
Do réir a thuisgiona.
Is dá mbéadh ceart le fáil,
Mar a bhí sa tsráid riamh roimis sin,
Go bhfaghainn-se féin
Sásamh cruinn


L. 183


Agus díol as na ciceanaibh.
Bhíos am bastún,
Mar a bheadh gealbhún,
Do bheadh ar leath-shúil,
Ar a dtaobh thall d'iothlainn.
D'éirigh an ríceach
Is rith sé am dhíaidh
Is do chaith sé cloch liom.
Bhí bean óg uasal
Na suidhe suas liom.
Dhein sí truagh dhom
Le méid mo thubaisde.
Chuir sí an gárda
Ar fuaid na sráide
Go bhfuair sí bean amach
Choinnibh sí ar feadh ráithe mé,
Ag ithe cabáiste,
Agus prátaí ró-mhilis,
Agus ag ól fuisgí liom
le h-éigean báidh.
Sin é mar d'imigh ormsa,
Is níl aon bhréag ann,
Ach dearg éitheach ar fad!



I dteannta na gcailíní b'fhearr liom a bheith,
I dteannta na gcailíní b'fhearr liom a bheith,
I dteannta na gcailíní, ar an raca sa chúinne,
I dteannta na gcailíní b'fhearr liom a bheith!



(Poirtín béil ar fhonn "Máirseáil na mBúistéar.")


L. 184



Tómas, i dt., in respect of (l. 48).


L. 187


TUILLE NÓTAÍ I DTAOBH NA N'AMHRÁN



"INGHEAN AN PHAILITÍNIG." Ó Sheán Ó Shúileabháin ó'n Lios
mBán, i bparróisde na Faille Móire in Íbh Ráthach, fuaireas é seo
thá os cionn fiche bliain ó shoin. Do chuireas i gcló do'n chéad uair
é i m"Bolg an tSoláthair." Dubhairt sean-mháighistir scoile ós
na Coiríní liom gurbh duine des na Céiríní, Donnchadh nó Uileog
(ní cuimhin liom anois ciacu acu adubhairt sé) gurbh' eadh a chúm é.
Bé an t-Athair Tadhg Ó Súileabháin a chuir Gaeluinn ar an gceathrú
bhéarsa mar ní raibh sé sin ag n-a athair ach amháin tré Bhéarla
mar seo:



Bhí bhéarsa eile leis ann ná fuil agam de ach an méid seo i
mBéarla:



"I AM A YOUNG FELLOW." I nDeptford, Lúnndain, do
sholáthruigheas é seo do'n chéad uair. Fuaireas ó Dhonncadh Ó
Laoghaire agus ó dhaoinibh nach é n-a dhiaidh sin é.



"SÍ MO BHEAN AN RÓGAIRE." Pádraig Fada Ó Máilbhe,
seanchuidhe iongantach do chómhnuig ar an dTearmon uachtarach fad
ó a thug é seo dhom agus tuille d'á bhfuil sa leabhar so mar atá
"To Caiseal I'm goin." "Anonn 's anall a Mháirín," "Suidh anso
'mhúirnín," "Stad arú rógaire," "Cailleach na Gaibhle." (Diarmuid
na Bolgaí a chúm an ceann deirionach so: Tá tuille bhéarsaí dhe
ná fuil agam.)


L. 188


"Sí mo bhean a' rógaire." Cuirtear leis uaireannta mar
curfá:



"A Sheáin bán, beir uirthi!
A Sheáin bán, déin dom!
A Sheáin bán, beir uirthi!
Is ceangail socair réidh í."



"AN CIARRAIGHEACH MALLUITHE." Dob fhéidir stáir maith fada
a scrí mar gheall ar an méid duaidh atá fachta againn dá
sholáthar so is á chur i ndiaidh a chéile. Seanbhean gur tugadh Síle
Liath uirthi ó'n mBinn mBáin anaice an Chuirreáin do bhí in aois a
cúig is ceithre fichid do thug dúinn an chuid is mó dhe san mbl. 1907.
Seán Ó Murchadha, oide óg ó Cheann Tuirc, do sholáthruigh an chéad
is an dara bhéarsa dhe ó sheanduine sa cheanntar san Dúithchealla.
Bé Seán leis a sholáthruigh an chuid is mó de "My Name is
O'Sullivan" dúinn.



"AN FHALLAING." l. 140. Ní raibh ach smut beag de'n amhrán
so ag aoinne ar ar chuireamair a thuairirg. Deirtear Fallaing
Uí Mhúineacháin uaireanta. D'airigheas na líntí seo á gcur leis
in áit éigin.



"Dá mba liom-sa an fhallaing ní thabharfainn do'n
Mhuimhneach í
Is túisge do chrothfainn mar asair fém' chaoiribh í.
Fallaing ar fhallaing, agus rl.
Fallaing chrua' chasta is nár chaithe sí choídhche an bruth."



"AN CAILÍN DEAS DONN." Seán Baróid, file, go raibh
cómhnuidhe air ar an Liosán anaice Drom Dá Liag, do dhein na
bhéarsaí seo mar gheall ar a mhnaoi féin. Do sgiob sé í, agus í
ana óg, ó phatrún ar muin capaill leis agus d'éaluigheadar go
Sasana. Fuair Seán Baróid bás san mbl. 1877 i gCárdiff.
D'fhill an bhaintreach go Cairbre ansan agus san mbl. 1910 agus
í ana aosda ar fad scríobh Peadar Ó h-Annracháin an t-amhrán
síos óna béal féin.



FINGHIN NA LEAMHNA.


L. 189


TAGRA.



NA H-AMHRÁIN SA LEABHAR SO.



NA CEÓLTA A BHAINEAN LEO.



1. "Caismirt na gCearc." Meadracht "An
Síoda atá id' Bhallet" atá ann ó thúis go deire
ach ní gnáth é ghabháil mar amhrán. Tá an fonn so
i bh"Filíocht na Mumhan," l. 270, agus san Levey
Collection. Feic leis "Amhráin Eoghain Ruaidh,"
l. 18.



2. "Amhrán an Bhaitsilléir." Mar a chéile an
fonn atá ar seo agus "Maidean ró-mhoch do ghabhas
an Cómhgar," i gCnuasach Beag Amhrán leis an Athair
Breathnach. An fonn céadna atá ar "Chleamhnas
Seáinín Léith." Déarfainn gur leagan de "Shliabh
na mBan" é. Feictear Journal of Folk Song Society
Lúnndain, uimhir 24, l. 237 agus uimhir 25, l. 300.



3. "Amhrán na Staigíní" agus "Ná beadh
buachaillín deas, agus rl." (l. 83). Tá leagan de n bhfonn i
g"Cosa Buidhe Árda," cuid II. Tugtar "Ciach ar
an sagart do phós mé" agus "Is eol dom coite
do dhéanamh," agus "Cittí Ní Néill," leis, ar an
bhfonn. Feictear Joyce's Old Irish Folk Music,
uimhir 270.


L. 190


4. "Nuair phós sa siad Dan." Tugtar "An Cailín
Deas Rua" agus "A chailín deas óg ná pós an
seanduine liath," leis, uaireanta, ar an bhfonn.
Feictear an Violin Instructor le Batt Scanlon, l. 26,
agus "Petrí," uimhir 1113, agus Roche's Collection.



5. "Bím-se 'gcomhnuidhe racaireacht." Tá an fonn
ar leathanach 117; "Some say the Devil's dead," an
ainm choitchianta anois air.



6. "Corruigh do chos, agus rl." (l. 92). Tá an port
so i gcló ag Carl Hardebeck san leabhar "Amhráiníní
do'n Aos Óg." Feictear O'Neill's Irish Music, uimhir
202, leis, agus "Petrí," 1096.



7. "Tally hi ho, hi ho," (l. 94 agus 106, 108,
136, 174). Tá an fonn i g"Cosa Buidhe Árda,"
Cuid II, agus san Dance Music of Ireland (O'Neill),
uimhir 427. Tá sean-amhrán eile ann fé'n ainm
"Ailliliú! Pilliliú! creachadh mé," atá an-chosúil
leis an "Maidrín Tairbhtheach Caper."



8. "Páidín Ó Raifearta, agus rl." l. 93 agus l. 129.
Feictear Dance Music of Ireland, uimhir 178, agus
"Cosa Buidhe Arda," Cuid II.



9. "Lorg na mná caoiche, agus rl." An mheadracht
chéadna atá ar "Chaismirt na gCearc," Feic Nóta I.
Bhí ballet i mBéarla ar an adhbhar chéadna .i. "Did
you see my man looking for me." Ní h-é an fonn
céadna é, ámhthach. Feic Waifs and Strays of Gaelic
Melody (O'Neill), l. 23.


L. 191


10. "An tailliúirín magaidh," l. 112. Feic "Petrí,"
1440, agus Dance Music of Ireland, uimhir 960, agus
Old Irish Folk Music (Joyce), uimhir 339.



11. "Domhnall na Gréine," l. 116 agus 131,
feic "Filíocht na Mumhan" (Songs of the Munster
Bards), l. 190.



12. "Suidh anso' mhúirnín, agus rl." Bhí an fonn i
gcló san Irish Folk Song Society's Journal i gcóir
1920, leagan Chiarraighe. Tá sé geall leis mar a
chéile ag muintir Oméith fe'n ainm "Faoi Dear Mo
Mhúirnín Áine." Tá leagan eile ar fad de ag
"Petrí."



13. "Inghean an Phailitínigh." Bhí an fonn i gcló
san Journal of Irish Folk Song Society i gcóir 1921.
Tá plátaí ceoil déanta de'n amhrán so le h-aghaidh
an ghramaphón ach do seinn an t-amhránuidhe go ró-
mhear ar fad é (agus an rud céadna le "Raithneach
a bhean bheag.") Is gnáth an port so do sheinnt go
mear i gcóir rinnce ach é ghlacadh go socair mar
amhrán. "If you forsake the Mass and Sacraments
you'll get me from my parents;" an rud ceart san
dara líne de'n dara bhéarsa i mBéarla.



14. "Ar mo ghabhail tríd an mbaile, agus rl," feic
"Petrí," uimhir 1284/5 agus Journal of Folk Society
London, uimhir 23, l. 155.


L. 192


15. "Síle Ní Ghadhra," l. 13 2, tá an fonn ag Joyce
Old Irish Folk Music l. 740 agus san Munster Bards.



16. "Cailín beag mo chroidhe," l. 133. Feic
Irish Music (O'Neill), siceág O, l. 19, uimhir 54.



17. "An Dreóilín," l. 135. Chuir lucht Chonnradh
na Gaedhilge agus an t-Athair Breathnach an fonn i
gcló cúpla uair.



18. "Anonn 's anall, a Mháirín," l. 137. Bhí
leagan de'n bfonn i gcló san Irish Folk Song Society's
Journal, 1920, agus tá leagan eile dhe ag O'Neill
Siceág ó fé'n ainm "And then she sang most charming,
etc."



19. "Ar theórain Cluain Meala, agus rl." l. 139. Tá
an fonn ag Joyce (uimhir 492) agus ag O'Neill san
Dance Music of Ireland, uimhir 136, agus san Irish
Music, uimhir 152. Tá sé san Levey Collection leis.
Dubhrathas linn gur
"Le taithneamh da cló"
"Ná cuir orm stró"
"Teangóghad leat in Eóchaill,"
an tslighe is feárr chun líntí áirithe san amhrán so do
rádh.



20. "An Fhallaingín Mhuimhneach." Tá an fonn
ag "Petrí" (1209) agus ag Joyce (766).


L. 193


21. "Stad arú rógairín," l. 141. Tá an fonn
ag O'Neill san Irish Music 165 (l. 92) agus san
Journal of Folk Song Society London, uimhir 25, l. 290,
agus san Dance Music of Ireland (O'Neill), uimhir 299.



22. "An Gamhan geal bán." Tugtar "Ar
maidin le Fáinne an Lae," leis, ar an bhfonn. Feic
"Petrí," uimhir 1410 agus 1155 agus Journal Folk
Song Society, uimhir 24, l. 246, agus Joyce, uimhir 411.



23. "Tar ar mo chúlaibh," l. 145. Feic Folk Song
Society's Journal, uimhir 25, l. 278, agus "Cláirseach
na nGaedheal," agus "Petrí," 157 7, do'n bfonn so.



24. "Bímíd ag ól," l. 147, agus l. 162. Feic
"Petrí," 1085, 1063, 1476-7 agus 1551 agus
O'Neill's Irish Music, uimhir 9 agus 88, "My name is
O'Sullivan." Is féidir na h-amhráin seo do ghabháil
ar an bhfonn go dtugtar air "An Pocán Muímhneach"
leis.



25. "Slán agus beannacht, agus rl." l. 149. Feic
"Petrí," 1462 agus 1478. Is feárr "A chuisle mo
chroidhe," do rádh san dara bhéarsa in inead "A grádh
geal." Tá leagan eile de'n amhrán so in "Amhráin
Mhuighe Sheóla."



26. "An Cailín Deas Donn," l. 152. Tá an
fonn i gcló ag Hardebeck ins na h"Amhráiníní i gcóir
an Aos Óig."


L. 194


27. "Stáca an Mhargaidh." Bhí leagan de'n
bhfonn ag Moore, ó Bunting a fuair seisean é. Tá
fonn, "An Chiarraigheach Mhalluithe," i gcló ag an
Athair Breathnac.



28. "Leadí gó Lí," l. 164. Feic "Petrí," 1469.



29. "Seán a' bhríste leathair," l. 165. Feic
"Petrí," 1392, agus "Cláirseach na nGaedhal."



30. "Ná Bearta Cruadha." Bhí an fonn i gcló
san Folk Song Society's Journal, agus ag an Athair
Breathnach. Tá sé deallrathach le "Molly Asthoreen"
agus le "Cois Abha Mhóire."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services