Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cín Lae Ó Mealláin

Title
Cín Lae Ó Mealláin
Author(s)
Ó Mealláin, Toirdhealbhach,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg (Torna)
Composition Date
1641
Publisher
(B.Á.C.: Coimisiún Láimhscríbhinní na hÉireann, 1931)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Oidhche Féil San Iohannis Capistrani tionnsgnadar na huaisle
gan fios do Shasanachaibh agus d'Albonchuibh a mboilte puirt agus
a gcaisléuin do ghabháil i n-aon aoidhche amháin: 22 Octob:
Dia hAoine do shunradh, agus in lá déighionach don ghealaigh. Ar
tús do Bhoile Áth Cliath: do chuaidh ann as Cóigeadh Uladh
Tigherna Inis Ceillionn, Conchubhar MaGuidhir, mac Briain, meic
Conchubhair, etc.; agus Aodh Óg mac Briain meic Aodh óig meic
Aodh meic Seaáin Buidhi Mheg Mhathun; agus Rúraidhe Ó Mórdha
as Oirchear Uachtarach; suim oile as a' Midhe; as Laighnibh suim
oile, as a' Mumhain, etc. Acht d'fhoillsigh Eoghan Ó Connalaigh
in sgél ortha. Druitior geabhtaoi Áth Cliath; buailtior cluig a' bhoile
mhóir, agus rannsuighther na tighe, is gabhtar Tigherna Inis Ceillionn,
agus mac Meg Mathun, agus do imigh an chuid oile.



Do thogh daoine áirighthe Sior Feidlim Ua Néill 'na ghenerál i
gCóigeadh Uladh .i. mac Toirdhealbhaigh, meic Énrí Óig, meic Énrí,
meic Seaáin, meic Cuinn, meic Énrí, meic Eoghain, etc. Do gabhadh
Serlimont, agus tigherna an bhoile My Lord Caulfilld, agus a roibh ann ó
sin síos. Do gabhadh Dún Genuinn, a chaptin, .i. Parcens, agus an
boile ó sin síos le Raghnall Mac Comhnaill, .i. mac an Fhir Dorchae,
meic Eoin, etc., agus le Pádraig Modarra Ó Donndaoile; 's do
gabhadh garasdun mór Muinseoigh, agus a shaighdiuirigh lasan gcaptin
Toirdhealbhach Gruamdha Ua Coinne; 's do gabhadh cúirt Mí Lord
Caulfilld i mBoile Í Dhonnghoile le Pádraic Modarra Ó Donnghoile,
Captin; 's do gabhadh cúirt Muine Mór .i. boile Sior Seon Cleatmhurtaoi


L. 6


lasin Guibherneoir Cormac Ua hÁgán; 's do gabhadh
boile Maighistir Fuisleir san Choill Íochtaraigh .i. Boile in tSaluinn
la Feidhlim Gruamdha Ó Néill, mac Néill, mhic Feidhlim Bailbh.



1641 Mí Octob.



Do gabhadh garasdun Lios Ceallachan la Conn Ó Néill mac
Airt meic Domhnaill meic Seaáin na Mallacht agus le muinntir
an Chaorae Giorr, 's do ghabhadar na bárdaigh sasanacha do bhí
ann. Do gabhadh garasdun daighion Thón re Gaeith a
nOirchear re Pádraic Óg Ó hAnluain, 'sdo marbhadh é féin in lá
céadna. Gabhadh in tIubhar le Conn Mag Naosa .i. mac Tigherna
Íbh Eathach, agus in caislén mór. Gabhadh Srád Boile Dún
Dealgan las in Leithtenont Generál .i. Brian mac Aodh Buidhi
Í Néill, mac Toirdhealbhaigh, meic Énrí na Garthan, agus la Sliocht
Aodh, do.



Dia Domhnaigh gabhadh Dísiort Mhártain, agus cúirt Machaire
Ráth Fioghad las in Guibhirneoir Cormac Ó hÁgán.



Do gabhadh Ard Macha las an Generál .i. Sior Feidhlim; do
bhi mórán Sasanach san tempoll mór agus provision maith aca; dob
éidir iad féin do chosnamh, 'sdo ghlacadar ceathramha maith.



Sluaigheadh la Sior Feidhlim go Boile Achadh. Do chuir techta
d'iarraidh a' bhoile ar mhaighstir Confaigh, agus dhiultuigh an boile
thoirbhirt. Do loisgeadh in boile amuigh agus na hagairt. Annsin
do ghlac Maighster C. ceathramha, agus a chur falláin tar Banna go
Masaregna. Annsin do loisgeadh cúirt Boile Eachaidh, agus boile


L. 7


Sior Uilliam Nuinnseir, agus cúirt Machaire Ráth Fiogad an lá
céadna.



1642
Iomthús a' ghuibhernóir ar ndul tar Banna dhóibh do bhí captin
da munitir 'na dhiaidh .i. Uilliam Taá. Ag techt i bhfogas do Mhagh
Bhennchair dó fá'n amsin tánic muinter Cúl Rathain d'iarraidh
creach don Rúta, go Coill Ó Cuinn énchéad dég. Tarla i gCoill Ó
Cuinn i bhfoslongphort Sémus mac Alastrainn Charraigh, Sémus mac
Colla, agus beirt do chloinn Colla Ciotaigh rompa, agus do chuireadur
fios chum Uilliam Taffa nó Táa fuireach i ngleann coilleadh i bhfogus
don Bhanna acht go dtigeadh na hAlbanaigh i bhfogus dóibh, agus an
uair do chífeadh iad drud reir oile, a bhratach do nochtadh agus a
dhroma do bhualadh. Do righneadh amhlaidh, 'sdo chuadur Clann
Domhnaill ionta líon a slóigh. Do leigeadur na Sasanaigh i raon
madhma iad tar a n-ais, agus níorbh fheirrde dhóibh. Do
marbhadh díobh naoi gcéad ochtur agus dá fhichid ag Bun
Dubhroighe.



Iomthús a' Ghuifirnóir Thoirdhealbhaigh Í Néill, mac Toirdhealbhaigh
meic Énrí Óig chuadur fá Mhás a Regna. Do marbhadh
beirt chaptin ón Ghuibhirnóir .i. Seaán Ó hÁgán, mac Énrí meic
Ruadhrí Buidhi, agus Captin Hara. Do thógbhadar iad ón mboili.
Do loisgeadur arbhuracha na tíre go Latharna. Loisgeadh a roibh do
bhoiltibh Albonach agus Sasanach go léir rompa.



Iomthús a' Ghenerál d'ordaigh mórán captin dhul 'na dhiaidh don
Droighead. D'orduigh mart ramhur, meadur ime, agus cheithre
sgillinge d'airgiod san mboili bhó ón Ghlas Dromuinn go Tulaigh Óg.



D'fhág a' Generál Achadh in dá Charad go hArd Macha, agus d'fhág
sé Ard Macha tar éis seissior do chrochadh, agus a ndichennadh i mbás
Mi Lord Caulfill; don Iubhar; don tSrád Boili, 's go Beitelin.
Is ann bhí foslongphort a' Ghenerál. Do chuir ceathrur captin ós
Bóinn .i. Niall Óg mac Néill meic Toirdhealbhaigh meic Cuinn
Bacaigh, Pádraic modarra Ó Donndaoile, Feidhlim a' Chogaidh
Ó Néill, Toirdhealbhach Gruamdha Ua Coinne. Tángadur Sasanaigh as an
gcathraigh agus gunna mór i gcartaigh idir na turpaidhe. Tugadar


L. 8


na hÉirionnaigh éirghe athlamh orra 'na n-aghaidh, agus do leagadar
40 fer dá naimhdibh, 'sdo leagadh seisior uatha féin 'sdo gabhadh
Captin Niall Ó Néill raon madhma san mballa chloch bhaoi láimh
riu iad. Dúnsat a' gebhta 'na ndiaidh. Tugadur in gunna mór leo
chum a' ghebhta
dá bhriseadh, 'sdo briseadh cairt in ghunna láimh ris a' ghebhta.
Do bhádur abhfad da corughadh. Tánic deireadh in laoi orra, agus
do chuireadar na cuirp 'sna boiginibh, 'sdo chuadur don chathraigh;
agus tángadar na hÉirionnaigh tar Bóinn 'sgo Bethelin, go foslongphort
Sior Feidhlim a' Generál.



Do braitheadh dona náimhdibh go mbeith Generál Ó Néill i
bhfoslongphort na Mathúnach agus Mhe Cionáith san mheadhon
laoi, 5 Marsii. Tánic trupa agus énchéad coissigh fo champa na
Mathúnach. Do sheasmhadur leo seal; gidheadh do buaileadh 'sdo
gabhadh Art Ruadh mac Pádraic meic Airt Mhaoil, 'sdo marbhadh
a dhearbhráthair Rúraighe, agus do marbhadh mórán dínn. Agsin
lá Thulaigh Alainn.



6 Marsii: in céad domhnach don Chorghas; bhí senmór ag an
Ghardian Pól Ua Néill i nArd Macha; ag an Athair Énrí Ó Mellán
senmóir i dTeampoll Charn tSiadhail; ag an Athair Émonn Ruadh
Ma Cathmhaoil senmór i gCluain Fiacla; ag an Athair Joannes a
Sto. Patritio senmóir i dtigh cúirte Dún Genuinn. Do thuit ceathramha
don labhta fútha; marbhadh cuid díobh; briseadh cnámha
coda díobh.



Do ghluais an Coronel Toirdhealbhach mac Airt Óig, meic Toird.
Luinigh las an ordugh fuair go Tír Conuill, 'sdo nocht seacht
mbratanna cois Finni; 'sdo bhí Albonaigh deich mbratanna leath
thall d'Fhinn. Bádur Connallaigh i dtimchioll na Machaire Bige,
agus Sior Rá Gabhur mór cuidechta inte istigh, 'sdo chuadar na
hAlbonaigh abhos da furtacht. Do ghluais clann Airt Óig agus
sliocht Airt Í Néill 'na ndiaidh.



1642 Mí Márta



Tug a' Generál Ó Néill trí gunna móra ón Droighead don tSrád
Boile mic Buain. Baoí ann a chuidechta féin, cuidechta Alastrainn


L. 9


Hovendun, agus cuidechta Aodh Buidhi meic an Chalbhaigh. Tánic
orra Mi Lord Mubhar, Sior Enrí Trosbirn, énbhratach déag, agus trí
trupa Satharn Domhnaigh na Pási. Tángadar go Gebhta an
Mhairinigh san aird ó dheas. Tógbhadh ón mboile fae dhó, agus iad
da leagadh 'na ndrongaibh ar fad na faithchi. Do chuirdís na
hÉirionnaigh .i. muinter na gcótadh buidhe rompa ag dul ar druim
an bhallae. Tugadar gunna machaire chugtha, 'sdo legadh a' gepta.
Súd chuguinn iad. Do líonsat a' boile. D'fhág a' Gener. agus a
mhuinter iad, ar marbhadh tuilleadh ar thrí céd fer ó Shasanchaibh.
Níor chaill a' Gen. acht ceathrar, agus seisior do buaileadh. So in
lá do marbhadh fer ciúil a' Gen., Tomas Sgimes, san tSrát Boile.



Iomthús a' Gen. do slúaigheadh lais mor slúagh don tSrát Bhoile
mailli re Leith-tenont Gen. na harmála, fuair a thógbháil súas i
n-arm in ríogh Pilip, agus a' coronel Toird. mac Énrí meic Toird.
meic Énrí meic Feidhlim Rúaidh; 's do ghlacadar ionadh comhnuidhi
re hais Dún Delgan. Annso callsat marcach maith dia muintir .i.
Tobias Ua Coinne.



Do chuir a' Gen. a litre chum a' Colonel Toird. Ó Néill go Sliocht
Airt, go cloinn tSeáin Óig Í Néill go hArt mac Cuinn meic
Seaáin beint dó ag an Fhinn mailli rena dtoighestal airm.



Do chuir techta ó Thulaigh Óg go Fersad Mhonaidh techt 'na
choinne go Cill Cruinechan chum taisbénta; 's do bhí féin, 20 April,
i Muini Mór i dtigh a' Ghuibhernóir Corbmaic Í Ágán. Do bhí in dara
hoidhche i dtigh le Crosbi san Chall Mór, Catoilc maith, agus fuair
ceathramha maith ón Ghen. go Cúl Rathain. I bporraiste Cill
Cruinechan



1642 April.
tánic san chomhdháil so ó Thulaigh Óg Feidlim Modarra Ó hÁgán,
Captin, Seaán Ó hÁgán, mac Cormaic, Captin; Seaán Ó hÁgán,
mac Eoghain, C.; Niall Ua Coinne, C.; Aodh Ua hÁgán, mac Taidhg,
C.; Pádraic Ua Mellán mac Ruaidhrí Ballaigh, C.; Ruaidhrí
Murre Ó Doibhlin, C.; Feidlim Gruama Ó Néill, C.; Cormac Ua Néill ó
Ucht Leadain, C.; Domhnall Ó Néill, mac Cú Uladh, meic Seaáin,


L. 10


C.; Art Óg Ó hÁgán, mac Domhnaill, meic Aodh, C.; Brian Ó
Neill, mac an Fhir Dorcha, meic Briain Carraigh, C.; Art mac
Aodh meic Seaáin ó Niair, C.; Uilliam Taa, C.



Horduigheadh míle fer díobh do choiméad an tíre ettorra is
Doire, Léim a' Mhadra, Ard a' Choillin, Cúl Rathin, 'sda gcoiméad
ar bhádaoibh Loch Ethach is Clann Aodh Buidhe, 'sdo chuaidh a' Gen.
trupa don tSrath Bán, ionadh 'na roibh a' bhantigherna, bean mic
Iarla Ápracorn is í 'na bantreabhaigh. Tugadar aghaidh ar na
hAlbonachibh 'sdo marbhadh mac Ruaidhrí Ghalta Í Néill in lá so.
Tug a' Gen. a' bhantigherna leis da bhoile go hAchadh in dá Charad,
agus d'fhág a bhárdaidhe san tSrath Bán, .i. Muintir Duibhin, agus
Seaán Mac Con Midhe uastibh; 's an tres lá dháibh tánaic Albonaigh
Leithfir anall don tSrath Bán. Do theitheadur na bárduighe 's do
marbhadh uile iad, acht ar imigh do thoradh a gcos díobh, 's
do chuadur na hAlbonaigh san chúirt. Dá bhfandis astigh 'sna
doirse do dhrud níor bhaoghal dóibh. Do bhí púdar is luaigh,
pícidhe agus cloidhmhe, biadh agus deoch aca.



Iomthúsa a' Ghen. do chuir Bráthair S. Froins., .i. Pádraic Ó
hAmuill do chommóradh na bantigherna don Mhumhain, mur a roibh
Sior Seoirsi Hamulton, agus cuidechta marcshluaigh mar aon ria.
Do dhiult sí pósadh ar a' Ghen., da rádha go roibh mionna uirri
go cionn cúig mbliadhan; óir d'ég a bhean féin san bhfoghmhar
roimhe so, inghean Tigherna Íbh Eathach.



Tánic Edurd Bon Roo cheithre míle as Alboin, agus do ghabhsat
tír i dTrian Conghail. Bádur ag losgadh 's a' creachadh na nÉirionnach
go rabhsat i nIubhur Cinn Trágha. Aodh mac Domhnaill Óig
meic Émuinn Mig Aonghusa, captin an Iubhair agus a chaisléin; 's
do thoirbhir a' caisléan do Bhon Roo ar a roibh a sáith bídh airm
agus éide. D'fhág 500 san Iubhur 's do chuir trí míle go leith ar feadh
Trian Conghail da sgrios. Manach d'Ord San Bernard, agus
sagurt Ruaidhrí Ó Siadhail do crochadh iad,


L. 11


Maii, 1642.
's do teilgeadh do dhroighead an Iubhair san lán mara iad chum na
farrgi. Do chuir Edurt Bon Róó techta i gcoinne Iarla Aontroma
.i. Raghnall Óg, agus tug in tIarla cuireadh dó go Dún Libhsi. Isé
ba deireadh don chuireadh gabhadh in tIarla agus in boili. D'fhág
a bhárdighe ar in mboili, agus in tIarla i láimh mur an gcédna.



Do chuir a' Gen. Pól ua Néill do chennach púdair go Gaillimh,
'sdo bhí amuigh 40 lá. Tug leis suim da short sin.



Do loisgeadh Ard Macha, in tempoll mór gona chlogás, gona
chloguibh, gona organuibh, gona fhuineoguibh gloine, agus in chathair
uile gona tighibh fionnaolta mailli re a roibh do leabhraibh i
stuidigh na Sasanach, diachta, loighice agus fallsa. Do bhí an aimsir
ro theith, agus gaoth anair, gur ghabh in tempoll in teine. Loisgeadh
boile Loch Gál, Tón re Gaoith Ibh Niallan Ibh Bresail, Tuath
Eachaidh, Magh a' Dúin, a' Port Mór.



Tug a' Gen. gairm sluaigh do chruinniugh go Tóin re Gaoith i
gcoinne na nAlbonach .i. Cornell Bon Roo, agus tánic ann timchioll
dá mhíle fer.



Tánic trupa ón tSrát Boile chum an Fheadha, agus go Sliabh
Fuaid. Do ghlacsad creacha, 'sdo bhen Torr. mac Airt Óig meic
Torrd. meic Énrí in chreach díobh, 'sdo marbhadh in captin agus
cheithre marcaigh déag don trupa; agus tánic iarna mhárach ón tSrád
Boile trupa agus mórán soighdiuir agus boiginidh capaill faoi lón chum
garasduin d'fhágbháil i gcaislén na Gladromuinne. Tarla Seaán Ua
Néill san chaislén chéadna, 'sdo chuir tine san tigh barr. D'fhág
féin 's a chuidechta in caislén re tinidh 'sdo chuadur amach ar in
mónaidh. Mar chonncadar in caislén re tinidh fillsiod go Dún
Delgan.



Tánic Domhnall Geimhleach .i. mac Í Chathán ón Spáin go hAchadh
an dá Charad mur a roibh a' Gen. Dia Domhnaigh do shunradh.



Tánic Albonaigh Mhas-aregna tar Loch Ethach. Tarla Captin
Hagan chugtha. Do marbhadh cethrar, 'sdo buaileadh seisior 'sdo
phillsead san loch céadna amach.


L. 12


Mí Maí, 1642.



Tánic anfhorlann as Alboin go Trian Conghail d'Albonachaibh ar
mhodh gur theitheadur na hÉirionnaigh uile anall (Cuntaois
Aontroma, Sior Sémus mac Alastrainn Charraigh, Sémus mac Colla,
Sémus mac Goffraidh meic Énrí, clann Colla Ciotaigh) tar Banna;
agus Bantigherna Íbh Eathach Sorcha Ní Néill, clann Tigherna
Íbh Eathach, Mac Artán.



Sluaghadh lasa Gener. ar Albonachuibh Thíre Conuill. Ní mór
comhnaighthe do righneadur i dTír Énna in tan tánagdar i bhfogus
dóibh, 'sdo righneadur sgonsa an oidhche sin féin ina roibh dá mhíle
musgaoid. Bu suaimhnech tostach na hAlbonaigh san oidhche agus
bu cainteach buaidhertha na hÉirionnaigh. A' moch laoi d'eirgheadur
i gcoinne aroile. Do chuadar re haghaidh na himghona; do
sgaoileadur 'sdo leagadh fir. Do mhaoigh na hAlbonaigh tilleadh go
soighe an sgonnsa. Tugsat na piléir uatha, do ghabh deireadh na
nÉirionnach .i. lucht na bpíceadh briseadh. Do bhí a' Gen. agus Ó
Cathán san troid go daighion i n-aghaidh a' námhad. Ghabh
Albonaigh briseadh chugtha mur an gcéadna. Do ghríosuigh a'
Gener. ar a mhuintir féin dá rádha riu go roibh Albonaigh ar teicheadh.
Níorbh fheirde sin, níor fillsead ariamh. Do marbhadh ann
Seaán Buidhi mac Í Dhonndaoili, Captin; Feidhlim Modarra Ó
hÁgán, Capt.; Feidhlim Gruama Ó Néill, Captin. Do buaileadh
Alastrann mac Colla Ciotaigh. Do marbhadh iomad ann. Do
marbhadh ann corradh agus secht bhfichit idir dall bacach. Do
marbhadh seanmóntaidh .i. Bráthair S. Frons. Ludovicus Mac Con
Midhe ó Ard Macha, agus sagart Muiris MaCrodan. Niall Ó Néill,
bacach coisi croinn, tug buille dá bhata mhór ar mharcach bhaoi
chum a mharfa, gur leag, agus gur marbh dá éis; go rug a arm agus
a each lais dá éis.



Tánic Mi Lord Confaidh, Mí Lord Blénidh, Mi Lord Caulfild Óg
agus Mi Lord Hamalton, agus do righneadur campa i bhfogus d'Ard
Macha mailli re sluagh mór. Do chruinnigheadur creacha. Do
chuireadur mór marcshluaigh i gcoinni Mhí Léadigh Capell i Muinntir
Birn i dtigh Labhráis Netirval. Do loisgsiod Druim Orraigh, cúirt


L. 13


Sior Feidhlim, agus pláta Sior Feidhlim Í Néill. Loisgeadh Cionn
Aird Dia Domhnaigh do shunradh.



Mi Iulii.



Tángadar na sluaite móra so go Dún dá Bhalla. Do chomhnuigheadur
ann. Iomthús a' Ghen. d'fhág Achadh in dá Charad
mailli re Conn Óg, mac Cuinn, meic Néill meic Briain Fhaghartaigh .i.
Coronel, agus Ó Cathán; agus d'fhágsat Niall Ó Néill i mbárdacht
Achadh in dá Charad; agus tángadur féin don Bhrentur go tigh
Bráthar Ard Macha. Do bhí cosnamh ar áth a' Phuirt Mhóir.
Tánic Sasanaigh d'aimhdheoin a chosanta anall gur marbhadh beirt
mharcach do mhuintir Thorrd. Ghruama Í Choinne .i. Naos agus
Pádraic Óg Ua Coinne, clann Pádraic meic Féilim Ruaidh.



Do cuireadh Captin Codan .i. Risterd i mbárdacht Dún Geanainn,
agus loisgeadh an boile amuigh, agus cúirt Boile Í Dhonndaoile le
Raghnall Mhac Comhnaill agus re hordugh a' Ghener.



Do chuir Mi Lord Confaidh agus na tighernaidh so dís teachta
go captin Achadh in dá Charad a' boile a thoirbhirt dóibh féin 'sgo
ngoirfidhe Iarla i dTír Eoghain don chaptin.



"Ní thiubhrad," ar sé.



Do chuireadur troid ar fead cheithre lá orra. Tángadar timchioll
Dún Genuinn, na tighernaidh agus na slóite soin. Do thoirbhireadur
bárdaidhe a' boile .i. Nioclás Ó Macan, Pád. Mac Maghnusa, Labhrás
ó Cuilén, agus an chuid oile, mailli ris na braighdibh do bhí san mboile,
gur chengladur dá chéile iad. Tugsat Captin Codan do Mi Lord
Confaidh, gur crochadh é féin 's a mhac, agus bráthair d'Ord San
Domnic. D'fhágbhadur a mbárdadha .i. trupa agus saighdiuraidhe i
nDún Genuinn. Do fillsead na tighernaidh agus na slóite go hAchadh
in dá Charad, agus bádar trí ló go n-oidhche na thimchioll ag deabhaidh
friu. Do mheasadar go bhfuighdis é mur Dún Genuinn. Thógbhadar
dhe, agus rugadar creacha Aodh Buidhi meic a' Chalbhaigh leo.
Mharbhadar sen ndaoine mná agus páistí; agus do ghabhadar in
sagurt cóir, agus in senmóntaidhe maith in canntoire .i. Sémus Ó
Fallagán agus Aodh Ó Coinne. Do ghebhdaois a n-anum ar thimpó
leo. Do riagadh iad.


L. 14


Tánic litreacha Eoghain Í Néill meic Airt meic an Fhir Dorcha go
Gener. Cóigidh Uladh da fhoillsiugh techt na choinne go Caislén
na dTuath. Do imgheadur trí míle fer 'na choinne, 18 Iulii.



Mí Iuli, 1642.
Thógsat garasdon Dún Genuinn agus Monseoi fón Arachtra.
Tugsat ós cenn trí céad bó, 'sdo marbhadh Pád. Gruama Ó Coinne
agus triúr senlaoch: Feidhlim Balbh Ó Maoldúin, Torrd. Dubh agus
Conchubhur Ó Gibun, agus na sluaite i dTír Conuill uainn.



Rugsat ó imlibh a' Bhrentair, ag Cnoc a' Chluithe ós cenn secht
bhfichit bó, agus capoill fona mailingthibh, caoirigh agus gabhair
agus fadhbhacha.



Tánic sluagh Albonach agus Sasanach ó Thrian Conghail go hÍbh
Niallán i n-oirios garasdon Dún Geanuinn is Muinseói. Do chuadur
san suas tar Dabhaill. Do chreachsat fá re chéile Cloinn Cana.
Tángadar go Dún Geanuinn arna bhárach agus na creacha leó.
d'fhágbhadur na slóite so san oidhche Dún Geanuinn, agus chuadar
fon Leargaigh, fon Tríocha, fon gClosaigh, fo imlibh Sléibhe Betha
go Gleann a' Deamhain; agus tarla cuidechtaigh fona coilltibh do righni
marbhadh agus ár orra araon. Rugsat na creacha go Dún Geanuinn
in lá so féin, agus ochtur trupoir i sacaibh leo. Chuadar na slóite
céadna go Monseói 'na gcomhnaidhi seal a chois coilleadh, agus fuairsat
brath creiche fo Shliabh Callunn. Tugadar leo creach 'sdo mharbhsat
... agus a dherbhráthair Conchubhar Óg; agus do chuaidh dhá
thrupoir dhéag go Cill Cruineacháin 'sgo Machaire Ará. Do leansat
na hUltaigh iad, 'sníor phill duine dhíobh gan marbhadh nó a
bháthadh san mBanna.



Do phill na slóite as Muinseói cheithre míle fer go Dún Geanuinn.
Fuarsat brath creiche i Muintir Bhirn ag Brian Ó hAodha sagurt i
gCluain Con. Tugadar sin leo, agus do ghabhsat Émonn Finn a'
sagurt; agus fill marcach don tsluagh ar bheirt bhuachall don


L. 15


choraighecht. Do thógsat na buachaillidh clocha 'sdo chaitheadur iad
fris an trupoir. Do thuit an trupoir chum talmhan. Do mharbhsat
annsin é, agus rugsat a each gona throsgán marcaigh leo. Rugsat na
creacha móra sin as gach taobh dá ndubhras go Trian Conghail lá
San Clara.



Do fill a' Gener. agus Eoghan Úa Néill, Raghallaigh, Mathúnaigh,
Manchaigh, agus Eoghanaigh go léir maille fris, agus furtacht monision
leo, agus do imgheadur na Sasanaigh mur tánic in Gen. agus na
slóite.



Tánic an gen. oirdhearc onórach buan seasmhach tríd an muir ó
thuaidh mailli re haon luing amháin, agus cuidechta shaighdiuir, le
Captin Antoni in Flemionnach, adhbhar urrumanta, go dtánic i
dtír ag Caislén na dTuath.



Mí Aug., 1642.
Tánic Gen. Lasligh a hAlboin, is Tigherna Achadh na mBreac.
Tarla Coronel Bon Roo riú i dTrian Conghail. Ghluaiseadur fa re
chéile co Cúl Rathain, go Fersad Monaidh, ocht míle fer. Tarla Ó
Cathán .i. Domhnall Geimhleach, mór cuidechta ag an Fhersaid. Tógbhaid
na hAlbonaigh. Gabhsat na coillte timchioll, 'sdo marbhadh
uatha timchioll 150 fer, 'snior marbhadh énduini óna hÉirionnaigh.
Gidheadh do imigh muinter Barúntacht Loch Inis Ó Luinn, agus
Cathánaigh don Bhrentur, don Tríocha, go Sliabh Betha.



Tarla a' Gen. agus Eoghan Ua Néill i nAchadh in dá Charad.
Foillsigheadh dóibh na slóite theacht. Do chúaidh a Gen. go Sliabh
na Maol. Chruinnigh chuige míle fer; a's chuaidh Eoghan Ua
Néill go hÍbh Niallán. Chruinnigh ann 2000 fer.



Tángadar na hAlbonaigh móra so go Dún Geanuinn, 'sdo sgaoilsead
frais lámhaigh i n-aon uaim; 'sdo chualus féin an mhórfhuaim
sin. Do righneadh fos leo san oidhche ag Oilén Currin. Bádar
láimh re hArd Macha; 'sdo thriallsat lá fhéil Parraláin don Iubhur.
Do chuir a' Gen. tóraighecht orro seal don tslighi.


L. 16


Do chuir a' Gener. cúiger captin timchioll Dún Geanuinn lá San
Hieronimus Aug. 28. Tugsat as tuilleadh ar chéad bó. Do righneadh
trinsigh i dtimchioll a' chaislein. Do righneadh uaimh talmhan
go roibh ag tarraing faoi in chaislén. Do ghlac Capt. Seonsa
ceathramha, agus a airm leigion lais, agus adhlacadh go Muinseóii.
Fuair gach ní don tsort soin. Do chuir a' Gen. Pád. Modorra
Ó Donndaoili i mbárdacht Dún Geanuinn; Torrd. Ó Néill, mac
Airt Óig, Captin; Torrd. mac Seaáin Óig Í Néill, Captin;
Raghnall Mac Domhnaill, C.; Niall Óg Ó Néill, C.



Tug Art mac Aodh Buidhi Í Néill cuairt cogaidh fo Bhoile Í
Sganlán go dtug as a' mbádhun tar gebhta in bhoili amach deich
mba agus dá fhichit deug bó, agus troid gharbh air.



Mí Aug., 1642.
Do toghadh lá cruinnighthe ag uaislibh Cóigidh Uladh. Tánic
ann Clanna Néill um a' Ghener. agus um Eoghan. Tánic ann Raghallaigh,
Cathánaigh, Clanna Rughraidhi, Síol nDálaigh, Mathúnaigh,
Manchaigh, Clann Domhnaill um Sior Sémus mac Alastrainn Charraigh
i gCluain Eois. A gcúis ann Gener. do thoghadh. Do
chuir Sior Feidhlim in t-ainm de féin, acht a thabhairt dá shinnsir
bráthar, d'Eoghan. Do goireadh Gen. ós Ultaibh d'Eoghan, agus
Preses do Sior Feidhlim.



Do cuireadh saighdeoiridh leis a' Leith-tenont Colonel Seán Óg Ó
Néill mac Seaáin meic Briain Laighnigh. Tángadar a naimhde
d'iarraidh connuighe. Marbhadh díobh sé fir déag; in dara lá
marbhadh dhá fher dhéag.



Tug Ó Cathán tuarastal do bheirt mhac Colla Ciotaigh .i. Giolla
Easbuig agus Raghnall. Tug dóibh i dtús chum eudaigh cúig ponta
ficheat, agus coinnmheadh ar na croidheachtaibh Cathánach go
tógbháil buannachta dhóibh. Do chuaidh Ó Cathán mur a raibh a'
Gen. Do rinne Clann Colla musart ar a muintir, 'sdo chan ría na
saighdeoiridh lucht gach aon tighe dá mbídis ar coinnmheadh, a
mba, 's a gcapaill do thabhairt leo gona dtrusgán tighe, a gcaoirigh
's a ngabhair gona bhfadhbhacha. Do rinneadur amhlaidh sin,


L. 17


'sdo rugadar na creacha leo go Cúl Rathain. Do righneadur féin
daighne dóibh.



Do chuir a' Gen. míle fer do choiméad na Banna ara naimhdibh,
óir dob iomdha i dTrian Conghail iad.



Tánic Iarla Urmhumhan cheithre míle fer, 's do chuir léigior ar
Charruic Machuire a' Rois. D'éoluigh Captin Fox, agus na bárduighe
lais. Iarna mhárach tángadar na goill fon chúirt, 'sdo chrochsat
inghean Éimhir meic Cú Uladh Meg Mathún, an Bhantigherna Effelin,
bean Airt Óig meic Briain na mBarróg.



Mí Octob., 1642.
Do chuir an Pápa Urbanus a hocht arm cúig céad fer go hÉirinn.
Do chuaidh Sior Feidhlim i gceann choda Chóigidh Uladh don
armáil soin; 'sdo phós Sior Feidhlim inghean Tomáis Priston. Méad
a cruidh fuair: arm cúig céad marcach, dhá chéd musgaoid agus
trí míle pont. Do rinneadur fir Éirionn comhairle parlameint agus
Comhairle do bheith i gCill Cainnigh. Do chuaidh a' Gen. don
Pharlameint go Cill Cainnigh.



Tánic sluagh Inis Ceillionn 'sdo ghlacsad creacha. Tánic Síol
Uidhir 'na n-aghaidh. Do marbhadh uainn an lá so triar captin .i.
Donnchadh Carrach Mac Cába, Sémus mac Gofraidh meic Énrí, agus
Captin Cába agus dronga oile nach áirimhthior sunna.



Tánic a' Gener. mailli re Sior Feidhlim ó Chomhairli Cilli Cainnigh
go hAchadh in dá Charad.



Do tharraing in creachadóir, .i. Ruaidhrí Ó hAran, mac Sior Tom.
Pilip agus muinteir na gCaislén, agus ó Dhoire, sluagh mór. Tarla
i mBoili na Sgríne leo Niall Ó Néill, sagurt Cheapaigh Mhe Cuarta.
As sin dóibh go Lessan. Loisgeadh leo muillionn iaruinn Thaite na
gCoillteach. Do benadh do Niall Óg Ó Coinne groidh capall, a mhuca,
na caoirigh, agus timchioll fichead gunna. Do creachadh Seán Ó
hÁgán gona mhuinteir. Do gabhadh Ruadhrí Ballach Ó Mellán, 'sdo
loisceadh a' Corr Críochach.


L. 18


Tánic slúagh Cúl Rathain ar Chormac Ó Néill mac Feidhlim Óig
go Roilgheach dar creachadh 'sdar marbhadh a mhuinter leo .i. Clann
Uilliam. Assa sin dóibh go Loch Inis Í Luinn agus go Muine Mór, go
dtarla in dá shluagh i bhfogus dá roile. Do chruinnigheadur iomad
creach, agus do theitheadur na croidhechta go Dún Genuinn tar éis
mórán do lomadh. Do phill in gall co Loch Inis Ó Luinn. Do chuireadur
Ruadhrí Ballach Ó Mellan d'iarraidh an oilein ar Sheaán Ó
Ágán, mac Eoghain, meic Émuinn Óig. Do dhiultsan fon oilén iad.
Do sgaoilsead as gunna mór bhaoi aca trí hurchuir, agus thógsat de
ó sin amach. Fillsead dá dtighibh go mór-éadálach.



Thóg garasdún Mhuinseoi amach d'aimhdheoin Éirionnach,
dardaoin do shunradh, mur fuaradur míle fer do chongnamh ó Mhas a'
Regna. Tugadar deich mba fichat ó Fheidlim a' chogaidh Ó Néill.



Tángadar arna bhárach 'sna bádaoibh céadna go Cloinn Canna.
Glacsad creacha, 'sdo lean muinter a' Ghen. iad. Marbhthur ós
cionn 60 díobh. Callsat a' chreach, mórán arm. Marbhadh ón
Ghen. ochtar saighdeoir um Art Ó Néill, mac Cormaic, meic Toird.
Bhresalaigh. Tánic Sior Feidhlim don léigior, 'sdo dhúblaigh é, ar
mhodh nár leig aon díobh amach 'sgur philleadur 'sna bádaoibh céadna
d'uiresbaidh bethadh.



Mí Maii, 1643.
Tánic sluagh Tíre Conuill trí míle fer, a n-uachtarán Sior Robart
Stibhord; glacsat creach san Chlosaigh. As sin don Tríocha dhóibh.
Do chúaidh cúiger marcach uatha don Leargaidh. Tarla Sior
Feidhlim agus Ó Cathán céad marcach agus céad coisidhe abhos.
Do chuaidh Domhnall Geimhleach d'fhéchuin a' námhad, 'sdo chonnuic
cúigior marcach i bhfogus dó. Spor Ó Cathán, mur bhí idir in dá
shluagh, 'sdo thuit a chapall faoi. Tarla a ceann fúithe 'sníor
fhéad a cur 'na sesamh gur gabhadh é; 'sgurb é luas a n-ech rug an
marcshluagh as. Iar sin adubhairt Sior Feidhlim nach léigfeadh Ó
Cathán uadha. Leansat é. Do chuir marcach Albonach pilér tre
chionn Í Chathán 'sdo thuit ar talamh gan anum. Rugsat a each
agus a arm leo. Tánic Sior Feidhlim ós cenn a' chuirp, 'sdo
cuireadh i nArd Macha é.


L. 19


Iomthús na námhad tánacsat go boile MeCioná, 'sdo bhenadar
amach é, mailli re hiomad maithesa. Do fillsat tar a n-ais. Do
chrochsat a' sagurt Énrí Mac Giolla Mhuire 'na pharráiste féin, Droim
Rá, Ria Domhnaigh do shunradh.



Tánic Robert Bon Róó go Tóin re Gaoith, cheithre míli fer. Bádur ag
losgadh tighthe i nIbh Nialláin. Tarla muinter a' Ghen. a mharcshluagh
agus a shoighdeoirighe chugtha mon am sin. Do marbhadh
Leith-tenont na marcshluagh agus beirt Captin agus suim dá soighdeóiribh
ann sin. Tánic an oidhche cugtha. Do theitheadur na
coruighechta .i. muinter Uachtar Clann Aodh Buidhi, Íbh Eathach,
agus Conndae Ard Macha don Bhrentor, go hOrghiallaibh, etc.
Gidheadh ní roibh na hAlbonaigh gan chreacha. Do losgadh trí
muilti arbha leo. Do chuir Sior Feidhlim cuidechta go hEnach
Samhraidh go tigh a' Ghen. do thabhairt a roibh ann d'arm as; agus
fo chenn trí n-uair tánaic a' námhaid gur loisgeadh Eanach Samhraidh
riu. Do chuaidh sluagh mór i gCloinn Cana. Tugsat creacha as.
Do chuir Ser Feidhlim Coronel .i. Tom. Sannfort, mailli re trí
céad soighdeóir chugtha. Benadh a' chreach díobh 'sdo marbhadh
timchioll dhá chéad díobh. Bádur trí lá i dTóin re Gaoith i gcampa.
Fillseat tar a n-ais mailli re mórán cruithnechta mine agus arbha leo.



Tánic a' creachadóir .i. Ruaidhrí Ó hÁran; tug sluaighti Albonach
óna Caislénaibh, mac Tom. Pilip ó Léim a' Mhadraidh don Fharachtra.
Creachadh Art agus Tuathal Ó Néill, clann Aodh meic Seaáin,
Alastrunn Ruadh, muinter Dísiort Chríoch agus suim mór eile;
baoi leo barr ar dhá mhíle.



Mí Maii, 1643.
Do mharbhsat a' sagurt bhí i bparráiste Machaire a' Rá .i.
Eoghan Modarra Ó Crilii agus a dhearbhráthair Conchubhur Óg
agus suim eile. Do lean Sior Feidhlim trí bratanna déag agus mórán
marcshluaigh iad, agus ní rug orra. In lá céadna cuireadh Pád.
maith Ó Laochthren i nDomhnach Mór.



Tánic Mi Lord Confaidh, Lord Sithsesdar, Lord Blénaidh, Lord
Hamalton, Lord Magumraidh, barr ar chúig mhíle fer, agus cúig trupa.
Do theitheadur na coruighechta. Do chuir a' Gen. beirt mharcach dia


L. 20


mhuinteir da gcoimhéd, agus gabhsat beirt mharcach da naimhdibh;
agus tug a' Gen. fer díobh so as Ruaidhrí Ballach Ó Mellán. Do chuadar
na tighernaidh so go hOirghiallaibh mur nár thaitin Eoghanaigh
leo. Do chomhnaidheadar i Muinechán. Do chursat a muinteir ag
cruinniugh creach; agus rug Mi Lord Muar agus na goill creacha go
lór. Isí roinn tugsat ar na creachaibh gach dara lán páirce don chuid
aca; agus bhídis na hAlbonaigh ag dinge na mbó 'na bpáirc féin, agus
níor mhaith le Sasanachuibh sin.



Tánic Robert Bon Roo, .i. Coronel, as Trian Conghail go hArd
Macha agus don Veinn Buirb. Do mharbhsat Muiris Ó hAchaidh
seanliaigh, agus suim eile. Tarla Cornell do mhuinteir Sior Feidhlim
.i. Tom. Sanfart, do chonnuibh troid friu ón Bheinn go roibh i nAchadh
in dá Charad. Do chomhnaidheadur san Madh. Do sgaoileadh
urchur as gunna mór leo dar tógbhadh iad as in Madh. As sin dóibh
go Cill na mBan, go Muinseoi, go Muini Mór. Creachadh Énrí, mac
Ruaidhrí Buidhi Í Ágán. Marbhadh mórán ar feadh na Coilleadh
Íochtaraighe riu.



Do bhí Comhuirli ag Gen. Airm an Chóigidh agus ag Preses
Cóigidh Uladh .i. Sior Feidhlim i Mullaigh a' Tuir i Muinteir
Bhirn. Do comhairligheadh leó gan a' tír d'fhágbháil ar énchor. Ciodh b'é
neach ghoid bó nó capall, each nó gearrán, caora nó gabhar no luach
én-neithe dhíobh so, más fer suime é tógbhail suas ar a mhaoin, nó
más duine lom é a chrochadh; agus ciodh b'é drong bhenfas amach
ag ól cuinneog, nó ag dénumh cabhoige ar bith oile, gabtur do bhata
orra nó go mbristior a ndromanna ionnta; agus mórán deagh-chomharleadha
eile. Atá daoine san tír, Cathánaigh, Duibhlinigh,
muinter Ára, Íbh Eathach, agus Clann Aodh Buidhe uile, in Rúta,
ag ithe capall, each; deireadh Earraigh; a' goid; fuadach cat;
madraigh; ag ithe daoine; lethar carbaidhi; agus leathar fo na aol.



Mí Iunius 1643
Do chúaidh Sior Feidhlim maille re Gardian Ard Macha, Pól
Ua Néill, agus an Captin Torrd. Gruamdha Ua Coinne agus caráisde
each leo i gcoinne na harmála do chuir Rígh na Spáine go hÉirinn.


L. 21


Dia hAoine tánic Robert Stibhord, cheithre míle fer as Inis Eoghuin.
Do righneadur creach san Chlosaigh. Iomthusa a Ghener. Eoghan
Ua Néill d'fhóguir dona croidhechtaibh dol go Condae in Longphuirt
roime so, 9 Iunii, agus bádur sna slightheachaibh ag imthecht. Tángadar
a náimhde go Cluain Eis lá Antonius ó Padua, agus níor airigh
an Gen. nó duine oile iad go rabhsat fo dhá mhíle dhóibh. Tánic a
naimhde go tobann. Tánic ruisman a' Ghen. agus cheithre trupa na
thimchioll 'sdo shinn, agus tánic ruisman Sior Feidhlim na
n-aghaidh mailli re Leith-tenont Colonel Seaán Ó Néill. Tugsat
bualadh athgharbh da roile. Gidheadh, do luigh a' námhaid oruinn.
Marbhadh uainn Coronel .i. Conn Óg mac Cuinn meic Néill, meic
Briain Fhaghartaidh, agus Niall Ó Néill mac Néill meic Torrd. meic
Cuinn Bhacaigh, Captin; Éimhior Ó Néill, mac Cú Uladh, meic an
Fhir Dorcha, Captin; agus Brian Ó Doibhlin Captin maith ághbhur;
Cú Uladh Ó Maolchallunn, C. Gabhadh Coronel Oirghiall .i. na
Mathúnach, do theithsead féin, .i. Aodh mac Airt Óig meic Airt,
meic an Bharúin. Gabhadh leith-tenont Coronel Sior Feidhlim,
Seaán Ó Néill. Gabhadh Art mac Aodh Buidhe meic Torrd. meic
Énrí, C. Do imighmur uile don gharbhruathur sin. Fágbhadh na
croidhechta bochta. Rugadar leo a dtoil féin díobh; a' chuid do
migh dona croidhechtaibh síos, suas, sair, siar. Ann do marbhadh
Cormac Ua hÁgán, mac Eoghain, Och, och is bocht! 'Sdo bhí
Sior Feidhlim i gCill Cainnigh an tan so.



Don Bhréifni cuid dínn, go Conndae Ard Macha, co Conndae
Tír Eoghain, co Condae Lút.



Do fill a' Gen. don Tríocha, an dara oidhche san mBrentur i dtigh
na mBráthar i nGort Tamhlacht na Muc. D'fhág sin go moch.
Tánic na hAlbonaigh fon mBrentur Dardaoin do shunnradh.
Loisgsead tighthe Bráthar San Fronsias. Mharbhsat mórán agus
máran. Bámur ceathrar bráthar san mBrentur, Torrd. Ó Mellán,
Sagurt; agus triar Bráthar, Clann Laochthren, .i. Eoghan, Benndictus,
agus Tadhg, a n-anmonna, techt na hoidhche;



Iunius.



agus bádur san oidhche ag Carn tSiadhail, cheithre míle fer agus sé
trupa idir mhuinteir Thíre Conuill agus Inis Ceillinn. Na huachtaráin
bhí ann Sior Uilliam Cobhal, Sior Robert Stibhord, Sir Uilliam


L. 22


céadna. Do bhí ceithre míle bó fo roinn aca. Do bhenamur féin,
na Bráithre so, a trí dhíobh .i. dá bha boinni agus seisc. Marbhsum
in seisc. Do bhen beirt chetharnach don Rúta in dá bha dhínn.



Do righneadur rith in chollaigh go rabhsat i gConndae a' Chabháin,
i Longphort, i Liatruim, agus i gCondae Ros Camáin um a' Ghener.
Do chuir a' Gener. campa saighdeoir agus marcshluaigh i dtimchioll
garasduin Boile Sémuis do choimhéd na gcraoidhecht.



Do thionóil Seoirsi Bon Róó agus Leith-tenont Gener. Lasligh
sluagh mór mur so, .i. mac Tigherna Labhair, mac Rinnel Stibhord.
Tánacsat tar Banna mailli re Coronel Connalaigh. Eoghan, .i. intí
d'fhoillsigh orra sgél Bhoili Áth Cliath dar ghabhadh Tighearna Inis
Ceillionn. As go Muinseói, don Choill Íochtaraigh, go Clainn
Eachre, don mBrentor, ar mhodh an méid d'fhan san tír díobh, nárbh
eól dul ar coigrích, callsat a roibh aca. Do shuidhighadur campa i
gCarn tSiadhail. Loisgseat boili Torrd. Í Néill dá
ngoirthior A' Caislén, lá Féil Peadair. As sin dóibh go
Boili Í Dhonndaoile, 'sdo thoirbhir Conn mac Airt, meic Domhnaill,
meic S. na Mallacht Oilén Bhoili Í Dhonndaoile do
Sheoirsi Bon Roo.



Dia Sathairn, gabhadh Niall Ó Néill, Bráthair S. Frons., mac
Feidhlim, meic Domhnaill. Cuirseat go Carruic Fergusa é; do bhí i
láimh secht mí dhéag.



Tánacsat go Dún Geanuinn. D'iarradur a' boili. Diultadh iad.
An dara lá cuireadh saighdiuraidh do lámhach ar a' mboili agus dá
iarraidh. Isé bu Captin i nDún Genuinn Brian Buidhi Ó hAodha,
seanshaighdiuir. Baoi aca Athair Faoisidinn, Bráthair S. Frons.
Pád. Ó hAmuill.



Tánic mór-shluagh mailli re Coronell Bon Róo .i. Robert, Mi
Lord Sithsesdar, Lord Confaidh, Lord Hamalton, Lord Magumraidh
tar Abhuinn Mhóir.



Iulius, 1643.
go Dún Ghenuinn, gur thógsat a bpathilliuin ag Dún Geanuinn ar
Ghort Meráin; 5,000 coisigh, agus míle marcach. Do ghlac faitchios


L. 23


na bárda ar bhfaicsin na mór-shluaightech soin. Glacsat ceathramha
airm agus gach trusgán dá roibh aca a bhreith leo. Ar an chúigmhadh
lá do chuirset bárdadh Albonach i nDún Geanuinn. Do thoirbhir
mac Briain meic Donnchadh Bhradaigh Í Ágán oilén Loch Luca
'sgan uiresbaidh costais air d'Albonachaibh.



Do comhairligheadh lasna sluaightibh so a' Gen Eoghan Ua Néill
do lenmhuin, 'sna coruighechta do bhen de. Sluagh aca don
Tríocha, 's go Cluain Eis agus don Chabhán. Indara sluagh go Cionn
Aird, co Muineachán, 'sdon Chabhán. Assa sin go Sliabh Brús.
Do chursat seacht gcéd marcach go Sliabh Cairbre i n-íarmhóracht
na Ultach; agus mur nár rugsat orra fillsead go bun. Do comhuirligheadh
leo filleadh dá n-áitibh féin. Bádur i Muineachán san
oidhche bhaoi cugtha.



Labhrum seal ar Achadh in dá Charad mur tánic a' foghmhur agus
na harbhuracha chum a bheith abuighe. Tánic Edurt Bon Roo iomad
slóigh, a Albonaigh, Sasanaigh is Éirennaigh, don bhoili chéadna.
Do chuir i nDun dá Bhalla, do chaithemh a' bhoili, cheithre gunna
móra. Do bhídis ag tabhairt troda uatha go laetheamhail, 'sna
hAlbonaigh dá leagadh gach laoi.



Conncas don Chaptin Niall Ó Néill, mac Seáin, meic Torrd.,
meic Énrí, meic Seáin, co madh cóir cuairt do thabhairt fona slightibh
do bhí seal ón mboile amach. Tarla dhoibh lá áirighe techt ó Mhuinseói
don léigior, cuidechta marcshluaigh agus saighdeoir. Do ghonsatar
gur marbhadh ochtur saighdiuir, trí heich, 'sgur buaileadh beirt
mharcach. Benadh díobh fíon agus beoir, vinicéir, uisce beathadh, dá
phailliun, spáadaidh, piocóidigh, tarruing dá each do chairt, lán do
mhin d'im 'sdo cháis, d'éadaoibh lín agus olla. Do cuireadh annsin
campa ar cheithre hairdibh a' bhoile ar mhodh nach roibh slighthe
amach aca. Tugadar ionsuighe oidhche tarsna na habhna sna bádaoibh
gur mharbhsat cheithre fer déag sul do labhradar focal.



Mí Iulius.



Dála a' Ghener. Eoghain Í Néill do chuir saighdeoiridh idir na
croidhechta agus garasdon Boile Shémuis. Tángadar garasdon Oile


L. 24


Finn d'iarraidh creach. Rugadar leo echraidh ba braighde um Brian
mac Cú Connacht, agus marbhadh a dhaoine.



Do righne Colonel Chonndae in Longphuirt .i. Risterd Ó Feraoil,
cabhog, airm agus éadaigh airgid agus lamfraidh. Do mharbh beirt
óg-mharcach do mhuinteir Choinne.



Do thóg a' Gen. na coruighechta tar Sionuinn aniar go mullach de
Brús san mBréifni, agus tánic Sior Feidhlim as Cill Cainnigh don
choruighecht. Tánic Ambasadóir in Phápa Urbanus a hOcht ón Róimh
d'fhéchain a' chogaidh agus le na chongnamh chugtha.



D'fhan Brian Ó Néill, mac Airt Óig, agus Raghnall Mac Comhnaill
i ndiaidh na gcroidhecht, 'sdo tharruing Captin Ainlidhi a naimhde
orra, do marbhadh Raghnall don chuairt sin, 'sdo benadh a mhaithes
do Bhrian.



Do comhurligheadh la maithibh Uladh um a' nGen. arbh fhearr
techt co Cóigeadh Uladh iná dol don Mhidhe, agus roinn arbha d'fhagháil
uatha. Críochnuighear leó dul don Mhidhe; ó Shliabh Brús go
tempoll na Lorgan, go Loch Ramhur, go droighead Bél Áth Gaoithe.
Do chuir a' Gen. a thechta go garasdon na Cluana Bréifni d'iarraidh
a' bhoili; agus ar bhfaicsin in tsluaigh dhóibh toirbhirsead a boile.
Fuairsead féin ceathramha mhaith.



Do bhí bárdadha Sheáin Í Ágán ar Inis Í Luinn. Tángadar na
naimhde dá iarraidh, agus ní bhfuaradar. Do tharuing siad sruth oile
san loch, 'sdo stopadur a' sruth do bhí ag sileadh uadha, gur báitheadh
a t-oilén. Do righne bárdaighe an oiléin faradh i dtigh an oiléin.
Do marbhadh fer dibh, ar an fharadh re pilér gunna móir.
Gidheadh diultsat t-oilén do thoirbheirt ar énchor. Do chuaidh
fer díbh san snámh gur bhris a' chora, sgur imigh a' námhuid.



Aug., 1643.
Do toirbhireadh caislén Cill Allúin don Ghen., 'sdo Sior Feidhlim
toirbhireadh caislén Bhoile in Rátha. Fuaradur ceathramha
mhaith, a n-airm, a n-éideadh agus a dtrusgán. Do chuaidh techta


L. 25


don Bhoile Beg ón Ghen, dá iarraidh. Diultadh fon mboile an Gen.
Do chuir na saighdiuiridh fon mboile 'sdo suigheadh na gunnaidh móra.
Do ligeadh frais pilér fon mboile, 'sdo briseadh agus polladh an chúirt.
Do iarradar ceathramha.



Do dhiult-san iad, acht techt fona mhéin. Tándagar amach uile
naoi bhfichit idir marcshluagh agus troighthech. Gabhadh mac
Sior Enri Trosbeirn agus Captin Corrdubh.



Gabhadh caislén Boile Fhiadhain, agus mac Sior Uilliam Persan as
Áth Cliath. Gabhadh ag Boili Áth Buidhi Captin Smiot agus beirt
daoine uaisle. Gabhadh Mainistir an Aonaigh, agus caislén Boili
Easúin ós Bóinn.



Do gabhadh 'sdo loisceadh ciaslén Boile Rumilér gan mhoill.



Tángadar na coruighechta le Sior Feidhlim ó Chenanntus lá
fhéil Muire mór go Port Leastar, sgo Tigh Crathain. Do cuireadh
léigior ar Phort Leastar .i. caislén námhad, 'sdo toirbhireadh é don
Ghen.



Tánic Mi Lord Múar i n-iarmhoraht a' Ghen., a shlóigh agus na
coroidhechta, ionnus nach leigfiodh duine iná óinmhide as díbh gan
tuitim lana shlóite; óir do chruinnigh iomad do shlóitibh Albonach
agus Sasanach ar thuarasdalaibh móra thabhairt dóibh .i. roinn creach.
Bádur ann cúig mhile nó a sé.



Thógbhadh lasa' Ghen. trinnsigh ar Áth a' Mhuilinn Iarla, 'sdo
cuireadh na gunnaigh móra agus bega ar dóigh. Tángadar ar naimhde
go húrmhaisneach go húr an átha, 'sdo pilleadh iad dá marbhadh.
Marbhadh Lord Mubhar la gunna mór Eoghain Í Néill, mailli re
93; agus secht bhfer déag an dara lá, agus naoi n-eich. Do fillsead
na slóiti móra gach chreich nó chabhóg.



Mí Aug.



Dubhrudar triar captin, triar leithtenont agus seisior maorthach
dá bhfaghdis Sairsion maior agus trí céad saighdeoir do mhaithibh in
tsluaigh go mbeanfaidis in boile amach faoi chenn ocht lá. Do
fuaradur gach ar iarradar. D'ionnsaigheadur a' boile go dóchusach
ar mhodh gur mhesadar nach sesómhadh na hÉirionnaigh an boile


L. 26


orra féin. Tángadar timchioll a' bhadhúin, 'smur nach bhfuaradar
slighe asteach fillseat tar a n-ais, 'sdo ghlacadar sgonsa .i. cladh
abhallghoirt. Tánic lucht cethroimhe an Mhadha .i. d'fhéchain aonaigh na
troda ar gach taobh. Do suigheadh na gunnaidh móra bhaoí astigh
orra mailli re sáith pilér musgaoid do chur ionnta, go ndernadh cuspach
marbhtha orra .i. ar an mhuinteir do bhí leath thall don abhuinn ar
an aird ó thuaidh.



Do righni Captin a' chaisléin comhuirle lena daoine uaisli fa throid
leo. Dubhradur na huaisle gomadh cóir troid leo. Do cuireadh na
saighdeoraidh amach agus dá mhaor 'na n-oifficeachaibh orra. Siubhlaid
cughtha ar thaobh a' sgonnsa. Tugsat na piléir dá chéile, 'sdo
ghlacadur a gcloidhmhe agus sgena. Do bhuaileadur 'sdo tholladar
a naimhde. Do ghabh Albonaigh briseadh. Marbhadh a' Sarsion Maior,
a' triar Captin agus na hoifficigh re chéile. Ar ndol san
churrach dóibh níor chuma le Clann Mhaoilin cia haca bhiadh ar
tús. Do chuireadh fer díobh a mhusgaoid roimhe, agus ní thogbhadh a
chos di, intan bhuaileadh intí bhí 'na dhiaidh bos 'na shlinnén 'sdo
éirgheadh 'na mhullach san churrach air. Isé mes a roibh dá bhféchain
nár imigh fiche fer dona trí céad soin. Tugadh in t-arm don chaislén.
Marbhadh in lá sin Domhnall Mag Betha, in Maor Maghnus Ó Corra
do bhí ar mhaithibh in dá shluagh saighdiuir. Fuardur na hAlbonaigh
cead a muinteiri d'adhlacadh tránóna.



Do bhí Sior Robert Stibhord, Sior Uilliam Coal, agus Sarsion-maior
Uaruing aleith don chaislén agus don abhuinn ar a' Mhadh.
Suim a slóigh uile cheithre míle go leith. Bádur sna campaoi so ocht
sechtmhuinidh. Isí a gcall fris a' ré míle fer acht triúr; agus call
captin a' chaisléin ochtur idir uasal agus shaighdeoir.



Mí Sept., 1643.



Do chuir a' Gen. Eoghan litreacha na síthchána go Captin Achadh
in dá Charad, agus go Robert Bon Roo 'gá rádha a' tír d'fhágbháil.
Rugadar Albonaigh arbhur a' tíre cugtha go Trian Conghoil. D'imigh
Bon Róo. Tángadur na coruighechta don tír fa ris a' Ghen. go Tír
Eoghain. D'fhág Albonaigh garasdun i nDún Geanuinn, i Muinseoi,
i nArd Bó, agus i Muine Mór. Do tiomsuigheadh san tír i ndiaidh
Albonach. Do righneadur treabhadh, begán ag gach duini fo leith.
Bádur san tír go samhradh.


L. 27


Tug Bon Roo .i. Robert, Dún Geanuinn agus Muinseói do Lord
Sithsesdar. Tángadar dá mbárdacht. Do bhí triall Bon Roo go
hAlboin, agus dfhan arís; 'sdo b'fhearr lais nach dtugadh uadha ó
d'fhan féin.



Tánic Cornel Bon Roo go Bél Feirste, is do chuir Lord Sithsesdar
amach. Do chuaidh Lord Sith-sesdar agus a mhac Captin Sesdar
go hÁth Cliath 'sgan leo acht a ngearráin.



Tánic robhadh ón Ghen. chum na gcroidhecht bheith ar siubhal
lae agus oidhche go Conndae Ard Macha. Tánic Bráithre Ard
Macha chum an Fheadha, Pól Ó Néill a' Gardian; as sin go
hInis Caoin.



Tánic a' Gener. a' marcshluagh 's na coisigh don Lurgain Bhuidhi.
Tángadar na coruigheachta go huilidhi go Fernaigh, go Cloinn Caoích,
go hArdmacha Bréige. D'fhan Sior Feidhlim i nAchadh in dá
Charad dá bárdacht, agus mórcuidechta mailli fris. Do thoirbhir
Dún Geanuinn do Sior Feidhlim, 'sdo chuir Sior
Feidhlim a bhárdadha féin san mboile chéadna.



Tánic Coimmisarius chum na mBráthar a Porráiste Domhnach
Cluana .i. Tomás Mac Tighernáin, a chompán Donnchadh Mór Ó
Dálaigh; as sin go Porráiste Domhnach Mhuighen, agus siar go
hArdmacha Bréige; as go Cenanntus dona croidhechtaibh; agus
san Uaimh, go hArd Breacáin, 'sgo Port Lestair.



Tánic Nunsius ón bPapa go Cill Cainnigh, agus táinic ordugh ón
Chomhuirle go Sior Feilimidh Achadh in dá Charad d'fhágbháil,
agus techt i mesg an tslóigh. Do loisg Dún Genuinn is tánic mur
a roibh a' Gen. go Port Leastair.



1644, Iulius.
Tánic Iarla Caisiol-haven as Boile Átha Cliath gan fios do Shasanachaibh
mur bhí 'na Chatoilce. Gabhsat na hÉirionnaigh chugtha go


L. 28


forfáilteach é. Do chuir Comhuirle Cilli Cainnigh 2,000 coisigh, agus
sé trupa leis go Gener. Uladh i n-aghaidh bhfer nAlbon; agus rángadar
mur a roibh Eoghan Ua Néill san Mhidhe, agus na croidhechta
fa ris. Do hinnseadh sgéala na námhad don Iarla: Do cruinnigheadh
a roibh d'Albonachaibh, do Shasanachaibh, agus a roibh
d'Éirionnachaibh ar ceathramha aca i gCóigeadh Uladh ar aon
shluagh leosan do dhíbirt na nÉirionnach go huilidhe; agus atáid
anois san Longphort agus tar éis a loisge, fa ré Grán Ard agus re
Bél Áth Laogh; agus atáid naoi míle dhéag fer, agus atáid ag
tarruing go Fiodh an Atha.



Do chuir a' Gen. agus a' tIarla Beg trí trupa agus dá chéad coisigh
do chosnamh droighit Fhiodh an Átha, mailli re Brian Rúadh Ó
Néill mac Cuinn Ruaidh meic Airt meic an Fhir Dorchae. Tángadar
na hAlbonaigh chum na slighteach, agus do bhenadar amach iad.
Gidheadh, do marbhadh Captin Greum, agus ochtur dá chineadh.
Do buaileadh Brian Úa Néill 'sdo marbhadh beirt mharcach dia
mhuinteir; buaileadh Geralt Garbh ón Mhidhe. Do b'é Fiodh
an Átha boile Iarla Midhe.



Do chúadar na slóite sin go Cenantus, don Uaimh, go hÁth Fhir
Diadh, 'sdo scaoilsead ó chéile i nDún Dealgain, cuid díobh go
Trian Conghuil, go Cathánachaibh, go Tír Conuill, go hInis
Ceillion don Droighead, 'sdon tSrád Bhoile. An uair so marbhadh
na hiasgaireadha, muinter Charrac an Essa ag Magh a' Dúin.



Do thriall a' Gen. agus in tIarla Beg i n-iarmhoracht na námhad
is rugsat na coruighechta leo go Tír Eoghain .i. don Phort Mór.
Suim na slóightech secht míle coissigh agus míle marcach.



Aug., 1644.
Do dhiúlt bárdaigh Achadh an dá Charad a' boile thabhairt d'arm
na ríoghachta, acht go bhfaghdis toil Sior Feidhlim, agus do bhí Sior
Feidhlim i gCill Cainnigh, agus mur nach bhfuaradar a' boile
do chuadar go Tóin re Gaoith, 'sdo thógbhadur a bpaliuin agus a
mbotha. Do hinnseadh dona Generálaibh na naimhde do bheith i
nDruim


L. 29


Mór Íbh Eathach. Do chuaidh in tIarla, mór cuidechta chugtha,
lá San Clára. Do thuit leó ós cionn dá chéad, idir marcach agus choissigh,
'sdo gabhadh Captin Blethear. Do fillsed an lá céadna. Tánic
litreacha chugtha ón Chomhuirle, agus ó Sior Feidhlim Achadh in dá
Charad d'fhágáil don arm. D'fhágsat Tóin re Gaoith. Tángadar
go Dún dá Bhalla. Tógadar paliuin, botha, agus sgáláin ann. Do
ghlac fiabhras a' Gen. Eoghan, sdo haithleagadh é.



Tángadar na naimhde láimh re hArd Macha. Do chuirseat
slóighte d'iarraidh creach go Tuath hAchaidh, sgo hÁth Feadha.
Do chrechsat deireadh na gcoraighecht, agus rugsat ar Chatilín Hovenden,
bean Torrd. Í Néill. Do rugsat leo í, agus capaill fóna malraidh.



Do cuireadh soighdeoiridh do choimhéad átha na hAbhana Duibhe
idir na croidhechta agus an námhuid. Do chuaidh Captin Davis
d'fhéchain a' námhad gan ordugh. Buaileadh agus gabhadh é, 's
marbhadh cuid dá thrupa.



Do cuireadh Énrí Ó Néill, mac Tuathail go huachtar Clann
Aodha Buidhi ag dénamh foghla do bhun a' tSrutháin Mhilis 's
tug bó-ghabháil mhór lais mailli re héadáluibh eile.



Atá Robert Bon Róó, Leit-tenont Gen. Iarla Lasligh i nArd Macha
ceithre míle déag fer ós comhuir na nÉirionnach ionn a rabhadur i
nDún dá Bhalla secht míle fear.



Tánic le Coronel an Fheadha, Torrd. Óg Ua Néill na coruighechta
uile do chruinniughadh idir Dún Genuinn, is Achadh in dá Charad,
agus pian a chrochta ar intí dhiúltfadh a' Chomhairle; agus ar mbeith
cruinn dona croidhechtaibh, le hordugh a' Ghen. tógbhadh orra a
cethair nó a cúig do mhíltibh bó d'Iarla Caisilhaven 'sdá mhuinteir.
Ní ar sláinti chúaidh dóibh in feolmhach soin, 's gan tenn aráin aca,
acht ar thinnios, 's treabhlaoid, flux, gur ég míle fer díobh.



Sept. 1644.
Sluaghadh la muinteir Sior Feidhlim, Coronel Santford, la
Ruraidhe MaGuidheir, is la feraibh Oirghiall ar Inis Ceillionn dar
bhenadur díobh dá chéad bó.


L. 30


Do chuaidh pairt don námhaid ó Ard Macha don bhFiodh 'sdo
marbhadh leo sagurt na tíre Seaán Úa Conallán, is tugadar na creacha
leo.



Feacht oile tánic a' Coronel .i. ón námhuid, siubhal oidhche, dá
ngoirthí Maighsteir Rodíín, tar an Abhainn Duibh ar Bhél Áth
Cip, go Muinteir Bhirn. Bádur cúig trupa. Chonncadar suim marcshluaigh
i bhfogus dóibh. Bádur na hÉirionnaigh ag drud uatha.
Giodheadh chuadar ionta. Buaileadh 'sdo gabhadh Conn Ó Néill
mac Néill, meic Airt Óig. Do gabhadh Art Ó Néill, mac Torrd. meic
Énrí na Garthann. Do ghlac ceathramha 'sdo mharbh mac Leith-tenont
Gréam re naimhdenas é, ag in chionn ó thuaidh do Loch Cnuic
a' Chluithe. Do marbhadh Alastrann Hovenden idir sin agus Abhann
na hÚna, 'sdo mharbhsat dá fher dhéag san choruigheacht. Rugadur
leo éadála móra.



Do lean Laoiseach Úa Mórdha, duine do Laighnibh agus dream
do mharcshluagh Caisil-haven do bhí ag féchain a' mharbhtha da
dhénamh, agus le Torrd. Ó Néill mac don tí si do mharbhadh, ochtur,
agus do gabhadh cúigior dá námhuid.



Tánic a námhaid do bheint larum amach, agus rugsat sé eich déag
ó mhalroigh coimhéada an Iarla. Rugadar triúr nó cethrar i láimh
riú, sdo leigeadur oifficeach áiridhe lomnochtaigh, acht butaisidh ar
lom air.



Intan do curthaoi d'fhiachaibh ar mhuinteir Chaisil-haven fuachas
a bheint ann, ní rachdis leith slighidh intan filldis tar a n-ais dá
bhfoslongphort féin re metacht agus mílaochacht, gan én-ní seirbhísi
do dhénamh.



Isna laethibh céadna tánic garasdon Muinseoii d'iarraidh Clann
Eachre. Tarla orra creach; 'sdo bhen Féilim Ó Néill a' Chogaidh
in chreach díobh, 'sdo mharbh dá fher dhéag díobh.



Septemb., 1644.
Mur chonuirc Iarla Caisil-haven gurab ar gcúl do bhí a shluagh
ag dol, i luige agus i n-anbhfuinne, i metacht agus i mbás, tillidh go
Cóigeadh Laighion 'sdon Mhumhain, agus críochnuigheadh a' chomhairle


L. 31


sin leó. D'fhuráil Eoghan Úa Néill trí chéad bó agus secht céad
boirilli arbha agus fuireach dá oidhche san champa chéadna; 'sní
roibh ach cur gainimh i ngad sin d'iarraidh orra. Do chuir a' Gen.
techta chum tighernaidh na gcroidheacht tarraing go Sliabh Betha,
'sdon Tríocha.



Tráthnóna tugadh púdar is luaigh dona soighdeoiridh. Do
leigeadar orra a bheith ag tarraing fagóid don Cheasaigh Bhuidhi
agus a dénumh amhail do bhedis chum na námhad an oidhche sin
féin. Do chonnuic spíoir na námhad gach ní dhíobh so agus tug robhadh
do Bhon Roo. Do chregalsat go mór mona sgélaibh sin. Do comhairligheadh
aca a ndaosgar sluaigh do chur go Tóin re Gaoith fare
na gcaráiste, agus iad féin d'fhuirech 'na sesamh ag coimhéad
a n-ech 's a n-arm. Is messa mur tharla; ar muintir féin bhaoi ag
teitheadh.



Do ghluaiseadur rompa san ré dhorcha, a' Gen. agus in tIarla
agus na slóiti tar droigheat Achadh in dá Charad, don Veinn Bhuirb,
go Glaslacha, trít Oirghialla, 'sgo Boile na gCloch. Fuaradur ó
Philip Ó Raghallaigh agus ó mhaithibh Raghallach dá chéad bó.
As sin dóibh go Béal Átha Haeis, tríd a' Bhréifni agus siar, agus do
thréigsiot Cóigeadh Uladh lá Féil na Croiche.



Sgéala Bon Róó: do bhí san champa cúig sechtmhuinidh. Derbhadh
dó gur fhágbhadar na slóite in tír. Do chuir féin cuartughadh
go Sliabh na Maol, timchioll a' Bhrentuir, 's d'fhéchuin na tíre 'na
dtimchioll. Tugadar derbh leo gur imgheadur na slóite 's na coruighechta
go léir. Loisgeadh Boile na mBiatach.



Do ghluais Bon Roo go Taoinen. Do suigheadh a gcampa leo
ann. Do thiomsaigheadur arbhuracha go feadh dhá mhíle dhéag
chugtha ar gach taobh dhíobh go Féil Matha Soisgéal. Do
sgaoilsead ó chéile go Tír Conuill, go Cathánacha, don Rúta,
agus Bon Róó gona shluaighte go hArd Macha, go Gleann Righe
Octob. 1644.
sair, agus tar druim Mhuighe Cobha. Annsin do sgaoileadur dá
ngarasdunaibh bunaidh ar fud Dál nAraighe, agus ar fedh Dáil
Riada, etc.


L. 32


Do chuir Bon Róó techta i gcoinne garasdon Muinseoii a' boile
do losgadh, agus na saighdeoirí thecht go Carruic Ferghusa; 'sdo
chuir a cúig nó a sé do chéadaibh saighdeoir go hAlboin i n-aghaidh
armála in rí Sérlus. Do sraonadh in cath las in righ 'sdo marbhadh
secht míle, sdo dichennadh Tigherna Achaidh na mBreac, agus suim
do thighernaíbh oile.



Ba fásach iongantach na fuinn, na feruinn, na tíortha agus na
tuatha ó dtasat bon Banna ó thuaidh go dtarsat doirsi in tSrátbhoili,
agus ó Charn mór Sléibhe Betha go Toruigh adtuaidh; achtt
ochtar ar Loch Laoghuire, ochtur ar Loch Inis Ó Luinn. Ar bhfágbháil
a' tíre don Iarla d'fhág mac Tomáis Geralt 'na Ghuibhernóir i nAchadh
in dá Charad, agus Captin Faoiti ó Luimneach mailli re céd go leith
saighdeóir 'na bhfarraidh ann. Chuir a' tIarla cúig trupa i gcoinni
na ngunnaidh mór d'fhág i nAchadh in dá Charad, agus gach caráisde
oile a dtabhairt chuigi don Bhréifni. Agus adubhairt marcach dia
mhuinteir gurab luaithi d'fuileongadh bota pilér do dhénamh 'ná
thiocfadh go Cóigeadh Uladh san chonvae sin.



Ar ndol as don Fhoghmhar, ar sgéith an arbha, arna losgadh agus
arna chosadh do phill suim dona croidhechtaibh don tír .i.
MaCionáith .i. Niall; Sliocht Aodha chum an Fheadha; Torrd.
Ó Néill, mac Briain co Tuath Threna; Pádraig Modarra go
Boile Í Dhonndaoile, agus mórán oile.



Tánic Bráithre Ard Macha don Bhrentur. Do chuaidh ar
nGardian go Monte Farannán, an tAthair Énrí Ó Mellán. Daniel
a Sancta Maria Cafill, Bonaventura Ó Coinne, Eoghan Ó Laochthren,
Tomás Croalam, Edurt Dúdál go háitibh eile. Ar bPreses
Pádraic Ó Coisi agus én-bhráthair dég oile tathaighi don Bhrentor
mailli fris agus Tadhg Ó Laochthren.



Mí Ianuari, 1645.
Tanic fúachas teite gur chuireadur na coraighechta druim leis
na tíoraibh; muinnter Conndae Tír Eoghain, Conndae Ard Macha
Conndae Muineacháin síar go bráth. Do theith Bráithre Ard Macha


L. 33


chum an Fheadha; as sin go Cloinn Caoich. Tánic dream as Lios
na gCerrbhach i ndiaidh cháich agus mur nach bhfuaradur san tír
acht lucht na ceathramha, rugadar ó Chaptin Trever secht bhfichit
bó, agus adeirid gurab é féin do reac na ba leis na Sasanachaibh .i.
Captin Trever.



Na huachtaráin: An Pápa, Innocentius Decimus; in righ, Sérlus;
Iarla Urmhumhan i nÁth Cliath; Eoghan Úa Néill Generál Uladh;
Preses Comhuirle Cille Cainnigh, a' Tigherna Butléir; Generál
Leath Mogha Tomás Pristan; Primas totius Hibern., Aodh Ua
Raghallaigh; Provinsial Uird S. Frons., Brian Mac Giolla Cainnigh,
Connachtach.



Do chuadar sluagh ón Bhréifni, as Oirghiallaibh, óna Manchaibh
do chreachadh Inis Ceillionn. Bádar dá oidhche i bhfaireachas, 's do
ghlacadur na creacha 's d'fhágbhadur í arís. Do marbhadh fiche
'sdá chéad fear uatha. Buaileadh Maol Mórdha Ó Raghallaigh 'sdo
chaill a each. Gabhadh cúiger dá ndaoinibh uaisle. Isé a bhfuasgladh
sé céad boirilli mine, 60 boirilli síl, 60 ponta d'airgiod.



Do loisc muinter Ágán Inis Í Luinn d'uiresbaidh bethadh, sdo
leansat siar a' Gen.



Tánic sluagh ó Inis Ceillionn go Cluain Eis dar creachadh leo Aodh
agus Sémus Buidhi Ó Donndaoile, Domhnall Gruamdha Mhac
Comhnaill, agus inghean Cumhaigh Bhallaigh, meic Risteird Í Chathán.
Caillseat dá chéad bó go dtuilleadh.



Tánic Ardesbog Parma .i. Nunntius Apostolicus go hÉirinn ón
Phápa Innocentius X, mailli re hór, re hairgiod agus re harmáil. A
chomhuirle dhóibh gan síth do dhénamh le feruibh Sasan acht re liberti
coinnséis, agus a nduthaidhe féin don Egluis Catoilici.



2 Maii, 1645.
Tánic Sior Feidhlim re cead Comhuirle Cilli Cainnigh céd go
leith saighdeóir do chur garasdon i nDún Geanuinn agus i Muinseoii.
Tánic go hAchadh in dá Charad, aimsior na Cinnccisi sin. Ar a' treas


L. 34


lá dó do chuaidh ar barr na cúirti, 's dubhairt go roibh na náimhde
chugtha. Tánic don gheabhta. Do labhair go hard le a mhuinteir
féin do bhí amuigh: "Tigidh ar an gheabhta asteach, agus cosnaidh
an boili." Tángadar san asteach. Ní roibh Pilip Ruadh Ó Raghallaigh
.i. an Captin san mboile, agus ó nach roibh do cuireadh a mhuinter
amach tar gebhta. Do cuireadh lón bídh leo go lór don Bhréifni.



Tarla secht fir dég dona naimhdibh ar mhuinteir Sior Feidhlim.
Do chroch naonbhar díobh 'sdo ghlac rannsum as in chuid eile.
Fuairseat an lá céadna 15 capaill.



Feacht n-aon do Sior Feidhlim i nAchadh in dá Charad gur
tharraing ceithiornach do mhuinteir Labhraidh ó Bhon Róó, cúig
trupa agus ceithre cuidechta saighdeoir go bhfuigheadh foill coimhéda
ar an mboile. Tángadar deireadh oidhche san ghebhta. Do sgaoileadh
frasanna lámhaigh friu, gur marbhadh ochtur 'sgur buaileadh
suim oile.



Tánic Gen. Bon Róó, mór sluaigh ó Thrian Conghail go hArd
Macha, 's don Phort Mór. Do chuir a thechta go Sior Feidhlim
a' boile a thoirbhirt. Ad-beirt Sior Feidhlim gurab luaithe do
mhuirfeadh é féin nó a thoirbheoradh é comh truaileach sin; 'sgo
bhfuigheadh seision má bhí dá hiarradh troid.



Dála Mon Roo, chuaidh go Glaslacha 'sgo Muinechán. Do chomhuirligh
re maithe na nAlbonach ó Thír Conuill gad déndís. "Tugmaoid
succura d'ar mboiltibh garasdon i gCóigeadh Connacht." Do
righneadh amhlaidh sin, 'sdo phill bun na sluaighteach go Tír Conuill
'sgo Trian Conghail.



Do bhámur 14 lá idir lá S. Frons. agus lá Capistranus gan grian
'ná gealach iná rélta d'fhaicsin dúinn ar feadh na haimsire so, agus
snuadh cuisne ar gach lá.



Septemb., 1645.
Do gabhadh la Sior Feidhlim barc la Guibhernóir Mas-aregna ara
roibh dhá ghunna ghlasa, deich muscaoide, 12 borrlli d'iasg saillte agus
marnélaigh agus cuidechta shaighdiuir. Tugadh leo í go hinbhior
Achadh in dá Charad. Do crochadh cuid dona feruibh agus fuascladh
cuid díobh.


L. 35


Do ghluais Gen. Bon Roo as Trian Conghoil go hArd Macha,
go Sliabh na Maol, go Clochar, go hInis Ceillionn, dar loisceadh leo
Cóigeadh Connacht go Tobar Brighde, agus creacha in tíre leo; 'sdo
thoirbhir Ó Conchubhair Sligeach dóibh agus d'fhágsat garasdon
láidir ann.



Do gabhadh la Iarla Caisil-haven Lios Mór Mo Choda. Do bhean a'
boile do Shíol mBriain; 'sdo marbhadh Maghnus Ó Cathán .i. Captin,
mac Cumhaigh Bhallaigh, meic Risteird; 'sdo bheansat naoi ngarasdon
do Bharún Inis Í Chuinn; agus bhí cúig céad déag Ultach san tsluagh
soin. Do marbhadh annsin Captin Cathán eile, Cumhaigh mac
Maghnuis Gallta.



Do gabhadh la Seaán Burc, le Tomás Táá, agus le Sémus Dilon
garasdon mór Thuillsge. Marbhadh ann captin Ultach .i. Aodh Ó
Gallchubhair, agus lena shaighdeoraibh do benadh an boile amach.
Gabhadh Oil Finn, Boile Sémuis, Caislén Sgudh, agus Mainistir
na Búile leó.



Do chuaidh slóite Connacht go Sligech dá tógáil ar Albonachaibh,
agus níor airigheadar go dtánic cúig trupa, nó a sé, ó Thír Conuill
agus as Inis Ceillionn dá ndiubhracadh dá bhfoslongphort féin. Do
marbhadh Ardesbog Tuama dá Ghualann, dar bha hainm Maoleachluinn
Ó Caolluighe, agus a' sagurt. Gidheadh thuit leo san chath sin
ceathrur Albonach. Doctúir oirdheirc i bhfoghluim, i maithios agus i
ndeghbheathaidh. Tógbhadh na Búrcaigh, agus na hÉirionnaigh,
's do marbhadh iomad díobh. Do righneadh édáil a' longphuirt.
Tug na hAlbonaigh don gharasdon Sligeach furtacht. Leacht an Esbuig.



Tánic a' Gen. Eoghan as Cill Cainnigh ó Nunsius a' Phápa trí
míle fear go Carruic Machaire a' Rois. Creachsat daoine bhí ar ceathramha
ghallta. As sin go Bél Átha Beith. Seal ann sin. As don
Bhréifni.



Iomthús Eoghain do chuir Rúraidhe MaGuidhir Coronel, agus
Torrd. Ó Néill sean-shaighdeoir ón Spáin do shliocht Aodh, cúig
céad fer go Loch Éirni. Tánic a lucht bratha chugtha mailli re dhá
bhád. Tángadar i dtír i nOilén Bábh. Loisgeadh 'sdo creachadh dá
oilén. Tugsat as corradh le cúig céad bó, agus secht bhfichit capall


L. 36


fona n-eiribh; fós secht n-eich déag. Tugsat na creacha leo go fogus
Béal Átha na Mallacht, agus ar n-éirghe don ghealaigh, meadhon
oidhche do imigh muinter Rúraidhi MeGuidhir re na héadálaibh.
Do bert Torrd. mac Briain meic Domhnaill meic Feidhlim Ruaidh
Í Néill:



"Atáid ar naimhde chuguinn," ar sé, "agus tigidh ar a' trinnsi
so. Tugaidh lámhach uaibh, agus seasmhadh lucht na bpíceadh annso."



Do righneadh mur sin, 'sdo marbhadh ochtur um leith-tenont na
marcshluagh a' námhad. Do theith lucht na bpícidhe. Tánic ar
naimhde oruinn gur marbhadh Mac Oilin Captin, agus deichneamhar.
Do thuit Captin Éiremhón Mac Suibhni ó Thír Conuill, agus Torr.
Ó Néill Sarsan Maior, san ár.



Labhrum seal do Choronel Raghallaigh .i. Pilip mac Aodh meic
Seaáin Ruaidh. Tarla na Raghallaigh ós Bóinn. Fuair sgéala go
roibh cuidechta saighdeoir techt ó Bhoile Áth Cliath go Droighead
Átha. Tarla Pilip dóibh ag Boile Giollan agus ní maith bhádar na
hÉirionnaigh i n-arm. Gidheadh, chuadar ionnta 'sdo mharbhsat
secht ceud don námhuid 'sgan aon díbh fén do thuitim. Acht ar
bhfagháil arm agus monision do thoradh in laoi sin do chuireadur
toghuil ar Dhroighead Átha go dtánic in t-errach bhaoi ar gcionn.



Do thuit Sérlus Cút, sgiúrsa malluighthi agus césdúnach éttrócaireach
na nGaoidheal, i mBoile Áth Truim. Ní fes cia ros marbh
cara nó námhuid.



Do buaileadh in tírénach fuiléachtach Simon Hercúrt .i. Ridire,
agus tres commandar na cuidechta ag in Charruic mBain, agus fuair
bás in lá bu faigsi dhó, agus é ag tabhairt naomhathaisi do Dhia agus
dona naomhuibh.



Do ghabhadar na Catoilcigh port Luimnigh a seilbh in righ Sérlus.


L. 37


Troideadur coimhthinól Catoilceadh ag Cill Salugain. Do marbhadh
Captin Rocheford mailli re suim oifficeach agus mórán saighdiuir
'na chuidechta, sdo chuireadur d'fhiachaibh orra tilleadh tar a n-ais
dá n-aimhdheoin go Boile Átha Cliath.



1641.
Is iad bhaoi i n-ionadh Giubhstis i nÁth Cliath Sior Uilliam Person
Maighster Cúirt of Uarde, agus Sior Seon Burlasci .i. beirt ridireadh
gan taisi gan trócaire.



Do chuir Coronel Raghallaigh Sasanaigh a' Chabháin, Átha
hEois, a' Toirbiort, agus a roibh i mboiltibh bega ar feadh na
tuaithe, do chruinnigh íad so, 'sdo chuir convae leo go Droighead
Átha.



Do chuir Coronel Raghallaigh léigior ar Chruachain Mhic Tighernáin,
ar Chill Achaidh, áit ar chruinnigh cúig céd persa, agus go rabhsat mur
sin trí sechtmhuineidh déag gur ég trí céad persa dhíobh. Annsin
do ghlac Sior Sémus Creag agus Sior Framsaidh Hamalton ceathranha
do dhá chéad persa 'sdo cuireadh don Droighead íad.



Tánic secht bhfichit marcach ó Áth Truim. Do ghlacsat creacha
móra. Do bhí Maolmórdha mac Emuinn trí marcaigh déag ar fhichit fa
ris. Do mhothuigh teitheadh 'sna croidhechtaibh, 'sdo lean na
creacha; agus chúaidh annsa marcshluagh ag Lios na hEaduirne. Do
chuala Aodh mac Maolmórdha in troid, agus tánic fona tuarim, gur
cuireadh i raon madhma iad, agus gurab ann do marbhadh an fer
déidhionach díobh ag dul astech ar ghebtha Ráth an Mhapaoi; agus
gurab é a suim marcach agus cheithre fichit, agus gabhadh Captin
Carsin.



Timsughadh slógh le Sior Sérlus Vaifferston san Mhumhain do
thoghail in chaisléin dá ngoirthior a' Chloch Liath. Do toirbhireadh
a' boili dhó, go mbeith ar begán bídh ag bárdaibh a' chaisléin.
Do ghlacsat ceathramha ar choinghioll dá n-anum. Acht níor
chomhaltach sin dóibh, óir cuireadh 80 persa dhíobh chum báis.
Tángadar Muimhnigh do thabhairt furtacht don bhoile agus dá
gcairdibh. Is amhlaidh fuaradar dóite é. Do chuirseat troid ar


L. 38


mhuinteir Shérluis ar mhodh nár léigeadur as dona trí míle acht tuairim
dá chéad, sdo gabhadh a' Coronel leó.



Do ghrádh in tSérluis so tug inghean Iarla Corcaighe .i. Sior Riocard
Buidhill, nimh dá fer féin .i. an Barrach Mor.



1642.



Sluagh le Mi Lord Múar, is le Risterd Graoi-anfill, 4,000 fer, cuirseat
timchioll cúirte agus caisléin Geróid Leighis, agus ní roibh Geróid
féin san mboili. Bádar deichneabhar ar fhichit de bhárdaoibh san
chaislén. Do mharbhadur ón tsluagh, feadh cúig lá 700. Do ghlac
ben a' bhoile ceathramha dí féin 'sdá cloinn. Bárdaoi a' chaisléin
cuirseat a roibh do phláta do bhras, d'iarann, do ghunnaoibh, d'éadaoibh,
do chruithnecht, fa ré mórán do mhaithios an tíre san chúirt,
gur loisceadur ar an mball í. Leis sin tennadar fan mbadhbhdhún,
agus briseadur an comhlaoi iaruinn. Tánic duine i dtús asteach, 'sdo
iarr pistol do bhí ag fer dona bárdaoibh. "So" ar sé, gur bhuail
dá philér 'na ocht air 'sgur mharbh. Gabhadh 'sdo cengladh ar a' mball
iad 'na gcúplaoibh. Do bhí ógán ann arna bhualadh go trom. Do
chlis uatha. D'fhág iad co Caislén Riocard slán. Mur sin básuigheadh
naonbhur ar fhichit saighdiuir. Marbhadh la Mi Lord Múar i gCoill
a' Bhábuigh, idir fher, mhnaoi, agus leanbh deich agus secht bhfichit,
Conndae Lút.



Marbhadh la garasdon Boile mhic Buain, le brath inghean Seoirsi
Gerlun, ochtur is dá fhichit agus dá cheud mailli rena Sagurt Porráiste
Torrd. MacRuadhrí, agus iad ar cethraim ag Lord Muar.



Comhdháil catha idir Iarla Urmhumhan agus coimhthionól Catoilceach
ag in mBerbha. Tugadar troid chalma uatha ar gach leith nó gur
sraonadh leis na heiricibh, agus rugadar buaidh agus én ghunna mór.
Gabhadh Coronel Cuilúir, Coronel Priston 'sdo marbhadh mórán ar
gach leith. Tángadar san oidhche go Ros MheCriuin, agus tángadar
a naimhde arna bhárach don Ros 'na ndiaidh. Tug an Guibhirneoir


L. 39


.i. Coronel Fox amus longphuirt mailli re cúig mhusgaoid ar mhodh
gur theitheadur 'sgur fhágbhadur a' campa, agus súd uainn iad, uainn
go Boile Átha Cliath.



Toicheastal le Mi Lord Mubhur ar fiarlaoid na Midhe gur loisgeadh
a n-agairt a dtighthe, Cenantus agus ceithre muilte do bhí ar an
abhainn láimh ris. Do marbhadh corradh ós cenn trí fichit i Muilionn
a' Fhrancaigh. Fuair an Ciomhsógach ceathramha .i. Robert, 'sdo
marbhadh ar an mball é le hordughadh Sior Henri Trosboirn; agus a
mhac gan ordughadh ar bith.



Tabhair fa dear annso: Ón chéad bhliadhain don chogadh gusan
sémhadh bliadhain don chogadh fuair trí fichit míle Sasanach
Albonach agus saighdiuir bás do thámh agus do thinneasaibh éxamhla,
mur as fiadhain leabhar oiris Boile Áth Cliath, leabhur oiris Droichid
Átha agus leabhur oiris Corcaighe. Óir, adeirid gur éigin roilge
nua do thógbháil taobh amuigh dona boiltibh tré iomad ég báis
uathbhásaigh na ndaoine. Agus is ionmhesda gur tré miorbhuilibh
Dé agus tré chanaighil an Bhreithimh Críost comhthroim tarla in
domblas sin dóibh. Ór, níor chongbhadur ceathramha, focal, nó
cumairce dar ghealladur d'Éirionnach riamh gan briseadh orra arís,
i n-aghaidh dlighidh na gcineadhach. Ór mharbhaidis mná agus
leinbh gan baisteadh, sean-ndaoine agus aoís gacha galair. Is follus
in sgéal sin san mboile dá ngoirthior Tech mo Linn i gConndae
Cilli Dara. Is follus fós an ní céadna sa mhaidhm tugadar Sasanaigh
ar a' bPristunach i gCnoc a' Leghissigh, airm ar mharbhadar a
deich nó a dó dhég do chéadaibh, agus iad cengailte; tar éis ceathramha
dhóibh do marbhadh annsin iad uile; agus ní thugadar
do chéill uatha annsin, in tan do fiarfaigheadh sgéala i mBoile Áth
Cliath díobh acht gur throideadur go láidir riú, ar egla go ndéndis a
leithit céadna arís; 'sgurab uime sin do mharbhadur íad. Acht
bíodh a shlánsan gur bhriseadur Éirionnaigh ceathramha orrasan
ariamh, intan do ghealldis dáibh í. 'S do bhris a' Cútach ceathramha
ar Énrí Ua Néill, mac Eoghain, agus ar Fheidhlim Ó Néill, mac
Tuathail, agus ar dhaoinibh uaisle i maidhm na Sgairbhe Solus.



As Cló Cilli Cainnigh so suas do benadh.


L. 40


1646.



Tánic techta an Phápa i nÉirinn go Cill Chainnigh darb ainm
Ioannes Baptista, Ardesbog Parma. Tug leis trí fichit míle punta
agus armáil mhór.



Tánic Gener. Uladh i láthair a' Nuntius 'sdo gheall go ndioghnadh
serbhís i gCóigeadh Uladh dá bhfaghadh costas dona soighdeóiribh.



"Do gheabhair costas trí míle fer go cenn leithbhliadhna, agus cuir
féin 'na chenn sin dá mhíle oile ar chostus na tíre féin."



Ainm an Phápa Innocentius Decimus.



Tugadh fógra la Gen. Uladh an uile choisigh agus mharcach do
Chóigeadh Uladh techt ar a leith féin, 'sgo bhfuigheadh trí sgillinge
agus sé pinginnidh san tseachtmhuin. 'Sdo chruinnigheadar san
mBréifni; is tánic deich gcapuill is trí fithit go Caislén Locha
Saoileann ag iomchur airm in tslóigh as Cill Cainnigh. Bádar annso
ag cruinniughadh na slógh go primo Iunii.



Do gabhadh la Sior Feidhlim secht mbáid ar Loch Ethach, 'sdo
gabhadh ceithre fir dég, is marbhadh ós cenn fichit, 's tugadh na
báid go hinbher Achaidh in dá Charad; is tánic Sior Feidhlim go
foslongphort a' Ghen.



Tánic slóite Albonach go bon na hAbhanna Duibhe, ionadh ar
thógbhadar dá phort ar bhrú in tsrotha móir, 'sdo chuireadur slabhraidh
ettorra do chosg a' locha agus iasgach ar mhuinteir Sior Feidhlim.



Toicheastal sluaigh a' Ghen. agus Sior Feidhlim .i. Secht gCoronel:
a' Gen., Sior Feidhlim, Coronel an Fheadha, Alastrann mac an
Iarla, Maghnus Ó Domhnaill mac Néill Ghairbh, Rúraidhe MaGuidhir,
Cornel Ferail .i. barr ar chúig míle coisigh; agus naoí dtrupa:
Énrí Ruadh mac a' Ghen., trupa; Conn Bacach, trupa; Brian
Rúadh Ó Néill, trupa; Brian Rúadh mac meic Mathon, trupa;
Pilip Ó Rellii, trupa; Aodh, mac Maolmórdha, trupa; Maolmórdha mac
Émuinn, trupa; Aodh MaGuidheir, trupa; Cornel Ferail, trupa.



Iunii, 1646.
Agso cruinniughadh slóigh Eoghanacht Uladh um a nGenerál
féin, Eoghan Ua Néill. Do hinnseadh dóibh go roibh Mi Lord
Magumraidh sluaite móra Albonach agus Sasanach i nGlenn Righe ag
triall


L. 41


don Mhumhain 'sgo Cill Cainnigh ionnus go ndíbridis iad uile. Tángadar
fon réim sin don Veinn Bhuirb 'sdo righneadur foslongphort ann.
Do chursat a n-eich ar fér. Do chursat deich ceud laoch do choimed
in laochlongphuirt soin agus trí trupa, óir bhí a' námhuid láimh re
hArd Macha.



Toicheasdal Mi Lord Magumraidh, óir isé bu Generál orra. Baoi
ann Mi Lord Blénidh, Mi Lord Hamulton, agus Robert Bon Róó,
agus éirghe amach Trian Conghuil leó uile, agus éirghe amach as
Cathánachaibh. Atá láimh ré Dún Genuinn ceithre fichit marcach
agus trí céd saighdeoir; agus éirghe amach Thíre Conuill tánic don
Chlosaigh. Do bhí Magumraidh ceithre trupa dég agus naoi ruissiman
coissigh. Dubhradar na heircigh gomadh cóir an ionnsuighe san
athghoirid ó Ard Macha don Veinn. Dubhairt Bon Róó nach diongnadh
acht gabháil go Taoinén, go hÁth Feadha go Cionn Aird, 'sgo
Cnoc in Chluithe, agus go mbiadh gaoth agus grian leó. Do righneadh
mur sin leo. D'fhágbhadur a gcaráisti i Muintir Bheirn, agus cúig
cead dég saighdiúir ag coimhéad a mbeathadh; óir bhí ann lón secht
sechtmhuin ag gach aon díbh. Dob iomdha ann sac giobal geal,
sac brisgadh, mórán mine, iomad beorach, fíona, uisgi betha, plúir,
siucra, cerca, cabúin suim paliuin. Do thaisbénsat tríd Muinteir
Beirn a meirgeadha sróil.



Iunius, 1646.
Do chuir a' Gen. trí trupa um Brian Ó Néill, mac Cuinn Ruaidh
d'fhéchain na héirghe amach tánic as Cathánacha, 'sdo chuir céd i
gcoinne an námhad co Coill a' Gheimhil, gur bhenadur fuachus asta.
Tar a éisi sin do righneadur rá-tréuta onórach go rabhsat i gcenn a
muinteire féin.



Do bhí a' Gen. ag tegusg i mesg an tslóigh. Iseadh adubhairt



"Agsúd cugaibh escairde Dé, agus naimhde bhur n-anmna; agus
dénaidh calmacht 'na n-aghaidh aniú; ór isiad do bhen díbh ar
dtighernaidh, bhur gclann agus bhur mbeatha spiradálta agus temporálta,
agus do bhen bhur ndúthaigh díbh, 'sdo chuir ar deoruighacht
sibh, etc."



Do bhenadar na slóite dá chéile ar Dhruim Fhliuch, agus do phill
na heiricigh ar a n-ais tar éis marbhadh do dhénumh orra, i n-aice na
ngunnaigh mór, óir bádur seacht ngunna mhachaire aca.


L. 42


Do thennadar na hÉirionnaigh leó agus tugadar lán na ngunnaidh
mór agus beg dia roile. Annsin do ghlacadar a bpícidhe agus a
gcloidhmhe toirt-bhuilleacha go rabhsat ag tolladh agus ag casgairt
corp a chéile. Is ann tánic fón gcath an laoch-mhíleadh onórach
agus an míleadh móir-mhenmnach cródha cosantach ar mhuinteir in
Phápa Innocentius Decimus .i. Eoghan Úa Néill. Tánic na trí trupa
chúaidh go Dún Geannuin i dtosach laoí chugtha fon amsa. Do
mhesadar Albonaigh gurab dá muinteir féin iad. Tánic iomorro,
Sior Feidhlim fon gcath mailli re deagh-chuideachta , 'sdo buaidhreadh
leis cliathbhern céad; 'sdo marbhadh Mi Lord Blénidh; agus
gabhadh Mi Lord Mhaghumraidh la Corbmac Ua Néill. Do bhen
a each agus a arm de, 'sdo chuir i mbraighdenas é. Tógbhaidh na
heiricigh agus tugadur maidhm. Annsin do leigeadur na hÉirionnaigh
gáir catha. Gabhais a' Gen. ag gresacht a dheaghshluagh, ag dol
rompa agus tríothaibh; go dtánic fuine néll nóna úr-thosach
oidhche orra bádar dá marbhadh; 'sdo báitheadh mór-chuid díbh
san Abhainn Mhóir agus i Loch Cnuic a' Chluithe.



Iunius, 1646.



Do fill a' Gen. agus na slóite san oidhche dá bhfoslongphort, agus
bádur go subhach so-mhenmnach tar éis a' námhuid do chlaoi. Gidheadh,
an méid do loiteadh is beg chuaidh beo dá mboiltibh díobh
nach bhfuair bás sna fásaoibh. Do marbhadh 13 marcaigh i nDúthaigh
Biatach. Do bhí cuidechta do mhuinteir a' Ghen ag techt ó
Loch Saoilionn i ndiaidh in tslóigh 'sdo mharbhsat cúig marcach fichat
díbh. Do mharbh Leith-tenont Coronel Sior Feidhlim os Ard Macha
.i. Tom. Sanfort, 24 díobh. Do marbhadh le Henrí Ó Néill cois
gleanna 57. Fuarus suim oile marbh 'sna fásaoibh nach roibh loit
ar bith orra.



Do chuireadur Puritain Tíre Conuill techta uatha d'iarraidh
machaire ar a' Ghen., 'sdo chuir a' Gen. tús a' tslúaigh siar don
Chlosaigh i gcoinne a' námhad, agus é féin 'na meadhón, agus Sior
Feidhlim 'na ndeireadh. Do éolaigh na naimhde go hInis Ceillionn,
'sgo Tír Conuill. Do phill a' Gen. 'sna slóite tar a n-ais go
hAchadh an dá Charad, go Loch Gál, 'sdon Tamhnaigh Mhóir.



Do marbhadh Maghnus Úa Domhnaill, mac Néill Ghairbh, agus
Cú Uladh Ó Néill, mac an Fhir Dorcha, meic Briain Charraigh,
tuilleadh


L. 43


ar thrí chead, idir mharbhadh agus bualadh. Do chuir Sior
Feidhlim leighios as na daoinibh buailti i nAchadh in dá Charad.



Do bhí aca corradh 'sdá mhíle musgaoid, iomad pícidhe, iomad
tuagha piocartach, dromuighe, secht ngunna machaire, sé bratanna
déag is fithe. Do chuir a' Gen. na sé bratanna déag ar fhichit so, do
chomhurtha buaidh do bheith aige chum an Nunnsius agus go Comhairle
Chilli Cainnigh le Diffinitor Uird San Fronsias .i. Baothghalach
Mac Aodhagán, agus lena óglach féin Aodh Buidhi Mhac Maghnus,
agus go litreacha iongantacha fuarus ag na heiricibh. Do righni na
heithritci comhuirle an lá so gan ceathramha thabhairt d'aonnech
acht don Ghen. amháin.



D'orduigh a' Gen. Ó Cathán .i. Seán, agus Risterd Ó Cathán,
Domhnall MagNaosa mac Tigherna Íbh Eathach, Rúraidhe MáGuidhir,
i gcoinne creach go Trian Conghoil, cúig céad déag soighdeóir.
Loisgeadh leó Dún Pádraic, Sabhall, Cúirt an Easbuig, Boili Í
Dhubhagán, a' Boile Bocht, Boili Ní Port, muilionn Cill Ó Laoch,
agus tugadar leó cúig céad bó don Tamhnaigh Mhóir gan trácht ar
éadálaibh oile. Do cuireadh Tom. Sanfort, Leith-tenont Coronel Sior
Feidhlim, sé céad soighdeoir, go Port a' Dúnáin agus don Chlár,
agus do loisg iad araon.



Iunius.



Suim ar marbhadh idir Dhruim Fliuch agus Áth Feadha, la Dia
do bheir a bhuidhe, ór isé féin do righni an gaisgeadh so, le trí uaire
don ló 3548, la amuigh dar marbhadh 'sna fásaoibh .i. i dTuath
Hachaidh, san bhFiodh, i nOircheara, i nÍbh Eathach;
do gheibhtí mairbh ionnta 'sgan dergadh airm orra.



D'fhág a' Gen. in Tamhnach Mhór agus tánic don Bhréifne gona
shluaightibh. Tánic Diogánach a' Nunntius Apostolicus agus
Diffinitor Uird San Frons. as Luimneach i gcenn a' Ghen. Uladh.
Tug a' Diogánach trí rialacha don tsaighdeoir shaingil agus nísa
mhó dona hoifficechaibh, agus fuaradar coinnmheadh ar chúig Condae
.i. Condae Muinecháin, C. a' Chabbháin, C. Liatruim, C. an
Longphuirt, C. a' Mhuilinn Ciorr, acht go mbeadh torrtha abaidh.
D'fhan Sior Feidhlim i nAchadh in dá Charad, 'sdo leigheas ar
dhaoinibh buailte.


L. 44


Do chuir Sior Feidhlim sé báid go Bun a' Bhealaigh. Do tharraing
na báid ar tír 'sdo chuir saighdiuraidh idir é agus a' garasdon. Do
rug na báid go Tráigh Dhubhach gur tógbhadh port lais ann, gur
chuir saighdeoiridh ann agus iasguiridh do ghabháil éisg go lór; agus
níor leig na hAlbonaigh as Bon an Bhealaigh amach, agus bádar i
n-airc bhetha.



San mBréifni ag Bél Áth Halian do mharbh Brian Rúadh Ó Néill
Aodh mac Airt Óig meic Torrd. Í Néill. Do chuir pilér pistoil tríd.



Tánic dhá thrupa don námhuid go Muinteir Bheirn. Gabhsat
Aodh Ó Néill mac Briain meic Énrí Óig, agus ceithre heich agus
40 bó. Rugsat leó soin.



Bádar Comhuirle Cilli Cainnigh ag dénamh síthe la hIarla
Urmhumhan gan chead na Sean-éirionnach, agus dá rádha ris techt
chugtha. Do gheall dóibh go dtiocfadh. Do desuigheadh an
Chúirt agus an Caislén 'sdo cuireadh geabhta núa súas arna nighe as
ór fó chomhuir an Iarla. Tanic in tIarla, 15 trupa agus dá mhíle
coisigh. D'umhluigh Comhuirle Cilli Cainnigh, Tigherna Mhóta
Goiread, Donnchadh MaCártha, agus in tír uile dhó; agus ar mbeith
réidh leis in tír do chuaidh co Caisiol Mumhan. Gabhsat Muimhnigh
lais go luathgháireach.



Tarla mon am sin Caibidil ag a' Nunnsius i bPort Láirge. Do
clos aca Iarla Urmhumhan a bheith san tír. Do chuir a' Nunntius
fios ar chúig céad saighdiuir, agus do chuir litrecha go Gen. Uladh a
rádha ris techt gona shlóghtibh as in mBréifni.



1646.
Ar mbreith na litreach ar a' Ghener. do chuir gairm ar na Coronelibh,
ar na Captinibh gona soighdeoiribh, agus ar na trupaibh, agus
beint dó in lá so ar Shliabh Briúis. Tángadar ann im Choronel na
marcshlaugh Sior Feidhlim. Bádar san oidhche i gConndae
Longphuirt. Ní mór comhnuidhe do righneadar go rabhsat i mBoile


L. 45


na Sgeathach. Tánic chugtha as Cill Chainnigh dá fhichit capall
fae arán agus faoi bheóir, etc.



Dála Iarla Urmhumhan ó do chuala Gen. Uladh thecht don tír agus
eission i gCaisiol do ghlacadur teitheadh chugtha, cúig trupa déag
agus dá mhíle coisigh. Níor ghabh dá bhoile féin co Cill Cainnigh
acht go Gabhrán. Adubhradh ris go roibh marcshluagh ón Ghen.
san tír. Leis sin do theithsat go Lelinn. Do sgaoileadh lámhach
riú san mboili sin. Do sgarsat ó chéile san mboile, agus ní roibh
las an Iarla, techt go Cetharlach acht 12 mharcach. Thorling annsin
gur ith arán agus gur ól fíon, agus níor thorling an marcshlaugh. As
sin dóibh go hÁth Cliath.



Dála Gen. Uladh ar dtecht don tír go Boile na Sgeitheach do
thógsat a bpailiúin agus a mbotha láimh re Páirc an Fhíadhaigh.
Arna chlos don dá Nunnsius, (fer díobh tánic i dtosach a' chogaidh ón
Phápa Urbanus 8, in dara Nunntius tánic ó Innocentius Decimus)
tánacsat a Cill Cainnigh i gcoinne a' Ghen.



Tánic a' Gen. agus Sior Feidhlim agus na huaisle i láthair na
ndaoine naomhtha 'sdo ghlacadar a mbeannacht. Do iarr a' Gen.
caislen agus daighne na cathrach do thabhairt dó féin: "agus tugtur
braighde na tíre agus an bhoile so dam .i. Donchadh MaCártha
Tigherna Musgraighe, Émonn Boitléir .i. mac Tigherna Móta
Goiread, Secretarii na Comhuirle .i. Beliin, Sior Seon Beigneir
agus ceithre fir eile do mhaithibh na Comhuirle agus na tíre." Do
chuir glés ar na braighdibh agus ar in mboile ó sin amach.



Tángadar na slóigh im an Ghener. 'sdo righni mustar na gcoissigh
.i. 14 míle fer. Do righne Sior Feidhlim, Coronel na marcshluagh
mustar ar an dá thrupa is fithe. Bádur maithe bhfer nÉirionn san
láthair so, um in dá Nunntius, Ambasadóir Rígh na Spáinne, agus
Ambasadóir Rígh Franc.



Tánic a' Nunntius Airdesbog Parmo, ón chionn tsiar gusan chionn
tsoir don tsluagh dá mbennughadh. Do sgaoil na soighdeoiridh carca
i n-aonúaim maille re sé gunna móra. Agus ag techt ón taobh shiar
gusan chionn toir 'an tsluagh dá mbeannughadh sgaoilsat in carca


L. 46


céadna do chomhurtha glóire agus onóra Dé, don Phápa, don Nunntius.



Tánic a' Nunntius mur a roibh Sior Feidhlim, Coronel na marcshluagh,
agus do bheannaigh iad; 'sdo sgaoilsat carca lámhaigh as a
gcarbínibh 's as a bpistolaibh. Dá lá ag mustar dáibh. Do chuaidh
a' Gen. la muinteir an Phápa, ríogh na Spáine agus ríogh Franc
go gebhta na cathrach dá n-adhlacadh, agus fillsat féin dá gcampa.
Gach fleadh do hullmhuigheadh i n-onóir Iarla Urmhumhan do
sgaoileadh so ar ógaibh Uladh. Deich lá dhóibh san champa so Cilli
Cainnigh gan uiresbaidh bethadh ar na slóitibh, agus in gebhta
óirnidhe tógbhadh i n-onóir Iarla Urmhumhan do leagadh 'sdo
folcadh óna hUltaibh é. Thug a' Gen. na caisléin an boili agus na
braighde ar láimh a' Nunntius. D'fháguibh gach ní réidh agus do
ghlacsat a bheannacht.



Dia Luain do mharsél an sluagh go Droighead a' Deighnei go boile
Seáin mheic Laoisigh. Ceithre hoidhche ann dóibh. Assa sin go
Boile na Coilleadh i Laoighis, 'sgo Caislén na Cuilentraoi.
Tug a' Gen. ceathramha mhaith don Chaptin .i. Baranton, 'sdo
chuir féin a bhárdadha san mboili. Assa sin go Port Laoighse.
Do chuaidh Coronell na dtrupadh .i. Sior Feidhlim d'iarraidh
Port Laoighse sol tiocfadh adtimchioll an bhoile. Adubhairt nach
dtiobhradh acht go bhfaiceadh a' Gen. 'sna gunnaidh móra. Ar
dtecht dona slóitibh chuir a' Gen. dromadóir d'iarraidh an
bhoile. Do iarr a' Guibhernóir braighde do chur as féin. Do
cuireadh amh Brian
1646.
Ó Néill, mac Cuinn Ruaidh, agus Seaán Ó Néill, mac Énrí, meic
Torrd. ón bhFiodh. Tánic Sior Uilliam Gillibiort, agus ar ndénamh a
ngnothaidhi, ar bhfaicsin na slógh 'sna ngunnadh mór do ghlac
ceathramha .i. an uile ní so-ghluaisti do bhreith leo. Do chuir a'
Gen. Féilim Ó Néill, mac Domhnaill meic Énrí do chumhdach
Port Laoighse. As sin don Dísiort. Do chuir a' Gen. dromadóir
d'iarraidh a' bhoile ar in bPicéadach. Adubhairt in Picéadach
nach dtiubhradh nó go ndechadh i ndiaidh a chos as. Tug a' Gen.
ordughadh do Choronel Ferail agus do Choronel Rúraidhe MaGuidhir
in boile ionnsuighe. Ar tús loisceadh in boile leath-amuigh don
gheabhta. Chuadar istech tar na ballaibh daighne. Dóigheadh a'


L. 47


halla mór in stábla agus in t-agurt ro-mhór. Do marbhadh corradh
is ceithre fichit, in Captin agus in Picéadach féin. Do marbhadh ó
Chornel Rúraidhe Captin .i. Dubhall Mac Oilin agus cúiger saighdeóir.
Assa sin go Conndae Cill Dara go Caislén a' Rebain, agus fuaradur
sin. As sin go Boile Áth hÍ. Fuairsiom sin. Do bhensat Gráinseach
an Iubhair dá naimhdibh, Boile Uigin, Boili Lináin, an tÁs,
Caislén Martin, Claona, Boile Sior Seon Hoii, Boili na nUstásach,
Boile Henri, agus suim do bhoiltibh oile nach áirimhthior sonn,
do bhensat dá naimhdibh. Assa sin dóibh fo dhá mhíle dhéag do
Bhoile Áth Cliath, 'sgo Droighead Cilli an Chuilinn. Tánic Gen.
Priston, Tom., gona armáil fa ré hEoghan Ua Néill, go dtánic
seal fada mur so dhóibh.



Aithristior in stair seal ar mhuinteir Lios na gCearrbhach, Cill Ó
Laoch, an Iubhair, Caislén Trever, ó Chárlinn, ón tSrád-
Bhoile, ó Dhroighead Átha, ó Bhoith Shláne;
cruinnighsiot i n-aice aroile. Tángadar ar Oirghiallaibh agus do
chuir iad ag teitheadh go foithrigh Druim Dúin. Losgadh sdo
creachadh, a dtighthe agus a n-agairt, 'sgo foithrigh Cill Anna.



1646.



Do loisgsead tír Mhuighe Bolg 'sdo bhí luach céadanna ponta arna
losgadh ann do mhaithes na tíre. Do fillsead 'sna céadanna do mhaithes
in tíre leó. Rugsat na soighdeoiridh do bhí i gCarraic Machaire Rois
leó, 'sdo loisgsead a' Charrac féin. Ba dubhach dobrónach bhádur
mná agus fir na Bréifni 'na ndiaidh.



Dála a' Ghen. gona shlóitibh láimh re hÁth Cliath, gan cead aige
dul ar aghaidh ó Chomhuirle Cille Cainnigh, go dtánic mí
December re ferthuinn mhóir go feadh trí míos. Do sgaoil na slóigh.
Do chuir a' Gen. gairm ar na slóitibh go bhfaghdaois ceathramha
.i. coinnmheadh, agus fuairsiot sin san Mhumhain 's i Laighnibh.



Tánic Iarla Urmhumhan go dtiugh sluaigh go Boile Áth Truim.
Tánic cuigi Iarla Cill Dara, Iarla Iarthur Mhidhe .i. Risterd
Nuinnsion, Iarla Búrc, Iarla Ros Camáin, Iarla Caisilhaven,
d'imigh le hIarla


L. 48


Urmhumhan as Cill Cainnigh, agus Sior Sémus Dilon bhí na Choronel
ag na Catoilcibh go bhfuil aca so indiu, lá San Tomás i dtigh
Edurt Buidhi Diuit. Fuair do chontruibision dá phonta san
ghníomh i gconndae a' Mhuilinn Chiorr agus coinnmheadh dá
dtrupaibh 'sdá soighdeoiribh.



Do chuaidh Iarla Urmhumhan don Bhréifni tarsna na bhferann
gur chruinnigh a mba a n-innle 's a n-éadála. Ocht dtráth mur sin
dóibh ag cruinughadh 's ag cengal, agus do marbhadh leo 38 nduine.
Rugsat as in mBréifni 's as Oirghialla ceithre míle bó.



Do ghlac Pilib Ruadh Ó Raghallaigh Captin cead a Choronel .i.
Pilib mac Aodh, dol i dtóir ar a' námhuid trí céad saighdeoir; agus
tánic ar chúl a' bhoile ina roibh trí trupa; agus ag techt deireadh
oidhche tánacsat timchioll an bhoili,
Ianuarii, 1647.
do bhuaileadur na dromuigh, sgaoilseat lámhach; loisgeadh an
tech ar a n-echaibh agus orra féin. Do marbhadh suim díobh. Bádar
go n-eich leó, fá ré armáil na marcshluagh las in Chaptin go Bél
Áth na Cairge.



Do chuir Sior Feidhlim secht mbáid agus barc ara roibh dhá
ghunna mhachaire go bhfuirinn láidir ar Loch Eathach, 'sdo loisgsead
trí poirt ón námhuid i gClann Aodh Buidhi, agus agart mór ó Maior
Connalaigh .i. an té do righni sgéidh ar Thigherna Inis Ceillionn 'sdo
cuireadh chum báis i Londain 1644. Do mharbhsat daoine agus ba.
Tugsat sna bádaoibh a dtoil féin. Do lean tóir iad ar muir 'sar tír.
Bádur muinter Sir Feidhlim ag tógbháil poirt ar Thráigh Dhubhach i
gCloinn Bhreasail. Tánic a' námhaid orra. Do marbhadh suim
díobh, agus Leith-tenont Sior Feidhlim Robert Ácistun. Do gabhadh
ós cenn fichet. Do báitheadh cuid díobh; acht d'imigh trí báid.
Gabhadh in barc mór agus cúig báid.



Tánic Ó Cathán, Seaán .i. Sarsean Maior Gen., agus Féilim mac
Tuathail, Ó Néill Leith-tenont Coronel, trí míle coisigh, agus suim
marcshluaigh i gConndae a' Mhuilinn Ciorr 'sdo Bhoile Locha
Craoibhe. Arna bhárach do bhaoi rann-do-bhugha aca. Do comhuirligheadh


L. 49


aca garasdun Ceanantus ann a roibh Teofilus .i. Coronel
Seonsach, ionadh a roibh trí céad saighdiuir. Do shiubhladur lá agus
oidhche go rabhadur ag Cenantus. Do chuadar na coisigh astech
san mballa agus d'fhan an marcshluagh la-amuigh. Do gabhadh in
méad do iarr anacal a n-anma, mu dheichnemhur agus sé fichit faoi
Choronel Seonsach. Do marbhadh corradh 's dá chéad. Tugadh
anacal a n-anma do mhuinteir an bhoile féin. Tugadh na braighde
go Fiodh an Átha, is Teofilus go Caislén Lacha Saoilenn.



Tánic Gen. Monc re trí míle ón Pharlameint mailli re sé fichit each
gona dtrusgán marcshluaigh i dTrian Conghuil i n-aghaidh Cóigidh
Uladh.



Tánic trí míle saighdeoir ón Pharlmeint i nÁth Cliath i n-aghaidh
Laighneach agus each.



Cetra desunt.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services