Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Íosagán agus Sgéalta Eile

Title
Íosagán agus Sgéalta Eile
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Composition Date
1920
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ins an “gClaidheamh Soluis,” i gcaitheam na
mbliadhan 1905 agus 1906, a cuireadh na
sgéalta so i gcló de'n chéad uair. Sgríobhadh
tús sgéil “An tSagairt” as an nuadh le
haghaidh an leabhráin seo, agus cuireadh athrughadh
beag ar na sgéaltaibh eile annso 's annsúd.



Táim fá chomaoin mhóir ag mo charaid óg,
Colm Ó Neachtain, as ucht ar thug sé dhom de
chongnamh agus mé i n-éadan an leabhair seo.
Is é a chuir na focla sa bhFoclóir i ndiaidh a
chéile tar éis iad a sgríobhadh dom-sa. B'fhéidir,
le congnamh Dé, go mbeinn-se ag cuidiughadh
leis-sean le slacht a chur ar leabhair fá cheann
deich mbliadhan eile, má's slán dúinn ar aon.



P. Mac P.


L. 1


RÉAMHRÁDH.



Ag cur na sgéalta so i n-eagar
dhom, ní hiongnadh go bhfuil mo
smaointe ar na cáirdibh a d'innis
dhom iad agus ar an áit uaignigh ar
chiumhais na hÉireann i n-a bhfuil a
gcomhnaidhe. Feicim os comhair mo
shúl taobh fíre chnocach ghleanntach
aibhneach lochach; beanna móra ag
bagairt a mullach ar imeall na
spéire sa gceárd thiar adtuaidh; cuan
caol caointeach ag síneadh isteach ó'n
bhfairrge ar gach taobh de ros; an
ros ag árdughadh aníos ó chrioslach an
chuain, acht gan an iomarca aoirde ann
i gcóimhmheas leis na cnocaibh má-
gcuairt nó leis na beannaibh i gcéin;
cnuasach beag tighthe i ngach gleann-


L. 2


tán is mám sléibhe, agus bothán
fánach annso is annsúd ar ghualainn na
gcnoc. Feicthear dhom go gcluinim
crónán na n-eas is na n-abhann,
glaodh binn na feadóige is an chrotaigh,
agus glór íseal na ndaoine ag
comhrádh cois teineadh … Mo
bheannacht leat, a leabhráin, go Ros
na gCaorach is chuig a bhfuil ann dem'
cháirdibh! …



Is ó na “patairíbh beaga” a
d'fheiceadh sean-Mhaitias ag déanamh
grinn dóibh féin ar an “bhfaithche” a
chuala mé bunáite an chéad sgéil.
Bíonn siad ann i gcomhnaidhe, gach
tráthnóna gréine is gach maidin bhreagh
Domhnaigh, ag ritheacht is ag caitheamh
léim go díreach mar a bhídís nuair
a shuidheadh sean-Maitias ag breath-
nughadh ortha. Ní fhacas-sa Íosagán
i n-a measg riamh, acht ní móide
nach mbíonn sé ann i n-a dhiaidh sin.
Nach bhfuil a dhúil i bheith ag gáird-
eachas ar an talamh agus nach é a
aoibhneas a bheith i bhfochair clainne a
Athar? … Tá innsighthe agam
sa sgéal féin cia an áit agus cia an


L. 3


tráth a gcuala mé “An Sagart.” Is
maith is cuimhneach liom teach beag
Nóra, agus an bheanín lághach í féin,
agus an triúr páiste. Tá Páraic ag
friotháil an Aifrinn anois, agus is
clos dom go bhfuil “Fromsó Fram-
só” de ghlan-mheabhair ag Taimín …
Is ó Bhríghidín féin a chuala mé eachtra
Bhairbre. Tráthnóna dá ndeachamar
isteach ar Oileán na Raithnighe, mise
agus ise, is eadh d'innis sí dhom é,
agus sinn i n-ar suidhe ar bhruach an
locha ag breathnughadh anonn ar an
Aill Mhóir. Thaisbeán sí uaigh Bhair-
bre dhom an tráthnóna céadna tar
éis teacht a bhaile dhúinn, agus bhain sí
gealladh díom go gcuirfinn paidir
le hanam a carad gach oidhche le mo
bheo. Béidh Bríghidín ag dul ar sgoil
an bhliadhain seo chugainn, agus is
dóigh go mbéidh sí i n-ann sgéal
Bhairbre a léigheadh amach annso. Tá
súil agam go dtaithneochaidh sé léithi.
… Maidir le “Eoghainín na
nÉan,” níl a fhios agam cia uaidh a
gcuala mé é munab ó na fáinleog-
aibh féin é 'Seadh, feicthear dhom


L. 4


gurab iad a d'innis dhom é tráthnóna
áirithe dá raibh mé sínte ar an
bhfraoch ag féachaint ortha ag eiteall
anonn is anall os cionn Loch Eir-
eamhlach. Cia uaidh a gcuala na fáin-
leoga tús an sgéil, ní' mé? Ó'n
gcéirsigh agus ó'n ngealbhan buidhe úd
a raibh a neadracha i gclaidhe an
gharrdha, b'fhéidir.



Dhíbh-se, a cháirde dílse, a lucht
innsighthe mo sgéalta idir bheag agus
mhór, thoirbhirim agus thiodhlacaim an
leabhrán so.



PÁDRAIC MAC PIARAIS.


L. 7


ÍOSAGÁN.



Bhí sean-Mhaitias i n-a shuidhe le
hais a dhorais. An té ghabhfadh an
bóthar, shílfeadh sé gur dealbh cloiche
nó marmair a bhí ann — sin nó duine
marbh — mar ní chreidfeadh sé go bhféad-
fadh fear beo fanacht chomh ciúin, chomh
socair sin. Bhí a cheann cromtha aige
agus cluas air ag éisteacht. Is iomdha
sin fuaim cheolmhar a bhí le cloisteáil,
an té a mbeadh áird aige ortha. Chuala
sean-Mhaitias olagán na dtonn ar
na carraigreachaibh agus monabhar an
tsruithleáin ag sileadh leis an gclochar.
Chuala sé sgréach na cuirre éisg ó'n
dúirling, agus géimneach na mbó ó'n
mbuaile, agus geal-gháire na bpáistí
ó'n bhfaithche. Acht ní le ceachtar aca so
a bhí sé ag éisteacht chomh haireach sin —
cé go mbadh bhinn leis iad go léir — acht
le glór glé glinn cluig an Aifrinn a
bhí ag teacht chuige le gaoith i gciúin-
eadas na maidne.



Bhí na daoine ar fad bailighthe leo
chuig an Aifreann. Chonnaic sean-
Mhaitias ag gabháil thairis iad i n-a


L. 8


nduine 's i n-a nduine nó i n-a mion-
dreamannaibh. Bhí na gearr-bhodaigh
ag rith 's ag léimneach. Bhí na cailíní
ag siosgadh cainnte go meidhreach.
Bhí na mná ag comhrádh ós íseal. Bhí
na fir i n-a dtost. Mar sin a thriall-
aidís an bóthar gach Domhnach. Mar sin
a shuidheadh sean-Mhaitias ar a chathaoir
ag breathnughadh ortha nó go dtéidhidís
as amharc. Thriall siad thairis an
mhaidin áirithe seo mar ba ghnáthach.
D'fhan an sean-fhear ag féachaint
ortha go dtí go raibh críoch leis an
ngleo is leis an bhfothram, go dtí
gur ghlan an plód deireannach
barr árdáin na cille, go dtí nach
raibh le feiceál acht bóthar fada
díreach ag síneadh amach is é bán, go
dtí nach raibh fágtha ar an mbaile acht
corr-shean-duine i n-a leabaidh, na
páistí ag cleasaidheacht ar an bhfaithche,
agus é féin i n-a shuidhe le hais a
dhorais.



Ní théidheadh sean-Mhaitias chuig
teach an phobail. Níor éist sé “an
tAifreann binn” le tuilleadh is trí
sgór bliadhain. Bhí sé i n-a ógánach


L. 9


luath láidir an uair dheireannach a
choisrig sé é féin i láthair an phobail,
agus anois bhí sé i n-a shean-fhear chríon
chaithte, a chuid gruaige liath-bhán, ruic
i n-a éadan, a shlinneáin cromtha.
Níor fheac sé a ghlún i bhfiadhnaise
Dé ar feadh na dtrí sgór bliadhain
sin; níor chuir sé paidir chum a
Chruthuightheora; níor ghabh sé buidheachas
le n-a Shlánuightheoir. Fear ann féin
a b'eadh sean-Mhaitias.



Ní raibh a fhios ag éinne go cé an
fáth nach dtéidheadh sé ar Aifreann.
Dubhairt daoine nár chreid sé go
raibh aon Dia ann. Dubhairt daoine
eile go ndearna sé peacadh uathbhásach
éigin i dtús a shaoghail, agus nuair nach
dtiubhradh an sagart absolóid dó ar
faoistean, gur tháinig cuthach feirge air
agus gur mhionnuigh sé nach dtaobhóchadh
sé sagart ná séipéal le n-a bheo arís
Dubhairt daoine eile — acht ní deirtí é
seo acht i gcogar cois teineadh nuair
a bhíodh na sean-daoine ag seanchus
leo féin tar éis dul a chodladh do
na páistíbh — dubhradar so gur dhíol
sé a anam le Fear Mór áirithe a


L. 10


casadh dhó uair ar mhullach Chnuic an
Daimh agus nach leigfeadh an té seo dhó
an tAifreann a chleachtadh. Níl a
fhios agam an fíor bréag na sgéalta
so, acht tá a fhios agam nár facthas
sean-Mhaitias ag Aifreann Dé le
cuimhne cinn an duine ba sine ar an
mbaile. Dubhairt Cuimín Ó Niadh,
sean-fhear a fuair bás cúpla bliadhain
roimhe seo i n-aois a dheich mbliadhan is
ceithre sgór, go bhfaca sé féin ann é
nuair a bhí sé i n-a stócach.



Ná síltear go mba dhroch-dhuine
sean-Mhaitias. Bhí sé i n-a fhear chomh
macánta, chomh simplidhe, chomh nádúrtha
is a casfaidhe ort i do shiubhal lae.
Níor cluineadh as a bhéal riamh acht an
deagh-fhocal. Ní raibh dúil aige i n-ól
ná i gcomhluadar, i n-ór ná i maoin.
Bhí sé bocht, acht is minic a roinneadh
sé le daoinibh ba bhoichte 'ná é. Bhí
truagh aige do'n easlán. Bhí trócaire
aige do'n truaghán. Bhí modh agus
meas ag fearaibh eile air. Bhí gean
ag na mnáibh, ag na páistíbh, agus ag
na hainmhidhthibh dhó; agus bhí gean aige-
sean dóibh-sean agus do gach nídh atá
grádhmhar croidhe-ghlan.


L. 11


B'fhearr le sean-Mhaitias comhrádh
ban 'ná comhrádh fear. Acht b'fhearr
leis comhrádh malrach is girrseach 'ná
comhrádh fear ná ban. Deireadh sé gur
tuigseanaighe na mná 'ná na fir agus
gur tuigseanaighe na páistí 'ná ceachtar
aca. Is i bhfochair an dreama óig a
chaitheadh sé an chuid is mó dá aimsir
dhíomhaoinigh. Shuidheadh sé leo i gcúinne
tighe ag innseacht sgéalta dhóibh nó ag
baint sgéalta asta. B'iongantach iad a
chuid sgéalta. Bhí Eachtra an Ghiorráin
Ghlais ar dheiseacht an domhain aige.
B'é an t-aon tsean-duine ar an mbaile
é a raibh sgéal Phréacháin na gCearc 's
an Dreoilín i gceart aige. Nach é
a chuireadh sgannradh ar na páistíbh
is é ag aithris ar “fú fá féasóg”
Fathaigh an Dá Cheann, is nach é a bhain-
eadh na gáirí asta ag cur síos ar im-
theachtaibh an phíobaire i gCaisleán an
tSeilmide! Agus na hamhráin a bhí
aige! B'fhéidir leis leanbh breoidte
a mhealladh chum suain le n-a —



“Seoithín seó, is codail, a pheata,



Tá an sluagh sidhe amuigh ag siubhal an
ghleanna!”


L. 12


nó thiocfadh leis líon tighe de pháistíbh
a chur i dtrithíbh gáire le n-a —



“Haidh didil dum, an cat is a mháthair,
A d'imthigh go Gaillimh ag marcaidheacht
ar bhárdal!”



Agus nach aige bhí na sean-ranna
greannmhara; agus na cruaidh-cheist-
eanna deacra; agus na tomhaiseanna
breaghtha! Maidir le cluichíbh, cá raibh
an té, fear, bean, nó páiste, a d'fhéad-
fadh “Lúrabóg, Lárabóg” nó “An
Bhuidhean bhalbh” a choingbheáil ar
siubhal leis?



San uair bhreagh is ar thaoibh an
chnuic nó ag siubhal na bportach a
d'fheicfeá sean-Mhaitias is a chomrád-
aidhthe beaga, é ag míniughadh slighe
bheathadh na siogán is na míol gcríonna
dóibh, nó ag ríomhadh sgéalta i dtaoibh
na gráinneoige is an iorraidh ruaidh.
Tamall eile dóibh ag bádóireacht,
maide rámha ag an sean-fhear, ceann
eile ag buachaillín beag éigin, agus
b'fhéidir gearr-chaile ag stiúradh. Is
minic a chluineadh na daoine a bhíodh ag
obair i n-aice na trágha gártha áthais
na bpáistí ag teacht chuca ó bhéal an


L. 13


chuain, nó b'fhéidir glór shean-Mhaitiais
is é ag gabháil fhuinn —



“Óró! mo churaichín Ó!
Is óró! mo bháidín!” —



nó rud éigin mar é.



Thagadh faitchíos ar chuid de na
máithreachaibh sgaithte agus deiridís
le chéile nár cheart dóibh leigean dá
gclainn an oiread sin aimsire a
chaitheamh i bhfochair shean-Mhaitiais —
“fear nach dtaithigheann ord ná
Aifreann.” Uair amháin nocht bean
aca na smaointe seo do'n Athair
Seaghán. 'Sér'd dubhairt an sagart —



“Ná bac leis na páistíbh bochta,”
ar seisean. “Ní fhéadfaidís a bheith i
gcomhluadar ní b'fhearr.”



“Acht deirtear liom nach gcreid-
eann sé i nDia, a Athair.”



“Is iomdha naomh 'sna Flaithis indiu
nár chreid i nDia tráth dá shaoghal. Agus
cogair mé seo. Muna bhfuil grádh
ag sean-Mhaitias do Dhia — rud nach
feasach duit-se nó dom-sa — is iongan-
tach an grádh atá aige do'n nídh is
áilne 's is glaine dár chruthuigh Dia —
anam gléigeal an pháiste. Bhí an


L. 14


grádh céadna ag ar Slánuightheoir
féin agus ag na naomhaibh is glórmhaire
ar neamh dóibh. Cá bhfios dúinn nach
iad na páistí a tharraingeochadh sean-
Mhaitias go glún ar Slánuightheora
fós?”



Agus fágadh an sgéal mar sin.



An mhaidin Domhnaigh seo d'fhan an
sean-fhear ag éisteacht nó gur stad
clog an Aifrinn dá bhualadh. Nuair
a bhí deireadh leis, leig sé osnadh, mar
leigfeadh an té a mbeadh cumha is
tuirse air, agus thug sé a aghaidh ar an
mbuidhin mhalrach a bhí ag súgradh dóibh
féin ar an ngiodán féir — an
“fhaithche” a bheireadh sean-Mhaitias air
— ag an gcros-bhóthar. Bhí aithne ag
sean-Mhaitias ar gach pataire ceann-
chatach cos-nochtuighthe aca. Níorbh'
fhearr leis caitheamh aimsire ar bith
'ná bheith i n-a shuidhe annsin ag
breathnughadh ortha is ag éisteacht leo.
Bí sé 'gá gcomhaireamh, ag féachaint
cia aca dá cháirdibh bhí ann agus cia
aca bhí imthighthe 'un an Aifrinn leis na
daoinibh fásta, nuair a thug sé fá deara
páiste i n-a measg nach bhfaca sé riamh


L. 15


roimhe. Gasúr beag donn, a raibh cóta
bán air mar bhí ar gach malrach eile.
agus é gan bróga gan caipín, mar
is gnáthach le páistíbh an Iarthair. Bhí
éadan an mhalraigh seo chomh soillseach
leis an ngréin, agus facthas do shean-
Mhaitias go raibh mar bheadh gaethe
soluis ag teacht ó n-a cheann. An
ghrian ag lonnradh ar a chuid gruaige,
b'fhéidir.



Bhí iongnadh ar an sean-fhear fá an
bpáiste seo fheiceál, mar níor chuala
sé go raibh aon strainséaraí tar éis
teacht ar an mbaile. Bhí sé ar tí dul
anonn agus duine de na sgurachaibh
beaga a cheistniughadh i n-a thaoibh,
nuair a chuala sé gleo is gliadar na
ndaoine ag teacht a bhaile ó'n
Aifreann. Níor airigh sé an uair ag
sleamhnughadh thairis fhaid is bhí a áird
ar chleasaibh na ngasúr. Bheannuigh
cuid de na daoinibh dhó ag gabháil thairis
doibh is bheannuigh seisean dóibh-sean
Nuair a thug sé súil ar an sgata
malrach arís, ní raibh an páiste
deorata i n-a measg.


L. 16


An Domhnach i n-a dhiaidh sin bhí
sean-Mhaitias i n-a shuidhe le hais a
dhorais, mar ba ghnáthach. Bhí an pobal
bailighthe siar chuig an Aifreann. Bhí
an dream óg ag ritheacht is ag caith-
eamh léim ar an bhfaithche. Ag ritheacht
is ag caitheamh léim i n-a bhfochair bhí
an páiste deorata. D'fhéach Maitias
air ar feadh i bhfad, mar thug sé taith-
neamh a chroidhe dhó i ngeall ar áilneacht
a phearsan agus gile a éadain. Sa
deireadh ghlaoidh sé anall ar dhuine de
na buachaillíbh beaga.



“Cia hé an malrach údan fheicim in
bhur measg le coicthighis, a Chóilín?” ar
seisean — “é sin a bhfuil an cloigeann
donn air, — acht fainic nach bán-ruadh
atá sé: níl a fhios agam an dubh nó
fionn é 's an chaoi a bhfuil an ghrian ag
sgalladh air. An bhfeiceann tú anois
é — é sin atá ag rith chugainn?”



“Sin é Íosagán,” adeir an sgurach
beag.



“Íosagán?”



“Sin é an t-ainm a thugas sé air
féin.”



“Cia dhár díobh é?”


L. 17


“Níl a fhios agam, acht deir sé go
bhfuil a Athair i n-a Rígh.”



“Cé gcomhnuigheann sé?”



“Níor innis sé é sin riamh dúinn,
acht deir sé nach fada uainn a theach.”



“An mbíonn sé i n-éindigh libh go
minic?”



“Bíonn, nuair a bhíos sinn ag caith-
eamh aimsire dhúinn féin mar seo.
Acht imthigheann sé uainn nuair a thagas
daoine fásta sa láthair. Féach tá
sé imthighthe cheana!”



Bhreathnuigh an sean-fhear, agus ní
raibh ann acht na malraigh a raibh aithne
aige ortha. Bhí an Páiste ar a dtug an
gasúirín “Íosagán” ar iarraidh. An
nóiméad céadna cluineadh fothram is
tormán na ndaoine ag filleadh ó'n
Aifreann.



An chéad Domhnach eile thuit gach nídh
amach díreach mar thuit an dá Domhnach
roimhe sin. Bhailigh an pobal siar mar
ba ghnáthach agus fágadh an sean-fhear
agus na páistí leo féin ar an mbaile.
Thug croidhe shean-Mhaitiais léim i n-a


L. 18


lár nuair a chonnaic sé an Páiste
Neamhdha i n-a measg arís.



D'éirigh sé. Chuaidh sé anonn agus
sheas sé i n-a aice. Tar éis tamaill i
n-a sheasamh dó gan corruighe, shín sé a
dhá láimh chuige agus labhair sé de ghlór
íseal —



“A Íosagáin!”



Chuala an Leanbh é agus tháinig sé
chuige ar rith.



“Tar i leith is suidh ar mo glúin go
fóillín, a Íosagáin.”



Cuir an Páiste a lámh i láimh thanaidh
chnapaigh an tsean-fhir agus thriall-
adar cos ar chois treasna an bhothair.
Shuid sean-Maitias ar a chathaoir agus
tharraing Íosagán le n-a bhrollach.



“Cé gcomhnuigheann tú, a Íosagáin?”
ar seisean, ag labhairt ós íseal i
gcomhnaidhe.



“Ní fada as so mo Theach. Cad chuige
nach dtagann tú ar chuairt chugam?”



“Bheadh faitchíos orm i dteach
ríoghdha. Innsighthear dhom go bhfuil
t'Athair i n-a Rígh.”



“Is é Árd-Rí an Domhain é. Act
níor ghábhadh dhuit faitchíos a bheith ort


L. 19


roimhe. Tá sé lán de thrócaire is de
ghrádh.”



“Is baoghlach liom nár choingbhigh mé
a dhlighe.”



“Iarr maitheamhnas air. Déanfad-
sa is mo Mháthair eadarghuidhe ar do
shon.”



“Is truagh liom nach bhfaca mé
roimhe seo thú, a Íosagáin. Cé raibh
tú uaim?”



“Bhí mé annso i gcomhnaidhe. Bím
ag taisteal na mbóthar is ag siubhal
na gcnoc is ag treabhadh na dtonn.
Bím i lár an phobail nuair chruinnigh-
eas siad isteach i mo Theach. Bím i
measg na bpáistí fhágas siad i n-a
ndiaidh ag cleasaidheacht ar an
tsráid.”



“Bhí mise ró-fhaitcheach — nó ró-uaibh-
reach — le dul isteach i do theach. a
Íosagáin; acht fuair mé i measg na
bpáistí thú.”



“Níl aon am ná áit dá mbíonn
páistí ag súgradh dóibh féin nach
mbím-se i n-a bhfochair. Amannta
chíonn siad mé; amannta eile ní
fheiceann.”


L. 20


“Ní fhaca mise riamh thú go dtí le
goirid.”



“Bíonn na daoine fásta dall.”



“Agus i n-a dhiaidh sin gealladh dhom
thú fheiceál, a Íosagáin?”



“Thug m'Athair cead dom mé féin
a fhoillsiughadh duit de bhrígh gur thug
tú grádh dá pháistíbh beaga.”



Cluineadh glórtha na ndaoine ag
filleadh ó'n Aifreann.



“Caithfidh mé imtheacht anois uait.”



“Leig dom imeall do chóta a
phógadh, a Íosagáin.”



“Déan.”



“An bhfeicfidh mé arís thú?”



“Feicfir.”



“Cia an uair?”



“Anocht.”



Leis an bhfocal sin bhí sé imthighthe.



“Feicfidh mé anocht é!” arsa sean-
Mhaitias agus é ag dul isteach sa teach.



Tháinig an oidhche fliuch stoirmeamhail.
Cluineadh na tonntracha móra ag
briseadh le fuamán i n-aghaidh an
chladaigh. Bhí na crainn thart timcheall
ar theach an phobail ag luasgadh is ag


L. 21


lúbadh le neart na gaoithe, (Tá an
séipéal ar árdán ag tuitim le
fánaidh síos go fairrge). Bhí an tAthair
Seaghán ar tí a leabhar a dhúnadh agus
a phaidrín a rádh nuair a chuala sé an
torann mar a bheadh duine ag bualadh
an dorais. D'éist sé ar feadh sgathaimh.
Chuala sé an torann arís. D'éirigh sé
ó'n teinidh, chuaidh go dtí an doras, agus
d'osgail é. Bhí gasúr beag fir i n-a
sheasamh ar lic an dorais — gasúr nár
chuimhneach leis an sagart a fheiceál riamh
roimhe. Bhí cóta bán air agus é gan
bróga gan caipín. Facthas do'n
tsagart go raibh gaethe soluis ag
lonnradh ó n-a ghnúis agus timcheall a
mhullaigh. An ghealach a bhí ag taithneamh
ar a chaomh-cheann donn, b'fhéidir.



“Cia tá annso agam?” ars' an
tAthair Seaghán.



“Cuir ort chomh tapaidh 's is féidir
leat é, a Athair, is buail soir go dtí
teach shean-Mhaitiais. Tá sé i mbéalaibh
báis.”



Níor theastuigh an dara focal ó'n
sagart.



“Suidh annso go mbídh mé réidh,”


L. 22


ar seisean. Acht nuair a tháinig sé thar
ais, bhí an teachtaire beag imthighthe.



Bhuail an tAthair Seaghán bóthar,
agus níorbh' fhada a bhain sé as, cé go
raibh an ghaoth i n-a aghaidh, agus é ag
báistigh go trom. Bhí solus i dteach
shean-Maitiais roimhe. Bhain sé an
laiste de'n doras is chuaidh isteach.



“Cia hé seo chugam?” ars' an guth
ó leabaidh an tsean-fhir.



“An sagart.”



“Badh mhaith liom labhairt leat, a
Athair. Suidh annso lem' ais.” Bhí
an guth fann agus tháinig na focla go
mall uaidh.



Shuidh an sagart agus chuala sgéal
shean-Mhaitiais ó thús deireadh. Cia ar
bith rún a bhí i gcroidhe an tsean-duine
nochtadh do sheirbhíseach Dé annsin
i lár na hoidhche é. Nuair a bhí an
faoistean thart ghlac sean-Mhaitias
Corp Chríost agus cuireadh an Ola
Dhéidheannach air.



“Cia dubhairt leat go raibh tú ag
teastáil uaim, a Athair?” ar seisean
de ghlór lag íseal, nuair a bhí gach-nídh
déanta. “Bhí mé ag guidhe Dé go


L. 23


dtiocfá, acht ní raibh aon teachtaire
agam le cur fá do dhéin.”



“Acht chuir tú teachtaire chugam, ar
ndóigh?” adeir an sagart agus iong-
nadh mór air.



“Níor chuireas.”



“Níor chuiris? Acht tháinig gasúirín
beag agus bhuail sé ar mo dhoras agus
dubhairt sé liom go raibh mo chongnamh
ag teastáil uait!”



Dhírigh an sean-fhear aniar sa
leabaidh. Bhí faobhar i n-a shúilibh.



“Cia an sórt gasúirín a bhí ann, a
Athair?”



“Buachaillín beag caoin a raibh cóta
bán air.”



“Ar thug tú fá deara mar bheadh
sgáile soluis thart timcheall a chinn?”



“Thugas, agus chuir sé iongnadh mór
orm.”



D'fhéach sean-Mhaitias suas, tháinig
meangadh gáire ar a bhéal, agus shín
sé amach a dhá láimh, —



“Íosagán!” ar seisean.



Leis an bhfocal sin thuit sé siar ar
an leabaidh. Dhruid an sagart anonn
go socair agus dhún a shúile.



(A chríoch sin).


L. 25


AN SAGART


L. 27


AN SAGART.



Is insa teach beag úd d'fheicfea sa
ngleann síos uait, agus tú ag dul
siar an bóthar ó'n nGort Mór go
hInbhear, atá comhnaidhe ar mo
Shagart. É féin is a mháthair is a
dheirbhshiúr bheag is a dhearbhráithrín
beag bídeach, sin a bhfuil de chomh-
luadar ann. Caillead an t-athair
sul a rugadh Taimín, an leanbh is óige
aca. Níl aon am da mbím i Ros na
gCaorach nach gcaithim tráthnóna nó
dhó i n-a bhfochair, mar tá an Sagart
agus Máirín (an deirbhshiúr bheag)
agus Taimín ar na cáirdibh is dílse
dá bhfuil agam. Bean óigeanta
aclaidhe 'seadh máthair an tSagairt;
tá sí roinnt taodach, b'fhéidir, acht
má tá féin tá sí i n-a mnaoi chomh
carthannach is atá beo i n-a dhiaidh sin.
Is í a d'innis an sgéal so dhom tráth-
nóna dá rabhas ar chuairt aici. Bhí s
ag nigheachán an tSagairt os comhair
na teineadh ar feadh na haimsire:
dabhach mhór uisge leagtha ar an urlár


L. 28


aici, an Sagart agus a chuid éadaigh
bainte dhe, agus í ag sgiuradh is ag
cárdáil gach orlach dá chorp. Tá aimh-
reas orm nár thaithnigh an obair seo go
ró-mhaith leis an Sagart, mar anois is
arís chuireadh sé béic as. Le gach béic
thugadh a mháthair bosóg bheag dhó agus
tar 'éise sin phógadh sí é. Is deacair
do mháthair a lámh a choisgeadh ó pháiste
nuair a bhíos sé nochtuighthe aici; agus
badh deacra 'ná sin do mháthair chomh
grádhmhar leis an máthair seo a béal a
choisgeadh ó bhéilín beag dearg chomh
milis le béilín Pháraic (Páraic ainm
mo Shagairt, tá a fhios agat). Badh
ceart dom a rádh nach raibh an Sagart
acht ocht mbliadhna fós. Ba deas an
t-áilleán é i n-a sheasamh annsin agus
solus na teineadh ag sgairteadh ar
a cholainn chomh-dhéanta is ar a chloig-
eann catach, agus ag rinnce i n-a
shúilibh glasa gáireata. Nuair a
smaoinighim ar Pháraic, is mar sin a
fheicim os mo chomhair é, i n-a sheasamh
ar an urlár i lóchrann na teineadh.



Acht i dtaoibh an sgéil. Tuairim is
bliadhain roimhe seo 'seadh thuit sé


L. 29


amach. Bhí Nóra (an mháthair) ag
obair ar fud an tighe. Bhí Máirín is
Taimín ag súgradh dóibh féin ar an
urlár. “Fromsó Framsó” a bhí ar
siubhal aca. Bhí Máirín a d'iarraidh
na focla a mhúineadh do Thaimín, rud a
bhí ag cliseadh uirthi, thar ní raibh aon
cainnt ag Taimín go fóill. Tá a
fhios agat na focla, is dóigh? — is fiú
iad fhoghlaim mar tá fíor-fhilidheacht
ionnta:—



“Fromsó Framsó,
Bean a dhaimhseochadh,
A dhéanfadh greann,
A d'ólfadh leann,
A bheadh in-ann
ar maidin!”



Theastuigh canna uisge ó Nóra le
haghaidh tae a dhéanamh. Bhí sé i n-am
suipéir.



“Cá bhfuil Páraic, a Mháirín?”
ar sise. “Tá sé ar iarraidh le leath-
uair.”



“Chuaidh sé siar sa seomra, a
Mhaimín.”



“A Pháraic!” adeir an mháthair ag
glaodhach go hárd.


L. 30


Níor labhruigheadh istigh.



“'gCluin tú, a Pháraic!”



Níor labhruigheadh,



“Céard tá ar an ngasúr? A
Pháraic, adeirim!” ar sise chomh hárd
is bhí i n-a ceann.



“Béidh mé soir ar ball, a Mhama,”
ars' an guth ó'n seomra.



“Corruigh leat, a mhaicín. Tá sé i
n-am tae, agus dheamhan deor uisge
sa teach agam.”



Tháinig Páraic aniar as an
seomra.



“Tá tú ar fágháil sa deireadh.
Gread leat síos — acht céard é seo?
Cé bhfuair tú an léine sin, nó 'tuige
a bhfuil sí ort? Céard bhí tú a
dhéanamh?”



Bhí Páraic i n-a sheasamh sa doras
i n-a staic. Bhí léine feistighthe air
os cionn a chóitín bhig amuigh. Bhreath-
nuigh sé síos air féin. Bhí a aghaidh ar
dearg-lasadh go cluasaibh.



“Rinne mé dearmad í bhaint díom,
a Mhama,” ar seisean.



“'Tuige a bhfuil sí ort chor ar
bith.”


L. 30a


THÁINIG PÁRAIC AMAR
AS AN SEOMRA


L. 31


“Spraoidh a bhí ar bun agam.”



“Bain díot ar an bpuinnte í! An
tslat atá uait, tú héin agus do
spraoidh!”



Bhain Páraic an léine dhe gan focal,
agus d'fhág siar sa seomra í.



“Sguab leat síos go dtí an tobar
anois agus fágh canna uisge dhom,
mar a dhéanfadh peata.” Bhí aith-
mhéala ar Nóra cheana féin gur
labhair sí chomh garbh sin leis. Is bean
í nach buan a cuid feirge.



Rug Páraic ar an gcanna agus
lasg leis. Tháinig Micilin Éanna,
buachaill comhursan, isteach fhaid is
bhí sé amuigh.



“Tá sé ag cinnt orm-sa, a
Mhicilín,” arsa Nóra tar éis sgath-
aimh, “a dhéanamh amach céard a bhíos
Páraic a dhéanamh sa seomra sin
ar feadh an tráthnóna. Ní túisge
a dhinnéar caithte aige gach lá
'na ghlanas sé leis isteach annsin
agus bíonn sé ar iarraidh go ham
suipéir.”



“Spraoidh eicínt a bhíos ar bun
aige,” arsa Micilín.


L. 32


“Sin é adeir sé héin. Acht ní sa
teach badh ceart do mhalrach mar é a
bheith sáithte tráthnóna breagh, acht
amuigh fá'n aer, ag ropadh leis.”



“‘Aoibhneas duine a thoil,’” arsa
Micilín, ag deargadh a phíopa.



“Duine ann héin 'seadh Páraic, ar
chuma ar bith,” adeir Nóra. “'Sé an
mac is contráilte chonnaic tú riamh
é. Amannta ní thiubhradh triúr aire
dhó, agus amannta eile ní aireochthá
sa teach é.”



Tháinig Páraic isteach faoi seo, agus
níor cainntigheadh a thuilleadh ar an
gceist. Níor éaluigh sé siar an turas
so, acht i n-a leabaidh sin shuidh sé faoi
ar an urlár, ag imirt “Fromsó
Framsó” le Máirín is le Taimín.



Bhí an dinnéar ar an mbord nuair a
tháinig Páraic a bhaile ó'n sgoil tráth-
nóna lá ar n-a bhárach. D'ith sé a chuid
leite agus d'ól sé a naigín bainne
go buidheach beannachtach. Chomh luath
is bhí ithte agus ólta aige, chroch sé
leis a mháilín leabhar, agus siar leis
sa seomra mar ba ghnáthach.


L. 33


Níor leig an mháthair uirthi go raibh
sí ag cur aon tsuim ann. Acht' tar
éis cupla noiméad, d'osgail sí
doras an tseomra go ciúin, agus sháith
barr a sróine isteach. Ní thug Páraic
fá deara í, acht bhí amharc aici-si ar
gach a raibh ar siubhal sa seomra.



B'aisteach an t-amharc é. Bhí Páraic
i n-a sheasamh i n-aice an bhuird, agus
é gléasta san léine arís. Os a
chionn so amuigh, siar thar a ghuail-
nibh, bhí sé ag feistiughadh cóta deirg
le n-a mháthair, a bhíodh ar crochadh ar
an mballa aici. Nuair a bhí sé seo
cóirighthe i gceart air, thogh sé amach
an leabhar ba mhó dá raibh aige i n-a
mháilín — “An Dara Leabhar” a bhí
ann, creidim — d'osgail é, agus leath
os a chomhair ar an mbord é, i n-a
leath-luighe leis an sgáthán.



Annsin a thosuigh na goithí dá ríribh.
Sheas Páraic ar aghaidh an bhuird
amach, d'fheac a ghlún, choisrig é féin,
agus thosuigh air ag paidreoireacht ós
árd. Ní go maith bhí Nóra i n-ann é
thuigsint, acht, de réir mar cheap sí,
bhí Laidin agus Gaedhilg measgtha trí


L. 34


n-a chéile aige, agus bhí corr fhocal
aige nár chosmhail le Laidin ná le
Gaedhilg. Bobhta amháin b'fhacthas di
go gcuala sí na focla “Fromsó,
Framsó,” acht ní raibh sí cinnte. Dá
mhéid iongnadh dá raibh ar Nóra fá'n
obair seo, ba seacht mó an t-iongnadh
a bhí uirthi nuair a chonnaic sí Páraic
ag umhlughadh, ag bualadh a uchta, ag
pógadh an bhuird, ag leigint air go
raibh sé ag léigheadh urnaighthe Laidne
as “An Dara Leabhar,” agus ag im-
irt gach cleas a b'aistighe 'ná a chéile.
Níor thuig sí i gceart céard a bhí ar
bun aige gur ionntuigh sé thart agus
adubhairt:—



“'Sábhálaidh Dia sinn!” ar sise
léithi féin nuair a chonnaic sí é seo.



“Tá sé ag cur i gcéill go bhfuil sé
i n-a shagart agus é ag léigheadh Aif-
rinn! Sin í culaidh an Aifrinn atá
air, agus 'sé an leabhar beag Gaedhilge
Leabhar an Aifrinn!”



Ní áidhbhéil a rádh go raibh Nóra
sgannruighthe. Tháinig sí ar ais do'n
chisteanaigh agus shuidh os comhair na


L. 35


teineadh. Ní raibh a fhios aici céard
badh ceart di a dhéanamh. Bhí sí idir
dhá chomhairle cia aca badh córa dhi
Páraic a chur treasna a glúine agus
griosáil mhaith a thabhairt dó nó dul ar
a dhá glúin roimhe agus a bheannacht a
iarraidh!



“Cá bhfios dom,” ar sise léithi
féin, “nach peacadh uathbhásach dhom
leigean dó aithris a dhéanamh ar an
sagart mar sin? Acht cá bhfios dom,
i n-a dhiaidh sin, nach naomh as na
Flaithis atá sa teach agam? Agus,
ar ndóigh, badh mhillteach an peacadh é
lámh a leagaint ar naomh! Go maithidh
Dia dhom é, is minic a d'fhág mé rian
mo mhéar air cheana! Ní' mé ar
pheacadh dhom é? Tá mé i dteannta,
go cinnte!” Níor chodail Nóra néall
an oidhche sin, acht ag cur na ceiste
seo trí chéile.



Maidin lá ar n-a bhárach, chomh
túisge is bhí Páraic glanta leis chum
sgoile, chuir Nóra an glas ar an
doras, d'fhág an dá pháiste óga fá
chúram máthar Mhicilín, agus bhuail an


L. 36


bóthar go Ros na gCaorach. Níor
bhain sí méar dá sróin nó gur thug
sí teach an tsagairt phobail di féin
agus gur innis a sgéala ó thús deireadh
do'n Athair Rónán. Ní dhearna an
sagart acht meangadh gáire, acht bhí
Nóra leis nó gur bhain sí gealladh de
go ngabhfadh sé an bóthar amach chuici
an tráthnóna sin. Lasg léithi a bhaile
annsin go sásta.



Níor chlis an sagart uirthi. Bhuail
sé isteach chuici sa tráthnóna. Tráth-
amhail go leor, bhí Páraic sa seomra
ag “léigheadh Aifrinn.”



“Ar t'anam is ná labhair, a Athair!”
arsa Nóra. “Tá sé istigh.”



Théaluigh an bheirt ar bharr a gcos
anonn go dtí doras an tseomra.
Dearcadar isteach. Bhí Páraic gléas-
ta san léine agus san gcóta go
díreach mar bhí an lá roimhe sin, agus
é ag guidhe go deaghmhóideach. Sheas
an sagart sgathamh ag breathnughadh
air.



Fá dheireadh, d'ionntuigh mo dhuine
thart, agus ag tabhairt aighthe ar an
bpobal, mar 'dheadh —


L. 37


“Orate, fratres,” ar seisean
amach ós árd.



Le linn é seo a rádh, chonnaic sé a
mháthair agus an sagart sa doras.
Dhearg sé agus sheas gan corruighe.



“Gabh i leith annso chugam,” adeir
an tAthair Rónán.



Tháinig Páraic anall go faitcheach.



“Céard é seo atá ar bun agat?”
ars' an sagart.



“Bhí mé ag léigheadh Aifrinn, a
Athair,” arsa Páraic. Dubhairt sé an
méid seo go cúthail, acht ba léir nár
cheap sé go raibh aon cheo as an
mbealach déanta aige — agus ar
ndóigh, ní mó bhí. Acht bhí Nóra bhocht
ar craitheadh le faitchíos.



“Ná bí ró-chruaidh air, a Athair,”
ar sise, — “níl sé acht óg.”



Leag an sagart a lámh go héad-
trom ar cheann bán an stóicín, agus
labhair sé go ciúin cneasta leis.



“Tá tú ró-óg fós, a Pháraicín,”
adeir sé, “le bheith i do shagart, agus
níl sé geallta d'éinne acht do shag-
art Dé an tAifreann a rádh. Acht
cogar i leith agam. Ar mhaith leat bheith


L. 38


ag friotháil an Aifrinn Dia Domhnaigh?”



Las súile Pháraic agus dhearg a
ghruadh arís, ní le cúthaileacht an
turas so acht le barr ríméid.



“Óra, badh mhaith, a Athair,” ar
seisean; “níl rud ar bith a b'fhearr
liom.”



“Déanfaidh sin,” ars' an sagart.
“Feicim go bhfuil cuid de na paid-
reachaibh agat cheana.”



“Acht, a Athair, a mhuirnín, —” arsa
Bríghid, agus stop mar sin go
hobann.



“Céard tá anois ort?” adeir an
sagart.



“Bríste ná bróga níor chaith sé
fós!” ar sise. “Is luath liom bríste
a chur air go —”



Sgairt an sagart ag gáiridhe.



“Níor chuala mé riamh,” ar seisean,
“go raibh call le bríste. Cuir-
fimid casóigín beag os cionn a chóta
amuigh air, agus mise 'mo bhannaíbh go
rachaidh sé go deas dó. Maidir le
brógaibh, tá péire againn a d'fhág
Máirtín an Iasgaire 'n-a dhiaidh nuair
a chuaidh sé go dtí an Clochán Gléas-


L. 39


famuid i gceart thú, a Pháraic, níl
baoghal,” ar seisean. Agus mar sin
a socruigheadh é.



Nuair a bhí an sagart imthighthe chrom
an mháthair agus phóg a mhaicín.



“Mo ghrádh thú!” ar sise.



Ag dul a chodladh di an oidhche sin,
b'iad na focla deiridh adubhairt sí
léithi féin: “Béidh mo mhaicín i n-a
shagart! Agus cá bhfios dom,” ar
sise ag dúnadh a súl di, “cá bhfios
dom nach i n-a easpog a bheadh sé
amach annso!”



(A chríoch sin)


L. 43


Bairbre



Ní raibh Bairbre ró-shlachtmhar an lá
a b'fhearr a bhí sí. D'admhóchadh éinne
an méid sin. An chéad chás de, bhí sí
geam-chaoch. Déarfá, le breathnughadh
uirthi, go raibh sí ar leath-shúil. Níor
ghéill Bríghidín riamh go raibh, ámhthach.
Uair amháin dá ndubhairt cailín beag
eile, le corp uilc ar an mbeirt aca,
nach raibh ag Bairbre acht “leath-shúilín
caoch ar nós cuit an táilliúra,” dubh-
airt Bríghidín go feargach go raibh a
dhá súil ag Bairbre chomh maith le duine,
acht gurab amhlaidh bhíodh leath-shúil
dúnta aici, mar go mbadh leor léithi
an t-aon cheann amháin (bíodh is go
mba ceann caoch í) le haghaidh a cuid
gnótha a dhéanamh. Bíodh sin mar atá,
ní féidir a cheilt go raibh plaitín innti;
agus fágaim lem' ais nach deas an
rud plaitín i n-óg-mhnaoi. Rud eile,
bhí sí i n-a balbhán; nó badh cirte dhom
a rádh nár labhair sí le héinne riamh
acht le Bríghidín amháin. Má b'fhíor
do Bhríghidín, bhí teanga bhlasta Gaedh-


L. 44


ilge aici agus bhí a cuid smaointe ar
áilneacht an domhain. Ní go maith bhí
sí i n-ann siubhal, thar é bhí sí ar leath-
chois agus bhí an leath-chos sin féin
briste. Bhí dhá chois aici tráth, acht d'ith
an gadhar ceann aca, agus briseadh an
ceann eile san áit ar thuit sí de bharr
an drisiúir.



Acht cia hí Bairbre, arsa tusa, nó
cia hí Bríghidín? 'Sí Bríghidín an
ghirrseach bheag nó, mar adéarfadh sí
féin, an gasúirín beag mná, atá i n-a
comhnaidhe sa teach is goire do theach an
mháighistir, — ar thaoibh na ciotóige ar
ndóigh, ag dul soir an bóthar duit.
Is cosmhail go n-aithnigheann tú anois
í? Muna n-aithnighir, níl neart agam-
sa ort. Níor chualas riamh cia dhár
díobh í, agus dubhairt sí féin liom
nach bhfuil d'ainm ar a hathair acht
“Dheaide.” Maidir le Bairbre, —
'seadh, tá sé chomh maith agam eachtra
agus imtheachta Bhairbre innseacht duit
thríd síos.



EACHTRA BHAIRBRE ANNSO.



Lá dár éirigh máthair Bhríghidín, thug
sí a mbricfasta do Bhríghidín agus dá


L. 45


hathair, do'n ghadhar, do'n chuitín, do
na gamhnaibh, do na cearcaibh, do na
géadhaíbh, do na lachain, agus do'n
spideoigín a thagadh go dtí an doras
am bricfasta gach uile mhaidin. Nuair
a bhí an méid sin déanta aici d'ith sí a
bricfasta féin. Annsin thosuigh sí 'gá
gléasadh féin le haghaidh an bhóthair.



Bhí Bríghidín i n-a suidhe ar a stóilín
féin gan smid aisti, acht í ag cur na
súl trí n-a máthair. Sa deireadh thiar
thall labhair sí:—



“Bhfuil Mama ag imtheacht ó Bhrígh-
idín?”



“Níl, a stóir. Tiocfaidh Mama
arís tráthnóna. Tá sí ag dul go
Gaillimh.”



“Bhfuil Bríghidín ag dul ann
freisin?”



“Níl, a chuid. Tá an bealach ró-
fhada agus bheadh mo chailín beag
tuirseach. Fanfaidh sí sa mbaile ag
déanamh spraoidh di féin, mar a dhéan-
fadh cailín maith. Nach bhfanfaidh?”



“Fanfaidh.”



“Ní rachaidh sí amach ar an tsráid?”



“Ní rachaidh.”


L. 46


“Tiocfaidh Dheaide isteach am dinn-
éir agus béidh béile agaibh le chéile.
Tabhair póg do Mhama anois.”



Tugadh an phóg agus bhí an mháthair ag
imtheacht. Phreab Bríghidín i n-a
seasamh.



“A Mhama!”



“Céard é héin, a rúin?”



“Nach dtiubhraidh tú féirín a bhaile
chuig Bríghidín?”



“Tiubhrad, a chuid. Féirín deas.”



D'imthigh an mháthair agus d'fhan
Bríghidín go sásta sa mbaile. Shuidh
sí fúithi ar a stóilín. Bhí an gadhar i
n-a lúib os comhair na teineadh agus
é ag srannadh. Dhúisigh Bríghidín é
agus chuir cogar i n-a chluais —



“Tiubhraidh Mama féirín a bhaile
chuig Bríghidín!”



“Bhuf!” ars' an gadhar agus chuaidh
a chodladh dó féin arís. Bhí a fhios ag
Bríghidín gurbh' ionann “Bhuf!” agus
“Maith an sgéal!”



Bhí an cuitín i n-a shuidhe ar an
teallach. Thóg Bríghidín i n-a dhá láimh
é, chuimil a chealltar dá leiceann,
agus chuir cogar i n-a chluais —


L. 47


“Tiubhraidh Mama féirín a bhaile
chuig Bríghidín.”



“Mí — amha!” ars' an cuitín. Bhí a
fhios ag Bríghidín gurbh' ionann “Mí —
amha!” agus “Maith an sgéal!”



Leag sí an cuitín uaithi agus
d'imthigh ar fud an tighe ag gabháil
fhuinn di féin. Rinne sí amhrán beag
mar leanas:—



“A ghadhairín ó 's a ghadhairín ó!



Codail go fóill go dtigidh mo
Mhama!



A chuithín ó 's a chuitín ó!



Bí ag crónán go dtigidh sí a bhaile!



A ghadhairín ó 's a chuitín ó!



Ar an aonach ó! atá mo Mhama,



Acht tiocfaidh sí arís tráthnóinín ó!
Is tiubhraidh sí féirín léithi a
bhaile!”



Thug sí iarracht fá'n amhrán so a
mhúineadh do'n ghadhar, acht is mó an
dúil a bhí ag an ngadhar i gcodladh 'ná
i gceol. Thug sí iarracht fá n-a
mhúineadh do'n chuitín, acht ba bhinne
leis an gcuitín a chrónán féin. Nuair
tháinig a hathair isteach fá mheadhon


L. 48


lae ní dhéanfadh tada cúis di acht an
t-amhrán a rádh dhó agus a chur d'iallach
air é fhoghlaim de ghlan-mheabhair.



D'fhill an mháthair a bhaile roimh
thráthnóna. B'é an chéad fhocal
adubhairt Bríghidín —



“Ar thug tú an féirín leat, a
Mhama?”



“Thugas, a chuisle.”



“Céard a thug tú leat?”



“Tomhais!” Bhí an máthair i n-a
seasamh i lár an urláir. Bhí a mála
leagtha ar an urlár aici agus a lámha
taobh thiar dhi.



“Sweets?”



“Ní headh!”



“Cáca milis?”



“Ní headh, muis'! Tá cáca milis
i mo mhála agam acht ní hé sin an
féirín.”



“Péire stocaí!” Níor chaith Brígh-
idín bróga ná stocaí riamh agus
b'fhada dhi ag tnúthán leo.



“Ní headh, go deimhin! Tá tú ró-
óg le haghaidh stocaí go fóillín.”



“Leabhar urnaighthe!” Ní gábhadh
dhom a rádh nach raibh Bríghidín i n-ann


L. 49


léigheadh (thar é níor chuir sí lá isteach
ar sgoil i n-a saoghal), acht cheap sí go
raibh. “Leabhar urnaighthe!” ar sise.



“Ní headh, chor ar bith!”



“Céard é héin, 'd eile?”



“Breathnuigh!”



Leath an mháthair a dhá láimh, agus
céard a nochtfadh sí acht bábóigín!
Bábóigín bheag ádhmaid a raibh plaitín
innti, agus í geam-chaoch; acht bhí a dhá
gruaidh chomh dearg le caor agus bhí
smigeadh gáire ar a béal. Éinne a
mbeadh cion aige do bhábógaibh, thiubh-
radh sé gean agus grádh dhi. Las
súile Bhríghidín le háthas.



“Óra, nach deas í! Ara, a Mhama,
a chroidhe, cé bhfuair tú í? Óra ó!
Béidh páiste agam dem' chuid héin
anois — páiste dem' chuid héinín héin!
Béidh páiste ag Bríghidín!”



Rug sí ar an mbábóigín agus
d'fháisg le n-a croidhe í. Phóg sí a
plaitín beag maol is a dhá gruaidh
dhearga. Phóg sí a béilín is a sróinín
gheanncach. Annsin chuimhnigh sí uirthi
féin, chroch a ceann, agus ar sise le
n-a máthair —


L. 50


“Póch!” (mar sin adeireadh Brígh-
idín “póg”).



D'ísligh an mháthair nó gur phóg an
cailín beag í. Annsin b'éigin di an
bhábóigín a phógadh. Tháinig an t-athair
isteach ar an bpuinnte sin agus
cuireadh fá ndeara dó-san an cleas
céadna a dhéanamh.



Ní raibh tada ag déanamh imnidhe
do Bhríghidín ar feadh an tráthnóna
sin acht cia an t-ainm a bhaistfeadh sí
ar an mbábóig. Mhol a máthair
“Malaí” dhi agus cheap a hathair go
mbadh feileamhnach an t-ainm “Peigí.”
Acht ní raibh ceachtar aca so sáthach
galánta, dar le Bríghidín.



“Tuige ar tugadh ‘Bríghidín’ orm-
sa, a Dheaide?” ar sise tar éis suipéir.



“Dubhairt na sean-mhná gur chos-
mhail led' Oncail Pádraic thú, agus ó
thárla nárbh' fhéidir ‘Pádraic’ a
bhaisteadh ort, baisteadh ‘Bríghid’ ort,
mar b'fhacthas dúinn gurbh' é an rud
ba ghoire dhó é.”



“Meas tú an cosmhail í seo (an
bhábóg) lem' Oncail Pádraic a
Dheaide?”


L. 50b


RINNE BRÍGHIDÍN MACHTNAMH
AR FEADH TAMAILL.


L. 51


“Ó, ní cosmhail chor ar bith. Tá
t'Oncail Pádraic bán — agus creidim
go bhfuil féasóg anois air.”



“Cia leis is cosmhail í, 'd eile?”



“Muise, badh deacair a rádh, a
chailín ó! — badh deacair sin.”



Rinne Bríghidín machtnamh ar feadh
tamaill. Bhí a hathair ag baint a cuid
éadaigh dhi os comhair na teineadh ar
feadh an ama so, mar bhí sé i n-am
aici bheith ag dul a chodladh. Nuair a
bhí bainte dhi chuaidh sí ar a glúinibh
chuir a dhá láimhín le chéile, agus thosuigh
uirthi mar so:—



“A Íosa Críosta, go mbeannuighidh
tú agus go sábhálaidh tú sinn! A Íosa
Críosta, go mbeannuighidh tú Dheaide
agus Mama agus Bríghidín, agus go
gcuiridh tú slán sábháilte ó thubaiste
agus ó anachain na bliadhna sinn, má's
é toil mo Shlánuightheora é. A Dhia,
go mbeannuighidh tú m'Oncail Pádraic,
atá anois i 'Meriocá, agus m'Aint
Bairbre —” Stad sí go hobann
agus chuir gáir áthais aisti.



“Tá sé agam! tá sé agam, a
Dheaide!” ar sise


L. 52


“Céard tá agat, a ghrádh? Fan go
gcríochnuighidh tú do chuid paidreacha.”



“M'Aint Bairbre! Is cosmhail
lem' Aint Bairbre í!”



“Cia is cosmhail led' Aint Bairbre?”



“An bhábóigín! Sin é an t-ainm a
thiubhras mé uirthi! Bairbre!”



Leig an t-athair a shean-sgairt gháire
sul ar chuimhnigh sé nach raibh na
paidreacha críochnuighthe. Ní dhearna
Bríghidín gáire ar bith, acht lean uirthi
mar so:—



“Ó! a Dhia! go mbeannuighidh tú
m'Oncail Pádraic, atá anois i
'Meriocá, agus m'Aint Bairbre, agus”
(seo aguisín a chuir sí féin leis) “agus
go mbeannuighidh tú mo Bhairbre bheag
héin agus go gcoinbhighidh tú ó pheacadh
marbhtha í! Ámén, a Thighearna!”



Sgairt an t-athair ag gáiridhe arís.
D'fhéach Bríghidín air agus iongnadh
uirthi.



“Sguab leat siar anois agus
isteach in do leabaidh leat go beo!”
ar seisean chomh luath is d'fhéad sé
labhairt le gáire. “Agus ná déan
dearmad ar Bhairbre!” ar seisean.


L. 53


“Is beag an baoghal!” Siar léithi
sa seomra agus isteach sa leabaidh
léithi de léim. Bí cinnte nár dhear-
maid sí Bairbre.



Ó'n oidhche sin amach ní rachadh
Bríghidín a chodladh ar ór ná ar air-
gead gan Bairbre a bheith sa leabaidh
aici. Ní shuidhfeadh sí chum biadh a
chaitheamh gan Bairbre a bheith i n-a
suidhe le n-a hais. Ní ghabhfadh sí
amach ag déanamh grinn di féin gan
Bairbre a bheith i n-a fochair. Domhnach
amháin a dtug a máthair léithi chuig an
Aifreann í, ní raibh Bríghidín sásta gan
Bairbre a thabhairt ann freisin. Ní
thagadh bean chomhursan isteach ag
cuairtéireacht nach gcuirfidhe Bairbre
i n-aithne di. Lá dár bhuail an sagart
isteach chuca d'iarr Bríghidín air a
bheannacht a thabhairt do Bhairbre. Thug
sé a bheannacht do Bhríghidín féin. Shíl
sise gur do'n bhábóig a thug sé í, agus
bhí sí lán-tsásta.



Shocruigh Bríghidín párlús beag
deas do Bhairbre ar bharr an drisiúir.
Chuala sí go raibh párlús ag a hAint
Bairbre (i nUachtar Árd a bhí sise


L. 54


i n-a comhnaidhe) agus cheap sí nár mhór
dá Bairbre-se párlús a bheith aici chomh
maith le duine. Thuit mo Bhairbre
bhocht de bharr an drisiúir lá, mar
d'innsigheas cheana, agus briseadh
leath-chos léithi. Is iomdha timpiste
thairis sin d'éirigh di. Lá eile rug an
gadhar uirthi agus bhí 'gá stróiceadh
ó chéile go dtáinig máthair Bhríghidín
do chabhair uirthi. D'fhan an leath-chos
shlán ag an ngadhar. Thuit sí isteach
san abhainn uair eile agus hóbair go
mbáithfidhe í. 'Sé athair Bhríghidín a
tháinig do chongnamh uirthi an turas so.
Is beag nár báitheadh Bríghidín féin
agus í a d'iarraidh í thárrtháil ó phort
na habhann.



Má bhí Bairbre gan a bheith ró-
dhathamhail an chéad lá a dtáinig sí,
luigheann sé le nádúr nach fearr an
slacht a bhí uirthi thar éis bliadhain a
chur dhi. Acht ba chuma le Bríghidín
dathamhail nó mí-dhathamhail í. Thug sí
grádh a croidhe di ó'n gcéad nóiméad
ar leag sí súil uirthi, agus is ag
méadughadh a bhí an grádh sin ó lá go
lá. Nach ag an mbeirt aca a bhíodh an


L. 55


greann nuair a d'fhágadh an mháthair an
teach fá n-a gcúram tráth a mbíodh
sí ar cuairt tigh chomhursan! Bhíodh an
t-urlár sguabtha agus na plátaí nighte
aca roimpi nuair a d'fhilleadh sí.
Agus nach ar an máthair a bhíodh an
t-iongnadh, mar 'dheadh!



“An í Bríghidín a ghlan an t-urlár
dá Mama?” adeireadh sí.



“Bríghidín agus Bairbre,” adeireadh
an cailín beag.



“Muise, ní' mé beo céard a dhéan-
fainn muna mbeadh an bheirt agaibh!”
adeireadh an mháthair. Agus nach ar
Bhríghidín a bhíodh an ríméad agus an
bród!



Agus na laetheannta fada samhraidh
a chuiridís dhíobh ar thaoibh an chnuic,
i measg na raithnighe agus na mbláth! —
Bríghidín ag bailiughadh nóiníní is
méiríní is bainne bó bliochtáin agus
Bairbre 'gá gcomhaireamh di (mar
deireadh sí); Bríghidín ag síor-
chainnt agus ag innseacht sgéalta
nach gcuala duine ná daonnaidhe (ní
áirmhighim bábóigín) a leithéid riamh
roimhe ná ó shoin, agus Bairbre ag


L. 56


éisteacht léithi; — caithfidh sé go mbíodh
sí ag éisteacht go haireach, mar ní
thagadh focal as a béal.



'Sé mo bharamhail nach raibh gearr-
chaile i gConnachtaibh ná, dá n-abróch-
ainn é, san Roinn Eorpa, ba shásta
shonasaighe 'ná Bríghidín na laetheannta
úd; agus fágaim le hudhacht nach raibh
bábóigín fá luighe na gréine ba shásta
shonasaighe 'ná Bairbre.



Sin mar bhí go dtáinig Niamh Chinn
Óir.



II.



B'as Baile Átha Cliath do Niamh
Chinn Óir. Bean uasal a tháinig do'n
Ghort Mhór ag foghlaim Gaedhilge,
gheall sí roimh imtheacht di go gcuir-
feadh sí seod éigin chuig Bríghid-
ín. Agus, ar ndóigh, chuir. Lá
amháin, tuairim is seachtmhain tar
éis imtheacht di, shiubhail Beartlí an
Phosta isteach i lár na cisteanaighe
agus leag bosga mór ar an urlár.



“Duit-se, a bhean óg,” ar seisean
le Bríghidín.



“Ara, céard tá ann, a Bheartlí?”



“Cá bhfios dom? Sidheog, b'fhéidir.”


L. 57


“Ó bhó! Cé bhfuair tú é?”



“Ó fhirín beag glas, a raibh féasóg
fhada ghorm air, caipín dearg ar a
mhullach, agus é ar marcaidheacht ar
ghiorrfhiadh.”



“Óra, 'dheaide! Agus céard dubh-
airt sé leat, a Bheartlí?”



“Dheamhan ceo adubhairt sé acht
‘Tabhair é seo do Bhríghidín, is mo
bheannacht,’ agus as go bráthach leis le
sméideadh do shúl.”



Táim i n-aimhreas nárbh' fhíor do
Bheartlí an tuairisg seo ar fad, acht
chreid Bríghidín gach focal di. Ghlaoidh
sí ar a máthair, san áit a raibh sí istigh
sa seomra ag tógáil na háite tar éis
an bhricfasta.



“A Mhama, a Mhama, bosga mór
do Bhríghidín! Firín beag glas a
raibh féasóg fhada ghorm air a thug do
Bheartlí an Phosta é!”



Tháinig an mháthair amach agus bhailigh
Beartlí leis.



“A Mhaimín, a Mhaimín, osgail an
bosga go tapaidh! Ceapann Beartlí
go mb'fhéidir gur sidheog atá ann
Corruigh leat, a Mhaimín, nó cá bhfios


L. 58


dúinn nach múchfaidhe istigh sa mbosga
í?”



Ghearr an mháthair an téad. Bhain
sí an páipéar de'n bhosga. Thóg sí an
clár. Céard a bheadh ann, i n-a luighe
go deas cluthmhar sa mbosga mar a
bheadh páiste i gcliabhán, acht an bhábóg
is áilne 's is gleoite dá bhfaca súil
riamh! Bhí folt ór-bhuidhe uirthi agus é ag
tuitim i n-a bhúclaíbh triopallacha thar
a brághaid is thar a guailnibh. Bhí
luisne an róis i n-a leiceann. 'Sí
an tsamhail bhéarfainn dá béilín dhá
chaor chaorthainn, agus ba geall le
péarlaíbh a déad. Bhí a súile dúnta.
Bhí culaidh gheal shíoda ag cumhdach a
cuirp, agus brat dearg sróil os a
cionn sin amuigh. Bhí muinche niamhrach
de chlochaibh uaisle fá n-a píb, agus
mar bharr ar na hiongantasaibh ar fad
bhí mionn ríoghdha ar a ceann.



“Bainríoghan!” arsa Bríghidín de ghuth
íseal, mar bhí sórt sgátha uirthi roimh
an tsidheoig ghlórmhair seo. “Bain-
ríoghan ó Thír na nÓg! Féach, a Mhama,
tá sí i n-a codladh. Meas tú an
ndúiseochaidh sí?”


L. 59


“Tóig i do láimh í,” adeir an mháthair.



Shín an cailín beag a dhá láimh amach
go faitcheach, leag go hurramach ar
an mbábóig iongantaigh iad, agus fá
dheireadh thóg as an mbosga í. Ní
túisge rug sí uirthi 'ná d'osgail an
bhábóg a súile agus adubhairt de ghlór
caoin binn:—



“Mam-a!”



“Dia dar mbeannachadh,” ars' an
mháthair ag gearradh comhartha na croise
uirthi féin,” tá urlabhra aici!”



Bhí faobhar neamh-ghnáthach i súilibh
Bhríghidín agus bhí lasadh neamh-ghnáthach i
n-a ceann-aghaidh. Acht ní dóigh liom go
raibh sí leath chomh sgannruighthe is bhí an
mháthair. Bíonn páistí ag súil le
hiongantasaibh i gcomhnaidhe, agus
nuair thuiteas rud iongantach amach ní
chuireann sé an oiread uathbháis ortha
is chuireas ar dhaoinibh fásta.



“Tuige nach mbeadh urlabhra aici?”
arsa Bríghidín. “Nach bhfuil urlabhra
ag Bairbre? Acht is binne i bhfad a
guth so 'ná guth Bhairbre.”



Mo léan thú, a Bhairbre! Cá raibh
tú ar feadh na haimsire seo? In do


L. 60


luighe ar an urlár san áit ar thuit tú
as láimh Bhríghidín nuair tháinig Beartlí
isteach. Ní feasach mé an gcuala tú
na briathra so ó bhéal do charad. Má
chualais, is dearbhtha go mb'arraing
thrí do chroidhe iad.



Lean Bríghidín uirthi ag labhairt.
Labhair sí go sgiobtha, a dhá súil ar
lasadh i n-a ceann:—



“Bainríoghan í seo,” ar sise.
“Bainríoghan sidhe! Féach an chulaidh
bhreagh atá uirthi! Féach an brat sróil
atá uirthi! Féach an mionn áluinn
atá uirthi! Is cosmhail í leis an
mbainríoghain údan a raibh Stiophán na
Sgéalta ag trácht uirthi an oidhche
cheana, — an bhainríoghan a tháinig thar
fairrge ó Thír na nÓg ar marcaidheacht
ar an each bán. Cia an t-ainm a bhí ar
an mbainríoghain sin, a Mhama?”



“Niamh Chinn Óir.”



“Seo í Niamh Chinn Óir!” ars' an
cailín beag. “Taisbeánfaidh mé do
Stiophán í an chéad uair eile thiocfas
sé! Nach air a bhéas an t-áthas í fheic-
eál, a Mhama? Bhí fearg air an
oidhche fá dheireadh nuair adubhairt mo


L. 61


Dheaide nach bhfuil sidheoga ar bith ann.
Bhí a fhios agam-sa nach raibh mo
Dheaide acht ag magadh.”



Níor mhaith liom a rádh gur sidheog
Niamh Chinn Óir, mar shíl Bríghidín, acht
is dóigh liom go raibh draoidheacht
éigin ag baint léithi; agus táim lán-
chinnte go raibh Bríghidín féin fá
dhraoidheacht ó'n nóiméad a dtáinig sí
isteach sa teach. Muna mbeadh go
raibh, ní fhágfadh sí Bairbre i n-a luighe
léithi féin ar an urlár ar feadh an tráth-
nóna gan focal a rádh léithi ná fiú amháin
cuimhniughadh uirthi go ham codlata; ná
ní ghabhfadh sí a chodladh gan Bairbre a
thabhairt isteach sa leabaidh léithi mar
ba ghnáthach. Is ar éigin a chreid-
feá é, acht 'sí an bhainríoghan óg a
chodail i bhfochair Bhríghidín an oidhche
sin i n-ionad an chompánaigh bhig dhílis
a chodluigheadh i n-a fochair gach oidhche
le bliadhain.



D'fhan Bairbre i n-a luighe ar an
urlár go bhfuair máthair Bhríghidín í, is
gur thóg is gur chuir suas ar bharr an
drisiúir í san áit a raibh a párlús
beag féin. Chaith Bairbre an oidhche


L. 62


sin ar bharr an drisiúir. Níor chualas
gur airigh Bríghidín ná a máthair ná a
hathair aon chaoineachán ó'n gcistean-
aigh i lár na hoidhche, agus leis
an fhírinne a rádh ní mheasaim gur shil
Bairbre deor. Acht is cinnte go raibh
sí brónach go leor, i n-a luighe i
n-áirde annsúd léithi féin, gan lámh a
charad i n-a timcheall, gan teas colna
a carad 'gá téitheadh, gan duine ná
deoraidhe i n-a haice, gan fuaim ar
bith a chloisteáil, acht amháin na fuam-
anna fanna fíor-uaigneacha a bhíos le
cloisteáil i dteach i n-am marbhtha na
hoidhche.



III.



Is i n-a suidhe nó i n-a luighe ar
bharr an drisiúir a chaith Bairbre
bunáite na ráithe dar gcionn.
B'annamh a labhruigheadh Bríghidín léithi;
agus nuair a labhruigheadh, ní dheireadh sí
acht, “Bí i do chailín mhaith, a Bhairbre.
Feiceann tú go bhfuilim cruadhógach.
Caithfidh mé aire a thabhairt do Niamh
Chinn Óir. Bainríoghan í sin, tá's
agat, agus caithfear aire mhaith a
thabhairt di.” Bhí Bríghidín ag dul i


L. 63


n-aois anois (creidim go raibh sí cúig
bliadhna caithte nó b'fhéidir cúig
bliadhna go leith), agus bhí sí ag éirghe as
cuid de na nósaibh a chleachtuigheadh sí i
dtús a hóige. Ní “Bríghidín” a thugadh
sí uirthi féin anois, mar bhí a fhios aici
an bhrígh atá leis an bhfocailín “mé,”
agus leis an earbaillín sin “-im” nuair
a cuirtear i ndiaidh “tá” agus “níl”
é. Bhí a fhios aici freisin gur mór an
meas agus an onóir atá ag dul do
bhainríoghain thar mar atá ag dul do
chréatúirín beag bocht mar Bhairbre.



Is baoghlach liom nár thuig Bairbre
an sgéal so chor ar bith. Ní raibh innti
acht bábóigín maide, agus, ar ndóigh,
badh deacair dá leithéid croidhe cailín
a thuigsint. Ba léir di go raibh sí
caithte do leath-taoibh. 'Sí Niamh
Chinn Óir a chodluigheadh i bhfochair
Bhríghidín anois; 'sí Niamh Chinn Óir a
shuidheadh le n-a hais am béile; 'sí
Niamh Chinn Óir a ghabhadh amach ar an
gcnoc le n-a cois, a luigheadh léithi i
measg na raithnighe, is a theidheadh léithi
ah bailiughadh nóiníní is méiríní. 'Sí
Niamh Chinn Óir a teannadh sí le n-a


L. 64


hucht. 'Sí Niamh Chinn Óir a phógadh sí.
Duine eile a bheith san áit ba ghnáthach
leat-sa a bheith, duine eile a bheith
ag siubhal le cois an té ar ghnáthach
leat-sa siubhal le n-a chois, duine eile
bheith ag pógadh an bhéil ba dhual duit-
se a phógadh, — sin í an phian is mó dá
bhfulaingtear ar an saoghal so; agus
sin í an phian a bhí i lár Bhairbre anois,
'gá céasadh ó mhaidin go hoidhche is 'gá
crádh ó oidhche go maidin.



Is dóigh go ndéarfar liom nárbh'
fhéidir na smaointe seo ná smaointe
ar bith eile a bheith i gcroidhe Bhairbre,
mar nach raibh innti acht bréagán maide
gan mothughadh, gan meabhair, gan tuig-
sint, gan treoir. M'fhreagra ar éinne
labhróchas mar so liom: CÁ bhFIOS
DÚINN? Cá bhfios duit-se nó dom-sa
nach bhfuil a mothughadh is a meabhair
féin, a dtuigsint is a dtreoir féin, ag
bábógaibh is ag bréagánaibh maide, ag an
gcrann is ag an gcnoc, ag an abhainn
is ag an eas, ag mion-sgothaibh na
páirce is ag mion-chlochaibh na trágha?
— 'seadh agus ag na céadtaibh rudaí
eile fheicimid 'n-ar dtimcheall? Ní


L. 65


abraim go bhfuil; acht badh dána
an mhaise dhom-sa nó d'éinne eile
a rádh nach bhfuil. Is dóigh leis
na páistíbh go bhfuil; agus 'sé mo bhar-
amhail gur tuigseanaighe na páistí i
neithibh de'n tsórt so 'ná tusa is
mise.



Lá amháin dá raibh Bairbre i n-a
suidhe go huaigneach léithi féin i n-a
párlús, bhí Bríghidín agus Niamh Chinn
Óir i séis chomhráidh cois na teineadh;
nó b'fhearr liom a rádh go raibh Bríghidín
i séis chomhráidh léithi féin, agus Niamh
ag éisteacht léithi; mar níor chuala
éinne focal as béal na Bainríoghna
riamh acht amháin “Mam-a.” Bhí máthair
Bhríghidín taobh amuigh de'n doras ag
nigheachán. Bhí an t-athair ag cur fhataí
san ngarrdha. Níor fhan sa teach acht
Bríghidín agus an dá bhábóig.



Is dóigh go raibh an cailín beag tuir-
seach, mar chaith sí an mhaidin ag nigh-
eachán (nigheadh sí braithlín agus pluid
na Bainríoghna gach seachtmhain). Ba
gearr go dtáinig codladh uirthi. Ba
gearr i n-a dhiaidh sin gur leig sí a
ceann ar a brollach is go raibh sí i n-a


L. 66


toirchim suain. Ní thuigim i gceart
céard d'éirigh tar 'éise sin, acht de
réir chosamhlachta bhí Bríghidín ag
tuitim le fánaidh nó gur síneadh ar
leic an teallaigh í i bhfoigseacht orlaigh
do'n teinidh. Níor dhúisigh sí, mar
bhí sí i n-a cnap codlata. Is cosmhail
go raibh Niamh Chinn Óir i n-a codladh
freisin, acht cia ar bith cia sgéal é
níor chorruigh sí. Ní raibh éinne sa
teach leis an bpáiste beag grádhmhar
a chosaint ar an mbás a bhí ag triall
uirthi. Níorbh' eol d'éinne í bheith i
gconntabhairt acht amháin do Dhia agus
do — Bhairbre.



Bhí an mháthair ag oibriughadh léith
taobh amuigh agus gan aon chuimhneamh
aici go raibh an bás chomh gar sin do
leanbh a croidhe. Bhí sí ag casadh puirt
di féin, agus 'ghá chrochadh go breagh,
nuair a chuala sí an tuairt — tuairt
mar bheadh rud éigin ag tuitim ar an
urlár.



“Céard é sin anois?” ar sise léith
féin. “Rud éigin a thuit de'n bhalla,
tá seans. Ní féidir gurab í Bríghidín
a bhain leis?”


L. 67


Isteach léithi go deifreach. Is ar
éigin nár thuit an t-anam aisti le
neart uathbháis. Agus ciarbh' iongnadh
é? Bhí a leanbh múirneach sínte ar an
teallach agus a cóitín beag ar dearg-
lasadh sa teinidh!



Phreab an mháthair chuici treasna na
cisteanaighe, thóg i n-a baclainn í,
is bhain di an cóta. Ní raibh ann
acht gur thárrthuigh sí í. Dá bhfanfadh
sí leath-nóiméidín eile, bhí sí ró-
mhall.



Bhí Bríghidín i n-a dúiseacht anois
agus a dhá láimh fá mhuineál a máthar.
Bhí sí ar craitheadh le teann faitchís
agus, ar ndóigh, ag gol, cé nach go ró-
mhaith a thuig sí an sgéal fós. Bhí a
máthair “'gá múchadh le pógaibh is
'gá báthadh le deoraibh.”



“Céard d'éirigh dhom, a Mhama?
Bhí mé ag brionglóidigh. Mhothuigh
mé teas agus cheap mé go raibh mé ag
dul suas, suas san spéir, agus go
raibh an ghrian 'gam' dhóghadh. Céard
d'éirigh dhom?”



“'Sé toil Dé é nár loisgeadh mo
stóirín, — ní leis an ngréin, acht leis


L. 68


an teinidh. Ó, a Bhríghidín, a pheata
bhig do mháthar, céard a dhéanfainn dá
marbhóchthaidhe orm thú? Céard a dhéan-
fadh t'athair? 'Sé Dia adubhairt liom
a theacht isteach ar an nóiméad sin! —
Ní' mé céaróch torann a chuala
mé? Muna mbeadh sin ní thiocfainn
isteach chor ar bith.”



Bhreathnuigh sí thairsti. Bhí gach rud
i n-a áit féin ar an mbord, agus ar na
ballaíbh, agus ar an drisiúr, — acht fan!
os comhair an drisiúir thug sí fá
deara an rud ar an urlár. Céard
a bhí ann? Colann bheag gan ceann —
colann bábóige.



“Bairbre a thuit de'n drisiúr arís,”
ars' an mháthair. “Mo choinsias, 'sí
shábháil t'anam duit, a Bhríghidín.”



“Ní tuitim a rinne sí 'chor ar bith!”
ars' an cailín beag, “acht is amhlaidh
chonnaic sí go raibh mé i gconntabhairt
agus chaith sí léim ó bharr an drisiúir
le mé shábháil. A Bhairbre bhocht, thug
tú t'anam ar mo shon!”



Chuaidh sí ar a glúinibh, thóg corpán
beag na bábóige, agus phóg go
ceannsa ceanamhail é.


L. 69


“A Mhama,” ar sise go brónach,
“ó tháinig Niamh Chinn Óir, tá faitchíos
orm go ndearna mé dearmad ar
Bhairbre bhocht, agus gur mó an spéis
a chuir mé i Niamh Chinn Óir 'ná innti-
se; agus féach gurab í ba dhílse dhom i
n-a dhiaidh sin! Agus tá sí marbh anois
orm, agus ní bhéidh mé i n-ann labhairt
léithi arís go bráthach, ná a rádh léithi
gur fearr liom míle uair — 'seadh,
céad míle uair — í 'ná Niamh.”



“Ní marbh atá sí 'chor ar bith,”
adeir an mháthair, “acht gortuighthe.
Cuirfidh t'athair an ceann uirthi arís
nuair a thiocfas sé isteach.”



“Dá dtuitfinn-se de bharr an
drisiúir, a Mhama, is go gcaillfinn
mo cheann, arbh' fhéidir é chur orm arís?”



“Níorbh' fhéidir. Acht ní hionann
tusa is Bairbre.”



“Is ionann. Tá sí marbh. Nach
bhfeiceann tú nach bhfuil sí ag corruighe
ná ag labhairt?”



B'éigin do'n mháthair an méid seo
admháil.



Ní chuirfeadh aon nídh i n-a luighe ar
Bhríghidín nach raibh Bairbre básuighthe


L. 70


agus nach le ise shábháil a thug sí a
hanam. Ní abróchainn féin go raibh
an ceart aici, acht ní abróchainn nach
raibh. Níl le rádh agam acht an méid
adubhras cheana: Cá bhfios dom-sa
é? Cá bhfios duit-se é?



Cuireadh Bairbre an tráthnóna sin
ar thaoibh an chnuic san áit ar chaith sise
agus Bríghidín na laetheannta fada
samhraidh úd i measg na raithnighe is na
mbláth. Tá méiríní ag fás ag ceann
na huaighe, agus tá nóiníní is bainne bó
bliochtáin go fairsing i n-a timcheall.



Roimh dhul a chodladh do Bhríghidín an
oidhche sin, ghlaoidh sí anall ar a máthair.



“Meas tú, a Mhama,” ar sise, “an
bhfeicfidh mé Bairbre ar neamh?”



“B'fhéidir le Rígh na Glóire go
bhfeicfeá,” adeir an mháthair.



“Meas tú an bhfeicfead, a
Dheaide?” ar sise le n-a hathair.



“Tá a fhios agam go binn go bhfeic-
fir,” adeir an t-athair.



Gurab é sin Eachtra agus Oidheadh
Bhairbre go nuige sin.



(A chríoch sin.)


L. 73


EOGHAINÍN NA nÉAN.



Comhrádh a thárla idir Eoghainín na
nÉan agus a mháthair tráthnóna earraigh
roimh dhul faoi do'n ghréin. An chéir-
seach agus an gealbhan buidhe a chuala
é agus (de réir mar mheasaim) a
d'innis dom' cháirdibh, na fáinleoga, é.
Na fáinleoga a d'innis an sgéal dom-
sa.



“Teara uait isteach, a pheata. Tá
sé ag éirghe fuar.”



“Ní fhéadaim corruighe go fóill
beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht
leis na fáinleogaibh.”



“Cia leis, a mhaicín?”



“Leis na fáinleogaibh. Tá mé
'ceapadh go mbéidh siad annso anocht.”



Bhí Eoghainín i n-áirde ar an aill
mhóir a bhí láimh le binn an tighe, é
socruighthe go deas ar a mullach
agus cúl bán a chinn le bun na fuinn-
seoige a bhí 'gá fasgadh. Bhí a cheann
crochta aige, agus é ag breathnughadh


L. 74


uaidh ó dheas. D'fhéach a mháthair suas
air. B'fhacthas di go raibh a chuid
gruaige i n-a hór bhuidhe san áit a raibh
an ghrian ag sgalladh ar a chloigeann.



“Agus cé as a bhfuil siad ag
teacht, a leinbh?”



“Ó'n Domhan Theas — an áit a
mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe.
Tá mé ag fanacht leo le seachtmhain.”



“Acht cá bhfios duit gur anocht a
thiocfas siad?”



“Níl a fhios agam, acht mé 'ghá
cheapadh. Badh mhíthid dóibh bheith annso
lá ar bith feasta. Is cuimhneach liom
gur cothrom an lae indiu go díreach
tháinig siad anuraidh. Bhí mé ag teacht
aníos ó'n tobar nuair a chuala mé a
gceileabhar — ceileabhar binn meidhreach
mar bheidís ag rádh: “Támuid chugat
arís, a Eoghainín! Sgéala chugat ó'n
Domhan Theas!” — agus annsin d'eit-
eall ceann aca tharm — chuimil a
sgiathán dem' leiceann.”



Ní cúram a rádh gur chuir an chainnt
seo an-iongnadh ar an máthair. Níor
labhair Eoghainín mar sin léithi riamh
roimhe. B'fheasach di gur chuir sé an-


L. 75


tsuim ins na héanlaith agus gur
iomdha uair a chaitheadh sé ins an gcoill
nó cois trágha “ag cainnt leo” mar
adeireadh sé. Acht níor thuig sí cia
an fáth a mbeadh fonn chomh mór sin
air na fáinleoga fheiceál chuige arís.
D'aithnigh sí ar a aghaidh, chomh maith le
n-a ghlórthaibh béil, go raibh sé ag síor-
smaoineadh ar rud éigin a bhí ag
déanamh imnidhe dhó. Agus tháinig
roinnt mí-shuaimhnis ar an mnaoi
chroidhe í féin, nídh nach iongnadh. “Dar
ndóigh, is aisteach an chainnt ó pháiste
í,” ar sise i n-a hintinn féin. Níor
labhair sí smid ós árd, ámhthach, acht í
ag éisteacht le gach focal dá dtáinig
amach as a bhéal.



“Tá mé an-uaigneach ó d'fháguigh
siad mé san bhfóghmhar,” adeir an
gasúr beag arís, mar dhuine a bheadh ag
cainnt leis féin. “Bíonn an oiread
sin aca le rádh liom. Ní hionann iad
agus an chéirseach nó an gealbhan buidhe
a chaitheas bunáite a saoghail cois an
chlaidhe san ngarrdha. Bíonn sgéalta
iongantacha le n-aithris aca i dtaoibh
na gcríoch a mbíonn sé i n-a shamhradh i


L. 76


gcomhnaidhe ionnta, agus i dtaoibh na
bhfairrgí bhfiadháin san áit a mbáithtear
na luingis, agus i dtaoibh na gcathrach
n-aol-gheal a mbíonn na ríghthe 'n-a
gcomhnaidhe ionnta. Is fada fada an
bealach é ó'n Domhan Theas go dtí an
tír seo: feiceann siad 'ch uile rud
ag teacht dóibh is ní dhéanann siad
dearmad ar thada. Is fada liom
uaim iad.”



“Tar isteach, a ghrádh ghil, is téidhir
a chodladh. Préachfar leis an bhfuacht
thú má fhanair amuigh i bhfad eile.”



“Gabhfaidh mé isteach ar ball beag,
a máithrín. Níor mhaith liom iad a
theacht agus gan mé annso le fáilte
a chur rómpa. Bheadh iongnadh ortha.”



Chonnaic an mháthair nach raibh aon
mhaith a bheith leis. Chuaidh sí isteach go
buaidheartha. Ghlan sí an bord is na
cathaoireacha. Nigh sí na sgálaí is na
miasa. Rug sí ar an sguaib agus
sguab sí an t-urlár. Sgól sí an
túlán is na corcáin. Dheasuigh sí an
lampa agus chroch ar an mballa é.
Chuir sí tuilleadh móna ar an teinidh.
Rinne sí céad rud eile nár ghábhadh dhi


L. 77


a dhéanamh. Annsin shuidh sí os comhair
na teineadh ag smaoineadh di féin.



Tháinig píobaire na gríosaighe amach
agus thosuigh ar a phort croidheamhail.
D'fhan an mháthair cois teallaigh ag
smaoineadh. D'fhan an gasúr beag
ar a shuidheachán aerach ag faireadh.
Tháinig na ba a bhaile ó'n gcimín.
Ghlaoidh an chearc chuici ar a héiníníbh.
Chuaidh an lon dubh is an dreoilín is
mion-daoine eile na coille do chod-
ladh. Coisgeadh ar dhordán na gcuil-
eog is ar mhéidhligh na n-uan. D'ísligh
an ghrian go mall go raibh sí i n-aice
le bun na spéire, go raibh sí go díreach
ar bhun na spéire, go raibh sí fá bhun
na spéire. Shéid gála fuar anoir.
Leath an dorchadas ar an talamh. Fá
dheireadh tháinig Eoghainín isteach.



“Is baoghlach nach dtiocfaidh siad
anocht,” ar seisean. “B'fhéidir le
Dia go dtiocfaidís i mbárach.”



Tháinig an mhaidin lá ar n-a bhárach.
Bhí Eoghainín i n-a shuidhe go moch agus
é ag faireadh amach ó mhullach na
haille. Tháinig an meadhon lae.


L. 78


Tháinig an deireadh lae. Tháinig an
oidhche. Acht, mo léan! níor tháinig
na fáinleoga.



“B'fhéidir go bhfeicfimís chugainn i
mbárach iad,” arsa Eoghainín agus é
ag teacht isteach go brónach an oidhche
sin.



Acht ní fhacadar. Ná ní fhacadar
chuca iad an lá i n-a dhiaidh sin ná an
lá i n-a dhiaidh sin arís. Agus 'sér'd
deireadh Eoghainín gach oidhche ag
teacht isteach dhó:



“B'fhéidir go mbeadh siad chugainn
i mbárach.”



II.



Tháinig tráthnóna aoibhinn i ndeir-
eadh an Aibreáin. Bhí an t-aer glan
fionnfhuar tar éis múir bháistighe. Bhí
solus iongantach san domhan thiar. Bhí
séis cheoil ag na héanlaith san gcoill.
Bhí duan dá canadh ag na tonntrach-
aibh ar an tráigh. Acht bhí uaigneas ar
chroidhe an mhalraigh agus é ag fanacht
leis na fáinleogaibh.



Cluineadh go hobann glór nár
cluineadh san áit sin le tuilleadh agus
leith-bhliadhain. Glór beag bídeach.


L. 78a


BHÍ UAIGNEAS AR CHROIDHE AN
MHALRAIGH AGUS É AG FANACHT
LEIS NA FÁINLEOGAIBH


L. 79


Glór fann fíor-bhinn. Ceileabhar mear
meidhreach, agus é neamh-chosmhail le
haon cheileabhar eile dá dtagann ó
ghob éin. Le luas lasrach thiomáin
toirt bheag dhubh andeas. Í ag eit-
eall go hárd san aer. Dhá sgiathán
leathna láidre uirthi. Déanamh gabh-
láin ar a hiorball. Í ag gearradh
na sligheadh roimpi mar shaighid a
caithfidhe as bogha. D'ísligh sí go
hobann, d'ionntuigh sí, d'éirigh arís
d'ísligh is d'ionntuigh arís. Annsin
rinne sí caol díreach ar Eoghainín,
í ag labhairt i n-árd a gotha, gur
luigh is gur neaduigh sí i mbrollach an
ghasúirín tar éis a taistil fhada ó'n
Domhan Theas.



“Ó! mo ghrádh thú, mo ghrádh thú!”
arsa Eoghainín, 'gá tógáil i n-a dhá láimh
is 'gá pógadh ar an gcloiginín dubh. “'Sé
do bheatha chugam. ó na críochaibh coimh-
ightheacha! Bhfuil tú tuirseach tar éis
t'aistir uaignigh thar taltaibh agus thar
fairrgíbh? Óra, mo mhíle mhíle grádh
thú, a theachtaire bhig áluinn ó'n tír i n-a
mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe!
Cá bhfuil do chompánaigh uait? Nó


L. 80


céard d'éirigh dhíbh ar an mbóthar nó
te nach dtáinig sibh roimhe seo?”



An fhaid is bhí sé ag labhairt mar so
leis an bhfáinleoig, 'gá pógadh arís is
arís eile agus ag cuimilt a láimhe go
grádhmhar dá sgiathánaibh dubh-ghorma,
dá sgórnach beag dearg, agus dá
brollach geal cluthmhar, sheol éinín eile
andeas agus thuirling i n-a n-aice.
D'éirigh an dá éan san aer annsin,
agus 'sé an chéad áit eile ar luigh siad
i n-a neid bhig féin a bhí foluighthe san
eidhean a bhí ag fás go tiugh ar bhallaíbh
an tighe.



“Tá siad ar fágháil sa deireadh, a
mháithrín!” arsa Eoghainín, agus é ag rith
isteach go lúthgháireach. “Tá na fáin-
leoga ar fágháil sa deireadh! Tháinig
péire anocht — an péire a bhfuil a
nead os cionn m'fhuinneoige-se. Béidh
an chuid eile chugainn i mbárach.”



Chrom an mháthair agus theann sí léithi
é. Annsin chuir sí paidir chum Dé ós
íseal, ag gabháil bhuidheachais leis as ucht
na fáinleoga a sheoladh chuca. An las-
air a bhí i súilibh an mhalraigh, chuir-
feadh sí aoibhneas ar chroidhe máthar
ar bith.


L. 81


Ba shámh é codladh Eoghainín an
oidhche sin.



Tháinig na fáinleoga i ndiaidh a
chéile anois — i n-a gceann is i n-a
gceann ar dtús, i n-a bpéire is i n-a
bpéire annsin, agus fá dheireadh i n-a
sgataíbh beaga. Nach ortha a bhí an
t-áthas nuair a chonnaic siad an tsean-
áit arís! An choill bheag agus an
sruithleán ag gluaiseacht tríthi; an
tráigh gheal ghainmheach; na fuinnseoga a
bhí i n-aice an tighe; an teach féin agus
na sean-neadracha go díreach mar
d'fhágadar iad leith-bhliadhain roimhe
sin. Ní raibh athrughadh ar thada acht
amháin ar an mbuachaill beag. Bhí seis-
ean níos ciúine agus níos míne ná
bhíodh. Ba mhinice i n-a shuidhe é 'ná ag
rith leis féin ar fud na ngarranta
mar ba ghnáthach leis roimhe sin. Níor
cluineadh ag gáiridhe ná ag gabháil
fhuinn é chomh minic is cluintí. Má thug
na fáinleoga an méid seo fá deara,
agus ní abróchainn nár thug, is cinnte
go raibh brón ortha faoi.



Chuaidh an samhradh thart. B'annamh


L. 82


a chorruigheadh Eoghainín amach ar an
tsráid, acht é i n-a shuidhe go sásta
ar mhullach na haille ag féachaint
ar na fáinleogaibh agus ag éisteacht
le n-a gceileabhar. Chaitheadh sé na
huaireannta mar so. Ba mhinic ann
é ó mhoch na maidne gur tháinig an
“tráthnóna gréine buidhe”; agus ag
dul isteach dhó gach oidhche bhíodh an-chuim-
se sgéalta — sgéalta áilne iongan-
tacha — aige le n-innseacht dá mháthair.
Nuair a cheistnigheadh sise é fá na
sgéaltaibh seo, deireadh sé i gcomh-
naidhe léithi gurab ó na fáinleogaibh
d'fhághadh sé iad.



III.



Bheannuigh an sagart isteach tráth-
nóna.



“Cia chaoi bhfuil Eoghainín na nÉan
an aimsir seo, a Eibhlín?” ar seisean.
(“Eoghainín na nÉan” a bhí mar ainm
ag na malrachaibh eile air i ngeall ar
an gcion a bhí aige do na héanlaith).



“Muise, a Athair, ní raibh sé
chomh maith le fada an lá is atá sé ó
tháinig an samhradh. Tá luisne i n-a


L. 83


leiceann nach bhfaca mé ann riamh
roimhe.”



Bhreathnuigh an sagart go géar
uirthi. Thug seisean an luisne sin fá
deara le tamall, acht má thug, níor
mheall sí é. Thug daoine eile fá deara
freisin í agus, má thug, níor mheall sí
iad. Acht ba léir gur mheall sí an
mháthair. Bhí deora i súilibh an tsagairt,
acht bhí Eibhlín ag fadughadh na teineadh
is ní fhaca sí iad. Bhí tocht i n-a ghlór
nuair a labhair sé arís, acht níor thug
an mháthair fá deara é.



“Cá bhfuil Eoghainín anois, a Eibhlín?”



“Tá sé i n-a shuidhe ar an aill amuigh
‘ag cainnt leis na fáinleogaibh,’ mar
deireann sé héin. Is iongantach an
cion atá aige do na héiníníbh sin.
Bhfuil a fhios agat, a Athair, céard
dubhairt sé liom an lá cheana?”



“Níl a fhios, a Eibhlín.”



“Bhí sé 'ghá rádh gur gearr anois go
mbéidh na fáinleoga ag imtheacht uainn
arís, agus ar seisean liom go toib-
eann, ‘Céard a dhéanfá, a mháithrín,’
ar seisean, ‘dá n-éalóchainn-se uait
leis na fáinleogaibh?’”


L. 84


“Agus céard dubhairt tusa, a
Eibhlín?”



“Dubhairt mé leis sguabadh leis
amach agus gan a bheith 'gam' bhodhrughadh.
Acht táim ag cuimhniughadh riamh ó shoin
ar an rud adubhairt sé agus tá sé ag
déanamh buaidheartha dhom. Nárbh'
aisteach an smaoineadh dhó é, a Athair, —
é imtheacht leis na fáinleogaibh?”



“Is iomdha smaoineadh aisteach thag-
as isteach i gcroidhe páiste,” ars' an
sagart. Agus thug sé an doras amach
air féin gan focal eile a rádh.



“Ag brionglóidigh mar is gnáthach
leat, a Eoghainín?”



“Ní headh, a Athair. Tá mé ag
cainnt leis na fáinleogaibh.”



“Ag cainnt leo?”



“'Seadh, a Athair. Bímid ag cainnt
le chéile i gcomhnaidhe.”



“Agus cogar. Céard a bhíos sibh a
rádh le chéile?”



“Bímid ag cainnt ar na críochaibh i
bhfad uainn a mbíonn sé i n-a shamhradh i
gcomhnaidhe ionnta, agus ar na fairrgíbh
fiadháine san áit a mbáithtear na


L. 85


luingis, agus ar na cathrachaibh aol-
gheala a gcomhnuigheann na ríghthe
ionnta.”



Tháinig iongnadh a chroidhe ar an
sagart mar tháinig ar an máthair
roimhe sin.



“Tusa a bhíos ag cur síos ar na
neithibh seo agus iad-san ag éisteacht
leat, is cosmhail?”



“Ní mé, a Athair. Iad-san is mó a
bhíos ag cainnt agus mise ag éisteacht
leo.”



“Agus an dtuigeann tú a gcuid
cainnte, a Eoghainín?”



“Tuigim, a Athair. Nach dtuigeann
tusa í?”



“Ní go ró-mhaith a thuigim í. Déan
áit dom ar an aill annsin agus
suidhfidh mé tamall go mínighidh tú
dhom céard bhíos siad a rádh.”



Suas leis an sagart ar an aill
agus shuidh le hais an ghasúirín. Chuir
sé a lámh fá n-a mhuineál is thosuigh ag
baint chainnte as.



“Mínigh dhom céard a bhíos na fáin-
leoga a rádh leat, a Eoghainín.”



“Is iomdha rud a bhíos siad a rádh


L. 86


liom. Is iomdha sgéal breagh innsigh-
eas siad dom. An bhfaca tú an
t-éinín sin a chuaidh thart anois díreach,
a Athair?”



“Chonnaiceas.”



“Sin í an sgéalaidhe is cliste ortha
ar fad. Tá a nead sin fá'n eidhean
atá ag fás os cionn fuinneoige mo
sheomra-sa. Agus tá nead eile aici
san Domhan Theas — aici féin is ag a
céile.”



“A' bhfuil, a Eoghainín?”



“Tá — nead bheag áluinn eile na
mílte is na mílte míle as so. Nach
aisteach an sgéal é, a Athair? — a rádh
go bhfuil dhá theach ag an bhfáinleoigín
agus gan againne acht aon teach
amháin?”



“Is aisteach go deimhin. Agus cia
an sórt tír i n-a bhfuil an teach eile
seo aici?”



“Nuair a dhúnaim mo shúile feicim
tír uaigneach áidhbhéil. Feicim anois í,
a Athair! Tír iongantach uathmhar.
Níl sliabh ná cnoc ná gleann innti, acht
í i n-a machaire mhór réidh ghainmheach.
Níl coill ná féar ná fás innti,


L. 87


acht an talamh chomh lom le croidhe do
bhoise. Gaineamh ar fad. Gaineamh
fá do chosaibh. Gaineamh ar gach taoibh
dhíot. An ghrian ag spalpadh os do
chionn. Gan néall ar bith le feiceál
san spéir. É go han-te. Annso is
annsúd tá ball beag féarach mar a
bheadh oileáinín i lár fairrge. Cúpla
crann árd ag fás ar gach ball aca.
Fasgadh ó ghaoith agus ó ghréin aca.
Feicim ar oileán de na hoileánaibh seo
aill árd. Aill mhór mhillteach. Tá
sgoilteadh ins an aill, agus ins an
sgoilteadh tá nead fáinleoigín. Sin
í nead m'fháinleoigín-se.”



“Cia d'innis an méid seo dhuit, a
Eoghainín?”



“An fháinleog. Caitheann sí leath
a saoghail ins an tír sin, í héin is a
céile. Nach aoibhinn an saoghal atá aca
ar an oileáinín uaigneach údan i lár na
díthreibhe! Ní bhíonn fuacht ná fliche
ann, sioc ná sneachta, acht é i n-a
shamhradh i gcomhnaidhe … Agus i
n-a dhiaidh sin, a Athair, ní dhéanann siad
dearmad ar a neid bhig eile annso
i nÉirinn, ná ar an gcoill, ná ar an


L. 88


sruthán, ná ar na fuinnseogaibh, ná orm-
sa, ná ar mo mháthair. Gach bliadhain
san earrach cloiseann siad mar a bheadh
cogarnaighil i n-a gcluais 'gá rádh leo
go bhfuil na coillte fá dhuilleabhar i
nÉirinn, is go bhfuil an ghrian ag
deallrughadh ar na bántaibh, is go bhfuil
na huain ag méidhligh, is go bhfuilim-
se ag fanacht leo-san. Agus fágann
siad slán ag a n-árus san tír choimhigh-
thigh is imthigheann siad rómpa is ní
dhéanann siad stad ná comhnaidhe go
bhfeiceann siad barr na bhfuinnseog
uatha agus go gcluineann siad glór
na habhann is méidhleach na n-uan.”



Bhí an sagart ag éisteacht go
haireach.



“Ó! — agus nach iongantach an t-ais-
tear aca é ó'n Domhan Theas! Fágann
siad an machaire mór gainmhe i n-a
ndiaidh agus na sléibhte árda maola
atá ar a imeall agus imthigheann siad
rómpa go dtagann siad go dtí an
mhuir mhór. Amach leo thar an muir ag
eiteall i gcomhnaidhe 'gcomhnaidhe gan
tuirse gan traochadh. Feiceann siad
síos uatha na tonntracha treathan-


L. 89


mhóra, agus na luingis ag treabhadh na
díleann, agus na seolta bána, agus
faoileáin agus cailleacha dubha na
fairrge, agus iongantais eile nach
bhféadfainn cuimhniughadh ortha. Agus
sgaithte éirgheann gaoth agus gála is
feiceann siad na longa dá mbáthadh is
na tonntracha ag éirghe i mullach a
chéile; agus bíonn siad féin, na créat-
úir, dá dtuargain leis an ngaoith agus
dá ndalladh leis an mbáistigh agus leis
an sáile nó go mbaineann siad amach
an tír fá dheireadh. Tamall dóibh
annsin ag imtheacht rómpa agus iad ag
féachaint ar pháirceannaibh féarmhara is
ar choilltibh barr-ghlasa is ar chruachaibh
ceann-árda is ar lochaibh leathna is ar
aibhneachaibh áilne is ar chathrachaibh breagh-
tha mar bheadh i bpictiúiríbh iongan-
tacha agus iad ag breathnughadh ortha
síos uatha. Feiceann siad daoine ag
obair. Cluineann siad beithidhigh ag
géimnigh, agus páistí ag gáiridhe,
agus cloga dhá mbualadh. Acht ní
stadann siad acht ag síor-imtheacht nó
go dtagann siad go bruach na mara
arís, agus ní sos dóibh annsin go
mbuaileann siad tír na hÉireann.”


L. 90


Lean Eoghainín air ag labhairt mar
seo ar feadh i bhfad, an sagart ag
éisteacht le gach focal dá ndubhairt
sé. Bhíodar ag seanchus nó gur thuit
an dorchadas agus gur ghlaoidh an
mháthair isteach ar Eoghainín. Chuaidh
an sagart a bhaile ag machtnamh dhó
féin.



IV.



D'imthigh an Lughnasa agus an
Meadhon Fóghmhair. Bhí an Deireadh
Fóghmhair leath-chaithte. De réir mar bhí
na laetheannta ag dul i ngiorracht bhí
Eoghainín ag éirghe ní ba bhrónaighe.
B'annamh a labhruigheadh sé le n-a
mháthair anois, acht gach oidhche roimh dhul
a chodladh dhó phógadh sé go dil agus
go díochrach í agus deireadh sé —



“Glaoidh orm go moch ar maidin, a
mháithrín. Is beag an spás atá agam
anois. Béidh siad ag imtheacht gan
mórán moille.”



Ghealuigh lá áluinn i lár na míosa.
Go luath ar maidin thug Eoghainín fá
deara go raibh na fáinleoga ag
cruinniughadh le chéile ar bharr an
tighe. Níor chorruigh sé ó n-a shuidh-


L. 91


eachán ar feadh an lae sin. Ag teacht
isteach dhó tráthnóna, ar seisean le
n-a mháthair —



“Béidh siad ag imtheacht i mbárach.”



“Cá bhfios duit, a ghrádh ghil?”



“Dubhairt siad liom indiu é …
A mháithrín,” ar seisean arís, tar éis
sgathaimh dhó i n-a thost.



“Céard é héin, a leanbhín?”



“Ní fhéadfaidh mé fanacht annso
nuair a bhéas siad imthighthe. Caithfidh
mé imtheacht i n-éindigh leo … go
dtí an tír i n-a mbíonn sé i n-a shamh-
radh i gcomhnaidhe. Ní bheitheá uaig-
neach dá n-imtheochainn?”



“Ó! a stóir, a mhíle stór thú, ná
labhair mar sin liom!” ars' an mháthair
ag breith air agus 'ghá fhásgadh le n-a
croidhe. “Níl tú le éalódh uaim! Ar
ndóigh, ní fhágfá do mháithrín agus
imtheacht i ndiaidh na bhfáinleog?”



Ní dubhairt Eoghainín focal acht í
phógadh arís is arís.



Ghealuigh lá eile. Bhí an buachaillín
beag i n-a shuidhe go moch. Ó thús lae
bhí na céadta fáinleog bailighthe le


L. 92


chéile ar mhullach an tighe. Ó am go
ham d'imthigheadh ceann nó péire aca
agus d'fhilleadh arís, mar bheidís ag
breathnughadh ar an aimsir. Fá
dheireadh d'imthigh péire is níor fhilí
siad. D'imthigh péire eile. D'imthigh
an tríomhadh péire. Bhí siad ag im-
theacht i ndiaidh a chéile annsin go dtí
nár fhan acht aon sgata beag amháin ar
stuaic an tighe. Bhí an péire a tháinig
ar dtús an tráthnóna earraigh úd sé
mhí roimhe sin ar an sgata beag so.
Is cosmhail go raibh leisge ortha an
áit fhágáil.



Bhí Eoghainín 'gá bhfaireadh ó'n aill.
Bhí a mháthair i n-a seasamh len' ais.



D'éirigh an sgata beag éinín san
aer agus thugadar aghaidh ar an Domhan
Theas. Ag imtheacht dóibh thar bharr na
coille d'fhill péire ar ais, — an péire
a raibh a nead os cionn na fuinneoige.
Anuas leo ó'n spéir ag déanamh ar
Eoghainín. Thart leo annsin, iad ag
eiteall i n-aice leis an talamh.
Chuimil a sgiatháin de ghruaidh an
gasúirín agus iad ag sguabadh leo
thairis. Suas leo san aer arís, iad


L. 93


ag labhairt go brónach, agus as go
bráth leo i ndiaidh na coda eile.



“A mháthair,” arsa Eoghainín, “tá
siad ag glaodhach orm. ‘Teara
uait go dtí an tír a mbíonn an ghrian
ag soillsiughadh i gcomhnaidhe ann, —
teara uait, a Eoghainín, thar na
fairrgíbh fraochda go dtí tír an
tsoluis, — teara uait, a Eoghainín na
nÉan!’ Ní fhéadaim iad a eiteach.
Beannacht agat, a mháithrín, — mo mhíle
míle beannacht agat, a mháithrín mo
chroidhe. Táim ag imtheacht uait
… thar na fairrgíbh Fraochda
… go dtí an tír i n-a mbíonn sé
i n-a shamhradh i gcomhnaidhe.”



Leig sé a cheann siar ar ghualainn
a mháthar agus chuir sé osnadh as.
Cluineadh gol mná ins an áit uaignigh
úd — gol máthar ag caoineadh a
páiste. Bhí Eoghainín imthighthe i
bhfochair na bhFáinleog.



Chuaidh an fóghmhar is an geimreadh
thart agus bhí an t-earrach ar fagháil
arís. Bhí na coillte fá dhuilleabhar, is
na huain ag méidhligh, is an ghrian ag


L. 94


deallrughadh ar na bántaibh. Tráthnóna
glórmhar san Aibreán tháinig na fáin-
leoga. Bhí solus iongantach ag bun na
spéire san iarthar mar bhí bliadhain an
taca sin. Bhí séis cheoil ag na héan-
laith san gcoill. Bhí duan dá canadh
ag na tonntrachaibh ar an tráigh. Acht
ní raibh aon ghasúirín Fionn-bhán i n-a
shuidhe ar mhullach na haille fá sgáth
na bhfuinnseog. Istigh ins an teach bhí
bean aonraic ag caoi cois teineadh.



“… 'S a mhaicín mhúirnigh,” ar
sise, “feicim na fáinleoga chugam
arís, acht ní fheicfidh mé tusa chugam
go deo.”



Chuala na fáinleoga í agus iad ag
dul thar an doras. Níl a fhios agam
an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na
mílte míle i gcéin … ins an tír i
n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomh-
naidhe.



(A chríoch sin.)





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services