Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Contemporary Account in Irish of a Tithe Affray

Title
Contemporary Account in Irish of a Tithe Affray
Author(s)
de Barra, Dáibhí,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1833
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1960)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Cath na Deachmhún air Thráig Rosa Móire
an ttara lá dho Mhithiomh a mbliaghain 1833



air mbeith dho mhinistirdh Gallda a bhfaltannas Éirionn le tuille
agus trí chéad bliadhan ó chuir an bhanríoghan Eilís mórtháin díobh ann go
giobalach beó bocht gan snógh bídh ná éadaig ortha, go madh samhalta leis an
bpláig lócuistídhe tharraing Maóise air Pharó san Éigipt iad ag
creimirt agus ag ithe toradh na talmhan uile go fórleathan go ná bíoch
baisde, dínnéar sagairt, ná lagchósir ag fearaibh Éireann ná go mbíoch
duine nó dís mhinistirdhe gona mbíoblaíghe Gallda ag síolúgh agus ag múine
an chreidimh Liúteránach dóibh, go náchar fhuathmhaire le fearaibh
Éireann domblas aédh seannachránach do shloga 'na mbrághaid ná aon
fhritiol dá tteagasg do ghlaca asteach 'na ccroidhe ná 'na n-íntinn, go madh
fhéigion do Eilísín sluagh líonmhar 314 armtha do chur ó Shagsaibh 'na
ndáil gur chuireadar na Gaodhalaibh fá chois tré ghoin gai agus cloidhmh,
gur thógadar an deachmhúgh as láimh na sagart agus na hEaguilse Catolice
dá bronadh agus dá tabhairt mar chuid maireamhna don cheithrin
chráosghoileach bhuídhechlíabhach cheirtbhriste dhrochéadaig sin.



2. Agus níor chómhionnann an aoíde do ghnídís féin agus an Eagluis
Chatolice di, óir ó aimsir Naomh Pádruig is amhlaidh bhíoch an
deachmhúgh 'na roinnt thríanta .i. an chéad thrian ag coiméad príobhsgola
suas go bhfachadís bochtaibh agus aosóg Éirionn foghluim agus léaghann a
ttaisce ann; an dara trían ag coiméad bíatach suas ann gach triúcha céad
agus baile fearuinn go bhfachaidís daóine dealbha agus deóruighthe agus
lucht ocrais a sáth ann gacha laói gan fiosrúgh ná fiafraíghe air cheist air
bith do chur orra; agus an treas trían le haigh na hEaguilse do choiméad
suas ionnas nách beithdís mar thromm air an bpobal.



3. Acht cheana, air ngabháil sealbha na deachmhún don dramm
neamhchráibhach sin a ccunntas Dé le toradh cloidhmh agus dorta fola,
badh bheag í mar fháltas a ccúmpráid don amm so ina bhfuilimíd. Óir ní
rabhdar na daóine cómh líonmhar ann gach baile, tír, ná tuaith a bhfearantas
Innis Ealga an tráth sin is táid annois, go ná bíoch aca acht árnéis
cheithir-


L. 10


ionnach agus bpé beagán arbhair do shaothruíghdís le haigh a ccothuighthe,
óir níor thromán dóibh a ccíos ná a rátuídhe le heasbaidh lucht saothrughthe
an talmhan go bhfachadís fearann air neimhnídh. Acht fá mar badh mhaith
an fáltas do 315 chéis bhocht fuighioll muice eile, badh mhaith an fáltas
dona ministirdhe bochta giobalacha gach graisiomal do shlátharuíghdís air measc
bhfear nÉireann mar aon leis an ndeachmhúin. Óir do thógbhaidís
deachmhadh air fhéur agus air arbhar agus air chabáisde agus air lus agus
air bhainibh agus air uain agus laóig agus air lomaruíghe bearrtha, agus
muna mbeach an deichmhadh ann do thógadís an seachtmhadh.



4. Agus ní rabhadar podátaoi a nÉirinn an tan sin go ttugadh a síol ón
Sbáinn Nua dá chéad agus ocht mbliadhna air seasguid roimh an mbliadhain
so 'na bhfuilim ag sgríobh .i. a mbliadhuin 1565. Agus air a ccur dona
daóine air ttúis do mheasag leó gurab íad ná húbhallaibh bhíoch air na
gasaibh badh chuid toradh agus maireamhna iónnta, agus air mblaise na
n-úbhall dóibh níor thaithin síad leó, go nár bhfiú leis na ministirdhe
fáltas d'íarra ortha. Acht air mbreithniúghadh dona saóthruighthe gurab
annsa rúta bhí an fáltas, do chuiridís iad a bpuaithisibh agus a bpollaibh
fá thalamh a lúbaibh cluthara do-fhághala a ndógh nách fachadís na
ministirdhe fuisnéis ná mionthuairisg orra, go rabhadur amhlaidh sin suím
bliadhanta. Acht do bhí gliocus sionnaig agus súile lynx - beathadhach
atá a nAfrica do sháruig gach nídh 'na bheatha air ghéarradhairceacht - ag
na ministirdhe gur tochlag leó iad, go nách fíadach fearaibh Éireann cuid
aonuaire d'fholach ortha dhíobh as sin amach.



5. Air mbeith dhóibh ag rith agus ag mionchuardach eatorrtha tréimhse
fhada do rinneadur comharle eatorra féin fear tánaiste nó prócadóir do
bheith ag gach ministir amhuil bhíos whipper-in ag gach fíadhguídhe chum
sgiúrsála agus cuardaig air gach fánóir mall ná smísdeórtha do bheach lag
'na dhíol fiach gur 316 thoghaibh gach prócadóir díobh sin fear tánaiste
fána bhun féin mar aon le báille drochbheartach míchreideamhnach ag tabhairt
leabharaibh a ccúirte camadhlighthe gur fíor gach drochbheart is méinn leis
an bprócadóir do chur a ngníomh, go bhfuilid amhla sin ó shoin a leith ag
creacha bhfear nÉirionn to ttáinig an leómhan lonardha lánaigiontach do
sheanntreibh chlanna Míleadh Easbáinne .i. Dómhnall Ó Conaill, agus go
ndeachuig a Ríghdháil na Sagsan d'aimhdheóin Gall, agus do rin
cuimiosgúgh mór eatorrtha ag déanamh cirt dá dhútha agus dá chaomhdhúchas
féin .i. d'Eirinn uile go fórleathan, gur órdaig dáil agus tímpsiúgh agus
cómhthionnóil iomdha an gach poróiste ann cheithre hollchúige Éirionn ag
déanamh comharle a naigh na deachmhún agus ag cur petitions do láthair
páirlimint dá saóra ón mbruid éagcórach lánuathmhar sin, ionnas gur
chuireadar uile druím re na díol as sin amach, go mbíodh bóthomáint agus
creacha ag na ministirdhe ortha dá haithle, acht ná tabharadís na
Catolicidhthe feórlinn air aon nídh do thógthaoi a ngeall re deachmhúin go
ccaithidís a leigean uatha dá dhruím sin. Acht cheana, badh mhór duadh
Chonaill gach lá agus oídhche san bpárliment, óir badh easboig Ghallda
agus ministirdhe, agus clann dearbhráthar nó deirbhshéathrach nó comhdhalta
fimín éigin dona ministirdhe badh líonmhaire


L. 11


ann, ionnas go rinneadar féin agus an 317 tÍarla Ríabhach agus a
lorgairdhe an Rígh do thímpchiollúgh amhuil dhéanfach braóilleán gas
fíadhle, go ndeárrnadar tuargna catha nó árdgeneral prócadóirdhe dhe, gur
chuir le na ccomharle dá fhithchid míle saighdiúir armtha go hÉirinn a
tteanta an líon bhí ann díobh roimhe sin air seilbh síochána agus do
thabhairt nirt a láimhe le ministirdhe ag creacha agus ag slada na
nÉirionnach gan truadh gan trócaire.



6. Óir do bhí cúirt agus lucht dlígh dá maóintir féin aca ag tabhairt
prósiosuíghe agus latitats dóibh go ccuiridís íad asteach fána fárdóirse
nó an díon do shraca don tig 's a chaitheamh asteach ann, agus cuid eile
dhíobh do cheangal le snátha air chosaibh lachana agus a tteilgion síos
ansa tsimné; gur tharraingeadur pláig tré na ndrochbhearta air feadh an
náisiúin uile, tré dhíbhfeirg Dé. Óir an té ná bíoch acht leathchróinn a
bhfiacha do curthaói chúig phúint cosduis air, agus mar sin ag méadúghadh do
réir na bhfíacha, go ccantálach ministir luach naoi bpúnt do ghiorrán air
seacht sgillinne agus ann sin do leigeach urchar tríd mar chuid beatha dá
ghadharaibh; agus ministir eile do thógach luach deich bpúnt d'fhéur
thirim air choróinn agus chuireach teine ann dá losga as cómhair na
nÉirionnach ag íarra aid do ghríosúgh chum cogaig a naigh na
n-allmhúrach armtha éachtarán sin; go rabhadar amhla sin agadh fada don
bhliadhain, fá dheóig go raibh an ministir maith, iodhoin Dochtúir Austín
don leath íarthar do Mhainistir na Corann, ag feithiomh re síth nó
síocháin éigin do theacht chum go bhfachach féin a chuid gan 318
chonntabhairt air bith. Óir badh leis deachmhúgh phoróiste Ioma Ghéise
.i. an leath oirthear do phoróiste Charruig Thuaithil, agus áitibh eile dá
éagmuis, gur chuir feasa agus teachta a ndáil Thomáis Uí Bhiarráin, an
prócadóir, agus do nocht agus do sgrúd a choínsias do san ccúis sin amhuil
do rin go minic roimhe sin a bpúngcaibh dochta doréightig. Agus is do
náchar mhisde sin, óir badh fear sleamhuin sanntach caluíghiseach é, do
tógag agus do foghlamag a sgoil na ndéirceach san ccreidiomh Liúteránach,
ionnus go raibh cumann agus cómhghrádh ag an ministir dho. Agus adúbhairt
sin leis go madh chóir dho feasa agus teachta do chur is na catharacha
agus is na bailte móra fá chómhneasa dho, agus sluagh líonmhar armálta do
thímpsiúghadh agus do chomhshláthar, agus prósiosuíghe agus órduighthe eile
do thabhairt agus d'fhriothálamh air lucht na tíre uile do bhí fán'
fhiachaibh, agus náchar bhrise reachta ná creidimh dho a chuid féin do
bhaint amach air ás nó air éigion, "óir is le Dia sinn féin agus ár ccuid,
agus is coga naomhtha é so," ar sé.



7. Do mhol an ministir an chómharle sin agus do chuir fios a ndáil
Phádruig Uí Achíarruinn, an báille, agus badh Chatoliceach sin, gur
fhurálaimh cúbhtha agus dualguis mhóra air, do chionn prósiosuídhe
d'fhreasdal agus d'fhrithálamh ar a chusdamaéirdhe uile, agus go
ccuirfeach gárda dhaingean ládir leis dá dhíon agus dá fhorchoimeád. Locas
an báille an gnó sin, agus adubhairt ná rachach féin a ccóir a mharbhtha air
ór ná air argiod agus ceileabhras don mhinistir. Is annsin adubhairt an
prócadóir, Bhiarrán: "Atá cómharsa agamsa sa Mhainistir dár ccreidiomh
féin .i. Seón Brabistún, 319 agus cé tá 'na Shagsannach níl bior ná
brigúin aige, agus is dógh gur


L. 12


mhaith leis tuilliomh agus tuarusdal d'fhághil, óir is láoch toguídhe
lánacfuinneach é." Air sin cuireag fios air chSeón Brabistún, agus
innistear an sgéal uile dho, agus gabhas do láimh an gnó sin go lúthgháireach
agus adubhairt an ministir an rann so:




"Mo charadh thu, a chSeóin chróga Brabstúnach
don chreidiomh chóir is do mhórfhuil Sagsúnach,
gach a bhfeacasa fós dod shórd táid fearmhúlach,
is nár locair an gnó so fós go caillmhúnach."




Adubhairt Seón:




"Dar lia, a mhinistir, ní smithire ná meatach mall me,
's is fear lán mhisnig chum iomiortha air measc mo namhad me,
níor mhó liom fear díobh do leaga is do chur a bhfanntuis
acht mar badh mhó liom cnaist do alpadh lá dealbh samhraig."




"Beir buadh agus beannacht," do rádh an ministir, "is maith do mhisneach
agus is calma do chéadfadh, agus is fíor gur leatsa is doilge me." Agus tug
mórnán uisge beatha go lantaithniomhach dho re n-ól.



8. Is ann sin cuirios an ministir feasa agus teachta a ndáil sluagh
líonmhar lánarmtha gus na bailte móra badh chómhneasa dho chum gárda agus
teannta do chSeón Brabistún air eagla a mharbhtha don tsluagh
Ghaodhalach san ttrus sin. Agus tángadar chuige ó Chorca agus ó
Eóchuill, agus as áitibh eile, 320 mar aon le hiliomad muca dúbha nó
peeléirdhe ó Bhaile an Choluig agus as na bruachbhailtíghe ina thímchioll.
Agus is uime gláodhtear peeléirdhe ortha .i. ministéir do mhaóintir an Rígh
dár badh chomhainim Peel dá chur a cclódh tré dhrochriún a bPárlimint a
samhuil sin do chlaónarmáil dhéanamh suas a nÉirinn, agus a ndíol do
chur air na feremúrighe a n-ainim íoca nó argiod fearuinn, gur peelers a
n-ainim dá haithle ó badh é an ministéir Peel badh bhun agus badh phréamh
rúta dóibh. Agus níor tháinig ó aimsir Lochlannach dramm badh mheasa ná
iad. Óir ní dheachuig fear deighcháileach san ccóar sin acht straédhirdhe
dealbha díthbháoine agus lucht craosóil drochbheartacha drochcháileacha, go
ná leómhthach each ná bó, muc ná caóira, gabhar ná géadh siúbhal an ród ná
go mbeach air adhastar aige peeléir éigin go bhfachach argiod chum óil as,
agus mórán drochbhearta eile do bheach liosda dhum le sgríobh, go nách raibh
air druím talmhan aon drong badh tharcaisnídhe agus badh fhuathmhaire aige
Gaodhalaibh ná iad.



9. Agus amhuil do ghnídis Tuatha Dé Danann gach aon nídh duaismhar
fá na bhfigfiadh .i. clóca droígheachta, badh hamhla sin dona ministirdhe,
is fá chlóca na dlígh do hoibiríghthídhe leó a ndrochbhearta uile gona uime
sin do chuir an ministir fios air ghiúistís go tigh cúirte nó bórd
giúistísíghe do bhí a n-ainim síochána nó cirt do ríara aige Gleanntán
Leathslíghe .i. leathslíghe idir Chorca Luíghe agus Mainistir na
Corann. Agus cé bhádar dá dhís giúistísíghe ann sin, níor fríth aon díobh
umhal chum teacht acht seannduine 321 biorach sleamhuin ruadh miosguiseach
míriúnach do orangeman dílios dár badh gnáthainim Captaéin Hóre, óir
badh shórd captaéin air loing éigin é roimhe sin, agus


L. 13


lena mhéid do reógaire do rinneadar Sagsannaig giúisdís de mar fá bhéas
leó. Agus tug sin báothógán darbh ainim Marsille Ó Cuimín ó Dhún Citil
leis do bhí tar éis grádh giúisdís do ghlaca air beagán aimsire roimhe sin;
agus mar badh nádúr bog ceannsa é, thug Hóre leis san tturas sin é dá
mhúine.



10. Ann sin air bhfeicsinn don mhinistir gach nídh a nordúgh chum a
thoile do chuir mála beag do chonafás láidir dá dhéanamh agus béaltsrang do
chórdín chruaig chnáibe air shlígh ingiolta chum fáisge faói, agus do líon
do phrósiosuíghe é. Agus ceanglas an córda tíomchall bhrághad agus muinghíl
chSeóin Brabistún air eagla a chaillte san eadargáil do shamhluígheadh
dho a bheith 'na chómhair, gur Seághan an Mhála a ainim as sin a leith.
Agus adúbhairt an ministir an laoi mar leanas:




"Imthig leat feasda, a fhir an mhála;
ná bíoch ort eagla óir is maith do ghárda;
is má dúntar doras ort aímsig poll,
is bíoch rínn do ruisc ortha a bhfus is thall.



Níl dá bhoichtacht teagh gah poll fuinneóige;
nó cuir fén ndoras iad le feidhm is fórsa;
nó léim 'na bhuaic mar léimfach giorraé,
is caith iad síos a bpoll an tsimné.



Air eagla aon namhad theacht anoir ná aníar
leig do chluasa 'na slapair is féuch thort síar,
is má chídhir poll tráthair isna fárdóirse
cuir asteach ann prósios le súil t'órdóige.



Beir leat mo bheannacht mar aon lead chuideachtuin
is cuirfeadsa feasda thu a ttreó mhaith mhaireachtuin,
ní rinnis riabh gníomh is mó n-a mbeidh trácht air
ná an gníomh so annois; beidh sgéal go brách air.




Is ann sin tug an ministir gloine cosárd clogásach agus buidéal
seanabhrannda leis, agus líonas an gloine go bruacháin, agus tabharas do
chSeághan an Mhála dá ól é ionnus go mo mhóide a mheanmuin é re haigh a
aistir agus a thurasa, go ttug sé trí bhogléim a ndoras an halla agus
adubhairt: "Is mór mo mheanamuin agus is ládir mo sbridídhe óna
ccumiosgúgh re sbridídhe mo athar sbridálta; agus bíom ag gluaiseacht
feasda." Agus do chuireadar uile iad féin a ninneal agus a nórdúgh
imtheachta. A n-iomthúsa go n-uige sin.



11. Dála na cCatoliceach do bhí lucht fartha agus forcamháis uatha os
ísiol dá fhéachuinnt créad an chomharle air a ttiocfadh na hallmhúraig.
Agus an tráthnóna roimh an lá cínte a niomsgara laoi agus oídhche, do
fhadóig agus do hadhnadh leó morcthínnte treathanmhóra do shlios mara agus
air árdaibh tulcha a bhfuigse radhairc dá chéile mar chomhartha go raibh an
tóir a bhfogus dóibh, ionnus go raibh an sgéal sin a raé leathuaire air
feadh na


L. 14


críche uile, dá ccur air a mitiol agus air a lánaireachas. Agus ní maith do
éirghe codla ná caomhshuan leó an oídhche sin, óir níor bhfeas dóibh cá
taobh 'na ttúbhrach an sluagh Gallda a n-aigh air ttúis. Ciodh trácht air
n-éirghe don ghréin as driuch na talmhan tromfhóduíghe ina crann
lánshoillseach puble, do chruinnibh 323 agus do thionnóil dronga dona
Catolicidhthe a bhfarraid a chéile ag déanamh comharle agus ríaruighthe
ortha féin. Agus do sheinneadar a stoic agus a n-íodharca bunreamhara
bárrchaola buabhaill agus a ccaismeartha catha uile do thímpsiúgh curadha
fear agus ban agus macaomha 'na ndáil. Acht ní raibh arm faoir ná teine
aca, acht gach n-aon do thógbhan an airm ba fuigse agus badh sholámha dho
leis 'na dheasdhóid dheaghthapaidh go hirimisneach móragionntach.



12. Is ann sin do chuaidh ardcheannaibh na harmála Gallda a ndáil
comharle cá raón sligh 'na ngeabhadís air ttúis. Agus badh híad so ainimna
na ttaóiseach sluagh sin: General Tales, Cornéil Miles don armneach,
Cornéil Turner, Major Miller, Captaen Cromer, Captaéin Ó Briain,
agus mórán eile bheach liosda dhum le na n-áiriobh. Agus adúbhairt an
t-árdgeneral: "Togfam an ród chum Corcuídhe go madh dógh leis na
Gaódhalibh gur ag triall do bhaile bheam, agus tiocfam air an ttaobh caóch
díobh." Agus is amhla rinneadar, gur mheasag le lucht a n-amharca agus a
bhfeithibh go rabhadar ag fille gan fonn díthe do neach. Air sin gluaisid
na dronga cóirighthe le lannaibh agus le gaillionnaibh agus le fiodáin
íarruinn a n-éadach chorcartha agus do mhaise gach datha nó go ttángadar gus
an ccruis don leath oirthear do Charruig Thuaithil, agus d'iompuígheadar
maccúaird don láimh chlí agus tugadar aigh air an bhfairge ó dheas, gur b'é
céad bhaile inna ndeachadar Rós Mhór.



13. Agus do chuir Seághan an Mhála a dhó nó a thrí do phrósiosuíghe a
bhfeidhm ann a cciúmhais an bhaile sol do mhothaig an sluagh Gaodhalach é,
óir do bhí osgal talmhan mar 324 a rabhadar na tighthe. Agus gluaisid
ansin riompa an tráig soir ag cur a ngnótha chum cínn, gur thárla drong dona
Catolice leó, agus adubhradar leó gan teacht ní bhus fuide ós air tí díthe
agus díthbhála dhéanamh bhádar, gur éirghidh imreasán eatorrtha dá
haithle, ionnas gur bhuail Séamus Ó Síocháin .i. glasgharsún, pléasg do
chloich air oifigioch Gallda gur thit fá thalamh gan mheamhair gan raésún
ag tonna fola tar bhéaluibh a lot. Agus do gabhag an garsún leó air sin,
agus táinig an leómhan acfuinneach lánchíocrach .i. Pilib Ó Séathchána ó
Chúirt an Bharraig agus dronga eile mar aon leis agus beirid air an
ngarsún agus gabhaid dá tharraint ó chéile gur bhaineadar don arm Ghallda
é, gurab ann do bhuail fear ón íarthar buille trom tuirteamhuil don bhata
chruaig faoínnse do bhain as a rámhainn le haigh an chatha air pheeléir do
bhí ag déanamh iomarca cleas ag íarra prósios do chur asteach a ttigh ann,
gur theilg naoi ccémionna le fána na trágha é, gur fhan sínte ag tabhairt a
chuid fola.



14. Is ann sin adubhairt an claónghiúisdís Hóre leis na héachtaráin a
ccloimhte agus a sleagha do tharraint as a ttruaillibh taisce agus an sluagh
Gaodhlach do ghearra go talamh gurab é sin amm agus tráth do bhí tromm-


L. 15


shocharuidídhe na cCatoliceach ag tímpsiúgh ó gach áird idir thaóiseach,
ghiolla, bhean agus mhacaomh. Agus gabhaid na mná agus an díosgair sluagh
lán a n-ochta agus a ndóide do hand-granadoes chodroma chómhchruinne na
trágha agus Pilib Ó Séathcháne mar thuargna catha dá ngríosúgh agus dá
ccomhríar, gur thógadar aon gháir catha badh 325 chómhchlos a bhfuigse trí
mhíle shlígh le meanamuin agus le géarchíocras a n-aigh a mbíodhbha agus a
mbithnamhad. Agus táinig Pádraig Óg Ó Murchadha agus Domhnall Ó
Ciarbhie, agus Maitias Ó Mulchatha, agus Riostárd Ó Murchadha agus
Tomás Butléar, agus iomad eile taóiseach badh liosda dhum le sgríobh,
'na rínn thosaig air an ngléirghlantsluagh sin, gur fearthadh gleó
gáibhtheach gráineamhuil agus cath róthromm lándhísgair dianéigneach
eatorrtha, gur theilgeadar an sluagh Catolice trommcheatha cloch do gach
taoibh ina measc go nár bhfeas dóibh cár mhaith dóibh a n-aigh do thabhairt
ag íarra fosg ná comhdhíon. Agus amhuil do ghníoch Hercules na Titans
nó na fathaig do threasgairt le na chliub iarruinn, is amhla sin do ghníoch
taóisig na bhfear nGaodhlach leis na hallmhúraig, óir ní raibh
tairbhe dóibh 'na n-armaibh éadthroma solámha mar do bhí na fearaibh
Gaodhlacha ró-mhitiolacha ró-éadthrom dóibh, agus dhéinidís bloghna beaga
mionraópa dá n-airm leis na sághfacha agus leis na pícídhe agus leis na
hairm eile bhí aca, gur badh iomdha marcach mear meanamnach agus saighdúir
dearg daithionnach agus muc dhubh dhrochfheólmhar do bhí 'na seirgluíghe
treasgurtha ag sile fola agus crú a chuirp air an ttráig tar éis an
mhórruathar sin. Agus do bhí an sluagh Gaodhlach gan fuilúgh gan
fordhearga ortha.



15. Is ann sin adubhairt an giúisdís ruadh leis na Gallaibh púdar agus
pléaribh do chur 'na bhfiodáin agus na Catolicighthe do dhíthúghadh agus
do bhuanmharbhadh ó nách rabhadar a n-acfuinn catha dóibh air aon tslí eile.
Agus badh mhaith leó an cead sin d'fhághil, óir do bhí mórchuid díobh 'na
raibh drochchnuimh fhallsa an tSagsannaig don Éirionnach ag oibirúgh 'na
ccroídhe agus 'na ngoile. Acht cheana, 326 do iompuígheadar na Gaodhal-
aibh máccuairt idir fhear agus mhnáoi, agus tángadar as a ccionn air
shlios na trágha agus maolchlaighidh eatorrtha. Agus táinig drong dona
saighdúirdhe dearga leasmuith díobh a ndógh íad theanntúgh eatorrtha.
Air bhfeicsinn sin don tsluagh Ghaodhlach do tharrangeadar iad féin as dá
cheann a ccampa go ndeachuig drong acfuinneach lánchróga díobh tar na
saighdúirdhe suas, ionnas go ndíoghalfaidís gach díth do dhéanfídhe dá
maóintir.



16. As é sin amm adúbhairt an giúisdís ruadh leis na muca dúbha agus
leis na saighdúirdhe bhí air an ttráig na Gaodhalaibh do lámhach go
ró-thapaidh. Agus do theilgeadar na saighdúirdhe bhí air measc na
nGaodhal iad féin fá thalamh, ionnas go lingfeach na pléaribh dá mbruach,
agus do rin an sluagh Gaodhlach mar íad go ná dearrnag díth do cheachtar
díobh. Is ann sin mar thiocfach brúcht mara le hanfadh gaóithe nó mar chith
clochshneachta do lacht tóirthnídhe ag brise duille agus blátha, is amhla
sin do líng an sluagh Catolice ortha dá múgh agus dá mbuanmharbha, gur
chaitheadar cith cómh tromm sin eatorra gur measadh leó go raibh clocha na
trágha agus an mhachaire


L. 16


uile dá ndeóin féin ag éirghe 'na n-éadan le héigean díbhfeirge agus
díoltais chúcha chionn teacht san tturas sin.



17. Is ann sin táinne Captaéin Bingham ag ríarugh agus ag gríosúgh
an chatha Gallda, agus do bhí each sleamhuin tripionnach árdchosach go
lúth cheithre ccrú faoi, agus casóg chorcartha do éadach Sbáinneach agus
fásáil órchiúmhuiseach ria uime, agus capín clogadach lánmhór agus fleasg nó
pláta fionndruinne a ttosach an chapín sin as ciónn chlár 327 a éadain ag
imdhíon a inchinne air ghoin ná air chruadhbhéim, agus faid láimhe míleadh
do phionna caol iarruinn dianchuíbhrighthe le mong fhada eirboill eich
dhuibh 'na sheasabh suas ón mbannda os cionn a chluaise clí mar
bhláthórnáid, go mbíoch an ghaoth dá luasga chuige agus uaidh air
gach luaghil do ghníoch; agus cloidheamh colgdhíreach claisleathan
caolfhaobharach ina láimh dhaingin doleóinte agus é ag ladra na laoch
Catolice gach amm d'fhíadach teacht ortha, fá dheóig go bhfeacaig an
míleag móragiontach agus an tóir neamhcharthannach agus an tonn bháite
bíodhbha .i. Pilib Ó Séathcháne é. Agus gluaisios fána thuairim go madh
samhalta le Buccephalus, iodhoin tréaneach cogaig Alexander Mhóir é ag
tréanbhuala na trágha go troigéasgo go ttáinig mar a raibh an Centaur.
Agus nochtas a chuisle acfuinneach fhéithreamhar agus gabhas cloch chodroma
chomhchruaig ina dheasdhóid dár badh lán a ghlac. Agus amhuil d'imtheóch
pléar lua as balearian sling n-a ngeabhach teas agus lasair é san tslí tré
iomarca fuinnibh agus fórsa go rug rogha an urchair gan chaime gan chlaóna
gur bhuail an centaur a cclár an uchta, gur thit a ccosgair cró faói
chosaibh an eich. Agus air ttitim dho, do chuaidh an dealgán brosduithe bhí
uim a sháil tré chliathán an eich gur ling air phramsáil agus air léimnach
gur bhris a ionnathar ina chlíabh. Agus d'imthig an capín ag ruailléan le
fána na trágha go ndeachuig san muir, agus seólas an ghaoth amach é agus an
cacade ruainneach mar sheólchrann ann go ndubhairt an dramm 328
mearíntinneach do bhí dá fhéachaint gur ag dul go Sagsaibh do bhí sé ag
tabhairt sgéala an chatha do lucht an Phárliment. Is ann sin do ghlac mire
meanamuin agus árdaigionta an sluagh Catolice gur dhúblaígheadar a
n-acfuinn, agus thomáineadar an sluagh Gallda leis an ttráig go himiol na
mara go ndeachuig mórán díobh gus a n-uchtaibh san uisge.



18. Agus ní bhfuaradar amus ná amharc air chSeághan an Mhála ris an
raé sin, óir do bhí sé cois chlaighidh na trágha agus marcshluagh don
armneach inna thíomcholl dá ghárda. Fá dheóig do ghluais drong do mhná
cróga dá lorg air measc an tsluaigh dár badh díobh Mairghréad agus Cáit
Ní Shúilliobháin, go madh samhalte le Cuilleann Cheannruadh agus le
hIarnait .i. dís inghíon Chonaráin do Thuatha Dé Danann, iad a
misneach agus a mórchrógacht, agus Cáit Ní Ghearailt mar rínn thosaigh
ortha a ndeallramh le Pentisilia, banrioghan na mban ccíochloisgithe, a
n-acfuinn agus a lánmhisneach, agus an chuid eile don chóar ban 'na ndíaig
ag feithiomh gach áird don champa nó go bhfuaradar amharc air. Agus lingid
dá íonnsaidhe, agus badh nár leis teithe ós na mná, agus gabhaid dá chíora
agus dá shraca óna chéile agus ag buala dóirrne minnioca sa smúsaig air, go
ttug sé saomhléim seachanta ortha, gur ghaibh


L. 17


Cáit Ní Ghearailt air fholt agus air fhionnaghabháil é, agus cuirios a
lámh acfuinneach go lántapaidh a ngabhal a thriúis agus tug bogthógbháil
fhearamhúil uréadthrom ó thalamh dho gur bhuail failc dá chreatalach uim
chlocha cruadha na trágha, agus cuirios a troig air a bholg gur cheangail
idir a bonn 's a' 329 talamh é. Agus mar do bhí sé tar éis béile
iomarcach do chuid an mhinistreach do thógbháil beagán uairibh roimhe sin,
do bhí a mhiadal cómh teann le mála píobaire air na líona re gaoth gur chuir
a cheann tuaithil lánghéim bhogbhriste as badh chomhchlos don tsluagh ina
thiomcholl, gur mhúig a ngeangháire air an marcshluagh uile air bhfeicsinn
an chatha sin chSeághain an Mhála agus na mban.



Is ann sin beirios Cáit air an mála dá shraca uaidh gur fháisg an
béaltsranng faoina bhrághid gur chuir faid glaice laoich dá theangain
bhunreamhar bharrleathan tar imiol a chraosbheóil amach, agus do bhí a
n-oirchill a thachtuithe gur tháinne dís don armneach agus claidhmhte 'na
ndóide, agus gabhaid ag bualadh agus ag mille na mban. Is ann sin táinig
garsún deas go troigaósga agus comán ina ghlaic agus téid air an cclaighidh
go raibh a ccomhaóirde riu, agus cuirios a dhá láimh air an ccomán gur
bhuail dá phaóinte an marcach badh fhuigse dho fá bhun an chapín go rin
otharas an' uisinn n-a n-iompóch chúig meóra míleadh ann, gur thuit a
ngaothibh cró fá chosaibh an eich ag tréigion a chuid fola go hiomarcach.
Agus d'éaluig Seághan an Mhála uatha san sparuinn sin.



19. San amm sin do bhádar na laóich Chatolice ag mille agus ag
méirthnúgh na n-allmhúrach air feadh na trágha uile gur theangbhuig
Marsille Ó Cuimín, an giúisdís óg, leó, agus air a bhfeicsinn dho dá
ionnsaidhe, bíogas a chroídhe le sgeón agus le ró-eagla, agus sporas an
t-each ag teithe go ttarla fear roimhe agus píce glanfhaobharach
géarphéacach ina láimh. Agus air bhfeicsinn Chuimín chuige dridios ina
dháil, agus tug fuasmadh don phíce dá ionnsaidhe, agus beirios an t-each
saomhléim seachanta gur tré 330 throig Chuimín do chuaidh an píce
glanghéar sin, gur goineadh é dá dhá rínn go háimseach. Agus téid do lúth
chos an eich go dún Thomáis Copinéar do bhí a bhfogus do gur daingneag na
geatadha air an namhuid, agus titios a néal tré thréigion a chuid fola.
Agus air tteacht as an néal dho as é adubhairt: "Ní cóir dam aithfear do
thabhairt ortha, óir is me féin is ciónntach; agus créad thug ann me?"



Air bhfeicsinn sin don ghiúisdís ruadh as é adubhairt: "A óga, nách
athantar libh mise; agus ná déinig díth dhum, agus gach n-áon díbh gheabhad
sa chúirt le cúis air bith sáorfad é." Agus ní deárrnas díth dho, óir níor
fíadag teacht air.



20. Do bhí ógán mear meanmnach don tsluagh Ghaodhlach ag déanamh éachta
agus ilghníomha an tráth sin gur luig sgiulúch fada buídhe gabhalárd
caolchosach mongmhailígheach do Mhuintir Dhuibhir .i. aon do mhuca dúbha
Charruig Thuaithil, súil air, agus tugas aghudh a fhiodáin air gur chuir
an pléar go lánchruínn tré chlídh saighdúra bhí air ghualainn an fhir
Ghaodhlach, agus tréna fhordhromm amach, gur thit marbh air an láthir sin.
Is ann sin


L. 18


adubhairt Captaein Nangle, agus badh Chatoliceach sin: "As leór sin," ar
sé, "óir atá an fear is fearr air an ttráig a n-arm an Rígh marbh, agus ní
fiú an chúis uile sin." Air sin do ghabhadar lasguine chúcha air gach
leath, agus thógadar an sluagh Gallda a n-othair agus a marbhán leó air
sin. Agus níor leig eagla na nGaodhal dóibh dul abhaile an oídhche sin.
Gurb é sin Cath Trágha Rosa Móire go n-uige sin.




Ní thagaruim puínn dá ngníomhartha acht sgrios ó Dhia orrtha,
is maithios nár ghní a ccuid bídh dá mbuilig bhíata,
acht treasgartha a ccíll nó a ndíg dá n-ithe ag píasta,
gan fachtuin sa tír dá síol acht ionnad a ríana.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services