Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 6 Mi na Márta 1923

Title
Uimhir 6 Mi na Márta 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 6 MI NA MÁRTA 1923 3p. SA MHÍ.



RÉIM NA hUIMHREACH SO Leath.



TRÉIS A THUIGTEAR GACH BEART 103



IOLSGOIL NA MUMHAN. III. PÁDRAIG Ó CADHLA 105



CAOINEADH AN FHIR GASTA EÓGHAN RUADH Ó SÚILEABHÁIN 107



AG SGEITH AN CLOCH-GORM “CLOCH-LABHRAIS” 108



GORT Á T-SIDHE LEÓN Ó BROIN 110



SGOLÁIRE GAN SMACHT “OIDE GAN REACHT” 112



CÁTHOIN A BHEIDH AN GHAEDHEALG DÁ LABHAIRT “FEAR-FEASA” 113



COILLEACH AN MHEÁDHOIN-OIDHCHE SEÁN Ó DÚNAIDHE 117



FOGHAIR NA GAEDHILGE. V PÁDRAIG Ó CADHLA 118



ROSG-CHATHA NA NGAEDHEAL “SEAN-GHAEDHEAL” 119



LÉIRMHEASA 121



COMÓRTAS 122



LEITREACHA 123



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN



(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH AS DÁTA ANN.



FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN



ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



An stoc is mó i n-Eirinn; Fáinní
pósta & Fáinní geallamhainte;
bronntanasaí airgid; córacha
tae & caifí; &rl.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



PIOPAÍ
PETERSON



TÁ CLÚ ORTHA AR FÚD AN
DOMHAIN



Deuntar iad den “Briar Root”
is fearr atá le Fághailt.



Le ceannach i ngach aon Siopa Tabac



Deuntús



KAPP & PETERSON



BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 102


ROINN NA TALMHUÍOCHTA
AGUS AN CHEÁRD-
OIDEACHAIS



Is mian leis an Roinn go dtuig-
feadh an Pobal cad teagasgtar sna
sgoileanna seo:—



1. — COLÁISTE EOLUÍOCHTA NA
hÉIREANN, ÁTH CLIATH.



Do bheirthear cúrsa iomlán teagaisg
do dháltaí na Coláiste i dTalmhuíocht
agus a Co-ádhbhair, Ceimíocht, Fisi-
ceacht, Innleóracht agus Eoluíocht
Nádúrtha. Bronntar suim áirid
Scoláracht freisin gach bliain.



Gheobhfar gach eolas ach sgríobh' in a
choinne chun



An Cláraidhe,
Coláiste na hEoluíochta,
Sr. Uach. Mhuirbhtheann,
Áth Cliath.



II. — SGOIL NA nEALADHAN,
ÁTH CLIATH.



Atá deis thar barr sa Sgoil seo
le eolas a chur ar na hÁird-Ealadhna
agus ar Ealadhna ornáideacha agus
Chearda. Foirbhtear Teagasgthóirí
Ealadhan innti.



Gheobhfar gach faisnéis ach sgríobh' chun



An Cláraidhe,
Sgoil na nEaladhan,
Sr. Chill Dara,
Áth Cliath.



III. — SGOIL TÍOGHBHUIS TIGHE,
TEACH LORGAÍN, ÁTH CLIATH.



Sgoil-chomhnuidhthe í seo a mbíonn
teagasg tíoghbhuis tighe ar siubhal
innti, agus go bhfoirbhtear daoine
innti arbh mhian leo a bheith in a
dTeagasgthóirí san ealadhain sin.



Níor mhór gach sgríbhinn faoi a chur chun



An Rúnaidhe,
Roinn na Talmhuíochta agus Cheárd-
Oideachais,
Sr. Uach. Mhuirbhtheann,
Áth Cliath.



BA CHÓIR A'S BA CHEART
DO GACH FÍOR-GHAEDHEAL
A CHUID URRADHAIS A DHEUNAMH
LEIS
AN GAEDHEAL-COMHLUCHT
TAIGHDE UM URRADHAS
NÁISIÚNTA, TEORANTA



(The Irish National Assurance
Company, Limited)



Is féidir do dhuine gach aon tsaghas
Urradhais a dheunamh leis an gComh-
lucht so:—



AR FEADH SAOGHAIL



AR FEADH TAMAILL



I gCOINNE TIONÓISCE



I gCOINNE DÓIGHTEÁIN



AR GLUAISTEÁIN



MAOIN — £120,000 AGUS TÁ
AN CISTE AG DUL I MEUD
Ó LÁ GO LÁ.



RUD EILE: IS GAEDHIL SINNE.



Árd Oifig:—



30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE,



BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 103


TRÉIS A THUIGTEAR GACH BEART.



Seo é an seumhadh mí de shaoghal “An
Sguab.” Táimíd beo fós, agus níl aon
choinne againn le bás in ao' chor, buidheachas le
Dia, ach táimíd ag fás agus ag dul chun cinn
go maith in áit a chéile. Sa cheud uimhir
dubhramar go mbéidir ná sroisfeadh sé ár
ndaoine muinteara i gConndae Chiarraidhe
agus in áiteanna eile toisg gan traen ná
post a bheith ag fritheáladh ar na háiteanna sin.
Maidir leis sin, tá feabhas beag éigint ar an
sgeul, ach is beag atá, agus is iongantach linn,
chun cuirp-lán na fírinne d'innsint, chó maith
a's a d'eirigh linn d'aimhdheoin na ndeacarachtaí
a bhí 'nár gcoinne. Caithfimíd ár mbuidheachas
do ghabháilt le n-ár lucht léighte agus le lucht
na bhfógraí leis. Anois, ba mhaith linn cur i
gcuimhne dosna daoine a chuir isteach síntiúsaí
chughainn ón gceud uimhir go bhfuil na sé míosa
caithte. Níor iarramar ach síntiús leath-
bhliadhna ortha an uair sin ar eagla ná éireóch
linn an páipeur do choimeád ar siubhal níos
sia ná san, ach táimíd ó bhaoghal anois, agus
dá bhrigh sin, ní misde linn a rádh go mbeimíst
an-bhuidheach dosna daoine sin dá gcuirfidíst
síntiúsaí eile chughainn anois. Tá fuirm fé
leith istigh i ngach cóip den “Sguab” an uair
seo chuige sin. Cé go bhfuilimíd ó bhaoghal
raghadh “An Sguab” in eug go luath maran
gceannóchthaidhe é, agus dá bhrigh sin tá súil
againn go bhfuighfimíd síntiúsaí arís ó gach
aon duine atá ar an liosta cheana agus ó
dhaoine nach iad leis.



Ag moladh muintir an Phuist a bhíomar an
mhí seo caithte. Ach caithfear feabhas mór do
chur ar an sgeul fós. Is mó leitir a mbíonn
moill fada uirrthi ar an tslighe nuair ná bíonn
ach Gaedhealg ar an gclúdach. Bíotar ag
sgríobh chughainn 'á ngearán mar gheall air,
agus ag iarraidh orainn an sguab do
láimhseáil feuchaint an bhfuighmíst iad do
bhrostú agus d'fheabhsú. Cuid desna rudaí
seo a gearántar, tá siad go dona, agus tá
daoine muinighneacha i n-iuil iad do chruthú.
Ba mhaith leo dá dtabharfaimíst chun soluis
cúpla sampla den fhaillighe seo, ach dá ndonacht
é ní bhacfaimíd leis. Dá mbeadh an Rialtas
ar fad chó maith le hAireacht an Phuist do
bheadh cúis na Gaedhilge níos fearr as ná mar
atá. Agus dála an sgéil, ba cheart do gach
aoinne gur taitheach leis a chuid leitreacha do
sgríobh i nGaedhilg cóip de “Post-Sheanchas”
d'fhagháilt. Is mó duine ná léigheann é, agus
maran úsáidtear an focal ceudna a's atá sa
leabhar sin ní dheunaimíd mórán iongantas de
go dtéidheann leitreacha amú sa Phost.
Nílimíd á rádh ná go bhfuil rudaí bun os
cionn ann, ach aon duine ná fuil sásta leis
an nGaedhilg tugtar ar a áith chomhnuighthe i
b“Post-Sheanchas” ba cheart dó sgríobh chun
Árd-Oifig an Phuist ag innsint dóibh go bhfuil
ainm eile ar an áit seochas an ceann atá sa
leabhar oifigiuil. B'fhearr le daoine áirithe
Caisleán Uí gConaing ná Caisleán Uí Chonaill,
cuir i gcás, agus Ráth Maonas ná Ráth Ó
Máine, agus mar sin de. Má's go dtí áit
bheag iargcúlta atá leitreacha dá saghas ag
dul ní haon iongnadh é ná sroiseann siad go
léir. Agus tá daoine eile ann agus baineann
sé le deallramh go gceapann siad ainmeacha
dóibh féin ar áiteanna. Cúpla mí ó shoin
fuaireamar sgeul ó fear i gCo. Mhuigheó:
“Innisgeithe Ó Dheas” an seoladh do thug sé
dhúinn. Do sgríobhamar chuige fé dhó á admháil,
ach do chuir muintir an Phuist ár leitreacha thar
n-ais chughainn toisg nár airigheadar trácht ar a
leithéid d'áit riamh.



Bhí tagairt againn an mí seo caithte do cheist
chánach. Ba cheart cáin trom do chur ar an
dream a thugann amach mionfhógraí i bhfuirm
billeoga ar na sráideanna. Tá siad ag eirghe
uathbhásach i mBaile Átha Cliath. Daoine gan
náire iseadh iad. Bíonn cuid aca ag iarraidh
iachall do chur ort rudaí do cheannach agus cuid
eile ag innsint duit gur chóir go raghfá go dtí
a leithéid de thigh pictiuir, agus mar sin de.
Is cuma tábhachtach nó suarach iad, sé an deire
ceudna a bhíonn ortha — caitheann na daoine
uatha ar an tsráid iad. An lá fé dheire bhí
Cearnóg Phárneill clúdaighthe le billeoga dá
saghas síos go dtí íomháigh Phárneill — píosaí
suaracha páipéir, buidhe agus dearg agus
uaithne, agus iad caithte mór-thimpeall agus
'á séideadh ag an ngaoith. Do bhuaidh sé ar a
bhfaicighmear riamh de neamh-chruinneas. Níl


L. 104


lá de n-ár saoghal ná cidhimíd an rud ceudna
timpeall ar Droichead Uí Chonaill agus i ngach
áit i lár na cathrach, agus táthar ag díospóir-
eacht i dtaobh cathair áluinn do dheunamh de
Bhaile Átha Cliath, cathair oireamhnach mar príomh-
chathair tíre neamhspleádhaigh, agus gan aon pioc
de spioraid na tíoramhlachta sna daoine atá
'na gcomhnuidhe ann.



Tháinig fuath againn don rud an lá eile,
agus do sgríobhamar an méid adubhramar
romhainn annso. Ach as a mhagadh féin is maith
an rud é gur cuireadh an “Greater Dublin
Reconstruction Movement” (mar a thugtar air)
ar bun. Is cuma an bhfuil an ceart aca sna
pleananna mholaid nó ná fuil, táid ag tabhairt
adhbhar machtnaimh dosna daoine agus ag teas-
báint dóibh ná fuil an chathair gan locht mar
atá sí, agus nár mhór dúinn tabhairt fé'n
obair in am. Mar adubhramar cheana, ní
fhanann muir le fear ualaigh. Do b'fhánach an
rud é, agus eugcóir ar na daoine bochta leis,
a bheith ag caitheamh mórán airgid ar oibreacha
móra, nuair ná fuil mórán práidhinn againn
leó go ceann tamaill, ar son an chathair do
mhaisiú amháin — nuair a thiocfadh an t-am tioc-
faidh an chlann. Chó fada a's a bheidh sé le rádh
ag an saoghal go bhfuil 18,097 líonta tighe i
mBaile Átha Cliath gan ach aon seomra amháin ag
gach ceann aca, agus a lán rudaí eile níos
measa arís ná san, 'sé an cheud rud ba cheart
dúinn tabhairt fé, agus gan a thuille moille
leis, ach é sin do leigheas. Is fíor go bhfuil
leath an tsaoghail marbh ag an leath eile. Cúis
náire dhúinn, don náisiun go léir, iseadhé-h
cúrsaí gearáin, cúrsaí galair cuirp agus
aigne, agus cúrsaí cora. Is dócha go mbéimíd
leamh dínn féin tréis tamaill nuair a chuimh-
neomuid go bhfuighmíst tighthe do thógaint don
chuid is mó desna daoine ná fuil ach cúinní
seomra agus póirsí mí-shláinteamhla aca fé
láthair leis an méid airgid atá caillte i ngach
slighe ó thosnuigh cogadh an fhill a's an achrainn
seo againn.



Ach san am ceudna ba cheart plean deimh-
nightheach do shocrú roimh-ré conus atáimíd chun
an chathair do leagaint amach as an nuadh nuair
is acfuinn dúinn é dheunamh. Ní mór dúinn
an ceirí do dheunamh chó fairsing leis an
gcnad, ach caithfimíd cuimhneamh go gcromfar
ar an obair ar an mball, mar dá mbochtacht
sinn is éigin dúinn rudaí áirighthe a bheith againn
ná fuil againn anois. Árd-Oifig an Phuist,
cuir i gcás, agus Tigh an Chustuim, agus Árus
an Oireachtais. Sop in ionad sguaibe atá
ann anois le h-aghaidh na rudaí sin. Ní gádh
aon deitheanas a bheith orainn má bhíonn an
plean ar fad socruighthe roimh-ré. Ach sin í
an adhb. Is eagal linn go dtógfamuíd an
cheud choiscéim gan feuchaint romhainn go
cúramach. Deirtear gur san Oispideul
Ríoga i gCillmhaighneann a bheidh Tigh an
Oireachtais. Béidir gur ceart go mbeadh,
agus béidir nach ceart. Tá an iomarca
Coimisiuin curtha ar bun cheana ag an Rialtas
mar adubhramar cúpla mí ó shoin, ach isé an
chúis a cuireadh ar bun iad ach chun ceisteanna
achrannacha do chur ar ath-ló. Sa cheist seo is
dóigh linn gur cheart coimisiún nó coiste fé
leith do cheapadh chun é do phlé agus an rud
ar fad do chur tré chéile.



An gnáth-dhuine nuair a bhíonn sé ag tagairt
do phríomh-chathair cuimhnigheann sé ar na
ceannaibh is mó — cúpla ceann speisiálta mar
Páras nó Lonndan nó an Nuadh-Eabhrach. Ach
ní gádh dhó. Tá cathracha ann, agus príomh-d
chathracha oireamhnach do thíortha móra tábhachtacha
gan ach an méid ceudna daoine ionnta a's atá
i mBaile Átha Cliath .i. leathistigh de limisteur
an D.M.P. Tá 660,000 pearsa i mBrussels,
500,000 sa Róimh, 170,000 in Aten, agus 450,000
i gCopenhagen. Cé déarfadh nach príomh-
chathair breágh an Róimh? nó má luadhmíd
príomhchathair tíre ar chó-mhéid le hÉirinn, ná
beimíst sásta dá mbeadh Baile Átha Cliath chó
háluinn le Copenhagen? Agus táimíd gan
Árd-Eaglais agus gan Tigh Oireachtais annso.
Stair na tíre is cionntach leis sin, gan dabht.
Táimíd gan Tigh an Chustuim anois agus gan
na Ceithre Cúirte (an dá árus is breághdha a
bhí againn agus iad oireamhnach d'aon phríomh-
chathair sa domhain). Ach tá rudaí againn ná
fuil in áiteanna eile: tá sráideanna breaghdha
leathna agus caladhphuirt buailte suas le lár
na cathrach; agus rudaí ná feudfaidhe dheunamh
dá mbeadh sparán na sgillinge againn; ní gádh
dhúinn ach marcuidheacht cúpla pingin do
thógaint sa tram chun a bheith ag snámh sa
bhfairrge glan gorm nó ag dul ag siubhal
imeasg na sléibhte bhfiadhain bhfolláin. Toisg
é sin a bheith amhlaidh beidh seans maith ag Baile
Átha Cliath san am atá le teacht, agus toisg
gur tír feirmeóireachta agus ní tír tionnsgal
í níl buaidhte ar Éirinn fós ach an oiread, dá
olcas é an sgeul anois.


L. 105


IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH.



III.



AN EAGLAIS AGUS AN GHAEDHEALG.



Leag an t-easbog amach réim Teagosc Críos-
tuidhe i gcóir páistí na scoile seo againne:
(1) Teagosc Críostuidhe (Ó Laoghaire); (2)
Soiscéil an Aifrinn (Ó Laoghaire); (3) Mín-
iughadh an Aifrinn (P. Denn); (4) Roint
ceachtanna ón Scrioptúir Naomhtha. Ní raibh
de locht againn air acht gur theastuigh uaidh go
mbeadh na páistí in iúil ar roint ceisteanna
sa mBeurla a fhreagairt ag tagairt do Dhia
agus do bheatha Íosa. Chuir sé i gcuimhneamh
dhúinn sceul a airighmís in ar n-óige i dtaobh
'Caoideach Gabha. Tháinig an sagart chum an
'Chaoidigh seo chum an fear bocht a ullmhughadh
chum báis agus nuair a bhí a fhaoisdín éistighthe
aige agus an ola dhéidheanach curtha agus gach
aon sólás tabhartha aige don bhfear bocht agus
é chum imtheacht leis abhaile, ghlaoidh an Caoideach
thar an ais ón ndorus air. “Mo dhearmhad, a
Athair,” ar sé sin, “bhfuil Gaedhealg ag Dia?”
“Ó, atá,” arsaigh an sagart. “Maran bhfuil,
a Athair,” ar sé sin, “tá breall ar an
gCaoideach.” Ní mar sin féin adubhairt sé é
acht mar adeurfadh aon fhear cois luaithe.)
Maran bhfuil aon fhagháil againn-ne dul go
dtí na Flaithis gan eolus ar Dhia a bheith againn
sa mBeurla beidh sceul an Chaoidigh againn.



Bhí sé dh'órdughadh ag an sagart óg teacht
chugainn gach aon tseachtmhain chum feuchaint
i ndiaidh an Teagosc Críostuidhe. An cheud lá
a tháinig sé thosnuigh sé leis an mBeurla.
Chaitheas-sa a rádh leis ná raibh aon Bheurla a
chuigint ná ar aon chor ar siubhal againn 'sa
scoil so. “Cad a dheunfad-sa, má's eadh?”
ar sé sin. “An deabhas a bhfeadar me, a
Athair,” arsaigh mise, “maran éisteofá liomsa
á gceistiughadh.” “Is dócha ná fuil aon rud
eile le deunamh agam,” ar sé sin, ag cur a
thoil le toil Dé. Thuigfeadh sé an Ghaedhealg
go maith acht ná raibh an léigheamh ná an
scríobhadh aige. Is mó sagart ar m'eolus a
thug an Ghaedhealg leis ó ucht a mháthar agus
nár leig an leisce (nó béidir an droch-mheas
dí a chuaidh in achrann in a chuid fola agus in
a chraitheacha le linn is é ag fagháil a bheusa
agus a theagosca i gColáiste na Sagart), nár
léig sé dhó an léigheamh agus an scríobhadh
d'fhoghluim riamh. Tá seandhríodar an deall-
radhamhalachta agus an galántachta san fós in
an-chuid aca. Bhítí ag magadh fútha is na Coláistí
i dtaobh an blas a bhí ar a gcuid Beurla agus
chuirtí an milleán ar chaint na Gaedhilge bhí
aca agus bhíodh na hoidí agus na sagairt ag
gabháil dóibh chomh mór sin gur tháinigh fuath
agus gráin aca dhí. Ba é an sceul ceudna
ag scoileanna na mban-riaghalta é. Creid
uaim-sa é gur mó a mhill an dá nídh seo an
Ghaedhealg ná aon ní eile i gcurtar marbhughadh
na Gaedhilge in a leith. Tá ceannta mór, mór
ag an Eaglais sa méid so, agus ní fheadar an
bhfuighfear é mhaitheamh go deo dhóibh. Feuch an
méid sagart i nDúthaigh Déiseach a thug an
Ghaedhealg leo ó bhroinn a máthar agus na
fuigheadh seanmóin i nGaedhilg a thabhairt uatha
anois. Deireann cuid aca na “Gnímh,” agus
gheobhaidís iad a rádh chomh maith leis an leabhar
iompuighthe síos suas. Ní chuirfidís de dhuadh
orra féin an léigheamh a fhoghluim in a cheart.
B'fhearr leo a bheith ag bóiceáil as an mBeurla
bhíonn aca — ní miste dhóibh, mhuise.



Is maith is cuimhin liom an chéad bhliadhain a
tháinig an t-easbog. Bhí gasra maith de leanbhaí
na háite againn chum a chur fé Láimh Easbuig
agus a dteagosc go léir aca as Gaedhilg dar
ndóigh, acht cá bhfuighbhthí sagart chum iad a
thriail? B'shin í an cheist.



Bhíomair annsin i gcúinne beag den séipéal
gan aoinne ag feuchaint orainn, gan aoinne ag
cur isteach ná amach orainn. Bhí gach aon
órdughadh agus gleithearán agus leathadh-ladhar
ag oidí, sagart, agus easbog thimcheall ar
pháistí an Bheurla. Ní hamhlaidh ná raibh a fhios
aca go rabhamair ann; chuireasa féin leitir go
dtí an Easbog agus go dtí sagart an pharóiste
roimh ré dá chur in iuil dóibh go raibh a leithéidí
i gcóir agam. Ní shaileoch' an sagart óg a
lámha linn; ní chuirfeadh sé i gcuimhneamh don
Easbog go rabhamair ann. Nuair a bhí an
sceul ag imtheacht ró fhada agus nuair a bhris
ar an bhfoidne agam chuaidh mé go dtí an
Easbog agus dubhairt mé go raibh páistí na
Gaedhilge ag fuireach le n-a dtriail fós.
D'iarr sé go háimhleasc ar shagart áirighthe bhí
ann an gcuirfeadh sé cúpla ceist orra. Chuir.
Ní bhfuigheadh sé an Teagosc Críostuidhe a
léigheamh ró mhaith, agus nuair a chuireadh sé an
cheist ní bhíodh sé dh'uain aige a bheith ag éisteacht


L. 106


leis an bhfreagra acht é ar a dhícheall d'iarraidh
an cheud cheist eile a dheunamh amach é féin.
Ó, nach amlach an dream sinn, go bhfóire Dia
orainn, agus gan aon náire orainn. Chuir
obair an lae sin i dtuigsin dom níos mó ná
aon rud a casadh riamh orm an peaca mór
trom atá anuas ar guailne na hEaglaise i
dtaobh marbhughadh na Gaedhilge. Cuireadh i
dtuigsin go soiléir do gach aoinne den phobal
sin an lá sin (gach aoinne a raibh aon súile in
a cheann) sceul an Chaoidigh bhoicht. Nuair a
tháinigheamar amach as an séipeul agus nuair
a bhailigh gach aoinne thimcheall ar lucht na
“standingí” chum oráistí agus craicirs agus
arán-sinséar a cheannach bhí ceann de bhuachaillí
na Gaedhilge d'iarraidh é féin a bhrughadh isteach
gairid do bhean na steotair chum luach a
phinginín féin d'fhagháil nuair a rángaidh ceann
de bhucs an Bheurla roimhe sa tslighe agus
adubhairt, “Keep back ou'r that, shu' you had
only Irish prayers,” níor dhein mo bhuachaill
acht druideamhaint siar uaidh agus é a bhualadh
le saidhm de dhorn isteach idir an dá shúil —
“Anois, fait ú saé,” ar sé sin. “Mhuise,
nár bhaine an diabhail an bhais díot-sa, a
Bheibirligh,” arsa me féin im' aigne féin, “tá
an spunc ionnat, pé sceul é.”



Tháinigheamair abhaile agus nuair a bhí greim
dinnéir ithte agam shuidh mé síos agus bhí mé
ag deunamh mo mharanna ar pheictiúirí agus ar
shomplaí an lae sin, agus is mó rud a bhí ag
rioth tré m'aigne i dtaobh tíre, agus teangan,
agus creidimh. Níorbh' iongnadh leat, a mhic ó,
dá ndeurfainn leat go raibh mé breun de
an-chuid rudaí agus go raibh mé roinnt durtha
ón saoghal. Trí bliadna in a dhiaidh sin
bhíomair ann arís lá an Easbuig agus b'é an
sceul ceudna againn é, nó ní ba mheasa.
Níor cuireadh aon triail in aon chor ar pháistí
na Gaedhilge, acht nuair a tháinig an t-Easbog
chum iad a chur fé n-a láimh chrom sé ar cheist-
eanna i mBeurla a chur orra — “sceul an
Chaoidigh arís,” arsaigh mé féin liom féin.
Fágaimís mar sin é mar sceul in ainm Dé;
cuireann sé canncas agus seirbhthean orm
cuimhneamh air. Feuch go mbíonn aiteas ag
baint leis an Easbog féin. Tá a fhios agam
Easbog anois atá ag deunamh a dhíchill chum
meas agus urraim a theasbáint don Ghaedhilg
— an meas agus an urraim sin a cheil sé uirre
i dtosach a réime — agus cuireann sé ceist-
eanna ar na páisdí nuair a bhíonn sé dá gcur
fé n-a láimh, ceisteanna i mBeurla chum iad a
fhreagairt as Gaedhilg, mar seo:— “Tell me,
what is man, in Irish?” “How do you say
‘Good day’ in Irish?” agus mar sin. Caith
do thuairim leis an obair seo, a mhic mo
chroidhe, agus innis dom cad is dóigh
leat?



Deir sé leis na daoine go gcaithfear suim
a chur sa nGaedhilg as so amach, agus is d'réir
an fhreagra a gheibheann ar na ceisteanna so
romham annso nó a leithéidí a thugann sé a
bhreath ar chúrsaí na Gaedhilge i ngach sgoil.
Cuimhnigh air!



Bhí mac deirbhshéar don Dochtúir Ó Síothcháin
agus mac deirbhshéar don Athair Mhícheul Mhac
Craith, C.Í., dá gcur fé Láimh Easbuig agam an
bhliadhain so agus a dteagosc go léir 'sa
nGaedhilg aca, agus mar sin bhí dath ag teacht
ar an sceul againn.



Caithfidh an Eaglais iompó ar an Ghaedhilg
a leigheas go dian agus go dícheallach má's
maith leo an sean-mhilleán atá orra in a taobh
a chur díobh suas. Tá an choir go trom orra,
agus ní bhfuighidh siad dul ó bheul na ndaoine.
Ní thógfaidh aoinne orainn a bheith i gcoinne an
chléir ar an sceul so maran gcuirfidh siad an
croth ceart orra féin i dtaobh ath-bheochant na
teangan anois.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNEACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.


L. 107


FILIDHEACHT.



CAOINEADH AN FHIR GASTA.



EÓGHAN RUADH Ó SÚILEABHÁIN cct.



I.



Céad slán chun gach rígh-fhear
Bheadh páirteach do'm shlígh-se
I dtigh an tábhairne do shuídhfeadh
Le h-ínntinn ag ól,
Do thráighfeadh na fíonta
Gan grascar, gan bruídheanta,
A's amáireach dá druím sin
Ná goíllfheadh air brón!
Mar ní mise an Poc Seó
Do chruinnígheas an-t ór,
Dá bhailiú go fíor-bhocht
A's daoine eile 'á ól.



II.



Bíon bálthaigh le cínnteacht
Ag fághail cámuis air shaoithibh
I dtigh an tábhairne do shuídhfeadh
Le h-íntinn ag ól;
Is tláth bheidh an bhuídhean san
A's is fánach a gcríche
Agus fágfhaid na mílte
Go cruínn n-a gcuid stóir,
'Nuair a síntear é air bórd,
A's gan tuínte air a thóin,
Bíon a bhean súd 'á chaoine
Le laoíthibh gan chóir!



III.



Ní raibh trácht air na gníomharthaibh
Bhí i bPárus na Traoí shoir
Ná i Gheáson do síolthaigh
Tar taoíd leis an-t sheód!
Laéchradh na Craoíbhe,
Ná an-t é sin do chlaoidh Tailc,
Ná an Caésar chuir cíos air
Na taoisigh go leór —
Do bhronnfhadh saé an mhóin,
A's geach tabhrthas d'á shórt, —
Geach acra bhí aige
Ach gan brígh a bheith n-a dhóid.



IV.



“Ó, mo chás a's mo sceímhle
Tú air chlárachaibh sínte!
A's go bráth bead id chaoineadh
Go dtíghidh air mo ghlór.
Dar lámha mo shínnsir
A's a mbeith láithreach le síneadh
Dob'fheárr liom airís tú
Ná mílte dhen ór!” —
Ní íosfhaidh sí “teóst,”
Níl suím aici i ngnó,
A's ní fhágfhaidh sí an chíll
Ó n-a buídheanach go déo!



V.



“A cháirde mo chroídhe istig,
Tíghidh láithreach im thímcheall,
Nó ní fhágfhad-sa tuínte
Air aén taoíbh díom gan stróic.
Ní stánfhadh de'n scríob san
Go mbáidhtear sa Laoí me,
A's go bráth bead á chaoíne
Mo chaoín-fhear dar ndóigh!”
Bu raímhe leat geach deór
Bhíodh síos le n-a sróin,
A's í ag bagairt ós íseal
Air scaoínse fir óig!!



“AN FILE BUILE”
do sholathruigh.



DÉINIMÍD-NE



DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS
FIRCÍNÍ



as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír
na hÉireann agus is againn atá ceann de na
tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó
in Éirinn.



Tá bosca an ime, bosca na
cáise, bosca na n-ubh, bosca an
éisc, a's na barrailí le fagháil
annso — an t-adhbhar is fearr agus
marga maith.



Déintear annso iad.



Gach fios agus faisnéis uainn-ne —



SEUMAS MAC MATHGHAMHNA
(TEOR.)
i LUIMNIGH


L. 108


AG SCÉITH AN CHLOCH GHORM.



Céard is eadh an fheirmeóireacht. Ní raibh a
fhios sin agam-sa agus mé ag obair do m'athair
'sa bhaile ar an bhfeirm, acht do cuireadh ar mo
shúilibh dom é nuair tháinig mé go dtí an baile
mór. Fear do bhí sa mBannc (im' chléireach
bainnc a bhíosa leis) do bhí garraidhe reachtais
aige, agus is dócha gur thug sé fé ndear snódh
na gréine agus na gaoithe orm-sa mar an
dara lá d'á rabhas i n'fhochair, d'iarr sé orm
teacht amach an tráthnóna sin ag feuchaint na
mbarraí bhí aige. Do chuaidh mé, agus is mar
gheall ar ar thuit amach tá mé chum trácht
annso.



Tar éis té bhíomar chum dul amach agus ní
raibh a fhios agam féin ar cheart dom dul
mar do bhí mé nó mo chulaith Dhomhnaigh do
chur orm. Ar eagla na h-eagla do chuir mé
orm é, agus ba mhaith an rud gur chuir, mar
bhí seisean gleusta suas go deas leis, acht
amháin go raibh mála 'n-a láimh aige mar bheadh sé
ag dul ag imirt peile. Nuair shroicheamar an
gáirdín do theasbáin sé dom na saghasanna
prátaí agus inniún agus cabáiste agus eile
do bhí aige, agus do b'iongna leis a n-ainm-
eacha go léir do bheith agam gan déanamh acht
feuchaint orra — do bhí píosa páipéir agus an
ainm air ag bun gach phaiste aige féin.
Cuibheasach gan bheith maoidhteach, adéarainn, a
bhíodar mar bharraí, acht do mhol mé go h-árd
dó sin iad, agus do bhí áthas air. Do mhol
seisean go h-árd an tuigsint do bhí agam-sa
leis — nó cá bhfuair mé an t-eolus go léir?
Nuair bhí cuaird an gháirdín tabhartha againn
do shuidh sé síos ar an gcinnfhearann agus
d'oscail an mála. Do bhí cúpla plannda
cabáiste le cur aige, adubhairt sé, marar
mhisde liom fuireach.



Peidhre sean-bhróg do bhí sa mhala aige agus
slaitín tomhais, roithleán téid, agus leabhar.
Thóg sé amach iad agus do chuir na bróga air,
agus annsin chuamar síos mar a raibh an
leabadh síl. Do bhí ramhann i bhfolach i gclais
fé's na crannaibh prátaí gairid do'n leabadh,
agus fuair sé í. Annsin d'oscail sé an
leabhar.



Teagasc ar chionnus cabáiste do chur do bhí
sa leabhar, agus ní fhéadfainn gan gáire ná
fuigheadh sé dhéanamh i n-eughmais a leithéid.
Acht bhí an scéal níos measa nuair do chuir sé
an leabhar n-a phóca agus thosnuigh ar an
dtalamh do leagaint amach leis an slait agus
an teud, agus annsin an t-aoileach do leathadh
mar bheitheá ag crothadh salainn ar do dhinneur!
Agus cad é an díoghbháil dada acht an crot
do bhí air féin chum na h-oibre go léir — gan a
chasóg do bhaint de, ná a bhóna, ná a chufaí,
ná an t-uaireadóir do thógaint as a phóca ná
beadh samhthach na rámhainne ag dul i n-achrann
ins an slabhradh gach 're nóimid air! Sa deire
rug mé ar an ramhainn uaidh agus dubhras leis
na planndaí do sháthadh im' dhiaidh. Do dhein,
agus cúig nóimid ní rabhmar leis an gcuid
eile acu.



Moladh? Buidheachus! B'éigean dom dul
abhaile leis chum suipéir, agus, fé'r scaramar
le n-a chéile, bhí socair aige go spréachfadh sé
an chloch ghorm ar na prátaí i mbáireach! Bhí
an stuif aige agus an gleus agus gach aon
rud — muna raibh mé ag dul i n-aon áit eile?
Ní rabhas, agus, dar ndóigh, dá mbeinn féin
…! Chuaidh mé abhaile.



Do bhí saghas amhras agam ar cad do bhí
romham agus a fhios agam cad é an saghas rud
é an chloch ghorm, agus do chuireas sean-chasóg
orm agus bríste anairte thug bean an tighe
dom. Ní dhéanfadh sé an gnó ar aon chor
siubhal i n-aonfheacht leis siúd agus iad sin
orm tríd an sráid, agus d'fhan mé ag feuchaint
amach an fhuinneóg go bhfeicinn ag dul thart é.
Chonnaic mé i gcionn tamaill é. Ní h-aon
sean-chulaith do bhí air acht é mar ba ghnáthach
leis, agus an mála 'n-a láimh aige mar do bhí
indé roimis sin. Tamall tar éis dó dul
thart chonnaic mé asal agus trucail ag teacht,
bairille sa trucail agus garsún ag tiomáint.
Thuig mé gurbh é an stuif do bhí ann, agus
chuaidh mé amach.



Bhíomar ag leanamhaint a chéile soir an
tsráid, eisean ar dtúis agus gan aon suim
aige in aon rud, an t-asal agus an garsún
annsin, agus mise ar deireadh agus mé ag
faire orra araon. Maith an áit a rabhas leis.
Ag dul timcheall cúinne do'n asal chuaidh roth
de'n trucail anáirde ar an gcosán agus amach
ar an mbóthar leis an mbairille stuifh!



Cad do dhein mé? Ní h-eadh, acht cad do
dhein an Garsún? Do rith sé i ndioidh an
“duine uasail” agus thug thar ais é chum an
bhairille thógaint leis. Do bhí mise ann rómpa
agus nuair thánadar níorbh aon mhaith cheilt a
thuille an pháirteachais do bhí eadrainn; thóg-
amar an bairille, agus an fhaid do bhí seisean
ag glanadh a chod' éaduigh agus é ag tabhairt
íde do'n gharsún, do bhí mise ag taoscadh suas
an mhéid de'n stuif d'fheudfainn le sean-
sháspan fuair mé sa trucail. Do bhí scata de


L. 109


dhaoscar na sráide bailighthe timcheall orainn,
dar ndóigh, agus iad 'ghá innsint d'á chéile cia
h-iad sinn agus gach aon rud mar gheall
orainn. Do shiubhlamar an chuid eile de'n
tslighe le cois a chéile — dá mhéid aithis agam'
shean-bhalcaisí á thabhairt d'á chulaith ghalánta
siúd, ná ag an asal agus an sean-bhairille
dúinn araon.



Nuair shroicheamar an pháirc adubhairt mise
go rachainn fé'n ghleus, acht ní leigfeadh sé
dhom; níorbh bheag a raibh déanta agam ag
sábháil an stuif, agus go rachadh sé féin. Do
bhí saghas culaith-bhealach de phígheamas sa mhála
aige, agus chuir sé air iad, acht mar sin féin
ba scrupal liom an sean-inneall do cheangailt
ar dhuine chómh beárrtha, deagh-chúmtha, agus
dubhairt mé leis é. Ní bheadh sé sásta.
B'éigean dom é chur air, agus siúd ar fuaid
na bprátaí é.



B'fhéidir nár oibrigh an léightheóir gleus
scéidhte riamh? Saghas bolg é acht é deunta
de stáin, píopa amach as fé mar bheadh i bpíb
ceóil agus an pampa fé t'uillinn go gcaithfeá
bheith ag séideadh leis. Dála na bpíobaí, is
fuiris go leór é d'oibriú nuair bheadh taithighe
agat air, acht go dtí go mbeadh, ní fhaca tú
riamh acht an útamáil dhéanfá — nuair bheadh
t'uillinn ar siubhal, is suas fé d' chluais bheadh
gob an phíopa agat, agus annsin nuair rachadh
steall de'n stuif san aghaidh agus ins na
súilibh agat, stadfá de'n séideadh, dar ndóigh,
agus b'fhéidir go dtuitfeadh an gleus ar fad
as a chéile. Sin é bhain dom' charaid. Níor
chuimhnigh sé ar an ndá thráigh nár mhór d'á
ghobadán fhreasdal, agus isteach i mbrollach a
léine fé n-a smig d'imthigh an cheud séideán!
An dara iarracht, bhí an píopa ceart go leór
aige isteach fé's na crannaibh prátaí agus é ag
siubhal leis nuair thug mise fé ndeár ná raibh
an uillinn ag obair aige ar aon chor, agus
b'éigean dó tosnú arís! An tríomhadh iarracht,
do chuir sé dáiríribh chuige — ró-dháiríribh,
b'fhéidir — mar ná raibh sé imighthe i bhfad síos
an chlais uainn nuair do scar scrogal an
phíopa leis an ngleus, agus siúd an stuif ag
brúchtadh amach agus síos a dhrom agus a chosa!
Do chuir mé liúgh asam agus ritheas d'iarracht
air.



Do ritheas d'iarracht air, acht ba bheag an
mhaith dom é leis an ngáire. Bhí sé annsúd
agus an rud mí-ádhmharach aniar air ag dortadh
an chloch ghorm síos baic a mhuinéil, agus
sreanng air a d'iarraidh é chaitheamh de agus
ná fuigheadh. Bhí an píopa 'n-a láimh aige i
gcomhnuidhe, acht bhí a hata tar éis tuitim de,
agus bhí sé ag satailt air sin agus an chloch
ghorm ag rith anuas a chosa air. Bhí na crainn
phrátaí pasáilte, briste, aige ar feadh cúpla
rámhan 'n-a thimcheall ar gach taobh, agus, díreach
agus mé ag breith ar ghualainn air chum é
chasadh timcheall agus an gleus do réidhteach
de, baineadh barra-thuisle as, agus thuit sé
siar ar idir gleus agus bolg agus eile sa
phluda! Bhí a ghnó déanta.



Do thóg mé é dar ndóigh, agus do ghlan mé
chómh maith agus d'fhéadfainn, acht caithfidh mé a
admháil go rabhas i riocht scoilt orm le gáire
ar feadh na h-aimsire. Ní raibh leigheas agam
air — dá mbadh ná beadh aoinne ann acht an
bheirt againn chaithfinn gáire, acht bhí an garsún
ann leis, agus clab go cluasaibh air. Eadrainn
do réidhtigheamar an scéal i ndiaidh a chéile,
agus annsin shiubhlamar i dtriúr suas go dtí
an trucail. D'fheuch mise isteach sa bhairille.



“Tá taoscán fós ann,” arsa mise.
“Tabhair dhom an t-inneall go scéithfidh mé
orra é agus gheóbhmuid teacht arís i mbáireach.”



“Ní dhéanfaidh tú,” ar seisean, “ná ní
thiocfaimíd i mbáireach, ná go deó arís. An
ghaoth ruadh go mbeiridh leis iad mar phrátaí!”
agus do chaith sé na giúirléidí go léir, agus
an mála, agus na pígheámas, i n-aon charn
amháin isteach sa trucail agus dubhairt leis
an ngarsún ghlanadh abhaile as sin leótha. Do
dhein an garsún rud air, agus do leanamair-
ne é.



Ní'l a thuille le h-innsint acht amháin go raibh
sé ag fearthainn fe'r shroicheamar an baile.
Dá mbeadh na prátaí spréachta féin ní bheadh
aon mhaith ann.



“CLOCH LABHRAIS.”



TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Ueillington
i mBaile Átha Cliath



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.



70 Suainliosa.



Solus Eleictric.



An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
agus an freasdal ar fheabhus.



An díol-fiach réasúnta.



BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
“RESTAURANT” atá ag gabháil leis.



An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin”



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.



Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.



Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.



Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”


L. 110


GORT A' T-SIDHE.



I.



Stop an traen ag Gort a' t-Sídhe agus
thúirlingeas. Stáisiún an-bheag é Gort a'
t-Sídhe agus é suidhte go gleóite áluinn i
n-íochtar gleanna — croinnte cuilinn ar leathadh
in a mhór-thimcheall agus ar síneadh aníos fad
cliatháin na gcnoc. Tháinic máistir an stáisiúin
i leith chugam. Ba mé an t-aon duine amháin
a d'fhág an traen agus níorbh' iongnadh sin ar
uaigneas na h-áite agus a fhaid ó bhaile mór.
Thugas mo thicéad dhó.



“Dáltha an sgéil,” ar sé, “an tusa Mac
Uí Mhathghamhna a bhí le theacht ar cuairt ag
Muinntir Uí Dhomhnaill.”



D'fhreagraigheas go mbadh mé an duine
céanna agus go rabhas ag déanamh iongnadh
nach rabhadar beirt nó duine aca ar a laighead
ag an stáisiún chun castála orm.



“Ó! ní thig leó teacht,” arsa mo dhuine.
“A n-athair a bhí thar lear i Sasana Nuadh le
tamall bliadhan, tá sé ag filleadh 'na bhaile
anocht agus d'imthigh Eithne agus Maolmhuire go
Baile Átha Cliath ar an traen deiridh. Dubhairt
Maolmhuire liom a rádh leat dul ar aghaidh go
dtí an teach, go bhfuil eolas na slíghe agat
agus go mbeidh tú i ndon aire a thabhairt dhuit
féin go dtigidh siad meadhon-lae amáireach.”



Ghabhas buidheachas dhó agus thosaigh ar
m'aistear.



Badh é an lá do b'áilne dhá dtáinic le fada
bíodh is gur Satharn i ndeire an Earraigh a bhí
ann. Bhí cuireadh fáighte agam ó mo bheirt
charad agus chinneas ar dheire na seachtaine a
chaitheamh ina dteannta ag Gort a' t-Sídhe —
atá ar na h-áiteacha is uaignighe agus is deise
ar m'eolas. Sa litir, dubhairt Eithne go mbéadh
duine aca ag an stáisiún romham, ach tráth 's
gur thárla nach raibh neart acu ach dul go dtí
an chathair, ba chuma liom féin.



Uair amháin eile a bhíos ar cuairt aca.
Bhíos féin agus Maolmhuire díreach tar éis ár
gcéimeanna a bhaint amach san Iolsgoil agus
ba mhaith ba chuimhneach liom an glionndar a bhí
orainn agus an deifir abhaile im ghluaisteán.
B'éigean dom dhul trí cheanntar Ghort a' t-Sídhe
agus d'fhágas Maolmhuire slán sábháilte ag
innseacht sgéalta na leath-bhliadhna dhá dheirbhshiúr
dathúil, Eithne.



Óig-bhean dathúil ab' eadh í, gan aon dabht,
agus na smaointe a phreab im aigne, b'fhéidir,
ar shamhlú dhom áilneacht a h-aighthe agus feabhas
a méinne a shocraigh dhom dhul chuca ar cuairt,
faoi mar d'iarradar. Is ionmhuin liom
uaigneas, sgaithte. Ionmhuin liom breághthacht
radhairc tuaithe, ach — beodhacht agus óigeántacht
mná is annsa liom thar gach ní.



Is uirri a bhí mo chuimhneamh freisin tráth ar
thugas do na buinn ésoir an bóthar ó'n
mbóthar iarainn i dtreó a tighe. Rith na
smaointe cos i n-áird' liom agus b'í mo bhé
ba chroidhe-lár is do b'imeall dóibh go léir.
Rinneas dearmad féachaint ar an tír chnocaigh
chraobhaigh atá gan samhail i n-áit ar bith, ar an
spéir dheirg chorcra sin nach bhfeictear ach 'san
Earrach i nGort a' t-Sídhe. Rinneas dearmad
tamall do thabhairt ar bhruach Loch na Riasgach
agus na fuaimeanna ceolmhara sin — bog-
bhualadh uisge ar chloca trágha nó paoit-paoit
na n-éan n-iol-dhathach — is aoibhinn lem' chroidhe
d'éisteacht. Is innte a bhí mo smaointe i
bhfastódh. Níor chuimhnigheas ach uirti gur bhain
stad dom ar aghaidh an tighe amach.



Eithne Ní Dhomhnaill, chuimhnigheas, agus í
amháin a d'fhéadfadh an slacht agus an mhaise
sin a chur ar an ngarraidhe. Trí gheata iarainn
a tháinic tú agus suas casán. Bhí na bláthanna
ba ghreanta is ba ghleóite cuma is dath fighte
fuaighte tré liatháin lúbacha ádhmaid a bhí
clúmhdaighthe le h-éidhinn agus a shín os cionn
do mhullaigh. B'ait a gcosamhlacht. B'ait a
mboladh …



Timcheall agus timcheall an gharrdha shiubh-
laigheas. Bhí an-leagan amach déanta air.
É roinnte i n-a ghiodáin agus an uile chineál
bláth ag fás ionnta. Le ciumhais na gcasán
thart bhí clocha soilbhreacha marmair. Ar na
casáin féin bhí mion-chloca agus gairbhéal
leathta 'gus sgartha go deagh-nósach, gan ribe
féir gan fionntairt le breathnú — gach ní ar
fheabhas an t-saoghail.



Faoi dheireadh thiar, tar éis lán mo shúl de'n
iongantas údan d'fháil, thugas m'aghaidh ar a'
teach. Ní rabhas chomh siléigeach istigh. deirim-se
leat. D'airigheas an t-ocras ag tigheacht orm
agus thosaigh ag ollmhú béile. Lasas an lampa
agus tharraing anuas na dallógaí ar na
fuinneóga. Ba ghearr go raibh an citeal ar
an stóbh ag amhrán go croidheamhail, uibheacha
cnagtha is ag preabadh ar an bhfriochán agus
roinnt sliséidí bagúin ag déanamh coidrimh
leób. Thugas sgiúrd isteach go dtí an párlús
idir dhá linn agus chuir cipín leis an teinidh.



Níorbh' fhada an mhoill orm ag críochnú mo
shuipéir. Is eagal liom gur itheas thar an
gceart mar ba mhian liom “na cnámha a
shíneadh” ar mo shocamhlacht tar a éis. Isteach


L. 111


sa bpárlús liom. Bhí an teine faoi'n taca seo
ina caor dearg teasa. Tharraing mé leabhar
a luigh ar an mbord chugam agus theann aníos
cathaoir bhreágh uileann gur shuidh mé innte.
Uch! nach mé bhí sásta san domhainín seo an
uaignis. Lán, suidheachán compórdach, teine
ag róstadh mo lurgan is barr mo chos, leabhar
aoibhinn im ghlaic …



Seadh! déarfainn gur leabhar aoibhinn
taithneamhach an leabhar sin, ach ní mórán de a
léigheas. Léigheas an chéad chúpla leathanach,
sílim. Ach ní cuimhneach liom céard a bhí ionnta.
Ní cuimhneach liom ná teidiol an leabhair.
Sháith mé uaim é agus bhreathnaigh isteach sa
teinidh … Bhíos ag bordáil codlata.
Caithfidh sé gur thuiteas i dtoirchim suain.
Rinneadh taidhbhreamh dom.



II.



I nGort a' t-Sídhe a bhíos go fóill, ach a
leithéid d'atharrú is a bhí tagaithe ar an teach.
Bhí an párlús faoi mhaol ag daoine de'n uile
chinéal — an saidhbhir agus an daibhir — an críon
is an t-óg — iad bailighthe i dteannta a chéile
ag siosgadh is ag caismirt go lúthgháireach.
Fíon dhá ól. Amhráin dhá gcanadh. Damhsaí
ar siubhal. Traoslú agus comhgháirdeachas d'á
dhéanamh. An focal molta i mbéal 'chaon
duine. Sinn-ne beirt — Eithne agus mé féin —
a bhí geallta agus b'eó suipéar speisialta i
n-ár n-onóir.



Plód millteach dem' shean-cháirde Iolsgoile
a bhí timcheall orm féin. Iad meidhreach mór-
ghlórach. Gloineachaí ina lámha faoi thuairim
mo shláinte. An t-ádh is an séan dhá ghlaodhach
anuas orm féin is ar bhé mo smaointe.
Glagar cainnte agus cnagadh gloineachaí i
ngach ball. Dair fiadh! Nach orm a bhí an
glionndar croidhe is an aoibhneas aigneadh.



Cé raibh Eithne? d'fhiafraigheas de Mhaol-
mhuire. “Tuige nach bhfuil sí anuas go
fóilleach?”



An freagra a fuaireas go raibh sí imthighthe
ag an stáisiún chun teangmhála le n-a h-athair
a bhí ag filleadh ó'n Oileán Úr d'fhonn bheith i
láthair ag an bpósadh. Féach! go fiú an athar
bhítheas sásta le n-ár gcleamhnas.



Maith an smaoineadh! Rachainn chuig an
stáisiún ina diaidh. Ár ndó! níor cheart
dom leigint d'Eithne dhul ann léi féin an
tráth so d'oidhche. Cá bhfios céard a bhainfeadh
di. Ní bhéinn i bhfad ag tigheacht suas léi ar
an mbealach.



Chabhraigh Maolmhuire liom chun mo chóta chur
orm. Rith mo cháirde, mo chompánaigh Iol-
agoile, amach fá mo dhéin. “Sláinte an Uasail
Fhóghanta” go fothramach ar siubhal aca. Níor
thaise do na cailíní sin. Níor mhian leo an
ceann do b'fhearr a leigint leis na fir. Amach
ar a n-aghaidh rith péire díbh de sgiteán chun
doras an halla d'fhosgailt dhom.



“Ní bheidh mé i bhfad, a Mhaol …”
Sgréach mná — sgréach dalbaidhe céasta a chosg
an focal im bhéal.



“Eithne!”



Ritheas chun an dorais. Bhí beirt fhear ann
agus Eithne dhá h-iomchar aca. Leigeadh anuas
ar an urlár í. “Marbh,” dubhairt duine aca
i gcogairín.



“Marbh!” adubhairt an sluagh de chogar ní
b'ísle.



“Marbh! Marbh! Eithne marbh!” sgreadas
go h-árd. Chaitheas mé féin síos le n-a h-ais.
Chuimileas lámh dá bruasa. Corraighe ní
dheárnadar. Bhí a dhá gruaidh bán fuar. Luigh
sí annsiúd gan mothú gan árann. Uch! nach
mé a ghoil go truaighmhéálach ina diaidh. Nach
mé a phóg go díl díocrach na lámha — lámha a
bhí chomh stuamdha deiseamhail sin indé. Bhí mo
chroidhe stractha ó chéile …



… Chualas bualadh tréan. Dhúisigheas.



I gcomhla an dorais sheas Maolmhuire.
D'fhéach sé orm, ach níor labhair. Go dtí an
tolg a luigh faoi'n bhfuinneóig shiubhal sé.
Chuadhas chuige agus leag mo lámh ar a ghualainn.



“A Mhaolmhuire, a dhuine, céard é?”



“Eithne,” ar seisean. “Tá sí … marbh
… báidhte.”



Shíleas gur stad mo chroidhe gan gog. Ní
fhéadfainn siolla do luadh. Ar dtús,
b'fhacthas dom gur mhaith liom glam gáiridhe
do chur asam.



Lean Maolmhuire air i nglór sluachtach.



“Barraidheacht glionndair a bhí uirri a
h-athair fheiceál. Nuair a bhítheas ag feistiú
luinge díreach roimh leigint do na daoine
dhul i dtír, Eithne, a bhí ar thaoibh na céibhe
d'fhéach le léimt ar bord. A Dhia! shleamhnaigh
a cos fúithe … thuit … bhuail a ceann
i n-aghaidh taoibh' na luinge … síos …
léi … Báidhte, a Thiarcuis, báidhte. Eithne
bhocht.”



Ní fhéadfainn tadaí a rádh. Ní fhéadfainn
fanacht sa t-seomra. Dhá bhfanainn sa tseomra
leis, rachainn ar buile. D'fhágas é.



Amuigh ar an staighre bhí cnap. An t-athair
agus é ag cur a chroidhe dhe amach le teanna gola.



Ritheas ins na fásgaí teo ó'n teach is níor
stad go dtáinic go dtí an stáisiún.



LEÓN Ó BROIN.


L. 112


SCOLÁIRE GAN SMACHT.



Ag trácht ar scoláirí, agam-sa athá an ceann.
Seáinín is ainm dó agus 'sé a athair ar aith-
bhreith é (Sátan an leas-ainm atá ar a athair,
atá fhios agat). An lá fá dheire bhí me i riocht
me cheangal nuair ná faghadh aoinne sa bhuidhin
a innsint dam cad ba bhrígh do x nuair ab
ionann 4x agus 12. “Bhuel, tá buaidhte
agaibh,” arsa me i ndeireadh, “nó ní fheadar
an é an x beag aonair seo atá ag cur measgán
mearaighe oraibh.” Gháir Seáinín agus chuir san
ar neul me. “Cad atá ad chur-se ag gáire?”
arsa me leis. “Rud ait, mhuise, a mhaighistir,”
arsa sé sin; “bhí mé ag cuimhneamh ní fheadar
dé méid x dúbalta a chuirfeadh mearbhall
múinte ort féin.” Bhí an cat as an mála
orm. Choimeád tinneas nádúrtha mar dh'eadh
ón scoil me an lá roimhe sin.



Bhí me lá eile ag tabhairt ceacht stáire agus
tír-eolais uaim agus pé tagairt a bhí agam
ann do bhiadh, dubhairt me go raibh tíortha san
Euróip 'na n-ithtear slithidí (seilmidí). “Agus
a n-itheann siad aon rud eile 'na dteannta, a
mhaighistir?” arsa duine desna scoláirí. “Ia,
ithid, a mhic ó,” arsa mise. “Bíonn árd-bhéile
aca, bíonn gabáiste agus … Cad atá ad
chur-se ag gáire, a Sheáinín?” “Rud ait,
mhuise, a mhaighistir,” arsa Seáinín; “bhí me ag
cuimhneamh ní fheadar ciaca badh ghéire raghadh
ar an ngabáiste, na slithidí nó an té bhea dhá
n-ithe.” Chonnách geur orm é, níor innis me
dhóibh nach beo ithtear na slithidí.



Nach bocht an cás dam é ag an scoláire gan
smacht so agam. “A lucht an ainbhfiosa,”
arsa mise lem bhuidhin scoláirí an lá eile,
nuair bhí ag teip orm rud simplí do chur i
dtuiscint dóibh, “dá mbeadh bhur gcinn go
léir le chéile bheadh adhbhar droichid d'adhmad
ionta.” “Agus bíomaí cruadha faghartha faoi
a dheunfadh bóthar buan de,” arsa Seáinín ag
cuimilt cliatháin a chinn. Ba chuimhin liom
annsan gur bhuail sé a cheann i gcoinne mo
chinn-se an lá roimhe sin nuair a bhíomar ag
imirt peile ar bhán na scoile.



Acht cá'l mo chúrsaí gearáin-se nuair ná
téigheann an sean-focal féin saor ón dailtín
scoláire seo? “Dé chúis gan tusa ag
scríobhadh chomh maith le cách?” arsa me leis
uair. “Lem mhéaranna, an eadh?” arsa sé
le searbhas. “Led pheann, a thubaisteoirín,”
arsa mise leis go bagarthach. “Tá sé ar
iarraidh uaim, a mhaighistir,” arsa sé go húir-
íseal. “An ní ná cailltear, faghtar,” arsa
mise, “téighir is loirg é.” “Ní móide gur
fíor san,” arsa sé, ag éirighe go háithleasc,
“mar is minic go mb'fhusaide a fhághail a
chailleamhaint. A fhinnéidheacht san ort féin
ná fuair an coileáinín d'imthigh amudha uait
gur cailleadh é.” Níor 'láir dó a ghiorracht
don doras bhí sé.



“OIDE GAN REACHT.”



TOGHA AGUS ROGHA
de Leabhraibh Gaedhilge



Sin atá le fagháil ó



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACH. NA
DRISEÓIGE.



Ag a bhfuil an chnuashacht is
fearr i mBaile Átha Cliath dá
leithéid.



Tógtar fé ndeara nách gádh
Beurla do labhairt 'sa tSiopa so



IMTHEACHT NA nGAEDHEAL



Chomh Fada as a bhíonn obair le fagháilt ní gádh
dosna Gaedhilgeoirí imtheacht thar lear.



Teastuigheann uainn,



1. Congantóir abhfuil eolas aige ar gnó
grósaereachta i mBaile átha Cliath.



(agus an Ghaedhealg aige dar ndóigh).



2. Tiománuidhe ghluaisteáin.



(Feuch Fógra mór, leathanach 115 den “Sguab” so.)



Sgríobhaidh chun muintir uí Raogáin, Sráid Dásún
a 54, Baile Atha Cliath.


L. 113


CÁTHOIN A BHEIDH AN GHAEDHEALG DÁ
LABHAIRT IN ÉIRINN?



Is eadh! cáthoin?



Ní fhuil annsin acht d'réir mar a chuirfimíd
chuige. Ní eireochaidh linn an Beurla a bhrúghadh
amach go deo maran leagfaimíd sinn féin
amach go lom, láidir, dáiríre don ghnó. Tá
gob agus crúcaí Sean-Chailleach an Bheurla
sáidhte chomh daingean sin ionainn gur deacair
a greim a bhogadh. Tá a crúcaí sáidhte go dtí
an smior aici ionainn.



Is eadh, acht, dar ndóigh ná fuil órdughadh na
Dála aici go gcaithfidh sí an tseilbh a thabhairt
suas. Adeir na riaghalthóirí gurb' í an
Ghaedhealg teanga na tíre seo.



Ní bhogfaidh an méid sin chum siubhail í,
geallaim duit. Sin í an cuirpteoir ná fuil
sé chomh fuiris sin a bhogadh. Coimeádfaidh sí
greim “an fhir bháidhte” orainn chomh fada ada in
Éirinn as a fheudfaidh sí é. Caithfear a bheith
ag bearradh na sciatháin mhóra, leabhaire atá
aici chomh minic a's is féidir é; agus ag
gearradh na h-iongainí fada, cama, geura atá
sáidhte in acrainn aici ionainn. Caithfear a
bheith dá piocadh 'dá ghiobadh, agus dá chrádh 'sa
tslighe go gcaithfidh sí cur dí dá haimhdheoin.



Dá mbeadh a chiall cheart aici bhogfadh sí
léi i mbárach agus fhágfadh sí i dteannta sinn.
Sin é mar a bheadh sí suas linn.



Nár chóir gur amhlaidh bheimís ag baint na
sála dá chéile ag cur teicheadh agus ruagant
uirre. Ní headh, acht coimeádfaidh cuid againn
(agus ní beag an chuid é) “greim an fhir
bháidhte” uirre sin chomh daingean agus a
choimeádfadh sí sin orainn-ne é.



Cadé an tslighe is mire agus is túisce a
chuirfí an teicheadh uirre? Tá an cheist seo
réidhtighthe ag an Dochtúir Ó Corcoráin, Árd-
Ollamh re hOideachas i gColáiste na hIol-
scoile i mBaile Átha Cliath dhúinn san uimhir
deirionnach den “Irish Monthly.”



“Chum go mbeurfadh an Ghaedhealg an ghreim
cheart orainn,” deir sé, “go gcaithfear scoil-
eanna fé leith a chur ar bun in gach aon chathair,
in gach aon bhaile, agus in gach aon sráidhbhaile
ar fuaid na tíre agus na páistí go léir ón
a trí go dtí n-a seacht mbliana dh'aois a
bhailiughadh isteach ionnta; múinteoirí oireamh-
nacha ón nGaedhealtacht a bheidh oilte ar a
ngnó a chur i mbun na hoibre; an obair a
bheith ar siubhal ionnta cheithre lá dhen tseacht-
mhain; gan aon rud acht caint na Gaedhilge a
bheith ar siubhal ionnta ó mhaidin go hoidhche;
gan aon smacht a bheith ar na leanbhaí acht an
méid a bheadh orra ar a dteinteán féin 'sa
mbaile; amhráin agus imirt agus caitheamh-
aimsire 'sa nGaedhilg a bheith aca; dhá mhéile
bídh 'sa ló a thabhairt dóibh an fhaid a bheidís
'sa scoil; an lá oibre a bheith ó n-a deich a
chlog go dtí a trí, &rl. 'Sé sin, in aon
fhocal amháin baile ceart Gaedhealach a dheunamh
den scoil dóibh; an Ghaedhealg bhreágh, bhuacach,
bhríoghmhar a theannadh leis na leanbhaí boga
óga 'sa' tslighe go raghadh sí in achrann go
daingean docht in a gcroidhe agus in a
scartacha. Gheobhthaí an mhaith cheudna a dheunamh
le ceud leanbh ar an dul so agus a dheunfaí
le deicheanbhar.”



Sin í an chaint a bhfuil an toirt innte. Tá
croiceann agus deallramh ar an sceul sin;
sin í an tslighe chum dul in achrann 'sa phréimh.



An bhfuil aon rud dá bhacadh dhúinn tabhairt
fé ar an dul sin? Ní fheicim go bhfuil.



Agus an raghfar i mbun a dheunta mar sin?
Béidir go raghfaí agus dhá bhéidir eile ná
raghfaí.



Is ait an dream sinn. Tá a fhios agam-sa
daoine a bhí ag caint go hárd le fiche bliain
ar árdán Árd-Fheise agus Fó-Fheise — daoine
a chuirfeadh iarbaill ar chait nó cosa cruinne
fé chearca dhuit le n-a gcuid Gaedhilge agus
a thóg a gclann gan focal den Ghaedhilg sin in
a mbeul aca. Agus ní bhíodh náire orra.
D'fhágadar ag na scoileanna le deunamh é.
Bhí an sceul aca mar a bhí ag an bhfear nár
chuir an t-athchré leis na prátaí agus nuair a
fhiafruigheadh de 'dé chúis nár dhein is é an
freagra bhíodh aige acht: “D'fhág mé fé Dhia
iad agus d'fhág Dia fúm féin iad agus mhill-
eamar eadrainn iad.”



Do réidhtigh daoine mar “Marbhán,” Seán
Ó Catháin, Seumas Clandiolúin, Domhnall Ó
Buachalla, Seán Ó Séaghdha, Pádraig Ó Cadhla,
Eumon Mac Giollaiasachta, Seán Gúrdún,
agus go leor eile nach iad i gceart-lár na
Galldachta, réidhtigheadar sin an cheist seo
dhóibh féin gan fuaim gan fothram a dheunamh
in a thaobh. Sin iad na daoine gur fiú a
áireamh san obair. Nárbh' cháileamhail agus
nárbh' mheastamhail an liosta a dheunfadh sé dá
mbeadh ainmneacha na ndaoine seo go léir
againn .i. na daoine leath is amuigh dhen


L. 114


Ghaedhealtacht a thug an Ghaedhealg agus an
Ghaedhealg amháin dá gclainn in a dtógaint.
Tá a fhios agam go maith an trioblóid agus
an duadh a fuair cuid aca dá dheunamh — eagla
a gcroidhe orra go séidfí aon phuithín den
mBeurla in a dtreo. An costas agus an
trioblóid agus an crádh-croidhe a gheibhdís ag
soláthar cailíní aimsire ón nGaedhealtacht —
agus cuid aca san nuair a gheibhtí iad béidir
ná labharfadh an Ghaedhealg leis na leanbhaí
(mar nach mar a chéile ar fad an Ghaedhealg a
bhíodh aca féin agus bean an tighe), agus go
gcaithtí iad a chur chum siubhal arís agus ceann
eile a sholáthar. Agus annsin nuair a fhásadh
na leanbhaí suas insan aois chum dul go dtí
an scoil ná feadar an t-athair cá gcuirfeadh
sé iad gan dada acht na scoileanna Beurla
in gach aon áit rómpa agus na páistí bochta
i gcontabhairt an Ghaedhealg go léir a chaill-
eamhaint arís. Sin iad na daoine a raibh an
croidhe daingean láidir aca don Ghaedhilg.
Dheunfadh sé leabhar maith suimeamhail dá
scríobhfadh gach aoinne aca a n-eachtraí féin ar
an sceul.



Tabhair fuláramh dóibh, a Fhir Eagair, a
n-ainm agus a sloinne agus a n-áit chomhnuidhthe
a sheoladh chugat chum iad a thabhairt chum soluis
'sa “Sguab.” Sin iad na daoine gur chóir
d'Aire an Oideachais comhairle a ghlacadh leo
chum leasa na Gaedhilge. Is aca san atá
fios, fáth, agus fúinnimend an scéil.



Thóg “Marbhán” agus Seán Ó Catháin a
gclann féin ar an dul so i lár Bheulfeirste
thuaidh. Dhein “Marbhán” úsáid den Chóir-
Aithris (Pónograf) chum na sean-amhráin a
sholáthar dá chlainn agus fuaireadar na
duaiseanna ag an Oireachtas in a dhiaidh sin
béidir gan an Ghaedhealtacht d'fheicsin riamh.



Is iongantach an dáiríreacht agus an
dúthrachtacht a bhíonn in daoine bhreis ar a
chéile. Tá duine ar m'aitheantas agus nuair
a fhógair sé gur theastuigh uaidh gurb' í an
Ghaedhealg a bheadh ag a chlainn thosnuigh a
mháthair — bean ós cionn trí fichead bliain d'aois
is dócha — thosnuigh sí ag foghluim na Gaedhilge
'sa tslighe go mbeadh sí i n-iúil ar í labhairt
le clainn a mic. Tá sí ag treabhadh agus ag
fuirseadh le “Séadna” anois agus ag caint
na Gaedhilge leis na leanbhaí. Is mór an
congnamh leanbhaí mar seo chum Gaedhealg a
mhúineadh do dhaoine fásta.



Is eadh, is gairid a bheifí ag foghluim na
Gaedhilge acht cur chúiche go dáiríre. Cuireadh
leanbh im' chúram-sa uair — leanbh trí bliana
d'aois — chum caint na Gaedhilge a mhúineadh dhó.
Is é an Beurla bhí ag a mhuintear go léir 'sa
mbaile. Bhí inneal beag an Bheurla socair
go deas cóirithe istigh in a chloiginnín beag
agus caint an Bheurla dá mheilt aige chomh
deas chomh pras agus a bheadh ag aon leanbh
dá aois; bhí smeara fé na rotha, cnoí fáiscthe,
an chóir ar inneal, agus gach aon rud ar
leigint chum na hoibre. Bhí an oiread le rádh
aige-sin liom-sa an cheud lá a's a bhí agam-sa
leis — an Beurla ar stealladh aige-sin agus an
Ghaedhealg agam-sa. Níor leig mé aon rud
orm, agus níor tháinig me treasna air ar aon
rud a bhí le rádh aige. Níor leig mé orm
gur theastuigh uaim go gcaithfeadh sé uaidh an
Beurla agus go bhfoghluimeochadh sé an
Ghaedhealg. Lean mé orm ag caint ar na
rudaí a raibh dúil aige sin ionnta — ag tabhairt
gach aon chongnamh dhó, le teasbáint agus
bagairt, mo chaint-se a thuigsin. Tá a fhios
agam go mbeadh sé in iuil ar iarracht a
dheunamh ar chaint na Gaedhilge a thabhairt thar
an ais dom i gceann na seachtmhaine dá mba
rud é go bhfágfaí im' chuideachtain ar fad é,
acht ní bhíodh sé im' fhochair acht on a haon-deug
'sa ló go dtí a dó. Bhíodh sé ón a dó go dtí
a haon-deug lá ar n-a bháireach i bhfochair a
mhuintire féin, agus choimeád sin rotha an
Bheurla ar inneal i gcomhnuidhe. I gceann dhá
mhí 'seadh dhein sé aon bhogadh chum cainte na
Gaedhilge liom. As sin amach ní raibh aon
trioblóid agam leis; thuig sé gurb' í an
Ghaedhealg mo chóir cainte-se agus ná raibh a
malairt agam mar nár airigh sé riamh a
malairt uaim. Bhí an chóir cheudna anois aige
féin, agus gach aon am a bhínn-se i n-a chuid-
eachtain ní chuimhneochadh sé ar aon chóir eile a
chur ag obair acht í. I gceann scaitheamh eile
bhí an dá chóir chomh phras aige; agus i gceann
bliana nó mar sin bhraith mé go raibh cóir na
Gaedhilge ag breith buaidh ar chóir an Bheurla,
mar go mbíodh an-chuid daoine eile dhem'
iongnais-se ag caint na Gaedhilge leis — bhí an
Ghaedhealg 'sa chomharsanacht go léir ar a shon
ná raibh focal dí ag muintir an leinbh seo.
Dá mba rud é go bhfágfaí an leanbh i dtaobh
leis an méid Gaedhilge a labharfadh na comh-
ursain leis ní dóigh liom go mbeadh sí aige
go deo. Níor labhair na comhursain leis an
Ghaedhealg gur bhraitheadar go raibh roint dí
aige, agus annsin níor labharadar aon rud
eile leis. Beurla — an droch-Bheurla — a
labharfaidís leis maireach sin agus bheadh sé
gan an Ghaedhilg. Is dócha gur deacair áit


L. 115


SIOPA GRÓSAEREACHTA IS LÓN-TIGHIS.



SIOPA NUA É SEO I LÁR NA CATHRACH (GAIRID
DO SHIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH). BEIDH
SÉ AR OSGAILT TIMPEALL LAE FHEIL' PÁDRAIG



NÍ GÁDH DON BHEAN-TIGHE FOCAL BEURLA
A LABHAIRT ANN.



AGUS CUIRFEAR A MBEADH CEANNUIGHTHE AICI
ABHAILE GO DTÍ DORUS CÚICHI I NGLUAISTEÁN-
IOMPAR I N-AON ÁIT 'SA CHATHAIR NÓ 'NA
COMHARSANACHT



SEO-IGÍ, A LUCHT AN FHÁINNE, ANOIS AN T-AM
AGAIBH BHÚR GCOMHAR & BHUR GCARADAS A THEAS-
BÁINT. TAGAIDH CHUGHAINN TAR ÉIS LAE FHEIL'
PÁDRAIG AGUS BAINIDH TRIALL AS AN ÁIT



O RAOGÁIN AGUS A CHOMHLUCHT, TEORANTA,
SRÁID DÁSÚN A 54, BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 116


d'fhagháil in Éirinn anois ná fuil na daoine in
iuil ar a bheag nó a mhór den mBeurla a
labhairt, agus má churtar páistí isteach is na
háiteanna sin chum oileamhna is ró-bhaoghalach
gurb' é an Beurla a labharfar leo mar oir-
eamhaint dóibh. Mar sin caithfear an rud
ceart a fhritheáladh dhóibh is na scoileanna —
scoileanna Gaedhilg do leanbhaí. Má dhéin-
tear sin do leanbhaí idir a trí agus a seacht
mbliana dh'aois bheadh an “ghaoth fhairsing” ag
an Ghaedhilg is na scoileanna i gceann deich
mbliana an chuid is sia dhe.



Tá ceacht eile le foghluim ón Scoil Ghaedhilge
do leanbhaí atá fé chúram an “Fhir Mhóir” sa
Rinn.



Sin scoil a chuir lucht Iolscoile na Mumhan
i Rinn Ó gCuanach ar bun agus atá dá chothughadh
gan pingin ruadh, gan chongnamh gan chabhair ó
Aireacht Airgid ná ó Aireacht Oideachais.
Aon Airgead a fhanann idir lámha ag lucht na
hIolscoile tar éis obair an tsamhraidh
caithtear ar an scoil sin é.



Níor fheuch Aire an Oideachais isteach tar
tairsig na scoile sin fós má's fíor is clos
dom agus níor fhiafruigh Aire an Airgid riamh
orra an raibh beul orra.



Beid an Ghaedhealg againn go mear agus go
hobann má's maith linn é agus má thugaimíd
fé'n obair go ceart; ní fhuil aon rud dá
bhacadh dhúinn. Nach fiú an t-airgead é?



“FEAR FEASA.”



[Tá go leor daoine eile sa nGalldacht a thóg a
gclann le Gaedhilg seochas na daoine seo atá áirimhthe
ag “Fear Feasa.” Is truagh ná béidís go léir ag
Rúnaidhe an chumainn nuaidh a cuireadh ar bun i mBaile
Átha Cliath le déidheannaidhe. — F.E.]



GRANIA TOOTH PASTE.



DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD. NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA.



GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — Lucht deunta an íce atá dá chur ós ar gcomhair.



Tá Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne in Éirinn. Is eadh, má seadh bíodh “Gráine” sna fiacla aca —
Coimeádfaidh sé gan lobhadh iad. GRÁINE ainm an artha so. Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana,
geala dhuit. Ní'l aon ghalúnach ann; beidh do sheile go folláin nádúrtha leis agus blas táithniomhach
id' bheul aige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiacál ná do fhéitheacha an bhéil. Ar a nglaineacht athá
seasamh na bhfiacal.



Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce i ngach áit nó ó lucht a deunta —
Gibsol & a Chuid., Lána án Chláir, i mBaile Átha Cliath.



DÉANTÚS GAEDHEALACH DO GHAEDHEALAIBH



“COMHAR-GAEDHEALACH” — ÁTH CLIATH.



'Sé an cúis thosnuighmear ar an obair seo (.i. eudaighe do sholáthar) ach chun an ghnótha do chur
ar a bhonnaibh go ceart.



Tionnsgail gan proiféidí — sin é an rud a theastuigheann uainn.



Na heudaighe a dheunamuid-ne, táid go léir deigh-dheunta, agus ní'l ionnta ach an stuif is fearr.



CULADHTHA FEAR AGUS BAN.



Má thá culaith uait is féidir leat ceann d'fhagháilt (ó'n tuise amach nó deunta is eile péacu is
fearr leat) ó'n gCOMHAR-CHUMANN, TEÓR. (“IRISH CO-OP.”). Ní'l a shárú ann
maidir le feabhas agus saoirseacht earraidhe.



98-104 SRÁID MHEADHONACH NA MAINISTREACH.


L. 117


COILLEACH AN MHEÁDHOIN OIDHCHE.



Bhí fear 'na chomhnaidhe i bParóiste na
hÁirde Móire roinnt mbliadhan ó choin. Seán
Breathnach do b'ainm do. Siúinéir do b'eadh é.
Bhí sé pósta, acht ní ró mhaith an tsláinte bhí
ag a mhnaoi. Bhí sé de bheus ag Seán bheith ag
éirighe an-dhoth ar maidin, cé go mbíodh a bhean
i gcomhnaidhe a tathaint air gan a dheunamh.
Ba mhinic do 'na shuidhe faoi nglaodhfadh an
choilleach, agus isé deuradh sé le n-a mhnaoi
acht ná raibh sé ar mhuir ná ar tír rud ar bith
a dheunfadh aon díoghbháil do, agus nár bhaoghal
do.



Do thug an tsláinte ar fad ar a mhnaoi,
agus bhí fhios aici go raibh a rae tabhartha. Do
ghlaodhaigh sí ar a fhear agus dubhairt sí leis go
raibh a téarma caithte: “Agus, a Sheáin,”
arsa sí, “tabhair-se aireachas dod' shláinte,
agus caith uait do mhochóirighe, nó beidhir im'
leanamhaint go dtí an chill gan mhoill,” agus
do gheall Seán dí go ndeunfadh sé a comhairle.



Seadh! fuair an bhean bás, agus do cuireadh
í fé scáil Cluigtheach Dheuglán i Reilg na
hÁirde Móire, agus dh'fhág sí Seán bocht go
dubhach brónach.



Do dhein Seán comhairle a mhná ar feadh
scaithimh. Níor mhian leis éirighe as an leaba
go mbeadh an ghrian sa spéir, acht briseann an
dúthchas trí shúilibh an chait. Deirtí go raibh
an béas ceudna ag a athair roimhe, agus gurbh'
é an t-ainm a tugtaidhe air acht Coilleach an
Mheádhoin-Oidhche. Deirtear fós go raibh fear
i mbeul an dorais aige, agus gurbh' é an
t-ainm a tugtaidhe air sin acht Codladh go
hEadarshuth. 'Na dhiaidh san a's uile, deirtear
go mbíodh na cáirne prátaí aige gach aon
bhliadhain, agus gur uaidh gheibheadh na comharsain
an síol, iad san ná bíodh sé dá gcuid féin
aca. Thárla d'athair Sheáin dul ag ceannach síl
uaidh bliadhain, agus nuair thug sé an síol
abhaile seo mar adubhairt a bhean:



“Nach dealbh dóighte an sceul dom é.
Coilleach an Mheádhoin-Oidhche bheith ag ceannach
prátaí ó Chodladh go hEadarshuth.”



Acht mar adubhairt mé cheana, ba ró ghairid
chuimhnigh Seán ar chomhairle a mhná, is thárla
do bheith ag deunamh carra capaill ag tigh
Cráfórd, teach feirmeóra bhí timcheall míle ó
n-a bhaile féin. Dh'éirigh sé ar maidin, dar
leis, is seo chun siubhail treasna na bpáirc-
eanna é. Bhí sé ag dul treasna páirce go
raibh cosán inti nuair chonnaic sé an tsluaigh
ag imirt liathróide.



Do thuit an liathróid ós comhair Sheáin amach,
acht má thuit níor chuir sé aon tsuim inti. Do
buaileadh chuige arís í, acht ba mhar a chéile é.



“B'anamh leat cur suas di, a Sheáin,” arsa
duine dhen tsluaigh, á chur treasna chuige arís.
Is dócha go raibh deireadh na foidne caithte ag
Seán. Do bhuail sé an liathróid agus do chuir
sé treasna na páirce í. Do chuir gach aoinne
riamh de'n tsluaigh liúgh asta — liugh áthais! Bhí
bualadh bas agus rí-rádh 'na measc. Cúis
áthais dóibh Seán Breathnach do bheith aca feasta
chun imeartha. Bíodh fhios ná raibh idir Eochaill
agus Carraig na Siúire fear ní b'fhearr ná é;
bhí sé lúthmhar bríoghmhar clisde. Ba dh'é dhein
an liathróid d'fhuadach ó'n dtaoibh shoir de'n
tSiúir, agus do thug leis isteach go dtí Sráid
na hÁirde Móire í.



Tar éis do Sheán an liathróid a bhualadh bhí
sult is gáire is greann imeasc an tsluiaghe,
acht níor mhar sin do Sheán bocht. Tháinig
tuirse 'na chnámhnaibh agus anró 'na chroidhe.
Bhí fhios aige go raibh a lá tabhartha. Mar seo
cúpla ceatharmhadh a dhein sé sul a bhfuair sé
bás:



Bhíos ag deunamh ar Thigh Chráfórd, ag ropadh
a's a' séideadh,
Chun carra a cheapa dá chapall chun saothair,
Acht dá ndeunfainn-se comhairle mo chailín
fionn glé-ghil
Ní bheinn-se scartha le haindis an tsaoghail seo.



Idir san is eadarshuth b'aindis mo thnúth,
Ag síneadh a's a' searradh a's ag sileadh na
súl,
Mo chnámha á stracadh de bhárr aisléide.
A's me ag triall ar an Reilg i bhfothaint mo
chéile.



SEÁN Ó DÚNAIDHE.



MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ



I DTEACH LÁMH DHEARG,
9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh.



Tá an gual is fearr le fághail uainn.



Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas.



Guthán 2723.


L. 118


FOGHAIR NA GAEDHILGE.



CEACHT A V.



CONSONA TRÍOMHADH DORUS NA CAINTE.



Caou — Déintear an foghar so
le bun na teangan buailte ar
an gcarball bog.



Cei — Le lár na teangan ar
an gcarball cruaidh a dhéin-
tear an foghar so.



Gaou — Is mar a chéile an
foghar so agus C aou, aon rud
acht an ghuth ag gabhailt le G. Tá an sceul
céadna le rádh i dtaobh G ei agus C ei.



nGaou agus nGei — Níor cheart in aon chor go
mbeadh an oiread trioblóide i dtaobh na
foghair seo agus a bhíonn. Má eirigheann le
duine Caou agus Gaou a dheunamh níor cheart go
mbeadh aon deacaireacht dó nG aou a thabhairt
leis. Fágtar an teanga san áit cheadna dóibh
.i. bun na teangan ar an gcarball bog. Chum
cleachtadh a dheunamh badh cheart na trí cinn a
rádh i ndiaidh a chéile — Caou, Gaou, nGaou. Baineann
sé roint aimsire de dhaoine a thuigsint cad is
brígh le consona agus guth leis, nó consona
agus srónghail leis. Bíonn bun na teangan
ar an gcarball bog do Caou, do Gaou, agus do
nGaou. Bíonn lár na teangan ar an gcarball
cruaidh do Cei, do Gei, agus do nG ei; má
thuigtear é seo agus má dhéintear an rud dá
réir ní bheidh aon deacaireacht 'sa sceul.



Chaou — Dubhramar gur oscailt ar
an gconson an tinfeadh.



Bíonn bun na teangan buailte
ar an gcarball bog do Caou, agus
an oscailt atá ar sin — bun na
teanga gairid don charball bog;
agus sin díreach mar a dhéintear Chaou agus Ghuoa
aon rud acht an ghuth a bheith ag gabháil le G.



Bíonn lár na teangan buailte ar an
gcarball cruaidh do Cei agus Gei agus lár na
teangan gairid don charball cruaidh do Chei
agus do Ghei.



Feuch siar arís ar Thaou agus ar Thei, agus cuir
i gcomparáid iad le Chaou agus Chei. Uaireannta
bíonn an foghar céadna ag Thaou agus ag Chaoo,
acht is é an rud is coitchianta acht go mbíonn
th aou níos oscailte ná Chaou .i. go mbíonn bun na
teangan níos giorra don charball bog do
Chaou ná do Thaou. Tá an sceul céadna againn
ag tagairt do Thei agus do Chei. Oidhte, choidhthe,
fithe, deith, na foghair atá ag oidhche, choidhche,
fiche, deich. Acht is na focail, theann agus
cheann, thinn agus chinn, bíonn lár na teangan
níos giorra don charball cruaidh do Chei ná
do Thei.



Is mar a chéile díreach Dhaou agus Ghaou, agus
is mar a chéile Dhei agus Ghei.



Is dócha gur bh'fíor dúinn dá ndeurfaimís
gur foghair iad so Dhaou agus Dhei atá caillte
'sa nGaedhilg agus go rabhadar ann i dtosach
aimsire. Saghas leisce bhuail na daoine gan
an teanga a chur 'san áit cheart. Tuiteann a
leithéid amach in gach aon teangain.



Pádraig Ó Cadhla.



(Tuille le teacht.)



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin
Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)



SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 119


ROSG-CHATHA NA nGAEDHEAL.



LITRIDHEACHT NA GAOLUINNE.



Tá an obair seo na Gaoluinne ar siubhal le roinnt
mhaith aimsire anois, ach ní dócha go raibh rian na hoibre
riamh chómh soilléir a's atá sé fé láthair. Na daoine is
mó a bhíodh ag cur in aghaidh na hoibre, is iad is mó
grádh dí anois agus na daoine nach bhfaca aon rud
inntí ach fiantas, chíonn siad anois munab ionann a's
riamh go bhfuil an fiantas ag iompódh amach 'na dháiríribh
dóibh. Tá an chómhairle seo agus an chómhairle eile dá
thabhairt ar connus is ceart an obair do dheunamh, ach
is baoghalach gur cuma lena lán, cia'cu bhíonn ciall
lena gcainnt nó ná bíonn. Dá mhéid cainnt a
deintear, ámhthach, 'sé mo thuairm go bhféadfaimíd go
léir teacht ar aon fhocal i dtaobh na litridheachta. I
gcúrsaí na Gaoluinne, ní'l aon cheist is tábhachtaighe ná
is mó le rádh ná í. Má bheidh an litridheacht go maith
ní baoghal do'n teangain agus ní baoghal do'n náisiúin.
Rachaidh siad ar aghaidh uatha féin agus is fearrde agus
is glainede a labharfar an Ghaedhilg freisin. Dubhairt
Gaedheal rianamhail éigin dhá leogtí do an tamhrán a
dhéanamh gur cuma leis cia dhéanfadh an tarm. Bhí
corp na fírinne dá innsint aige sa méid sin, agus is
deimhin gurbh' é an rud ceudna a bhí in aigne Newman
nuair a bhí sé ag trácht ar an “Virum pietate gravem”
úd a dheineann na sluaighte dothígheasacha do cheannsú
le buige a ghlóir agus le milseacht a bhriathar. Bhí
Orpheus ann sul a raibh trácht ar bith ar Sholon. Tagann
an file ar dtúis agus annsin, diaidh ar ndiaidh …
an píléar agus an chómhacht a chuireann réim agus réacht
i bhfeidhm.



CAINNT NA nDAOINE.



Táimíd socair air annsin gurb' í an litridheacht a
bhéas mar príomh-chúram orrainn feasta, agus ba mhaith
linn go léir an cheist sin do chur ar aghaidh ar an gcuma
a chreidimid is fearr a rachaidh i dtairbhe do'n náisiúin,
agus is dóigh liom nach mbeidh aon bhreith againn ar an
rud san a dhéanamh gan chongnamh na Gaedhealtachta.
Nuair a bhí Dante ag scríobhadh, do b'í cainnt na ndaoine
a tharrang sé chuige. Do b'é an sgeul ceudna ag an
bPleiade é, agus nár dubhairt An tAthair Peadar féin
(go ndéanaidh Dia trócaire air) gurbh' ó chainnt na
ndaoine a gheibheann cainnt na leabhar brígh agus
meanmna agus neart? B'iongantach ar fad an meas
a bhí aige ar an gcainnt san, agus muna bhfuil a thuairm
crothuighthe amach a's amach aige féin, ní lá go maidin é.



Ach cé gur mór agus gur árd cáil An Athar Peadar,
ní'limíd taobh leis chum fírinne na ceiste seo do
dheimhniú. Pé litridheacht atá againn gur fiú í an
t-ainm do bhaistiú uirrí, is ó chainnt na ndaoine a
tháinig sé. A' chorr-áit, annseo a's annsúd, 'san
nGaedhealtacht, a tháinig “An Craoibhín,” Mícheál
Breathnach, Pádraig Ó Conaire, agus na daoine eile a
d'fhág a rian ar shaothar na Gaoluinne. Tá moladh agus
creideamhaint ag dul dos na daoine sin ó gach aoinne
anois, agus cá bhfios dúinn ná go bhfuil na céadta eile
ann a d'fhéadfadh obair éachtach do dheunamh ach an chaoi
cheudna d'fhághail chum a saothar do chur i bhfeidhm?



BUAIDH NA GAEDHEALTACHTA.



Is na háiteacha iargcúlta ar fud na hÉireann, cois
na fairrge agus imeasg na sléibhte, is 'mó adhbhar
scríbhneora, is 'mó duine go bhfuil smaointe an fhile
ag borradh 'na cheann agus gan d'obair aige ó mhaidin
go faoidhin ach bheith ag striocáil le slighe bheatha do
bhaint amach do féin, ar an obair is gairbhe dá bhféadfa
cuimhneamh air. Is geur a chuireas an saoghal ar na
daoine seo. Is fada a sheasadar 'san mbearna baoghail.
Is 'mó anró agus cruadhtan a rug orra, ach dá ghéire
an cás 'n-a rabhadar, do choimeádadar an lóchrann úd
na Gaedhilge ar lasadh go breágh soillseach 'n-a measg,
agus 'sé an lóchrann ceudna a dhéanfaidh eolas na
slighe dúinn anois. Is é “an reult eolais ag dul
rómhainn is 'n-ár ndiaidh é.”



Is na háiteacha seo, tá glórtha caoine, cneasta ar
sinnsir ag cainnt linn fós tré na blianta fad á
brónacha. Is iad na glórtha san, cogarnach íseal na
marbh, a choimeádann an fíor-spioraid Ghaedhealach 'n-ár
gcroidhthe, agus is iad a neartuigheas sinn chum
gníomhartha móra. Ní haon iongnadh, annsin, na tréithe
móra spioradáltha a ghabhas leis an nGaedheal, ní haon
iongnadh an daingeanacht toile agus an tseasamhacht
chroidhe agus má's maith linn spioraid ár sinnsir bheith
ag cabhrú linn 'san obair. Má's maith linn a gcongnamh
agus a gcómhairle, a gcalmacht agus a naomhthacht,
caithfear an ceangal úd idir sinn agus sluagh na marbh
do choimeád slán.



AN OBAIR ATÁ RÓMHAINN.



Ach cé'n mhaith dom bheith ag trácht ar áilneacht agus
spioradáltacht na Gaedhealtachta muna bhfuilimíd toil-
theannach ar an láimh chonganta do shíneadh amach? Tá
na sean-Ghaedheala imithe le fada. Is fada dhóibh amuigh
'san bhfásach, agus nach mithid dúinn iad do thabhairt
aniar? Tá riar ár gcáis againn fá dheire, agus tá
bácaighe 'sa tsean-leathsgeul. Bíodh orrainn anois má
teipeann ar ár ndualgas.



A mhuinntir an riaghaltais, tá fonn orraibh má's fíor
daoibh ar an nGaedhilg do shaothrú. Acht an fonn gan
feidhm é? Is 'mó 'dhuine fé láthair atá ar chaol-chuid
de'n teangain agus é ag casadh leis an nGaedhilg do
mhúineadh. Tá cuid eile díobh ann agus go deimhin féin
ní le grádh do'n Ghaedhilg a mhúineann siad í. Ní
fearrde an Ghaedhilg an múineadh san. Mo thruagh é
an páiste a gheibheann é. Caidé an bac atá orraibh ar
scoileanna speisialta do chur ar bun 'san nGaedheal-
tacht, scoileanna 'n-a dtabharfar gach sórt eolais ag
baint leis an nGaedhilg? Is maith an leagadh amach a
bheidh ar an airgead. Tá an mheabhair-chinn chómh maith
ag na daoine seo agus atá sí in aon áit eile, agus ní
fada an mhoill a bhéas amuigh orra go dtí go mbeidh
siad in ann an Ghaedhilg do mhúineadh go cruinn agus
go beacht agus go ceolmhar. Is iad-san na daoine atá
uainn fé láthair, agus dá thúisge a thuigfear an méid
sin agus a dhéanfar beart dá réir, is eadh is fearra
dhúinn go léir é. Agus sibh-se, a mhuinntir na siopaí
móra, is annamh ar fad a sheasabhar, guala le gualainn,
linn, ag obair ar son na Gaedhilge, ach anois tá sé de
chaoí agaibh cúitiughadh beag do dhéanamh in bhur gcionnta.
Teastóchaidh an Ghaedhilg uaibh feasta agus d'fhéadfadh
sibh cabhrú go háluinn le muinntir an Riaghaltais chum
na cainnteóirí do thabhairt isteach. Do bhéadh na
gobadán féin sáruighthe agaibh annsin, mar ní hamháin
go mbéadh sibh ag leathnughadh na Gaedhilge, ach do bhéadh
sibh ag cabhrú leis an litridheacht freisin.


L. 120


“ROSG-CHATHA NA nGAEDHEAL.”



A Ghaedheala, tá an Ghaedhilg i gconntabhairt. Ná
bíodh dearmad orraibh. Ní labhartar in ár nDáil ná
ní cloisfear in ár gcathracha í. Tá na Gaill ag imtheacht,
ach tá béasa agus nósa na nGall ag eirighe níos láidre
ní aghaidh an lae. Ní'l 'san nGaedhilg anois do chuid
mhaith daoine ach ornáid deas chum bheith ag súgradh léithí
do réir mar a thagann an fonn orra féin. Má's maith
linn an sgeul sin a leighisiú, caithfimíd bheith dáiríribh
agus lán dáiríribh. Is cuma liom cia'cu is
Poblachtaidhe thú nó nach eadh. I gcómhairín ár gcroidhe
féin, 'sé an rud ceudna atá uainn go léir — “Éire
Ghaedhealach.” Bíodh san 'n-a rosg-chatha againn.
Cuimhnighmís gurb' í an Ghaedhilg, “teanga na mílte
fada bliadhain,” atá i gceist, agus glacaimís go fial
le haon nidh a dhéanfaidh í do chur 'n-a háit cheart.
Deinimís ár ndícheall ar na sean-Ghaedhilgeóirí do
thabhairt thar n-ais, agus cá bhfios dúinn ná gurb' iad
na daoine cineálta, lághacha seo, na daoine go bhfuil
spioraid agus cneastacht ár sinnsir ag baint leo, cá
bhfios dúinn ná gurb' iad a shabhálfaidh sinn sa deire
thiar.



“SEAN-GHAEDHEAL.”



AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA.



Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.



Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.



Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor., 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 85 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
an Chláir.



Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
tighe, Baile Átha Cliath.



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, 4 Faithche an
Choláiste, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
Átha Cliath.



H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid
an Fheistighe, Baile Átha Cliath.



Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha,
Thuaidh, Baile Átha Cliath.



An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád
Mór, i gCorcaigh.



Ba mhaith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh
an liosta so.



PÁIPÉIRÍ GAODHLACHA LE
H-AGHAIDH SGRÍOBHNÓIREACHTA



Deinimíd Páipéirí i gcóir Scol agus Úsáid
Coitchionn nách féidir a sárughadh ar mianach is
eile. Ná bíodh ag do pháisdíbh acht Leabhair Sgríobh-
nóireachta agus Garbh-leabhair “An Cheathrair
Ollamh.” Nuair a bheidh Páipeur Coitchionn uait,
Fagh “Árd-Rí” nó “Breghon.”



CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE



Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh
Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith
a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a cheartuigheann
an Ghaedhilg duine de lucht an “Fháinne” is eadh é.



LEABHAIR GAEDHILGE



Tar éis teacht amach —



“Seáinín.” “An Seabhac” do sgríobh. 4/— glan



“Eachtra Eibhlís.” (Alice's Adventures
in Wonderland). Pádraig Ó Cadhla
do chuir Gaedhealg ar an sgeul so. glan



Cur amach saor — eudach bog … 2/6 glan



“Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais.” 10/— glan



“Gaedhilg sa mBaile.” 1/6 glan



“Jimin Mháire Thaidhg.” “An Seabhac.” 1/3 glan



“Seacht mBuaidh an Eirghe Amach.”
Pádraig Ó Conaire 5/— glan



MAUNSEL AGUS ROBERTS, TEO.,



Clodóirí, Foillsightheóirí, Déantóirí
Córacha le h-agaidh sgríbhnóireachta



Sráid Bhagóid, Íoch,, 50, Baile Átha Cliath.


L. 121


LÉIRMHEASA.



TRÍ SEÓDA Ó ALBAIN.



'San leabhar so is déanaighe leis an Athair Gearóids
Ó Nualláin tá trí sgéilíní deasa ó'n Ghaidhlig Albanach
aistrighthe go Gaedhilge na hÉireann, maille le nótaíbh
agus tagartha léigheannta suimeamhla. Mar is eól do
chách tá cáil agus teist mhór ar an Athair Gearóid mar
sgríobhnóir agus mar sgoláire. Tá an Saoghal
Gaedhealach ar fad fé chomaoin aige as ucht a bhfuil
déanta aige le tréimhse mhaith anuas ar son na
Gaoluinne. Ní gádh dhúinn a thuille a rádh.



Duine ar bith a chuireanns suim i litríocht Ghaedhilge
na hAlbna agus ar mhaith leis bheith i n-ann an Ghaidhlig
Albanach a léigheamh — ceannuigheadh sé an leabhrán so
agus cuireadh sé i gcomparáid leis an mbun-leabhar
Albanach — “Na Daoine Sidhe is Uirsgeulan Eile.” Tá
an leabhar Albanach le fáil ó Alasdar Mac Labhruinn
sgus A Mhic i Sráid Earra-Ghaidheal, i nGlaschú, ar
sgilling, agus is mór is fiú é cheannach.



Molaimíd an iarracht so an Athar Gearóid. Tá dhá
rud déanta aige an turas so agus tá moladh ag dul
dó dá mbárr .i. Gaedhilge bhreágh bhlasta agus sgéalta
suimeamhla a sholáthar dúinn, agus fós cuirtear i
gcuimhne dhúinn an dlúth-ghaol is an dlúth-bhaint atá
againne i bhfus leis na Gaedhilgeoiribh thall thar Sruth
na Maoile. Ba cheart go mbéadh fhios ag an dream
Gaedhealach annso i nÉirinn go bhfuil cáirde thar lear
aca, gur chóir go ndéanfaí aith-mhuinntearas eatorra,
gur féidir leó siúd cabhrú linne 'san troid so na
Gaedhilge agus gur féidir linne cabhrú leó.



Nach í an Ghaedhilge ár gcomh-theanga — nach Gaedhil
sinn araon? Ní fheicimíd gur náir' dhúinn é.



Maidir leis na sgéaltaibh atá aistrighthe ag an Athair
Gearóid: 'Sé “Spiorad na hAoise” an chéad sgéal
sa leabhar. Sgríobhadh é, tá tímpal ocht fichid bliain
anois ann, le Tormoid Mac Leóid, an sgríobhnóir
Gaedhealach a b'fheárr, is dócha, dá raibh le n-a linn
i nAlbain. Cuireadh cló air go minic cheana mar aon
le n-a lán eile i g“Caraid nan Gaidheal,” agus i
leabhar eile leis, “Leabhar nan Cnoc.”



Tá an darna sgéal go suimeamhail. Féach “The
Celtic Review,” Meitheamh, 1915, 'na gcuireann An
Craoibhín síos go bríoghmhar ar leithín agus ar an Iolar.



An misde dhúinn bheith ag súil le tuille sgéalta ó'n
Albanais. Ba mhaith le cuid mhaith againn crot
Gaedhealach fheiscint ar chuid de sgríbhinnibh “Niall
Mac an Rothaich.” Cad mar gheall ar “Tain Aluinn”?
B'fhéidir go ndéanfaidh an tAthair Gearóid rud
orainn? S. Ó D.



“Trí Seóda ó Albain.” An tAthair Gearóid Ó
Nualláin d'aistrigh. Comhlucht Oideachais na
hÉireann, Teo. 2/6.



ÚIR-SGEUL.



Do thaithnigh Róisín liom go maith — 'sé sin le rádh, an
leabhar ar ar thug Nioclás Tóibín “Róisín” mar
teideal. Ach níorbh í Róisín féin do chuir an sástacht
orm ach an Ghaedhealg bhreágh nádúrtha a sgríobh Nioclás
agus é ag innsint a sgeul. Is minic a bhíonn an port
sin ag fear léirmheasa; molann sé Gaedhealg an ughdair
agus ní mholann sé an sgeul. Bhel, nílim-se ag cáineadh
an sgéil seo. Níl mórán ann, dar ndóigh, ach mar sin
féin tá sé neamh-choitchianta in slighe. Cailín simplidhe
innti féin iseadh Róisín a bhfuil baint ag muintir a
hathar leis na daoine móra agus ag muintir a máthar
leis na daoine. Tá an dá tharraingt ag oibriú uirri,
ach níl aon dabht o thosach deire ná go mbuaidhfidh an
simplidheacht ar an sgothacht. Sgeul i dtaobh an aimsir
tamall maith ó shoin iseadh é. Ach pé rud adeirfidhe
mar gheall ar an sgeul, má tá Gaedhealg nádúrtha na
ndaoine uait ceannuigh an leabhar so: agus ná ceap
go bhfuil an Ghaedhealg atá ann casta craptha cruaidh —
dá bhflúirseacht í ní fheudfadh sí a bheith níos so-
thuisgionaidhe.



C. M.



“Róisín Bán an tSléibhe.” Nioclás Tóibín do sgríobh.
Cló-Chomhlucht an Talbóidigh d'fhoillsigh. 1/6 a luach.



LIOSTA DESNA LEABHRA FUAIREAMAR AN MHÍ
SEO CAITHTE.



Comhlucht Oideachais —



“Reilthíní Óir,” Cuid a Dó. — An tAthair Seoirse
Mac Clúin. 10/-.



“Binn a's Blasta.” — An tAthair S. Mac Clúin. 1/-.



“Sean-Fhocla.” — Tomás Ó Rathaille. 5/-.



“Róisín Bhán an tSléibhe.” — Nioclás Tóibín. 1/6.



“An Geamhar.” — Nioclás Tóibín. 4p.



Brún agus Ó Nóláin —



“Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha.” — An
tAthair Peadar Ó Laoghaire. 3/-.



“Bun-Chúrsa ar Cheapadóireacht Gaedhilge.” — Brian
Mac Giolla Pádraig. 1/6, páipeur; 1/9, eudaigh.



Beag, nod don
eolaidhe,




ag lorg
nMuilleat
ar an
gclú-
dach



Ní bhíonn aon Sgoil ná Coláiste ná
Clochar chomh maith maidir le Sláinte
leis an gceann a bhíonn a coimeád
folláin le



BACILIKIL
(Ba-soil-i-cal foghair an fhocail seo)



AN COSAINT SLÁINTE IS FEARR



'Sé an slighe is fearr chun galair do
sheachaint ach é d'úsáid i gcomhnuidhe.



Tá sé á dhíol ag Ceannuidhthe agus ag
Ceimistí ar fúd na tíre



Deuntar ag “Irish Disinfectants, Ltd.” é, Usher's
Place, i mBaile Átha Cliath. Díoltar é fé chonnradh le
Dáil Éireann agus le Bóthar Iarainn an Deiscirt, agus
deuntar LYSOL (Gaedhealach) san áit cheudna leis. O.K.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR



Deunta d'uachtar glan, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin
Íoch., 25, Baile Átha Cliath.


L. 122


COMÓRTAS DON AOS ÓG.



Bhíos an-shásta leis na h-iarrachtaí chuireadh isteach.
Fuair an ceann is fhearr 90%. Ní mór níos lugha ná
í a fuair an cuid is mó desna ceannaibh eile & molaim iad
go h-árd. Bhíodar cho maith, go deimhin, nach féidir liom
mo breith do thabhairt & an dara duais do bhronnadh ar
aoinne seochas an duine eile. Dá bhrígh sin táim ag
roinnt an 2ra duais & an 3adh duais & an 4adh duais idir
na ceathrar a fuair thar 80% i 5/— do gach duine aca &
táimíd ag tabhairt duaiseanna 2/6 sa mbreis do gach
páiste a fuair thar 70% — cé ná raibh aon trácht air sin
nuair a chuireamar an Comórtas ar bun.



An ceud duais 10/— Diarmuid Ua h-Almháin, Droichead
Átha.



Duaiseanna 5/— Liam ó Muileánn, Portlaoise.



Seán ó Broin, Sráid Tomás, i mBaile Átha Cliath.



* Máighréid Ní Chorcráin, Baile an Phuill, Co. Cill
Choinnig.



Domhnall ó Duibhne, Leach Snámhach, Co. Ciarraidhe.



Duaiseanna 2/6. Eibhlín Ní Anairchinnigh, Droicheadh
Abhann i gCáirne, Co. an Chláir.



Maighréid Ní Chúnnláin, Cratlaigh, Co. an Chláir.



Áine Ní Lumnaigh, Cluain Aodha, Co. na Mídhe.



* Diarmuid ó Drisceóil, Óileann Cléire.



Caitlín de Burc, Tiobraid Árann.



Máire Ní Dhiaghnaidh, Ath Leathan, Co. an Chláir.



Brighid Ní Aodha, Bunclóidhighe, Co. Locha Garmáin.



Máire Ní Chraith, Cluain Aodha, Co. na Míde.



* Eibhlín Ní Shitric, Gort na Gainimh.



Fanfaimíd le sgeul osna daoine a bhfuil * na gcoinne
toisg gan an seóladh a bheith i gceart againn. Ceaca aca
é Pilltown nó Ballyfoyle cuir i gcás? Níl Oileán Cléire
shá gort na Gainimh i “bPost-Sheanchas” ach an oiread.



LEITREACHA.



FOCAIL ÓN MBEURLA.



D'Fhear Eagair “An Sguab.”



Do chuir sé átas orm an litir sin ó'n n“Gaedheal”
do léigheamh an mí a chuaidh tharainn. Bhí áthas orm a fhios
a bheith agam nach raibh dul amudha ar fad orm. Is minic
a chuireas an cheist cheadna tre chéile le mo chairdibh. Acht
do sheasadar leis na scríbhneoiribh. Anois, ar feiscint
dhom, go bhfuil a leithéid d' fhear leis ann “Gaedheal”
ar mo thaobh, sean-ghaedhilgíoir, tá fhios agam go bhfuil
cuid de'n ceart agam, & cuireann sé misneach orm mo
thurus do leanmhaint.



“Caithfear tarraing as tobar na laidne & na Gréigise”
ar seisean. Tá an ceart aige acht bi ó'n laidean gó
direach é, & gan ó'n laidean tríd an mbéarla. Fé lathair
is beag nach dtarraingthear as an mbéarla ar fad gan
aon tsuim 'gha cur í laidean & tá saghas “Irishised-
Anglicised-Latin” againn. Má's gaedilg atá uainn
ni fuláir duínn an cuid béarla do bhaint aisti chomh mór
& is féidir leinn. Is deacair an obair í acht ní fhéadaimíd
faillighe do dhéanamh uirre má tá deagh-ghaedhilg chun a
bhéith againn.



Déireann “Gaedheal” a lán rudaí éile í dtaobh an
litriughadh nua & foghair na Gaedhilge 'n-a bhfuil an ceart
aige, is doigh liom. Tá súil agam go bhfuighfear leigheas
do'n ghalar so & is mithid duinn rud éigean do dhéanamh



TOBAR NA FÍOR-
GHAEDHILGE
I
RINN Ó gCUANACH I
nDÚTHAIGH DÉISEACH.



CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH-
NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ
CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS
DO SHLÁINTE.



Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh,
iostais, agus an mhúineadh ag lucht
Iolscoile na Mumhan ann — an fhar-
raige i mbeul an doiris aca agus
cóir folcadh idir Shamhradh agus
Gheimhreadh.



Tá táisc agus tuairisc an Scoil
Samhraidh i mbaile a's i gcéin.



SCOIL NA LEANBHAÍ



Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear
“An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,”
Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An
tSeanchuis.”



“Ní mhúintear Gaedhealg annso,
labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic
Niocaill ar obair na scoile.



Ta gach fios agus faisnéis le fagháil
Ó'N BHFEAR MÓR
I RINN Ó gCUANACH.



Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA,
I Lúbán Díge,
I gCo. an Chláir.


L. 123


mar a cimíd focla mar so ““rúta-root, nó, bearbóir-a
barber” 'n-ár bhfoclóir is deidheanaighe citheas dom go
bhfuilimíd thar n-ais í laetheanrtaibh “Jonas” nuair a bhí
an ghaedhilg ró-thútac d'a bhíal.



“AN DUBHGHALLACH.”



[Bhí an “Sguab” fé chló fé tháinig an leitir seo isteach
chughainn agus dá bhrígh sin is ar éigean a fuaireas cúinne
chun i shádhadh isteach ann. Ceist suimeamhail iseadh í sin.
Tá an-chuid focail a thairingeadh isteac ón mBeurla le
trí ceud bliadhan anuas agus ba dheacair focail d'fhagháilt
sa bhfior ghaedhilg chomh cruinn a's chomh oireamhnach leo.
Foillseómuíd liosta dena leithéid an mí seo chughainn
(a's níos mó ná ceud focal ann) agus fágfamuíd fén
“dubhghallach” — a's daoine eile atá tréis sgríobhadh
chughainn idtaobh na ceiste seo leis — a rádh cad iad na
focail a dh'úsáidfidíst 'na n-áit. F.E.]



AN FÁINNE.



GASRA ÁTHA CLIATH.



Tá socair ag Comhaltas an Ghasra ar Ghaedhilgeoirí
óga do thabhairt le chéile san Árus uair sa choic thigheas,
nó b' shéidir uair sa tseachtmhain, do réir mar éireochaidh
leis an iarracht. Tráthnóna dé Sathairn atá ceapaithe
chuige seo ó 5.30 go dtí 7, ag tosnú Feabhra 24. Beidh
lucht conganta ann chun aire thabhairt dos na leanbhaí
agus chun adhbhar spóirt do sholáthar dóibh.



Tá Gaedhilgeoirí ag gearán le fada gur beag caoi a bhí
aca ar chomhluadar Gaodhalach do sholáthar dá gclainn.
Níl an leathscéal san aca feasta agus ba cheart dóibh na
“rudaí beaga” go léir do bhreith leó go dtí an t Árus
ar an uair atá ceapaithe. Ní gádh dos na leanbhaí bheith
'n-a bhFáinnigh, ach ní bheidh cead aca aon fhocal Béarla do
labhairt san Árus. Tuigtear, leis, ná cimeádfar ann
iad thar a seacht a chlog, i dtreó go bhféadfaidh gach aoinne
bheith sa bhaile i dtráth.



Bíonn an t Árus ar osgailt i gcomhnuidhe dos na
Fáinnigh i gcoitchian. Tá ag éirighe thar na beartaibh
leis na léigheachtaí a bhíonn ann Dé Luain, agus
tá cuid des na Gaedhil is fearr sa tír i n-áirithe an mí
seo. Má tá Fáinnigh ann ná faigheann blas ar léigheachtaí,
tagaidís chun na Scoruigheachta gach oidhche Sathairn.



Tá cóip d' Amchlár an Áruis curtha go dtí gach Fáinneach
dá bhfuil ar an Rolla. Aon Fháinneach a chomhnuigheann i
mBaile Átha Chliath agus ná fuair cóip de, iarrtar air
sgríobhadh chun an Reachtaire.



BANNDAÍ GLUAISTEÁIN.



AJAX TYRES



Gheibhtear iad go díreach ó Shasana Nuadh
gan aon bhaint le Sean-Shasana. Banndaí
thar barr iseadh iad. Mara bhfuil siad ag
gach aon siopa gluaisteáin ar fúd na
hÉireann ba cheart go mbéidís.



Seo an t-aon dream amháin de lucht
díolta bannda san iomlán a chuireann
suim i gcúrsaí na Gaedhilge.



Oifig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath



Guthán 4804



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH
TTA.,



45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH.



An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go
bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann
Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla.



An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur
éigin do gach duine ann eolas bheith aige
ar theangain na nGaedheal.



MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ.



GACH AON DEUNTÚS.



Gheobha lucht léighte “An Sguab” Locáiste
Speisialta.



Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) —



“RAITHEANACH A BHEAN BHIG.”



GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so.



TOMÁS MAC MATHGHAMHNA,
AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR.



INDIU IS GACH
AON LÁ EILE
TABHAIR DÓIBH



NKM
IRISH CREAM TOFFEE


L. 124


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis
Maghchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoige 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services