Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seachrán Chairn tSiadhail

Title
Seachrán Chairn tSiadhail
Author(s)
Údair éagsúla, in eagar ag Seosamh Laoide,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sin an fonn nó sgoith an cheoil atá ag "Conallaigh Chondae
na nGall" (ní chuala mé a leitheid riamh ag óirghiallaighibh);
fuaras é ó Phádruig Ó Sléibhín (beannacht Dé le n-a anam);
Ní mór nach raibh an leagan céadna air ag Éamonn óg Mhac an
Ghoill, agus deirtear fós go gcuireann Pádruig ó Conacháin
dóigh eile air atá fíor-chosamhail leó araon. 'Sé mheasaim gur
féidir a rádh gur beag nach é an fonn céadna ar fad a
bhí aca a dtriúr. Is binn an ceol é agus tá súil agam go
dtaitneochaidh sé le n-a lán daoine.


L. 61


SEACHRÁN CHAIRN tSIADHAIL



I.
Ar mo tharraint siar go Carn tSiadhail damh,
An t-aonach ciadna ud na Feil' Muire Mór,
Sé thárlaidh an ainnir as an taoibh aniar damh,
Is í go cianmhar ag siubhal 'sa ród;
Is é nídh mheas mé gur sgar mo chiall liom,
Mar bhínn ag siabhrán nó seal ag ól,
Óir tógbhadh damh-sa gur dhorcha an ghrian gheal,
Le taoibh gach déallraidh d'á gruaidh mar rós!


L. 62


II.
Bheannuigheas féin go prab do'n Mhaighdin,
Is ní go séimhidh ghlac crioth mo ghlór.
D'fhiosruigheas féin dí de fhearaibh Éireann
An nglacfadh raoghain orm ins an ród;
Cheasnuigh sise díom cá rabh mo léinidh,
Mo bhuig, mo bhéibhear, go fiú na mbróg:
"'S annamh chonnacas sin sac mar éideadh
Ar fhear ag bréagadh na gcailín óg!"



Bhí an chéad líne mar so ag O: "labhair mé léithí go ciuin 's go
céillidh, 's ní mór gur séimh a ghlac sí mo ghlór."


L. 63


III.
"A chúil gan tlás, má thug mé grádh dhuit,
Ná cuir i gcás mé a bheith gan dóigh,
Is gheobha tú aoibhneas ar hallaíbh bána,
'Gus fíon na Spáinne gheobhair seal le n-ól."
'Sé d'fhiafruigh dhíom-sa an mar sud ba ghnáth liom,
Ag siubhal na n-árdán ar bheagán stró,
Is dubhras léithi nár chleacht mé a áthrach,
Acht sean-triubhas Spáinneach is boineád chrón.



IV.
"Ar an neimhchead dom' shacán chnáibe,
Mo shean-triubhas Spáinneach 's mo bhoineád chiar,
Is ró-mhaith aithnighim eadar an dubh 's an bán,
'S ní hí an bhean is áilne is truime ciall;
Ná saoil gur chugad-sa atáim d'á rádh sin,
A ainnir álainn is finne ciabh,
Acht saoilidh an iomad aca mé bheith 'ngrádh leó,
'S is ró-bheag m'áird ar a leith nó a dtrian.


L. 64


V.
Bím go haereach ar malaidh shléibhe,
Ag deanamh bhéarsaí 's ag ceartughadh ceóil;
Seal ag pléideáil le mnáibh ar aontaighibh,
'Gus seal ag bréagadh na gcailín óg;
Seal im' úcaire 'gus seal 'mo mhéire,
'Mo bhuachaill spéireamhail i dtigh an óil;
Seal, mo thonnadóir ag cartadh léadhbach
Eadar an Éirne 's an Mullach Mór.



VI.
Bhí me 'mo phoiticeóir ins an Iubhar,
'S le feabhas mo chumhraidh 'sé théidhinn i gcéim:
Seal 'mo bhrachadóir ag Cóirneál Liútar,
'Mo mharcach trúpa ag Prince o' Wales;
Seal 'mo dhochtúir agus seal 'mo iúistis,
'Mo shagart cúraim i gCaisleán tSéaghain;
'Mo mhaighistir sgoile i nDoire Núise,
'S is deas mar mhúininn-se mac Uí Néill.


L. 65


VII.
Bheirim an ruaig sin síos go Fánaid,
Is téidhim i mbád seal ag síor-fhághail éisg;
Bím seal 'mo thuigheadóir 'gus seal 'mo ghárrdhadóir,
Is lán na ráithe ag foghluim léighinn;
Seal 'mo sgríbhneóir is seal 'mo léightheóir;
Seal 'mo shréadaidhe 's ag coimheád bó;
Seal 'mo sgineadóir is seal 'mo ghréasaidhe,
'S gan fiú na héille agam a d'fhuaighfeadh Bróg.



VIII.
Bhí mé seal aríst i n-Iubhar Chinn Trágha,
'S ba bheag mo chás ann i n-ór nó maoin;
I Lios na gCearrbhach a bhím 'mo tháilliúr -
Ní theanaim snáithe ann acht do mhnaoi;
Nuair a shuidhim síos i dtigh na táibhirne,
Ólaim sláinte mo Chárta dighe -
Is maith an lionn atá i dtigh Mhic Cába
A chois na trágha ar an Lurgain Draoighin.


L. 6


IX.
Bím im' fhigheadóir ins an Fhíodhmhaigh,
Is deir na daoine go ngoidim snáth;
Bhéarainn saoradh dóbhtha, lán an Bhíobla
Do gach aon neoch d'á dtuigfeadh an cás;
Bím ag bruighneachas ar na haontaigh,
Is ionann liom oidhche agam annsin is lá;
Seal ag suirghe le gach ógmhnaoi dhíomhaoin,
'S gan fios ag aon aca cá bhfuil mo ghrádh.



X.
Bím 'mo chongbhálaidhe i Mullaigh Theamhrach,
'S 'mo bhuachaill gamhna i mBaile Átha Fheardhiadh,
'Mo ghiolla cóiste aige tighearna i nGaillimh
I gcóisir shamhraidh fá'n tSeanainn thiar;
Bím seal ag tógbháil custuim fairrge,
'S i dtigh Dhúin Samhna 'sé chealaim biadh;
Seal ag ól leis na hógmhnáibh leanbaidhe,
'Gus seal 'mo londubh ar Shliabh an tSiain.


L. 67


XI.
Bím i n-Árdmhacha ag imirt chárdaí,
'Gus ólaim sláinte i nDún Uí Néill;
Nuair a chasaim síos a chois na trágha,
Téidhim i mbád aige Loch na séad;
Bím seal míosa istigh i gCúil Ráithne
Ag tógbháil ádhmaid ag Keep-good-déal;
'S ar mo philleadh aníos aige Machair' Rátha damh,
Bím ag measgadh cáthbhruith do Mholly Blair.



XII.
Bhí mé i Loch Súilighe 's mé ag foghluim snámha,
I mBaile na hÁittighe ag ceannach bó;
I Leitir Ceanainn a rúisg mé an báillidh,
'Gus dhíol mé an cháin leó i nDomhnach Mór;
Bím ag gréasaidheacht ar an Óghmuigh,
Is ag díol na mbróg ar an tSrath Bán;
I mBaile Nua ní fhághaim cead comhnaidhe,
Mar bhím ag rógaireacht leis na mnáibh.


L. 68


XIII.
Bhí mé ar aonach i gCondae Aontruim,
'S ní theachaidh sgíth orm acht ag ceannach boc;
Thug mé aníos liom thríd Chondae an Ríogh iad,
Ar fheacht a ndíola 'gus mé faoi thocht;
D'ól mé a luach uilig i ló go n-oidhche
Le cailín caoidheamhail, 'mo shuidhe ar sop;
Bhí mé i mBaile Uí bhFiacháin is mé 'g díol píopaí,
'Gus seal 'mo Phíobaire istigh i gCill Choc.



XIV.
Bhí mé i nDoire 's mé ag deanamh brící,
'S i mBaile Uí Mhaoláin ag briseadh cloch;
I n-Inis Eoghain seal im' fhigheadóir,
Is lán na míosa 'mo dhuine bhocht;
I mBaile an Mhullaigh, ag teacht aníos damh,
Shuidheas síos agus d'ólas deoch;
Bhí mé i mbruighin channáin teacht na hoidhche
Eadar Anna 'Brighid 's iad ag cíorrbhadh folt.


L. 69


XV.
'Sé deir streamhóga Chondae an Ríogh liom
Gur beag an t-iongnadh mé bheith gan spré,
Ag ól 's ag imirt ar feadh na hoidhche,
'S 'mo chodladh aríst go dtí deireadh an lae;
Seal ag caint le gach cailín díomhaoin,
Badh é mo mhian é, dá bhfághainn mo raogha;
Eadar Leitir Ceanainn agus Bun an Ghaoith
Tá 'n caile maol do nach dtugas spéis.



XVI.
Ní'l sin áit ó íochtar Fhánaid
Nach bhfuil mé i ngrádh le cailín óg:-
Bean 'sna Rosaibh agus i Leitir Mhic an Bháird;
Ó thaoibh Ghleanna Átha go dtí an Mhucais mhór;
Dís i mBaoighilleach is dís i mBághaineach,
Bean i n-Árainn is a chois Ghaoith Dóir;
Ó Leitir Ceanainn go dtí mullaigh Gháigín,
Is go Curraighin Mhághnuis a chois an róid.


L. 70


XVII.
Bím 'mo chóistire ag na réaltaibh,
'S mé ag gearradh léimnighe ó chnoc go sliabh;
Seal eadar Sasana agus Cúil Raidhne,
'Gus seal go haereach i mBaile Átha Cliath;
Ag coimeád éanlaith i mbarraibh géagán,
An cheird ba chéastaidhe bhí ar aon fhear ariamh,
Óir, nuair a d'imthigheadh siad ins an aer uaim,
Nár bh'olc mo ghléas-sa le dul 'na ndiaidh?



XVIII.
Thógfainn giumhas i dtús an Mhárta,
Is bhéinn d'á stálughadh 'sa tsamhradh aríst;
Dheanfainn coinnle ins an lá de,
Is bhéinn ag báirseoireacht ins an oidh'e;
Ghabhfainn fiadh duit i dtús an fhoghmhair,
Agus broc an chrónáin as sin go faoi;
Dheanfainn seilg ar na cnocaibh móra,
Dá mBeadh na cómhgair ar mo líon.


L. 71


XIX.
Bhí mé 'g deanamh suaircis ar Sliabh Luachra,
Is théidhinn ar cuairt síos go Mullaigh an Cháirn,
Seal ag c'luadar le mnáibh ar uaigneas,
'Gus seal go huaigneach amuigh 'sa lá;
Ag siubhal damh an uair sin ar fud na tuaithe,
Nach ceart a bhuail mé le deoch i dtráth?
Bhíos ar fuaidreadh go rabh mé suaidhte,
'S go dtug mé fuagra géar glan ar bhás!



XX.
Bhí mé 'mo spealadóir istigh i n-Árainn;
Seal 'mo dhráibhearaidhe ins an tír;
Siopa fosgailte i n-Árd an Rátha agam
Is mé ag díol báinín go farsaing saor;
Ní'l, fhios ag an áidseint, ná ag fear an gheárrtha,
Cá bhfuil siud m'fhárus, mo theach 's mo dhíon;
Ní thógfaidh an báillidh bó na bPáistí -
Is maith an t-ádhbhar - ní'l orm cíos!


L. 72


XXI.
Ar na Gleanntaibh a chaithim oidhche,
'S is maith a bhím seal ag Seaghán mo ghrádh;
Ag ól 's ag imirt ar an tSrath Buidhe bhím
Go ngluaisim síos as sin chum na trágha;
Cuiridh an Forcach anonn 'sa bhád mé,
'Gus ólaim sáith mhór taobh thall de'n Ghaoth;
Gur ar an Chlochán Liath fhanaim go lá annsin,
Mar bhímh-se sáruighthe i ndéidh na slighe.



XXII.
Bhí mé 'mo thincleóir i bPort an Dúnáin,
Is seal 'san Triúcha ag seinm píob;
I mBéal Átha Fearsad 'mo mhéire dúithche,
'S bá laghach an cúipeóir mé i mBaile Átha Buidhe.
Dá ngoidinn gearrán i gCúige Mumhan,
I gCondae Lughbhaidh a gheobhainn a dhíol.
Dá bhfághainn cailín Ultach a leigfeadh a rún liom,
Go dtiubhrainn cúl mór do mhnáibh na Midhe!


L. 73


XXIII.
Tá furán is fáilte go leór le fághail agam
Ó chailíníbh bána gach cearn i dtéidhim,
'S gur eadar Sasana agus Cúil Áine
Tá 'n cailín bán deas nár bheag mar spéir.
Téidhim a chuartaidheacht go tóin an tSéin seal,
'S mé 'cur i gcéill a bheith 'g iarraidh mná;
Is seal beag eile Bím ag iarraidh déirce -
Sé chuir ar séid mé fá chríochaibh Fáil.



XXIV.
Bím seal 'mo shaor cloiche is seal 'mo bhrúigheóir;
'Mo dhuine shuain seal i nDruim Eithiar;
Seal 'mo choisidhe aige Cóirneál Núinsionn,
Is seal 'mo thrúipeóir i mBaile Átha Cliath;
Eachaidhe capall i gCúige Mumhan mé,
'S i gCillín Chúile 'sé thógaim cíos;
Seal 'mo mhinisteóir is seal 'mo bhúisteóir
Aige ciúin-Mheall na Banna bhím.


L. 74


XXV.
Bím seal im' iasgaire fá Bharra Cháirlinn,
Is 'm'oibridhe spáide aige Droichead Átha Féan;
Seal 'mo dhreasadóir is seal 'mo bháiceóir
Is seal 'mo sglátóir i n-aice an Droichid;
Buailim síos annsin fá'n Chondae Ghállta,
'Gus bím ag rácáil 's ag storughadh féir;
'S dá mbínn ar maidin in mo ghréasaidhe álainn,
Bhéinn 'mo tháilliúr i ndeireadh an lae.



XXVI.
Bím i Leithbhearr agus aige Ráith Caorthainn,
'S i gClochar míonlaigh mar théid an t-éan;
Bím seal i n-Achair agus seal i Sgríobaigh,
Aige Sgairbh na gCaorach ag seinm théad;
Eadar Coillidh Chanannáin agus Ráith Fraoileann
A chuir mé an oidhche isteach faoi léan;
'S gurab eadar an Bhanna agus Toin-re-gaoithe
Tá 'n chailleach oidhche i nach bhfuil mo spéis!



XXVII.
Bím 'mo chláirseóir ag Brian Mhac Mághnuis,
Ag síor-ghabháil dánta ar sheinm théad,-
'S go seinnfinn cláirseach ar deis go lá dhuit,
A ainnir álainn na bhfad-fholt réidh.
B'fhearr liom sin arís 'ná na táinte,
Dá mbéinn 's an stáid mná i n-Inis Eoghain;
'S nach leat-sa, a bhruinneall, atáim d'á rádh sin,
A bhfuil mé i ngrádh leat anois go mór?


L. 75


XXVIII.
Bhí mé i Muine Mór agus i gCaisleán Cába,
I mBaile Uí Dhálaigh agus i Lios na Sgiach;
Bhí mé i Muineachán agus ar an Ghráinsigh,
'S ag Droichead Chúil Áine le tuilleadh 's bliadhain;
Aréir a tharlaidh mé i nDroichead Átha, a
'Gus anocht atá mé fá Charn tSiadhail;
'Nois, má's roghain leat ar fhearaibh Fáil mé,
Sín do lámh agus beam a triall."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services