Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1830
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


EACHTRA AN CHOILIGH



TOMÁS UA LOINNSIGH cct



I
An gcualaidh sibh a' tubaiste bhain do mo choileach
An uair a thuit sé i bpota don uisge ghoileach?
Sin a' tslighe ler chaill sé a chleiteacha,
Raod a d'fhág é faobhthaigh fann-lag meiteach.



II
Chuartuigh mé an tír ag iarraidh sweet oil dó,
Agus fuair mé aige Peadar Coyle í;
Bhí sí i dtaisgidh aige le haghaidh a chuid pionnaí,
Agus chumail mé síos de é 'n-áitidh an fhionnfaidh.



III
Munab é lena linn go bhfuair sé osadh
Budh doiligh don chréatúr a phiantaí sheasamh;
Mar b'é ceannphort ceart an toighe é
Thug mé liom chum an Infirmary é . . . .



IV
Le cheasta go gcuirfinn air a' chréatúr fiabhrán
d'iomchuir mé liom é ina gcliabhán,
Leig mé síos air cheann a' bhuird é,
Agus d'fhan mé annsin go dtáinig a' surgeon.



V
Leighisfeadh an fear sin marbhán,
Is dearfá fáin gur dhuibhe ná an gual é;
Bhí cuma an Albanaigh mhóir gan bhréig air,
Is bhí cuma an léin is na sgaoil' air.



VI
Fuair sé crúisgín do ola leighte
Is chumail sé síos de í le cleite;
Dubhairt sé faoin am sin lá air na mhárach
Go gcluinfinn a' sgairtigh é mar budh ghnáth leis.



VII
Tháinig doctúr óg ón Spáinn ann
Agus bhain sé fuil as faoi na gháilleach;
Dubhairt sé nach bhfásfadh air clumhach ná fionnfadh
Go dtiocfadh Fionn chum an Aifrinn Geine.



VIII
Tháinig doctúr eile ón Fhrainc ann
Agus dubhairt sé nach raibh ach a' tsrinc ann;
Air a' dá bhuille dhéag go dtabhradh an sgríobán
'S nach dtiocfadh a'n sgairt go bráth amach as a phíobán.



IX
Tháinig doctúr eile ón Ghréig ann;
Dubhairt sé go raibh siad malluigh'e bréagach;
Labhair sé leó go ceann-tréan sobaigh
'S d'orduigh sé a chur 'na luighe air leabaidh.



X
Ansin a tháinig a' bhruinneall na spéise
A raibh brollach urthaí air dhath na géise.
Déarfá gurbh í Helen ón Ghréig í,
Oir budh adhbhal deas a' cailín gan bhréig í.



XI
Theann sí siar agus rinne sí gáire,
Amhail agus mar bheadh sí a' déanamh dhamh áitidh,
Ach léim sí uaim mar a dhéanfadh fiadh
Agus lean mé san áitidh í a raibh gorta agus pian ann.



XII
Sin an áitidh a raibh Nebuchadnezzar;
Bhí Rí Saul ann agus Julius Céasar;
Goll mhac Móirne, gé gur mhór a' lúisde é,
Is a sháith le déanabh aige i gcionn a shúisde.



XIII
Bhí Rí Harry ann dá rúisgeadh;
Bhí Prince Edward ann dá phrúicheadh,
Bhí Bainríoghan Siobal ina lasair gan mhúchadh,
Mar sgrios sí an eaglais a bhí i Mainistir na Búille.



XIV
Bhí Oliver Cromwell ann sínte air raca,
Agus é a' sgréachaigh mar bheadh asal bacaigh;
Bhí Lon mhac Líomhtha i gcionn a thuairlín,
Is é dá gciorladh mar bheadh duas de.



XV
Bhí lucht na miodóg ann is Burn-chapel Whaley,
Is budh ghile an gual ná clár a n-éadain;
Bhí Peadar a' Churraigh ann chomh dubh leis a' diabhal,
Agus curry-comb aige agus é dá gcíoradh.



XVI
Bhí Doctúr Little ina stoc dá sguireadh,
Agus iad dá rádh go gcaillfeadh sé an tuireagh;
Bhí a' Seabharnach dá bhiorradh insa ghríosaigh,


L. 10


Is é a' tabhairt sásaimh i n-aimsir na maoile.



XVII
Bhí Norman Steele 'na shuidhe insa chlúid ann,
Is a' t-Aciostanach mór faoin uile smúid ann;
Bhí Billy Foster a' cur teineadh síos ann.
Is air son Defenders é a' fagháil a chíosa ann.



XVIII
Bhí Speaker Foster ann is a mhóraigh,
Fasgaidh Buidhe agus sean-Lord Roden.
Dubhairt Butchy Mhac Circe go raibh siad uaigneach
Fá Mhathamh na sail is na spág Mhac Ruaidhrí.



XIX
Bhí Barrister Dawson 'na shuidhe insa choirneál
Agus tor hastaol aige i n-áitidh stóla;
Bhí urchor beach air i n-áitidh a wig,
Is é insna gártha air Jemmy Dick.



XX
Bhí Billy Buck is Paraigh Ua Buidhealta
A' teacht air ais as Mullach Craoibhe;
Léim mé amach air fhuinneóig chaoich ann
Agus lean mé go bráth go hAdamhaoil iad.



XXI
Cha raibh cearc ná coileach i bhFeochaill Íochtarach,
I Ravensdale ná i gCarraig an Fhíona,
Fá Chill na Sagart ná an Mhunaigh Sgríobaidh
Nach dteachaidh a sgairtigh a' dol thríd Droman-tSith dhúinn.



XXII
Tháinig serjeant mór de choileach Fhrancach,
Bhí aige Wolf Mhac Néill i mBaile Mhic Sgannláin -
Dubhairt sé liom gan a bheith a' déanamh íontais,
Gurab insan orange lodge a bhí sé ó oidhche.



XXIII
Agus a' cailín deas a dtug mé grádh
Gurab í cailleach Bharret as Béal Áth' an Chlár í,
Is dá dtiocfainn leith' síos go Béal Áth' na Sac
Go bhfuigheadh sí mo choileach damh ar unsa tombac.



XXIV
Mo mhallachtsa air Wolf is air Lodge a' Phlaistir,
Air chailleach Bharrett is air a maireann dá náisiún.
Dá dtabharainnse a' coileach chuige Doctúr Walker
Leighisfeadh sé air dtús é air bhonn ocht gcóta.



XXV
Thug mise móide lá air na mhárach,
Dá sgallfaidhe a raibh de choiligh as sin go Cáirlinn
Nach rachainn fad mo choise amach air a' dorus
Ag iarraidh leighis dóibhthe i rioth mo sholuis.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services