Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac an Bhaird, Diarmaid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1687
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN TEACH A nDEARNADH BALLÓG DE
Diarmaid Mac an Bhaird cct.



Truagh an cor-sa ar ráth na ríogh,
a-nosa ní dáil nach dúr;
dá lucht gráidh is damhna déar
mo sgéal cruaidh mar tharla an túr.



San mhóiriosdadh síthe sunn
do-chínn an tóicheasdal trom,
san fhoirgneamh dob urra d'fhann
clann Cholla na gcoilgshleagh gcorr.



Do chrích mo phudhair an port
do-chínn a-nuraidh i neart,
maicne Oirghiall, drong nar dhocht,
sonn ó ghort troimghliadh ag teacht.



Bró mhíleadh budh data dath
do-chínn san mhagh-sa go moch;
do-chínn lá 'na chonair chreach,
gé tá an teach 'na chodhail chloch.



Do chínn imirt mheanma mhoir,
ealbha do lingeadh gach lúth
thall-ain isan ráith dá riar,
garbh annamh triall cháigh ar gcúl.



Do-chínn gan deabhaidh 'na dháil
a mbíodh do cheanaibh dá chóir;
'na taoi a-nois gé tharla an tír,
do-chínn faghla a-bhos ó Bhóinn.



Mór bhfile an tráth-sa ar gach taoibh
fa thásg an tighe-si ag triall,
's é a-niodh gan aoibhneas gan ól,
saoirlios gar mhór cion na gcliar.



Ag ua Eochaidh fár mhín muir
do-chínn eachraidh, do-chínn coin,
gé tá diamhair d'aithle an fhir
san fhaithche ghil ghrianaigh ghloin.



Do-chínn fighe mheasta ag mnáibh
san tigh-si ler dheacra dréim,
do-chínn ós uamannaibh óir
san tsídh mhóir shnuadhannaimh shéimh.



Créad acht raibhthe dhéanta déar,
ro budh béad gach laithe a luadh,
lios gan uisge ráith na ríogh,
go bráth do bhríogh tuigse is truagh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services