Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Fate of the Children of Usna.

Title
The Fate of the Children of Usna.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

THE FATE OF THE CHILDREN OF USNA
Being the later and longer version of the Story,
as published by Theophilus O'Flanagan.



OIDHE CHLOINNE UISNECH.



Fledh mhedhair-chaein, mhór-adhbal do rinnadh
le Conchubhar mac Fachtna Fáthaigh, mhic Rosa
ruaidh mic Rudraide, idhon, Righ Uladh, an
Emain mhín áluinn Mhacha do mhaithibh acas do
mhór-uaislibh air chedna, gur bha súbhach somhen-
mnach na slóigh uile. Ró eirghe an aes
ciuil, óirfidedh acas eladhna do sheinm a
ccruitedha ceolbhinne caeinthedacha, acas a
ttiompana taithnemhacha taidhuire; acas do
gabhail a n-dréchta fflilidhachta, a ccraebha
cóimhnesa, aca a n-géga geindelaidh. Ite
anmanna na ffiledh ro bhá san dún an tan
sin, iodhan, Cathbhadh caemhdhrai, mac Conaill
mhic Rudhraidhe, aca Gennán Gruadh-sholais
mac Cathbhaidh, acas Ferceirtne file, acas
Gennán glúndubh mac Cathbhuidh, acas imad
aile immaille re Senchán mac Oililla.



As amhlaidh so do gnáthuighadh fledh na
h-Emna, iodhon, a inad ríghdha féin fá chómhair
gach aen do theghlach Chonchubhair: acus as é
lín teghlaigh Chonchubhair, iodhan, cúiger air tri
fichit air sé chéd air mhile: do bhádar ann ag
ól acas ag aeibhnes, no gur thógabh Conchubhar
a ollghuth righdha os ár acas as édh ro
ráidh. As áil leam a fhios d'fhághail uaibhsi,
an an ffacabhair riamh tech bu ferr 'ná tech na
h-Emna, ná teghlach nu ferr 'ná mo theghlach
sa ann aen inad da ffacabhair a riamh? Ní
fhacamair, ar iadsan: Ma's édh, ol Concho-
bhar, an aithnidh díbh uiresbaidh air bith oraibh
féin? Ní haithnidh ar iadsan. Ní h-édh sin
dhamhsa, ol Conchubhar, as aithnidh damh uireas-
baidh mhór oraibh, iodon trí mic Conaill
Clairíne, iodhon trí coinnle gaisgidh na
n-Gaedheal, mar a tá trí mic áilne, uaisle
Uisneach do bheith bhár ffregmhuis air son aen
mhná san domhan, iodhon Naisi, Anle acas
Ardán, acas do chosnadar le nert a lámh
tribh acas leth Alban; oir is mic rígh go
fírinnech iad, acas do choiseondís ardríghe
air mhaithibh Uladh. Da lamhadhmaeisne sin
do ráidh, ar iadsan, as fada ó shoin a der-
mais é, acas fós cóigeadh Uladh do bheith a
ccosmhuilacht re gach cóigeadh aile in Eirinn,
dá mbeith gan a bheith d'Ultaibh ann acht an
triar sin feín amháin. Oir is leóin air
chródhacht acas air calmacht iad.



Má's édh, ar Conchubhar, curthar techta go
crichaibh ailne oirerghlana Alban, go loch
n-Eitch acas go daingion mic n-Uis
neach dá n-iaraidh tar ais. Cia rachas leis na
techtairacht sin, ar cach go coitchenn? Ní
fheidarsa sin, ar Conchúbhar, óir is geis do
Naise gan techt a n-oir re síth dá fhebhas acht
re cechtar don triar amháin, iodhon re Conall
Cernach, re Fegus mac Róigh, no re Cuchu-
lann; acas aitheonadsa anois, ar Conchubhar,
cia don triar sin le ar ab annsa me féin:
acas iarsin do rug Conall i bhfód fo leith
leis, acas d'fiafraigh dhe, créd do dénamh
leis d'á [sic.] ccuiradh air chenn mhac n-Uisnech
é, acas a milleadh ar a ionchaibh. Mar nach
ffobram, ol se, ní bás aen-duine amháin do
thicfadh dhe sin, acht gach aen air a m-berfuin-
si d'Ultaibh, do dhénadh dochar dóibh braen
báis acas timdhibhe saeghail d'imirt
fair. As fír sin, ar Conchubhar, tuigimsi


L. 395


nach inmhuin letsa me féin; acas do chuir
Conall uaidh, acas tug Cúchuloinn chuige
acas d'fiafraigh dhe mar a ccetna; do
bheirimsi mo bhriathar, ar Cúchuloinn, dá
síorthása sin foramsa, acas a ttabhairt
chugad cum a marbhtha, nach aenduine amháin
do tuitfadh san n-gníomh, acht gach aen
d'Ultaibh air a mbérfainnsi, braen bais
acas gerr-shaeghail do thabhairt dhó. As fír
sin, a Chúchullainn, ol Conchubhar, tuigimsi
nach inmhuin letsa me féin acas do chuir
Cúchuloinn uadha, acas tug Fergus chuige,
acas d'fiafraigh dhe mur a gcédna; as édh a
dubhairt Fergus fris, gelluimsi gan dol
fád fhuilsi, gidheadh ní ffil Ulltach air a
mbérfuinn ag dénamh dochair doibh, nach
ttiubhruinn bhraen báis acas bith euga dho.
As fír sin ar Conchubhar, as tusa rachas air
a ccenn, acas gluais rómhad a márach ann,
oir is let thicfas siad, acas ag techt anoir
dhuit, gabh go dún Bhoruigh mac Cainte, acas
tabhair briathar dhamhsa, chomh-luaith is thiucfus
tu, clann Uisneach do chuir [sic] go h-Emhain,
má oidhche no ló dóibh ag techt ann. Iar sin
táncatar asech air aen, acas do innis
Fergus do chách aen é feín do chur san
t-slánighecht sin. Acas do rugadar as an
aidhchi sin.



Do aigeil Conchubhar Borach, acas do fhiaf-
raigh dé, an raibh fledh ollamh aige do. A
tá ar Borach acas gé gur fféidir liom a
dénamh nir bhféidir liom a h-iomchar go
h-Eamhainn. Ma's édh, ar Conchubhar, tabhair
d'Fhergus í mur as taegsa thuicfas a
n-Eirinn: óir is da ghesaibh fledh d'obadh.
Do ghell Borach sin do. Do thugadar as an
oidhche sin.



Do ghluais Fergus air na mhárach acas nír
rug leis do shluagh no do shochaidhe, acht é féin
acas a dhias mac, iodhon, Illann Finn acas
Buinne borb-ruadh, acas Cuillion, iodhon
giolla na h-Iubhraighe acas an Iubhrach féin.
Do ghluaiseadar rómhpa go daingen mhac
n-Uisneach, acas go loch n-Eithche an Albain.



As amhaidh do bhádar clann Uisneach, acas
trí fiannbhotha aca, acas an bhoith ann a
mbruithidis a bpróinn, ní inti do chodladís;
acas air ttecht d'Fhergus san innbhar, do léig
glaedh mhór Fhéine as, acas is amhlaidh bhí
Naisi acas Deirdre, acas an chennchaimh
etarra, iodhon, fithchill Chonchubhair, acas iad
ag imirt uirre. Do chuala Naisi an ghlaedh,
acas a dubhairt. Do chluinim gladh Eirin-
naigh. Ní glaedh Eirinnaig súd, ol Deirdre,
ach glaedh Albanaigh: Do aithin Déirdre
cédghlaedh Ferguis, acas docheilí. Acas do léig
Fergus an dara glaedh as; Is glaedh Eirin-
naigh sin, ar Naisi. Ní hédh acht glaedh
Albannaigh, go deimhin, ol Déirdre, acas
imram thorainn. Do léig Fergus an treas
glaedh, acas do aith mic Uisneach gur ab é
Fergus do léig an glaedh, acas a dubhairt
Naise le h-Ardán dul air cenn Ferguis.
Ro ráidh Déirdre gur aithin sí féin an chéd
glaedh ro léig Fergus. Créd fár cheilis sin
a ríoghuin? ar Naisi. Aisling do chonnairc
mé a réir, ar Déirdre, iodhon trí heoin do
thecht chuagainn ó Emhuin-Mhacha, acas trí
bolguim mela 'na mbélaibh leo, acas a
ffágbhail againne, acas trí bolguim dar
bhfuil do breith leo. Cred í bhreith a tá agad
uirre sin, a righuin? ar Naisi. A tá, ar
Déirdre, Fergus do thecht chugainn le tech-
tairacht shíthchána o Chonchubar, óir ní milse
mil no [sic] techtairacht síthchána an duine
brégaidh. Leig sin thart, ar Naisi; as fad
atá Fergus is an bport, acas eirthe a
Ardain air a chenn, acas tabhair let é.



Ghluaisios Ardán roimhe mur a raibh Fer-
gus acas toirbhras póga go dil dichra do
féin, acas d'á dhias mac mur aen fhris, acas
is éh a dubhairt. Mo chion dibh, a chuideachta
inmhuin! Acas as a h'aithle sin do fhiafraigh
scéla na h-Eireinn díobh, acas d'innsidar
sin do agus iar sin tháncatar mur a raibh
Naisi, Ainnle agus Deirdre, agus do thoir-
bhradar póga imdha d'Fhergus con a mhacuibh,
agus d'fhiafraigheadas scéala na h-Eireann
díobh.



As iad scéla as ferr againn, ar Fergus,
Conchubhar dar ccuirne a ccor acas a slán-


L. 396


aighacht ar bhar ccionnsa. Ni h-indulta
dóibhsan ann sin, ar Déirdre, óir is mó a
ttiaghernas féin an Alban, iná tighernas
Conchobair an Eirinn. Is ferr in dúthchas
'ná gach nídh, ar Fergus, óir is nemhaibhin do
nech, gé mádh mór a raith no a righe, muna
ffaicedh a dhúthchas féin gach lae. As fír sin
ar Naisi, óir is annsa liom féin Eire no
Alba, gé mó do ghebhuinn an Albain no an
Eirinn. As daighen díbhsi a dhol liomsa, ar
Fergus. As daighen chedna, ar Naisi, acas
rachamaid let go h-Eirinn. Ní do dheoin
Deirdre a dubhairt Naisi na briathra sin,
acas do bhí agá thoirmiosg go mór um a dhol
re Fergus, acas thug Fergus a bhriathar ann
sin, dá mbeidís fir Eireann an bhar n-aghaidh,
nach bu feirrde dhóibh é, óir ní ba díon sgiath,
no cloidhemh, no cathbhár do neoch do biadh ann
bhúr n-aghaidh acas misi libh. As fír sin, ar
Naisi, acas racadhmaidne leat go h-Eirinn.



Rugadar as an oidhche sin go maidin ar
na márach acas chuadar mur a raibh a longa,
acas do chuadar air muir acas mórfhairge
go ttángadar go dún Bhoraigh, acas d'fhech
Deirdre tar a h-ais air chrichaibh Alban, acas
is édh a dubhairt; mo chion duit, a thír úd shoir,
acas is olc liom d'fhágbháil, oir as aibhinn do
chuain acas do chalaphuirt, acas do mhagha
mínscothacha caemháilne, acas do thulchaí taith-
nemhacha taebh-uaithne, acas is beg do léigemar
a les d'fhágbhail; acas a dúbhairt an laeidh ann:



Inmhuin tír, an tír ad shoir
Alba con a h-ingantaibh
Mocha [nocha] ttiucfainn eiste ille,
Muna ttiucfainn le Naise.



Inmhuin Dún Fíodhaigh is Dún Finn;
Inmhuin an dún os a ccin;
Inmhuin Innis Droighneach de,
Agus inmhuin Dún Suibhne.



A Choill Chuan! on a Choill Chuan!
Gus ttigeadh Ainnle, mo nuar;
Fá gairid liomsa ró bhí ann,
Is Naisi in iarthar Alban.



Glenn Laidhe! ón in Glenn Laidhe!
Do chodluinn fám erradh chaimh;
Iasc a's ois-fheoil is saill bruic,
Fá hí mo chid in glenn Laidhe.



Glenn Mhasáin! ón glenn Mhasáin!
Árd a chneamh, gel a chasáin;
Do ghnidhmis codhladh corrach
Ós inbher mongach Mhasáin.



Glenn Archain! ón glenn Archain!
Fa hé an glenn dírech druimchain;
Noch ar bh'uallcha fer a aise,
No mo Naise an glenn Archain.



Glenn Eitche! uch ón glenn Eitche!
Ann do thóbhas mo chéd-thigh;
Áluinn a fiodh iar n-eirghe
Buaile gréine glenn Eitche.



Glenn dá Ruadh! ón glenn dá Ruadh!
Mo chion gach aen fhear dár dual;
As binn guith cuaiche ar chraibh chruim,
Ar an mbinn ós glenn dá Ruadh.



Inmhuin Droighin os tren trágh;
Inmhuin uisce os ghainimh ghlan;
Nocha ttiucfain aisde dhe,
Mun' ticcinn lem' inmhuine.



A h-aithle na laeidhe sin rancatar go dún
Borraigh acas do toirbhir Borrach teóra pog
go dil acas go díchra d'Fhergus con a mha-
cuibh acas do chloinn Uisneach mur aén riu.
As ann sin a dúbhairt Borrach go raibh fledh
aige an oirchill Fherguis, acas gur gheis do a
fágbhail no go ccathadh í. O d'chualadh
Fhergus sin, do rinnadh rothnuall corcra dhe
ó a bhár go a bhonn, acas as edh ro ráidh,
olc do rinisi, a Bhorraigh, fledh d'fhurail orm-
sa, ocas Conchubhar air ttabhairt mo bhréithir
orm-sa, mur as taesca thiucfuinn go h-
Eirinn, dá m-badh d'aidhche no do ló dhamh ag
techt a n-oir, clann Uisning (sic) do chur go
h-Emhain Mhacha. Cuirimsi fo ghesaibh tú, ar
Borrach, muna ttige tú do chaithemh na fleidhe.
D'fiafraigh Fergus do Naise créd do dhenamh
leis an ffleidh. Do dhénair, ar Déirdri,
do rogha agat-sa, mic Uisnech do tréigion
no an fhledh, acas gur córa dhuit an fledh úd
do tréigen, 'ná clann Uisnech do tréigen.
Ní thréigfad-sa iad, ar sé óir cuirfiod mo
dhias mhac, idhon Illam Finn acas Buinne


L. 397


Borbruadh leo go hEmhain Mhacha. Dar mo
bhriathar, ar Naeise, ní beg linne sin uait,
óir ní nech eile do chosain sinne riamh ach
sinn féin; acas do ghluais roimhe don láthair
maille re feirg mhóir, acas do lenadar Ainle,
acas Ardán, acas Deirdre, acas dias mhac
Fherguis é, acas do fhágbhadar Fergus go
dúbhach dobhrónach dá n-éis: gidhedh ba deimhin
le Fergus co n-a chloinn da n-dechadís
ollchaighídh Eirenn an áen chomhairle nach
ttiucfadh doibh a ccumarce féin do sharúghadh.
(le bheith air leanamhain.)









19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services