Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air Orcuilt Taisbeánta.

Title
Air Orcuilt Taisbeánta.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AIR ORCUILT TAISBEÁNTA



Aichillidheacht' saothair na h-Éireann i g-
Corcaigh an treas lá de Iul, ins an m-
bliadhain d'Aois an Tighearna 1883.

Pádraic Stúndún, cct.



Is meadhrach do ringceann gach caise de'n
Laoi!
Tá ceannsacht 'na dreach, a's tá athas 'na
croidhe!
Tá lonnradh na gréine air gach lúb coille
taobh lé,
'S go lasaidh 'geal-neulta gach féile air an
Laoi!



Tá gnóthacht na m-beach ins gach teach cois
na Laoi!
Gach fear air a shás, a's gach ban-chrobh ag
fhigheadh!
Tuilleadh de'n t-sórt sin! Ráth Dé ar ain
sport sin
Chum tiormuighthe deora go deo cois na Laoi!



Buaidh Dé leat, fhir Ulltaigh ag feitheamh ár
g-cómhar!
Gur líonmhar do ghráinne, fhir Laighnigh 'san
bh-fóghmhar!
Lámh láidir fad-shaoghalach do'n g-Connactach
Gaedhealach!
Guidheann Muimhnigh go léir dóibh ráth
saothair go leor.



Le chéile! Le chéile! Ní staonfam' go
fóil!
Gach tréin-fhear ag congnamh do'n sgiuird
bocht dearoil!
Le chéile! Le chéile! — go grádhmhar le chéile
'S beidh searc gác fir-céirde' fá shíoda 'gus
sról!



Is meadhrach do ringceann gach caise de'n
Laoi!
Tá ceannsacht 'na dreach, a's tá áthas 'na
croidhe!
Tá lonnradh na gréine air gach lúb coille
taobh le
'S do lasaidh geal-neulta gach féile air an
Laoi!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services