Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sgeuluidhe Gaodhalach I,II,III

Title
An Sgeuluidhe Gaodhalach I,II,III
Author(s)
De hÍde, Dubhghlas,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An
Composition Date
1895
Publisher
Oberthür

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuid 1



le Dubhglas De h-Íde, LL. d.



(An Chraoibhín Aoibhinn)



I



An Sagart agus an t-Easbog.



Tháinig difir bheag éigin idir triúr mac. Mic feilméara do bhí
ionnta. Dubhairt fear aca go bhfágfadh sé an teach agus go
rachfadh sé ar oileán. Chuaidh fear eile ann a shagart, agus
d'fhan an dearbhráthair is sine anns an teach. Níor stop an
sagart óg so go ndeachaidh sé amach go B'l'áthluain anns an
gcoláiste, agus d'fhan sé ann sin i n-imtheacht cúig bliadhna, go
raibh a theurma caithte, agus bhí sé riaghalta amach 'nna shagart.
Ghleus sé é fein suas anns an gcoláiste ann sin, agus dubhairt go
rachfadh sé a-bhaile ag feuchaint a athar 's a mháthar.



Cheangail sé a chuid leabhar le chéile ann a mhála, agus thug
sé ann sin ar an mbaile. Ní raibh aon ghleus iomchair ann san
am sin ann; b'éigin do siúbhal. Shiúbhail sé ar feadh an laé go
raibh an oidhche ag teacht. Chonnairc sé solas uaidh. Chuaidh sé
chuige, agus fuair sé teach mór duine-uasail. Tháinig sé asteach
ar an tsráid agus d'iarr sé lóistin go maidin. Fuair sé sin ó'n
duine-uasal agus fáilte, agus ní raibh fhios ag an duine-uasal
creud dheunfadh sé dhó, leis an meas do bhí aige air.



Bhí an sagart 'nn a fhear breágh, agus thug inghean an duine-
uasail, taithneamh dhó, mar deurfá, nuair bhí sí a' leagan a


L. 2


shuipéir - fuair sé togha suipéir. Nuair chuadar 'nna gcodladh
ann sin, chuaidh an bhean óg asteach san tseomra 'n-áit a raibh
an sagart. Thosaigh sí ag iarraidh air, an eaglais do thabhairt
suas agus í féin do phósadh. Ni raibh aon inghean ag an duine-
uasal acht í féin agus bhí an t-árus le bheith aici ar fad, agus
dubhairt sí sin leis an tsagart. 'Deir an sagart, "na' h-innis
t'inntinn dam," adeir sé, "ní 'l aon mhaith ann, tá mise pósta
cheana le Muire Máthair, agus ní bhéidh aon bhean eile go
bráth agam," adeir sé. Thug sí suas ann sin é, nuair chonnairc
sí nach raibh aon mhaith aici leis, agus d'imthigh sí. Bhí pláta
óir ann san teach, agus nuair thuit an sagart óg 'nn a chodladh,
tháinig sise ar ais arís ann a sheomra, agus chuir sí an pláta óir
a gan fhios dó ann a mhála, agus amach arís léithe.



Nuair d'éirigh sé ann sin ar maidin bhí sé d'á fhághail réidh
bheith 'g imtheacht arís. Budh aoine, lá trosgtha, do bhí ann,
acht fuair sise píosa feóla agus chuir sí asteach ann a phóca é,
a gan fhios dó. Anois bhí an fheóil agus an pláta óir aige ann a
mhála, agus d'imthigh mo dhuine bocht gan aon bhéile ar maidin.
Nuair bhí sé cúpla mile imthighthe ann san mbóthar, d'éirigh
sí agus d'innis sí d'a hathair: an fear do bhí aréir aige gur
droch-duine do bhí ann, gur ghoid sé an pláta óir agus go raibh
feóil ann a phóca ag imtheacht dó, go bfhacaidh sí féin é g'á h-ithe
agus é ag dul an bhóthair 'san maidin. Fuair an t-athair ann
sin capall réidh agus lean sé é agus tháinig sé suas leis agus
fuair sé gabhtha é, agus thug sé ar ais arís chuige féin é, gur
chuir sé fios ar na peelers. "Shaoil mise," adeir sé, "gur fear
cneasta bhí ionnat, agus rógaire thu," adeir sé.



Tugadh amach ann sin é, agus tugadh do'n jury é le n-a thry-
ál, agus frith cionntach é. Thaisbeán an t-athair amach as an
mála an pláta óir, do'n jury ar fad. Tugadh breith crochta air
ann sin. Dubhradh gur fear ar bith do rinne rud de'n tsórt sin,
nár bh-fiú é acht a cheann do chur asteach 'san gcroich agus a
chrochadh.



Bhi sé shuas ar an stage dul d'á chrochadh nuair d'iarr sé cead


L. 3


labhartha os cómhair na ndaoine. Tugadh sin dó. Sheas sé suas
ann sin agus dubhairt sé leis na daoinibh uile cia bhí sé féin, agus
ca raibh sé ag dul, agus créad do rinne sé, mar do bhí sé ag dul
a-bhaile d'a athair agus d'á mháthair, agus mar thainig sé go
tigh an duine-uasail seó. "Ní'l fhios agam go ndearna mé aon
droch rud," ar sé, "acht an inghean do bhí ag an duine-uasal
so, tháinig sí asteach chugam ann san tseomra 'n-áit a raibh mé
mo chodladh, agus d'iarr sí orm an eaglais d'fhágbháil agus í
féin do phósadh, agus ni phósfainn í, agus is dóigh gur b'ise do
chuir an pláta óir agus an t-iasg ann mo mhála," agus chuaidh
sé síos ar a dhá ghlúin ann sin, agus chuir sé athchuinge ar Dhia
solus do chur chuca uile nach é féin do bhí cionntach.



"O ní iasg bhí ann do phóca chor ar bith, acht feóil," ar san
inghean.



"Is feóil, b'éidir, do chuir tusa ann, acht is iasg do fuair
mise ann," ar san sagart.



Nuair chualaidh na daoine sin, dubhairt siad an mála do thabh-
airt ann a bh-fiadhnuise, agus fuair siad gur iasg i n-áit feóla
do bhí ann. Thug siad breith ann sin an bhean óg do chrochadh
i n-áit an t-sagairt.



Do cuireadh í suas ann sin ann a áit le crochadh, agus nuair
bhí sí shuas ar an stage dul d'á crochadh, dubhairt sí leis an
sagart, do bhí shíos, "well, a dhiabhail," ar sí, "béidh tu
agam-sa ar neamh no ar talamh," agus leis sin do crochadh í.



D'imthigh an sagart leis, tar éis sin, ag tarraingt a-bhaile.
Nuair tháinig sé a-bhaile tar éis seal, fuair sé séipéal agus
paráiste, agus bhí sé go socair sásta agus bhí meas mór air ag
uile dhuine ann san áit, mar bhí sé 'nna shagart breágh ann san
b-paráiste. Bhí sé mar sin le tamall maith, go dtáinig lá ann a
n-deachaidh sé ar cuairt go duine-uasal mór do bhí ann san áit sin,
mar thiucfá féin asteach ann san ngardha so, no mar sin, agus
bhiadar ag siúbhal ann san ngardha amuigh, an duine-uasal
agus é féin. Nuair bhí sé dul suas cosáin ann san ngáirdin seó,
do casadh bean-uasal dó, agus nuair bhí sí gabhail thairis an


L. 4


t-sagairt ar an gcosán, do bhuail sí buille bheag eud-trom d'á
láimh air, asteach ar a leithcinn. Is í an bhean-uasal so do
crochadh do bhí innti, acht níor aithin an sagart beó í, acht
shaoil se gur bean-uasal bhreágh eile do bhí ann.



Ghabh sí asteach ann sin ann san teach-gréine, agus ghabh
an sagart asteach ann 'nna diaigh agus rinne sé píosa comhrádh
léithe ann. Agus cosmhúil gur bhreug sí é le cómhrádh binn agus
le n-a pógaibh sul ar ghabh sé amach. Nuair bhí se féin agus í
féin réidh le chéile ann sin, agus nuair bhiadar ag imtheacht ó
n-a chéile, thionntaigh sí agus dubhairt sí, "budh chóir dhuit
aithne do bheith agad orm-sa," ar sise, "is mé an bhean do
chroch tusa; dubhairt mé leat an lá sin go mbeitheá agam-sa
fós, agus béidh tu. Tháinig mé chugad anois le do dhamnughadh"
Ann sin d'imthigh uaidh as a amharc.



Thug sé é féin suas ann sin, dubhairt sé go raibh sé damanta
go bráth. Ni raibh sé ag fághail suaimhnis ann sin, i siúbhal
oidhche ná laé, leis an bhfaitchios do bhí air, faoi í do chasadh
leis ar ais. Dubhairt sé nach raibh dul ar a chúl ná ar a aghaidh
aige - go raibh sé le bheith damanta go bráth. Bhí an cuimh-
niughadh sin ag goill air, lá agus oidhche.



D'imthigh sé leis ann sin agus chuaidh sé chuig an easbog
agus d'innis sé an sgeul dó, agus rinne sé faoistin leis, agus
dubhairt sé gur casadh í air, agus gur chuir sí cathughadh air.
Ann sin dubhairt an t-easbog leis go raibh sé damanta go bráth
agus nach raibh rud ar bith san domhan le n-a shábháil, ná
ionánn a shábháil. "Ní'l aon tsúil ar bith agam", mar sin ar
san sagart. Dubhairt an t-easbog leis, "Ní'l aon tsúil ar bith
agad no go bhfághaidh tu ualach beag snáthaide céimbric - na
snáthaide is caoile ar bith - agus go bhfágh' tu long, agus go
dtéidh tu amach ar fairrge, agus dá réir mar shiúbhalfas tu ceud
slat ar an bhfairrge snáthaid do chathadh uait as an luing
amach. Bí 'g imtheacht ann sin," ar sé, "go bráth," ar sé,
"no go mbéidh a n-deire sin caithte amach agad. Muna bhfuil
tu ionnán iad sin uile do chruinniughadh suas as an bhfairrge


L. 5


agus iad uile do thabhairt chugam-sa ar ais arís ann so, béidh
tu caillte go bráth."



"Well sin rud nach ndeunfaidh mise choidhche, tá sé sin
cliste orm a dheunamh," ar san sagart.



Fuair sé long agus na snáthaide agus d'imthigh amach ar
fairrge. Dá reir mar shiúbhalfadh sé píosa, chaitheadh sé snáthaid
uaidh. Bhí sé ar siúbhal go raibh sé an-fhada as an tir, go raibh
an tsnáthaid deire caithte uaidh. 'San am a raibh deire na snáthaid
caithte uaidh bhí a bheatha féin caithte, mar nach raibh aon rud
le n-ithe aige. Chaith sé tri lá ann sin 'nna sheasamh gan greim,
gan blogam, gan deoch, ná fághail air.



Ann sin, an tríomhadh lá, chonnairc sé talamh tirm uaidh
anonn. "Rachaidh mé," adeir sé, "chuig an talamh tirm úd
thall, agus b'éidir go bhfághamaoid rud éigin ann a íosamaoid."
Bhí an fear ar bealach do bheith caillte. Tharraing sé ar an áit
agus shiúbhail sé amach ar talamh tirm. Chaith sé ó'n dó-déug
ann san lá ag siúbhal go raibh sé 'nna h-ocht a clog ann san
oidhche. Nuair bhí an oidhche ann sin tuitte dubh, fuair sé é féin
i gcoill mhóir, agus chonnairc sé solas uaidh ann san gcoill agus
tharraing sé air. Bhí dá r'eug cailín beag ann sin roimhe agus
teine mhaith aca, agus d'iarr sé greim le n-ithe orra ar son De.
Frith greim le n-ithe réidh dhó. Fuair sé ann sin suipéar maith,
agus nuair bhí an suipéar ithte aige, thosaigh sé ag caint leó,
agus ag innseacht dóibh cia an chaoi ar fhág sé an baile, agus
creud do rinne sé as bealach, agus an breitheamhnas aithrighe do
cuireadh air leis an easbog, agus mar b' éigin dó dul amach ar
fairrge agus na snáthaide do chathadh uaidh.



"Go raigh (?) (bhfóiridh) Dia ort a dhuine bhoicht," ar
sa ceann de na mnáibh, "is cruaidh an breitheamhnas-aithrighe
cuireadh ort."



Adeir sé, "tá faitchios orm nach rachaidh mé ar ais go bráth,
ní 'l súil agam leis. Bhfuil tuairisg ar bith agaibh dam o fhlaitheas
anuas cá bhfághaidh mé an duine innseóchas dam an sábhálfaidh
mé mé féin as na peacaidh' atá deunta agam.


L. 6


"Ní 'l fhios agam," ar cailín beag aca, "acht tá aifrionn
ann san teach so againn uile lá 'san mbliadhain ag a dó-deug a
chlog. Tagann sagart ann ag léigheadh aifrinn dúinn agus muna
bhfuil an sagart sin ionnánn a innseacht duit, ní'l aon mhaith
dhuit dul ar ais go bráth."



Bhi an sagart bocht tuirseach ann sin agus chuaidh sé ann a
chodladh. Well anois bhí sé chomh tuirseach sin nár airigh sé
éirighe, agus nár airigh sé an sagart ann san teach ag léigheadh
an aifrinn go raibh an t-aifrionn léighte agus an sagart imthighthe.
Dhúisigh sé ann sin agus d'fhiafruigh sé ar mhnaoi aca an dtáinig
an sagart fós. Dubhairt sí go dtáinig agus go raibh aifrionn
léighte aige agus é imthighthe. Bhí trioblóid mhór air ann sin
agus catha (?) andhiaigh an tsagairt.



Anois le faitchios go nach ndúiseóchadh sé an lá ar n-a
mhárach, thug sé asteach cliath agus luidh sé síos ar an gcliath,
i riocht nach mbeidheadh, shaoil sé, suaimhneas ar bith le
fághail aige. Do ghoill an codladh air chomh mór sin, 'nna dhéigh
sin, nár airigh sé éirighe go raibh an t-aifrionn léighte agus an
sagart imthighthe an darna lá. Bhí dá lá caillte aige anois agus
dubhairt na cailinidh leis muna bhfághadh sé an sagart an
tríomhadh lá gur b'éigin dó dul ó n-a measg féin. Chuaidh sé
amach ann sin agus thug sé leabuidh drisneacha asteach, a raibh
deilgne ann ag gortughadh a chraicinn, agus luidh sé síos orra,
gan a léine, ann san gclúid, agus le uile shórt pionnúis do bhí
sé ag cur air féin , do chongbhaigh sé é féin ann a dhúiseacht
ar feadh na h-oidche no go dtáinig an sagart. Do léigh an
sagart sin an t-aifrionn agus nuair bhí sé léighte aige agus é ag
imtheacht, chuaidh mo dhuine bocht suas chuige agus d'iarr air
fanamhaint, go raibh sgeul aige le n-innsint dó, agus d'innis
sé dhó ann sin an chaoi (ann) a raibh sé, agus an breitheamhnas
aithrighe do bhí air, agus mar d'fhág sé an baile agus mar
chaith sé na snáthaide 'nn a dhiaigh anns an bhfairrge, agus uile
shórt do ghabh sé thríd.



Naomh do bhí ann san sagart sin do léigh an t-aifrionn, agus


L. 7


nuair chualaidh sé an méad do bhí ag an sagart le n-innsint dó;
"amárach" adeir an naomh leis "teirigh suas ann a leitheid seó
de shráid" do bhí ann san mbaile mór ann san tír sin. "Tá bean ann
sin," - adeir sé - "ag díol iasganna, agus an cheud cheann a
mbeurfaidh tu air, tabhair leat é. Tuistiún a bhainfeas an bhean
díot ar an iasg, agus so tuistiún duit le tabhairt dí; agus nuair
bhéidheas an t-iasg ceannaighthe agad, fosgail air, agus ní'l aon
snáthaid da 'r chaith tu ann san bhfairrge nach bhfuil astigh ann
a bholg. Fág an t-iasg do dhiaigh ann sin; tá gach (rud) a theas-
tuigheas uait ann a bholg: tabhair leat na snáthaide acht fág an
t-iasg." D'imthigh an naomh uaidh ann sin.



Chuaidh an sagart do'n tsráid sin a raibh an bhean innti, ag
díol iasg, mar d'ordaigh an naomh, agus cheannaigh sé an cheud
iasg do rug sé air, agus d'fhosgail sé air, agus bhain sé amach
an rud do bhí ann a bholg, agus fuair sé na snáthaide ann mar
dubhairt an naomh leis. Rug sé leis iad agus d'fhág sé an t-iasg
'nna dhiaigh. Thionntaigh sé ar ais go dtáinig sé chuig an teach
arís. Chaith sé an oidhche sin ann go maidin. D'éirigh sé
an lá ar n-a mhárach, agus nuair bhí a chuid aige, d'fhág sé a
bheannacht leis na mnáibh, agus thug sé a aghaidh ar an mbaile
aige féin.



Bhí sé ar siúbhal ann sin go dtáinig sé a-bhaile aige féin. Nuair
chualaidh an t-easbog do chuir an breitheamhnas aithrighe air, go
dtáinig sé a-bhaile, chuaidh sé ar cuairt chuige.



"Tháinig tu a-bhaile", adeir an t-easbog.



"Tháingeas", ar sé.



"Agus na snáthaide leat?" ar san t-easbog.



"'Seadh," ar san sagart, "seó iad." "Maiseadh is mó na
peacaidh atá orm-sa," ar san t-easbog, "'ná atá ort-sa."



Ni raibh aon suaimhneas ar an easbog ann sin, go ndeachaidh
sé chuig an Pápa, agus d'innis sé dó gur chuir sé an breitheamhnas
aithrighe seó ar an sagart, "agus ní raibh súil agam go dtiucfadh
sé ar ais go bráth go mbáithfidhe é," ar sé.



"Caithfidh tu an breitheamhnas-aithrighe do chuir tu ar an


L. 8


sagart, chur ort fein anois," ar san Pápa, "agus an t-aistear
ceudna dheunamh. Tá an fear naomhtha," adeir sé.



D'imthigh an t-easbog agus chuaidh sé ar an aistear ceudna,
agus ní tháinig sé a-bhaile ó shoin.



II



Éirighe Chuinn faoi na gabhair.



Ní 'l aon oidhche Mhártain tháinig ariamh nach marbhóchadh
Conn mart no caora. An cheud bhean do bhí aige cailleadh í, agus
phós sé arís - agus an cheud bhean do bhí aige níor chuir sí
suas ariamh do'n mhart do mharbhadh. Acht an dara bean so do
phós sé arís chuir sí anaghaidh an mart do mharbhadh, chor ar
bith.



Chuadar thar a chéile le caint, agus mar sin féin thug sé asteach
an mart agus mharbh sé é gan bhuidheachas di. Nuair bhí an
mart marbh, "go dtachtaidh an diabhal," ar san bhean, "an
cheud duine íosfas greim dé."



(Do) feannadh an mart ann sin agus chuaidh pota dhó síos,
oidhche Mhártain, agus d' freastail sí ar an bpota go maith
chomh fhad a's bhí sé (ag) bruith. Agus nuair bhí sé bruithte,
thóg sí é agus thug sí soir an pota, agus 's é an cheud rud rinne
sí - a lámh (do) chur síos ann san bpota agus píosa de 'n fheóil
do thógbháil agus do chur ann a beul.



Thacht an greim í.



Bhí sí shoir o na daoinibh, agus níor airigh an cómhluadar d'á
tachtadh í, chor ar bith. B' fhada leó bhí sí shoir díobh gan
caint do dheunamh, agus d'fheucadar créad do bhí d' á congbháil
agus fuaradar tachta í.


L. 9


"'S fíor sin," adeir Mártain, "bíonn uair na h-athchuinge
ann, sin an athchuinge rinne sí - an cheud duine d'íosfadh
píosa de'n mhart, go dtachtfaidhe é."



Chuaidh an sgeul amach tríd an mbaile gur éirigh an saothar
léithe. Tóraigheadh í agus lá ar na mhárach cuireadh í.



'R éis í (do) chur ag an roilig, tháinig siad a-bhaile. Chuaidh
Mártain agus Conn d'á dteach féin. Bhí an trathnóna ann, an
t-am sin, agus chuir siad a suipéar síos. Nuair bhí an suipéar
ithte aca agus iad ag dul a' codladh, bhuail sí an dorus agus
d'iarr sí a leigean asteach.



"Seó an bhean d' fhágamar ag an roilig," ar san mac,
"aithnighim a glór, agus tá eagla orm."



"Má 's í, ná leig asteach í," ar san t-athair.



"Tiucfaidh sí asteach gan buidheachas dam," ar san mac.



D'éirigh an mac mar sin féin, agus leig sé asteach í, agus le
teannadh uathbháis do bhí ag an mac roimpi chuaidh sé ar
chúl an dorais nuair d'fhosgail sé é. Agus 'sé an áit chuaidh
sise t' r éis a leigean asteach - suas san tseomra chuig an
athair, agus mharbh sí an t-athair.



Nuair fuair an mac ann san tseomra í, agus nuair chualaidh
sé an sgread do chuir an t-athair as, rith sé féin amach, agus
chuaidh sé asteach i dteachín a mbidheadh gabhair agus pocaide
gabhair ann, agus chuir sé é féin a bfholach ann sín.



Nuair bhí an t-athair marbh aici, chuaidh sí ag leanamhaint
an mhic le n-a mharbhadh chomh maith leis an athair, agus
tháinig sí go dorus botháinin na ngabhar 'n áit a raibh an mac
astigh, acht nuair shaoil sí teacht asteach sheas an pocaide roimpi,
agus bhuail sé poc d'a adhairc uirri agus chuir sé amach í.



Chas sí arís ag teacht asteach agus an pocaide ann san dorus
roimpi, agus gach am do dheunfadh sí iarraidh ar teacht asteach
do bhuailfeadh an pocaide adharc uirri d'á tiomáint amach arís.
Lean sí do'n obair sin go dti a dó a chlog 'san oidche, agus nuair
nár bhféidir léithi teacht asteach b'éigin dí imtheacht, agus
bhí an mac sábhálta an oidche sin.


L. 10


Nuair tháinig an lá ar maidin d'imthigh an mac leis ag géir-
imtheacht uaithi - nach bhfághadh sí amach é, agus chaith sé
an lá ag siúbhal go dti oidhche. Nuair bhí an oidhche ag tuitim,
tháinig sé asteach ar shráid fheilméir agus d'iarr sé lóistin air,
go maidin. Fuair sé sin.



Bhi sé 'r éis a shuipéir agus é (ag) brath ar dhul a codladh an
t-am a tháinig sí seó do bhí 'nna dhiaigh go dti an geata, agus
thosaigh sí ag tuargaint an gheata, ag iarraidh fághail asteach.



"Gabh 'mach," ar fear a tighe leis an mbuachaill do bhí
aige, "agus féach cia tá ag an ngeata."



Ghabh an buachaill sin amach, agus mharbh sí é.



"Gabh amach," ar sé leis an gcailín, "agus féach cia sin tá
ag an ngeata."



Chuaidh an cailín amach agus mharbh sí í.



"O ná leig aon duine eile amach," ar Conn, "tá fhios agam-
sa cia tá ann; sin ainspiorad atá ag leanamhaint mo dhiaigh agus
mharbhóchadh sí an domhan dá mbeurfadh sí orra."



Bhí faitchios mór ar gach uile dhuine do bhí ann san teach
nuair chualaidh siad sin, agus bhí sise amuigh ag tuargaint an
gheata ag tabhairt gach uile bhuille dhó. Ann sin do sgaoil an
feilméar amach péire madraidh fiadháine do bhí aige, agus bhí
muinntir an tighe ag éisteacht le toran na troide sin ar feadh
na h-oidhche, agus le gach sgread agus béic do chuir siad asta
agus iad ag gabháil d'á cheile.



Ar mhaidin an laé ghlais, frith í féin agus an péire madraidh
marbh ag an ngeata.



Bhí náire mhór ar Chonn ann sin, mar gheall ar an saothar do
bhí deunta aige - an cailín agus an buachaill do bheith marbh
mar gheall air féin. D'fhág sé teach an fheilméir agus thionntaigh
sé ar ais; agus casadh bean ar an mbóthair dó, agus d'fhiafruigh
sí cá raibh sé dul, agus d'innis sé dí go raibh sé ag filleadh a-
bhaile agus go raibh buachaill agus cailín marbh mar gheall air
féin. Creidim gur b'í a mháthair féin d' imthigh as a saoghal
roimhe seó, do casadh dó ann sin. Thug sí buideull dó agus


L. 11


dubhairt sí leis filleadh arís, agus braon d'á raibh 'san mbuideull
do chur i mbeul gach duine de'n bheirt do marbhaigheadh an
oidhche roimhe, agus b'fhéidir go ndeunfadh sé níos féarr iad.



Chuaidh sé ar ais arís go teach an fheilméir, agus chuir sé
braon as an mbuideull i mbeul an chailín agus sheas sí suas
chomh maith agus bhí sí ariamh. Rinne sé an rud ceudna leis
an mbuachaill ann sin. D'fhág sé an feilméar ann sin agus
chuaidh sé a-bhaile go teach a athar. Chuir sé an t-athair, agus
do chómhnuigh sé féin ann san teach. Ní tháinig aon droch-rud
ag cur buaidheartha air ó shoin.



III



Seághan Tinncéar.



Beirt bhocht do bhí ann san bhfear agus ann san mnaoi. Ní
raibh slighe ar bith ann san domhan aige acht a lá páidhe, dul
anonn agus dul anall, agus ag saothrughadh a laé ó áit go
h-áit.



Tháinig tús an fhóghmhair anois, agus chuaidh sé asteach
chuig an mbean (mnaoi) agus dubhairt sé léithi - 'sé an t-ainm
do bhí ar an mbean Eilis - "Eilis," adeir sé, "seas suas,"
adeir sé, "agus deun mo bhéile dham, go rachaidh mé go Cill
Dara amárach."



Rinne Eilís an béile dhó chomh maith agus bhí sé aici, agus
nigh sí a's ghlan sí é, agus chuir sí bríste maith glan air, agus
fuair sé féin réidh le bheith 'g imtheacht, agus d'imthigh mo
dhuine bocht, d'imthigh sé leis. Ní raibh lón ar bith aige ag
imtheacht ann sin, acht ceithre scillinn mar chostas.



Bhí sé ag imtheacht ann sin agus ag siúbhal no go dtáinig sé
go mullach droichid agus baineadh truisle as, agus cuireadh ar


L. 12


a leath-ghlúin é. "O maiseadh," adeir sé, "go mbrisfidh an
diabhal mo mhuineul nuair ghabhas mé an bealach so arís."



D'imthigh sé ann sin agus níor chómhnaigh sé go dtáinig sé
asteach go Cill-Dara, agus shocraigh sé le feilméar ann, agus
chaith sé ceithre bliadhna aige gan teacht a-bhaile, chor ar bith.
Níor thóg sé aon leithphighin ó'n bhfeilméar i n-imtheacht na
ceithre bliadhan acht oiread 's do chuir eudach air. Anois i
gceann na ceithre bliadhan, chuir sé ann a cheann, é bheith dul
a-bhaile arís. Agus sé r'd do bhí ann san mbliadhain dó, cúig
púnta. Agus cosmhúil, nuair chuir sé ann a cheann bheith 'g
imtheacht, go dubhairt sé leis an bhfeilméar agus le bean an
fheilméir go raibh sé le bheith 'g imtheacht ar maidin. Thugadar
a chuid airgid dó ann sin. Thug sé ann sin ar a bhaile, agus
cúig púnta deug do bhí aige, ag teacht a-bhaile dhó. Níor chaith
sé acht cúig púnta ar a eudach c'fhad a's bhí sé leis an
bhfeilméar.



Bhí sé ag teacht agus ag síor-theacht leis, ann san mbóthar
ann sin, no go dtáinig sé go coirneull ceithre bóthar. Casadh
duine bocht dó agus d'iarr déirc air. "Go mbeannaighidh Dia
dhuit" adeir sé.



"Go mbeannaigh Dia 'gus Muire dhuit" ar Seághan.



"I gCill Dara bhí tu?" adeir sé.



"Well seadh," deir Seághan.



"Tá airgiod mar sin agad," adeir sé, "agus tá mé ag
iarraidh mo dhéirce ort, i n-onóir do Dhia agus do Mhuire."



Thug sé déirc dó ann sin. - Cúig púnta thug sé dhó.



"Anois, a Sheághain," adeir sé, nuair bhí sé ag imtheacht
uaidh, "ní maith liom thu d'imtheacht gan luach saoruighthe
do thabhairt duit, ar son do chúig púnta, créad is mó bheidheadh
tóir agad air?" ar sé.



"Rud ar bith d'iarrfainn," ar Seághan, "neart airgid do
bheith agam dó, ann mo phóca, nuair theastuigheas uaim é, agus
rud ar bith do bheith ag cur buaidheartha orm cead do bheith
agam a dhruidmheál suas ann san mbuideull so ann mo láimh."


L. 13


"Geobhaidh tu sin" ar sé.



Bhi (sé) ag imtheacht leis ann sin go dtáinig sé go coirneull
ceithre bóthar eile, agus casadh duine bocht eile dhó. "Go
mbeannaigh' Dia dhuit," ar san duine bocht. "Go mbeannaigh'
Dia 'gus Muire dhuit." "Bhí tu i gCill Dara," ar san duine
bocht. "Sin an áit do bhí mé," ar Seághan. "Má tá tu teacht
ar ais as Chill Dara ní 'l tu gan airgiod, agus tá mise ag iarraidh
mo dhéirce ort i n-onóir do Dhia agus do Mhuire." "'S gearr
go mbéidh mo chuid airgid caithte agam," deir Seághan, "acht
seó," adeir sé, ag cur na láimhe ann a phóca, "seó cúig púnta
dhuit."



Nuair thug sé dhó é, dubhairt an duine bocht, "ní maith liom
thu (d) 'imtheacht gan luach saothraighthe do thabhairt duit ar
son do chúig púnta, cia an sórt is mó chuirfeá spéis ann, do
bheith agad?" "Duine ar bith do bheidheadh ag deunamh aon
cheó as bealach liom, é do chur asteach ann mo bhudget, agus
(a) fhannacht ann sin go dtugfainn féin cead dó (d) 'imtheacht
no go leigfinn féin amach é." "Béidh sin le fághail agad"
adeir sé.



D'imthigh sé ann sin agus bhí sé ag siúbhal go ndeachaidh sé
i gcómhgar ceithre bóthar eile. Bhí duine bocht eile roimhe ann
sin. "Seó é an triómhadh fear," ar Seághan. "Go mbeannaighidh
Dia dhuit a sheághain Tinncear," ar sé, nuair tháinig Seághan
suas leis. "Go mbeannaighidh Dia 'gus Muire dhuit." "Tá tu
teacht as Chill Dara, a Sheághain," ar sé. "Tá mé, go deimhin"
ar Seághan, agus dubhairt sé leis fein "Nach maith a n-aith-
nigheann uile fear mé agus gan aithne agam-sa orra." "Tá
mise ag iarraidh mo dhéirc' ort i n-onóir do Dhia agus do Mhuire,
má tá aon airgiod leat ag teacht as Chill Dara." "O maiseadh,
tiubhraidh mé sin duit agus mo bheannacht; casadh beirt eile
orm roimhe seó agus thug mé cúig púnta do gach duine aca,


L. 14


agus ag so cúig púnta dhuit-se." "Ní maith liom, a Sheághain,
thu d' imtheacht gan do luach saoruighthe, agus cia an rud is mó
do bheidheadh dúil agad ann? "Maiseadh," ar Seághan, "nuair
bhí mé ann san mbaile bhí crann ubhaill agam ar chúl an tighe
ann san ngardha, agus do bhí mé buaidheartha le gasúraibh ag
teacht ann agus ag goid na n-úbhal. Budh mhaith liom ó tá mé
dul a-bhaile anois arís, gach duine acht mé féin a leagfas a lámh
ar an gcrann sin, a lámh do ghreamughadh ann, agus gan neart
aige air féin d'imtheacht gan cead uaimse." "Geobhaidh tu sin,
a Sheághain," ar sé.



Bhi sé ag siúbhal ann sin go dtáinig sé chum an droichid air
(ar) baineadh an truisle as ag dul go Cill Dara, nuair cuireadh
ar a leathghlúin é. Cia bheidheadh 'nna sheasamh ar an droichead
roimhe acht an Diabhal. "Cia h-é thusa," ar sa' Seághan
Tinncéar. "Tá mise an Diabhal" adeir sé. "Agus creud do
chuir thusa ann so," ar Seághan. "Tá," ar sé, "nuair ghabh tu
an bealach so roimhe nach dubhairt tu dá ngabhá an bealach so
arís: go mbrisidh an Diabhal do mhuinéal?" "Dubhras," ar
Seághan. "Well tháinig mise rómhat anois go mbrisfinn do
mhuineul." "Feuch má thig leat é" ar Seághan. Do dhruid an
Diabhal anall chuige agus bhí sé dul a mharbhadh nuair dubhairt
Seágan, "Asteach leat ann mo mhála ar an móimid agus ná bí
'gam bhuaidhreadh." B'éigin do'n Diabhal dul asteach 'san mála,
mar bhí an bhuaidh sin ag Seághan.



Bhí Séaghan ag imtheacht ann sin agus an Diabhal shiar ar a
dhruim ann san mála. Nuair tháinig sé go dti an chéad droichead
eile, sheas sé ag leigean a sgith, agus bhi beirt mná ag
nigheachán ann. "Tiubhraidh mé cúig púnta dhaoibh agus
buailidh dreas maith ar mo mhála," ar sé, "leis na sliosannaibh."
Thosaigh siad d'á bhualadh. "Is cruaidhe an mála," adeir siad,
'ná an diabhal féin." "Is é an diabhal féin atá ann," ar
seághan, "agus leagaidh air." Bhuaileadar dá ríribh é ann sin
go dtugadar a sháith dhó.


L. 15


Bhuail sé shiar ar a dhruim é ann sin, agus d'imthigh leis, no
go dtáinig se chuig ceartaidh. Chuaidh sé asteach 'san gceartaidh.
"Tiubhraidh mé cúig púnta dhuit," ar sé leis an ngobha, "agus
buailidh dreas maith ar mo mhála. Bhí beirt goibhne ann agus
thosaigh siad ag tuargaint an mhála." "Maiseadh," ar ceann de
na goibhnibh, "is cruaidhe do mhála 'ná an diabhal féin." "Is
é an diabhal féin atá ann," ar Seághan "agus leagaidh air agus
buailidh é." Chuir fear aca poll ann san mála leis an mbuille
thug sé dhó, agus dhearc sé asteach 'san bpoll agus chonnairc sé
súil an diabhail ar an bpoll. Bhí an prócar ann san teine agus
é dearg. Sháith an gobha asteach ar an bpoll é gur chuir sé i
súil an diabhail é agus sin é an rud d'fhág an sean diabhal caoch
ó shoin.



Thóg sé an mála air, ann sin, nuair d'fhág sé an cearta, agus
bhí sé ag imtheacht, nuair d'éirigh an diabhal, phleusg sé an
mála, agus d'imthigh sé uaidh. Tháinig Seághan a-bhaile.



I gceann ráithche nuair bhí Seághan 'san mbaile leis an
mnaoi tháinig an diabhal chuige arís. "Caithfidh tu teacht liom,
a Sheághain," ar sé, "deun t-anam," ar sé, "tiubhraidh mise
an bás duit gan cáirde."



"Rachfaidh mise leat," ar Seághan, "acht tabhair cáirde
dham go dti amárach go mbéidh gach uile shórt réidh agam,
agus rachfaidh mé leat ann sin agus fáilte."



"Ní thiubhraidh mise cáirde ar bith dhuit, lá ná uair, a
bhitheamhnaigh."



"Ní iarrfaidh mé aon cháirde ort," ar Seághan, "acht
chomh fhad agus do bheithinn ag ithe aon úbhaill amháin de 'n
chrann sin. Bain ceann dam, thu féin, agus béidh mé leat."



Do dhruid an sean-diabhal anonn do'n chrann agus rug sé ar
gheugán ag baint úbhaill dé, agus ghreamaigh sé do'n gheugán
agus níor fheud sé é féin sgaoileadh. D'fhan sé ann sin, ann san
ngeugán i n-imtheacht seacht mbliadhan.



Lá d'á raibh Seághan 'san ngardha arís leis féin, níor chuimh-
nigh sé air féin, acht chuaidh sé ag cruinniughadh cuaille


L. 16


cipinidh d'Eilis mar úghdar teine dí, agus cia an geugán do
thuitfeadh dhó do bhaint d'Eilis acht an geugán a raibh an
diabhal ann.



Rinne an diabhal léim ann san spéir, "'Nois a Sheághain,"
ar sé, "bí réidh, ni rachfaidh tu ar d'aghaidh ná ar do chúl go
bráth, caithfidh tu teacht liom-sa ar an mball."



"Well rachfad," ar Seághan, "rachfaidh mé leat," adeir sé,
"acht is fada sinn ag plé le chéile agus budh chóir dúinn deoch do
bheith againn le chéile. Tá buideul maith ag Eilís agus tarr
asteach go n-ólfamaoid braon dé sul imtheóchamaoid." "Maiseadh
rachfaidh mé leat," ar san diabhal, mar bhí tart an diabhail
air, 'réis a bheith shuas ann san gcrann chomh fada sin. D'óladar
a sáith ann sin astigh i bpoll Eilís, agus nuair bhí an buideull
folamh ag an diabhal, d'éirigh sé 'nna sheasamh go mbeurfadh sé
ar phíobán Sheághain go dtachtfadh sé é. "'Steach leat 'san
mbuideull" ar Seághan, "'steach leat an móimid seo," adeir
sé, "ar shaoil tu go n-imeórá orm-sa," adeir sé. B'éigin do'n
diabhal dul asteach 'san mbuideull agus chaith sé seacht
mbliadhna astigh ann san mbuideull ag Seághan gan a leigean
amach.



Thuit amach anois go raibh clann óg ag Eilís - bhí mac aici
- agus bhí buideull a' teastál le dul a gcoinne stuif le h-agh-
aidh Eilís. Cia an buideull bheurfadh siad leó acht an buideull
a raibh an diabhal shíos ann, agus nuair bhaineadar an corca as,
d'imthigh an diabhal leis.



Bhí Seághan imthighthe (ag) tóiraigheacht cáirdis Chríosta
d'á mhac. Casadh mac Dé leis. "Go mbeannaighidh Dia dhuit,
a Sheághain," adeir sé.



"Go mbeannaighidh Dia 'gus Muire dhuit."



"Cá raibh tu dul anois? a Sheághain," adeir sé.



"Bhi mé ag tóraigheacht cairdis Chríosta do m' mhac," ar
Seághan.



"An dtiubhrá dhamh-sa é, agus rachfainn chum baistidh leis."



"Cia h-é thusa?" ar Seághan Tinncéar.


L. 17


"Mise Mac Dé," ar sé.



"Maiseadh go deimhin ní thiúbhrad duit-se é," ar Seághan,
"ní fear comhthrom thu, tugann tu a seacht sáith do dhaoinibh,
agus ní thugann tu a leath-sháith do dhaoinibh eile."



D'imthigh Mac Dé.



Casadh Righ an Dómhnaigh leis ann sin agus bheannaigh siad
d'á chéile.



"Ca raibh tu dul?" ar Righ an Dómhnaigh.



"Maiseadh bhí mé dul ag tóruigheacht cáirdis Chríosta do m'
mhac."



"An dtiúbhrá dhamh-sa é?" ar san Righ an Dómhnaigh.



"Cia h-é thusa" ar Seághan.



"Mise Righ an Dómhnaigh."



"Maiseadh ní thiúbhrad," ar Seághan, "ní'l agad acht aon
lá amháin 'san tseachtmhain, agus ní'l tu ionnánn mórán maithis
do dheunamh an lá sin féin."



Thug sé eiteach dó mar sin, agus d'imthigh Righ an Dómh-
naigh uaidh.



Cia chasfaidh dhó ann sin agus é ag teacht a-bhaile acht an
Bás. (Bhí faitchios ar an diabhal dul anaice leis arís acht chuir
sé an Bás 'nna choinne). "Deun t-anam anois, a Sheághain," ar
sé, "tá tu agam."



"O ní fheudfá bás thabhairt dam anois," ar Seághan, "go
mbaistfidh mé mo mhac."



"Tá go maith, baist é," ar san Bás. "Cia chuirfeas tu chum
baisdidh leis?"



"Ní fheicim aon duine," ar Seághan, "is fearr 'ná thu féin.
Is tu is faide fhágfas beó é," ar seisean.



Nuair fuair sé an mac baistte, thug sé bás do Sheághan. Ní
leigfeadh sé dhó bheith a' magadh faoi.



Tá sgeul maith eile ann ar Mhac an Tinncéir. Bhí an mac so, 'nna dhoctúir
agus mheall sé an Bás, mar mheall an t-athair an Diabhal. Ní'l an sgeul agam,
faraor. Tá faitchios orm nach bhfuil an sgeul iomlán agam ann so, acht is mar
sin do fuaireas é.


L. 18


IV



Ridire na gcleas.



Bhí feilméar (no duine-uasal) ann san tír agus ní raibh aige
acht aon mhac amháin. Tháinig sé seó (Ridire na gcleas) chuige
asteach trathnóna oidhche, agus d'iarr sé lóistin dó féin agus do'n
dá-'r-'eug do bhí i n-éinfheacht leis.



"Suarach liom mar tá sé agam le t'aghaidh," ar san feilméar,
"acht tiúbhraidh mé dhuit é agus do d' dhá'r-'eug." Frith
suipéar réidh dóibh chomh maith a's bhí sé aige, agus nuair bhí
an suipéar caithte, d'iarr an Ridire ar an dá-'r-'eug so éirighe
suas agus píosa gaisgidheachta do dheunamh do'n fhear so, ag
taisbeán na ngníomhartha bhí aca.



D'éirigh an dá-'r-'eug agus rinneadar gaisgidheacht dó, agus
ní fhaca an duine seo ariamh píosa gaisgidheachta mar iad sin,
"maiseadh," adeir an duine-uasal, fear an tighe, "níor
bhfearr liom an oiread so (de shaidhbhreas) 'ná dá mbeidheadh mo
mhac ionnánn sin (do) dheunamh."



"Leig liom-sa é," ar Ridire na gcleas, "go ceann lá agus
bliadhain, agus béidh sé chomh maith le ceachtar de na bua-
chaillibh seó atá agam."



"Leigfead," ar san duine-uasal, "acht go dtiúbhraidh tu ar
ais chugam é i gceann na bliadhna."



"O tiúbhrad," ar Ridire na gcleas, "ar ais chugad é."



Frith bréacfast ar maidin , lá ar na mhárach, dóibh nuair
bhiadar ag dul ag imtheacht, agus leig an duine-uasal an mac leó,
agus d'fhan siad amuigh lá agus bliadhain.


L. 19


I gceann a' lá agus bliadhain tháinig siad arís a-bhaile chuige
agus a mhac féin i n-éinfheacht leó. Bhí sé (ag) faire orra, agus
bhí fáilte rompa aige, agus bhí oidhche mhaith aca. Nuair
bhíodar taréis a suipéir, dubhairt Ridire na gcleas leis an da-'r-'eug
éirighe suas arís agus gaisgidheacht do dheunamh do'n duine-
uasal do bhí tabhairt an tsuipéir dóibh. Anois bhí a mhac féin ann
freisin, agus bhí sé i ngar do bheith chomh maith le ceachtar aca.
"Ní'l sé 'nna ghaisgidheach fós chomh maith le mo chuid-se
fear, acht leig liom-sa é," ar Ridire na gcleas, "ar feadh lá agus
bliadhain eile."



"Leigfead," ar seisean, "acht go dtiúbhraidh tu ar ais chu-
gam é i gceann an lá agus bliadhain." Dubhairt sé go dtiúbh-
radh.



D'imthigh leó, an lá ar na mhárach 'réis bidh na maidne, agus
d-fhanadar amuigh lá agus bliadhain eile. Agus i gceann an lá
agus bliadhain chonnairc an duine-uasal an comhluadar ag teacht
chuige arís. Thug sé fáilte agus suipéar dóibh, le lúthgháire iad
do bheith ar ais arís agus a mhac leó.



Chaitheadar an suipéar, agus nuair bhíodar 'réis a suipéir,
dubhairt sé le n-a chuid fear éirighe suas agus píosa gaisg-
idheachta do dheunamh do'n duine-uasal do bhí tabhairt na
gnaoimhúileacht (?) dóibh. D'éirigh siad suas, trí fir deug,
agus bhí a mhac an fear do b'fhearr de 'n méad sin. Ní raibh
fear ar bith ionnánn ceart do bhaint dé acht Ridire na gcleas
féin.



Deir an duine-uasal, "ní'l fear ar bith aca ionnánn gaisgidh-
eacht do dheunamh le mo mhac féin."



"Ní'l, go deimhin," ar Ridire na gcleas "aon fhear ionnánn
a dheunamh acht mise; agus ma leigeann tu dhamh-sa é lá agus
bliadhain eile, béidh sé 'nna ghaisgidheach chomh maith liom
féin."



"Maiseadh, leigfead," ar san duine-uasal, "leigfidh mé leat
é," adeir sé.



Anois, níor iarr sé air an t-am so a thabhairt ar ais arís,


L. 20


mar rinne sé na h-amannta eile, agus níor chuir sé ann a
gheasaibh é.



I gceann an lá agus bliadhain, bhí an duine-uasal ag fanamh-
aint agus ag súil le n-a mhac, acht ní tháinig an mac ná Ridire
na gcleas. Bhí an t-athair ann sin faoi imnidhe mhóir nach
raibh an mac ag teacht a-bhaile chuige, agus dubhairt sé:
"pé b'é áit de'n domhan a bhfuil sé, caithfidh mé a fhághail
amach."



D'imthigh sé ann sin agus bhí sé ag imtheacht gur chaith sé
trí oidhche agus trí lá ag siúbhal. Tháinig ann sin asteach i n-áit
a raibh árus breágh, agus amuigh anaghaidh an doruis mhóir
bhí trí fir deug ag bualadh báire ann; agus sheas sé ag feuchaint
ar na trí fearaibh deug d'á bualadh, agus bhí aon fhear amháin
d'á bualadh le dá-'r-'eug aca. Tháinig sé 'san áit a rabhadar
asteach ann a measg ann sin, agus 'sé a mhac féin bhí ag bualadh
na báire leis an dá-'r-'eug eile.



Chuir sé fáilte roimh an athair ann sin. "O, a athair,"
adeir sé, "ní'l aon fhághail agad orm. Ni rinne tusa,"
adeir sé, "do ghnatha (gnódh) ceart, nuair bhí tu (ag) deunamh
margaidh leisean níor iarr tu air mise (do) thabhairt ar ais
chugad."



"Is fíor sin," adeir an t-athair.



"Anois," adeir an mac, "ní bhfuighfidh feuchaint orm
anocht, acht deunfar trí colaim deug dínn agus caithfidhear
grána coirce ar an urlár agus deurfaidh Ridire na gcleas má
aithnigheann tu do mhac orra sin (= ann a measg-san) go
bhfuighfidh tu é. Ní bhéidh mise ag ithe aon ghrán agus béidh
na cinn eile ag ithe. Béidh mise dul anonn 's anall 's ag bualadh
prioca ann san gcuid eile de na colamaibh. Geobhaidh tu do roghan
agus déarfaidh tu leis gur b'é mé thógfas tu. Sin é an comartha
bheirim duit, i riocht go n-aithneochaidh tu mise ameasg na
gcolam eile, agus ma thoghann tu go ceart, béidh mé agad an
uair sin."



D'fág an mac é ann sin, agus tháinig sé asteach ann san teach,


L. 21


agus chuir Ridire na gcleas fáilte roimhe. Dubhairt an duine-
uasal go dtáinig sé ag iarraidh a mhic nuair nach dtug an Ridire
ar ais leis é i gceann na bliadhna. "Níor chuir tu sin ann san
margadh," ar san Ridire, "acht ó tháinig tu chomh fada sin d'á
iarraidh, caithfidh sé bheith agad, má 's féidir leat a thoghadh
amach." Rug sé asteach ann sin é go seomra a raibh trí colaim
deug ann agus dubhairt sé leis a rogha colaim do thoghadh
amach, agus dá mbudh h-é a mhac féin do thoghfadh sé go dtiuc-
fadh leis a chongbháil. Bhí na colaim uile ag piocadh na ngrána
coirce de'n urlár acht aon cheann amháin do bhí gabhail thart
agus ag bualadh prioca ann san gcuid eile aca. Do thogh an
duine-uasal an ceann sin. "Tá do mhac gnóthaighthe agad," ar
san Ridire.



Chaith siad an oidhche sin buil (?) a chéile, agus d'imthigh an
duine-uasal agus a mhac an lá ar na mhárach agus dfhágadar
Ridire na gcleas. Nuair bhí siad ag dul a-bhaile ann sin tháinig
siad go baile-mór, agus bhí aonach ann, agus nuair bhíodar
dul asteach ann san aonach d'iarr an mac ar a athair sreang
do cheannach agus do dheunamh adhastair dhó. "Deunfaidh
mise stail díom féin," adeir sé, "agus díolfaidh tu mé ar an
aonach so. Tiucfaidh Ridire na gcleas chugad ar an aonach,
- tá sé do d' leanamhaint anois - agus ceannóchaidh sé
mise uait. Nuair bhéidheas tu i gcuma (?) a dhíol, ná tabhair
an t-adhastar uait acht congbhaigh chugad féin é, agus (is)
féidir liom-sa teacht ar ais chugad - acht an t-adhastar do
chongbháil."



Rinne an mac stail dé féin ann sin, agus fuair an t-athair
adhastar agus chuir sé air é. Tharraing sé suas ann sin ar an
aonach é, agus is gearr do bhí sé 'nna sheasamh ann sin,
nuair tháinig Ridire na gcleas chuige agus d'iarr sé cia
mhéad do bheidheadh ar an stail aige. "Trí ceud púnta"
deir an duine-uasal. "Tiubhraidh mise sin duit," deir Ridire
na gcleas; - thiubhradh sé rud ar bith dó ag súil go
bhfuighfeadh sé an mac ar ais, mar bhí fhios aige go maith


L. 22


gur b'é do bhí ann san stail. "Tiubhraidh mise dhuit é ar
an airgiod sin," ar san duine-uasal, "acht ní thiúbhraidh mé
an t-adhastar." "Budh cheart an t-adhastar do thabhairt,"
ar san Ridire.



D'imthigh an Ridire ann sin agus an stail leis, agus d'imthigh
an duine-uasal ar a bhealach fein ag dul a-bhaile. Acht ní raibh
sé acht amuigh as an aonach 'san am a dtáinic an mac suas leis
arís. "A athair," adeir sé, "tá mé ar fághail andiú agad, acht
tá aonach ann a leitheid seo d'áit amárach agus rachamaoid
asteach ann."



An lá ar na mhárach, nuair bhíodar ag dul asteach ann san
aonach eile, dubhairt an mac: "Deunfaidh mé stail díom féin agus
tiucfaidh Ridire na gcleas arís dom' cheannach. Tiúbhraidh sé
airgiod air bith orm a iarrfas tu, acht cuir ann san margadh nach
dtiubhraidh tusa an t-adhastar dó." Tharraingeadar suas ar an
aonach ann sin, agus rinne sé stail dé féin agus chuir an
t-athair adhastar air agus is gearr do bhí sé ann, 'nna sheasamh,
nuair tháinig Ridire na gcleas chuige agus d'fhiafruigh sé dhé
cia mhéad do bheitheadh ar an stail aige. "Sé ceud púnta," ar
san duine-uasal. "Tiúbhraidh mise sin duit," adeir sé, "acht
ní thiúbhraidh mé an t-adhastar duit." "Budh cheart an
t-adhastar thabhairt asteach 'san margadh," ar an Ridire, acht
ní bhfuair sé é.



D'imthigh Ridire na gcleas ann sin agus an stail leis, agus
d'imthigh an duine-uasal ar a bhealach ag dul a-bhaile, acht ní
raibh sé i mbearna a' chostuim ag dul amach as an aonach am
(nuair) a dtáinig an mac arís suas leis.



"Tá go maith, athair" adeir sé, "tá an uair seó gnóthaighthe
againn, acht ní'l fhios agam creud dheunfas an lá-amárach linn.
Tá aonach ann a leitheid seó d'áit amárach agus tarróngamaoid
ann."



Chuadar mar sin ar an aonach an lá ar n-a mhárach, agus
rinne an mac stail dé féin, agus chuir an t-athair adhastar air,
agus is gearr do bhí sé 'nna sheasamh ar an aonach i n-am


L. 23


tháinig Ridire na gcleas arís chuige. D'fhiafruigh an Ridire cia
mhéad do bheidheadh sé ag iarraidh ar an stail bhreágh sin do bhí
aige ann san adhastar. "Naoi gceud púnta tá mise ag iarraidh
air," ar san duine-uasal. Níor shaoil sé go dtiubhradh sé sin dó.
Acht ní chongbhóchadh airgiod ar bith an stail ó'n Ridire.
"Tiúbhraidh mé sin duit," adeir sé. Chuir sé a lámh ann a phóca
agus thug sé an naoi gceud púnta dhó, agus rug sé ar an stail leis
an láimh eile agus d'imthigh sé leis chomh luath sin gur dhearmad
an duine-uasal é do chur ann san margadh an t-adhastar thabh-
airt ar ais dó.



D'fhan sé ag súil do bhfillfeadh an mac, acht níor fhill sé. Thug
sé suas é ann sin agus dubhairt sé nach raibh aon mhaith dhó
trufón (?) (bheith an súil) go bráth eis, ná e n-a theacht ar ais
arís go bráth.



Thug Ridire na gcleas ann sin an mac leis, agus bhí sé tabhairt
uile shórt pionnúis agus droch-usáide dhó, agus ní leigfeadh sé
ar bord le aon duine ag ithe a bheatha, acht bhí sé ann sin
ceangailte, agus an lá leigfeadh sé na gaisgidhigh eile amach, ní
leigfeadh sé eisean leó. Bhí sé seal fada mar sin, agus Ridire na
gcleas ag cur droch-mheas air agus ag tabhairt uile shóirt pion-
núis dó.



Thuit sé amach gur imthigh Ridire na gcleas an lá so as baile,
agus d'fhágbhaidh sé eisean ann san bhfuinneóig is áirde 'san
teach, 'n áit nach raibh rud ar bith le fághail aige; agus é cean-
gailte ann sin, shuas i n-áirde. Agus nuair bhí uile dhuine
imthighthe ann sin, agus gan ar an t-sráid acht é féin agus an
cailín, d'iarr sé deoch uisge i n-ainm Dé ar an gcailín. Dubhairt
an cailín go mbeidheadh faitchios uirri da bhfághadh a máighistir
amach í, go marbhóchadh sé í.



"Ní chloisfidh duine ar bith go deó é," adeir sé, "ná bíodh
faitchios ar bith ort, ní mise innseóchas (= inneósas) dó é." Thug
sí suas an deoch uisge chuige ann sin, agus nuair chuir sé a
chloigionn ann san uisge, ag ól an uisge, rinne sé eascon dé féin
agus chuaidh sé síos ann san soitheach. Bhí srothán beag uisge


L. 24


taobh de 'n dorus bhí (ag) rith go ndeachaidh sé asteach ann san
abhainn agus chaith sí amach ann san srothán gach a raibh
d' fhuighleach 'san soitheach aici. Bhí seisean ag imtheacht
ann sin agus é 'nna eascuin ann san abhainn, ag tarraingt
a-bhaile.



Nuair tháinig Ridire na gcleas a-bhaile, chuaidh sé suas go
bhfeicfeadh sé an fear d'fhág sé ceangailte, agus ní bhfuair sé é
roimhe ann. D'fhiafruigh sé de 'n chailín ar airigh sí ag imth-
eacht é, no ar airigh sí rud ar bith thug cead dó imtheacht.
Dubhairt an cailín nár airigh acht go dtug sí féin braon uisge
suas chuige.



"Agus cá 'r chuir tu án fuighleach do bhí agad?"
adeir sé.



"Chaith mé 'san srothán amach é," ar sise.



"Tá sé imthighthe 'nna eascuin ann san abhain," adeir sé,
"gleusaigidh suas," adeir sé, leis an dá-'r-'eug gaisgidheach,
"go leanfamaoid é."



Rinneadar dá mhadaidh deug uisge díobh féin agus leanadar
ann san abhain é; agus nuair bhíodar ag teacht suas leis ann san
abhainn d'éirigh sé 'nna eun as an abhainn ann san aér.



Nuair fuair siad sin amach gur imthigh sé as an abhainn
rinneadar dá sheabhac deug díobh féin agus d'imthigheadar
andiaigh an éin - fuiseóg do rinne sé dé féin - agus bhíodar
ag teacht suas leis.



Nuair fuair sé iad ag teannadh leis, agus nach raibh sé
ionnánn dul uatha, bhí faitchios mór air. Bhí bean ag cáthadh
amuigh ar pháirc bháin. Thuirling sé 'nuas as an aér, ó bheith
'nna eun , i ngar do'n choirce, agus rinne sé grána coirce
dhé féin.



Thuirling siad féin 'nna dhiaigh agus rinneadar dá chearc-
francach deug, (agus bhí an Ridire 'nna choileach-francach).
Thosaigheadar ag ithe an choirce ann sin agus shaoil siad
é bheith ithte aca, acht ní raibh. Bhí siad ag ithe an choirce
go raibh siad i ngar do beith sáthach.


L. 25


Nuair mheas seisean go raibh a sáith ithte aca, agus nach
rabhadar ionnánn mórán eile do dheunamh, d'éirigh sé suas agus
rinne sé sionnach dé féin, agus bhain sé an cloigionn de'n dá
fhrancach deug agus de'n choileach.



Bhí cead aige dul a-bhaile d'á athair ann sin nuair bhíodar
uile marbh aige. Agus sin deire Ridire na gcleas.



V



An buachaill do bhí a bhfad air a mháthair.



A bhfad ó shoin, bhí lánamhain phósta dar b' ainm Pádraig
agus Nuala ní Chiaracháin. Bhídheadar bliadhain agus fiche pósta
gan aon chlann do bheith aca, agus bhí brón mór orra, mar
nach raibh aon oidhre aca le na gcuid saidhbhris d' fhágbháil
aige. Bhí dá acra talmhan, bó agus péire gabhar aca, agus bhí
tuairm aca go rabhadar saidhbhir.



Aon oidhche amháin, bhí Pádraig teacht a-bhaile o theach
duine mhuinntirigh, agus nuair tháinig sé chomh fada leis an
roilig mhaoil, tháinig sean duine liath amach agus dubhairt:
"Go mbeannaigh' Dia dhuit." "Go mbeannaigh' Dia 'gus Muire
dhuit," ar Pádraig. "Cad atá ag cur bróin ort?", ar san sean
duine. "Ní 'l morán go deimhin," ar Pádraig, "ni bhéidh mé
a bhfad beó, agus ní 'l mac 'ná inghean le caoineadh mo dhiaigh
nuair gheobhas mé bás." "B' éidir nach mbeidheá mar sin,"
ar san sean-duine. "Faraor! béidhead," ar Pádraig, "táim
bliadhain agus fiche pósta, agus ní 'l aon chosamlacht fós."
"Glac m'focal-sa go mbéidh mac óg ag do mhnaoi, trí ráithe
ó'n oidhche anocht." Chuaidh Pádraig a-bhaile, lúthgháireach
go leór, agus d'innis an sgeul do Nuala. "Ara! ní raibh


L. 26


ann san tsean duine acht gogaille, a bhí ag deunamh magaidh
ort," ar Nuala. "Is maith an sgeuluidh an aimsir," ar
Pádraig.



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc; seal má (sul) ndeachaidh
leith-bhliadhain thart, chonnairc Pádraig go raibh Nuala dul
oidhre do tabhairt dó, agus bhí bród mor air. Thosuigh sé ag
cur na feilme i n-ordughadh, agus ag fágbháil gach nídh réidh
le h-aghaidh an oidhre óig. An lá tháinig tinneas cloinne air
Nuala, bhí Pádraig ag cur crainn óig a láthair dorais an tighe.
Nuair tháinig an sgeul chuige go raibh mac óg ag Nuala, bhí
an oiread sin lúthgháire air gur thuit sé marbh le tinneas
croidhe.



Bhí brón mór air Nuala, agus dubhairt sí leis an naoidheanán:
"Ní choisgfidh mé thu óm' chích go mbéidh tu ionánn an crann
do bhí d' athair ag cur nuair fuair sé bás do tharraing as na
fréamhaibh."



Goireadh Páidín air an naoidheanán, agus thug an mháthair
cíoch dó go raibh sé seacht mbliadhna d'aois. Ann sin thug sí
amach é le feuchaint an raibh sé ionánn an crann do tharraing,
acht ní raibh. Níor chuir sin aon droch-mheisneach air an
mháthair, thug sí asteach é, agus thug cíoch seacht mbliadhna
eile dhó, agus ní raibh aon bhuachaill ann san tír ionánn theacht
suas leis i n-obair.



Faoi cheann deiridh na ceithre bliadhna deug thug a mháthair
amach é, le feuchaint an raibh sé ionánn an crann do thar-
raing, acht ní raibh, mar bhí an crann i n-íthir mhaith, agus
ag fás go mór. Níor chuir sin aon droch-mhisneach air an
mháthair.



Thug sí cíoch sheacht mbliadhna eile dhó, agus faoi cheann
deiridh an ama sin, bhí sé chomh mór agus chomh láidir le
fathach.



Thug an mháthair amach é agus dubhairt: "Mur (muna)
bhfuil tu ionánn an crann sin do tharraing anois, ní thiubhraidh
mé aon bhraon eile cíche dhuit." Chuir Páidín smugairle air a


L. 27


lámhaibh, agus fuair greim air bhonn an chrainn. An cheud-
iarraidh do thug sé, chraith sé an talamh seacht bpéirse air gach
taoibh dé, agus leis an dara iarraidh thóg sé an crann as na
fréamhaibh, agus timchioll fiche tonna de chréafóig leis. "Grádh
mo chroidhe thu," ar san mháthair, "is fiú cíche bliadhain
agus fiche thu." "A mháthair," ar Páidín, "d'oibrigh tu go
cruaidh le biadh agus deoch do tabhairt damh-sa ó rugadh mé,
agus tá sé i n-am dam anois rud éigin do dheunamh duit-se, ann
do shean-laethibh. Is é seó an cheud-chrann do tharraing mé
agus deunfaidh mé maide láimhe dham féin dé." Ann sin fuair
sé sábh agus tuagh, agus ghearr an crann, ag fágbháil timchioll
fiche troigh de 'n bhonn, agus bhí cnap air, chomh mór le túr de
na túraibh cruinne do bhídheadh i n-Éirinn an t-am sin. Bhí os
cionn tonna meadhacain ann san maide láimhe nuair bhí sé
gleusta ag Páidín.



Air maidin, lá air na mhárach, fuair Páidín greim air a
mhaide, d'fhág a bheannacht ag a mháthair, agus d'imthigh ag
tóruigheacht seirbhíse. Bhí sé ag siúbhal go dtáinig sé go
caisleán rígh Laighin. D'fhiafruigh an rígh dhé cad do bhí sé ag
iarraidh. "Ag iarraidh oibre, má sé do thoil," ar Páidín. "Bfuil
aon cheird agad?" ar san rígh. "Ní 'l," ar Páidín, "acht tig
liom obair air bith dá ndearnaidh fear ariamh dheunamh."
"Deunfaidh mé margadh leat," ar san rígh, "má thig leat
uile nidh a ordóchas mise dhuit a dheunamh air fead sé mí,
bheurfaidh mé do mheadhachan féin d'ór duit, agus m'inghean
mar mhnaoi-phósta, acht muna dtig leat gach nidh do dheu-
namh, caillfidh tu do cheann." "Táim sásta leis an margadh
sin," ar Páidín. "Teidh asteach 'san sgioból, agus bí ag
bualadh coirce do na ba (buaibh) go mbéidh do cheud-phronn
réidh."



Chuaid Páidín asteach agus fuair an súiste, acht ní raibh an
súistín acht mar thraithnin i láimh Phádraig, agus dubhairt sé
leis féin, "is fearr mo mhaide-láimh' na an gleus sin." Thosuigh
sé ag bualadh leis an maide-láimh' agus níor bhfad go raibh an


L. 28


méad a bhí ann san sgioból buailte aige. Ann sin chuaidh sé
amach ann san ngardha agus thosuigh ag bualadh na stáca
coirce agus cruithneachta, gur chuir sé cítheanna gráin air
feadh na tíre. Tháinig an rígh amach agus dubhairt, "Coisg
do lámh, adeirim, no sgriosfaidh tu mé. Téidh agus beir
cúpla buiceud uisge chum na searbhfhóganta as an loch úd
shíos, agus béidh an leite fuar go leór nuair thiucfas tu air
ais." D'fheuch Páidín thart, agus chonnairc sé dá bháirille
mór folamh, le cois balla. Fuair sé greim orra, ceann aca ann
gach láimh, chuaidh chum an locha, agus thug iad líonta go
cúl dorais an chaisleáin. Bhí ionghantas air an rígh nuair chon-
nairc sé Pádraig ag teacht, agus dubhairt sé leis: "Téidh
asteach, tá an leite réidh dhuit." Chuaidh Páidín asteach,
agus chuaidh an rígh chum Daill ghlic do bhí aige, agus
d'innis sé dhó an margadh do rinne sé le Páidín, agus d'fhia-
fruigh sé dhé, creud do budh chóir dó thabhairt le deunamh
do Pháidín. "Abair leis dul síos agus an loch do thaodhmadh,
agus é do bheith deunta aige, seal má dtéidh an ghrian faoi, an
trathnóna so."



Ghair an rígh ar Pháidín agus dubhairt leis . "Taodhm an loch
sin shíos agus bíodh sé deunta agad seal má dtéidh an ghrian faoi
an trathnóna so." "Maith go léor," ar Páidín, "acht cia an
áit a chuirfeas mé an t-uisge?" "Cuir ann san ngleann mór atá
i ngar do'n loch é," ar san rígh. Ní raibh idir an gleann agus an
loch acht sgonsa, agus bhídheadh na daoine ag deunamh
bóthair-coise dhé. Fuair Páidín buiceud, picóid agus láidhe, agus
chuaidh chum an locha. Bhí bonn an ghleanna cothrom le bonn
an locha. Chuaidh Páidín asteach 'san ngleann agus rinne poll
asteach go bonn an locha. Ann sin chuir sé a bheul ar an bpoll,
tharraing anál fada, agus níor fhág sé braon uisge, iasg, ná bád,
ann san loch, nár tharraing sé tríd a chorp amach ar an
taoibh shiar, agus asteach 'sa' ngleann. Ann sin dhún sé suas an
poll.



Nuair d'fheuch an rígh síos, chonnairc sé an loch chomh tirm


L. 29


le bois do láimhe, agus níor bfhad go dtáinig Páidín chuige
agus dubhairt: "Tá an obair sin críochnuighthe, cad deun-
fas mé dhuit anois?" "Ní 'l aon rud eile le deunamh agad
andiú, acht béidh neart agad le deunamh amárach." An
oidhche sin, chuir an rígh fios air an nDall glic, agus d'innis
dó an chaoi ar thaodhm Páidín an loch, agus nach raibh fhios
aige creud do bhéarfadh sé dhó le deunamh. "Tá fhios agam-
sa an nidh nach mbéidh sé ionánn a dheunamh, air maidin
amárach, tabhair sgríbhinn dó chum do dhearbhráthar i
nGaillimh, agus abair leis dá fhichid tonna cruithneachta do
thabhairt chugad, agus do bheith air ais ann so faoi cheann
ceithre uaire air fhichid. Tabhair an seanláir agus an cháirt
dó, agus tig leat bheith cinnte nach dtiucfaidh sé air ais." Air
maidin, lá ar na mhárach, ghair an rígh Páidín, agus thug an
sgríbhinn dó, agus dubhairt leis, "Fágh an láir agus an cháirt
agus téidh go Gaillimh. Tabhair an sgríbhinn seo dom'
dhearbhráthair, agus abair leis dá fhichid tonna cruithneachta
do thabhairt duit, agus bí ar ais ann so faoi cheann ceithre uaire
ar fhichid."



Fuair Páidín an láir agus an cháirt, agus chuaidh air an
mbóthar. Ní raibh an láir ionánn níos mó ná ceithre míle san
uair do shiúbhal. Cheangail Páidín an láir air an gcairt, chuir
ar a ghualain é, agus as go bráth leis, tar cnocaibh agus
gleanntaibh, go ndeachaidh sé go Gaillimh. Thug sé an litir do
dhearbhráthair an rígh, fuair an chruithneacht agus chuir ar
an gcairt é. Nuair chuir sé an láir faoi an gcairt, rinneadh dá
leith d'á druim. Chuir Páidín an chruithneacht ann san sgioból.
Nuair chuaidh muinntir an chaisleáin 'nna gcodladh, chuaidh
Páidín chum an chuain, agus níor fhág sé slabhra air an loingeas
nár thug sé leis. Ann sin rómhair sé faoi an sgioból, cheangaíl
na slabhracha timchioll air, agus as go bráth leis, agus an
sgioból agus gách a raibh ann air a dhruim. Chuaidh sé tar
cnocaibh agus gleanntaibh, agus níor stop gur fhág sé an
sgioból i láthair chaisleáin an rígh. Bhí lachain, cearca, agus


L. 30


géidheacha ann san sgioból. Air maidin go moch, d'feuch an rígh
amach as a sheomra agus creud d'fheicfeadh sé acht sgioból a
dhearbhráthar. "M' anam ó'n diabhal," ar san rígh "sé sin an
fear is iongantaighe 'san domhan." Tháinig sé anuas agus fuair
Páidin le na mhaide ann a láimh, 'nna sheasamh le cois an sgiobóil.
"An dtug tu an chruithneacht chugam?" ar san rígh.
"Thugas," ar Páidin, "acht tá an tsean láir marbh." Ann sin
d'innis sé do'n rígh gach nídh d'á ndearnaidh sé ó d'imthigh sé go
dtáinig sé ar ais.



Ní raibh fhios ag an rígh creud do dheunfadh sé, agus
d'imthigh sé chum an Daill Ghlic, agus dubhairt leis, "mur
(muna) n-innsigheann tu dham nídh nach mbéidh an fear sin
ionnán a dheunamh, bainfidh mé an ceann díot." Smuain an
Dall Glic tamall agus dubhairt, "abair leis go bhfuil do
dhearbhráthair i n-ifrionn, agus go mbudh mhaith leat amharc
do bheith agad air, agus abair leis é do thabhairt chugad, go
mbéidh amharc agad air; nuair a gheobhas siad i n-ifrionn é, ní
leigfidh siad dó teacht ar ais."



Gháir an rígh Páidín agus dubhairt leis, "tá dearbhráthair
dham i n-ifrionn agus tabhair chugam é, go mbéidh amharc agam
air." "Cia an chaoi aithneóchaidh mé do dhearbhráthair ó na
daoinibh eile atá 'san áit sin?" ar Páidín. "Tá fiacail fhada
i gceart-lár a charbaid uachtaraigh," ar san rígh. Chuir Páidín
smugairle air a mhaide, bhuail an bóthar, agus níor bhfad go
dtáinig sé go geata ifrinn. Bhuail sé buille air an ngeata do chuir
asteach ameasg na ndiabhal é, agus shiúbail sé féin asteach 'nna
dhiaigh. Nuair chonnairc Belsibúb é ag teacht, tháinig faitchios
air, agus d'fiafruigh sé dhé creud do bhí a' teastál uaidh:
"Dearbhráthair rígh Laighin atá a' teastál uaim," ar Páidín.
"Pioc amach é," ar Belsibúb. D'fheuch Páidín thart, acht fuair
sé níos mó ná dá fhichid fear a raibh fiacail fhada i gceart-lár a
gcarbaid uachtaraigh aca. "Air faitchios nach mbeidheadh an
fear ceart agam," ar Páidín, "tiománfaidh mé an t-iomlán aca
liom, agus tig leis an rígh a dhearbhráthair phiocadh asta."


L. 31


Thiomáin sé dá fhichid aca amach roimhe, agus níor stop go
dtáinig sé i láthair chaisleáin an rígh. Ann sin ghair sé an rígh
agus dubhairt leis, "pioc amach do dhearbhráthair as na fir
(fearaibh) seó." Nuair d'fheuch an rígh agus chonnairc sé na
diabhail le h-adharcaibh orra, bhí faitchios air, sgread sé ar
Pháidín agus dubhairt, "tabhair ar ais iad." Thosuigh
Páidin 'gá mbualadh le na mhaide, gur chuir sé ar ais
go h-ifrionn iad. Chuaidh an rígh chum an Daill ghlic, agus
d'innis dó an nídh do rinne Páidín, agus dubhairt leis, "ní thig
leat innsint dam aon nídh nach bhfuil sé ionánn a dheunamh,
agus caillfidh tu do cheann air maidin amárach." "Tabhair
iarraidh eile dham." ar san Dall glic, "agus ní bhéidh an
Connachtach a bhfad beó. Air maidin amárach, abair leis,
an tobar atá i láthair an chaisleáin do thaodhmadh; bíodh
fir réidh agad, agus nuair a gheobhas tu shíos ann san tobar
é, abair leis na fir (fearaibh), an chloch mhuilinn atá le cois
an bhalla do chathadh síos 'nna mhullach, agus marbhfaidh
sin é."



Ar maidin, lá ar na mhárach, ghair an rígh Páidín agus
dubhairt leis: "téidh agus taodhm an tobar sin tá i láthair an
chaisleáin, agus nuair a bhéidheas sé deunta agad, bheurfaidh
mé hata nuadh dhuit, is suarach an cáibín é sin atá ort." Bhí
na fir réidh ag an rígh le Páidín bocht do mharbhadh, dá
bhfeudfadh siad é. Chuaidh Pádraig go bruach an tobair,
luidh síos air a bheul faoi, agus thosuigh ag tarraing an uisge
asteach ann a bheul, agus dá sgártadh amach ar an taoibh
shiar go raibh an tobar ionnann agus tirm aige. Bhí roinn
bheag i mbonn an tobair nach raibh taodhmtha, agus chuaidh
Pádraig síos le na tirmiughadh. Tháinig na fir leis an gcloich
mhóir mhuilinn agus chaitheadar síos ar mhullach Pháidín é.
Bhí an poll do bhí i lár na cloiche go díreach chomh mór le
ceann Pháidín, agus shaoil sé gur b' é an hata nuadh do
chaith an rígh síos chuige, agus ghlaodh sé suas: "táim
buidheach díot a mháigistir, ar son an hata nuaidh." Ann


L. 32


sin tháinig sé suas leis an gcloich mhuilinn ar a cheann. Bhí
bród mór aige as an hata nuadh. Bhí iongantas ar an rígh agus
ar uile dhuine eile, nuair chonnairc siad Páidín leis an gcloich
mhuilinn ar a cheann.



Bhí fhios ag an rígh nach raibh aon mhaith dhó aon nidh eile
do thabhairt do Pháidin le deunamh, agus dubhairt sé leis, "is
tu an searbhfhóghanta is fearr do bhí agam ariamh; ní'l aon nídh
eile agam duit le deunamh, agus tar liom-sa, go dtugaidh mé do
thuarastal duit. Ní 'l m' inghean sean go leór le pósadh, acht
nuair a bhéidheas sí bliadhain agus fiche d'aois, tig leat í do
bheith agad." "Ní 'l d'inghean a' teastál uaim," ar Páidín.
Thug an rígh é chum an chiste, an áit a raibh go leór óir, agus
dubhairt leis: "bain díot do hata nuadh, agus téidh asteach 'sa'
sgála." "Go deimhin, ní bhainfidh mé mo hata dhíom, bhronn
tusa orm é," ar Páidín, "bheidheadh sé chomh maith dhuit mo
bhríste do bhaint díom." Ní raibh an oiread óir agus a
mheadhóchadh hata Pháidín, acht shocruigh an rígh leis ag
tabhairt dó dá mhála óir. Chuir Páidín ceann aca faoi gach
ascall, fuair greim air a mhaide, an hata nuadh ar a cheann,
agus as go bráth leis, tar cnocaibh agus gleanntaibh, go dtáinig
sé a-bhaile.



Nuair chonnairc daoine an bhaile Páidín ag teacht leis an
gcloic mhuilinn ar a cheann, bhí iongantas mór orra; acht nuair
chonnairc an mháthair an dá mhála óir, budh bheag nár thuit sí
marbh le lúthgháire. Thosuigh Páidín, agus chuir sé teach
breágh ar bonn dó féin, agus d'á mháthair. Rinne sé ceithre leith
(leathanna) de 'n hata nuadh, agus rinne clocha cúinne dhíobh do
'n teach. Chongbhuigh sé a mháthair mar mhnaoi uasail go
bhfuair sí bás le sean-aois, agus chaith sé féin beatha mhaith
i ngrádh Dé agus na g-cómharsan.


L. 33


VI



Carbad Cruaidh, Cos Luath, Ioscad Láidir
agus Giolla gan Súilibh.



Ann san aimsir ársa, a-bhfad o shoin, bhí sean bhean 'na
cómhnuidhe i mbaile beag a-bhfogus do Loch Measg. Bhí sí pósta
le bliadhantaibh gan clann do bheith aici. Aon trathnóna amháin,
chuaidh sí le crúisgin uisge d' fhághail as tobar beag do bhí ag
bonn sgeich ar thaoibh an bhóthair i ngar do 'n tigh. Nuair bhí
an crúisgin líonta aici, chonnairc sí sean bhean 'na suidhe ar
gheug de 'n sgeach agus í ag ciaradh a cinn os cionn an tobair.



"Go deimhin," arsa Máire Ruadh (b'é sin ainm na mná),
budh chóir dhuit áit éigin eile d'fhághail le do cheann do
chiaradh gan bheith ag salughadh an tobair."



"A Mháire" ar san tsean bhean, "rinne mé sin le caint do
bhaint asad; is fada mé ag iarraidh cainte leat."



"Créad tá agad le rádh liom?" ar san Máire Ruadh.



"Tá tu a-bhfad pósta gan cloinn, agus tá tu féin agus do chéile
aosta, agus b'éidir go mbudh mhaith leat clann do bheith agad."



"Ní'l aon nídh 'san domhan do b'fhearr liom," ar sa Máire
Ruadh ni Chiarbháin.



"Naoi míosa ó'n lá so, béidh clann agad," arsan tsean-bhean,
"agus cuirfidh siad iongantus ar an domhan, acht ná h-innis
d'aon neach go bhfacaidh tu mise."



Is doiligh le bean (mnaoi) rún do chongbháil, acht chongbhaigh
Máire Ruadh an rún so, cidh gur beag nár phleusg sí leis. Faoi
cheann naoi mí, tháinig tinneas cloinne uirri, agus 'san am
ceudna, ghlac Diarmuid a fear pian ann a chroidhe agus thuit sé
marbh, acht ní chualaidh Máire sgeul ar bhás Dhiarmada, oir bhí
sí ro thinn, agus bhí faitchios ar na mnáibh do bhí ag freastal


L. 34


uirri go ngoillfeadh an droch-nuaidheacht uirri. Timchioll an
mheadhon-oidhche, chualaidh na mná freastail gáir mhór, agus
rith siad amach le feuchaint cad é ádhbhár na gáire. Ní fhacaidh
siad aon nídh acht nuair tháinig siad ar ais bhí ceathrar mac ag
Máire Ruadh. Bhí iongantas mór ar na mnáibh freastail agus ar
uile dhuine eile do bhí ann san mbaile beag. Acht nuair chuaidh
na mná leis na naoidheanáin do nighe, budh mhóide a n-iongantus
go mór. Shaoil siad i dtosach go raibh aon aca gan súilibh, acht
chonnairc siad gan mhaill go raibh aon tsúil bheag aige i gcúl a
chinn, agus gan súil ar bith aige ann a eudan.



D'fhás na dearbhráithreacha suas, acht níor fhás aon fhiacal
i gcarbad fir aca, cidh go raibh a charbad chomh cruaidh le
iarann, agus gháir na daoine Carbad Cruaidh air. Bhí fear eile
aca do bhí chomh cos-luath sin nár fhág sé geirrfhiadh timchioll
na h-áite nár ghabh sé, agus gháir na daoine Cos-Luath air. An
treas dearbhráthair - bhí iosgad chomh láidir sin air, go leag-
fadh sé balla le buille dhí, agus gháir na daoine Iosgad Láidir air.
Budh iad so na h-ainmneacha do bhí ar cheathar cloinne
Mháire Ruaidhe, - Carbad Cruaidh, Cos Luath, Iosgad Láidir,
agus Giolla gan Súilibh.



Ann san am so, bhí Tomás Fuilteach de Búrca 'na chómhnuide
i gcaisleán i Loch Measg. Is cinnte go raibh cúmhacht draoidh-
eachta aige agus gur mharbh sé cuid mhór d'uaislibh na tíre.
Aon lá amháin, bhí Tomás Fuilteach agus a bheirt dhearbhráthar
ag teacht tríd an mbaile beag ann ar chómhnaigh Máire Ruadh,
agus chonnairc sé na ceithre dearbhráithreacha. "Cad is ainm
duit, a bhuachaill?" ar seisean.



"Carbad Cruaidh," ar san buachaill.



"Cad fáth ar tugadh an t-ainm sin ort?" ar sa Tomás
Fuilteach.



"Mar nár fhás aon fhiacal im' charbad riamh, agus tá sé
chomh cruaidh le iarann," ar san buachaill.



"Feuch an dtig leat mo mhaide bhriseadh le do charbad,"
ar san Tomás Fuilteach, agus sheachaid sé a mhaide dhó.



Chuir Carbad Cruaidh an maide ann a bheul, agus bhain sé


L. 35


píosa as, bhain sé giota andhiaigh giota as, go raibh fiche píosa
deunta aige de 'n maide.



"Mo chóinsias!" ar Tomás Fuilteach, "ní breug Carbad
Cruaidh do ghairm ort. Cad is ainm duit-se?" ar sé ann sin, leis
an dara buachaill.



"Iosgad Láidir," ar seisean.



"Cad fáth ar tugadh an t-ainm sin ort, a mhic?"



"Mar tig liom balla cloiche do leagan le buille de m' iosgaid,"
ar seisean.



"Feuch an dtig leat an balla sin ar thaoibh an bhóthair do
leagan," ar san Tomás Fuilteach.



"Tig liom go maith," ar san buachaill, "acht dá leagfainn é,
do bhuailfeadh mo mháthair mé."



"Rachaidh mise i mbannaidh nach leagfaidh sí lámh ort," ar
san Tomás Fuilteach.



Chuaidh sé chum an bhalla ann sin, agus thug buille d'á
iosgaid dó, do leag níos mó 'ná péirse dhé,



"Dar m'fhocal, ní breug é, Iosgad Láidir, do ghairm ort-sa,"
ar san Tomás Fuilteach. Ann sin, d'fhiafruigh sé de 'n treas
buachaill cad é an t-ainm do bhí air.



"Cos Luath," ar san buachaill.



"Cad chuige fuair tu an t-ainm sin?"



"Mar nach bhfuil geirrfhiadh i bhfoigseacht fiche mile dhuit
nach ngabhainn."



"An bhfeudfá rith anaghaidh mo chapaill-se?" ar san Tomás
Fuilteach.



"D'fheudfainn, agus ní a-bhfad do bheithinn 'gá fhágbháil
mo dhiaigh," ar san Cos Luath.



"Feicfimid sin," ar seisean, "tá sé míle go dti an crois-bhóthar,
agus má théidheann tu ann sin agus ar ais rómham-sa, bheurfaidh
mé seacht n-acra talmhan duit gan cíos, fad do bheatha; agus
má bhidhim-se ar m'ais rómhad-sa, béidh mé dod' bhualadh go
mbéidh mé tuirseach."



"Is margadh é," ar Cos Luath.


L. 36


D'imthigh an bheirt ann a sean-rása, acht bhí Cos Luath ag an
gcrois-bhóthar seal má (sul) raibh Tomás Fuilteach leath-
bhealaigh. Nuair tháinig sé suas le Cos Luath, dubhairt sé, "tá
an geall gnóthaighthe agad, siúbhalfamaoid ar ais."



Nuair tháinig siad ar ais, d'fhiafruigh sé de 'n buachaill eile
cad é an t-ainm do bhí air-sean.



"Giolla gan Súilibh," ar seisean, "nach bhfeiceann tu nach
bhfuil súil agam mar duine eile, acht tá súilín bheag gheur
agam i gcúl mo chinn, agus tig liom an rud atá fiche míle uaim
d'fheiceál léithe. Feicim fear d'á bháthadh anois ar bhruach an
locha."



"B'éidir go mbeidhinn-se i n-am le na shábháil," ar Cos
Luath, agus as go bráth leis, agus chomh cinnte a's tá tu beó, bhí
sé i n-am leis an bhfear do shábháil.



Aon lá amháin, bhí dream daoine uasal ag Caisleán Locha
Measg, agus bhí siad le seilg do bheith aca. Chuir Tomás Fuil-
teach sgeul chuig Carbad Cruaidh, Iosgad Láidir, Cos Luath,
agus Giolla gan Súilibh, agus dubhairt leó teacht chum an
chaisleáin, go mbeidheadh seilg mhór aca an lá sin. D'innis siad
do 'n mháthair an cuireadh do fuair siad ó Thomás Fuilteach.



"Téirigh chum na seilge," ar sise, "acht na fan anns an
gcaisleán anocht agus budh chóir do Ghiolla gan Súilibh fanacht
'san mbaile!"



"Dar m'anam, ní fhanfad-sa" ar san Giolla, "muna bhfan-
faidh an chuid eile liom."



Ar maidin, lá ar na mhárach, d'imthigh an ceathrar chum an
chaisleáin, agus bhí na daoine uaisle uile i láthair an chaisleáin,
ag marcuigheacht agus réidh le tosughadh ar an tseilg. Níor
bhfada gur sgaoileadh sionnach amach agus d'imthigh na fir
seilge 'na dhiaigh. Tháinig Tomás Fuilteach chuig Cos Luath agus
dubhairt, "congbhaigh chomh fogus damh-sa a's thig leat, agus
cas an sionnach dam, nuair bheurfas mé an comhartha dhuit."
Ann sin d'imthigh sé andiaigh an tsionnaigh agus Cos Luath


L. 37


le n-a chois, agus níor bhfada go rabhadar shuas leis na daoinibh
eile. Bhí an sionnach ag dul ar aghaidh agus na gadhair ag
teannadh air, go dtáinig sé go balla cloiche do bhí timchioll sean-
theampoill, chuaidh sé de léim thar an mballa, acht ní raibh na
gadhair no na capaill ionnán é do leanamhaint. Sheas siad uile
ag an mballa.



"Cá 'uil Iosgad Laidir?" ar sa Tomás Fuilteach.



"Táim i ngar duit," ar seisean.



"Leag an balla so," ar sa Tomás Fuilteach.



Thug sé buille do 'n bhalla agus leag seacht bpéirse dhé go
talamh. Bhí iongantas ar na fir (fearaibh) seilge, acht ní raibh
am cainte aca, mar bhí an sionnach imthighthe a bhfad rompa,
agus nuair chuaidh siad asteach 'san tsean-roilig, nior fheud
siad amharc d'fhághail ar an sionnach, agus bhí an boladh
caillte ag na gadharaibh.



"Bheurfainn ór agus airgiod," ar tighearna saidhbhir do bhí
i láthair, "dá mbeidh' fhios agam cia 'n áit a ndeachaidh an
sionnach glic sin."



"Bhí mise ar bhárr cnuic agus chonnairc mé é ag dul asteach
a bpoll faoi bhonn carraige," ar san Giolla gan Súilibh.



"Cuirfimid amach é gan mhaill," ar san Cos Luath, agus d'im-
thigh na ceithre dearbhráithreacha amach roimh na fir seilge go
dtáncadar chomh fada leis an bpoll, acht níor fheudadar aon am-
harc d'fhághail ar an sionnach. Bhuail Iosgad Láidir buille ar an
gcarraig, acht bhí sí chomh daingean ann san talamh nár fheud
sé a chorughadh. Tháinig Carbad Cruaidh i láthair agus fuair
greim uirri le n-a charbad, agus tharraing sé suas as an
talamh í. Amach leis an sionnach ann sin. Thug sé aghaidh ar
an gcaisleán agus na fir seilge agus na gadhair 'na dhiaigh, acht
chaill siad arís é, óir chuaidh sé asteach i bpoll do bhí faoi an
gcaisleán sin, agus ní raibh fhios ag duine ar bith ar dheireadh
an phuill sin. Chuir sin críoch ar sheilg an laé sin, acht gháir an
tighearna saidhbhir ar na ceithre dearbhráthrachaibh, agus
thug sé ór agus airgiod dóibh, ar son na h-oibre do rinne siad.


L. 38


Tháinig siad a-bhaile, trathnóna, agus d'innis siad do'n mhá-
thair an obair mhaith laé do rinneadar.



"Seadh," ar san Giolla gan Súilibh, "acht muna mbeidh' go
raibh mise libh, ní bheith ór ná airgiod agaibh."



Aon lá amháin, seal gearr tar éis na seilge seó, chuaidh an
Giolla gan Súilibh go Dún-sidh le sméura dubha do phiocadh dhó
féin. Tháinig iolar amach as an dún agus dubhairt. "Cia 'n chaoi
bhfuil tu, a Ghiolla gan Súilibh?"



"Táim go maith, slán go raibh an te fhiafruigheas."



"Bhfuil aon nídh d'fheudfainn a dheunamh dhuit?"



"Ní'l go deimhin," ar seisean, "go raibh maith agad-sa."



"Tar," ar sise, "agus tarraing cleite as mo sgiathán clé,
agus tig leat nídh ar bith d'athrughadh le buille dhé. Tig leat
gabhar do dheunamh de 'n chapall, no capall de 'n ghabhar, no
nidh ar bith eile is mian leat."



"Go raibh maith agad," ar seisean, "thug an sagart buille
d'á fhuip dam andé agus imeóraidh mé cleas air chomh luath
agus geobhas mé faill."



Tharraing sé amach an cleite agus tháinig sé abhaile. Bhí
sean-ghabhar ag a mháthair, agus dubhairt sé le n-a mháthair,
"a mháthair" ar seisean, "nár bhfearr leat bó 'ná an sean
ghabhar gránna sin?"



"Do bhfearr go deimhin, a mhic, acht cá 'uil an bhó le
fághail?"



"Deunfaidh mise malrait (malairt) gan mhaill" ar seisean.



Thug sé amach an sean ghabhar go cúl an ghárdha, bhuail
buille de 'n chleite uirri, agus dubhairt, "Bi do bhó bhreágh
bainne." Ní luaithe dubhairt sé an focal 'ná chonnairc sé bó
bhreágh 'na fhiadhnuise i n-áit an tsean ghabhair. Thiomáin sé
asteach d'á mháthair í, agus dubhairt, "feuch, a mháthair, nach
maith an malrait rinne mé?"



"Deun do mhagadh faoi dhuine éigin eile," ar san mháthair,
"tiomáin amach an bhó sin."



"Dar m'anam, ní'l mé ag magadh, is leat féin an bhó."


L. 39


"Maiseadh, agus cia an t-amadan do rinne an malrait leat?"



"Nach cuma dhuit-se," ar seisean, "fuair mé an bhó go
cneasta."



Lá ar na mhárach, bhí an Giolla gan súilibh amuigh, agus
chonnairc sé an sagart ag teacht chuig fear tinn. Bhí bóthairín
cúmhang bog dul síos go teach an fhir tinn, agus níor fheud sé
a chapall thabhairt síos leis. Chaith sé an srian thar gheugán
crainn bhig, agus d'fhág sé an capall ann sin. Bhí an Giolla gan
Súilibh ag faire, agus nuair fuair sé an sagart imthighthe, bhuail
sé buille de 'n chleite ar an gcapall agus dubhairt, "bi do
reithe mór gránna le adharcaibh fada ort," agus chomh luath a's
bhí an focal as a bheul, chonnairc sé an reithe mór i n-áit an chap-
aill. D'imthigh sé leis ann sin ag gáiridhe agus ag rádh, "b'éidir
go bhfuil mé díreach leat anois ar son do bhuille."



Nuair bhí an sagart réidh leis an bhfear tinn, tháinig sé go
bonn an bhóthairín, agus créad d'fheicfeadh sé i n-áit a chapaill
bhreágh acht reithe mór gránna agus srian agus diallaid air. Bhí
fearg an-mhór ar an sagart agus thug sé buille fuipe do 'n reithe.
Bhris an reithe an srian agus as go bráth leis, agus an sagart
agus daoine an bhaile 'na dhiaigh. Thug sé aghaidh ar an loch
agus nuair tháinig sé go dti an bruach, thug sé léim asteach ar
oileán beag do bhí ar an loch. Bliadhanta 'na dhiaigh seó, bhí an
reithe le feiceál uile lá ag siúbhal suas 's anuas ar an oileán.
Tugadh "Oileán an reithe" mar ainm do 'n oileán, agus tá an
t-ainm ceudna air fós.



Chuaidh na dearbhráitheacha ar aghaidh go maith go bhfuair
an mháthair bás. An oidhche fuair sí bás, chualaidh uile dhuine
ann san mbaile an bhean-sidhe ag caoineadh go brónach, acht
níor chuireadar suim ann, mar budh ghnáthach léithe caoineadh
oidhche bháis duine.



Chuireadar an mháthair go geanamhail. Bhí trácht mór, an
t-am sin, ar eascoin do tháinig amach as an loch, dubhairt siad,
leis na cuirp d'ithe.


L. 40


An trathnóna, tar éis an mháthair do chur, bhí na dearbh-
ráithreacha ann san tigh leó féin, brónach go leór, nuair tháinig
sean-bhean asteach agus dubhairt, "Bhfuil sibh dul anocht le
faire do dheunamh ag uaigh bhur máthar; agus gan leigean do
na h-eascoin í d'ithe sul bhéidh si fuar?"



"Támaoid dul ann," ar siad-san.



Nuair tháinig dorchadas na h-oidhche, chuaidh na dearbh-
ráithreacha chum na roilige, agus shuidh siad a-bhfogus d'uaigh
na máthar. Bhidheadar ag caint 's ag cómhrádh go raibh sé a-
bhfad 'san oidhche, gan aon nidh do chlos agus bhí siad ag brath
ar imtheacht a-bhaile, nuair chualaidh siad toran ann san bhfeur
fada i ngar dóibh. 'Siad na h-eascuin do bhí ann. Thángadar
chomh fada le uaigh Mháire Ruaidhe, agus thosaigh siad ag
tolladh puill, leis an gcorp d'ithe. Léim siad suas. Thug Iosgad
Láidir buille d'á iosgaid ar cheann aca do rinne dá leith dhé, agus
fuair Carbad Cruaidh greim ar cheann eile agus rinne dá leith dhé,
acht chomh tapa agus do dheunfadh na dearbhráithreacha dá
leith díobh, bheidheadh siad greamuighthe le chéile arís. Throid
na dearbhráithreacha ar feadh na h-oidhche, acht, mo bhrón!
fuair na h-eascuin an lámh láidir orra. Nuair bhí siad buailte ar
fad, chuir na h-eascuin iad féin 'na dtimchioll agus tharraing
siad asteach 'san loch leó iad faoi an uisge.



Tugadh iad go caisleán faoi 'n loch, agus cuireadh iad faoi
draoidheacht. Rinneadh teachdaire de Chos Luath, dá fhear-catha
de Charbad Cruaidh agus d'Iosgad Láidir, agus rinneadh de 'n
Ghiolla gan súilibh an píobaire is fearr do chualaidh cluas
ariamh. 'S iomdha uair do chualaidh na daoine é ag seinm ceóil
bhinn ar an loch ó shoin, acht níor fheud siad teacht i ngar dó.



Budh é Tomás Fuilteach siocair bháis na ndearbhráthar, mar
bhí fhios aige go maith go dtagadh na h-eascuin leis na cuirp
d'ithe, agus budh é do chuir an tsean-bhean chuig na dearbh-
ráithreachaibh le rádh leó faire do dheunamh ag uaigh a máthar.
Acht fuair sé féin bás obann d'á thaoibh 'na dhiaigh sin.


L. 41


VII



Tomás Fuilteach de Burca



TOMÁS FUILTEACH DE BURCA AGUS TIGHEARNA AN CHLÁIR



Nuair bhí Tomás Fuilteach de Búrca 'na chómhnuidhe i
gcaisleán Locha Measg, bhidheadh go leór daoine uasal ag
teacht ar cuairt chuige, óir bhí sé faoi cháil go raibh ruda
iongantacha aige, acht is iomdha duine uasal chuaidh asteach
'san gcaisleán nach dtáinig ar ais beó, ná tuairisg, ná
teachtaireacht uatha. Mharbh Tomás Fuilteach iad, agus
budh é sin an t-ádhbhar do gháir na daoine Tomás Fuilteach
air.



Aon am amháin, bhí Tighearna an Chláir ar cuairt ag an
gcaisleán, agus d'fhiafruigh sé de Thomás Fuilteach: an raibh
aon fhear ceóil aige.



"Tá," ar seisean, "agus sé an fidiléir is fearr in n-Eirinn é,
acht tá sé chomh leisgeamhail nach seinnfeadh sé port i láthair
aon duine, dá bhfághadh sé Eire gan roinn."



"Cuirfidh mé míle púnt leat," ar san Tighearna an Chláir,
"go bhfuil fidiléir agam-sa níos fearr 'na é."



"Cuirfidh mé an geall leat," ar Tomás Fuilteach, "acht ní'l
duine ar bith le feuchaint ar 'm fhidiléir-se, acht tig leis an té
atá le breitheamhnas do thabhairt, éisteacht leis an mbeirt, ann
sin nuair cluinfidh sé iad, tig leis a bhreitheamhnas thabhairt cia
aca is fearr."



"Maith go leór," ar san Tighearna an Chláir, "cuirfidh mé
fios ar m'fhidiléir-se an trathnóna so, agus fágfaidh mé an
breitheamhnas ag beirt fhear ceóil."



Anois, tá fhios ag uile dhuine go raibh draoidheacht ag
Tighearna an Chláir agus ag a sheacht sinnsearaibh roimhe.


L. 42


Chuir sé fios ar Dhall Glic do bhí aige 'san mbaile. D'fheudfadh
an giolla-so ceól do sheinm gan aon fhidil, do bhidheadh cipín
maide ann a láimh chomh maith le fidil agus sheinneadh sé ceól
air.



Anois, budh gheirrfhiadh dubh an fidiléir do bhí ag Tomás
Fuilteach, agus budh é an geirrfhiadh dubh so a máthair mhór
féin. Bhidheadh sí i bpoll an tseomra mhóir i n-uachtar an
chaisleáin, agus ní fheudfadh duine ar bith dul i n-aice léithe,
acht Tomás Fuilteach féin.



Ar maidin, lá ar na mhárach, tháinig an Dall Glic go caisleán
Locha Measg, agus do bhí an Dall Glic seó i bpáirt leis na
daoinibh maithe.



Fuair siad beirt fhear, máighistridh ceóil, le breitheamhnas do
dheunamh idir an dá fhidiléir. Thosaigh fidiléir Thomáis
Fhuiltigh, agus chomh luath agus chualaidh an Dall Glic ceól an
fhidiléir eile, d'aithnigh sé cia an té bhí d'á sheinm, agus
dubhairt sé le Tighearna an Chláir: "Sin é an fidiléir do
mhúin mise, ní'l aon mhaith dham ag dul ag seinm ceóil 'na
aghaidh, mar ní'l mise leath chomh maith leis."



"Cia an fáth bhfuil d'fhidiléir-se chomh leisgeamhail," ar
Tighearna an Chláir le Tomás Fuilteach, "budh mhaith liom a
ghnúis d'fheiceál."



"Tá galar éigin air," ar sa Tomás Fuilteach, "agus dá
bhfeicfeadh aon duine é, thuitfeadh sé marbh."



"Dar m'anam," ar sa Tighearna an Chláir leis féin, "béidh
amharc agam ar ghnúis an fhidiléir sin." Sgrúdaigh sé an Dall
Glic i dtaoibh fhidiléir Thomáis Fhuiltigh, acht níor fheud sé aon
eólas d' fhághail uaidh. An oidhche sin, nuair bhí uile dhuine ann
san gcaisleán 'na chodhladh, d'éirigh Tighearna an Chláir agus
chuaidh suas go doras an tseomra ann a raibh an fidiléir agus
d'fheuch sé asteach ar pholl na h-eochrach. Bhí solas breágh
ann san tseomra, acht ní fhacaidh sé aon duine. D'fhosgail sé an
dorus, acht chomh luath agus chuir sé a cheann asteach, bhuai{l}
an geirrfhiadh dubh 'san dá shúil é le steall uisge, agus bhí sé


L. 43


chomh dall nár fheud sé aon nidh d'fheiceál, agus bí cinnte nach
ndeachaidh se' níos faide.



Lá ar na mhárach, dubhairt Tighearna an Chláir go mbudh
mhaith leis dul ag seilg. "Maith go leór," ar sa Tomás
Fuilteach, "tá sean-gheirrfhiadh dubh i ngleann idir an loch
agus an roilig. Tá mé 'na diaigh le tamall fada, acht ní fheudaim
í do ghabháil."



"Cuirfidh mé míle púnt leat go ngabhaidh cú atá agam-sa
é," ar Tighearna an Chláir.



"Cuirfead an geall sin leat," ar san Tomás Fuilteach, "agus
cuir fios ar do chú, chomh luath agus thig leat."



Chuir sé teachtaire i gcoinne na con, agus ar maidin an lá ar
na mhárach bhí sí ag Caisleán Locha Measg. Ann sin dubhairt
Tighearna an Chláir "Tarr agus ruaigfimid an geirrfhiadh."



Chuaidh an bheirt amach agus thugadar aghaidh ar an
ngleann. Nuair thángadar chomh fada le aiteannaibh do bhí ag
fás ann san ngleann, leig Tomás Fuilteach sgread, do ghread sé a
bhosa, agus amach leis an ngeirrfhiadh dubh. Sgaoil Tighearna
an Chláir a chú 'na diaigh, agus as go bráth leó. Bhidheadar dul
suas 's anuas, siar agus aniar, ar feadh seacht n-uaire, ann a láin-
rith, agus níor fheud an cú greim d'fhághail uirri ar feadh an
ama sin. Bhí an cú chomh tuirseach sin gur b'éigin dí luidhe síos,
agus chuaidh an geirrfhiadh asteach anns na h-aiteannaibh arís.



"Bhéarfainn mo mhionna gur geirrfhiadh draoidheachta é
sin," ar Tighearna an Chláir.



"N'íl fhios agam-sa cad é 'n sórt geirrfhiadh í," ar Tomás
Fuilteach, "chuir mise cú agus urchar go minic 'na diaigh
acht níor fheud mé fancadh (?) bhaint aisti."



Shiúbhail Tighearna an Chláir asteach tríd na h-aiteannaibh,
agus tháinig sé go poll ann san talamh, acht bhí boladh chomh
breun sin ag teacht as, nár fheud sé a bhreathnughadh go géar,
acht bhí tuairm gur b'é sin poll an gheirrfhiadh draoidheachta.
Gháir sé ar Thomás Fuilteach agus dubhairt: "Gabh a-leith ann
so, go mbéidh amharc agad ar an bpoll so."


L. 44


"Chonnairc mé go minic roimhe seó é," ar sa Tomás, "agus
ní rachaidh mé i n-aice leis níos mó, tá mo gheall gnóthaighthe
agam."



"Ní'l," ar Tighearna an Chláir, "is geirrfhiadh draoidh-
eachta bhí ann, agus ní'l cú 'san domhan do gabhfadh é agus
troidfidh mé sul má thugaim suas an geall."



"Má's troid atá teastál uait, bhéarfaidh mise troid do sháith
dhuit," ar Tomás Fuilteach, "tarraing do chlaidheamh agus
deun dídionn ort féin."



Tharraing gach aon aca a chlaidheamh agus throideadar, agus
thug Tighearna an Chláir sáthadh do Thomás Fuilteach do
chrapail a lámh dheas, agus 'na dhiaigh sin bhí sé ag fághail na
láimhe láidre air, go dtáinig an geirrfhiadh agus bhuail sí
Tighearna an Chláir idir an dá shúil le steall uisge, agus budh
bheag nár dhall sí é. Nuair bhí sé leath-dhall, thug Tomás
Fuilteach sáthadh 'san mbolg dó, agus tháinig a chuid potóg
amach ar an bhféar. "Anois, b'éidir go bhfuil troid do sháith
agad," ar sa Tomás Fuilteach.



Nuair bhí an Tighearna marbh, chaith Tomás Fuilteach é
asteach ann san bpoll breun, agus d'imthigh sé a-bhaile, acht
d'fhan cú an Tighearna ag an bpoll, ag caoineadh go h-árd-
bhrónach agus níor fhág sí an áit sin go bhfuair sí bás.



Ar maidin, lá ar na mhárach, nuair nach raibh Tighearna an
Chláir le fághail, d'fhiafruigh a shearbhfóghantaidh de Thomás
Fuilteach an bhfacaidh sé é, no an raibh fhios aige cia an áit a
raibh sé. Dubhairt seisean gur fhág sé an Tighearna agus a chú
ann san ngleann ar bhruach an locha, agus nach bhfacaidh sé é
o shoin. Chuartaigh na searbhfóghantaidh gach uile áit ar shaoil
siad go rachadh an Tighearna, acht ní raibh aon chúntas air
agus dubhairt na daoine gur báitheadh é 'san loch.



An geirrfiadh dubh, budh í máthair mhór Thomáis Fhuiltigh í,
agus d'fheudfadh sí easóg, eascoin, no nidh ar bith eile dheunamh
dhí féin am ar bith.


L. 45


MÁTHAIR-MHÓR THOMÁIS, AGUS A BHEIRT DHEIRBHSHIUR



Anois, bhí beirt dheirbhshiúr ag Tomás Fuilteach, agus bhí
siad faoi dhraoidheacht ag an máthair-mhóir. Chuir siad fearg
uirri aon lá amháin agus ann sin chuir an chailleach faoi
dhraoidheacht iad le na droch-inntinn do shásughadh. Bhí
bealach gearrtha amach faoi thalamh o pholl na caillighe 'san
gcaisleán go dti oileán ar Loch Measg, agus bhí caisleán ar an
oileán dar b' ainm "Caisleán an dá chailligh," agus bhí
dá charnáin mhóra cloch i láthair an chaisleáin, agus
b'éigin do 'n bheirt dheirbhshiúr beith ag gabháil na gcloch
ar a chéile go mbeidheadh gach uile chloch ann san dá
charnán buailte ar a chéile aca, agus b'éigin dóibh sin do
dheunamh uile mhaidin 'san mbliadhain, agus bhidheadh an
mháthair-mhór 'na láthair go mbeidheadh an chloch dhéigheanach
caithte aca. Ann sin do ghnidheadh sí dá charnán eile de na
clochaibh, le bheith réidh ar an maidin amárach. Budh mhór an
geur-chrádh do na deirbhshiúrachaibh é seó, agus ghlacadar rún
an mháthair-mhór do mharbhadh, acht bhí sí ró ghlic dóibh ar
feadh moráin bliadhan. Fá dheóigh, rinneadar dá easóig díobh
féin, agus nuair tháinic an mháthair-mhór ar maidin le feuch-
aint orra ag bualadh a-chéile leis na clochaibh, agus nuair
d'fhosgail sí a beul le rádh "Tosuigh," do léim ceann aca asteach
ann a beul agus thacht sí an chailleach. Ann sin rómhair siad
poll i n-urlár an chaisleáin agus chuireadar colann na caillighe
ann, agus an dá charnán cloch os a cionn. Agus muna gcreideann
tu mo sgeul, má théidheann tu go Loch Measg, feicfidh tu an dá
charnán mhór cloch i láthair "Chaisleáin an dá chailligh,"
mar chrothughadh go bhfuil an sgeul fíor.



Tar éis seachtmhaine, nuair nach bhfacaidh Tomás Fuilteach
an chailleach ag teacht ar ais chum an chaisleáin, chuir sé ceist
air an mbeirt dheirbhshiúr d'á taoibh, acht dubhairt siad-san
nach raibh fhios aca creud thárla dhí, agus nach bhfacaidh siad
í ar feadh seachtmhaine, agus dubhairt siad 'san am ceudna,
"nár thagaidh sí ar ais go deó, ná cúntas uaithi."


L. 46


AN CHRÁIN-MHUICE DO BHÍ AG TOMÁS



Bhí cráin-mhuice ag Tomás Fuilteach agus bhidheadh ál
banbh aici uile mí 'san mbliadhain. Budh leis an mháthair mhóir
an chráin seó i dtosach, acht bhronn sí ar Thomás í, agus bí
cinnte gur b' aisteach an chráin í, nuair bhidheadh ál banbh aici
uile mí. An t-am so air a bhfuil mé ag innsint mo sgéil, bhí fiche
banbh ag an gcráin seó, agus nuair bhiadar mí d'aois, thug sé
iad go Gaillimh le na ndíol. Thárla gur cheannuigh sagart
paráisde na Gaillimhe sé cinn díobh, agus nuair thug fear an
tsagairt iad a-bhaile, thug sé neart le n-ithe dhóibh, agus tháinig
an sagart féin amach le feuchaint na caoi a raibh siad ag borradh.
Bhí an sagart ar an tsráid agus bhí sé 'gá moladh nuair leig
siad sgiatháin amach mar géidhibh, agus d'eitill siad suas san
spéir, agus d'imthigh siad as amharc.



Choisrigh an sagart é féin agus dubhairt le na fhear, "budh
bhainbh draoidheachta iad sin, acht tá fhios agam gur ó Thomás
Fuilteach de Búrca do fuaireas iad, agus níor chóir dham roinn
ná páirt do bheith agam leis an draoidheadóir gránna sin, acht
rachaidh mé chuige amárach agus cuirfidh mé iac (d'fhiacha?)
air mo chuid airgid do thabhairt ar ais dam."



Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh an sagart chuig Tomás
Fuilteach, agus dubhairt, "cia 'n sórt banbh do dhíol tu liom
andé?"



"Na bainbh is fearr i n-Éirinn," ar sa Tomás Fuilteach.



"A bheitheamhnaigh bhradaigh, budh bhainbh draoidheachta
iad," ar san sagart, "agus muna dtugann tu mo chuid airgid
ar ais dam deunfaidh mise sompla dhíot."



"Deun do dhíthchioll," ar Tomás Fuilteach, "tá do bhainbh
'san mbaile ann do chró, is ar do shúilibh tá an draoidheacht.
Agus maidir le sompla do dheunamh dhíom-sa, ní'l sé ann do
chúmhachta, ní'l níos mó de bheann agam ort 'ná atá agam ar
an salachar atá ar bhonn mo choise. Teirigh a-bhaile anois, tá
do bhainbh ann san mbaile rómhad."


L. 47


Chuaidh an sagart a-bhaile, agus fuair na bainbh roimhe i
gcró na muc. D'fhiafruigh sé de'n tsearbhfhóghanta cia 'n uair
tháinig na bainbh ar ais. "Ní'l fhios agam," ar seisean, "ní
fhacaidh mise iad ag teacht."



"Saoilim nach bainbh chearta iad," ar san sagart, "agus nach
cóir dúinn iad do chongbháil; tabhair go Gaillimh iad amárach
agus díol iad."



Ar maidin, nuair d'éirigh an searbhfhóghanta, chuaidh sé
amach le biadh do thabhairt do na banbhaibh, acht ar éigin d'
aithnigh sé iad, d'fhásadar chomh mór sin. D'innis sé do 'n
tsagart gur mhéadaigh na bainbh go h-iongantach, agus go
mbudh mhór an truagh iad do dhíol.



"Is cuma liom," ar san sagart, "ní bhéidh siad timchioll mo
thighe-se, chor ar bith."



Ar maidin, lá ar na mhárach, thug fear an tsagairt na bainbh
go Gaillimh, acht ní bainbh do bhí ionnta anois acht muca,
d'fhásadar chomh mór sin i n-am gearr. Ní raibh sé a-bhfad
ann san mbaile-mór, nuair cheannuigh fear d'arb' ainm Tadhg
Mór Mac Dómhnaill na muca, agus thug luach mór orra. Nuair
d'íoc sé fear an tsagairt, d' fhiafruigh sé dhé cia 'n áit a raibh sé
'na chómhnuidhe. "Is mise buachaill an athar Mac Diarmuid,"
ar san fear.



"Is maith liom sin," ar sa Tadhg Mór, "béidh an t-ádh ar na
mucaibh sin, mar budh leis an sagart iad."



Thiomáin Tadhg Mór na muca a-bhaile, chuir asteach i gcró
na muc iad, agus thug neart le n'ithe dhóibh.



Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh sé amach le feuchaint
ar na mucaibh, acht chomh luath a's d'fhosgail sé doras an chró,
créad d'fheicfeadh sé, acht sé gadhair mhóra dhubha i n-áit na sé
muc. Bhí faitchios agus iongantas ar Thadhg, thug sé coiscéim
ar gcúl, agus amach leis na gadhair ag tathfaint mar bheidheadh
siad ar lorg sionnaigh. Bhí faitchios ar Thadhg iad do leanamhaint,
acht chuaidh sé, agus fearg mhór air, go tigh an tsagairt, agus
d' fhiafruigh sé dhé: cia an sórt muc do dhíol sé leis.


L. 48


"Níor dhíol mise muc ar bith leat," ar san sagart.



"Mur (muna) dhíol tusa liom iad, dhíol do bhuachaill-aimsire
liom iad, agus 's é an cás ceudna é."



"Créad thárla do na mucaibh?" ar san sagart.



"Innseóchaidh mise sin duit," ar sa Tadhg Mór, "créad
thárla dhóibh. Thug mé iad a-bhaile agus chuir mé asteach i
gcró iad, thug mé neart le n'ithe dhóibh agus bhí leabuidh
mhaith aca le luidhe uirri, agus ar maidin, lá ar na mhárach,
chuaidh mé féin amach le feuchaint orra, agus créad d'fheicfinn
i n-áit na sé muc acht sé gadhair mhóra dhubha. Thug mé
coiscéim ar gcúl, mar bhí faitchios orm, agus léim na gadhair
amach ar an dorus, agus iad ag tathfaint, go saoilfeá gur ar lorg
sionnaigh do bhí siad - agus sin é anois," ar sé, "an rud
thárla do do mhucaibh."



"Dona go leór," ar san sagart, "acht bhéarfaidh mise do
chuid airgid ar ais duit."



Thug an sagart luach na muc do Thadhg, agus nuair bhí sé
imthighthe, ghleus sé é féin agus chuaidh go Caisleán Locha
Measg, agus d'iarr sé ar Thomás Fuilteach luach na mbanbh do
thabhairt ar ais dó, agus gan aon thrioblóid eile do chur air.



"Maith go leór," ar sa Tomás Fuilteach, "bhéarfaidh mé
luach na mbanbh seacht n-uaire, dhuit, má thugann tu do
bhriathar dam nach dtiucfaidh tu dom' bhodharúghadh níos mó."



"Go deimhim, ní thiucfad," ar san sagart.



Thug Tomás Fuilteach an t-airgiod dó, agus d'imthigh an sagart
a-bhaile sásta go leór, oir bhí sochar maith aige as na banbhaibh
mar shaoil sé féin.



Ar maidin, lá ar na mhárach, d'imthigh an sagart le cíos
bliadhna d'íoc leis an tighearna talmhan, agus nuair tharraing
sé amach an sporán ar chuir sé an t-airgiod ann, ní raibh dada
ann acht clocha beaga. "Ní féidir gur sgrios mo bhuachaill
aimsire mé," ar san sagart leis féin; "is cinnte gur b'é an
draoidheadóir Tomás Fuilteach d'imir an cleas so orm, acht
deunfaidh mé mo dhithchioll le bheith comhthrom leis am eile."


L. 49


Thug sé mar leithsgeul do 'n tighearna talmhan gur dhearmuid
sé an t-airgiod do thabhairt leis, agus d'imthigh sé. Ní raibh
fhios ag an sagart créad dheunfadh sé anois, acht sgríobh sé
chuig an easbog ag iarraidh cómhairle air. Fuair sé freagra ó'n
easbog ag rádh leis gan roinn ná páirt do bheith aige feasta le
Tomás Fuilteach, mar budh bhall de 'n diabhal do bhí ann.



MAR DO CHUIR TOMÁS BUAIDHREADH AR AN SAGART



Acht ní raibh Tomás Fuilteach réidh leis an sagart fós. Ar
maidin Dia Dómhnaigh, nuair bhí an poball cruinnighthe le aif-
rionn d'éisteacht, tháinig dá ghadhair i láthair an dorais, agus
thosaigh siad ag tathfaint chomh h-árd sin nár fheud na daoine
focal do chloisteál. Agus ann sin, nuair tháinig an sagart ar an
altóir agus nuair thosaigh sé an t-aifrionn do léigheadh, tháinig
na ceudta préachán mór ingneach, agus thosaigh siad ag scrí-
och chomh h-árd sin go saoilfeá nach raibh préachán ingneach
'san domhan nach raibh cruinnighthe ann. Níor fhéad an sagart
léigheadh ná an poball éisteacht. Fuair an sagart an t-uisge
coisreagtha agus chuaidh amach, acht níor fheud sé gadhar ná
préachán ingneach d'fheiceál. Acht ní túisge tháinig sé asteach
'ná thosaigheadar arís, agus b'éigin dó an t-aifrionn do chur ar
gcúl an Dómhnach sin. Sgríobh sé ann sin chuig an easbog agus
d' innis dó gach nidh thárla. Fuair sé freagra le rádh go dtiucf-
adh an t-easbog é féin, agus go dtabhairfeadh sé Fiacail
Phádraig leis. Bhí an fhiacail sin ionnán draoidheadóiridh an
domhain do dhíbirt.



An Dómhnach 'na dhiaigh sin, bhí an t-easbog ag an teach-
pobuill roimh an aifrionn. Tháinig na gadhair agus thosaigh
siad ag tathfaint chomh h-árd a 's d'fheudadar. Níor mhothaigh
siad go dtáinig an t-easbog taobh shiar díobh agus bhuail buille
d'fhiacail Phádraig orra, agus rinne dá charraig díobh. D'eitill
na préacháin ingneach' suas san aér, acht chaith an t-easbog
fiacail Phadraig ar an talamh agus thuiteadar uile marbh 'na


L. 50


mhullach. Chuir sin deireadh ar thrioblóid an tsagairt. 'S iad an
bheirt dheirbhshiúr do bhí ag Tomás Fuilteach do bhí ann san
dá ghadhair, acht chuir fiacail Phádraig críoch orra.



Mhair Tomás Fuilteach bliadhanta andhiaigh seó, acht níor
chuir sé buaidhreadh ar sagart ná brathair ó 'n lá sin.



VIII



Bás Thomáis Fhuiltigh de Búrca.



A bhfad o shoin, nuair bhí Tomás Fuilteach 'na chómhnuidhe
a gcaisleán Locha Measg, bhidheadh Righ O Conchubhair ag
teacht go minic chuige ar cuairt. Leig Tomás Fuilteach air féin
gach am go raibh meas mór aige ar O Conchubhair, agus go
mbudh carad mhaith dhó é, acht níor bhfíor dó é sin, óir bhí sé
'na námhaid geur dó. Shaoil Tomás Fuilteach go ndeunfadh na
daoine righ dhé féin dá mbeidheadh O Conchubhair marbh. Budh
mhinic thug sé ór agus airgiod do dhaoinibh leis an righ do
mharbhadh, acht bhí an iomarcuidh meas' ag na daoinibh ar O
Conchubhair, agus ní bhfuair sé duine ariamh do dheunfadh aon
anachain air.



Aon lá amháin ann san ngeimhreadh nuair bhí sioc agus
sneachta trom ar an talamh, chuir Tomás Fuilteach cuireadh chuig
an righ le teacht ar cuairt chuige féin, ag rádh 'san am ceudna
go raibh rún aige le n'innseacht dó. Tháinig an righ gan duine
ar bith ann a chuideachta, mar shaoil sé nach raibh baoghal ar
bith air, chomh fada agus bheidheadh sé i g-comhluadar Thomáis
Fhuiltigh. Anois, bhí beirt Ghall íoctha agus faoi mhionna ag
Tomás Fuilteach le O Conchubhair do mharbhadh, agus nuair
bheidheadh an obair deunta aca, bhí long réidh le iad do thabhairt
go Sacsana.


L. 51


Bhí go leór de dhaoinibh uaisle ag an gcaisleán nuair tháinig
O Conchubhair. Chuir Tomás Fuilteach fáilte mhór roimhe agus
chuir sé é 'na shuidhe ag ceann an bhoird ag dinéar. Nuair bhí
an dinéar ithte, tháinig fíon ar an mbord, acht ní bhlasfadh Righ
O Conchubhair dé, mar fuair sé cogar ann a chluais ó fhear de
na searbhfhóghantaibh go raibh nimh ann a chorn, agus thug
sé leithsgeul go gcuirfeadh fíon tinneas cinn air. D'ól duine-uasal
do bhí i n-aice leis an corn do bhí gleusda do 'n righ, agus
níor bhfada gur thuit sé marbh faoi an mbord. Ní raibh fhios ag
aon duine ann san gcomhluadar siocair a bháis, acht ag Tomás
Fuilteach agus ag Righ O Conchubhair amháin. Bhí faitchios ar
an righ do rádh go raibh nimh ann san gcorn mar bhidheadh
piostal ag Tomás Fuilteach ann a bhrollach i gcómhnuidhe, acht
bhí rún daingean aige Tomás do thabhairt chum dlighe chomh
luath agus do bheidheadh sé féin saor ó'n gcaisleán. Chomh luath
agus tháinig doctúir agus dubhairt sé go raibh an duine-uasal
marbh, do bhris an comhluadar suas agus d'imthigh siad a-
bhaile.



Bhí Righ O Conchubhair ag dul a-bhaile leis féin, acht nuair
tháinig sé chomh fada le áit uaignigh faoi sgáile chrainn mhóir, do
buaileadh é le cloich mhóir ann san gcloigionn agus thuit sé ar an
talamh, acht seal má (sul ar) fheud sé éirighe, do cuireadh sgian
tríd a chroidhe. Dubhairt daoine gur ab é Tomás Fuilteach do
mharbh e, acht ní raibh an fhiadhnuise láidir go leór 'na aghaidh
le n-a chrochadh. Bhí madadh beag le O Conchubhair, agus nuair
thuit an righ, thosaigh an madadh beag ag caoineadh agus ag
deunamh torain mhóir. Shaoileadar greim d'fhághail ar an madadh
beag, acht níor fheudadar. B'iomdha urchar do sgaoileadar 'na
dhiaigh, acht níor fheudadar a mharbhadh, agus faoi dheireadh,
nuair bhí an lá ag teacht, d'imthigheadar a-bhaile. Acht ní
fhágfadh an madadh beag a mháighistir, agus nuair tháinig solus
an laé, chualaidh daoine na mbailteadh, thart timchioll, an
madadh beag ag caoineadh agus thángadar chum na h-áite, agus
fuaradar an righ marbh.


L. 52


Chuaidh an gháir amach, agus faoi cheann uaire, ní raibh fear
ná bean ná paiste i bhfoigseacht seacht míle do Loch Measg nach
raibh eólas aca ar an sgeul brónach sin, agus bhí brón mór ar
gach uile dhuine d'á raibh eólas aige ar an righ. Tháinig Tomás
Fuilteach i lathair agus do leig air féin go raibh brón mór air-
sean.



An oidhche sin, bhí Tomás Fuilteach ann a sheomra, nuair
d'fhosgail an dorus agus shiúbhail tais an righ mhairbh asteach,
fuair greim air, agus chaith anaghaidh na talmhan é. Níor fheud
sé focal do labhairt, bhí an oiread sin faitchis air. Bhí an fhuil
dhearg ag rith as an righ, agus chumail sé roinn dí ar Thomás
Fuilteach, agus ní bhainfeadh an meud uisge 'san loch an
fhuil sin dé. Nuair tháinig sé chuige féin rud-beag, shaoil
sé an seomra d'fhágbháil, acht fuair tais an righ greim eile
air agus bhuail anaghaidh na talmhan é arís, gur shaoil sé
go raibh gach uile chnámh ann a chorp briste, agus níor
shiúbhail sé coiscéim ó sin amach. Nuair bhuail an clog an
dó-deug 'san oidhche, d'fhág an tais é, acht ní raibh sé ionnán
cor do chur as féin.



Ar maidin, lá ar na mhárach, nuair tháinig na searbhfhóghan-
taidh, fuair siad Tomás Fuilteach ar an urlár cosmhúil le fear
marbh. Chuireadar ar a leabuidh é, agus chuireadar fios ar
dhoctúir. B'éigin do bheirt fhear fanacht 'san seomra leis. Nuair
tháinig an doctúir, shaoil sé gur parailíse do bhí air, acht bhí
iongantus ró mhór air, nuair chonnairc sé an fhuil do bhí ar
Thomás, agus nuair fuair sé nár fheud sé an fhuil sin do nighe
dhé.



An oidhche sin, d'fhan beirt fhear ann san seomra leis, agus
bhí solus maith aca, acht timchioll a h-aon-deug a chlog
chualaidh siad an focal "Ub-ub-ó, Righ O Conchubhair." Leis
sin d'fhosgail an doras, múchadh an solas, tháinig an tais
asteach, fuair greim ar Thomás Fuilteach agus bhuail anaghaidh
talmhan é. Acht is iongantach an sgeul é le rádh nach


L. 53


bhfacaidh an bheirt fhear an tais. Do sgread Tomás Fuilteach;
"Nach bhfeiceann sibh é dom' mharbhadh, congbhaigh
uaim é."



"Ní fheicmid aon nídh" ar siad, agus do shaoilfeadh siad gur
ar mire do bhí sé, muna mbeidheadh go bhfacaidh siad é d'á
bhualadh anaghaidh na talmhan. Tháinig faitchios mór ar na fir
(fearaibh) agus bhí siad ag brath ar imtheacht, nuair chualaidh
siad guth ag rádh "ná bíodh faitchios orraibh, ní dheunfar aon
anachain orraibh." Chuireadar Tomás Fuilteach ann san leabuidh
arís, acht ní túisge do bhí sé innti, 'ná fuair an tais greim
air agus chaith anaghaidh na talmhan é. Seal gearr 'na dhiaigh
sin, do bhuail an clog, agus dubhairt Tomás Fuilteach, "tá sé
imthigthe; cuir ar mo leabuidh mé."



Chuireadar ar a leabuidh é agus thuit sé 'na chodladh mío-
shuaimhneach, agus thosaigh sé ag caint. "Níor chreid mé
ariamh" a-dubhairt sé agus é 'na chodladh, "go raibh taise ann,
agus níor chreid mé go bhfeudfadh duine marbh teacht as an
uaigh, acht creidim anois é. 'Séan diabhal do chuir iac (d'fhiacha?)
orm an righ do mharbhadh."



Bhí an bheirt fhear ag éisteacht leis an gcaint seó agus
dubhradar le chéile, "is cinnte gur mharbh sé Righ O Conchu-
bhair agus budh chóir a chrochadh." Ar maidin, nuair mhúsgail
Tomás Fuilteach, dubhairt sé leis an mbeirt fhear. "Ná h-innis
d'aon neach aon nidh d'á bhfacaidh sibh aréir, agus íocfaidh mise
sibh go maith."



"Bhí tu ag caint ann do chodladh" ar siad, "agus dubhairt tu
gur mharbh tu Righ O Conchubhair, agus go mbudh é a thais do
bhí dod' bhualadh anaghaidh na talmhan."



"Budh é trioblóid inntinne do chuir orm an chaint sin do
dheunamh," ar seisean.



"Tá amhras mór ag na daoinibh gur tusa do mharbh é," ar
na fir, "agus nuair cluinfidh siad go dubhairt tu féin é, ni ghlan-
fadh an meud uisge 'san loch thu."



"Ní'l aon ocáid agaibh-se labhairt air," ar sa Tomás Fuilteach,


L. 54


"agus bhearfaidh mé fiche púnt daoibh ar son an rún do
chongbháil."



"Geobhamaoid níos mó 'ná sin, ar son a innseacht," ar
siad.



"Bhéarfaidh mé dá fhichid púnt daoibh," ar seisean.



"Ní ghlacfamaoid níos lúgha 'ná ceud," ar siad, agus 'san
am ceudna d'éirigh siad suas le bheith ag imtheacht.



"Fan, fan," ar seisean, "agus bhéarfaidh mé céad daoibh,
agus talamh gan cíos nuair geobhas mé biseach," ar seisean.



An oidhche sin, bhí na fir 'na suidhe ag an teine, agus Tomás
Fuilteach ann a leabuidh, nuair tháinig sionnán mór gaoithe,
agus shaoil siad go leagfadh sé an caisleán 'na mullach, óir
chraith sé é o bhonn go bárr. D'fhosgail an doras, tháinig an tais
asteach, fuair greim ar Thomás Fuilteach, agus bhuail anaghaidh
na talmhan é. Sgairt fuil as a bheul, as a shróin, as a dhá shúil.
'San am ceudna, mheudaigh an ghaoth agus an sionnán mór agus
bhain sé an chleith de 'n gcaisleán. Nuair chuaidh na fir le Tomás
Fuilteach do thogbháil suas, bhí sé marbh. Tar éis a bháis
thionntaigh sé chomh dubh leis an ngual, agus is ar éigin
d'fheud na fir a chur i gcónra (cómhra), bhí an oiread sin de
dhroch-bholadh uaidh.



Fuair fear-gaoil do Thomás Fuilteach an talamh timchioll an
chaisleáin, agus níor bhfad gur chuir sé cleith úr ar an gcaisleán
féin. Tar éis sin, phós sé bean óg.



Oidhche na bainnse, nuair bhí gaolta na lánamhna nuadh-
phósta 'na suidhe ag bord, ag ithe seire 'san gcaisleán, tháinig
crith-talmhan do chraith an caisleán, agus do bhris uile ghreim
troscáin ann. Tháinig faitchios mór ar an gcómhluadar, agus
níor bhfada gur sgap siad, acht beirt no triúr a raibh meisneach
ionnta, d'fhan leis an lanamhain óig.



Timchioll a h-aoin-deug a chlog bhidheadar uile i n-aon seomra
i n-íochtar an chaisleáin, nuair chualaidh siad toran mór os a
gcionn mar bheidheadh daoine ag troid agus ag gárthaoil (?). Thuit


L. 55


an bhean nuadh-phósta i laige, agus nuair tháinig sí chuici féin,
dubhairt sí nach bhfanfadh sí oidhche eile, 'san gcaisleán, dá
bhfághadh sí Eire gan roinn. Ar maidin, lá ar na mhárach
chuaidh sí chum a h-athar agus lean an fear í.



Seachtmhain 'na dhiaigh sin , chuaidh maor do chómhnuidhe
ann san gcaisleán, acht níor fheud sé fanacht ann an dara oidhche.
Dubhairt sé go dtáinig Tomás Fuilteach chuige agus sgian ann
a láimh le na mharbhadh. 'Na dhiaigh sin, chuaidh mórán daoine
eile ó am go h-am le cómhnuidhe ann san gcaisleán, acht aon
dream d'á ndeachaidh ann, níor fhanadar an dara oidhche. Fá
dheóigh, ní rachadh duine ar bith ag cómhnuidhe ann, agus ní
rachadh siad i ngar dó 'san oidhche ar ór ná ar airgiod. Cidh nach
raibh aon duine 'na chómhnuidhe ann san gcaisleán, d'fheiceadh
na daoine solas ann, agus chluineadh siad gáir mhór, cosmhúil
agus dá mbeidheadh daoine ag troid agus ag clampar ann; agus
dubhairt na daoine gur b'iad Tomás Fuilteach agus an diabhal
do bhidheadh ag troid le chéile ann. Bhí uile fhuinneóg do bhí
ann briste, agus bhidheadh na préacháin ag dul asteach 's
amach ann.



Bhí an caisleán gan tionónta le bliadhantaibh, agus ar feadh
an ama sin, ní raibh beithidheach ceithre cos d'á ndeachaidh ar
feurach ar thalamh an chaisleáin nach bhfuair bás, acht gabhair,
agus bhidheadh go leór aca sin ann.



Tar éis na mbliadhan fada, cheannaigh duine uasal an caisleán
agus an talamh timchioll air. Chuir sé fir-oibre ag obair le deise
do chur air, agus nuair bhí sé réidh, chuir sé fios ar an easbog
agus ar bheirt shagart le aifrionn do léigheadh ann. Nuair chuir
siad críoch ar an aifrionn, dubhradar leis, "Tig leat do chómh-
nuidhe ann san gcaisleán anois, ni thiucfaidh Tomás Fuilteach
ag cur trioblóide ort níos mó, agus tá Righ O Conchubhair
imthighthe go suaimhneas síorruidhe.


L. 56


IX



Iolar Clumhaigh an Óir.



A bhfad ó shoin, bhí sean righ 'na chómhnuidhe i n-Éirinn,
agus bhí triúr mac aige do rugadh ag an aon gheineamhain
amháin. Bhí meas mór aige orra, acht ní raibh fhios aige cia aca
do bheidheadh 'na oidhre ar an ríoghacht, mar rugadh iad ann
san am ceudna, agus mar bhí an meas ceudna aige orra.



Bhí crann-úbhall i ngáirdín an righ, agus do bhidheadh dá-
fhichid úbhall air gach uile bhliadhain, acht sul do bheidheadh
siad leath-apuidh, bhidheadh siad goidte. Aon lá amháin, chuir
an righ fios ar a thriúr mac agus dubhairt sé leó: "bidheann
m' úbhalla breágha d'á ngoid uaim gach uile bhliadhain, cidh go
mbidheann fir-faire agam oidhche agus lá faoi an gcrann ó'n am
thuiteas na blátha. Anois, má dheunann sibh-se faire, an té
gheobhas an gaduidh, béidh mo ríoghacht aige am' dhiaigh."



Is iad so ainmneacha an triúir, Aodh, Art agus Niall. Labhair
Aodh i dtosach agus dubhairt, "deunfaidh mise faire anocht, ní
dóigh go dtiucfaidh an gaduidh ar feadh an laé."



"Deunfaidh mise faire an oidhche amárach," ar sa Art. "Agus
mise an treas oidche," ar sa Niall.



An oidhche sin, seal gearr roimh clap-sholus, chuaidh Aodh
ar gárda san ngáirdín, agus thug sé arm leis, agus fíon agus
neart le n-ithe. Timchioll uaire an mheadhon-oidche, tháinig
codladh air, agus b'éigin dó a shúile do chuimilt go cruaidh le
n-a gcongbháil fosgailte. Tháinig toran mór os a chionn san spéir,
cosmhúil agus dá mbeidheadh na mílte eun ag eitiollacht thairis.
Tháinig eagla mhór air, agus nuair d'fheuch sé suas, chonnairc sé
eun mór. Bhí a shúile chomh mór leis an ngealaigh agus chomh


L. 57


lonnrach leis an ngréin. Tháinig sí anuas ar na h-úballaibh agus
d'fhuadaigh léithe gach uile úbhall do bhí ar an taoibh sin de 'n
crann. Sgaoil Aodh urchar 'na diaigh acht níor bhain sé cleite aisti.



Ar maidin, tháinig an righ amach agus d'fhiafruigh sé d'Aodh
ar ghabh sé an gaduidh. "Níor ghabhas í, acht connairceas í,
agus sgaoileas urchar 'na diaigh," ar sa Aodh.



"Ní bhfuighfidh tusa mo ríoghacht," ar san righ.



An lá ar na mhárach, nuair bhí dorchadas na h-oidhche ag
teacht, fuair Art a chuid arm, fíon, agus neart le n-ithe, agus
chuaidh sé amach 'san ngáirdín le faire na h-oidche do dheunamh.
Shuidh sé ag bonn an chrainn agus thosaigh sé ag smuaíneadh.
Timchioll uaire an mheadhon-oidhche, chualaidh sé toran 'san
aér, mar bheidheadh na mílte eun ag eitiollach os a chionn.
Nuair d'fhéach sé suas, chonnairc sé an t-eun mór le súilibh
innti chomh mór leis an ngealaigh agus chomh lonnrach leis an
ngréin. Tháinig sí anuas ar an gcrann-úbhall agus d'fhuadaigh
sí léithe cuid de na h-úbhallaibh. Sgaoil Art urchar 'na diaigh,
acht níor bhain cleite aisti.



Ar maidin, roimh ghréin, go moch, tháinig an righ chuige
agus d'fhiafruigh dhé ar ghabh sé an gaduidh.



"Níor ghabhas," ar sé, "acht saoilim gur loit mé í."



"Ní bhfuighfidh tusa mo ríoghacht," ar san righ.



An treas oidhche, chuaidh Niall ag faire na n-úbhall. Tim-
chioll uaire an mheadhon-oidhche, chualaidh sé toran an éin
mhóir ag teacht. Bhí a shuile chomh mór leis an ngealaigh agus
chomh lonnrach leis an ngréin. Nuair bhí sí teacht anuas ar na
h-úbhallaidh, sgaoil Niall urchar, agus is cinnte gur loit sé í, óir
tháinig cith de 'n clúmhach anuas aisti go bonn an chrainn.
Nuair dhfeuch sé ar an gclúmhach le solas an laé, fuair sé go
raibh na cleitidhe de 'n ór buidhe, agus b' áluinn iad le feuchaint
orra.



Ar maidin, roimh ghréin, go moch, tháinig an righ agus
d'fhiafruigh sé ar ghabh sé an gaduidh.



"Níor ghabhas," arsa Niall, "acht sgaoileas urchar 'na


L. 58


diaigh, agus bhaineas clúmhach go leór dí, feuch é faoi an
gcrann, agus is cinnte mé nach dtug sí aon úbhall léithe."



D'fheuch an righ ar an gclúmhach óir, smuaín sé tamall beag
aige féin, agus ann sin dubhairt sé, "caithfidh mé eun clúmhaigh
an óir d'fhághail, no ní bhéidh mé 'bhfad beó, agus an té
gheobhas dam í, béidh mo ríoghacht agus mo mhaoin shaoghaltach
aige mo dhiaigh."



An lá sin, chuir an righ fios ar chómhairleóir críona do bhí
aige ann a sheirbhís, agus thaisbéan sé dhó clumhach an óir,
agus d'fhiafruigh sé cia an sórt éin ar fhás an clúmhach sin uirri.
D'fheuch an cómhairleóir ar an gclúmhach agus dubhairt:
"D'fhás an clúmhach sin ar eun iongantach, ní'l a leithéid le
fághail ar an talamh. Tá dá sheód innti i n-áit na súl, agus is
luachmhaire iad 'ná do ríoghacht-sa, agus fásann clúmhach an
óir uirri uile mí 'san mbliadhain."



"Agus cia an áit bhfuil an t-eun sin le fághail no cá bhfuil
sí 'na cómhnuidhe?" ar san righ.



"Tá sí 'na cómhnuidhe ar thaoibh sléibhe áird atá 'san Spáin,
tá caisleán breágh aici ann sin, agus is í an bhean is áille 'san
domhan, bidheann sí 'na mnaoi 'san lá, agus 'na iolar le clúmhach
an óir 'san oidhche."



"Ní thig liom-sa bheith a-bhfad beó," ar san righ, "muna
bhfágh' mé í, agus an té bheurfas chugam í, béidh mo ríoghacht
agus iomlán mo mhaoine saoghaltaighe aige."



Bhí an triúr mac i láthair ag éisteacht, agus dubhradar go
gcaillfidís a mbeatha no go bhfuighidís iolar clumhaigh an óir.



Ar maidin, lá ar na mhárach, thug an righ sporán óir agus
capall maith do gach mac, agus d'imthigheadar ag tóruigheacht
iolair clúmhaigh an óir. Nuair tháinig siad go dti crois-bhóthar,
dubhairt Niall: "Sgaramaois ann so, agus an té thiucfas slán ar
ais i dtosach, gearradh sé lorg croise ar an gcloich mhóir sin ar
thaoibh an bhóthair." Dubhairt siad go ndeunfaidís sin. Sgar
na dearbhráithreacha tar éis sin agus lean gach fear aca a bhóthar


L. 59


féin. Anois leanfamaoid na dearbhráithreacha mar chuadar ag
faire na n-úbhall; budh h-é Aodh do chuaidh ag faire an cheud-
oidhche.



Chuaidh sé ar aghaidh an cheud-lá maith go leór, agus nuair
bhí dorchadus ag teacht, chuir sé faoi i dtigh beag ar bhruach
coille. Nuair bheannaigh sé asteach, chuir an chailleach do bhí
ann san tigh fáilte roimhe, agus dubhairt go raibh biadh, deoch
agus leabuidh le fághail aige, gan ór, gan airgiod. Thug sé
buidheachas dí, agus dubhairt go raibh neart óir agus airgid
aige le na bhealach d'íoc.



"Tá's agam sin," ar san chailleach, "acht nior ghlac mé
íocaidheacht ar son lóistín oidhche ariamh, agus ní ghlacfad fad
mo bheatha; acht fág agam trí ribe róin as ruball (earball) do
chapaill, sul má n-imtheóchaidh tu ar maidin."



"Go deimhin, fágfad, agus ceud ribe, má tá dúil agad ionnta,"
ar sa Aodh.



Faoi cheann tamaill bhig, bhí biadh deoch agus fíon ar bord i
láthair mhic an righ. D'ith agus d'ól sé a sháith. Chuir an
chailleach an bord le cois bhalla an tighe. Ann sin, thug sí coirce
do 'n chapall, agus shuidh sí ann san gcoirneull agus thosaigh ag
cómhrádh le mac an righ. "An ceart é fiafruighe dhíot cá fhada
rachfas tu?" ar sise.



"Seadh," ar seisean, "táim ag dul chum na Spáine ag
tóruigheacht éin éigin dom' athair, ní bhéidh sé beó gan í, agus
ma éirigheann dam i d'fhághail, tá ríoghacht m'athar agus a
mhaoin shaoghalta go h-iomlán le bheith agam-sa."



"Cia 'n sórt éin í, no cia 'n t-ainm atá uirri?" ar san
chailleach.



"'Sí iolar clúmhaigh an óir atáim ag tóruigheacht," ar san
mac righ.



"Go deimhin, do rinne an bitheamhnach ceudna feall mhór
orm-sa," ar san chailleach. "Tháinig sí ann san oidhche agus
d'fhuadaigh sí uaim m'aon mhac amháin, agus ní thig liom é
d'fhághail ar ais go bhfágh' mé trí ribe róin as ruball capaill


L. 60


gach uile dhuine thiucfas ag iarraidh lóistín oidhche orm, go
mbéidh an oiread ribe agam a 's atá ar cheann iolair clúmhaigh
an óir, agus ní thig liom níos mó 'ná trí ribe do tharraingt as
capall ar bith. B'éidir nach bhfuil fhios agad go m-bidheann sí
'na mnaoi ann san lá agus na h-iolar ann san oidhche. Tá sí faoi
dhraoidheacht, agus 's é mo chómhairle dhuit gan dul a n-aice
léithe."



"Dubhairt mé sul ar fhág mé an baile, go gcaillfinn m'anam
no go bhfuighfinn í, agus ní thig liom dul ar m'ais," ar san
mac righ.



"Bidheadh do thoil féin agad," ar sise, "acht tar anois agus
taisbéanfaidh mé do leabuidh dhuit." Thug sí an mac righ
asteach ann san seomra agus d'fhág sí ann sin é.



Ar maidin, go moch, d'éirigh Aodh, d'ith agus d'ól a sháith,
tharraing trí ribe as ruball an chapaill, sheachaid iad do 'n
chailligh agus d'imthigh ar siúbhal ag marcuigheacht ar a
chapall.



An dara oidhche, chuir sé faoi i dtigh beag eile cosmhúil leis
an tigh a raibh sé ann an oidhche aréir. Nuair bheannuigh sé
asteach, chuir cailleach fáilte roimhe, agus dubhairt go raibh
biadh, deoch agus leabuidh le fághail aige, gan ór ná airgiod.
Thug sé buidheachas dí agus dubhairt go raibh neart óir agus
airgid aige féin le na bhealach d' íoc. "Tá 's agam sin," ar san
chailleach, "acht níor ghlac mé íocaidheacht ar son lóistín
oidhche ariamh agus ní ghlacfad, fad mo bheatha, acht fág agam
trí ribe róin as ruball do chapaill sul má n-imthéocaidh tu ar
maidin."



"Go deimhin fágfad, agus ceud ribe," ar sa Aodh.



Faoi cheann tamaill, bhí biadh, deoch agus fíon ar bord i láthair
mhic an righ. D'ith agus d'ól sé a sháith. Chuir an chailleach an
bord le cois bhalla an tighe, thug coirce do 'n chapall agus shuidh
sí ann san gcoirneull. Thosaigh sí ag cómhrádh le mac an righ.
D'fhiafruigh sí dhé creud do bhí sé ag tóruigheacht no cá fhada
bhí sé ag dul, agus dubhairt sí leis go direach mar dubhairt an


L. 61


chailleach eile, agus mar tháinig iolar clúmhaigh an óir agus
mar ghoid sí a haon mhac amháin, agus ar n-imtheacht dó, an lá
ar na mhárach, b'éigin dó trí ribe róin as ruball a chapaill do
thabhairt dí.



An treas oidhche, chuir sé faoi i dtigh caillighe eile, agus thárla
an nídh ceudna dhó mar thárla an dá oidhche roimhe sin -
b'éigin dó trí ribe róin do thabhairt do'n chailligh, agus leis an
sgeul do dheunamh gearr, bhí sé ag fágbháil trí ribe róin 'na
dhiaigh go laétheamhail, go raibh ruball a chapaill chomh lom le
lár do bhaise, agus bhidheadh na creabhair ag deunamh baillseire
dhé, mar nach raibh aon ribe róin ann san ruball iad do dhíbirt,
agus gháir na daoine Ruball Lom air.



Nuair tháinig sé go bruach na fairrge, chuir sé faoi i dtigh do
bhí ann sin, acht tháinig sgriosadóiridh ann san oidhche nuair
bhí sé 'na chodladh, agus cheangail siad é, agus d'iomchar siad é
ar bord a loinge féin. Níor sgaoileadar é go raibh siad amuigh
ar an muir mhóir. Ann sin chuireadar é i gcionn oibre cruaidhe.
Acht aon lá amháin, chuaidh na sgriosadóiridh ag troid le loing
eile, agus, mo leun, do buaileadh Aodh le urchar agus fuair sé bás.



Anois ní'l mórán againn le h-innsint i dtaoibh Airt, acht gur
chuir sé faoi ann sna tighthibh ceudna agus gur thárla na neithe
ceudna dhó-san agus do thárla d'Aodh, agus ní raibh sé acht aon
lá amháin andhiaigh a dhearbhráthar ag cur faoi ann sna tighthibh
ceudna go dtáinig sé go bruach na fairrge. Chuir sé faoi i dtigh
caiptín loinge ann sin, agus d'íoc é ar son é do thabhairt chum
na Spáine. Ar maidin go moch chuaidh sé ar bord loinge,
sgaoileadar na seólta, agus thugadar a n-aghaidh ar an Spáin.
Acht an treas lá, d'éirigh stoirm mhór, chuaidh an long go bonn
na fairrge agus báitheadh iad uile.



Leanfamaoid Niall anois. Nuair sgar sé le na dhearbhráith-
reachaibh, ní dheacaidh sé a bhfad gur casadh sean-bhean air,
agus í seargtha le h-aois. "'Nidh Dia dhuit" ar sí.


L. 62


"Go mbudh h-é dhuit," ar seisean. "Bhfuil am agad
cómhairle do ghlacadh," ar sise.



"Tá go deimhin," ar seisean, "agus béidh mé buidheach díot
ar a son."



"Má 's amhlaidh atá," ar sise, "na sgar le ribe róin as ruball
do chapaill go dtagaidh tu ó'n Spáin, má sgarair, táir caillte, agus
ní bhfuighfidh tu iolar clúmhaigh an óir."



"Go raibh maith agad faoi do chómhairle," ar sé, "seó dhuit
píosa óir."



"Tá croidhe-na-féile agad," ar san tsean bhean, "agus má
ghlacann tu mo chómhairle éireóchaidh leat. Tá 's agad gur
bean draoidheachta iolar clúmhaigh an óir. Nuair rachfas tu
chum an chaisleáin ann a bhfuil sí 'na cómhnuidhe, tabhair
amach as do phóca an bosca beag púdair seo a bheirim anois
duit, agus caith uirri é. Congbhaigh an bosca fosgailte: deunfaidh
sí í féin chomh beag le dróilín agus bhéarfaidh sí léim asteach
'san mbosca. Dun uirri é, agus tar ar ais chugam-sa, acht má
sgarair le ribe róin as ruball do chapaill, tá tu caillte."



Ní thárla aon droch-rud ar Niall go dtáinig sé go caisleán
iolair clúmhaigh an óir ann san Spáin, acht níor fheud sé dul
asteach ar feadh trí lá, óir bhí an geata dúnta. Acht trathnóna
an treas laé, tháinig sí féin amach ann a cóiste óir, agus nuair
bhí sí ag gabhail thairis, dhruid Niall anonn léithe agus chaith sé
an púdar uirri. Nuair chuaidh an púdar uirri, rinne sí í féin
chomh beag le dróilín agus thug léim asteach 'san mbosca. Léim
Niall ar a chapall, acht fuair an cóisteóir greim-rubaill air agus
níor fheud sé imtheacht. Chualaidh sé guth ann a chluais ag rádh.
"Greim cruaidh, ualach-eudtrom, agus marcuigheacht 'san aér."



"Greim cruaidh, ualach-eudtrom, agus marcuigheacht 'san
aér," ar sa Niall, agus ní luaithe bhí an focal as a bheul 'ná
d'éirigh an capall suas 'san aér, thug aghaidh ar Éirinn, ag
imtheacht chomh tapa le gaoith Mhárta, agus an cóisteóir
greamaighthe do' n ruball, ag sgreadach chomh h-árd a 's
d'fheud sé.


L. 63


Níor bhfada go dtáinig an capall slán foláin go talamh, ann
san áit ar casadh Niall agus an tsean-bhean ar a chéile. Bhí sise
ann san áit roimhe, agus dubhairt, "Fáilte rómhad ar ais ó'n
Spáin, feicim go bhfuil searbhfhóghanta leat, a mhic an righ."



"Tá, go raibh maith agad-sa," ar seisean, "agus tá iolar
clúmhaigh an óir go cúramach agam ann san mbosca beag."



"Taisbéan dam í," ar san tsean bhean, "is fada ó bhí
radharc agam uirri."



D'fhosgail Niall an bosca, acht i n-áit éinín, léim an bhean is
deise d'á bhfacaidh súil ariamh amach as. "O m'inghean áluinn
thu," ar san tsean bhean, "is fada thu imthighthe uaim, agus
ní fheicfinn thu go deó muna mbeidheadh an mac-righ seó; agus
bronnaim air thu, má 's mian leis."



"Go deimhin, is fearr liom í 'ná ríoghacht agus maoin shaogh-
alta m'athar, acht budh mhaith liom í do thaisbéant do
m' athair i riocht iolair clúmhaigh an óir, ar eagla go mbeidheadh
amhras aige nach í atá ann."



"Bídheadh mar sin," ar san tsean-bhean, "acht ó'n oidhche
seó amach, tá sí saor o dhraoidheacht."



"Tá focal agam-sa le rádh," ar san bhean-óg, "créad
dheunfas sibh le mo chóisteóir?"



"Nídh ar bith is maith leat," ar siad-san.



"Cuir ar ais é chum mo chaisleáin," ar sise, "tá cúmhacht
agad-sa, a mháthair."



Tharraing an tsean-bhean eudtromán amach, sheachaid do 'n
chóisteóir é, agus dubhairt leis a shéideadh, agus greim cruaidh
do chongbháil air, agus go dtiúbhradh sé chum an chaisleáin é,
Rinne sé amhlaidh, agus nuair bhí sé imthighthe, dubhairt an
tsean-bhean leis an mac-righ, "Tabhair do bhean a-bhaile leat,
an méad do bhí agam le deunamh, tá sé críochnuighthe. Is mithid
dam imtheacht chum suaimhnis. Beannacht libh," agus d'im-
thigh sí as radharc.



Bhí an righ ag spaisdeóracht i láthair a chaisleáin nuair chon-


L. 64


nairc sé Niall agus a bhean ag teacht. Rith sé chuige, chuir sé
a dhá láimh faoi na mhuinéal agus phóg sé é. Níor fheud sé
labhairt le teann-lúthgháire, acht thosaigh sé ag seilt na ndeór go
fras. "Naoi gceud míle fáilte rómhad, a mhic mo chroidhe, cia
h-í seo leat?"



"Sin mo bhean, iolar clúmhaigh an óir," ar seisean.



Bhí an cómhairleóir críona i láthair, agus dubhairt sé, "Is í,
go deimhin, agus is inghean righ í."



An oidhche sin, chonnairc an righ í, i riocht iolair clúmhaigh
an óir, agus bhí an oiread sin lúthgháire air gur thuit sé siar
marbh le racht gáire do tháinig air. Bhí an ríoghacht agus maoin
shaoghalta a athar ag Niall ann sin agus ag iolar clúmhaigh an
óir.



X



Taidhbhse an Chrainn.



Ann san tsean-aimsir, bhí fear ann dar ab ainm Páidín Ruadh
O Ceallaigh agus bhí sé 'na chómhnuidhe ag bonn cnuic Néifin-
Bhig.



Bhí sé pósta, acht ní raibh aon chlann aige acht aon inghean
amháin, agus bhí sise dall ó rugadh í. 'Sé an t-ainm do bhidheadh
ag na cómharsannaibh uirri Nóra Dall, agus bhí tuairm aca go
mbidheadh sí leis na daoinibh maithe. Ní raibh de ghabháltas
ag Páidín acht dá acra talmhan, agus ar an ádhbhar sin, bhí sé
an-bhocht. Bhidheadh sé amuigh gach uile oidhche, fliuch no
tirm, fuar no teith, agus ní raibh fhios aige créad do bheidheadh
d'á thabhairt amach, acht bhí inntinn mío-shuaimhneach aige
agus níor fheud sé fanacht astigh.



Ann san tsean-aimsir, chreid na daoine go mbidheadh gach uile


L. 65


phúca agus taidhbhse 'san tír amuigh Oidhche Shamhna, le sgrios
do dheunamh ar na smeura-dubha, agus ni chuirfidis smeur-
dubh ann a mbeul tar éis na h-oidhche sin ar aon chor. Acht ní
raibh faitchios ar Pháidín roimh rud ar bith.



Oidhche Shamhna, chuaidh Páidín amach, mar budh ghnáthach
leis, agus do bhí sé ag siúbhal go dtáinig sé chomh fada le sean-
chill. Bhí crann árd ann san gcill. Bhí an ghealach lán agus bhí
sí ag tabhairt soluis bhreágh. D'fheuch Páidin suas agus chon-
nairc sé fear mór ag léimnigh ó chrann go crann. D'éirigh gach
uile ribe gruaige do bhí ar a cheann 'na sheasamh, agus thosaigh
an fuar-allus ag tuitim dé. Níor fheud sé a chos do chor-
ughadh.



Léim an taidhbhse anuas, agus sheas sé i láthair Pháidín agus
dubhairt. "Ná bidheadh faitchios ort rómham-sa, ní dheunfad
aon anachain ort, bidheadh meisneach maith agad agus taisbéan-
faidh mé sluagh sidhe Chonnacht agus Mhúmhain duit ag bualadh
báire ar bhárr cnuic Néifin Mhóir."



Fuair sé greim ar dhá láimh Pháidín agus chaith sé suas ar
a dhruim é, mar chaithfeadh bean páiste-bliadhna, thug léim suas
ar chrann agus as go bráth leis ó chrann go crann, go ndeachaidh
sé go bárr Néifin Mhóir, agus leag sé Páidín síos go socair
suaimhneach ar bhárr an chnuic.



Níor bhfada go dtáinig sluagh-sidhe Chonnacht agus Mhúmhan
agus thosaigh ag bualadh báire i láthair Phádraig agus na taidh-
bhse, agus ní fhacaidh aon fhear beó ariamh a leithéid de
ghreann roimhe, agus bhí Páidin ag gáiridhe gur shaoil sé go
bpleusgfadh sé. Fá dheóigh do sgread righ sluaigh-sidhe
Chonnacht, "Hái! a thaidhbhse-na-gcrann, cia an sluagh a
bhfuil an báire gnóthuighthe aige?"



"Sluagh Chonnacht," ar san taidhbhse.



"Táir ag innsint bréige," ar san righ sluaigh-sidhe Mhúm-
han, "agus troidfimid sul ma dtiúbhramaoid an báire do
mhuinntir Chonnacht."



Thosaigh an troid, agus níor mhagadh troid do thabhairt air.


L. 66


Briseadh cloigne agus lámha agus cosa, agus bhí an cnoc dearg
le fuil. Do gháir righ sluaigh-sidhe Mhúmhan fá dheóigh, agus
dubhairt: "Síothchán! bheirim an bhuaidh dhaoibh an t-am so,
acht troidfimid arís oidhche Bhealtaine."



Ann sin dubhairt Taidhbhse na gcrann leis an dá rígh; "íoc
an fear beó so do thug mé do bheith i láthair, ní fheudfadh sibh
báire do bhualadh gan é."



"'S fíor dhuit," ar sa righ sluaigh-sidhe Chonnacht agus
sheachaid sé sporán óir do Pháidin.



"Ni bhéidh mise níos measa na eisean," ar sa righ sluaigh-
sidhe Mhúmhan agus sheachaid sé sporán eile dhó, agus le casadh
do láimhe bhí an dá shluagh imthighthe.



"Ann sin dubhairt an Taidhbhse leis: "Tá go leór airgid agad
anois; bhfuil aon nidh eile budh mhaith leat?"



"Maiseadh, go deimhin tá," ar sa Páidin, "tá inghean agam
agus tá sí dall ó rugadh í, agus budh mhaith liom dá mbeidheadh
a h-amharc aici."



"Béidh a h-amharc aici seal má dtéidheann an ghrian faoi,
trathnóna amárach," ar san Taidhbhse, "má ghlacann tu mo
chómhairle. Tá sgeathach beag ag fás os cionn uaighe do mháthar;
fágh dealg dé, agus cuir é tri ghoirín atá ar chúl cinn d'inghine,
agus béidh amharc aici chomh maith agus atá agad féin, acht má
innsigheann tu do rún d'aon neach beó, béidh sí dall aris. Is
mithid dúinn bheith ag imtheacht anois, mar tá m'áit-chómh-
nuidhe le taisbéant duit seal má dteidh' tu a-bhaile."



Ann sin, fuair sé greim da láimh ar Pháidin, chaith ar a
dhruim é, agus as go bráth leis, agus níor stad sé gur leag sé faoi
an gcrann mór ann san gcill é, go socair suaimhneach. Ann sin
fuair sé greim ar an gcrann, tharraing suas é, agus dubhairt
"lean mise." Thug Páidin coiscéim asteach, agus tharraing an
Taidhbhse an crann 'na dhiaigh. Chuaidh siad síos staighre
bhreágh go dtáinig siad go dorus mor. D'fhosgail an dorus agus
chuaidh siad asteach. Nuair d'fheuch Páidin thart, chonnairc sé
cuid mhaith daoine do fuair bas ann a chómharsanacht féin


L. 67


bliadhanta roimhe sin. Chuir cuid aca fáilte roimh Pháidín agus
d'fhiafruigh siad dé cia an uair fuair sé bás. "Ní bhfuair mé bás
fós," ar sa Páidin.



"Is ag magadh atá tu," ar siad-san, "agus muna mbeidh-
eadh go bhfuair tu bás ni bheidhtheá ann so, ameasg sluaigh
na marbh."



Tháinig an Taidhbhse i láthair agus dubhairt, "ná creid na
daoine seó, tá beatha fhada sheunmhar rómhad. Tar liom-sa
anois, béidh sé i n-am duit dul a-bhaile. Seo dhuit pota beag,
agus am ar bith bhéidheas biadh ag teastál uait, buail trí buille
ar an leic, agus abair: "biadh agus deoch, agus lucht-freastail,"
agus béidh gach nídh ar do mhian agad, acht má sgarann tu leis,
béidh aithreachas ort; agus seó dhuit fídeóg bheag, agus am ar
bith bhéidheas cruadhóg ort, séid í, agus geobaidh tu cabhair,
acht ar d' anam, ná sgar léithe."



Ann sin, thug sé Páidín suas, agus d'fhág ar an mbóthar é,
agus dubhairt: "ar d' anam ná h-innis do neach beó aon nídh
d'á bhfacaidh tu anocht."



Tháinig Páidín a-bhaile le fáinne an laé, agus d'fhiafruigh an
bhean dé cia 'n áit ar chaith sé an oidhche. "Ní ar seachrán do
bhí mé," ar seisean. Leag sé síos an pota beag agus dubhairt:
"biadh 'gus deoch," acht dhearmuid sé na trí buille do
bhualadh ar an leic, agus ní tháinig dada. Chuimhnigh sé air
féin ann sin, agus bhuail sé na trí buille agus léim beirt mná
óg amach agus leag siad bord, agus uile nídh le n-ithe agus
le n-ól air, chomh maith agus do bhí ar bhord an righ. D'ith agus
d'ól Páidín agus a bhean agus Nóirín Dall sáith mhaith, agus
nuair bhí siad réidh, chuaidh na mná óga asteach 'san bpota
agus chuir Páidin an leac air.



Ann sin dubhairt sé le na mhnaoi: "ní bhéidh Nóirín a-bhfad
dall, geobhaidh me leigheas dí gan mhaill, acht ná cuir tuairisg
orm d'á thaoibh, óir ni thig liom a innsint."



"Is ag magadh fúm atá tu," ar san bhean, "rugadh í dall."



"Fan go bhfeicfidh tu," ar sa Páidín, agus amach leis, agus


L. 68


níor stad go dtáinig sé go dti an sgeathach do bhí ag fás ar
uaigh a mháthar. Fuair sé an dealg agus tháinig sé a-bhaile.
Fuair sé greim ar Nóirín, agus chuir sé an dealg tríd an
ngoirín, agus gháir sí amach , "Feicim uile rud," agus ghread
an mhátháir a basa le lúthgháire, agus dubhairt le Páidín:
"Grádh agus cuisle mo chroidhe thu, is tu an fear is fearr 'san
domhan." Ann sin, bhuail sé trí buille ar leic an phota bhig
agus dubhairt: "biadh agus freastal." Ní luaithe do bhí an
focal as a bheul 'ná léim an bheirt mná amach, agus leag siad
bord i láthair Pháidín, agus uile nídh air níos fearr ,ná bhí ar
bhord an righ. D'ith agus d'ól seisean agus a bhean agus Nóirín
sáith mhaith, agus nuair bhí siad réidh, chuir na mná óga gach
nídh asteach 'san bpota, agus chuaidh siad féin asteach ann,
agus chuir Páidín an leac ar an bpota.



Chuaidh an cháil amach go raibh saidhbhreas mór agus gach
nídh ar a mhian ag Páidín. Bhí siad líonta le eud, agus
dubhradar le chéile nár chóir é bheith beó, agus bhí rún daingean
aca é do mharbhadh. Acht bhí caraid 'na measg, dearbhráthair
do mhnaoi Pháidín, agus thug sé fuagradh dhó. Chuir sé an
fhídeóg ann a bheul agus shéid sé í, agus níor bhfada go dtáinig
cogar ann a chluais ag rádh "teirigh amach agus fágh luibh
atá ann do gháirdín le cois an bhalla. Ith cuid dí agus tabhair
an chuid eile do d' mhnaoi agus do d' inghin, agus béidh neart fir
ag gach aon díbh anaghaidh uile ribe gruaige atá ar bhur gcinn.
Leis an tuairgin atá ar bhalla do thighe is féidir leat an méad
daoine atá san bparáiste do bhualadh."



Ar maidin, lá ar na mhárach, tháinig fir agus mná an bhaile
le Páidín do mharbhadh. Ghlaodh siad "lorgadán" agus
"fear-sidh" air, agus dubhradar muna dtiucfadh sé amach go
ndóithfeadh siad an teach os a chionn. Tháinig Páidín go dti an .
dorus agus dubhairt leó imtheacht a-bhaile, nach ndearnaidh sé
aon díoghbháil ar aon duine aca; acht ní bheidheadh siad sásta
le nídh ar bith acht Páidín do mharbhadh. Fuair Páidín greim


L. 69


air an tuairgín agus ghlac an bhean fac láidhe, agus an inghean
lámh luithne agus amach leó. D'ionnsaigh na daoine do bhí amuigh
timchioll an tighe iad, acht níor bhfada gur chuir Páidín ruaig
orra, agus d'fhág sé an leath aca sínte ar an talamh, agus níor
chuir siad aon trioblóid eile ó'n lá sin air.



Is fíor an rádh nach dtig le mnaoi rún do chongbháil, agus
tháinig an rádh ceudna fíor anois. D'innis bean Pháidín i dtaoibh
an phota bhig do mhnaoi eile, agus d'innis sise do mhnaoi eile
é, agus mar sin d'imthigh an sgeul o bheul go beul go dtáinig
sé go cluasaibh an tighearna talmhan. Tháinig seisean chuig
Páidín agus dubhairt: "Chualaidh mé go bhfuil pota iongantach
agad, taisbéan dam é." Thaisbéan Páidín an pota beag dó, agus
ann sin dubhairt an tighearna leis: "Taisbéan dam an bhrigh
atá ann."



Bhuail Páidín trí buille ar leic an phota, agus dubhairt,
"biadh agus freasdal." Ní túisge dubhairt sé an focal 'ná
léim an bheirt mná óg amach, agus leag siad bord le biadh
agus deoch air, i láthair Pháidín agus an Tighearna.



"Dar mo láimh," ar seisean, "is maith an pota é, budh
chóir dhuit a iasacht do thabhairt dam aon lá amháin, mar tá
daoine-uaisle le teacht ar cuairt chugam, an t-seachtmhain
seó chugainn."



Smuaín Páidín creud do dheunfadh sé, agus faoi dheóidh
dubhairt sé: "Ní bheidheadh aon mhaith ann san bpota muna
mbeidhinn-se i láthair."



"Tig leat teacht, agus fáilte," ar san Tighearna talmhan,
"acht bí gleusta go maith."



"Béidhead," ar Páidín, mar tháinig bród air, bheith ameasg
na ndaoine-uasal.



"Ar maidin Dia Luain, bí ag mo thigh-se, agus ar d'anam,
ná clis orm," ar san Tighearna.



Lá ar na mhárach, cheannaigh Páidín culaidh úr éadaigh,
agus nuair chuir sé sin air, d'fheuch sé chomh geanamhail sin
gur beag nár aithnigh an bhean agus an inghean é.


L. 70


Ar maidin Dia Luain, thug sé an pota beag leis, agus chuaidh
go tigh an Tighearna. Bhí cruinniughadh mór de dhaoinibh
uaisle i láthair. Thug an Tighearna Páidín agus an pota beag
asteach san seomra mór, agus dubhairt, "Fágh biadh agus deoch
réidh go bhfeicfidh mé bhfuil sé ionnánn a sáith do thabhairt do
na daoinibh uaisle seó." Bhuail Páidín trí buille ar leic an
phota agus dubhairt: "Biadh, deoch agus lucht freasdail." Ar
an mball, léim seisear ban óg amach, leagadar bord breágh,
agus bhí uile nidh níos fearr 'ná a chéile le n'ithe agus le n'ól air.



Thug an Tighearna cuireadh do na daoinibh-uaisle, ann sin,
agus shiúbhail siad asteach, agus bhí iongantus orra nuair
chonnairc siad an bord breágh agus gach nidh d'á raibh air.
D'itheadar agus d'óladar a sáith, acht níor bhfada go dtáinig
trom-chodladh orra uile, agus nuair mhúsgail siad, bhí cleith an
tighe imthighthe gan cúntas air. Bhí an pota beag, an fhideóg
agus an dá sporán óir imthighthe ó Pháidín, agus bhí sé chomh
bocht agus bhí sé ariamh. Nuair bhí an codladh-meisge air,
tháinig lorgadán agus d'fhuadaigh leis an t-iomlán, agus tháinig
mi-ádh ar Pháidín, mar nár chongbhaigh sé rún a charad,
Taidhbhse na gcrann.


L. 71


AN SGEULUIDHE GAODHALACH



CUID II



LE DÚBHGLAS DE h-ÍDE, LL.D.



(An Chraoibhín Aoibhinn)



XI



Righ an Fhásaigh Dhuibh.



Nuair bhí O Conchúbhair 'na righ ar Eirinn bhí sé 'na chómh-
nuidhe i Ráth-chruacháin Chonnacht. Bhí aon mhac amháin
aige, acht nuair d'fhás sé suas, bhí sé fiadháin, agus níor fheud
an righ smacht do chur air, mar bheidheadh a thoil féin aige
ann s gach uile nídh.



Aon mhaidin amháin chuaidh sé amach,



A chú le na chois
A sheabhac ar a bhois
A's a chapall breágh dubh d'á iomchar,



agus d'imthigh sé ar aghaidh, ag gabháil rainn abhráin dó féin
go dtáinig sé chomh fad le sgeathach mór do bhí ag fás ar
bhruach gleanna. Bhí sean-duine liath 'na shuidhe ag bonn na
sgeiche, agus dubhairt sé: "A mhic an righ, má thig leat imirt
chomh maith a's thig leat abhrán do ghabháil, budh mhaith
liom cluiche d'imirt leat." Shaoil mac an righ gur sean-duine


L. 72


mi-chéillidhe do bhí ann, agus thuirling sé, chaith srian thar
gheug, agus shuidh síos le taoibh an tsean-duine liath. Tharraing
seisean paca cárdaidh amach agus d' fhiafruigh: "An dtig leat
iad so d'imirt?"



"Tig liom," ar san mac-righ.



"Créad imeóramaoid air?" ar san sean-duine liath.



"Nídh ar bith is mian leat," ar san mac-righ.



"Maith go leór, má ghnóthaighim-se caithfidh tusa nídh ar
bith a iarrfas mé dheunamh dam, agus má ghnóthaigheann tusa,
caithfidh mise nídh ar bith iarrfas tusa orm dheunamh dhuit-
se," ar san sean-duine liath.



"Tá mé sásta," ar san mac-righ.



D'imir siad an cluiche agus bhuail an mac righ an sean duine
liath. Ann sin dubhairt sé, "créad do budh mhian leat mise do
dheunamh dhuit, a mhic an righ?"



"Ní iarrfaidh mé ort nídh ar bith do dheunamh dam," ar
san mac-righ, "saoilim nach bhfuil tu ionnánn mórán do
dheunamh."



"Ná bac leis sin," ar san sean duine, "caithfidh tu iarraidh
orm rud éigin do dheunamh, níor chaill mé geall ariamh nár
fheud mé a íoc."



Mar dubhairt mé, shaoil an mac righ gur sean duine mi-
chéillidh do bhí ann, agus le na shásughadh dubhairt sé leis:



"Bain an ceann de mo leasmháthair agus cuir ceann gabhair
uirri ar feadh seachtmhaine."



"Deunfad sin duit," ar san sean duine liath.



Chuaidh an mac righ ag marcuigheacht ar a chapall,



A chú le na chois
A sheabhac ar a bhois,



agus thug sé a aghaidh ar áit eile, agus níor chuimhnigh sé
níos mó ar an sean duine liath, go dtáinig sé a-bhaile.



Fuair sé gáir agus brón mór ann san gcaisleán. D'innis na
searbhfhóghantaidh dhó go dtáinig draoidheadóir asteach 'san


L. 73


seomra 'n áit a raibh an bhainríoghan agus gur chuir sé ceann
gabhair uirri i n-áit a cinn féin.



"Dar mo láimh, is iongantach an nídh é sin," ar san mac
righ, "dá mbeidhinn 'san mbaile do bhainfinn an ceann dé le
mo chloidheamh." Bhí brón mór ar an righ agus chuir sé fios
ar chómhairleóir críona agus d'fhiafruigh sé dhé an raibh fhios
aige cia an chaoi thárla an nídh seo do'n bhainríoghain. "Go
deimhin ní thig liom sin innseacht duit" ar seisean, "is obair
draoidheachta é."



Níor leig an mac righ air féin go raibh eólas ar bith aige ar
an gcúis, acht ar maidin amárach d'imthigh sé amach,



A chú le na chois
A sheabhac ar a bhois
's a chapall breágh dubh d'á iomchar,



agus níor tharraing sé srian go dtáinig sé chomh fada leis an
sgeich mhóir ar bhruach an ghleanna. Bhí an sean duine liath
'na shuidhe ann sin faoi an sgeich agus dubhairt sé: "A mhic
an righ, mbéidh cluiche agad andiú?" Thuirling an mac righ
agus dubhairt: "Beidh." Leis sin, chaith sé an srian thar
gheug, agus shuidh síos le taoibh an tsean duine. Tharraing
seisean na cárdaidh amach, agus d'fhiafruigh de'n mac righ an
bhfuair sé an nídh do ghnóthaigh sé andé.



"Tá sin ceart go leór," ar san mac righ.



"Imeóramaoid ar an ngeall ceudna andiú," ar san sean duine
liath.



"Tá mé sásta," ar san mac righ.



D'imir siad, agus ghnóthaigh an mac righ. "Créad do budh
mhian leat mise do dheunamh dhuit an t-am so?" ar san sean
duine liath. Smuain an mac righ agus dubhairt leis féin,
"bheurfaidh mé obair chruaidh dhó an t-am so." Ann sin
dubhairt sé: "Tá páirc seacht n-acra ar chúl caisleáin m'athar,
bidheadh sí líonta ar maidin amárach le bath (buaibh) gan aon
bheirt aca do bheith ar aon dath, ar aon áirde, no ar aon aois
amháin."


L. 74


"Béidh sin deunta," ar san sean duine liath.
Chuaidh an mac righ ag marcuigheacht ar a chapall,



A chú le na chois
A sheabhac ar a bhois,



agus thug aghaidh a-bhaile. Bhí an righ go brónach i dtaoibh
na bainríoghna. Bhí doctúiridh as uile áit i n-Éirinn, acht níor
fheud siad aon mhaith do dheunamh dhí.



Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh maor an righ amach
go moch, agus chonnairc sé an pháirc ar chúl an chaisleáin líonta
le bath (buaibh) agus gan aon bheirt aca de 'n dath ceudna no
de 'n aois cheudna, no de 'n áirde cheudna. D'imthigh sé asteach,
agus d'innis sé an sgeul iongantach do'n righ. "Teirigh agus
tiomáin iad amach," ar san righ. Fuair an maor fir, agus chuaidh
sé leó ag tiomáint na mbó amach, acht ní luaithe chuirfeadh sé
amach ar aon taoibh iad 'ná thiucfadh siad asteach ar an taoibh eile.
Chuaidh an maor do'n righ arís, agus dubhairt leis nach bhfeudfadh
an méad fear bhí i n-Eirinn na bath sin do bhí san bpáirc do
chur amach. "Is bath draoidheachta iad," ar san righ.



Nuair chonnairc an mac righ na bath, dubhairt sé leis féin:
"Béidh cluiche eile agam leis an sean duine liath andiú."
D'imthigh sé amach an mhaidin sin,



A chú le na chois
A sheabhac ar a bhois
A's a chapall breágh dubh d'á iomchar,



agus níor tharraing sé srian go dtáinig sé chomh fada leis an
sgeich mhóir ar bhruach an ghleanna. Bhí an sean duine
liath ann sin roimhe agus d'iarr sé air an mbeidheadh cluiche
cárdaidh aige.



"Béidh," ar san mac righ, "acht tá fhios agad go maith go
dtig liom thu bhualadh ag imirt cárda."



"Béidh cluiche eile againn," ar san sean duine liath, "ar
imir tu liathróid ariamh?"


L. 75


"D'imreas go deimhin," ar san mac righ, "acht saoilim go
bhfuil tusa ró shean le liathróid d'imirt, agus chor leis sin ní'l
aon áit againn ann so le n'imirt."



"Má tá tusa úmhal le imirt, geobhaidh míse áit," ar san
sean duine liath.



"Táim úmhal," ar san mac righ.



"Lean mise," ar san sean duine liath.



Lean an mac righ é tríd an ngleann, go dtangadar go cnoc breágh
glas. Ann sin, tharraing sé amach slaitín draoidheachta, agus
dubhairt focla nár thuig mac an righ, agus faoi cheann móimid,
d'osgail an cnoc agus chuaidh an bheirt asteach, agus chuaidh
siad trid a lán de hállaibh breágha go dtángadar amach i ngáirdín.
Bhí gach uile nídh níos breágha 'ná chéile ann san ngáirdín sin,
agus ag bonn an gháirdín, bhí áit le liathróid d'imirt. Chaith siad
píosa airgid suas le feicsint cia aca bheidheadh lámh-astigh aige,
agus fuair an sean duine liath sin.



Thosaigh siad ann sin, agus níor stad an sean duine gur
ghnóthaigh sé an cluiche. Ní raibh fhios ag an mac righ créad
do dheunfadh sé. Faoi dheóidh d'fhiafruigh sé de'n tsean-duine
créad do budh mhaith leis é do dheunamh dhó.



"Is mise righ ar an bhFásach Dubh, agus caithfidh tusa mé
féin agus m'áit-chómhnuidhe d'fhághail amach faoi cheann lá
agus bliadhain, no geobhaidh mise thusa amach agus caillfidh tu
do cheann."



Ann sin thug sé an mac righ amach an bealach ceudna ann a
ndeachaidh sé asteach. Dhruid an cnoc glas 'na dhiaigh agus
d'imthigh an sean duine liath as amharc.



Chuaidh an mac righ ag marcuigheacht ar a chapall,



A chú le na chois
A sheabhac ar a bhois



agus é bronach go leór.



An trathnóna sin, do bhreathnuigh an righ go raibh brón agus
buaidhreadh mór ar an mac óg, agus nuair chuaidh sé 'na


L. 76


chodladh, chualaidh an righ agus gach uile dhuine do bhí ann san
gcaisleán trom-osnaoil agus rámhalaidh uaidh. Bhí an righ faoi
bhrón, ceann gabhair do bheith ar an mbainríoghain acht budh
mheasa é seacht n-uaire, nuair d'innis an mac dó an sgeul, mar
thárla o thús go deireadh.



Chuir sé fios ar chómairleóir críona agus d'fhiafruigh sé dhé
an raibh fhios aige cia an áit a raibh an righ ar an bhFásach
Dubh 'na chómhnuidhe.



"Ní'l, go deimhin," ar seisean, "acht chomh cinnte a's tá
ruball (iarball) ar an gcat muna bhfághaidh an t-oidhre óg an
draoidheadóir sin amach, caillfidh sé a cheann."



Bhí brón mór i gcaisleán an righ an lá sin. Bhí ceann gabhair
ar an mbainríoghain, agus an mac-righ dul ag tóruigheacht
draoidheadóra, gan fhios an dtiucfadh sé ar aís go deó.



Tar éis seachtmhaine (do) baineadh an ceann gabhair de'n
bhainríoghain, agus cuireadh a ceann féin uirri. Nuair chualaidh
sí an chaoi do cuireadh an ceann gabhair uirri, tháinig fuath
mór uirri anaghaidh an mhic righ, agus dubhairt sí: "Nár
thagaidh sé ar ais beó no marbh."



Ar maidin, Dia Luain, d'fhág sé a bheannacht ag a athair
agus ag a ghaol, bhí a mhála-siúbhail ceangailte ar a dhruim,
agus d'imthigh sé,



A chú le na chois
A sheabhac ar a bhois
A's a chapall breágh dubh d'á iomchar.



Shiúbhail sé an lá sin go raibh an ghrian imthighthe faoi
sgáile na gcnoc, agus go raibh dorchadas na h-oidhche ag teacht,
gan fhios aige cia 'n áit a bhfuighfeadh sé lóistín. Bhreathnuigh sé
coill mhór ar thaoibh a láimhe clé, agus tharraing sé uirri
chomh tapa agus d'fheud sé, le súil an oidhche do chathadh faoi
fhasgadh na gcrann. Shuidh sé síos faoi bhonn crainn mhóir
darach, d'fhosgail sé a mhála-siúbhail le biadh agus deoch do
chathadh, nuair chonnairc sé iolar mór ag teacht chuige.


L. 77


"Ná bíodh faitchios ort rómham-sa, a mhic righ. Aithnighim
thu, is tu mac Ui Chonchubhair righ Éireann. Is caraid mé,
agus má thugann tu do chapall damh-sa le tabhairt le n'ithe do
ceithre éanlaith ocracha atá agam, béarfaidh mise níos faide 'ná
do bhéarfadh do chapall thu, agus b'éidir go gcuirfinn thu ar
lorg an té atá tu ag tóruigheacht."



"Tig leat an capall do bheith agad agus fáilte," ar san mac
righ, "cidh gur brónach mé ag sgaramhaint leis."



"Tá go maith, béidh mise ann so ar maidin amárach le
h-éirghe na gréine." Ann sin d'fhosgail sí a gob mór, rug
greim ar an gcapall, bhuail a dhá thaoibh anaghaidh a chéile,
ghlac sgiathán agus d'imthigh as amharc.



D'ith agus d'ól an mac righ a sháith, chuir an mála-siúbhail
faoi na cheann, agus níor bhfada go raibh sé 'na chodladh, agus
níor dhúisigh sé go dtáinig an t-iolar agus gur dubhairt: "Tá
sé i n-am dúinn bheith 'g imtheacht, tá aistear fada rómhainn,
beir greim ar do mhála agus léim suas ar mo dhruim."



"Acht, mo bhrón!" ar seisean, "caithfidh mé sgaramhaint
le mo chú agus le mo sheabhac."



"Ná bidheadh brón ort," ar sise, "béidh siad ann so rómhad
nuair thiucfas tu ar ais."



Ann sin léim sé suas ar a druim, ghlac sise sgiathán, agus
as go bráth léithe 'san aér. Thug sí é thar chnocaibh agus
gleanntaibh, thar mhuir mhóir agus thar choilltibh, gur shaoil
sé go raibh sé ag deireadh an domhain. Nuair bhí an ghrian
ag dul faoi sgáile na gcnoc, tháinig sí go talamh i lár fásaigh
mhóir, agus dubhairt leis: "Lean an casán ar thaoibh do láimhe
deise, agus béarfaidh sé thu go teach carad. Caithfidh mise
filleadh ar ais le soláthar do m'éanlaith."



Lean seisean an casán, agus níor bhfada go dtáinig sé go dti
an teach, agus chuaidh sé asteach. Bhí sean-duine liath 'na
shuidhe 'san gcoirneull; d'éirigh sé agus dubhairt, "ceud míle
fáilte rómhad, a Mhic Righ as Ráth-Chruachan Chonnacht."



"Ní'l eólas agam-sa ort," ar san mac righ.


L. 78


"Bhí aithne agam-sa ar do shean-athair," ar san sean duine
liath, "suidh síos is dóigh go bhfuil tart agus ocras ort."



"Ní'l mé saor uatha," ar san mac righ. Bhuail an sean
duine a dhá bhois anaghaidh a chéile, agus tháinig beirt
sheirbhiseach, agus leagadar bord le mairt-fheoil, caoir-fheoil,
muic-fheóil agus le neart aráin i láthair an mhic righ, agus dubhairt
an sean duine leis: "Ith agus ól do sháith, b'éidir go mbudh
fada go bhfuighfidh tu a leitheid arís." D'ith agus d'ól sé
oiread agus budh mhian leis, agus thug buidheachas ar a shon.



Ann sin dubhairt an sean duine, "tá tu dul ag tóruigheacht
righ an fhásaigh dhuibh, teirigh ag codladh anois, agus rachaidh
mise tre mo leabhraibh le feuchaint an dtig liom áit-chómh-
nuidhe an righ sin d'fhághail amach." Ann sin, bhuail sé a bhosa;
tháinig seirbhiseach, agus dubhairt sé leis "tabhair an mac righ
go dti a sheomra." Thug sé go seomra breágh é, agus níor bhfada
gur thuit sé 'na chodladh.



Ar maidin, lá ar na mhárach, tháinig an sean duine agus
dubhairt: "Éirigh, tá aistear fada rómhad. Caithfidh tu cúig
ceud míle dheunamh roimh meadhon-laé."



"Ni fheudfainn e do dheunamh," ar san mac righ.



"Má's marcach maith thu, bhéarfaidh mise capall duit
bhéarfas thu an t-aistear."



"Deunfad mar déarfas tusa," ar san mac righ.



Thug an sean duine neart le n'ithe agus le n'ól dó, agus nuair
bhí sé sáthach, thug sé gearrán beag bán dó, agus dubhairt;
"tabhair cead a chinn do'n gearrán, agus nuair stopfas sé, féach
suas 'san aér agus feicfidh tu trí ealaidhe chomh geal le sneachta. Is
iad sin trí ingheana righ an Fhásaigh Dhuibh. Béidh naipicín
glas i mbeul eala aca, sin í an inghean is óige agus ní'l neach
beó d'fheudfadh thu do thabhairt go tigh righ an Fhásaigh Dhuibh
acht í. Nuair stopfas an gearrán, béidh tu i ngar do loch;
tiucfaidh na trí ealaidhe go talamh ar bhruach an locha sin, agus
deunfaid triúr mná (ban) óg díobh féin, agus rachaidís asteach
'san loch ag snámh agus ag rinc. Congbhaigh do shúil ar an


L. 79


naipicín glas agus nuair gheobhas tu na mná óga 'san loch,
teirigh agus fágh an naipicín agus na sgar leis. Teirigh i bhfolach
faoi chrann agus nuair thiucfaidh na mná óga amach, deunfaidh
beirt aca ealaidhe dhíobh féin agus imtheóchaidh siad 'san aér.
Ann sin, déarfaidh an inghean is óige, "deunfaidh mé nídh ar
bith do'n té bhéarfas mo neipicín dam." Tar i láthair ann sin,
agus tabhair an naipicín dí, agus abair nach bhfuil nídh ar bith
ag teastál uait, acht do thabhairt go tigh a h-athar, agus innis
dí gur mac righ thu as tír chumhachtaigh."



Rinne an mac righ gach nídh mar dubhairt an sean duine leis,
agus nuair thug sé an naipicín d'inghin righ an Fhásaigh Dhuibh,
dubhairt sé: "Is mise mac Ui Chonchubhair righ Chonnacht,
tabhair mé go dti d'athair: fada mé d'á thóruigheacht."



"Nár bhfearr dhuit mé nídh éigin eile do dheunamh dhuit?"
ar sise.



"Ní'l aon nídh eile ag teastál uaim," ar seisean.



"Má thaisbéanaim an teach duit nach mbéidh tu sásta?"
ar sise.



"Béidhead," ar seisean.



"Anois," ar sise, "ar d'anam ná h-innis dom' athair gur
mise do thug chum a thigh-sean thu, agus béidh mise mo charaid
mhaith dhuit; agus leig ort féin," ar sise, "go bhfuil mór-
chúmhacht draoidheachta agad."



"Deunfad mar deir tu," ar seisean.



Ann sin rinne sí eala dhí fein agus dubhairt: "Léim suas ar mo
mhuin, agus cuir do lámha faoi mo mhuinéal, agus congbhaigh
greim cruaidh."



Rinne sé amhlaidh, agus chraith sí a sgiathána, agus as go
bráth léithe thar chnocaibh a's thar ghleanntaibh, thar mhuir agus
thar shléibhtibh, go dtáinig sí go talamh mar do bhí an ghrian ag
dul faoi. Ann sin dubhairt sí leis: "an bhfeiceann tu an teach
mór sin thall? sin teach m'athar; slán leat; am ar bith bhéidheas
baoghal ort, béidh mise le do thaoibh." Ann sin d'imthigh sí
uaidh.


L. 80


Chuaidh an mac righ chum an tigh, chuaidh asteach, agus cia
d'fheicfeadh sé ann sin 'na shuidhe i gcáthaoir óir, acht an sean
duine liath, d'imir na cárdaidh agus an liathróid leis.



"Feicim, a mhic righ," ar seisean, "go bhfuair tu mé amach
roimh lá agus bliadhain, cá fhad ó d' fhág tu an baile?"



"Ar maidin andiú, nuair bhí mé ag éirghe as mo leabuidh
chonnairc mé tuagh-ceatha, rinne mé léim, sgar mé mo dhá
chois air, agus shleamhnaigh mé chomh fada leis seó."



"Dar mo láimh, is mór an ghaisgidheacht do rinne tu," ar
san sean righ.



"D'fheudfainn rud níos iongantaighe 'ná sin do dheunamh,
dá n-ógróchainn," ar san mac righ.



"Tá trí neithe agam duit le deunamh," ar san sean righ,
"agus má's féidir leat iad do dheunamh, beidh rogha mo thriúir
inghean agad mar mhnaoi, agus muna dtig leat iad do dheunamh,
caillfidh tu do cheann mar chaill cuid mhaith de dhaoinibh óga
rómhad."



Ann sin dubhairt sé, "ni bhíonn ithe ná ól ann mo thigh-se,
acht aon uair amháin 'san tseachtmhain, agus bhí sé againn ar
maidin andiú."



"Is cuma liom-sa," ar san mac righ, "tig liom trosgadh do
dheunamh an feadh míosa da mbeidheadh cruadhóg orm."



"Is dóigh go dtig leat dul gan chodladh mar an gceudna," ar
san sean righ.



"Tig liom gan amhras," ar san mac righ.



"Béidh leabuidh cruaidh agad anocht mar sin," ar san sean
righ, "tar liom go dtaisbéanfaidh mé dhuit é." Thug sé amach
ann sin é, agus thaisbéan sé dhó crann mór le gabhlóig air, agus
dubhairt: "Teirigh suas ann sin agus codail ann san ngabhlóig,
agus bí réidh le h-éirghe na gréine."



Chuaidh sé suas ann san ngabhlóig, acht chomh luath agus bhí
an sean righ 'na chodladh, tháinig an inghean óg agus thug
asteach go seomra breágh é, agus chongbhaigh sí ann sin é go
raibh an sean righ ar ti éirghe. Ann sin chuir sí é amach arís
i ngabhlóig an chrainn.


L. 81


Le h-éirghe na gréine, tháinig an sean righ chuige agus
dubhairt, "tar anuas anois, agus tar liom-sa go dtaisbéanfaidh
mé dhuit an nídh atá agad le deunamh andiú."



Thug sé an mac righ go bruach locha agus thaisbéan sé dhó
sean-chaisleán, agus dubhairt leis, "caith gach uile chloch 'san
gcaisleán sin amach 'san loch, agus bidheadh sé deunta agad seal
má dtéidheann an ghrian faoi, trathnóna." D'imthigh sé uaidh
ann sin.



Thosaigh an mac righ ag obair, acht bhí na clocha
greamuighthe d'á chéile chomh cruaidh sin, nár fheud sé aon
chloch aca do thógbháil, agus dá mbeidheadh sé ag obair go dtí
an lá so, ní bheidheadh cloch as an gcaisleán. Shuidh sé sios
ann sin ag smuaíneadh créad do budh chóir dhó dheunamh, agus
níor bhfada go dtáinig inghean an tsean-righ chuige, agus
dubhairt, "cad é fáth do bhróin?" D' innis sé dhí an obair do
bhí aige le deunamh. "Ná cuireadh sin brón ort, deunfaidh
mise é," ar sise. Ann sin thug sí arán, mairtfheóil agus fíon dó,
tharraing amach slaitín draoidheachta, bhuail buille ar an t-sean-
chaisleán, agus faoi cheann móimid, bhí gach uile chloch dé ar
bhonn an locha. "Anois," ar sise, "ná h-innis do m' athair
gur mise do rinne an obair duit."



Nuair bhí an ghrian ag dul faoi, trathnoná, tháinig an sean
righ agus dubhairt: "Feicim go bhfuil d'obair laé deunta
agad."



"Tá," ar san mac righ, "tig liom obair ar bith do dheu-
namh."



Shaoil an sean righ anois go raibh cúmhacht mhór draoidh-
eachta ag an mac righ, agus dubhairt leis, "'sé d' obair laé
amárach na clocha do thógbháil as an loch, agus an caisleán do
chur ar bonn mar bhí sé cheana."



Thug sé an mac righ a-bhaile agus dubhairt leis, "teirigh do
chodladh 'san áit a raibh tu an oidhche aréir."



Nuair chuaidh an sean-righ 'na chodladh tháinig an inghean
óg agus thug asteach é chum a seomra féin, agus chongbhaigh


L. 82


ann sin é go raibh an sean righ ar ti éirghe ar maidin; ann sin
chuir sí amach arís é i ngabhlóig an chrainn.



Le h-éirghe na gréine, tháinig an sean righ agus dubhairt;
"tá sé i n-am duit dul i gcionn d'oibre."



"Ní'l deifir ar bith orm," ar san mac righ, "mar tá fhios
agam go dtig liom m'obair laé dheunamh go réidh."



Chuaidh sé go bruach an locha ann sin, acht níor fheud sé
cloch d'fheiceál, bhi an t-uisge chomh dubh sin. Shuidh sé síos
ar charraig; agus níor bhfada go dtáinig Fionnghuala, budh h-é
sin ainm inghine an tsean righ, chuige, agus dubhairt; "cad
tá agad le deunamh andiú?" D'innis sé dhí, agus dubhairt sí;
"ná bíodh brón ort, tig liom-sa an obair sin dheunamh dhuit."
Ann sin, thug sí dhó arán, mairt-fhéoil agus caoir-fheóil agus
fíon. Ann sin tharraing sí amach an tslaitín draoidheachta,
bhuail uisge an locha léithe, agus faoi cheann móimid bhí an sean-
chaisleán ar bonn mar bhí sé an lá roimhe. Ann sin dubhairt sí
leis; "ar d'anam, ná h-innis do m' athair go ndearnaidh mise an
obair seó dhuit, no go bhfuil eólas ar bith agad orm."



Trathnóna an laé sin, tháinig an sean righ agus dubhairt,
"feicim go bhfuil obair an laé deunta agad."



"Tá," ar san mac righ, "obair shói-dheunta í sin!"



Ann sin shaoil an sean righ go raibh níos mó de chúmhacht
draoidheachta ag an mac righ 'ná do bhí aige féin, agus
dubhairt sé: "Ní'l acht aon rud eile agad le deunamh." Thug sé
a-bhaile ann sin é, agus chuir sé é le codladh i ngabhlóig an
chrainn, acht tháinig Fionnghuala agus chuir sí ann a seomra féin
é, agus ar maidin, chuir sí amach arís ar an gcrann é. Le
h-éirghe na gréine, tháinig an sean righ chuige agus dubhairt
leis: "Tar liom go dtaisbéanfaidh mé dhuit d'obair laé."



Thug sé an mac righ go gleann mór, agus thaisbéan dó tobar,
agus dubhairt; "chaill mo mháthair-mhór fáinne ann san
tobar sin, agus fágh dham é seal má dtéidh an ghrian faoi,
trathnóna."



Anois bhí an tobar so ceud troigh ar dhoimhne agus fiche


L. 83


troigh timchioll, agus bhí sé líonta le uisge, agus bhí arm as
ifrionn ag faire an fháinne.



Nuair d'imthigh an sean righ, tháinig Fionnghuala agus
d'fhiafruigh "cad tá agad le deunamh andiú?" D'innis sé dhí,
agus dubhairt sí, "is deacair an obair í sin, acht deunfaidh mé
mo dhithchioll le do bheatha do shábháil." Ann sin thug sí dhó
mairtfheóil, arán agus fíon. Rinne sí rideach dí féin agus
chuaidh síos 'san tobar. Níor bhfada go bfhacaidh sé deatach agus
tinnteach ag teacht amach as an tobar, agus toran ann mar toir-
neach árd, agus duine ar bith do bheidheadh ag éisteacht leis an
toran sin shaoilfeadh sé go raibh arm ifrinn ag troid.



Faoi cheann tamaill, d'imthigh an deatach, choisg an tinnteach
agus an toirneach, agus tháinig Fionnghuala aníos leis an
bhfáinne. Sheachaid sí an fáinne do mhac an righ, agus dubhairt
sí: "Ghnothaigh mé an cath, agus tá do bheatha sábhálta, acht
feuch, tá laidhircín mo láimhe deise briste. Acht b'éidir gur
ádhamhail an nídh gur briseadh é. Nuair thiucfas m' athair, ná
tabhair an fáinne dho, acht bagair é go cruaidh. Béarfaidh sé thu
ann sin le do bhean do thoghadh, agus seo an chaoi dheunfas tu
do rogha. Béidh mise agus mo dheirbhshiúracha i seomra, béidh
poll ar an doras, agus cuirfimid uile ár lámha amach mar
chruimisgín (?). Cuirfidh tusa do lámh tríd an bpoll, agus an
lámh chongbhochas tu greim uirri nuair fhosgólaidh m' athair an
doras, is í sin lámh an té bhéidheas agad mar mhnaoi. Tig
leat mise d'aithne ar mo laidhircín briste."



"Tig liom, agus grádh mo chroidhe thu, a Fhionnghuala," ar
san mac righ.



Trathnona an laé sin, tháinig an sean righ agus d'fhiafruigh;
"an bhfuair tu fáinne mo mháthar-móire?"



"Fuaireas go deimhin," ar san mac righ, "bhí arm g'á
chúmhdach as ifrionn, acht bhuail mise iad, agus bhuailfinn a
seacht n-oiread, nach bhfuil fhios agad gur Connachtach mé?"


L. 84


"Tabhair dham an fáinne," ar san sean righ.



"Go deimhin, ní thiubhrad," ar seisean, "throid mé go cruaidh
ar a shon, acht tabhair dhamh-sa mo bhean. Teastaigh' uaim
bheith ag imtheacht."



Thug an sean righ asteach é agus dubhairt; "tá mo thriúr
inghean 'san seomra sin id' láthair. Tá lámh gach aoin aca sínte
amach, agus an té chongbhóchas tu greim uirri go bhfosgólaidh
mise an doras, sin í do bhean."



Chuir an mac righ a lámh tríd an bpoll do bhí ar an doras,
agus fuair sé greim ar láimh an laidhircín bhriste, agus
chongbhaigh greim cruaidh air, gur fhosgail an sean righ doras
an tseomra.



"'S í seó mo bhean," ar san mac righ, "tabhair dham anois
spré d'inghine."



"Ní'l de spré aici le fághail acht caoil-each donn le sibh do
thabhairt abhaile, agus nár thagaidh sibh ar ais, beó ná marbh,
go deó!"



Chuaidh an mac righ agus Fionnghuala ag marcuigheacht ar
an gcaoil-each donn; agus níor bhfada go dtángadar go dti an
choill ann ar fhág an mac righ a chú agus a sheabhac. Bhí siad
ann sin roimhe, mar aon le na chapall breágh dubh. Chuir sé
an t-each caol donn ar ais ann sin. Chuir sé Fionnghuala ag
marcuigheacht ar a chapall, agus léim suas, é féin,



A chú le n-a chois,
A sheabhac ar a bhois,



agus níor stad sé go dtáinig sé go Ráth-Chruacháin.



Bhí fáilte mhór roimhe ann sin, agus níor bhfada gur pósadh é
féin agus Fionnghuala. Chaith siad beatha fhada sheunmhar, -
acht is beag má tá lorg an tsean-chaisleáin le fághail andiú i
Ráth-Chruacháin Chonnacht.


L. 85


XII



Mac na Sgolóige agus an Gearrán glas.



Ann san aimsir fad ó, bhí sgológ shaidhbhir 'na chómhnuidhe
i gCúige Múmhan. Bhí aon mhac amháin aige dar b' ainm Tadhg.
An oidhche do rugadh an mac óg tháinig sean bhráthair chuige
chum an dorais, agus d' iarr lóistin oidhche i n-onóir do Dhia.



"Bhéarfainn sin duit agus fáilte," ar san sgológ, "acht tá
mo bhean i dtinneas cloinne, agus ní'l aon duine agam le biadh
do réidhteach duit."



"Tá fhios agam go maith go bhfuil tinneas cloinne ar do
mhnaoi, sin í an ocáid do thug ann so mé," ar san bráthair.
"Ní'l biadh ná deoch ag teastál uaim, acht abair le do mhnaoi
má thig léithe an gheineamhain do chur ar gcúl go dti uair an
mheadhon-oidhche, béidh mac iongantach aici, agus muna dtig
léithe a chur ar gcúl, béidh sé 'na amadán fad a bheatha."



"Tar asteach," ar san sgológ, "deunfaidh mé dhuit chomh
maith a's thig liom."



Tháinig an bráthair asteach, tharraing amach sean-leabhar,
agus thosaigh ag léigheadh. Chuaidh an sgológ chuig a mhnaoi
agus d' innis dí an nídh a-dubhairt an sean-bhráthair. "Teirigh
chuige," ar san bhean, "agus abair leis guidhe ar mo shon,
agus deunfaidh mise mo dhithchioll leis an ngeineamhain do
chur ar gcúl." Thosaigh an sean-bhráthair ag guidhe agus níor
sguir go dtáinig an sgológ chuige andhiaigh uaire an mheadhon-
oidhche, agus dubhairt go raibh mac óg ag a mhnaoi. "Tá go
maith," ar san bráthair.



Do baisteadh an t-oidhre óg agus tugadh Tadhg mar ainm air.
Nuair d'fhás sé suas 'na bhuachaill óg, bhí sé lúthmhar láidir
agus glic agus meisneamhail.


L. 86


Nuair bhí sé bliadhain agus fiche, bhí sé féin agus a athair,
trathnóna, 'na suidhe 'san tigh, nuair bheannaigh an sean-
bhráthair asteach, agus é beag-nach cromtha síos go talamh leis
an aois. D'aithnigh an sgológ é, agus chuir fáilte roimhe, agus
dubhairt leis suidhe síos, agus go bhféadfadh sé fanacht leó
chomh fada agus bheidheadh sé beó.



"Go deimhin, ní bhéidh mé a-bhfad ar an saoghal so," ar
san sean-bhráthair.



"Bíodh sé fada no gearr," ar san sgológ "ní fhágfaidh tu
an teach so, agus nuair gheobhas tu bás cuirfimid thu go
geanamhail."



"Go raibh maith agad," ar san sean-bhráthair, "is dóigh go
mbéidh mo sheirbhís ag teastal san tigh go seó seal má dti 'bhfad."



Tháinig an bhean i láthair ann sin, agus d'innis an sgológ
di-se agus do'n mac, go raibh an sean-bhráthair 'san tigh nuair
rugadh Tadhg óg, agus go mbudh h-é a chómhairle-sean an
gheineamhain do chur ar gcúl. D'éisteadar leis an sgeul, agus
andhiaigh a chlos, bhí meas mór aca ar an sean-bhráthair.



An oidhche sin, chuadar uile a' codladh i sláinte mhaith,
acht timchioll uaire an mheadhon-oidhche, tháinig tinneas ar an
sean sgolóig agus ar a mhnaoi. Mhúsgail Tadhg óg an sean-
bhráthair agus dubhairt leis go raibh a athair agus a mháthair
i riocht báis. Chuaidh an bráthair chuca, acht is ar éigin do
bhí an t-am aige leis an ola dhéigheannach do chur orra nuair
fuair siad bás.



Bhí brón mór ar Thadhg óg. Bhí sé fágtha leis féin gan athair
gan mháthair. Chuir sé an sean-lánamhain go geanamhail, acht
ní leigfeadh sé do'n tsean-bhráthair imtheacht uaidh, chor ar bith,
agus budh ghnáthach leis a chómhairle do leanamhaint anns
gach uile nídh.



Chuaidh gach uile shórt ar aghaidh go maith le Tadhg go
bhfuair an sean-bhráthair bás.



Bhí dá láir dhéag ag Tadhg óg. Agus bhí súil aige go
mbeidheadh searrach aige as gach aon aca. Aon lá amháin


L. 87


chuaidh sé amach le amharc do bheith aige ar na lárachaibh,
agus feuch! bhí searrach ag gach uile láir. Acht budh hé an nídh
is mó do chuir iongantas air, nuair chonnairc sé aon searrach aca
chomh glas le féar an ghuirt. Chuaidh Tadhg óg le breathnugh-
adh air nuair labhair an searrach agus dubhairt: "Ná bíodh
faitchios ná iongantas ort de m' thaoibh-se. Má ghlacann tu mo
chómhairle, cuirfidh mise ar bhealach do leasa thu."



"Cad é an chómhairle agad le tabhairt dam?" ar sa Tadhg óg.



"Ann san gceud áit," ar san searrach, "éist liom tamall beag.
Béidh tu bocht sul bhéidheas seacht mbliadhna thart ó'n lá so,
tá sé i ndán duit, agus ní thig leat dul uaidh. Caithfidh tu do
theach agus do thalamh dhíol, agus imtheacht ar siúbhal ag
iarraidh seirbhis mar fhear bocht. Anois, marbhaigh na searraigh
eile, agus fág bainne na láir uile dam féin go mbéidh mé sé
míosa d'aois, ann sin geobhaidh siad bás; acht deunfaidh mise níos
mó oibre dhuit 'ná an t-iomlán. Bain ruainne as mo rubal
(earball) agus buail na searraigh eile leis. 'Na dhiaigh sin
athróchaidh mise mo dhath, agus béidh mé mo shearrach deas."



Nuair chualaidh Tadhg sin, chuaidh sé anonn, agus bhain sé
ruainne as an searrach agus bhuail sé na searraigh eile leis, agus
thuit gach aon aca marbh. Ann sin d' athraigh an searrach glas
a dhath agus ní fhacaidh aon neach riamh searrach chomh
deas leis.



'Na dhiaigh sin, chuaidh gach nídh anaghaidh Taidhg óig.
Fuair a chuid bó agus caora bás, agus b' eígin dó an talamh
agus na capaill do dhíol, agus ní raibh aon nídh aige anois acht
an gearrán.



Aon lá amháin, nuair bhí bunáit seacht mbliadhna imthighthe
thart, dubhairt an gearrán le Tadhg óg: "Caithfidh mé imth-
eacht uait; abair le na cómharsanaibh go ndeachaidh mé amugh',
agus go gcaithfidh tu dul do m' thóruigheacht. Nuair rachas tu
ar siúbhal, tabhair d' aghaidh ar chaisleán an righ, agus iarr
seirbhís air. Fiafróchaidh sé dhíot créad thig leat déanamh;
Abair leis: nídh ar bith dá' ndearnaidh fear ariamh. Ann sin


L. 88


deunfaidh sé margadh leat, is é sin - má dheunann tusa 'chuile
nídh ordóchas sé dhuit ar feadh sé mí go bhfuighfidh tu do
mheadhachan féin d'ór buidhe. Deun an margadh sin leis. Acht
déarfaidh sé leat muna dtig leat 'chuile nídh ordóchas sé dhuit
dheunamh, go gcaillfidh tu do cheann. Abair leis go bhfuil tu
sásta. Bhí mise i gcaisleán an righ agus chuir mé a chuid capall
faoi dhraoidheacht, agus ó shoin ní thig le duine ar bith iad
thabhairt amach as an stábla. 'Sé an cheud nídh iarrfas sé ort,
na capaill do thabhairt amach le uisge d'ól. Beidh mise taobh astigh
de'n doras; cinnir amach mé agus leanfaidh h-uile chapall 'san
stábla mé; agus deunfad h-uile nídh dhuit mar ordóchas an righ,
acht ná dearmad greim le n-ithe do thabhairt chugam h-uile am
gheobhas tu faill, agus congbhaigh an rún agad féin."



"Deunfad gach uile nídh mar deir tu," ar sa Tadhg óg.



"Slán leat go bhfeicfidh mé thu arís," ar san gearrán, agus
leis sin d'imthigh sé as amharc.



Ar maidin, lá ar na mhárach, rinne Tadhg óg tuairisg ameasg
na gcómharsan an bhfacaidh siad an gearrán, acht ní fhacaidh
aon duine é. "Tá sé imthighthe ar seachrán agus caithfidh mé
dul d'á thóruigheacht," ar sa Tadhg. D'imthigh sé ar siúbhal
ann sin, agus thug aghaidh ar chaisleán an righ. Nuair tháinig
sé chomh fada leis an gcaisleán, chonnairc sé an righ agus d'iarr
sé seirbhis air.



"Créad thig leat deunamh?" ar san righ.



"Nídh ar bith tá ar chúmhacht fir bheó," ar sa Tadhg óg.



"Dar m' focal, tá cíall ann do leitheid," ar san righ, "agus
deunfaidh mé margadh leat: má thig leat h-uile nídh ordóchas
mise dhuit ar feadh sé mí do dheunamh, bhéarfaidh mise do
mheadhachan féin d'ór buidhe dhuit, acht má theipeann sé ort
sin do dheunamh, caillfidh tu do cheann."



"Táim sásta," ar sa Tadhg óg.



"Teirigh asteach 'san stábla agus tabhair mo chapaill chum an
tsrotha sin atá os cómhair an chaisleáin, agus leig dóibh uisge d'ól."


L. 89


Chuaidh Tadhg chum an stábla, agus dubhairt a ghearrán féin
leis: "atáim ann so, deun mar dubhairt mé leat."



Chinnir Tadhg óg an gearrán amach agus ní raibh capall 'san
stábla nár lean é. Bhí iongantas mór ar an righ nuair chonnairc
sé Tadhg óg agus na capaill; mar nár fheud an méad fear do bhí
aige iad do thabhairt amach ar feadh seachtmhaine roimhe sin.
Nuair d'ól siad a sáith, chinnir sé an gearrán ar ais, agus lean an
chuid eile é.



Ghlaodh an righ ar Thadhg agus dubhairt leis, "is tu an fear
is fearr do bhí ann mo sheirbhís le tamall fada, téidh anois agus
fágh nídh le n-ithe, agus nuair bhéidheas tu réidh, tar chugam-
sa; teastuigheann uaim thu do chur ar theachtaireacht."



Chuaidh Tadhg óg asteach, d'ith agus d'ól a sháith, agus níor
dhearmaid giota maith aráin do thabhairt do'n ghearrán; ann
sin chuaidh sé chuig an righ agus dubhairt leis, "táim réidh
anois."



"Maith go leór," ar san righ, "teirigh chuig caisleán
Bhranduibh, agus tabhair inghean atá aige chugam go bpósfaidh
mé í."



"Is fada an t-aistear é sin, do dhul ann ag coisidheacht," ar
Tadhg óg, "b'éidir go dtiubhrá capall dam."



"Tig leat do rogha de na caplaibh thabhairt leat," ar san
righ.



Chuaidh Tadhg óg agus d'innis do'n ghearrán an nídh do bhí
aige le deunamh.



"Is sói-dheunta an nídh é sin," ar san gearrán, "tabhair
mise leat agus ní chlisfidh mé ort."



"Gan amhras," ar sa Tadhg, "is tusa bhéarfas mé liom."



"Maith go leór," ar san gearrán, "cinnir mé amach, acht
na teirigh ag marcuigheacht orm go dtéid' tu as amharc
muinntire an chaisleáin, ann sin teirigh ag marcuigheacht, agus
ní bhéidh mé a bhfad ag dul go caisleán Bhranduibh; bhí mé
ann go minic. Nuair rachfas muid (sinn) go geata an chaisleáin,
tuirling, agus feicfidh tu inghean an righ ag siúbhal taobh-astigh


L. 90


de'n gheata, agus iarrfaidh sí ort leigean dí marcuigheacht do
bheith aici orm-sa. Cuir ar mo dhruim í, agus léim suas taobh-
shiar dí, thu féin, agus ní bhéidh mise a-bhfad ag dul ar ais."



Chinnir Tadhg óg an gearrán amach agus shiúbhail le na
thaoibh go ndeachaidh sé as amharc muinntire an chaisleáin.
Ann sin léim sé suas, agus d'imthigh an gearrán mar an ngaoith,
agus faoi cheann dá uair bhí sé ag geata caisleáin Bhranduibh.
Thuirling sé, agus faoi cheann cúpla móimid, chonnairc sé
inghean an righ ag siúbhal taobh-astigh de'n gheata. Níor bhfada
go dtáinig sí chuige agus d'iarr air leigean dí marcuigheacht do
bheith aici ar a ghearrán deas.



"Leigfead, agus fáilte," ar Tadhg óg, d'á cur suas, agus léim
sé féin suas taobh-shiar dí. Bhuail an gearrán an bóthar; agus
chomh tapa agus d'imthigh sé, tháinig sé an ais níos tapa. Nuair
bhí sé i ngar do bhaile, thuirling Tadhg, agus rug sé inghean
Bhranduibh i láthair an righ, agus dubhairt leis, "seó dhuit
anois inghean righ Laighean."



"Ní mór le rádh é, acht is tusa an fear is fearr do bhí ann
mo sheirbhis ariamh agus fágh sagart anois go bpósfaidh sé
sinn," ar san righ.



"Ní thig liom pósadh go bhfágh' mé na h-éadaigh atá i
mbosca ann mo sheomra ann san mbaile," ar sise.



"Imthigh, a Thaidhg óig, agus fágh dhúinn bosca na mná-
uaisle seo," ar san righ.



"Tabhair am dam le biadh do chathadh," ar Tadhg óg.



"Ní thig leis an bosca d'fhághail go mbéidh mé féin i
láthair," ar sa inghean an righ.



"Má tá sé ann san gcaisleán geobhaidh mise é," ar Tadhg óg.



D'ith sé biadh, agus thug sé leath-bhuillín aráin chuig an
ngearrán, agus d'innis dó an nidh do bhí aige le deunamh.



"Och, is foras é sin do dheunamh," ar san gearrán, "cinnir
amach mé, agus teirigh ag marcuigheacht orm. Nuair rachfas muid
(sinn) go dorus mór caisleáin Bhranduibh, tarraing amach corca
beag atá ann mo chluais chlé, agus caith asteach 'san halla é.


L. 91


Faoi cheann móimide, béidh an caisleán le teine. Tosóchaidh na
searbhfhóghantaidh ag cur amach an trosgáin, agus an dara
bosca thiucfas amach beir air, agus léim suas ar mo mhuin,
agus ní bhéidh mise a-bhfad ag teacht ar ais."



Chinnir Tadhg óg an gearrán amach, chuaidh ag marcuigh-
eacht air, agus ní raibh sé a-bhfad ag dul go caisleán righ
Laighean. Thuirling Tadhg óg, tharraing amach an corca, agus
chaith asteach san halla é. Faoi cheann móimid', bhí an caisleán
le teine. Thosaigh na searbhfhóghantaidh ag cathadh amach
trosgáin, agus an dara bosca do tháinig amach fuair Tadhg
greim air. Léim sé suas ar an ngearrán, agus níor bhfada go
raibh sé ar ais agus go dtug sé an bosca do'n righ.



"Anois," ar sé, "bhfuil aon leith-sgeul agad gan mé do
phósadh?"



"Tá," ar sise, "ní thig liom pósadh go bhfágh' mé fáinne-
posta do thug mo mháthair mhór dam. Tá sé ag bonn tobair fíor-
uisge i ngáirdín m'athar."



"Teirigh, a Thaidhg óig, agus fágh an fáinne sin dam," ar
san righ.



"Nach dtig liom fanamhaint go maidin," ar sa Tadhg óg.



"Tig leat," ar seisean, "teirigh anois agus leig do sgith, acht
bí ar do chois go moch ar maidin."



An oidhche sin, thug Tadhg neart le n'ithe do'n gearrán
agus chuaidh na chodladh san mainséar. Ar maidin go moch,
d'éirigh sé, chinnir amach an gearrán, chuaidh ag marcuigheacht
air, agus níor bhfada go raibh sé ag bruach an tobair i n-gáirdín
righ Laighean. Ann sin, thuirling sé, agus rinne an gearrán
cearc-uisge dhé féin, agus chuaidh síos go bonn an tobair, agus
thug suas an fáinne leis. Rinne sé gearrán dé féin arís agus
dubhairt, "léim suas." Rinne Tadhg amhlaidh, agus níor bhfad
go raibh siad ar ais ag caisleán an righ. Thug Tadhg óg an fáinne
dho, agus dubhairt:



"B'éidir go bhfuil leithsgeul eile aici anois.



"Ní'l fhios agam," ar san righ, "fan go bhfeicfidh mé."


L. 92


Thug sé an fáinne dhí, agus d'iarr an raibh aon leithsgeul eile
aici gan a phósadh.



"Tá," ar sise, "ní thig liom thu phósadh go gcuirfidh tu cill
ar bonn, amuigh 'san bhfairrge, míle ó'n tráigh, nuair dheunfas
tu sin, pósfaidh mé thu."



Chuir an righ fios ar Thadhg óg agus d'innis dó an nídh do
bhí aige le deunamh. "Ní iarrfaidh mé aon nidh eile ort agus
bhéarfaidh mé iomlán do thuarasdail duit," ar seisean.



"Maith go leór," ar Tadhg, "béidh iarraidh agam le na
dheunamh amárach."



An oidhche sin, thug sé neart le n'ithe do'n gearrán, agus
d'innis dó an nídh do bhí aige le deunamh.



"Maith go leór," ar san gearrán, "cuirfidh an lá amárach
críoch ar do thrioblóid-se agus ar mo thrioblóid-se. Ar maidin
amárach, teirigh ag marcuigheacht orm-sa, agus tabhair m'
aghaidh ar an bhfairrge, agus deunfidh mise an obair. Innseóch-
aidh mé dhuit-se 'na dhiaigh sin, créad is eigin duit-se do
dheunamh."



Ar maidin, go moch, chinnir Tadhg óg an gearrán amach,
chuaidh ag marcuigheacht air, agus thug aghaidh ar an bhfairrge.
Nuair tháinig sé go bruach an uisge, dubhairt sé le Tadhg óg
lámh do chur ann a chluais dheis, agus cloch bheag agus sprúille
gainnimh do bhí innti do chathadh 'san uisge. Rinne Tadhg óg
amhlaidh, agus ní fhacaidh súil ariamh droichead chomh breágh
agus d'éirigh suas 'san bhfairrge. D'imthigh an gearrán ar
aghaidh fad míle, ann sin chas sé thart, bhuail le n-a chois agus
le casadh do láimhe bhí an chill ar bonn; ann sin dubhairt sé le
Tadhg óg "tiomáin a-bhaile, agus abair leis an righ go bhfuil
an obair deunta. Déarfaidh seisean leat a chapla (chapaill) agus
a chóiste d'fhághail réidh, agus ar do bheatha ná dearmaid
mise do chur faoi an gcóiste."



Chuaidh Tadhg óg chuig an righ agus dubhairt, "d'éirigh
liom, tá an chill ar bonn."



"Teirigh agus fágh mo chóiste agus mo chapla (chapaill)
réidh," ar san righ.


L. 93


Fuair Tadhg óg an cóiste agus na capla réidh, agus bí
cinnte nár dhearmaid sé an gearrán do chur faoi an gcóiste.
Ann sin thug sé an cóiste go doras mór an chaisleáin agus
níor bhfada go dtáinig an righ agus an bhean óg amach, agus
chuadar asteach 'san gcóiste. Thiomáin Tadhg óg go dtángadar
go bruach na fairrge, agus nuair chonnairc an righ agus an
bhean óg an droichead breágh, thángadar amach as an gcóiste
le amharc do bheith aca air. Bhidheadar ag siúbhal le chéile ar
an droichead, nuair chuir an bhean óg a guala anaghaidh gualann
an righ agus chaith asteach 'san bhfairrge é. Ni fhacaidh aon
neach é agus ní chualaidh sgeul uaidh ó shoin.



Léim an gearrán amach as an gcóiste agus rinne fear óg dé
féin. Bhí sé chomh cosmhúil leis an righ nach bhfeudfadh duine
ar bith iad d'aithne ó chéile.



D'fhill siad uile a-bhaile agus shaoil gach uile dhuine gurab é
an righ do bhí ann. Chuireadar fios ar shagart agus pósadh iad.
D'fhan Tadhg óg ann san gcaisleán leó, agus chaith sé beatha
fhada shona, agus níor innis sé a rún d'aon-neach go raibh sé
ag fághail bháis. Ann sin d'innis sé é, no ní bheidheadh sé
againn-ne.



XIII



An tarbh breac.



Bhí fear ann a-bhfad ó shoin, agus is fad ó bhí, agus dá
mbeidheadh sé ann an uair sin ní bheidheadh sé ann anois. Pósadh
é, agus cailleadh an bhean, agus ní raibh acht aon mhac amháin
aige leis an gceud-mhnaoi. Ann sin phós sé an dara bean. Ní
raibh mórán suim' ag an dara mnaoi seó ann san mac, agus


L. 94


b'éigin dó dul amach ar an t-sliabh a-bhfad ó'n teach, ag tabhairt
aire do'n eallach.



Bhí tarbh breac ameasg na mbó amuigh ar an t-sliabh, agus lá
d'á raibh ocarus mór ar an ngasúr, chualaidh an tarbh breac
é ag ceasacht, agus ag fásgadh a dhá láimh, agus dhruid sé
anonn chuige agus dubhairt sé leis. "Tá ocarus ort-sa, acht
bain an adharc díom-sa, agus leag ar an talamh í; cuir do lámh
asteach i n-áit a raibh an adharc agus geobhaidh tu biadh."



Nuair chualaidh sé sin, chuaidh sé anonn do'n tarbh, rug sé
ar an adhairc, chas sé í, agus tháinig sí leis ann a láimh. Leag
sé ar an talamh í, chuir sé a lámh asteach, agus tharraing sé
amach biadh agus deoch agus éadach-cláir. Sgar sé an t-éadach-
cláir ar an talamh, leag sé an biadh agus an deoch air, agus
ann sin d'ith sé agus d'ól sé a sháith. Nuair bhí a sháith ithte
agus ólta aige, chuir sé an t-eudach-cláir ar ais arís, agus d'fhág
sé an adharc ann san áit á raibh sí roimhe.



Nuair tháinig sé a-bhaile an trathnóna sin, níor ith sé greim
d'á shuipéar, agus dubhairt a leas-mháthair (léithe-féin) go
bhfuair sé rud éigin le n-ithe amuigh ar an tsliabh nuair nach
raibh sé ag ithe dada d'á shuipéar.



Nuair chuaidh sé amach leis an eallach an lá ar na mhárach,
chuir a leas-mhathair a h-inghean féin amach 'na dhiaigh, agus
dubhairt léithe do bheith 'gá fhaire go bhfeicfeadh sí cá raibh sé
ag fághail an bhidh. D'imthigh an inghean, agus chuir sí í féin
i bhfolach, agus bhí sí 'gá fhaire go dtáinig teas an laé, acht
nuair tháinig meadhon an laé, chualaidh sí gach ceól do b'
éifeachtaighe 'ná a-chéile, agus do cuireadh í ann a codladh leis
an gceól fíor-bhinn sin. Tháinig an tarbh ann sin, agus chas an
buachaill an adharc dé, agus tharraing amach an t-éadach-cláir,
an biadh, agus an deoch, agus d'ith agus d'ól sé a sháith. Chuir
sé an adharc ar ais arís ann sin. Cosgadh an ceól agus dhúisigh
an inghean agus bhí sí 'ga fhaire go dtáinig an trathnóna, agus
thiomáin sé na bath a-bhaile ann sin. D'fhiafruigh an mháthair
dí an bhfacaidh sí aon nídh ann san bpáirc, agus dubhairt sise


L. 95


nach bhfacaidh. Níor ith an gasúr dá ghreim d'a shuipéar, agus
bhí iongantas ar an leas-mháthair.



An lá ar na mhárach, nuair thiomáin sé na bath amach,
dubhairt an leas-mháthair leis an dara inghin é do leanamhaint
agus do bheith 'gá fhaire go bhfeicfeadh sí cá raibh sé ag fághail
ruid le n-ithe. Lean an inghean é, agus chuir sí í fein i bhfolach,
acht nuair tháinig teas an laé, thosaigh an céol agus do thuit sí
'na codhladh. Bhain an gasúr an adharc de'n tarbh, tharraing
sé amach an t-éadach-cláir an biadh agus an deoch, d'ith agus
d'ól sé a shaith agus chuir sé an adharc ar ais arís. Dhúisigh an
inghean ann sin agus bhí 'gá fhaire go dti an trathnóna. Nuair
tháinig an trathnóna, thiomáin sé na bath a-bhaile, agus níor
fheud sé a shuipéar ithe, níos mó 'ná an dá thrathnóna roimhe
sin. D'fhiafruigh an leas-mháthair de'n inghin an bhfacaidh sí
dada, agus dubhairt sise nach bhfacaidh. Bhí iongantas ar an
leas-mháthair.



An lá ar na mhárach, nuair chuaidh an gasúr ag buachailleacht
na mbó, chuir an leas-mháthair an tríomhadh inghean amach
'na dhiaigh, agus bhagair sí uirri gan tuitim 'na codladh acht
faire mhaith do bheith aici. Lean an inghean an gasúr agus
chuaidh sí i bhfolach. Bhí trí súile ag an inghin seo mar bhí súil
aici ar chúl a cinn. Nuair thosaigh an tarbh breac ag seinm uile
ceóil do b' éifeachtaighe 'ná a chéile, chuir sé na súile eile 'na
gcodladh acht níor fheud sé an tríomhadh súil chur 'na codladh.
Nuair tháinig teas an laé, chonnairc sí au tarbh breac ag teacht
go dti an buachaill, agus an buachaill ag baint na h-adhairce
dhé agus ag ithe.



Rith sí a-bhaile ann sin, agus dubhairt sí le n-a máthair nach
raibh a leitheid de dhinéar ar an domhan agus do bhí d'á
leagadh i láthair an bhuachaill as adhairc an tairbh bhric.



Ann sin, leig an mháthair uirri go raibh sí tinn agus mharbh
sí coilleach, agus leig sí síos a chuid fola ann a leapa, agus chuir
sí suas blogam de'n fhuil ann a beul, agus chuir sí fios ar a fear ag
rádh go raibh sí ag fághail bháis. Tháinig a fear asteach agus


L. 96


chonnairc sé an fhuil, agus dubhairt sé "rud ar bith do bhí ar
an domhan do léighseóchadh í, go gcaithfeadh sí a fhághail."
Dubhairt sise nach raibh rud ar bith ar an domhan do leigh-
seóchadh í, acht greim de'n tarbh breac do bhí ar an tsliabh.



"Caithfidh tu sin fhághail," ar seisean. B'é an tarbh breac
an chéad-cheann de'n áirnéis do thigeadh asteach uile oidhche,
agus chuir an leas-mháthair fios ar dhá bhúistéar, agus chuir sí
iad ar gach taoibh de'n geata, leis an tarbh breac do mharbhadh
nuair thiocfadh sé.



Dubhairt an tarbh breac leis an mbuachaill; "béidh mé sguabtha
anocht muna rachaidh bó eile rómham." Chuir sé bó eile
amach roimhe agus bhí an dá bhúistéar 'na seasamh ar gach
taoibh de'n geata leis an gceud-cheann do thiucfadh asteach do
mharbhadh. Do chuir an tarbh an bhó amach roimhe ag dul
tríd an ngeata agus mharbh siad í, agus fuair an leas-mháthair
greim dí le n-ithe, agus shaoil sí gur b'é an tarbh breac do bhí
sí ag ithe, agus tháinig biseach uirri ann sin.



An cheud-oidhche eile, nuair tháinig an buachaill a-bhaile
leis an eallach, níor ith sé níos mó d'á shuipéar 'ná aon oidhche
eile, agus bhí iongantas ar an leas-mháthair. Chualaidh sí 'na
dhiaigh sin go raibh an tarbh breac ann ar fad, agus nár marbh-
aigheadh é an uair sin.



Nuair chualaidh sí sin, mharbh sí coilleach agus leig sí síos cuid
d'á fhuil ann a leapa, agus chuir sí blogam de'n fhuil ann a beul
agus rinne sí an cleas ceudna ar ais arís, agus dubhairt nach
raibh rud ar bith le n-a leigheas acht píosa de'n tarbh breac.



Cuireadh fios ar na búistéaraibh agus bhí siad réidh leis an
tarbh breac do mharbhadh nuair thiucfadh sé asteach. Chuir an
tarbh breac ceann eile de'n áirnéis asteach roimhe féin, agus
mharbh na búistéaraidh é. Fuair an bhean cuid de'n fheóil agus
shaoil sí gur b'é cuid de'n tarbh breac do bhí sí ag ithe, agus
fuair sí biseach.



Fuair sí amach 'na dhiaigh sin nac é an tarbh breac do bhí
marbh, agus dubhairt sí "ná bac leis! Marbhóchaidh mé an
tarbh breac go fóil."


L. 97


An lá ar na mhárach, nuair bhí an gasúr ag buachailleacht na
mbó ar an tsliabh, tháinig an tarbh breac agus dubhairt leis:
"Bain an adharc díom agus ith do sháith anois, sin é an t-am
deire agad anois. Tá siad ag fanamhaint le mo mharbhabh anocht
acht ná bíodh faitchíos ort. Ní iad-san mharbhóchas mé, acht
marbhóchaidh tarbh eile mé. Téidh suas ar mo dhruim anois."



Chuaidh an buachaill suas ar a mhuin ann sin, agus chuaidh
siad a-bhaile. Bhí an dá bhuistéar ar gach taoibh de'n geata ag
fanamhaint leis. Bhuail an tarbh breac adharc ar gach taoibh dé,
agus mharbh sé an dá bhúistéar. Amach leis ann sin, agus an
buachaill ar a mhuin.



Chuaidh sé asteach i gcoill fhiadháin, agus chaith sé féin agus
an buachaill an oidhche ann san gcoill sin. Bhí sé le troid leis an
tarbh eile an lá ar na mhárach.



Nuair tháinig an lá, dubhairt an tarbh breac, "bain an adharc
díom agus ith do sháith, sin é an t-ádh deire atá agad. Tá mé
le troid leis an tarbh eile ar ball, agus gabhaidh mé uaidh an lá
so, acht béidh mé marbh aige amárach ag an dó-deug a chlog."



Throid sé féin agus an tarbh eile an lá sin, agus tháinig an
tarbh breac ar ais 'san trathnóna agus chuir sé féin agus an
buachaill an oidhche sin thart ann san gcoill.



Nuair tháinig an lá ar na mhárach, dubhairt an tarbh breac
leis, "cas an adharc díom agus ith do sháith, sin é an t-ádh
deire bhéidheas agad. Éist anois leis an rud atá mé 'g innseacht
duit. Nuair fheicfeas tu mise marbh, téidh agus bain stiall droma
agus stiall táire dhíom, ó bháitheas mo chinn go bonn mo rubaill
(earbaill) agus deun beilt dé, agus uair ar bith bhéidheas
géibhionn ar bith ort, béidh mo neart-sa agad-sa."



Chuaidh an tarbh breac ann sin le troid leis an tarbh eile, agus
mharbh an tarbh eile é. D'imthigh an tarbh eile ann sin.
Tháinig an gasur go dti an tarbh breac, 'n áit a raibh sé 'na
luidhe ar an talamh, agus ní raibh sé marbh amach 's amach.
Nuair chonnairc sé an gasúr ag teacht dubhairt sé, "o," ar
seisean, "deun deifir, chomh maith agus thig leat 'san domhan


L. 98


agus tabhair amach do sgian agus bain an stiall sin díom, no
marbhóchar thusa chomh maith liom féin."



Bhí crathadh ar láimh an chreatúir bhoicht, agus níor fheud
sé píosa ar bith bhaint de'n tarbh, 'r éis é a chothughadh chomh
fada sin, agus 'r éis an chineáltais fuair sé uaidh.



Labhair an tarbh breac arís agus dubhairt sé an stiall do bhaint
dé ar an móimid, acht ní raibh dúil aige a dheunamh. Labhair sé
leis an tríomhadh uair agus dubhairt sé an stiall do bhaint dé,
agus go gcuideochadh sé leis, fhad agus bheidheadh sé beó. Bhain
sé stiall de'n druim ann sin agus stiall eile de'n bolg, agus
d'imthigh sé.



Bhí a sháith buaidheartha agus bróin air, ar n-imtheacht dó,
agus ní mhór dó sin do bheith air, agus é ag imtheacht gan fhios
cá raibh sé dul no cá rachfadh sé.



Bualadh duine-uasal air, ar an mbóthar, agus d'fhiafruigh sé
dhé cá raibh sé ag dul. Dubhairt an buachaill nach raibh fhios
aige féin cá raibh sé ag dul, acht go raibh sé dul ag iarraidh
oibre.



"Créad thig leat dheunamh?" ar san duine-uasal.



"Tá mé mo mhaor chomh maith agus chonnairc tu ariamh,
acht ní innséochaidh mé breug duit, ní thig liom dada dheunamh
acht maoracht, acht go deimhin deunfaidh mé sin chomh maith
le duine ar bith chonnairc tu ariamh."



"Is tu theastaigh uaim-se," ar san duine-uasal. "Tá triúr
fathach shuas le mo chuid-se talmhan, ar aon teórain amháin
liom-sa, agus rud ar bith rachas asteach ar a dtalamh féin
congbhóchaidh siad é, agus ní thig liom-sa a bhaint díobh arís.
Sin an méad atá siad ag iarraidh, - m'eallach-sa do dhul
asteach thar an teórain chuca."



"Na bac leó, rachaidh mise mo bhannaidh go dtiubhraidh mise
aire mhaith dhóibh agus nach leigfidh mé dada asteach chuca."



Rug an duine-uasal a-bhaile é ann sin agus chuaidh sé ag
buachailleacht dó. Nuair bhí an féar ag éirighe gann, bhí sé ag


L. 99


tiomáint na mbó níos faide amach. Bhí balla mór cloiche idir
talamh na bhfathach agus talamh a mháighistir. Bhí féar breágh
ar an taoibh eile de'n balla. Nuair chonnairc sé sin, leag sé bearna
ann san mballa agus leig sé na muca agus na bath asteach.
Chuaidh sé suas ar chrann ann sin agus bhí sé ag cathadh síos
ubhall agus uile shóirt do na mucaibh.



Tháinig fathach amach, agus nuair chonnairc sé an buachaill
shuas ar an gcrann ag cathadh síos na n-ubhall chuig na mucaibh,
d'éirigh an ceann air (i. e. tháinig fearg áidhbhéal air). Tháinig sé
go dti an crann, "Gabh anuas as sin," ar sé, "is mór liom de
ghreim thu, agus is beag liom de dhá ghreim thu. Gabh anuas
go dtarróngaidh mé faoi m' fhiaclaibh fada fuara thu."



"Ara, glac thu féin go socair," ar san buachaill, "b'éidir
gur ró luath do thiucfainn anuas chugad."



"Ni bhéidh mé níos faide ag caint leat," ar san fathach;
fuair sé barróg ar an gcrann agus tharraing sé as na fréamhaibh é.



"Gabh síos a iall dubh, agus fáisg é sin," ar san gasur, mar
chuimnigh sé ar chómhairle an tairbh bhric. Ar an móimid, léim an
iall dubh as a láimh agus d' fháisg an fathach chomh cruaidh sin
go raibh an dá shúil ag dul amach ar a cheann, mar budh láidre
neart an tairbh 'ná neart an fhathaigh. Níor fhéad an fathach
cor do chur as, agus gheall sé rud ar bith - acht an t-anam do
shábháil dó. "Rud ar bith theastuigheas uait," ar sé leis an
ngasúr, "caithfidh tu a fhághail uaim."



"Ní'l mé ag iarraidh ruid ar bith acht iasacht an chloidhimh
atá faoi do leapa," ar seisean.



"Bheirim duit é agus fáilte," ar san fathach. Chuaidh sé
asteach agus rug sé amach an cloidheamh leis.



"Féach é ar na trí crainn (crannaibh) is mó atá 'san gcoill, agus
ní mhothóchaidh tu ann do láimh é ag dul tríotha," ar san fathach.



"Ní fheicim aon chrann ann san gcoill is mó ná is gránta
(gránna) 'ná thu féin," ar seisean, ag tarraing an chloidheimh
agus ag baint an chinn dé, gur chuir sé seacht n-iomairidhe agus
seacht n-eitrige é de'n bhuille sin.


L. 100


"Dá bhfághainn ar an gcolainn arís," ar san ceann, agus é
ag caint, "agus ní bhfuighfeadh an domhan de'n cholainn
arís mé."



"Bhéarfaidh mise féin aire dhó sin," ar san buachaill.



Nuair thiomáin sé na bath a-bhaile 'san trathnóna bhí an
oiread sin bainne aca nach raibh leath a sáith soitheach aca, agus
b' éigin do dhá chúipéar, soithighe úra dheunamh, leis an méad
bainne do bhí aca do chongbháil.



"Is tu an buachaill is fearr do bualadh orm ariamh," ar san
duine-uasal, agus bhí sé buidheach dó.



Chuireadh na fathaigh, gach fear aca, gáir as, uile thrathnóna.
Ní chualaidh na daoine acht dá gháir an trathnóna so. "Tá
athrughadh éigin ann san gcáthair anocht," ar san duine uasal,
nuair chualaidh sé an dá gháir.



"O!" ar san gasúr, "chonnairc mé ceann aca ag imtheacht
leis féin andiu, agus níor tháinig sé a-bhaile go fóil."



An lá ar na mhárach, thiomáin an buachaill a chuid eallaigh
amach, go dtáinig sé go dti an balla mór cloiche, agus leag sé
bearna ann, agus leig sé an t-eallach asteach 'san áit chéadna.
Chuaidh sé suas ar chrann agus thosaigh sé ag cathadh síos na
n-úbhall. Tháinig an dara fathach ag rith, agus dubhairt sé,
"Cad é 'n chiall mo bhalla leagan, agus do chuid eallaigh
leigean asteach ar mo dhúithche-se? Gabh anuas as sin feasta.
Mharbh tu mo dhearbhráthair andé."



"Gabh síos, a iall dubh agus ceangail é sin," ar san buachaill.
D'fháisg an iall é i riocht nár fheud sé cor do chur as, agus
gheall sé rud ar bith do'n buachaill - acht a anam shábháil.



"Ní'l mé ag iarraidh dada ort acht iasacht an tsean-
chloidhimh atá faoi do leapa."



"Bhéarfaidh mé sin duit agus fáilte." Chuaidh sé asteach
agus rug sé amach an cloidheamh leis. Bhí cloidheamh ag gach
fear aca, agus uile chloidheamh is fearr 'ná a chéile.



"Féach an cloidheamh sin ar na sé crainn is mó atá 'san
gcoill, agus rachaidh sé tríotha gan maigheas (?) d'fhághail."


L. 101


"Ní fheicim aon chrann ann san gcoill is mó ná is gránna
'ná thu féin," ar seisean, ag tarraing an chloidhimh, agus ag
baint an chinn dé gur chuir sé seacht n-iomairidhe agus seacht
n-eitrige ó'n gcolainn é.



"O!" ar san ceann, "dá bhfághainn dul ar an gcolainn arís,
agus fir an domhain ní bhfuighfeadh siad dí arís mé."



"O! bhéarfaidh mise féin aire dhó sin," ar san buachaill.



Nuair thiomáin sé na bath a-bhaile an oidhche sin, bhí
iongantas ar na daoinibh nuair chonnairc siad an méad bainne
do bhí aca. Dubhairt an duine uasal go raibh athrugadh eile
ann san gcáthair an lá sin arís, mar nach gcualaidh sé acht aon
gháir amháin, acht dubhairt an buachaill go bhfacaidh sé fear
eile ag imtheacht an lá sin, agus gurab cosmhúil nach dtáinig sé
ar ais go fóil.



An lá ar na mhárach, chuaidh sé amach, agus thiomáin sé na
muca agus na bath suas go dorus an halla, agus bhí sé ag cathadh
síos na n-ubhall dóibh. Tháinig an tríomhadh fathach amach,
an fear is sine aca, agus bhí sé lán-chothach 'r éis a dhá
dhearbhráthair bheith marbh, agus bhí na fiacla do bhí ann a
cheann ag deunamh maide-láimhe dhó. Dubhairt sé leis an
mbuachaill teacht anuas, nach raibh fhios aige créad dheunfadh
sé dhó 'r eís a dha dhearbhráthair do bheith marbh aige. "Tar
anuas," ar sé, "go dtarraingidh mé faoi m' fhiaclaibh fada
fuara thu." Agus is air do bhí na fiacla fada fuara gan bhréig!



"Gabh anuas, a iall dubh, agus fáisg é sin go mbéidh na
súile ag dul amach ar a cheann le neart-fáisgthe bhéarfas tu
dhó."



Léim an iall dubh uaidh, agus cheangail sé an fathach go raibh
an dá shúil ag dul amach ar a cheann leis an bhfásgadh agus leis
an teannadh do thug sé dhó, agus gheall ar fathach sin nídh ar
bith do thabhairt dó, "acht spóráil m'anam," ar sé.



"Ní'l mé acht ag iarraidh iasacht' an tsean-chloidhimh atá
faoi do leapa," ar san buachaill.



"Bíodh sé agad agus fáilte" ar san fathach. Chuaidh sé


L. 102


asteach agus rug sé amach an cloidheamh leis. "Anois," ar san
fathach, "buail an dá chnapán is gránna 'san gcoill, agus bainfidh
an cloidheamh sin iad gan maoidheacht (?) d'fhághail."



"Muire, maiseadh! ní fheicim aon chnapán ann san gcoill is
gránna 'ná thu féin," ar san buachaill, "agus bhuail sé é gur
chuir sé a cheann seacht n-iomairidhe agus seacht n-eitrige ó'n
gcolainn."



"Ochón go deó!" ar san ceann, "dá bhfághainn dul ar an
gcolainn arís, - fir an domhain ní bhfuighfeadh siad de'n
cholainn arís mé."



"Bhéarfaidh mé féin aire dhó sin," ar san buachaill.



Nuair tháinig sé a-bhaile an oidhche sin níor fheud na
cúipéaraidh a sáith soitheach dheunamh dóibh, leis an méad
bainne do bhí ag na bath (buaibh) do chongbháil, agus níor
fheud na muca ithe, leis an méad úbhall do bhí ithte aca roimhe
sin.



Bhí sé seal mar sin ag buachailleacht na mbó, agus uile rud
do bhí ann san gcaisleán bhí sé aige. Ní raibh duine ar bith ag
dul anaice leis an gcaisleán mar bhí faitchios orra.



Bhí dragún teineadh ann san tír sin, agus thigeadh sé uile
sheacht mbliadhna, agus muna mbeitheadh bean óg réidh
ceangailte roimhe, do chuirfeadh sé an fhairrge tríd an talamh,
agus do sgriosfadh sé na daoine. Tháinig an lá a raibh an dragún
le teacht, agus d'iarr an buachaill ar a mháighistir leigean
dó dul chum na h-áite a raibh an dragún ag tigheacht. "Cad
é an graitheach (gnó) atá agad ann sin," ar san máighistir, "béidh
marcaigh agus cóistidhe agus daoine móra ann sin, agus béidh
na sluaighte cruinnighthe le chéile ann, as gach uile áit;
d'éiréochadh na capla ar do mhullach agus do bheitheá brúighte
faoi na gcosaibh; agus is fearr duit fanamhaint 'san mbaile."



"Fanfad," ar san gasúr; acht nuair fuair sé iad uile
imthighthe, chuaidh sé go caisleán na trí fhathach, agus chuir
sé diallaid ar an each is fearr do bhí aca, agus culaidh bhreágh


L. 103


air féin, agus ghlac sé cloidheamh an cheud-fhathaigh ann a
láimh agus chuaidh sé 'n áit a raibh an dragún.



Bhí sé cosmhuil le aonach ann sin, leis an méad marcach agus
cóiste agus capall agus daoine do bhí cruinnighthe ann. Bhí
bean-uasal óg ceangailte do phosta ar bhruach na fairrge, agus í
ag fanamhaint leis an dragún do theacht d'á slugadh. Is inghean
an righ do bhí ann, mar nach nglacfadh an dragún bean ar
bith eile. Nuair tháinig an dragún amach as an bhfairrge chuaidh
an buachaill 'na aghaidh, agus throid siad le chéile agus bhí
siad ag troid go dti an trathnóna, go raibh an dragún ag cur
cúbhair thar a bheul, agus go raibh an fhairrge dearg le n-a
chuid fola. D'iompaigh sé an dragún amach 'san bhfairrge faoi
dheireadh. D'imthigh sé an sin agus dubhairt sé go bhfillfeadh
sé an lá ar na mhárach. D'fhág sé an t-each arís 'san áit a
bhfuair sé é, agus bhain sé an chulaidh bhreágh dhé, agus nuair
d'fhill na daoine eile, bhí sé rompa. Nuair tháinig na daoine a-
bhaile an oidhche sin bhí siad uile ag caint agus ag rádh go
dtáinig gaisgidheach éigin do throid leis an dragún, agus do
thionntaigh amach 'san bhfairrge é. 'Sé sin an sgeul do bhí ag
uile dhuine, acht ní raibh fhios aca cia h-é an gaisgidheach do
rinne é.



An lá ar na mhárach, nuair bhí a mháighistir agus na daoine
eile imthighthe, chuaidh sé go caisleán na trí fhathach arís, agus
thóg sé amach each eile agus culaidh gaisge eile, agus thug sé
leis cloidheamh an dara fathaigh, agus chuaidh sé chum na h-áite
a raibh an dragún le teacht. Bhí inghean an righ ceangailte do'n
phosta ar an tráigh ag fanamhaint leis, agus na súile ag dul
amach ar a ceann ag feuchaint an bhfeicfeadh sí an gaisgidheach
do throid an dragun an lá roimhe, ag teacht. Bhí dá uair an
oiread daoine ann agus do bhí an lá eile, agus iad uile ag
fanamhaint go bhfeicfeadh siad an gaisgidheach ag tigheacht. Nuair
tháinig an dragún chuaidh an buachaill ann a eudan, acht bhí an
dragún leath-shuaithte agus breóidhte 'r éis na troide do rinne
sé an lá roimhe sin. Bhí siad ag bualadh a chéile go dti am


L. 104


eadarthra, agus ann sin chuir sé an dragún chum bealaigh.
D'iarr na daoine a chongbháil, acht níor fheud siad. D'imthigh sé
uatha.



Nuair tháinig a mháighistir a-bhaile an trathnóna sin, bhí an
buachaill ann san teach roimhe. D'innis an máighistir dhó go
dtáinig gaisgidheach eile an lá sin, agus gur chuir sé an dragún
amach 'san bhfairrge; acht, stócaigh! ('s dóigh?) bhí an sgeul
aige féin níos fearr 'ná aige-sean.



An lá ar na mhárach, nuair bhí an duine-uasal imthighthe,
chuaidh sé go cáthair na bhfathach, agus thug sé leis each eile
agus culaidh eile, agus cloidheamh an tríomhadh fathaigh, agus
nuair tháinig sé le troid leis an dragún, shaoil na daoine gur
b'é gaisgidheach eile do bhí ann.



Bhí sé féin agus an dragún ag gabháil dá' chéile ann sin agus
niún (= deamhan?) a leithéid de throid chonnairc tu ariamh. Bhí
sgiatháin ar an dragún agus nuair bhí sé d'á fhághail druidte
(i.e. nuair bhí sé dul go cruaidh air) d'éirigh sé suas ann sna
spéirthibh, agus do bhí sé ag greadadh agus ag bualadh an
bhuachaill ann san gcloigionn go raibh sé beag-nach cráidhte.
Chuimnigh sé ar an iall (éill) duibh ann sin, agus dubhairt sé,
"a iall dubh, ceangail é sin chomh cruaidh sin go mbéidh siad
ag éisteacht le na sgreadaoil ann san dá rann de'n domhan, leis
an bhfásgadh bhéarfas tu dhó." Léim an iall dubh agus cheangail
sí é, agus ann sin do bhain an buachaill an ceann dé, agus bhí an
fhairrge dearg le n-a chuid fola, agus bhí na tonnta fola ag dul
ar bhárr an uisge.



Tháinig an buachaill chum na talmhan ann sin, agus d'iarr
siad a chongbháil, acht d'imthigh sé uatha, agus mar bhí sé ag
marcuigheacht thart do sgiob an bhean-uasal an bhróg dé.



D'imthigh sé ann sin, agus d'fhág sé an t-each agus an
cloidheamh agus an chulaidh gaisge ann san áit a bhfuair sé iad,
agus nuair tháinig an duine-uasal agus na daoine eile a-bhaile
bhí sé 'na shuidhe rompa ag an teine. D'fhiafruigh sé dhíobh cia
an chaoi chuaidh an troid, agus d'innis siad dó gur mharbh an


L. 105


gaisgidheach an dragún teineadh, acht go raibh sé imthighthe
agus nach raibh fhios ag duine ar bith cia h-é.



Nuair tháinig inghean an righ a-bhaile, dubhairt sí nach
bpósfadh sí aon fhear go bráth acht an fear a d'fhóirfeadh an
bhróg sin dó.



Bhí mic righteadh agus daoine móra ag teacht ann sin, agus
iad ag rádh gur b'iad féin do mharbh an dragún, acht dubhairt
sise nach iad, muna bhfóirfeadh an bhróg dóibh. Bhí cuid
aca ag baint na méar d'á gcosaibh, agus cuid ag baint giota
de'n tsáil, agus cuid eile ag baint na h-ordóige dhíobh féin, ag
feuchaint an bhfóirfeadh an bhróg dóibh. Ní raibh aon mhaith
aca ann. Dubhairt inghean an righ nach bpósfadh sí fear ar
bith aca.



Chuir sí saighdiúraidh amach ann sin, agus an bhróg leó, le
féachaint an bhfóirfeadh sí do dhuine ar bith. Uile dhuine, bocht
agus saidhbhir, budh chuma cá 'r b'as é, chaithfeadh sé an bhróg
fhéachaint air.



Bhí an buachaill sínte, 'na luidhe ar an bhféur, nuair tháinig
na saighdiúraidh, agus nuair chonnairc siad é dubhairt siad leis
"taisbéan do chos."



"O! na bí ag magadh fum-sa," ar sé.



"Tá ordughadh againn-ne," ar siad-san, "agus ní thig linn
gan an bhróg fhéachaint ar uile dhuine, bocht agus saidhbhir,
agus sín amach do chos." Rinne se sin, agus d'imthigh an bhróg
asteach ar a chois, ar an móimid. Dubhairt siad leis go gcaith-
feadh sé teacht leó.



"O! éist liom" (i. e. tabhair am dam) ar sé, "go ngléusaim mé
féin."



Chuaidh sé go cáthair na bhfathach agus chuir sé culaidh
bhreágh úr air, agus d'imthigh sé leó ann sin.



Sin í an áit a raibh an fháilte roimhe, agus é chomh gléusta le
duine ar bith aca. Bhí bainfheis aca ar feadh trí lá agus trí
oidhche.


L. 106


Fuair siad-san an t-áth agus mise an lochán. Báitheadh iad
agus tháinig mise. Agus mar tá sé agam-sa anocht ná raibh sé
agaibh-se an oidhche amárach, agus má bhíonn sé féin, na caill-
eadh sibh leis acht na cúl-fhiacla.



XIV



Coirnín na h-Aitine.



A bhfad ó shoin, ann san t-sean-aimsir, bhí baintreabhach darab
ainm Brighid Ni Ghrádaigh, 'na cómhnuidhe i gcondaé na Gaill-
imhe. Bhí aon mhac amháin aici dar bh' ainm Tadhg. Rugadh é
mí tar éis báis a athar ameasg coille bige aitinne do bhí ag fás
ar thaoibh chnuic i ngar do'n tigh. Ar an ádhbhar sin, gháir na
daoine Coirnín na h-Aitinne mar leas-ainm air. Tháinig tinneas
obann ar an mnaoi bhoicht nuair bhí sí ag seóladh na mbó suas
ar thaoibh an chnuic.



Nuair rugadh Tadhg, bhí sé 'na naoidheanán breágh, agus
mhéadaigh sé go maith go raibh sé ceithre bliadhna d'aois, acht
ó'n am sin amach níor fhás sé ordlach go raibh sé trí bliadhna
deug, no níor chuir sé cos faoi le coiscéim do shiúbhal, acht
d'fheudfadh sé imtheacht go tapa go leór ar a dhá láimh agus ar
a thaoibh shiar, agus dá gcluinfeadh sé aon duine ag teacht chum
an tighe, so bhuailfeadh sé a dhá láimh faoi, agus do rachadh sé
d'aon léim amháin ó'n teine go dti an doras; agus do chuirfeadh
ceud míle fáilte roimh an té tháinig. Bhí gean mór ag aois óig an
bhaile air, mar do gheibheadh siad greann mór as, uile oidhche.
O'n am bhí sé seacht mbliadhna d'aois, bhí sé deas-lámhach
agus úsáideach d'á mháthair agus d'á mháthair-mhóir do bhí 'na
cómhnuidhe i n-aon tigh leis. Ann san bhfóghmhar, théidheadh
sé ar a lámhaibh agus ar a thaoibh-shiar, suas ar thaoibh an
chnuic agus bhidheadh ag ithe bláth na h-aitinne mar ghabhar.


L. 107


Bhí abhann bheag ann, idir an teach agus an cnoc, agus do
rachadh sé de léim thar an abhainn chomh h-aérach le geirrfh-
iadh.



Budh shean-ghogaide an mháthair-mhór. Bhí sí bodhar agus
beag-nach balbh, agus b' iomdha troid do bhidheadh aici féin
agus ag Tadhg.



Aon lá amháin, dubhairt an mháthair le Tadhg, "caithfidh
mé, a Thaidhgín, tóin leathair chur ar do bhrístibh; tá mé
sgriosta ag ceannach bréidín, agus nuair bhéidheas sé deunta
agam caithfidh tu dul go tailliúr le ceird d'fhóghluim."



"Dar m'fhocal," ar sa Tadhg, "ní h-é sin an cheird bhéidheas
agam. Ní'l ann san tailiúr acht an naomhadh cuid d'fhear. Má
thugann tu ceird ar bith dham, deun píobaire dhíom, tá spéis
mhór agam ann san gceól."



"Bíodh mar sin," ar san mháthair.



An lá 'na dhiaigh sin, chuaidh sí chum an bhaile mhóir leis an
leathar d'fhághail agus nuair fuair buachaillidh beaga an bhaile
go raibh an mháthair imthighthe, fuaradar poc gabhair do bhí
ag Paidín Bacach O Ceallaigh, agus chuir siad Coirnín ag mar-
cuigheacht air. As go bráth leis an bpoc, ag meigilt chomh h-árd
agus d'fheud sé, agus Coirnín ar a mhuin ag sgreadaoil mar
dhuine as a chéill, le faitchios go dtuitfeadh sé, agus buachaillidh
an bhaile 'na dhiaigh. Thug an poc aghaidh ar bhothán Pháidín,
agus nuair chonnairc Páidín an poc agus a mharcach ag teacht,
shaoil sé gur b'é an sean-bhuachaill do bhí ag teacht 'na choinne.
Níor shiúbhail Páidín coiscéim le seacht mbliadhanaibh roimhe
sin, acht nuair chonnairc sé an poc ag teacht asteach ar an doras,
chuaidh sé d'aon léim amháin amach ar an bhfuinneóig, agus
gháir sé ar na cómharsannaibh é do shábháil ó'n diabhal do bhí
'na dhiaigh.



Bhí na buachaillidh ag gáiridhe agus ag greadadh bos gur
chuir siad an poc ar mire, agus amach arís leis, as an teach.
Nuair chonnairc Páidín é ag teacht an dara uair, as go bráth
leis, agus an poc agus Coirnín ar a mhuin 'na dhiaigh. Bhí


L. 108


adharca fada ar an bpoc, agus bhí greim an fhir bháidhte ag
Coirnín orra. Thug Páidín aghaidh ar Ghaillimh, agus an
poc d'á leanamhaint. D'éirigh an gháir agus tháinig daoine
na mbailteadh ar gach taoibh de'n bóthar amach, agus a leitheid
de ghárthaoil ní raibh ariamh i gcondaé na Gaillimhe. Níor
stad Páidín go ndeachaidh sé asteach i gcáthair na Gail-
limhe agus an poc agus a mharcach le na shálaibh. Budh lá
margaidh é agus bhí na sráideanna líonta le daoinibh. Thosaigh
Páidín ag glaodhach agus ag gárthaoil ar na daoinibh é do
shábháil agus bhí siad-san ag deunamh magaidh faoi. Chuaidh
sé suas sráid agus anuas sraid eile, agus bhí ag imtheacht go raibh
an ghrian ag dul faoi 'san trathnóna.



Chonnairc Coirnín úbhla breágha ar chlár, agus sean-bhean
anaice leó, agus tháinig dúil mhór air, cuid de na h-úbhlaibh do
bheith aige. Sgaoil sé a ghreim ar adharcaibh an phuic agus
chuaidh de léim ar chlár na n-úbhall. As go bráth leis an t-sean-
bhean agus d'fhág sí na h-úbhla 'na diaigh, oir bhí sí leath-
mharbh leis an sgannradh.



Níor bhfada bhí Coirnín ag ithe na n-úbhall nuair tháinig a
mháthair i láthair, agus nuair chonnairc si Coirnín, ghearr sí lorg
na croise uirri féin, agus dubhairt, "i n-ainm Dé, a Choirnín, cad
do thug ann so thu?"



"Fiafruigh sin de Pháidín O Ceallaigh agus d'á phoc gabhair,
tá an t-ádh ort a mháthair, nach bhfuil mo mhuineul briste."



Chuir sí Coirnín asteach ann a práisge agus thug aghaidh ar
an mbaile.



Acht is aisteach an nidh thárla do Pháidín O Ceallaigh. Nuair
sgar Coirnín leis an bpoc lean sé Páidín amach ar an mbóthar
mór, tháinig suas leis, chuir a dhá adhairc faoi, chaith ar a dhruim
é, agus níor sheas go dtáinig sé a-bhaile. Thuirling Páidín ag an
doras, agus thuit an poc marbh ar an tairsigh. Chuaidh Páidín
'na chodhladh, óir bhí sé leath-mharbh agus bhi sé mall 'san
oidhche, agus nuair d'éirigh sé ar maidin, ní raibh an poc le
fághail beó ná marbh, agus dubhairt na daoine uile go mbudh


L. 109


poc draoidheachta do bhí ann. Ar chaoi ar bith thug sé coisidh-
eacht do Pháidín O Ceallaigh, rud nach raibh aige le seacht
mbliadhnaibh roimhe sin.



Chuaidh an sgeul tríd an tír, go gcualaidh gach uile fear bean
agus páiste i gcondaé na Gaillimhe é, agus is iomdha cur-síos do
bhí air, roimh trathnóna an laé sin. Dubhairt cuid gur poc
draoidheachta do bhí i bpoc Pháidín, agus go raibh sé rann-
pháirteach leis; dubhairt cuid eile go mbudh fear sidhe Coirnín,
agus go mbudh chóir a dhóghadh.



An oidhche sin, d'innis Coirnín uile nídh i dtaoibh na caoi do
thug an poc go Gaillimh é, agus tháinig na buachaillidh go teach
Bhríghid Ni Ghrádaigh agus bhí greann mór aca ag éisteacht le
Coirnín ag innsint i dtaoibh na marcuigheachta do bhí aige go
Gaillimh ar mhuin phuic Pháidín Ui Cheallaigh, agus gach nídh
thárla leis ar feadh an laé.



An oidhche sin, nuair chuaidh Coirnín ar a leabuidh, tháinig
brón éigin air, agus i n-áit codalta thosaigh sé ag seitríl. D'fhiaf-
ruigh a mháthair dhé créad do bhí air. Dubhairt seisean nach
raibh fhios aige. "Ní'l ort acht seafóid," ar sise, "stop do chuid
seitríl agus leig dúinn codladh," acht níor stop sé go maidin.



Ar maidin níor fheud sé greim d'ithe, agus dubhairt sé le na
mháthair "rachad amach, go bfeicfidh mé an ndeunfaidh an t-aér
maith dham." "B'éidir go ndeunfadh," ar sise.



Leis sin, bhuail sé a dhá láimh faoi, agus chuaidh d'aon léim
amháin go dti an doras, agus amach leis. Thug sé aghaidh ar na
h-aiteannaibh, agus níor stad go ndeachaidh sí asteach 'na
measg. Shín sé é féin idir dá sgeach agus níor bhfada go raibh sé
'na chodladh. Bhí brionglóid aige go raibh an poc le n-a thaoibh,
ag iarraidh caint do chuir air. Dhúisigh sé acht i n-áit an phuic
bhí fear breágh gruagach taobh leis, agus dubhairt sé, "a
Choirnín, ná bidheadh eagla ort rómham-sa, is carad mé, agus
tá mé ann so le cómhairle do leasa do thabhairt duit, má ghlacann
tu uaim í. Tá tu do chláiríneach ó rugadh thu, agus do chúis-


L. 110


mhagaidh ag buachaillibh an bhaile. Is mise an poc gabhair do
thug go Gaillimh thu, acht tá mé athruighthe anois go dti an
riocht ann a bhfeiceann tu mé. Ní fheudfainn an t-athrughadh
d'fhághail go dtugfainn an mharcuigheacht sin duit, agus anois
tá cúmhacht mhór agam. D'fheudfainn do leasughadh ar ball, acht
déarfadh na cómharsanna go raibh tu rann-pháirteach leis na
sidhe, agus ní fheudfá an bharamhail sin bhaint díobh. Tá tu do
shuidhe anois go díreach ann san áit ar rugadh thu, agus tá pota
óir i bfoigseacht troithe dod' thaoibh-shiar, acht ní'l tu le baint
leis go fóil, mar ní fheudfá úsáid mhaith do dheunamh dhé.
Teirigh a-bhaile anois agus ar maidin amárach, abair le do mháth-
air go raibh brionglóid bhreágh agad go raibh luibh ag fás le
cois na h-aibhne do bhéarfadh siúbhal agus lúth dhuit; abair an
rud ceudna léithe trí mhaidin andhiaigh a chéile agus creidfidh
sí go bhfuil sé fíor. Nuair rachas tu ag tóruigheacht na luibhe,
geobhaidh tu í ag fás taobh-shíos dé'n chloich mhóir nigheacháin
atá ag bruach na h-aibhne; tabhair leat í agus bruith í, agus ól
an súgh, agus béidh tu ionnán rása do rith anaghaidh buachaill
ar bith ann san bparráiste. Béidh iongantas ar na daoinibh i dtos-
ach, acht ní mhairfidh sin a-bhfad. Béidh tu trí bliadhna déag an
lá sin. Tar 'san oidhche chum na h-áite seo, béidh an pota óir
tógtha agam-sa, acht ar do bheatha, congbhaigh d'inntinn agad
féin, agus ná h-innis do dhuine ar bith go bhfacaidh tu mise.
Imthigh anois, slán leat."



Gheall Coirnín go ndeunfadh sé gach nídh dubhairt an gruag-
ach beag leis, agus tháinig sé a-bhaile lúthgháireach go leór.
Bhreathnaigh an mháthair nach raibh sé chomh gruamach agus
bhí sé sul ma ndeachaidh sé amach, agus dubhairt sí, "saoilim,
a mhic, go ndearnaidh an t-aér maith dhuit."



"Rinne go deimhin," ar seisean, "agus tabhair rud le n'ithe
dham anois."



An oidhche sin, i n-áit do bheith ag seitríl, chodail sé go
breágh, agus ar maidin dubhairt sé le n-a mháthair, "bhí
brionglóid bhreágh agam aréir, a mháthair."


L. 111


"Ná tabhair aon áird ar bhrionglóid," ar san mháthair "is
contrálta tuiteann siad amach."



Chaith Coirnín an lá ag smuaineadh ar an gcómhrádh do bhí
aige leis an ngruagach beag, agus ar an saidhbreas mór do bhí
le fághail aige. Ar maidin, lá ar na mhárach, dubhairt sé le
n-a mháthair, "bhí an bhrionglóíd bhreágh sin agam aréir
arís."



"Go méadaighidh Dia an mhaith, agus go laghdaighidh sé
an t-olc," ar san mháthair, "chualaidh mé go minic dá mbeidh-
eadh an bhrionglóid chéadna ag duine trí oidhche andhiaigh a
chéile, go mbeidheadh sí fíor."



An tríomhadh maidin, d'éirigh Coirnín go moch agus dubhairt
sé le n-a mháthair, "bhí an bhrionglóid bhreágh sin agam aréir
arís, agus ó thárla go dtáinig sé chugam trí oidhche andhiaigh a
chéile, rachaidh mé le feuchaint bhfuil aon fhírinn innti. Chon-
nairc mé luibh ann mo bhrionglóid do bhéarfadh mo shiúbhal
agus mo lúth dham."



"An bhfacaidh tu ann san mbrionglóid cá raibh an luibh ag
fás?" ar san mháthair.



"Chonnarcas go deimhin," ar seisean, "tá sí ag fás taobh
leis an gcloich mhóir nigheacháin atá ar bhruach na h-aibhne."



"Go deimhin, ní'l aon luibh ag fás anaice leis an gcloich nigh-
eacháin," ar san mháthair, "bhí mé 'san áit sin go minic agus
ní fheudfadh sí bheith ann a gan fhios dam."



"B'éidir gur fhás sí ann ó shoin," ar sa Coirnín, "agus
rachaidh mise dá tóraigheacht."



Bhuail sé a dhá láimh faoi, agus chuaidh d'aon léim amháin
go dti an doras, agus amach leis. Níor bhfada go raibh sé ag an
gcloich nigheacháin, agus fuair sé an luibh. Thug sé léimeanna
mar fhiadh a mbeidheadh gadhar 'gá leanamhaint, ag teacht
a-bhaile le teann-lúthgháire.



"A mháthair," ar seisean, "b'fhíor dam mo bhrionglóid,
fuair mé an luibh. Cuir síos dam an pota agus bruith dham é."



Chuir an mháthair an luibh 'san bpota, agus timchioll cárta


L. 112


uisge leis, agus nuair bhí sí bruithte agus an sugh fuar, d'ól
Coirnín é. Ní raibh sé móimid ann a bholg nuair sheas sé suas ar
a chosaibh agus thosaigh sé ag rith suas agus anuas. Bhí ion-
gantas mór ar a mháthair. Thosaigh sí ag tabhairt míle glóir
agus altughadh do Dhia; ann sin gháir sí ar na cómarsannaibh
agus d'innis dóibh brionglóid Choirnín, agus an chaoi fuair sé
úsáid a chos. Bhí luthgháire mhór orra uile, mar bhí Brighid
ni Ghrádaigh 'na cómharsain mhaith agus bhí meas aca uile
uirri.



An oidhche sin, chruinnigh buachaillidh an bhaile asteach le
luthgháire do dheunamh le Coirnín agus le n-a mháthair. Nuair
bhíodar uile ag cómhrádh cia shiúbhalfadh asteach acht Páidín O
Ceallaigh. Bhí siad uile ag caint faoi an gcaoi do fuair Coirnín a
shiúbal agus lúth a chnámh.



"Go deimhin is damh-sa budh chóir dhó bheith buidheach, 'sé
an crathadh do thug mo phoc-gabhair-se dhó, do rinne an obair,
agus tá fhios ag uile dhuine go dtug an mharcuigheacht do rinne
sé, usáid mo chos ar ais dam féin. Och mo bhrón, go bhfuair mo
phoc breágh bás!"



"Thug tu h-éitheach," ar Coirnín, "'sí an luibh do léigheas-
aigh mé. Rinne mé brionglóid trí oidhche andhiaigh a chéile go
leighséochadh an luibh mé, agus tig le mo mháthair a chro-
thughadh - go raibh mé mo chláirineach tar éis mo theacht ó
Ghaillimh, gur ól mé súgh na luibhe."



"D'fheudfainn mo mhionna thabhairt go bhfuil mo mhac ag
innsint na fírinne glaine," ar san mháthar.



Ann sin thosaigh cách ag deunamh magaidh faoi Pháidín,
gur imthigh sé amach.



Chuaidh gach uile nídh go maith le Coirnín agus le n-a
mháthair 'na dhiaigh seó. Aon oidhche amháin nuair chuaidh an
mháthair agus na cómharsanna 'na gcodladh, chuaidh Coirnín
chum na h-aitinne. Bhí a charad, an gruagach beag, ann sin
roimhe, agus bhí an pota óir réidh dhó.


L. 113


"seó dhuit anois an pota óir, cuir i dtaisge é i n-áit ar bith
is toil leat, tá an oiread ann agus dheunfas duit fad do
bheatha."



"Saoilim go bhfágfaidh mé é ann san bpoll a raibh sé
ann," ar sa Coirnín, "acht béarfaidh mé roinn dé a-bhaile
liom."



"Ná tabhair leat fós é, acht bíodh brionglóid eile agad mar
bhí agad cheana, agus 'na dhiaigh sin, tig leat roinn dé do
thabhairt leat. Ceannaigh an talamh so agus cuir teach ar bonn
ann san mball ar rugadh thu agus ní fheicfidh tu féin, ná aon
duine i n-aon tigh leat, lá bocht fad do bheatha. Slán leat anois,
ní fheicfidh tu mé níos mó."



Chuir Coirnín an pota síos ann san bpoll, agus créafóg os a
chionn, agus tháinig sé a-bhaile.



Ar maidin, dubhairt sé le n-a mháthair: "bhí brionglóid eile
agam aréir, acht ní innseóchaidh mé dhuit-se í go bhfeicfidh mé
an mbéidh sí agam trí oidhche andhiaigh a chéile."



An dara maidin dubhairt sé "bhí an bhrionglóid agam aréir
arís," agus an treas maidin, dubhairt sé léithe "tá mo bhrion-
glóid fíor anois gan amhras, bhí sí agam aréir go díreach mar bhí
sí agam an dá uair eile; sin trí uaire andhiaigh a chéile, agus tig
liom é seó innseacht duit nach bhfeicfidh tu lá bocht fad do
bheatha, acht ní thig liom aon rud eile do rádh leat d'á
thaoibh."



An oidhche sin, chuaidh sé chum an phota óir, agus thug lán
sporáin dé abhaile leis, agus ar maidin thug sé do 'n mháthair é.
"Tá níos mó," a deir sé, "ann san áit a dtáinig sin as, agus
geobhaidh mé dhuit é nuair bhéidheas sé ag teastál uait, acht ná
cuir aon cheist orm d'á thaoibh."



Níor bhfada 'na dhiaigh seo, gur cheannaigh Brighid ni Ghrád-
aigh bó-bhainne agus chuir ar feurach é. Chuaidh sí fein agus
Coirnín ar aghaidh go maith, agus nuair bhí sé fiche bliadhain
d'aois, cheannaigh sé gabháltas mór talmhan timchioll na h-ait-
inne, agus chuir teach breágh ar bonn ar an mball ar rugadh é.


L. 114


Seal gearr 'na dhiaigh sin phós sé bean. Bhí muiríghin mhór
aige, agus nuair fuair sé bás le sean-aois, d'fhág sé ór agus
airgiod ag a chloinn, agus ní fhacaidh aon duine do chómhnaigh
ann san tigh sin lá bocht ariamh.



XV



Cúmhdach na bhfeadóg.



Bean do bhí ann agus bhí triur mac aici. Dubhairt an cheud-
mhac go raibh sé fada go leór ann san mbaile agus go mbudh
mhithid dó dul ag tóruigheacht fortúin. "Maith go leór," ar san
mháthair, "maith go leór, a mhic," ar sise, "tig leat bheith
ag siubhal ar maidin amárach." An lá ar na mhárach, rinne an
mháthair cáca, agus nuair bhí sé réidh le bheith ag imtheacht,
dubhairt sí leis, "cia aca is fearr leat, a mhic," ar sí, "an leath
beag le mo bheannacht, no an leath mór agus mo mhallacht?"
"O maiseadh," ar sé, "'s fearr liom an leath mór pé ar bith
rud chuirfeas tu leis." Thug sí an leath mór dó ann sin, agus
chuir sé ann a mhála é, agus d'imthigh sé, agus d'fhan sise ann
san dorus ag cur mallacht 'na dhiaigh go raibh sé imthighthe
as amharc.



Bhí sé ag imtheacht ann sin go raibh sé tuirseach, agus nuair
bhí an meadhon laé ann, tháinig sé go bruach coille, agus bhí
páirc bhán ann sin ar bhruach na coille, agus tobar faoi chrann
ann san gcoirnéall. "Maith mar thárla," ar sé leis féin, "suidhfidh
mé ann so ag an tobar agus íosfaidh mé greim, ó tá mé sáruighthe
agus tá ocras orm." Shuidh sé ag an tobar agus nuair dhearc sé
asteach ann, chonnairc sé go raibh uachtar meala agus íochtar
fola ann. Tharraing sé amach a cháca agus thosaigh sé ag ithe,
nuair tháinig coileán beag madaidh an taobh shiar dé agus d'iarr
cuid d'á cháca air. "Go deimhin, ní thiúbhraidh mise dhuit greim


L. 115


ar bith beag na mór dé," ar seisean. D'imthigh an coileán
madaidh agus chuir sé a ruball (earball) ann san tobar, agus
rinne sé uachtar fola agus íochtar meala dhé. "B' fhearrde thu,"
adeir se, "dá dtiubhrá dham an greim d'iarr mé ort."



D'imthigh an mac roimhe ann sin ann san t-saoghal, ag
iarraidh fortúin, agus tháinig sé go teach mór a raibh feilméar
ann.



"Créad tá tu ag iarraidh?" ar san feilméar leis.



"Tá mé ag iarraidh seirbhís," ar sé.



"An maith an buachaill aimsire thu?" ar san feilméar.



"Go reusúnta," ar seisean, "déanfaidh mé aon rud is
féidir liom."



"Maith go leór," ar san fear an tighe, "acht sé an margadh
dheunfas mise leat, muna bhfuil tu ionnánn an obair bhéarfas
mise dhuit dheunamh, bainfidh mé do chloigionn díot."



Rinne siad an margadh sin le chéile. Fuair sé suipéar maith
ann sin, agus leaba, agus d'imthigh sé 'na chodladh.



Ar maidin, an lá ar na mhárach, d'éirigh sé, agus nuair bhí a
bhréacfast ithte aige, thug an feilméar amach é go dti stábla do
bhí aige. D' fhosgail sé an doras, agus créad d'imthigh amach as
acht dá fheadóig déag. "Is é an obair bheirim-se dhuit," ar
sé, "iad sin do chúmhdach ar feadh an laé agus iad do thiomáint
abhaile leat 'san trathnóna." Leis sin, d'fhág sé é. "O maiseadh,"
ar san buachaill, "sin obair tá cliste orm do dheunamh, tá mé
caillte," adeir sé. D'imthigh na feadóga uaidh, agus bhí sé 'gá
leanamhaint, acht níor bhfada go raibh siad eile as a radharc,
agus bhí mo dhuine bocht sáruighthe d'á n-iarraidh. B'éigin
dó teacht a-bhaile gan iad 'san trathnóna agus baineadh an
ceann dé.



Anois bliadhain 'na dhiaigh sin, dubhairt an dara mac go
rachadh sé féin ag iarraidh fortúin, agus fuair an mháthair cáca
réidh dhó, agus d'fhiafruigh sí dhé cia aca b'fhearr leis, an leath
beag le n-a beannacht no an leath mór le na mallacht. "O tabhair
dham an leath mór," ar seisean, "cia bé ar bith rud, beannacht


L. 116


no mallacht, chuirfeas tu leis." D'imthigh sé ann sin agus
sheas an mháthair ag cur mallacht 'na dhiaigh go raibh sé as
amharc.



Nuair tháinig sé go dti an tobar a raibh uachtar meala agus
íochtar fola ann, tháinig an coileán madaidh agus d'iarr greim
air, agus ní bhfuair sé é, agus chuir sé a ruball 'san tobar go
ndearnaidh sé uachtar fola agus íochtar meala dhé. Tháinig sé
roimhe, ann sin, go dti teach an fheilméir cheudna a raibh a
dhearbhráthair ann, agus rinne fear an tighe an margadh ceudna
leis, agus nuair nár fheud sé na feadóga do chúmhdach baineadh
an ceann dé.



Anois bliadhain 'na dhiaigh sin, dubhairt an mac is óige leis
an mháthair, "is mithid damh-sa, a mháthair," ar sé, "bheith
ag imtheacht anois ag tóruigheacht fortúin dam féin." "Tig
leat, a mhic," ar sise, "fan go dti an lá amárach, agus tig leat
imtheacht ann sin," ar sise. Ar maidin, an lá ar na mhárach,
rinne sí cáca, agus d'fhiafraigh sí dhé, "cia aca is fearr leat, an
leath mór agus mo mhallacht, no an leath beag agus mo
bheannacht." "B'fhearr liom," ar seisean, "an leath beag agus
do bheannacht." "Geobhaidh tu sin, a mhic," ar sise.



D'imthigh sé ann sin, agus sheas sise ag cur beannacht 'na
dhiaigh go raibh sé as amharc. Bhí sé ag coisidheacht ann sin go
raibh meadhon an laé ann, agus go dtáinig sé go dti an tobar a
raibh uachtar meala agus íochtar fola ann. Shuidh sé ann sin
agus tharraing sé amach a cháca. Tháinig an coileán madaidh
taobh shiar dé agus d'iarr sé deoch agus blogam air.



"O ní deoch ná blogam bhéarfas mé dhuit," ar seisean,
"acht gabh ann so chugam agus ith do chuid mar mé féin.
Roinnfidh mé leat an méad atá agam."



"Croidhe na féile thu," ar san coileán madaidh, "agus ní
misde thu." D'itheadar agus d'óladar a sáith le chéile ann sin.



Nuair d'éirigh sé suas ann sin le bheith ag imtheacht, dubhairt
an madadh beag leis, "tá tu dul ag iarraidh fortúin, mar
d'imthigh do bheirt dhearbhráthair rómhat. Tiucfaidh tu go


L. 117


teach mór, agus iarrfaidh fear an tighe an rachaidh tu ar aimsir
leis. Bhí do bheirt dhearbhráthair ann san tigh sin rómhad, agus
nuair nár fheudadar a n-obair do dheunamh do baineadh na cinn
díobh. Sí an obair bhéarfas fear an tighe dhuit le deunamh dá
fheadóig deug do chúmhdach agus do thabhairt a-bhaile leat 'san
trathnóna. Ní fheudfá sin do dheunamh gan congnamh. Seó
fídeóigín bheag duit. Séid í, agus tiucfaidh na feadóga chugad,
acht ar d'anam, ná sgar léithe, no caillfidhear thu."



D'imthigh an madadh uaidh ann sin.



Chuaidh an buachaill ar aghaidh, agus bhí sé ag imtheacht
agus ag síor-imtheacht, go dtáinig sé chomh fada leis an teach
mór, agus tháinig fear an tighe amach agus d'fhiafruigh sé dhé
créad do bhí sé ag iarraidh.



"Tá mé ag iarraidh aimsire," ar seisean.



"Créad is féidir leat do dheunamh?"



"Obair ar bith bhéarfas tu dham le deunamh, deunfaidh mise
mo dhíthchioll leis," ar seisean.



"Seó é an margadh dheunfas mise leat," ar san fear an tighe,
"muna bhfuil tu ionnánn an obair bhéarfas mise dhuit do
dheunamh bainfidh mise an cloigionn díot."



"Agus má tá mé ionnánn a dheunamh," ar san buachaill,
"bhéarfaidh tusa cead dam an cloigionn do bhaint díot-sa?"



"Ní thiúbhrad go deimhin," ar seisean, "acht bhéarfaidh mé
luach do shaothair go maith dhuit."



Rinne siad an margadh, agus shocraigh siad le chéile mar sin,
agus fuair an buachaill a shuipéar agus leabuidh mhaith, agus
chuaidh sé 'na chodladh.



Ar maidin, an lá ar na mhárach, nuair raibh a bhréacfast
ithte aige, thug an feilméar amach chum an stábla é, agus d'
fhosgail sé an doras agus d'imthigh an dá fheadóig deug amach
as ar an móimid; agus suas san aer leó. "'Sí an obair atá agad
le deunamh andiú, iad sin do chumhdach," ar san feilméar,
"agus bíodh siad uile agad ar dteacht duit 'san trathnóna no
bainfidh mise an ceann díot." D'imthigh sé ann sin uaidh.


L. 118


Nuair bhí sé as amharc tharraing an buachaill a fhídeóg
amach, agus shéid sé í, agus tháinig na feadóga uile 'na thim-
chioll. "Ná téidhidh ró fhada uaim anois," ar seisean. Tháinig
searbhfhóghanta amach chuige le n-a dhinéar. Nuair bhí sé ithte
aige agus an searbhfhóghanta imthighthe, shéid sé an fhídeóg agus
tháinig na feadóga 'na thimchioll. "Ná teirigh ró fhada uaim,"
ar seisean. Nuair bhí sé dul a-bhaile 'san trathnóna ann sin,
shéid sé an fhídeóg arís agus bhailigh sé iad uile le chéile, agus
nuair chonnairc an feilméar agus muinntir an tighe é ag teacht,
do bhí iongantas an domhain orra uile, an dá fheadóig deug do
bheith leis.



"Feicim go bhfuil d'obair deunta agad an uair seo," ar san
feilméar leis.



"O! tá; níor dhoiligh é," ar seisean.



Fuair sé a shuipéar an oidhche sin agus chuaidh sé chum a
leabuidh. Anois bhí iongantas mór ar an bhfeilméar agus ar a
mhnaoi cia an chaoi ar fheud sé na feadóga thabhairt a-bhaile
leis, agus bhí siad ag deunamh cómhairle le chéile ar feadh na
h-oidhche créad dheunfadh siad le fághail amach cia an sórt ruid
do bhí aige leis na feadóga do chruinniughadh.



An lá ar n-a mhárach, nuair bhí sé ag cúmhdach na bhfeadóg,
timchioll an mheadhon-laé, chuir siad a n-inghean óg amach
chuige le na dhinéar. Nuair bhí sé ag ithe bhí sise ag caint leis,
agus d'fhiafruigh sí dhé cia an chaoi ar fheud sé na feadóga
fiadháine sin do chruinniughadh.



"Leis an bhfídeóig bhig seo," ar seisean, 'gá tarraing amach,
"fan go fóil go mbéidh mo dhinéar ithte agam agus taisbeán-
faidh mé dhuit mar thiucfas siad nuair shéidfidh mé i."



Nuair bhí a dhinéar ithte aige ann sin, shéid sé an fhídeóg
agus tháinig na feadóga 'na thimchioll. "Cruinnighim iad dá uair
'san lá," ar seisean, "'san meadhon-laé ar eagla go rachfaidís
ro fhada uaim, agus arís ar dteacht a-bhaile san trathnóna
dham."



D'imthigh an inghean a-bhaile, agus d'innis sí dhóibh go raibh


L. 119


fídeóg ag an mbuachaill , agus gur chruinnigh sé na feadóga
léithe. "Caithfimid a fághail uaidh," ar siad-san.



Nuair tháinig sé a-bhaile an oidhche sin, dubhairt an
máighistir go mbfearr leis dá ndíolfadh sé an fhídeóg do bhí aige,
agus go bhfeudfadh a bhean féin dul ag cúmhdach na bhfeadóg,
agus nach mbeidheadh dada aige-sean le deunamh. "O!" ar
seisean, "ní maith liom sgaramhaint léithe."



Dubhairt an bhean ann sin, go rachadh sí féin agus go
gceannóchadh sí uaidh í. Bean bhreágh sgiamhach do bhí innti,
Chuaidh sí féin chuige an lá ar n-a mhárach le n-a dhinéar, agus
dubhairt sí leis gur chualaidh sí ó'n inghin go raibh fídeóg aige
do chruinneóchadh na feadóga. "Tá," ar seisean. "Nach dtais-
beánfá dham í," ar sise. Tharraing sé amach é, agus thaisbeán
sé dhi í. "Nach ndiolfá liom í?" ar sise.



"Go deimhin, ní raibh sí le díol agam," ar seisean, "acht
créad do bhéarfá dham uirri?"



"Bhéarfainn cúig punta dhuit," ar sise.



"Ní thiubhrainn uaim i," ar seisean.



"Bhéarfaidh mé deich bpunta dhuit," ar sise.



"Ní thiúbhrad," ar seisean.



"Bhéarfad leith-cheud punta," ar sise.



"Ní thiúbhrad," ar seisean.



D'imthigh sí a-bhaile, agus chruinnigh sé na feadóga agus
thiomáin sé iad a-bhaile leis an oidhche sin.



An lá ar na mhárach, tháinig sí chuige arís le n-a dhinéar,
agus thairg sí ceud púnta dhó ar an bhfídeóig.



"Ní'l m' fhídeóg le díol agam chor ar bith," ar seisean.



Bhí fearg ar an bhfear nuair tháinig an bhean a-bhaile chuige
gan an fhídeóig.



An lá ar n-a mhárach, tháinig sí chuige arís le n-a dhinéar.



"Innseóchaidh mé dhuit," a-deir sí, "créad dheunfas mé
leat. Bhéarfaidh mé dá cheud punta dhuit ar d' fhídeóig, agus
aguisín."



"Cad é an t-aguisín?" ar seisean.


L. 120


"Cead bheith do m' phógadh ar feadh leath-uaire," ar sise.



"Caithfidh mé an t-aguisín fhághail i dtosach," ar seisean.



Fuair sé an t-aguisin. "Anois," ar sise, "tabhair dam an
fhídeóg." "Go deimhin, ní thiúbhrad," ar seisean, "ní'l
baoghal orm a tabhairt duit, dubhairt mé leat cheana nach raibh
sí le díol."



B'éigin dí dul a-bhaile mar sin gan aon fhídeóig. Bhí fearg
mhór uirri, agus dubhairt sí le n-a fear, "an bitheamhnach
bradach sin do tháinig ann so," ar sí, "ní thig liom seasamh
leis. Díbir as an áit é, ar fad, é féin agus a fhídeóg. Ní bhéidh
mé ag amharc air níos mó."



Nuair tháinig an buachaill a-bhaile le n'a chuid feadóg an
oidhche sin, dubhairt an máighistir leis, nach raibh aon bhua-
chaill-aimsire ag teastál uaidh níos mó. "Bí 'g imtheacht uaim,"
ar sé.



"Rinne mé an obair do thug tu dham le deunamh, agus rinne
mé go maith í" ar san buachaill, "agus gheall tu luach-saothair
maith dham. Caithfidh mé lán dá mhála óir fhághail uait, agus
a gcur ar an tsean-láir sin."



Dhiúltaigh sé sin dó, acht faoi dheireadh, nuair sheas sé amach
go teann, thug sé mála óir dó. D'imthigh an buachaill ann sin,
tháinig sé a-bhaile chuig a mháthair, agus bhí sé 'na fhear
saidhbhir ó'n lá sin.



XVI



Mar fuair Diarmuid a bhall-seirc.



D'imthigh Diarmuid agus Conán agus Goll agus Osgar, an
ceathrar, ag fiadhach, lá, agus d'imthigheadar chomh fada sin ó'n
mbaile nach rabhadar ionánn tarraingt a-bhaile, an trathnóna.


L. 121


Chaitheadar tosach na h-oidche astigh 'san gcoill. Bhí
siad ag siúbhal na coille agus ag baint toraidh dhí, agus 'gá
ithe.



Nuair dhírigh sé amach ann san meadhon-oidhche, chonnairc
siad solus uatha ann san gcoill, agus rinneadar ar an solus.
Fuair siad teach beag rómpa, agus bhí an solus ag teacht as.
Thángadar asteach ann, agus an sean-fhear do bhí ann san
gclúid, chuir sé ceud míle fáilte, ann a n-ainm agus ann a
sloinneadh, rómpa.



Ní raibh duine ar bith ann san teach, acht an sean fhear, agus
cailín óg, agus cuit (cat).



Dubhairt an sean-fhear dinéar d'fhághail réidh d'Fhiantaibh
Eireann; go raibh ocras mór orra, agus a fhághail réidh go beó.



Frith an suipéar, agus nuair bhí an bord leagtha agus an
suipéar air, tháinig molt caorach do bhí ceangailte shoir i dtóin
an tighe, agus d'éirigh sé suas ar an mbord an áit a rabhadar
ag ithe a mbeatha. D'fheuchadar ar a chéile nuair chonnairc
siad sin.



"Éirigh, a Chonáin," ar Goll, "agus ceangail an molt sin,
'san áit a raibh sé cheana."



D'éirigh Conán go gceangóladh sé an molt, agus rug sé air.
Bhain an molt crathadh as féin agus leag sé Conán faoi n-a
leath-chois.



D'fheuch an mhuinntir eile ann sin ar an saothar do rinne an
molt le Conán. "Éirigh, a Dhiarmuid," adeir Goll, "agus
ceangail an molt sin, ann san áit a raibh sé cheana."



D'éirigh Diarmuid agus rug sé ar an molt, agus má rug, chuir
an molt crathadh as féin, agus leag sé Diarmuid agus chuir sé é
faoi n-a leath-chois eile.



D'fheuch Goll agus Osgar ar a chéile agus tháinig náire orra,
agus budh shuarach leó é, an saothar do rinne an molt.
"Éirigh, a Osgair, agus ceangail an molt sin ann san áit a
raibh sé cheana,"



Rug Osgar ar an molt, agus má rug chuir an molt é faoi an


L. 122


gcois eile. Anois bhí an triúr faoi n-a chosaibh agus bhí cos
falamh fós aige. D'éirigh Goll ann sin agus rug sé féin air, agus
má rug, bhain sé leagan as an molt, acht d'éirigh an molt gan
bhuidheachas dó, agus chuir sé Goll faoi an gcois eile.



Is mór an náire, "adeir an sean-fhear, "a leitheid d' úsáid do
bheith d'á tabhairt d'Fhiantaibh Éireann, éirigh, a chuit (a chait),
agus ceangail é sin 'san áit a raibh sé."



D'éirigh an cuit agus rug sé air agus sgar sé a chrúb thart
thimchioll air, agus rug sé an molt leis gan buidheachas dó, gur
cheangail sé é arís i dtóin an tighe.



D'éirigh na fir, agus 'r éis éirighe dhoíbh, ni rabhadar ag ithe,
bhí náire orra ag an saothar do rinne an molt.



"Ithigidh bhur ndinéar," adubhairt an sean-fhear, "agus
nuair bhéidheas sé ithte agaibh, innseóchaidh mise gur sibh-se
na gaisgidhigh is fearr 'san domhan." D'itheadar a ndinéar
ann sin.



"A Ghoill," adeir an sean-fhear, "is tu an gaisgidheach
is fearr 'san domhan. Bhain tu cor as an Domhan. Tá neart an
Domhain ann san molt, acht tá dul ag an mBás ar an Domhan
féin, agus sin é an Bás," ar sé, leis an gcuit.



Bhí an suipéar ithte aca ann sin, agus iad ag caint le chéile,
agus dubhairt an sean-fhear leapacha d'fhághail réidh dóibh, agus
iad (do) dhul na gcodladh.



Chuadar 'na gcodladh, an ceathrar, i n-aon t-seomra amháin,
agus nuair chuadar na gcodladh, tháinig an bhean óg ag codladh
i n-aon t-seomra amháin leó, agus an bhreághacht do bhí innti
bhí sí ag soillsiughadh ar an mballa mar bheidheadh solas coinnle.



Rinne Conán smaointiughadh (smuaineamh) agus é astigh ar a
leaba (do) dhul buil? (= mar a raibh) an bhean óg, agus chuaidh
sé chuici ar cholbh a leaptha.



'Sí an Óige do bhí ann san bhean (mnaoi) óig.



"O! a Chonáin," adeir sí, "téidh ar d'ais go do leaba, bhí
mise agad cheana, agus ní bhéidh mé agad arís go bráth."


L. 123


Chuaidh Conán ar ais chum a leaptha féin agus d'éirigh Osgar
ann sin, agus b'áil leis teacht mar a raibh sí. Agus dubhairt sí le
Osgar: "cá bhfuil tu dul?"



"Sgathadh do chathadh buil (= áit) a bhfuil tu féin," ar
Osgar.



"Teirigh ar d' ais, a Osgair, bhí mé agad cheana, agus ní
bhéidh mé agad arís go bráth."



D'fhill Osgar chum a leaptha.



D'éirigh Diarmuid ann sin go dtiucfadh sé féin mar a
raibh sí.



"Cá rachas tu, a Dhiarmuid?" ar sise.



"Is chugad-sa tá mé ag dul, sgathadh beag do chathadh leat,"
ar Diarmuid.



"O! a Dhiarmuid," ar sise, "ní thig leat, bhí mise agad
cheana, a Dhiarmuid," ar sise, "agus ní bhéidh mé agad arís
go bráth; acht iompaigh orm anall a Dhiarmuid," adeir sí, "agus
bhéarfaidh mise ball-searc (seirc) duit (i riocht) nach bhfeicfidh
aon bhean go bráth thu nach meallfaidh tu."



D'iompaigh Diarmuid chuici, agus chuimil sí a lámh ar a
eudan, agus d'fhág sí an ball-searc air, agus ní raibh bean do
chonnairc Diarmuid ó shoin amach nach meallfadh sé.



XVII



Seunadh na mná óige.



Bhí cailín óg ann, agus fear d'á cúirtéaracht. Agus rinneadar
suas le chéile mar sin - go ndubhradar nach bpósfadh sí choidhche
aon fhear acht é féin. Bhí sé aici, go dtainig fear eile d'á cúir-
téaracht, agus an fear deire do tháinig, budh mhó an meas do bhí
aici air, 'ná ar an cheud-fhear.


L. 124


Bhí an fear deire seó agus í féin deunta suas le pósadh, agus
nuair chualaidh an cheud-fhear do bhí 'g'á cúirtéaracht, tháinig
sé an oidhche sul do bhí sí le pósadh, agus dubhairt sé go mbeidh-
eadh sí aige féin an oidhche seo. D'iarr sí spás air go gcoigligheadh
(= gcoigleóchadh) sí an teine; bhí sise ann a léine, agus bhí
seisean shiar ann san tseomra. Dubhairt sé go dtiúbhradh sé
sin di.



Nuair bhí sí shuas, i n-áIt an teine do choigilt, 'sé rinne sí
imtheacht amach ag siúbhal na h-oidche. D'imthigh sí ann sin
chomh fada ann san tír - agus í ann a craicionn acht a léine -
nach raibh fhios aici fá dheireadh cá raibh sí.



Do casadh teach léithe ann sin, agus tháinig sí asteach ann,
agus ní raibh astigh roimpi acht aon fhear amháin.



"Goirim agus casraighim thu," adeir sé, "agus créad tá ort?"



D'innsigh (d'innis) sí dhó an fear do bhí 'na diaigh ar a
leitheid sin de chaoi.



"O! ní'l baoghal ar bith ort ann so," adeir sé, "fan ann so
ar aimsir agam-sa, agus béidh tu níos fearr."



Chuir sí suas leis ann sin, agus d'fhan sí aige, agus bhí sí ag
deunamh gach uile shóirt dó, mar bhí foilleamhnach, go dtáinig
an oidhche. Nuair dhírigh sé amach sgathadh ann san oidhche
d' fhág sé an teach agus d'imthigh sé uaidh. Bhí sé mar sin ag
dul amach gach aon oidhche i n-imtheacht seachtmhaine.



Thug sí ann a ceann é go mb'ait léithe fios fhághail cá raibh
sé ag dul amach gach uile oidhche mar sin, agus lean sí an
oidhche seó é a gan fhios dó. 'Sí an áit a ndeachaidh sé - chum
na roilige ag tógbháil corp. Chonnairc sí sin, agus bhí faitchios
mór uirri, agus rith sí a-bhaile arís, chomh luath agus do bhí
innti. Acht nuair bhí sí ag rith a-bhaile chaill sí a leath-bhróg,
agus nuair bhí seisean ag filleadh fuair sé í. Nuair tháinig
seisean ar a ais, bhí sise ann a h-áit féin, agus leig sí uirri do
bheith ann a codladh.



Ar maidin an lá ar n-a mhárach, dubhairt seisean léithe,
"Cá bhfuil an leath-bhróg," adeir sé, "do bhí ort andé?"


L. 125


"Chaill mé í," ar sise, "ag beathughadh na laoghanna
(laogh)."



"Fágh do bhróg ar mhaithe leat féin, bíodh do bhróg ort
amárach," adeir sé.



'San oidhche 'na dhiaigh sin d'imthigh sé arís ag tabhairt aire
d'á ghnatha (gnódh) féin ameasg na gcorp. Nuair tháinig sí
a-bhaile ar maidin, d'fhiafruigh sé an raibh an bhróg ar fághail;
"Innis dam cá 'r chaill tu í," adeir sé.



"Chaill mé í," adeir sí, "nuair bhí mé ag beathughadh na
laoghanna (laogh)."



"Anois," ar sé, "innis damh-sa, a chailín, cá' r chaill tu do
bhróg; acht muna bhfuil sé agad ar maidin amárach dam,
bainfidh mise an ceann díot."



D'imthigh sé amach arís ann sin, an tríomhadh oidhche, acht
nuair tháinig sé abhaile ní raibh sise roimhe. Bhí faitchios uirri,
agus d'fhág sí an teach agus d'imthigh sé ag tóruigheacht
aimsire.



Bhí an bhean óg ag imtheacht andhéigh a cinn roimpi, ag
sír-imtheacht le teannadh faitchis, no go dtáinig sí asteach ag
teach mór breágh, agus shocraigh sí ar aimsir ann sin, agus má
shocraigh féin bhí meas mór uirri, mar budh sheirbhiseach
breágh gnaoidheamhail do bhí innti, a raibh fios aici ar 'ch-uile
shórt do dhéanamh dá bhfoillfeadh do mhnaoi ar bith do
dheunamh.



Ghlac mac an duine uasail ar leis an teach mór, taithneamh
dí, agus dubhairt sé nach mbeidheadh aon bhean choidhche aige
acht í. Dubhairt sise ann sin nach raibh sé acht ag magadh
fúithche agus nach bpósfadh sé í chor ar bith, agus ní thug
seisean sin dí le rádh, acht dubhairt go bpósfadh go cinnte í.
Nuair fuair sí an geall sin, chuir sí fios ar an sagart agus pósadh
iad. Trí ráithe ó'n lá sin bhí mac óg aici.



Tuairm a do-deug a chlog 'san oidhche, nuair bhí a gcodladh ag
tuitim ar na cailleachaibh do bhí ag faire léithe, d'fhosgail an
dorus, agus tháinig an máighistir do bhí uirri asteach chuici,


L. 126


ann san t-seomra. Bhí na mná uile ann a gcodladh agus ní
fhacaidh siad é.



Chuir sí ceud fáilte roimhe. "Ora, a mháighistir is fearr do
bhí ann san domhan ariamh agam," adeir sí, "ceud míle fáilte
rómhad."



"Ní'l aon tóir agam ar do chuid cainte," adeir sé, "agus
ná bí 'gam bhodhrughadh léithe, acht innis dam ar an móimid
seó cá 'r chaill tu do leath-bhróg?"



"Chaill mé í," ar sí, "nuair bhí mé ag beathughadh na
laoghanna."



"Anois," adeir sé, "béarfaidh mise do pháiste uait muna
n-innsigheann tu dham cá'r chaill tu do leath-bhróg, agus béidh
tu gan páiste."



"O! maiseadh," ar sise, "ní thig liom a rádh acht gur chaill
mé í nuair bhí mé dul ag beathughadh na laoghanna."



Nuair nach raibh sé ag fághail aon fhreagartha eile uaithi acht
sin, thug sé an páiste leis ó n-a taoibh agus d'imthigh sé.



Nuair dhúisigh na sean-mhná, fuaireadar an páiste imthighthe.
D'innis siad do'n máighistir gur chuir an máighstreas droch-chor
éigin ar an bpáiste, agus nach raibh sé le fághail. Dubhairt
seisean go mbudh chuma leis créad do dheunfadh an páiste,
acht í féin do bheith go maith.



Thuit sé amach bliadhain 'na dhiaigh sin go raibh páiste eile
aici. Bhí cúmhlódar (cómhluadar) ag faire léithe ann san oidhche
acht thuiteadar 'na gcodladh.



Tháinig an fear ceudna asteach. "Ceud míle fáilte rómhad, a
mháighistir is fearr do bhí agam ariamh," ar sise.



"Ní 'l mé ag tóruigheacht do chuid cainte anois," ar seisean,
"acht innis dam cá 'r chaill tu do leath-bhróg. Muna n-innsigheann
tu dham cá 'r chaill tu do leath-bhróg tiúbhraidh mise an páiste
seó uait arís."



"O!" ar sise, "chaill mé í nuair bhí mé dul ag beathughadh
na laoghanna."



"Innis dam an móimid seo cá' r chaill tu do leath-bhróg no
béidh tu gan páiste."


L. 127


"Ní'l agam le rádh acht gur chaill mé í nuair bhí mé ag
beathughadh na laoghanna."



Thug sé an páiste leis ó n-a taoibh, agus d'imthigh sé.



Nuair dhúisigh na sean-mhná ní raibh aon pháiste ann.



Chuaidh an sgeul ann sin chuig an máighistir nach raibh an
páiste le fághail, agus go raibh an páiste eile seo imthighthe
uaidh.



"O" dubhairt bean-uasal mhór do bhí ann san teach,
"thairg mise m'inghean duit sul ar phós tu í seó, agus dá
bposfá m'inghean-sa an t-am sin, bheidheadh bean agus clann
agad anois!"



"Má d'imthigh an páiste," adeir sé, "cad é an neart atá agam-
sa air. Bhéarfaidh mé féachaint eile di."



I gceann bliadhna eile bhí páiste eile aici, agus thuit amach
go raibh cúmhlódar d'á faire arís an oidhche seó, no go raibh sé
a bhfad 'san oidhche. Mac óg eile do bhí aici.



Ann san am a dtáinig a gcodladh orra ar fad, shiúbhail sé
seó asteach.



"Maiseadh! ceud míle fáilte rómhad, a mháighistir is fearr do
bhí ann san domhan ariamh agam," ar sise.



"Ní ag tóruigheacht do chuid cainte ná do chuid bladair,
tháinig mé," ar seisean, "acht innis dam cá'r chaill tu do leath-
bhróg?"



"Ag beathughadh na laoghanna," ar sise.



"Innis dam ar an móimíd cá'r chaill tu do leath-bhróg," ar
seisean, "no béarfaidh mise an páiste uait."



"Ora! a mháighistir," ar sise, "do chaill mé é nuair bhí mé
dul ag beathughadh na laoghanna."



Thug sé fuil coiligh leis an oidhche seó, agus chuimil sé sin dí
ar beul, go raibh a beul uile smeadarálta leis an bhfuil. Thug
sé an páiste leis, agus d'imthigh sé.



Nuair dhúisigh na sean-mhná fuaradar an páiste imthighthe
agus í féin agus fuil ar a beul agus ar 'ch-uile áit dí. An bhean-
uasal so do bhí astigh dubhairt sí, "is fada mé ag innseacht


L. 128


duit," ar sí, "dá bpósfá m'inghean féin, nach mbeidheá mar
sin." Rinneadh amach aici (= chuir sí i gcéill dó) gur ithe a
páiste do rinne a bhean. "Dá bpósfá m'inghean-sa ar dtús," ar
sí, "ní bheidheá anois gan chlainn."



"Ní bhéidh mé mar sin," ar seisean, "pósfaidh mé
d'inghean."



Lá ar na mhárach, tugadh breitheamhnas crochta ar an
mnaoi, mar gheall ar a páiste d'ithe. Ní raibh spás ar bith le
fághail aici, acht a crochadh.



Do cuireadh croch suas ann sin os coinne an dorais mhóir,
agus tugadh í amach le n-a crochadh, agus nuair bhí sí shuas ar
an gcroich, dul d'á crochadh, créad d'fheicfeadh siad ag teacht
acht cóiste ceithre capall agus fear innti. D'fhan siad, ann sin, go
dtáinig an cóiste suas, agus tháinig an fear so as, agus rug sé
amach triúr páiste as. Chuaidh sé suas go dti an áit (ann) a raibh
sí féin dul d'á crochadh, é féin agus a thriúr clainne. Nuair
tháinig sé chomh fada léithe dubhairt sé "cá raibh tu nuair
chaill tu do leath-bhróg?"



"Ag beathughadh na laoghanna do bhí mé," ar sise.



"Tar anuas," adeir sé, "seo iad do thriúr clainne dhuit. Is
tu an bhean is fearr," ar sé, "abhos no thall, no a thiucfas go
bráth. Sheun tu mé go srig (go dti) an bás. Anois tá do thriúr
clainne tógtha agam-sa 'na bpáistibh maithe. Agus an bhean sin,"
adubhairt sé, "do bhí ag rádh go raibh tusa ag ithe na bpáiste
agus do bhí ag tabhairt a h-inghine féin dod' fhear mar mhnaoi,
téidheadh an bhean sin anois ann san áit a bhfuil tusa agus
crochtar í. Ní raibh aon nídh ionnánn mo shábháil go seuntaoi
(seunfaoi) mé go dti an bás tra uaire. Bhí mé faoi draoidheacht.
Sheun tusa mé, agus do cheann ann san rópa; shábháil tu me o
draoidheacht." (Tháinig sí anuas ann sin, agus phóg an duine
uasal í féin agus a thriúr clainne, agus bhí lúthgháire mhór air;
acht do cuireadh an bhean eile suas ann a h-áit agus do crochadh
í. Bhí an seun agus an sonas orra o shoin amach).


L. 129


XVIII



Cailleach ghleanna-na-mBiorach, agus an Tarbh Dubh.



Ann san t-sean-aimsir, do bhí cailleach 'na cómhnuidhe i
nGleann-na-mbiorach, i gcondaé an Chiarraidh. Ní raibh teach
ná árus aici, acht poll do bhí faoi bhonn carraige móire, ar
thaoibh an ghleanna. Bhí sí ann san áit sin le linn an duine is
sine ann san gcómharsanacht, agus níor athraigh sí pioc, ar
feadh an ama sin. Ní raibh aon tslighe bheatha aici d'á bhfacaidh
aon neach, agus ní facas í ariamh péirse ó bheul an phuill, agus
ní fhacaidh na daoine biadh ná deoch ag dul chuici, acht bhí
tuairm ag gach uile dhuine 'san áit gur cailleach draoidheachta
do bhí innti; agus ní rachfadh duine ar bith, sean no óg, dá
bhfághadh siad ór agus airgiod, tré Ghleann-na-mbiorach tar
éis dorchadais na h-oidhche. Ní raibh oidhche 'san mbliadhain
nach gcluinfeadh na daoine tathfan mór ann san ngleann, amhail
agus da mbeidheadh na ceudta madadh ag troid innti.



Aon lá amháin, roimh éirghe na gréine, chuaidh sean-fhear
dar bh' ainm Murchadh Ruadh O Conchubhair, tre Ghleann-na-
mbiorach le punnann choirce do thabhairt do tharbh dubh do bhí
aige ar feurach 'san ngleann. Nuair d'fheuch sé ar bheul poill na
caillighe, agus é ag gabhail thart, chonnairc sé cor-ghlas agus
easconn mhór fhada ann a gob; leig sí do'n eascuinn thuitim ag
beul an phoill, agus níor bhfada go dtáinig madadh bán amach
agus thug an easconn asteach leis. Bhreathnuigh Murchadh
Ruadh go raibh ocht gcosa faoi an madadh bán, agus chuir sin
iongantas agus eagla mhór air. "Dar m'anam," ar sé, "tá tuairm
na ndaoine ceart, is cailleach draoidheachta atá ann san bpoll úd
thall."


L. 130


Bhí an tarbh dubh ag eisteacht le Murchadh Ruadh ag rádh
na bhfocal sin, agus chuir sé a chluasa i n-áirde, rinne géim
bheag, agus dubhairt: "A Mhurchaidh Ruaidh, ná bíodh
iongantas ná eagla ort, acht éist le mo bhriathraibh mar tá siad
fíor. Tá an chailleach liath ann san bpoll sin ó aimsir na bhFear
bolgach (= Bolg), agus is í do chuir an slad mór ar bhath
(bhuaibh) na tíre; b'éidir nach gcualaidh tu an slad mór do rinne
an phláigh cheudna. Níor fhág an phláigh sin tarbh, bó, ná
biorach ann san tír, acht mise agus biorach óg do bhí 'san
ngleann so, agus is uainn do tháinig an chuid is mó de bhath na
tíre. Ní'l acht aon chaoi amháin leis an gcailleach agus a mac, sé
sin madadh na n-ocht gcos, do chlaoi. Fágh an oiread de mo
bhualtrach-sa agus dheunfas teine mhór, agus nuair bhéidheas
sé tirm agad, deun cárnán dé i mbeul puill na caillighe, agus cuir
splanc faoi. Béarfaidh sin í féin amach, agus a mac, madadh na
n-ocht gcos, léithe. Is máthair na caillighe an chor-ghlas. Seachain
thu féin uirri, no ní fhágfaidh sí súil ann do cheann. Tabhair
súiste leat, ná buail an chailleach, acht tabhair faoi an madadh
agus faoi an gcor-ghlas má thagann siad i n-aice leat, agus
troidfidh mé féin an chailleach."



"Mise mo bhanaidhe go ndeunfaidh mé mar deir tu," ar sa
Murchadh Ruadh, "acht cogair! An innseóchaidh mé do na
buachaillibh gur labhair tu liom?" ar seisean. "Go deimhin is
cuma liom," ar san tarbh dubh, "mar nuair mharbhóchas mé
an chailleach liath, a mac agus a máthair, béidh mo theurma
saoghalta caithte, acht b'fhearr duit féin gan labhairt air."



Bhí imnidhe mhór ar Mhurchadh Ruadh ag imtheacht a-bhaile
dhó. Ar maidin, an lá ar na mhárach, gháir sé ar a mhnaoi agus
dubhairt léithe iasacht súiste d'fhághail dó.



"Cia an gnaithe (gnó) atá agad le súiste?" ar san bhean,
"ní'l coirce ná cruithneacht agad le bualadh."



"Nach cuma dhuit cia an gnaithe atá 'gam leis, acht fágh
dham é."



D'ith Murchadh a bhéile ann sin, agus 'na dhiaigh sin


L. 131


d'imthigh leis go Gleann-na-mbiorach, agus chruinnigh sé roinn
mhór de bhualtrach an tairbh dhuibh, agus chuir sé ar bhárr
cloiche móire é le tirmiughadh. Tháinig se a-bhaile arís, ann sin,
agus d'fhiafruigh de'n mhnaoi an bhfuair sí an súiste.
"Fuaireas," ar sí, "tá sé ann san gcoirneull, agus tá mé le na
thabhairt ar ais amárach, má bhidhim beó." "Seadh!" ar
seisean, "muna mbéidh sé briste."



Lá ar na mhárach, chuaidh sé go Gleann-na-mbiorach, agus
rinne sé cárnán de'n bualtrach tirm i mbeul puill na caillighe,
agus chuir splanc faoi, agus níor bhfada go raibh sé 'na lasair,
agus bhí an deatach ag dul asteach 'san bpoll.



Fuair Murchadh greim ar a shúiste, agus dhruid sé amach ó
bheul an phuill, 'san ngleann; agus níor bhfada gur chualaidh sé
tathfan agus casachta 'san bpoll. Níor bhfada ann sin go dtáinig
an chailleach agus an madadh bán amach. Bhí fhios ag an tarbh
dubh go rabhadar ag teacht. Tháinig sé ann a láin-rith agus
d'ionnsaigh sé madadh na n-ocht gcos. Ghread an chailleach
a bosa agus ghlaodh sí: "Fágh greim air, a choileáin, fágh greim
air, no béidh tu sguabtha, agus mise leat; an tarbh sin atá ann
do láthair is Domblas Mór é, námhad láidir, do chongbhaigh mé
faoi gheur-chrádh ó aimsir phláighe na mbó."



"Seadh! a chailleach ghránna, mharbh tu na mílte bó, agus
d'fhág tu na ceudta agus na mílte daoine i n-easbhuidh, gan
bainne, gan feóil," ar san tarbh dubh.



Rinne an madadh léim ann sin, agus shaoil sé greim sróna
d'fhághail ar an tarbh, acht chuir an tarbh a dhá adhairc faoi, do
chaith sé suas 'san aér é mar do chaithfeá meuróg láimhe, agus
nuair bhí sé teacht anuas, tharraing Murchadh an súiste agus
bhuail sé buille air idir an dá shúil, agus sgoilt sé a chloigionn.
Acht ní raibh madadh na n-ocht gcos marbh. D'ionnsaigh sé
an tarbh an dara uair agus shaoil sé a thabhairt go bruach an
phuill, acht bhí an tarbh ró ghlic dó, thug sé árdughadh eile 'san
aér dó, níos áirde 'ná an cheud-cheann, agus nuair bhí sé teacht
anuas bhí Murchadh reidh le buille eile do thabhairt dó, acht


L. 132


mar bhí sé ag tarraingt na buille tháinig an chor-ghlas agus
shaoil sí gob 'san tsúil do thabhairt dó, acht ní ann san tsúil
bhuail sí é, acht ar a chlár-eudain, agus chuir sí ar a thár-a-n-
aírde é. Rith an chailleach agus fuair greim air, agus bhí d'á
chrathadh agus d'á thachtadh, gur shaoil sé go rachfadh an
t-anam as. Bheidheadh sé marbh aici acht go dtáinig an tarbh
dubh, agus thug sé buille coise do'n chailligh, do chuir go taoibh
eile an ghleanna í. D' fhill sí arís go tapa, agus dubhairt leis an
tarbh dubh, "fág an cath idir mé féin agus Murchadh."



"Tá mise sásta," ar sa Murchadh, "acht fuair tu buntáiste
orm, nuair bhí mé ar lár le buille-ghuib ó do mháthair draoidh-
eachta." Leis sin tharraing sé an súiste agus bhuail í ann san
gclár-eudain, gur chuir sí sgread aisti gur cluinneadh seacht míle
ó'n ngleann í. Bhí madadh na n-ocht gcos sínte, amhail mar
bheidheadh sé marbh, acht nuair chualaidh sé sgread na caillighe
d'éirigh sé, agus thug léim, agus fuair greim sgornaigh ar
Mhurchadh, agus bhí 'gá thachtadh, go dtáinig an tarbh dubh le
na bheul fosgailte, fuair greim ar an madadh, agus rinne min-
midirlínidh (?) de gach uile chnáimh ann a chorp. "Bheirim
buaidh agus mo sheacht míle mallacht leis, duit," ar san chaill-
each agus thuit sí marbh os cionn madaidh na n-ocht gcos.
Tháinig an chor-ghlas ag scríoch go h-árd, agus thug sí iarraidh
ar Mhurchadh, acht bhí sé ar a choimhéad, agus bhris sé a
muinéal le buille de'n tsúiste, agus thuit sí marbh ar mhullach na
beirte eile.



"Dar m'fhocal is maith an laoch thu," ar san tarbh, "lean
mise agus taisbéanfaidh mé ciste óir agus airgid duit."



Lean Murchadh é asteach i bpoll na caillighe, agus a leithéid
d'amharc ní fhacaidh súil ariamh roimhe. Bhí bord mór de'n ór
buidhe i lár an t-seomra, agus carnán de phíosaibh óir agus airgid
air. "Anois," ar san tarbh dubh, "beir leat an oiread de'n ór
agus de'n airgiod agus bhéidheas ag teastál uait féin ar feadh do
bheatha, agus má chuireann aon duine ceist ort d'á thaoibh, abair
gur dhíol tu mise ar luach mór, óir ní fheicfidh aon duine mé ó'n
lá so amach."


L. 133


"Go deimhin tá brón orm faoi sin, budh mhaith an carad thu,
acht ó thárla nach bhfuil neart air, bheirim mo mhíle beannacht
duit," ar sa Murchadh.



"Tá sporán leathair faoi an mbord, líon é go tapa, agus bí
'g imtheacht," ar san tarbh dubh.



Rinne Murchadh amhlaidh, agus nuair thainig sé amach, thuit
carnán íthire síos i mbeul an phuill agus (do) dúnadh suas é.



Bhí sé mall 'san lá nuair tháinig Murchadh a-bhaile. Bhí
buailtín an tsúiste briste. "Cia an ait a raibh tu, no cia an chaoi
ar bhris tu buailtín Pháidín Sheumais?" ar san bhean.



"Bhris mé an buailtín ag bualadh mo thairbh dhána: tháinig
tighearna as Chonnacht, agus dhíol mé mo tharbh leis, tá mé ró
shean agus ró lag le smacht do chur air."



"Cia an luach fuair tu air?" ar sise.



Tharraing sé amach an sporán mór, agus dubhairt, "féach, tá
an sporán so líonta le ór agus le airgiod. Sin an luach is mó fuair
fear ar tharbh ariamh."



"Grádh mo chroidhe thu," ar sise, "támaoid saidhbhir go
bráth."



Chaith Murchadh agus a bhean beatha shona 'na dhiaigh sin,
acht nuair bhí fhios aige go raibh an bás i bhfogus dó, chuir sé
fios ar charaid, agus d'innis an sgeul dó o thús go deireadh.
Chuaidh an sgeul ó bheul go beul, go bhfuair mo mháthair mhór
é, agus is uaithe fuair mise é.



XIX



Seághan an dá chaora.



Ann san tsean-aimsir bhí firín beaga gruagacha agus lioprach-
áin le fághail i n-Éirinn, acht dhíbir na Gaill mhallaighthe iad,


L. 134


agus d'imthigh ádh na tíre leó. Tá go leór óir agus airgid faoi
an talamh i n-Eirinn ó aimsir na Lochlanach, acht ní'l fhios ag
aon duine anois cia an áit le n-a bhfághail, acht bhí eólas maith
ag na lioprachánaibh, a bhfad ó, cia an áit a raibh siad le fághail,
agus is iomdha fear d'fhágadar saidhbhir.



Ann san am sin, bhí fear óg darabh ainm Seághan O Súil-
liobháin 'na chómhnuidhe i dTurloch-mór, i ngar do Chaisleán-
a'-bharra, i gcondae Mhuigh-Eó. Do tógadh é i dtigh a mháthar-
mhór, mar fuair a athair agus a mháthair bás, nuair bhí sé
bliadhain d'aois. Nuair bhí sé i n-aois a deich mbliadhain bhí sé
na bhuachaill deas-lámhach, agus usáideach d'á mháthair-mhór
agus bhí cion mór aici air. Bhidheadh sé amuigh gach uile lá
ag tabhairt aire do na bath (buaibh) agus do na caorchaidh, agus
gheall sí dhó dá mbeidheadh sé 'na bhuachaill maith go bhfágfadh
sí dá chaora aige, nuair bheidheadh sí ag fághail bháis. Ar
maidin, lá ar na mhárach, chuaidh Seághan tríd na bailtibh,
agus d'innis do gach uile dhuine, sean agus óg, go mbeidheadh
dá chaora aige, nuair gheobhadh a mháthair-mhór bás. O'n lá
sin amach níor thug na daoine aon ainm air acht "Seághan a'
dá chaora," agus d'fhreagróchadh sé do'n ainm sin chomh maith
agus d'á ainm féin.



Bhí go maith, agus ní raibh go h-olc. Nuair bhí Seághan
cúig bliadhna déag d'aois, fuair a mháthair-mhór bás, agus
d'fhág dá chaora aige, othaisg agus molt. Ni rabhadar acht sé
míosa d'aois, agus ní raibh páirc dheas fheurmhar i bhfoigseacht
míle nach dtiubhradh Seághan a dhá chaora, agus nach gcuir-
feadh sé iad ar inbhear innti. Dá mbeidheadh cloidhe árd idir é
féin agus an pháirc, gheibheadh sé greim ar chaora faoi gach
ascall agus do bheireadh sé iad thar an gcloidhe. Ní thug na
daoine aon áird ar rud ar bith do dheunfadh Seághan, mar
shaoil siad gur amadán do bhí ann: acht budh amadán-
iarainn é!



Aon lá amháin bhí Seághan ag tiomáint asail fhallsa, agus
nuair nach siúbhalfadh sé go tapa dhó, thosaigh sé g'á bhualadh


L. 135


le maide mor do bhí aige. Thárla go raibh sagart ag dul na
slighe, agus dubhairt sé, "is mór an peacadh dhuit, a Sheághain,
an t-asal bocht do bhualadh chomh millteach sin, is beithidheach
beannaighthe an t-asal, nach bhfeiceann tu lorg na croise ar a
dhruim, agus is ar asal chuaidh do Shlánuightheóir ag marcuigh-
eacht, ag dul asteach go h-Iarusalem."



"Dar m'anam," adeir seághan, "dá mbeidheadh sé ag mar-
cuigheacht ar an mbitheamhnach fallsa so, diabhal amharc
d'fheicfeadh sé go deo ar Iarusalem!"



"Go bhfóirigh Dia ort, a bhuachaill gan chéill," ar san Sagart,
"tig le ár slánuightheóir gach uile nidh do dheunamh, agus
má iarrmaoid aon nidh air deunfaidh sé dhúinn é."



"Ní chreidim focal d'á n-abrann tu," ar Seághan, "deir na
daoine gur fear naomtha thu, acht cuirfidh mé mo dhá chaora
anois anaghaidh fiche "trí-deug," má théidheann tu ag mar-
cuigheacht ar an mbitheamhnach fallsa so nach mbéidh tu ag an
gcrois-bhóthar roimh luidhe na gréine, trathnóna, gan buille
do bhualadh air, agus ni'l acht míle gearr go dti an crois-
bhóthar."



Budh fhear greannamhail an sagart agus dubhairt sé"cuir-
fead an geall leat a Sheághain," agus chuaidh sé ag marcuigh-
eacht ar an asal, agus thug aghaidh an asail ar an gcroisbhóthar.
Bhí sé ag cuimilt muinéil an asail agus ag bladar leis, le na
dheifriughadh, acht is ar éigin bhí an t-asal ag cur coise roimh
cois eile: do rachfadh seilmide chomh tapa leis.



Bhí na daoine ag teacht amach as na tighthibh, ar gach
taoibh de'n bóthar, agus ag deunamh gáire faoi an sagart agus
faoi Sheághan. Bhí Seágham amach roimh an sagart, ag greadadh
a bhos chomh cruaidh agus d'fheud sé. Bhí tom fóthanán ar
thaoibh an bhóthair, agus thosaigh an t-asal g'á ithe, agus ní
chorróchadh sé go raibh a sháith ithte aige, agus ann sin, féin,
i n-áit siúbhal do dheunamh, luidh sé síos, agus budh bheag nár
bhris sé cos an tsagairt faoi.



"Muna ndeunfaidh tu deifír mhór," ar Seághan, "tá an


L. 136


geall gnóthaighthe agam, tá tu dá uair ar an mbóthar, agus ní'l
tu leath-bhealaigh go fóil."



"Biónn ádh ar amadán," ar san sagart, "agus seó dhuit
do gheall, tá níos mó de chéill ann do cheann 'ná do shaoil mé;
imthigh as m'amharc, thu féin agus d'asal, agus ná tar anaice
liom níos mó."



Léim Seághan ar an asal, thosaigh 'ga' leadradh leis an maide,
agus as go bráth leó. Bhí Seághan lúthgháireach go leór faoi an
gcaoi ar imir sé ar an sagart.



An trathnóna sin, thug Seághan an dá chaora a-bhaile leis
mar budh ghnáthach, agus chuir sé ar fosgadh iad, faoi bhinn an
tighe, agus chuaidh sé féin 'na chodladh. Tháinig an faolchu ann
san oidhche, nuair bhí sé 'na chodladh, agus mharbh sé an molt
agus d'fhág ann sin é.



Nuair chuaidh Seághan amach ar maidin, fuair sé an molt
marbh, agus chaoin sé níos mó 'na dhiaigh 'ná chaoin sé
andhiaigh a mháthar-mhór. Nuair bhí sé tuirseach ag caoineadh,
chuaidh sé chum na h-othaisge, agus dubhairt sé léithe, "ara,
a chréatúir bhoicht, nach bhfuil brón ort faoi do chéile do bheith
marbh, agus gan aon d'á phór beó acht tusa!" Nuair labhair sé
mar sin léithe, créad do rinne sí acht suidhe suas ar a taoibh-
shiar, d'fhéach sí thart, agus dubhairt sí le guth duine: "Bí
foighdeach agus tiucfaidh an molt chum beatha arís, má ghlacann
tusa mo chómhairle. Ná h-innis d'aon duine beó go bhfuil do
mholt marbh. Teirigh chum an bhaile-mhóir, agus ceannaigh
croiceann caorach leis an ollainn air. Tiucfaidh an faolchu ar
mo thóir-se anocht, acht béidh tusa le mo thaoibh, agus croiceann
na caorach ort, agus do sgian gheur ann do dheas-láimh, agus
nuair bhéarfas sé iarraidh orm-sa, cuir do sgian go dti an croidhe
ann, agus tuitfidh sé marbh. Ann sín bain amach an croidhe
agus cuimil ar theangaidh do mhuilt é, agus tiucfaidh sé chum
beatha, chomh maith agus bhí sé ariamh. Agus rud eile: tá
sparán óir i lár builg an fhaol-chú, agus ní bhéidh sé folamh go
deó, acht má leigeann tu do rún le aon duine beó, béidh tusa
agus mise agus an molt caillte go bráth."


L. 137


"Grádh mo chroidhe thu," ar sa Seághan, "deunfaidh mé
gach nidh mar deir tu liom, acht nach fada gur labhair tu liom,
agus mé i m'aonar ó fuair mo mháthair mhór bás, beannacht
Dé le n-a h-anam." - Níor fheud sé tuilleadh rádh, mar
dubhairt an othaisg: "Coisg do bheul, 'sí do mháthair-mhór
atá ag caint leat, agus 'sé d'athair-mór an molt atá sínte marbh
ag binn an tighe. Tá iongantas ort faoi sinne d'fheiceál i riocht
dá chaora, acht ní bhéidh iongantas ort nuair chluinfeas tu an
sgeul. Nuair bhí do mháthair ag fághail bháis, d'fhág sí d'ualach
orrainn aire do thabairt duit-se, bíodh muid (sinn) beó no marbh,
go mbeidheá bliadhain agus fiche, agus gheallamar sin dí. Nuair
chuamar i láthair an bhreithimh mhóir, do cuireadh sinn ar ais
ann san riocht so, le n-ár ngeallamhaint de chóimhlíonadh."



"Tá mé buidheach díot," ar Seághan, "agus déanfaidh mé
gach nidh mar deir tu, agus, maidir leis an rún, feicfidh tu go
gcongbhóchaidh mé é, cidh go saoileann daoine gur amadán
mé."



Chuaidh Seághan chum an bhaile-mhóir, cheannaigh sé an
croiceann agus tháinig sé a-bhaile. Thug sé neart féir thirm
do'n othaisg, agus nuair tháinig dorchadas na h-oidhche, chuir
sé an croiceann timchioll air féin, agus shín sé le cois binne an
tighe.



"Béidh tu priachta leis an bhfuacht sul má dtagann an faol-
chu," ar san othaisg, "suidh astigh le cois na teineadh go
gcluinfidh tu "má má" uaim-se."



Chuaidh sé asteach, chuir sé síos teine, agus shuidh sé féin
síos, ag smuaíneadh ar gach uile nidh thárla dhó. Bhí codladh
ag teacht air, nuair chualaidh sé "má má" ó'n othaisg, agus
amach leis. "Deun deifir," ar sise, "tá sé ag teacht." Chaith
Seághan an croiceann air, agus luidh sé síos le cois binne an
tighe. Níor bhfada go dtáinig an faolchu, acht nuair shaoil sé
greim d' fagháil ar an othaisg thug Seághan sáthadh dhó, gur
chuir sé an sgian trid a chroidhe, agus thuit sé marbh.
D'fhosgail sé a bholg ann sin, agus bhain sé amach an croidhe,


L. 138


agus chuimil sé ar theangaidh an mhuilt é, agus d'éirigh an
molt suas, chomh maith agus bhí sé ariamh.



Nuair bhí an molt agus an othaisg ag pógadh achéile, chuar-
taigh Seághan, agus fuair sé an sporán óir; bhí an sporán sin
níos luachmhaire 'ná iomlán condae Mhuigh-Eó, óir ní bheidheadh
sé falamh go deo!



Bhí cómhrádh fada idir Sheághan agus an dá chaora. Dubh-
airt an othaisg leis go mbeidheadh dá uan aici gach uile
bhliadhain, agus nach mbeidheadh aon uan 'san aonach leath
chomh maith leó. "Má chuireann aon duine tuairisg ort cia an
athair do bhí aca, abair nach bhfuil fhios agad. Teirigh chum do
leabuidh anois, agus ar maidin amárach tig leat a innseacht do
na cómharsannaibh gur mharbh tu an faolchu do tháinig ag
brath ar do dhá chaora, agus do bhí ag deunamh slaid mhóir ar
chaorchaibh na tíre. Geobhaidh tu moladh mór, go speisealta
ó'n sagart, mar mharbh sé mórán uan air; ní bhéidh aon
chómhrádh eile agam leat, no go mbéidh mo chómhairle ag
teastál uait."



"Tá cúpla focal agam-sa le rádh leis," ar san molt, "budh
é Páidín Eamoin an faolchu; is cuimhin leat gur crochadh é
seacht mbliadhna ó shoin, faoi Fhéilim Mac Gríomh do
mharbhadh, agus faoi a chuid caora do ghoid. Nuair chuaidh
sé i láthair an bhreithimh mhóir, do cuireadh ar ais ar an
tsaoghal so é, i riocht faolchu, ar feadh seacht mbliadhain, agus
anois tá sé ceangailte i lár Locha-Dearg i riocht uillphéiste, agus
béidh sé ann sin go deireadh an domhain."



"Tá cuimhne mhaith agam air," ar Seághan, "is beag nár
bhain sé an chluas díom aon lá amháin, nuair chuaidh mé le
nead do thóruigheacht ar a thalamh."



"Teirigh do chodladh anois, ní'l aon fhocal eile agam le rádh,"
ar san molt.



Ar maidin go moch, chuir Seághan an dá chaora i bpáirc fhéir
ghlaís, agus an sin chuaidh sé go tigh an tsagairt, agus d'innis


L. 139


dó gur mharbh sé faolchu an oidhche aréir. Níor chreid an
sagart é, agus dubhairt sé, "imthigh a-bhaile a bhitheamhnaigh,
fuair mé mo sháith mhagaidh uait féin agus ó d' asal, seal gearr
o shoin."



"Dar m'anam tá mé ag innseacht na fírinne glaine, bhí mo
dhá chaora ar fosgadh binne an tighe, agus tháinig sé ag brath
orra, nuair chuir mé mo sgian go croidhe ann, agus níor fhág
mé putóg ann a bholg nach bhfuil caithte ar an talamh anois,
i ngar do bhinn an tighe."



"Béidh mé ag gabháil an bealach sin faoi cheann uaire no dó,"
ar san sagart, "agus má tá tu ag innseacht bréige dham, bris-
fidh mé gach uile chnámh ann do chorp."



Chuaidh Seághan tre na bailtibh, agus d' innis sé an sgeul
dóibh. Chreid cuid aca é, acht bhí amhras ar chuid eile aca.
Tháinig cuid díobh leis, chum an tighe, agus chonnairc
siad an faolchu marbh, agus níor bhfada go raibh teangtha
go leór ag bogadh, ag moladh Seághain an-dá-chaora. Nuair
tháinig an sagart, dubhairt sé, "bheirim maitheamhnas
duit faoi chleas-magaidh an asail, agus seo dhuit píosa óir
bhuidhe."



"Ni'l ór ná airgiod ag teastál uaim, tabhair do bhochtaibh
na parráiste é, d'fhág mo mháthair-mhór roinn d' ór agus d'
airgiod agam."



"Tabhair dham do lámh, dar m' fhocal is buachaill fearamhail
thú," ar san sagart, agus chraith sé lámh leis, agus dubhairt
sé leis na daoinibh bhí i láthair, "budh chóir dhaoibh meas
mór do bheith agaibh ar Sheághan, rinne sé maith mhór 'san
bparráiste nuair mharbh sé an beithidheach millteach sin. Deun
poll agus cuir ann é."



An cheud-lá de chéid-mhi an earraigh, bhí dá uan ag
othaisg Sheághain, agus ní fhacaidh aon duine i n-Éirinn
ariamh aon uan do bhí leath chomh breágh leó. Bhí ollann
orra do bhí leath-throigh ar faide, agus í chomh mín leis an


L. 140


tsíoda is míne. Nuair bhí siad sé míosa d'aois, thug sé iad
chum an aonaigh, agus ní raibh fear d' á bhfacaidh iad nach
ndearnaidh tuairisg cá'r b' as iad. Dubhairt Seághan go raibh
an othaisg 'san mbaile aige féin. Ní raibh feilméar ná ridire-
caorach i bhfoigseacht dá fhichid míle, nach dtáinig le
amharc do bheith aige ar othaisg Sheághain, agus bhí siad
réidh airgiod ar bith do thabhairt uirri, acht ní dhíolfadh
Seághan í.



Gach uile bhliadhain tar éis sin, do bhidheadh dá uan ag an
othaisg, acht budh uain bhoinionna do bhí ionnta uile, agus bhí
brón mór ar na feilméaraibh faoi sin.



Chuaidh Seághan ar aghaidh go maith ar feadh cúig bliadhain.
Do gheibheadh sé luach mór ar na h-uain (h-uanaibh) gach
bliadhain, agus cheannnaigh sé feilm bheag gach uile bhliadhain,
agus bhí go leór talmhan aige nuair bhí sé fiche bliadhain d'
aois, agus ní raibh cailín óg i bhfoigseacht fiche míle dhó, nach
raibh i ngrádh leis. Acht tháinig athrughadh mór ar Sheághan.
An trathnóna roimh aois a bhliadhain agus fiche, dubhairt an
othaisg leis: "béidh tu bliadhain agus fiche amárach, agus ní
bhéidh do chúram orm-sa ná ar d' athair-mór níos faide; tá an
geallamhaint do thugamar cóimhlíonta, agus rachamaoid chum
suaimhnis shíorruidhe. Ar maidin amárach geobhaidh tu marbh
sinn ag binn an tighe. Deun poll doimhin, agus folaigh sinn
ann."



Bhí bron mór ar Sheághan, agus dubhairt sé, "budh
mhaith liom dul libh, brisfidh mo chroidhe le brón agus le
uaigneas."



"Ni thig leat dul linn," ar san othaisg, "ní'l d'am saoghalta
caithte, tá bliadhanta fada rómhad fós."



An trathnóna sin thug Seághan an dá chaora a-bhaile leis,
agus chuir sé iad faoi fhosgadh binne an tighe, acht níor chodail
sé támh. Ar maidin, go moch, chuaidh sé amach, agus fuair sé
an dá chaora marbh. Rinne sé poll mór doimhin, agus d'fholaigh
sé iad ann.


L. 141


"Anois," ar sé, leis féin, "tá mé bliadhain agus fiche d' aois
andiú, agus béidh deoch biotáile agam mar gheall air sin, agus
le mo bhrón do dhíbirt."



Chuaidh sé chum an bhaile-mhóir, agus cheannaigh sé crúisgín
biotáile, agus tháinig sé a-bhaile. Thosaigh sé ag ól, agus níor
bhfada go raibh sé dall ar meisge. Tháinig cómharsa asteach
chuige, thosaigh sé ag caint leis, agus leig sé amach rún an dá
chaora. Chuaidh an sgeul ó bheul go beul go raibh sé ag gach
uile dhuine 'san bparráiste.



Ar maidin, bhí an sporán óir imthighthe uaidh, agus níor stad
sé de'n ól gur chaith sé gách uile phighin d'á raibh aige, agus
'na dhiaigh sin do bhidheadh sé ag dul ó bhaile go baile, mar
leath-amadán, ag tóruigheacht ruid le n' ithe.



Anois, an fear críona no amadán do bhí ann?



XX



An chailleach Bhéarach.



Bhí cailleach ann, agus is fad ó bhí, agus dá mbeidheadh sinne
an uair sin ann, ní bheidheadh sinn ann anois; bheidheadh sgeul
úr no sean-sgeul againn, agus níor dhóighe sin 'ná bheith gan
aon sgeul!



Bhí an chailleach an-tsean, agus ní raibh fios a h-aois' aici
féin ná ag duine ar bith eile. Bhí bráthair agus a bhuachaill ag
siúbhalóideacht aon lá amháin, agus tháinig siad asteach go teach
na caillighe Béaraighe.



"Go mbeannuighidh Dia ann so," ar san bráthair.



"Go mbeannuighidh an fear ceudna dhuit," ar san chailleach,
"sé do bheatha, suidh síos ag an teine agus deun do ghoradh."



Shuidh an bráthair síos agus nuair bhí a ghoradh deunta go


L. 142


maith aige, thosaigh sé ag caint 's ag cómhrádh leis an t-sean-
chailligh.



"Muna bhfuil dochar dam fiafruighe dhíot budh mhaith liom
fios fhághail ar d' aois, mar tá 's agam go bhfuil tu an-tsean."



"Ní dochar ar bith dhuit fiafruighe dhíom," ar san chailleach,
"freagróchaidh mé thu chomh maith agus thig liom. Ní'l aon
bhliadhain ó tháinig mise ann (chum) aois nach marbhaighinn
mart, agus nach gcaithfinn cnámha an mhairt suas ar an lota tá
os do chionn, má 's maith leat fios do bheith agad ar m' aois-se,
tig leat do bhuachaill do chur suas ar an lota agus na cnámha do
chómhaireamh."



B' fhíor an sgeul. Chuir an bráthair an buachaill suas ar an
lota agus thosaigh sé ag cómhaireamh na gcnámh, agus leis an
méad cnámh do bhí ar an lota ní raibh achar (áit go leór) aige
ar an lota le n-a gcómhaireamh, agus dubhairt sé leis an
mbráthair go gcaithfeadh sé na cnámha chathamh anuas ar an
urlár, nach raibh achar aige ar an lota.



"'Nuas leó," ar san bráthair, "agus congbhóchaidh mise
cuntas orra ann so ó íochtar."



Thosaigh an buachaill ag cathamh anuas, agus thosaigh an
bráthair ag sgríobh síos, go raibh sé bunáite tuirseach, agus
d'fhiafruigh sé de'n buachaill an raibh siad i g-ionnsuidhe (beag-
nach) cómhairthe aige; agus d'freagair an buachaill an bráthair
anuas de'n lota nach raibh coirneull de'n lota folmhuighthe go
fóil.



"Má 's cúrsaidh mar sin é, gabh anuas de'n lota agus caith
na cnámha suas arís," ar san bráthair.



Tháinig an buachaill anuas, agus chaith sé na cnámha suas,
agus bhí an bráthair chomh críona ag teacht asteach dó, agus do
bhí sé ag dul amach.



"Nuair nach bhfuil fios d' aois' agam," ar san bráthair leis
an gcailligh, "tá 's agam nach bhfuil tu go dti an trath so gan
iongantais fheiceál ar feadh do shaoghail, agus an t-iongantas is


L. 143


mó do chonnairc tu riamh innis damh-sa é, má sé do thoil é."



"Chonnairc mé iongantas amháin do chuir íongnadh mór
orm," adubhairt an chailleach.



"Aithris dam é," ar san bráthair, "má 's é do thoil é."



"Bhí mé féin agus mo chailín, lá amháin, amuigh ag bleághan
na mbó, agus bhí sé 'na lá breágh aoibhinn agus bhí mé tar éis
ceann de na bath (buaidh) do bhleághan; agus nuair thóg mé
mo cheann, dhearc me tharm taobh mo láimhe chléithe dhíom,
agus chonnairc mé duibheachán mór ag teacht os mo chionn
ann san spéir. "Deun deifir," arsa mé féin, leis an an gcailín,
"go mblighfidh sinn na bath go h-aibéal (tapa) no béidh sinn
fliuch báidhte sul ma sroithidh sinn a-bhaile, leis an bhfearrthain."
Bhí bruith-á-ladhair (deifir áidhbheul) orm-sa agus ar mo chailín
leis na bath do bhleaghan, sul má bhfuigheadh sinn an cith, mar
shaoil mé féin gur cith do bhí ag teacht, agus ar tógbháil mo
chinn dam arís dhearc me tharm, agus chonnairc mé bean ag
tigheacht chomh geal le eala bruaich na toinne. Chuaidh sí
tharm mar sinneán gaoithe, agus an ghaoth do bhí roimpi bhí
sí ag breith uirri, agus an ghaoth do bhí 'na diaigh níor fheud sí
teacht suas léithe. Níor bhfada go bhfacaidh mé andhiaigh na
mna dá mhaistín agus da shlait d'á dteangaidh casta timchioll a
muinéill agus caor teineadh as a mbeul; agus chuir mé íongnadh
mór ann sin. Agus andhiaigh na madadh chonnairc mé cóiste
dubh, agus cuingir capall 'gá tarraing. agus bhí caoir-teineadh
gach aon taobh as an gcóiste. Agus ag dul tharm de'n cóiste,
sheas na beithigh, agus chuir rud éigin alagur (guth no fuaim
gan chéill) as, ann san gcóiste, agus sgannruigh mé, agus
tháinig laige-beó orm, agus nuair tháinig mé ar ais as an laige
mhothaigh mé an glór ann san gcóiste arís, ag fiafruighe dhíom
an bhfacaidh mé rud an bith ag gabhail tharm ó tháinig mé ann
sin; agus d'innis mé dhó mar tá mise ag innsint duit-se, agus
d'fhiafruigh mé cia é féin, no créad is brigh do'n bhean agus do
na maistínibh do chuaidh tharm.



"Mise an Diabhal, agus sin dá mhaistin do chuir mise
andhiaigh an anam' sin."


L. 144


"Agus bhfuil dochar dam fiafruighe," ar sa mise, "cad é
an choir rinne an bhean sin nuair bhí sí ar an saoghal."



"Bean í sin," ar san diabhal, "thug sganall ar shagart,
agus fuair sí bás i stáid pheacaidh mhairbh, agus ní dhearnaidh
sí aithrighe ann, agus muna dtigeann na maistínidh suas léithe
sul má dtigeann sí go geataibh flaithis tiucfaidh an mhaighdean
ghlórmhar agus iarrfaidh sí impidhe ar a h-aon mhac maith-
eamhnas do thabhairt di, ann a cuid peacadh, agus geobhaidh sí
párdún dí, agus béidh mise aisti (caillfidh mé í). Acht má
thigeann na maistínidh suas léithe sul má dtéidheann sí go dti an
flaitheas, is liom-sa í."



Thiomáin an diabhal mór a bheithigh agus d'imthigh sé as
m'anc (m'amharc) agus tháinig mé féin agus mo chailín a-bhaile,
agus bhí mé trom tuirseach brónach ag cuimhniughadh ar an
taisbeánadh do chonnairc mé, agus chuir mé íongnadh mór ann
san iongantas sin, agus luidh mé ar mo leabuidh ar feadh trí lá,
agus an ceathramhadh lá d'éirigh mé an-chlaoidhte lag, agus ní
gan ádhbhar, mar bean ar bith d' fheicfeadh an taisbeánadh do
chonnairc mise bheidheadh sí liath ceud bliadhain roimh a
h-aois do bheith caithte."



"An bhfacaidh tu aon iongantus eile ann d'am?" ar san
bráthair leis an gcailligh.



"Seachtmhain 'réis mo leabuidh d'fhágbháil fuair mé litir ag
innsint dam go raibh carad liom marbh agus go g-caithfinn dul
chum na sochraide. Ghluais mé féin chum na sochraide, agus ar
dul dam go teach-an-chuirp bhí an corp ann san gcónra (cómhra)
agus bhí an cónra leagtha síos ar an gcrócar, agus chuaidh
ceathrar fear faoi an gcrócar go n-iomchróchadh siad an cónra,
agus ní raibh siad ionnánn gaéth do thabhairt do'n chrócar de'n
talamh. Agus tháinig ceathrar eile agus níor fheud siad a
chorrughadh de'n talamh. Bhí siad ag tigheacht, duine ar
dhuine, go dtáinig dá 'r 'eug, agus go ndeachaidh siad faoi an
gcrócar, agus níor fheud siad a thógbháil.


L. 145


Labhair mé féin, agus d'fhiafruigh mé de na daoinibh do bhí
ar an socraid cad é an sórt ceird do bhí ag an bhfear so nuair bhí
sé ar an tsaoghal agus h-innseadh dham gur maor do bhí ann.
Agus d' fhiafruigh mé de na daoinibh do bhí ann sin, raibh aon
mhaor eile ar an sochraid. Tháinig ann sin ceathrar fear nach
raibh aithne ná eólas ag duine ar bith do bhí ar an sochraid,
orra, agus dubhairt siad liom gur ceathrar maor do bhí ionnta.
Agus chuaidh siad faoi an gcrócar, agus thóg siad é mar thógfá
greim lócháin, agus d'imthigh siad leó, chomh tiugh, geur, agus
d'fheud siad cos do thógbháil. Bhí siúbhal maith fútha, agus bhí
coiscéim bhreágh fhada agam féin, agus bhain mé amach 'na
ndiaigh, agus ní raibh fios ag mac-máthar cia an áit a raibh siad
ag dul leis an gcorp, agus bhíomar ag imtheacht agus ag sír-
imtheacht go raibh an oidhche agus an lá ag sgaramhaint o
chéile, go raibh an oidhche ag tigheacht dubh dorcha dannartha,
go raibh an capall glas ag dul ar sgáth na cupóige, go raibh an
chopóg ag imtheacht ar teitheamh roimhe,



Go raibh na freumhacha dul faoi an talamh,
Na duilleóga dul 'san speir,
An capall glas ag teitheadh,
Agus mise liom féin.



Ar dearcadh tharm díom ní raibh aon ar an sochraid im'
dhiaigh acht beirt eile. Do buaileadh síos an mhuinntir eile, agus
ní raibh siad abalta tigheacht leath-bhealaigh, cuid aca do thuit
i laige agus cuid eile do fuair bás.



Ar dhul chum cinn dam dá choiscéim eile ar m' aghaidh, bhí
mé astigh i gcoill dhorcha fhliuch fhuair, agus d'fhosgail an
talamh agus slugadh síos mé i bpoll dubh dorcha, gan mac-
máthar ná inghean-fhir ann mo ghoire na ann mo ghaobhar,
gan fear mo chaointe ná mo shínte le fághail, gur chaith mé mé
féin ar mo dhá ghlúin, agus bhí mé ann sin ar feadh ceithre lá, ag
guidhe suas go Dia mo thabhairt as sin go luath agus go tapa.
Agus leis an gceathramhadh lá tháinig poll beag mar chró na


L. 146


snáthaide ar choirneull de'n áras a raibh mé ann; agus bhí mé
ag guidhe i gcómhnuidhe, agus bhí an poll ag meudughadh lá ar
lá. Ar an seachtmhadh lá mheudaigh sé chomh mór go bhfuair
mé amach as.



Thug mé do na boinn ann sin, nuair fuair mé mo chosa liom, ar
an taoibh amuigh ag dul a-bhaile. An méad do shiúbhail mé aon
lá amháin ag leanamhaint na cónra, chaith mé cúig seacht-
mhainidh ag tigheacht ar ais an bealach ceudna, agus nach
bhfeiceann tu féin anois go bhfuair mé ádhbhar le bheith críon,
sean, aosta, liath, agus mo shaoghal ag giorrachan, ar an dá
ghábha sin a raibh mé ann."



"Is maith cruaidh an chailleach thu i gcómhnuidhe," ar san
bráthair.



XXI



An Luragán Dubh, agus an Fathach Dearg.



Ann san tsean-aimsir a bhfad ó shoin, bhí Righ 'na chómh-
nuidhe i dtaoibh ó thuaith d'Eirinn. Bhí clann mhac agus inghean
aige, acht fuair siad uile bás, acht aon mhac agus aon inghean
amháin. Níor fhás an mac orlach ó bhí sé deich mbliadhain
d'aois, mar chuir gabha-dubh faoi draoidheacht é, agus bhíodh
sé 'na luidhe i gcliabhán 'san seomra a bhfuair a mháthair bás
ann.



D'fhás an inghean go raibh sí 'na cailín áluinn, agus do bhí an
oiread meas' ag an righ uirri agus go bhí aige an an tsúil do bhí
ann a cheann.



Bhí fathach mór i n-Albain dar' bh ainm an Fathach Dearg,
agus chualaidh sé trácht ar inghin áluinn an righ, agus tháinig
sé go h-Eirinn, agus d'fhuadaigh sé leis í, i n-aimhdheóin a
h-athar agus a chuid saighdiúr. Thug sé leis go h-Albain í, agus


L. 147


chongbhaigh sé dúnta suas, ar feadh aon bhliadhain déag í, ann
a chaisleán, 'gá bualadh, agus ag tabhairt droch-láimhsighthe
dhí.



Bhí croidhe an righ briste le brón. Thairg sé na mílte púnt
do'n té sin do bhéarfadh a inghean ar ais chuige, acht ní raibh
aon mhaith ann. Ní thiubhradh an fathach dó í ar shaidhbhreas
an domhain.



Ní raidh aon bheann ag an bhFathach Dearg ar urchar no ar
bhuille cloidhimh, níos mó 'ná do bheidheadh aige ar bhuille
thráinín, agus budh é tuairm na ndaoine nach raibh a bheatha ar
iomchar leis féin, mar fuair sé an oiread sin de bhualadh agus
do mharbhóchadh na ceudta. Do fágadh marbh é go minic, acht
thigeadh sé chum beatha arís; má ta naoi mbeatha ag an gcat,
bhi naoi míle beatha ag an bhFathach Dearg.



Aon lá amháin tháinig sean-chailleach go caisleán an righ;
dubhairt sí go raibh sgeul aici do chluais an righ do chuirfeadh
lúthgháire ar a chroidhe, agus nach bhfeudfadh sí an sgeul
d'innseacht do dhuine ar bith acht do'n righ féin. Tugadh í go
seomra an righ, agus nuair d'imthigh an seirbhiseach, dhún sí an
dorus agus chuir sí glas air.



"Tabhair maitheamhnas dam, a righ," ar sise, "acht ní thig
liom mo theachtaireacht d'innseacht acht do d' chluais féin.
Tháinig mé ó d'inghín, atá faoi gheur-chrádh ag an bhFathach
Dearg, ann a chaisleán i n-Albain. Ní'l acht aon fhear amháin
beó le d'inghean do shaoradh, agus is é sin do mhac féin, an
Luragán Dubh atá ann san gcliabhán bliadhain agus fiche. Teirigh
anois chum do ghabha dubh, agus abair leis cloidheamh dá
fhaobhar do dheunamh do d' mhac atá ag dul ag troid leis an
bhFathach Dearg, i n-Albain. Seó dhuit buidéilín a bhfuil roinn de
m' fhuil-se ann, agus abair leis an ngabha trí bhraoin d'fhuil
mháthar Chaoilte do chur ar an gcloidheamh, nuair bhéidheas sé
'g á chruadhughadh. Nuair bhéidheas an cloidheamh réidh
tabhair chugam-sa é. Treóraigh mé anois go seomra do mhic,
caithfidh mé cómhrádh dheunamh leis."


L. 148


Threóraigh an righ an chailleach go seomra an Luragáin
Dhuibh, d'fhág ann sin í, agus d'imthigh go cearda (ceardcha)
an ghabha-dubh, gan fhios d'aon duine ann san gcaisleán. Nuair
bheannaigh sé asteach chum na cearda, chuir an gabha fáilte
roimhe, agus dubhairt "is mór an chúis onóra dham mo righ do
theacht asteach ann mo chearda bhoicht."



"Tosaigh anois," ar san righ, "agus deun cloidheamh dá
fhaobhar do m' mhac, tá sé dul ag troid leis an bhFathach Dearg
i n-Albain, is é sin d'fhuadaigh m'inghean áluinn leis aon
bhliadhain deug o shoin, agus tá a dearbhráthair dul anois d'á
saoradh."



"O! a righ," ar san gabha-dubh, "deunfaidh me cloidheamh
chomh maith agus thig liom, acht ní'l aon mhaith i gcloidheamh-
aibh an domhain anaghaidh an fhathaigh sin, mar nach bhfuil
a bheatha ar iomchar leis, agus ní'l sé le bheith claoidhte acht
leis an aon rud amháin, 'sé sin le cloidheamh do cóimheagadh (?)
le trí braontaibh d' fhuil mháthar Chaoilte, agus ní bhfuighidh tu
sin ar do ríoghacht."



"Tá an fhuil sin ann mo sheilbh," ar san righ, "tosaigh,
thusa, agus deun an cloidheamh."



Fuair an gabha-dubh an chruaidh, agus nuair bhí sí dearg ar
an inneóin, agus é 'gá bualadh le casúr trom, dubhairt sé leis an
righ, "anois caith na braonta air." Rinne sé amhlaidh, agus
lean an gabha do'n obair go raibh an cloidheamh deunta.



An t-am do bhí an righ leis an ngabha, bhí an chailleach
ag caint le n-a mhac. "Anois," ar sí, leis an Luragán,
"tá tu bliadhain agus fiche ann san gcliabhán, agus saoilim
gur mithid duit do dheirbhshiúr do shaoradh ó'n bhFathach
Dearg."



"Tá fhios agad nach dtig liom sin do dheunamh gan do chong-
namh-sa," ar seisean, "agus má tá tu úmhall le sin do thabh-
airt dam, ní bhéidh mé móimid eile ann san gcliabhán."



"Léim amach," ar san chailleach, "go gcuirfidh mé athrugh-
adh ort béidh d'athair ann so gan mhoill le cloidheamh dá


L. 149


fhaobhar duit, agus tá trí braonta de m'fhuil-se ann san gcloidh-
eamh, agus na bíodh eagla ar bith ort roimh an bhFathach
Dearg."



Léim sé amach ar an urlár, chomh aérach le geirrfhiadh
Márta. Bhí a ghruag chomh dubh leis an bhfiach, agus í ag
sguabadh síos ar an talamh. Budh é sin an fáth ar gáireadh an
Luragán Dubh air. Tharraing an chailleach slaitín draoidheachta
amach, bhuail trí bhuille air, agus le casadh do láimhe, bhí sé
níos mó 'ná sé troighe ar áirde, agus leathan dá réir, agus é
gleusta mar budh chóir do mhac righ. Nuair d' fheuch sé ann
san sgáthán do bhí crochta ar an mballa, níor aithnigh sé
é féin, agus dubhairt sé, "ní mise an Luragán Dubh, agus ní'l
fhios agam cia mé."



"Is tu fíor-mhac an righ," ar san chailleach, "agus is tu
tá ceaptha leis an bhFathach Dearg do chlaoidh, bhí fhios
agam sin, sul má rugadh thu, agus béidh mé i láthair lá an
chatha."



Tháinig an righ ar ais leis an gcloidheamh deunta, agus
nuair d'fhosgail sé dorus seomra a mhic, agus nuair chonnairc
sé an fear breágh mór i n-éinfheacht leis an gcailligh, bhí
iongantas mór air. "Cá bhfuil mo mhac, an Luragán Dubh?"
ar sé.



"Tá sé 'na sheasamh ann do láthair," ar san chailleach,
"nach bhfuil cuma na maitheasa air, ó d'imthigh tu?"



"Ní chreidim gur ab é mo mhac atá ann," ar san righ.



"Tig leat bheith cinnte dhe," ar san mac, "b' éigin dam
bheith mo luragán go mbeidhinn bliadhain agus fiche d'aois, agus
anois tá neart ceud fear ionnam, agus claoidhfidh mé an Fathach
Dearg chomh luath agus rachas mé ag troid leis."



"Bíodh long réidh dhó faoi cheann trí lá," ar san chailleach,
"acht caithfimid bheith glic agus an rún chongbháil againn féin.
Tabhair do mhac amach anocht ar an dorus atá i gcúl an chais-
leáin, chomh luath agus thuitfeas an oidhche, tarr timchioll an
chaisleáin go dti an dorus mór agus lorg (buail) é, agus


L. 150


abair leis na searbhfóghantaibh gur ab é seo do mhac, atá
andhiaigh teacht' ó'n spáin. 'San am sin cuirfidh mise lorgadán
ann san gcliabhán cosmhuil leis an Luragán Dubh. Béidh sé
marbh, agus tig leat a rádh go bhfuair sé bás obann, agus ann
san gcaoi sin ní bhéidh aon amhras ar bith ar na daoinibh
i dtaoibh an sgéil."



"Dar m'focal deunfad mar deir tu," ar san righ, "mar feicim
gur maith an cara thu, bhfuil rud ar bith ann d'fheudfainn
a dheunamh dhuit-se?"



"Ni'l, acht mo chómhairle do ghlacadh," ar san chailleach,
"agus béidh mé réidh ar bhruach na fairrge le dul libh go
h-Albain."



D'imthigh an chailleach, ann sin, gan fhios d'aon duine ann
san gcaislean acht do'n righ agus d'a mhac.



An oidhche sin, tar éis dorchadais na h-oidhche, thug an
righ an mac amach ar an gcul-dorus agus thart chum an doruis
mhóir. Bhuail sé go dian, agus nuair d'fhosgail an doirseóir,
dubhairt sé, "is é seó mo mhac is sine ata andhiaigh teachta ó'n
Spáin."



Chuir an doirseóir fáilte roimhe, agus níor bhfada go raibh
an sgeul i mbeul gach uile dhuine ann san gcaisleán. Thug an
righ a mhac go seomra breágh, acht níor bhfada gur fhill sé ar
ais le rádh go raibh an luragán bocht marbh ann san gcliabhán.
Ní raibh mórán cúmha 'na dhiaigh, acht do cuireadh é mar budh
chóir.



Dhá lá 'na dhiaigh sin, fuair an righ long agus loingseóiridh,
agus chuir sé fuagradh amach go raibh a mhac do tháinig as an
Spáin, ag dul go h-Albain, le troid leis an bhFathach Dearg,
agus go mbudh mhaith leis comhluadar na n-uasal do bheith leis.
Nuair bhí an long réidh, tháinig sluagh mór le dul go h-Albain,
leis an righ. Nuair bhíodar ar bord na luinge, chonnairc an righ
an chailleach ag teacht chum an bhruaich, agus í gleusta i
gculaidh ghlais. "A righ mhóir," ar sise, "an leigfeá do
shean-mhnaoi dul leat." "Tarr ar bord," ar san righ. Tháinig


L. 151


sí ar bord ann sin, d'árduigheadar na seólta, agus thugadar
aghaidh ar Albain. Nuair thángadar go dti an cuan, d'fhágadar
an long ag na loingseóiridhibh agus chuadar féin go dti caisleán
an Fhathaigh Dheirg.



Bhí balla mór daingionn timchioll an chaisleáin, agus ní raibh
air acht aon gheata amháin. Bhí an Fathach ag feuchaint amach
as fhuinneóig, agus nuair chonnairc sé an sluagh mór ag an
ngeata, d'fhiafruigh sé de ghuth uathbhásach, "cía sibh féin, no
cad tá uaibh?"



Labhair an righ, agus dubhairt, "is mise righ as Éirínn, agus
tá mé ag iarraidh m' inghine alúinn', agus muna gcuireann tu
amach í, tá mo mhac ann so, agus saorfaidh sé í le n-a chloidh-
eamh."



Tháinig an Fathach amach, agus cloidheamh mór ann a láimh.
Tharraing an mac righ a chloidheamh dhá fhaobhar, agus
d'ionnsaigheadar a chéile. Throideadar fad trí uair, gan gearr-
adh ná sáthadh thabhairt dá' chéile. Tháinig fearg ar an
bhFathach agus dubhairt sé, "is tu an fear is fearr do sheas
ariamh ann mo láthair, acht caithfidh mé do mharbhadh," acht
ní raibh an focal as a bheul gur sgoilt an mac righ a chloigionn.
"A! A!" ar san Fathach, "tá nimh ann do chloidheamh, no
tá sé measgtha le fuil mháthar Chaoilte!"



Tháinig an chailleach i láthair, ag greadadh a bos, agus
dubhairt, "is mise máthair Chaoilte, agus tá bród orm faoi.
Tabhair buille eíle dhó, a mhic an righ, agus cuir críoch ar an
bhfealltóir, is le feall do mharbh sé mo mhac, fíor-laoch Chon-
nachta." Bhain an mac righ an chloigionn dé ann sin, agus
thuit sé marbh. Tharraing an chailleach sgian dubh amach, agus
bhain sí an croidhe as an bhFathach Dearg, agus dubhairt,
"béarfaidh mé é seo a-bhaile liom go Connachtaibh, mar chomh-
artha buaidhe do na daoinibh."



Chuaidh an righ agus a mhac asteach ann san gcaisleán, agus
thugadar amach an righ-bhean áluinn. Níor fheud sí labhairt le
teann-áthas, go bhfacaidh sí an tsean bhean 'san gculaidh ghlais.


L. 152


Rith sí chuici agus phóg sí í, agus dubhairt sí, "O! a athair 'is
i seó an bhean-uasal d'oibrigh amach mo shaoirse, agus thug
meisneach agus solás dam ann mo dhaoirse. Muna mbeidheadh í,
do bheidhinn marbh a bhfad ó shoin. Thug sí roinn d' fhuil
a croidhe féin ar mo shon, agus ní'l fhios agam cia an
cúitiughadh bhéarfas mé dhí."



"Ní'l aon chúitiughadh ag teastál uaim" ar sise. "Tá sásadh
agam faoi bhás mo mhic do mharbh an Fathach Dearg le feall, an
rud nár fheud sé a dheunamh le neart. Rachaidh mé anois chum
suaimhnis, mar tá fhios agam go bhfuil an fealltóir marbh."



Tháinig an righ agus a chuideachta ar ais go h-Éirinn, agus
rinne sé fleadh mór do mhair seacht lá agus seacht n-oidhche,
agus bhí fáilte ann roimh saidhbhir agus roimh bocht.



Seal gearr 'na dhiaigh sin, tháinig mac righ ó'n Spáin agus
phós sé an inghean áluinn, agus phós mac an righ inghean righ
na Spáine, agus bhí bainfheis ann san gcaisleán, do mhair fad
míosa. Bhí mé féin ag dul na slighe, agus fuair mé neart le n-ithe
agus le n-ól.


L. 153


AN SGEULUIDHE GAODHALACH



CUID III



LE DÚBHGLAS DE h-ÍDE, LL.D.



(An Chraoibhín Aoibhinn)



XXII



Goll agus Bhean Mhór.



Inghean áird-rígh Ghréige (do) chuir cuntas chuig Fionn, go
raibh cáil mhór ar Fhiantaibh Éireann, nach raibh lucht-fiadhaigh
ar bith chomh maith leó, acht go gcuirfeadh sí geall ar bith leó,
go ndeunfadh sí féin teach agus áras i nÉrinn, a-gan-fhios
dóibh.



Ó'n lá fauradar an cuntas so go dti an lá (ar) casadh leó í,
bhíodar uile ar an tóir. Bhí a madraidh agus a gconraite (conairte)
aca, agus a gcuid gadhar ag tóruigheacht.



Bhíodar 'na suidhe, an lá so, ar chnocán bán, agus na gadhra
agus na madraidh ar an tóir tríd na gleanntaibh timchioll orra,
nuair d'éirigh sí rompa, agus bhí a leath-thaobh aici chomh dubh
leis an ngual, agus budh mhire í na seabhac ar coill. D'imthigh
sí féin, agus na madraidh as a diaigh, agus ní raibh fhios aca cá
ndeachaidh sí agus le méad agus rinne sí siúbhal, (i. e. leis an


L. 154


méad siúbhail do rinne sí) ar feadh an laé cailleadh na madraidh,
agus ní raibh aon mhadadh tháinig ar ais acht Bran.



Agus í suaidhte sáruighthe fliuch
Ag gul go caoin a's ag sgread go cruaidh (truagh).
"Is cosmhúil, a choileáin," do ráidh Fionn,
"Go bhfuil ár gcineamhain de'n tsaoghal i gcontabhairt cruaidh."



Tháinig an bhean mhór suas ann sin, ann a bhfiadhnuise, agus
thosaigh ag caint leó, - an bhean budh bhreágha bhí ar an
domhan, - agus thug sí cuireadh dinéir d'Fhionn agus d'á
chómhluadar, ann san áras do bhí deunta aici.



Ní raibh uatha acht cuireadh an dinéir d'fághail; bhí ocaras
orra. Chuadar léithe, agus fuaradh réidh dóibh suipéar maith.
Bhí gach uile shórt d'á bhfoillfeadh, aca, le n'ithe agus le n'ól.



Nuair bhíodar tar éis a suipéar d'ithe, ann sin dubhairt an
bhean mhór leó go mbudh cheart dóibh dul a' codladh; agus
dubhairt siad go mbudh mhaith leó cead fhághail, má bhí áit aici
le n-a n-aghaidh. Thug sí asteach i seomra iad, agus fuair sí
leabuidh réidh dhóibh, agus bhí togha na leabuidh aici. Agus
nuair bhí siad uile ann a gcodladh tháinig sí buil (?) (i. e. mar a
raibh) Fionn, agus d'fhiafruigh sí dhé an bpósfadh sé í.



Dubhairt Fionn léithe go bposfadh sé i, acht go raibh deirbh-
shiúr Ghoill pósta cheana aige, "agus má phósaim thu anois,
marbhóchaidh Goll mé féin agus thu féin."



"Cá bhfuil Goll 'na sheasamh?" adeir sí.



"Tá Goll," ar Fionn, "i mBinn Éadair Mághgeamhlaigh (?)
ag faire cuanach (cuan), taobh shuas de Bh'l'ath-cliath."



(D'imthigh sí ann sin uaidh, agus thuit Fionn 'na chodladh).



Nuair fuair sí iad uile ann a gcodladh, cheangail sí iad, agus
nuair bhí siad uile ceangailte aici, d'imthigh sí féin go dti an áit
a raibh Goll, agus d'fág sí an cailín do bhí aici ag cúmhdach na
bhFiann, le faitchios go sgaoilfeadh aon duine iad.



Thosaigh sí agus Goll ag troid, agus nuair dhúisigheadar na
Fianta fuaradar iad féin ceangailte, agus an bhean mhór
imthighthe uatha.


L. 155


Dubhairt Fionn leó gur imthigh an bhean mhór nuair cheangail
sí iad, go marbhóchadh sí Goll. Thosaigh Cónán ag caoineadh
ann sin, mar budh é dearbhráthair Chónáin Goll, le faitchios go
marbhóchadh sí é, agus d'fhógair sé ar Dhiarmuid an ball-
searc do thaisbeánt do'n chailín, agus b'éidir go sgaoilfeadh
sí iad.



Chomh mear (luath) agus chonnairc sí an ball-searc ar Dhiar-
muid, sgaoil sí ar fad iad. Ann sin nuair fuair Cónán é féin
sgaoilte, mharbh sé an cailín; agus an brat-brághaid do bhí
uirri, chuir sé ar a bhrághad féin é.



D'imthigheadar leó go dtángadar chum na h-áite a raibh an
bhean mhór agus Goll ag troid, agus ní raibh, an t-am tháinig
siad, acht an t-anál i nGoll, agus é ar éigin beó.



Bhí ceithre mná fichead timchioll ar an mBean mhóir, agus
sgiath-cosanta ag gach mnaoi dhíobh, agus ní leigfidís buille anaice
léithe. Nuair tháinig Cónán, chonnairc sé na mná, acht ní fhacaidh
duine ar bith iad acht é féin, mar bhí siad faoi draoidheachta;
acht bhí an brat do bhí ag an gcailín roimhe sin ag Cónán ar a
bhrághad féin, agus bhí an bhuaidh sin ann san mbrat go mbudh
léir iad do'n té a mbeidheadh an brat aige.



Chuaidh Cónán tríotha agus mharbh sé iad. Nuair bhí na mná
marbh, bhí Goll currtha, agus chomh lag sin nár fheud sé aon
rud dheunamh ar an mBean mhóir.



D'iarr Osgar ar Gholl a sgith do leigean, agus é féin do leigean
dul ag cómhrac, sgathadh, leis an mBean Mhóir. Budh shuarach
le Goll leigean d'Osgar dul 'na áit féin, óir b'fhearr an fear é
féin seacht n-uaire 'ná Osgar.



D'iarr Fionn, ann sin, ar Gholl, Osgar do leigean 'na áit, no go
leigfeadh sé féin a sgith; agus ar chómhairle Fhinn thuit Goll
síos, agus leig d'Osgar dul ag cómhrac léithe.



Mharbh Osgar í ar ball, agus nuair chonnairc Goll go raibh sí
marbh ag Osgar, chuir sé fearg mhór air féin. D'éirigh Goll go
marbhóchadh sé Osgar, mar gheall gur mharbh sé an Bhean Mhór,
agus gur chlis sé air féin (a marbhadh).


L. 156


Bhí an Bhean Mhór ionnánn labhairt ar éigin. "O!" ar sí,
"fágaim buaidh gaisge ag Goll," adeir sí, "d'fhágaidh (d'fhág)
lag ag Osgar mé."



Chlaon sé Goll, an focal adubhairt an Bhean Mhór, agus níor
fhág sé fearg ar bith air.



XXIII



An Buighdeach, an Tincéar agus an t Asal Dubh.



Ann san aimsir a bhfad ó shoin, bhí baintreabhach bhocht 'na
cómhnuidhe i ngar do Chaisleán-a-bharra, i gconndaé Mhuigh
Eó. Bhí aon mhac amháin aici, agus níor fhás sé orlach ó bhí sé
cuig bliadhna d'aois, agus gháir na daoine "Buighdeach" mar
leas-ainm air.



Aon lá amháin, nuair bhí an Buighdeach timchioll cúig bliadhna
deug d'aois, d'imthigh a mháthair go Caisleán a' bharra. Ní
raibh sí imthighthe níos mó 'ná uair, nuair tháinig tincéar mór,
agus asal dubh leis, chum an dorais, agus "bhfuil tu astigh a
bhean a'tighe?" ar san tincéar.



"Ní'l," ar san Buighdeach, "agus dubhairt sí liom gan aon
duine do leigean asteach go dtiucfadh sí féin a-bhaile."



Shiúbhail an tincéar asteach, agus nuair d'fheuch sé ar an
mBuighdeach dubhairt sé, "go deimhin is deas an buachaill
thusa, le duine ar bith do chongbháil amach; ní fheudfá coileach
Franncach do chongbháil amach."



D'éirigh an Buighdeach de léim, agus thug dorn do'n tincéar
mór, eidir a dhá shúil, agus chuir amach ar mhullach a chinn é,
faoi chosaibh an asail dhuibh.



D'éirigh an tincéar go feargach, agus thug iarraidh le greim


L. 157


d'fhághail ar an mBuighdeach, acht thug seisean dorn eile dhó,
faoi bhonn na cluaise, agus chuir amach arís é faoi chosaibh an
asail dhuibh.



Thosaigh an t-asal ag sgreadaoil go brónach, agus nuair
chuaidh an Buighdeach amach, bhí an tincéar marbh. "Mharbh
tu mo mháighistir," ar san t-asal dubh, "agus go deimhin
ní'l brón orm faoi, is minic thug sé bualadh trom dam gan
ádhbhar."



Bhí iongantas ar an mBuighdeach nuair chualaidh sé an t-asal
dubh ag caint, agus dubhairt sé, "ní asal ceart thu."



"Go deimhin ní'l mé im' asal acht seacht mbliadhna; is
brónach mo sgeul, mar budh mhac duine-uasail mé."



"Maiseadh budh mhaith liom do sgeul do chlos," ar san
Buighdeach.



"Tar asteach go tóin an tighe, cuir folach ar an tincéar ann
san gcarn-aoiligh, agus innseóchaidh mé dhuit mo sgeul."



Tharraing an Buighdeach an fear marbh go dti an carn-aoiligh,
agus chuir folach air. Tháinig an t-asal dubh asteach, agus
dubhairt. "Budh mhac duine-uasail mé, acht budh dhroch-mhac
mé, agus fuair mé bás faoi throm-ualach peacadh marbhtha ar
m'anam bocht, agus do bheidhinn do m' losgadh i n-ifrionn
anois, muna mbeidheadh an Mhaighdean Muire. Budh ghnáthach
liom paidir bheag do rádh i n-onóir dí gach uile oidhche, agus
nuair chuaidh mé i láthair an Bhreithimh mhóir, tugadh breith-
eamhnas ifrinn orm, gur labhair a mháthair leis an mBreitheamh,
agus d' athraigh sé a bhreitheamhnas, agus rinneadh asal dubh
díom, agus tugadh do'n tincéar mé fad seacht mbliadhain, go
bhfuighfeadh sé bás saoghalta. Is ball de'n diabhal an tincéar,
agus is mise do thug neart duit le n-a mharbhadh, acht ní 'l tu
réidh leis fós. Tiucfaidh sé chum beatha arís faoi cheann seacht
lá, agus má tá tu ann so roimhe, marbhóchaidh sé thu, chomh
cinnte agus tá tu beó."



"Níor fhág mé an baile seó ó rugadh mé," ar san Buighdeach,
"agus níor mhaith liom mo mháthair d'fhágbháil."


L. 158


"Nach fearr dhuit do mháthair d'fhágbháil, 'ná do bheatha do
chailleamhaint i stáid pheacaidh mharbhtha, agus bheith do d'
losgadh i n-ifrionn go siorruidhe?"



"Ní'l eólas agam ar aon áit a bhféadfainn mé féin do chur
i bhfolach innti," ar san Buighdeach, "acht ó thárla gur tusa
do chuir neart ann mo láimh leis an tincéar do mharbhadh,
b'éidir go dtiúbhraidh tu eólas dam ar áit a mbeidhinn saor ó'n
tincéar."



"An gcualaidh tu caint ariamh ar Loch Dearg?"



"Go deimhin chualas," ar san Buighdeach, "bhí mo mháthair
mhór ar turas ann, acht ní'l fhios agam cá bhfuil sé."



"Béarfaidh mise ann thu, an oidhche amárach. Tá mainisdir
faoi thalamh, ar an oileán, agus tá sean-bhráthair ann, a fheiceas
an mhaighdean Muire gach uile Dia Sáthairn. Aithris do chúis
dó, agus glac a chómhairle ann s gach nidh: cuirfidh sé thu faoi
aithrighe, acht is feárr aithreachas ar an tsaoghal so 'ná pianta
ifrinn go síorruidhe. Tá fhios agad cá bhfuil an dún beag atá
taobh-shiar de'n tsean-chaisleán, má tá tu ann san dún, timchioll
trí uaire tar éis tuitim' na h-oidhche, béidh mise ann rómhad,
agus bearfaidh mé go Loch Dearg thu."



"Béidhead ann, má bhídhim beó," ar san Buighdeach, "acht
bhfuil aon bhaoghal orm go n-éireóchaidh an tincéar roimh an
am sin?"



"Ní'l," ar san t-asal dubh, "muna n-innsigheann tu d'aon
neach gur mharbh tu é. Má innsigheann tu aon nidh d'á thaoibh,
éireóchaidh sé, agus marbhóchaidh sé thu féin agus do
mháthair."



"Dar m'anam! béidh mise mo thost d'á thaoibh," ar san
Buighdeach.



An trathnóna sin, nuair tháinig máthair an Bhuighdigh
a-bhaile, d'fhiafruigh sí dhé, an dtáinig aon duine chum an tighe,
ó d' imthigh sí. "Ní fhaca mé aon duine," ar seisean, "acht
sean-cheannuighe mála, agus ní bhfuair sé aon nidh uaim-sé."



"Feicim lorg crúidh capaill no asail, taobh amuigh de'n


L. 159


dorus, agus ní raibh sé ann ar maidin, nuair bhí mise ag imth-
eacht," ar sise.



"Budh é Páidin Éamoin an t-amadán, ag marcuigheacht ar
asal Mháire mhóir ni Bhriain," ar san Buighdeach.



Níor chodail an Buighdeach támh an oidhche sin, acht ag
cuimhniughadh ar an tincéar agus ar an asal dubh. An lá ar na
mhárach, bhí sé faoi imnidhe mhóir. D'airigh an mháthair sin,
agus d'fhiafruigh sí cad do bhí air.



- "Ní'l ceó orm," ar seisean.



An oidhche sin, nuair bhí an mháthair ann a codladh,
d'éaluigh an Buighdeach amach, agus níor stop go dtáinig sé
go dti an dún beag. Bhí an t-asal dubh roimhe, agus dubhairt,
"Bhfuil tu réidh?"



"Táim," ar san Buighdeach, "acht tá brón orm faoi nach
bhfuair mé beannacht mo mháthar, béidh sí faoi imnidhe go
dtagaidh mé ar ais."



"Go deimhin ni bhéidh sí faoi imnidhe ar bith, mar tá
Buighdeach eile, le taoibh do mháthair, 'san mbaile, chomh
cosmhúil leat nach n-aithneóchaidh sí nach tusa atá ann, agus
béarfad liom é sul má dtagann tu ar ais."



"Tá mé an-bhuidheach díot, agus tá mé réidh le dul leat," ar
seisean.



"Léim suas ar mo dhruim, atá aistear fada rómham," ar san
t-asal.



Léim an Buighdeach ar a dhruim, agus ar an mball chual-
aidh sé toirneach agus chonnairc sé teintreach mhór. Tháinig
neull mór anuas agus chuaidh faoi an asal dubh agus faoi a
mharcach. Chaill an Buighdeach amharc a shul, agus tháinig
trom-chodladh air, agus nuair mhúsgail sé bhí sé ar oileán
i Loch Dearg, 'na sheasamh i láthair an tsean-bhráthar.



Chuir an bráthair caint air, agus dubhairt, "cad do thug ann
so thu, a mhic?"



"Maiseadh! go deimhin, ní maith atá fhios agam," ar san
Buighdeach.


L. 160


"Béidh fhios agam-sa gan mhoill," ar san bráthair, "tar
liom-sa."



Lean sé an sean-bhráthair síos faoi an talamh, go dtángadar go
dti seomra beag do bhí gearrtha as an gcarraig. "Anois," ar san
bráthair, "teirigh síos ar do ghlúnaibh, agus deun d' fhaoisidin,
agus ná ceil aon choir."



Chuaidh an Buighdeach síos ar a ghlúnaibh, agus d'innis dó
gach nidh thárla dhó, leis an tincéar agus leis an asal dubh.
Chuir an bráthair é faoi aithrighe seacht lá, agus seacht
n-oidhche, gan greim ná deoch, ag siúbhal ar a ghlúnaibh noch-
tuighthe, ameasg na gcarraig agus na gcloch géar. Rinne sé an
aithrighe, agus an seachtmhadh lá ní raibh greim croicinn ná
féola ar a ghlúnaibh, agus bhí sé mar sgáile leis an ocarus.
Nuair bhí an aithrighe críochnuighthe aige, tháinig an sean-
bhráthair, agus dubhairt, "is mithid duit do bheith dul
a-bhaile."



"Ni'l aon eólas agam ar mo bhealach le dul ar ais," ar san
Buighdeach.



"Béarfaidh do chara, an t-asal dubh, ar ais thu," ar san
bráthair, "béidh sé ann so anocht; agus nuair rachas tusa
a-bhaile, caith do bheatha go cráibhtheach, agus ná h-innis d'aon
neach acht do d' oide-faoisidin go raibh tu ann so."



"Innis dam, a athair, bhfuil baoghal orm ó'n tincéar?"



"Ni'l, go deimhin," ar san bráthair, "tá sé 'na asal ag
tincéar i gCúige Múmhan, agus béidh sé 'san riocht sin bliadhain
agus fiche, agus 'na dhiaigh sin rachaidh sé go suaimhneas síor-
ruidhe. Teirigh anois go dti do sheomra. Cluinfidh tu clog beag
andhiaigh dorchadais na h-oidhche, agus chomh luath agus
chluinfeas tu é, teirigh suas ar an oileán, agus béidh an t-asal
dubh ann sin rómhad, agus béarfaidh sé a-bhaile thu, agus mo
bheannacht leat!"



Chuaidh an Buighdeach chum an tseomra, agus chomh luath
agus chualaidh sé an clog, chuaidh sé suas ar an oileán, agus bhí
a chara, an t-asal dubh, ag fanacht leis.


L. 161


"Léim suas ar mo dhruim, a Bhuighdigh, ní'l móimid agam
le cailleamhaint," ar san t-asal.



Rinne sé amhlaidh, agus ar an mball chualaidh sé an toirneach,
agus chonnairc sé an teintreach. Tháinig neull mór anuas, agus
chuaidh faoi an asal dubh agus faoi a mharcach. Tháinig trom-
chodladh ar an mBuighdeach, agus nuair mhúsgail sé, fuair sé
é féin ann san dún beag, san mbaile, 'na sheasamh i láthair an
asail dhuibh.



"Imthigh a-bhaile chum do mháthar anois. Tá an Buighdeach
eile imthighthe ó n-a taoibh, tá trom-chodladh uirri, agus ní
mhothóchaidh sí thusa ag dul asteach."



"Bhfuil aon bhaoghal orm ó'n tincéar?" ar seisean.



"Nár innis an bráthair beannaighthe dhuit nach bhfuil,"
ar san t-asal dubh. "Deunfaidh mise dídionn ort. Cuir do lámh
ann mo chluais chlé, agus geobhaidh tu sporán ann, nach
mbéidh folamh fad do bheatha. Bí go maith leis na daoinibh
bochta, agus le baintreabhachaibh, agus le díleachtaibh, agus
geobhaidh tu beatha fhada, bás aoibhinn, agus flaitheas 'na
dhiaigh."



Chuaidh an Buighdeach a-bhaile, agus chuaidh 'na chodladh,
agus níor bhreathnuigh an mháthair nár bh'é a mac féin do bhí
ann san mBuighdeach eile.



Faoi cheann seachtmhaine 'na dhiaigh seo, dubhairt an
Buighdeach le n-a mháthair, "nach é seó lá aonaigh Chaisleáin-
a-bharra?"



"Seadh go deimhin," ar sise.



"Maiseadh, budh chóir dhuit dul ann, agus bó (do) cheann-
ach," an seisean.



"Ná bí (ag) deunamh magaidh faoi do mháthair, no ní
bhéidh aon ádh ort," ar sise.



"Dar m'fhocal, ní'l mé ag magadh," ar seisean. "Chuir
Dia sporán ann mo bhealach, agus tá níos mó 'ná luach bó ann."



"B'éidir nach bhfuair tu (go) cneasta é. Innis dam cia 'n áit
a bhfuair tu é."


L. 162


"Ní innseóchaidh mé aon nidh ar bith d' á thaoibh duit,
acht go bhfuair mé é go cneasta, agus má tá amhras agad faoi
m'fhocal, leig dó."



Bíonn saint ar na mnáibh i gcómhnuidhe, beag-nach, agus ní
raibh sise saor uaithe.



"Tabhair dham luach na bó."



Sheachaid sé fiche píosa óir dí, "geobhaidh tu bó mhaith ar
an méad sin," ar seisean.



"Geobhad," ar sise, "acht budh mhaith liom luach muice
do bheith agam."



"Ná bí sanntach, a mháthair," ar seisean, "ní bhfuighidh
tu níos mó an t-am so."



Chuaidh an mháthair chum an aonaigh, agus cheannaigh sí bó
bhainne, agus roinn éadaigh le h-aghaidh an Bhuighdigh, agus
nuair fuair seisean í imthighthe, chuaidh sé chum an tsagairt
parráiste, agus dubhairt go mbudh mhaith leis faoisidin do
dheunamh. D'innis sé dhó, ann sin, gach rud thárla leis, ó
casadh an tincéar agus an t-asal dubh air.



"Go deimhin is deagh-bhuachaill thu," ar san sagart,
"tabhair roinn de'n ór dam."



Thug an Buighdeach fiche píosa dhó, acht ní raibh sé sásta
leis sin, agus d'iarr sé luach capaill air.



"Níor shaoil mé go mbeidheadh saint ar shagart," ar seisean,
"acht feicim anois go bhfuil siad chomh sanntach le mnáibh;
seó dhuit fiche píosa eile, bhfuil tu sásta anois?"



"Táim, agus ní'lim," ar san sagart. "Ó thárla go bhfuil
sporán agad nach mbéidh folamh fad do bheatha, d' fheudfá
an oiread do thabhairt dam agus do chuirfeadh cill bhreágh
ar bonn, i n-áit na cille suaraighe seó atá againn ann san
bparráiste anois."



"Fágh fir-oibre, agus saoir, agus tosaigh an chill, agus
bhéarfaidh mise tuarasdal na bhfear-oibre dhuit, ó sheachtmhain
go seachtmhain," ar san Buighdeach.



"B'fhearr liom é do bheith agam anois," ar san sagart,


L. 163


"dheunfadh míle píosa an obair, agus má thugann tu dham iad,
cuirfidh mé an chill ar bonn."



Thug an Buighdeach míle píosa óir dó, as an sporán, agus ní
raibh an sporán níos eudtroime faoi.



Tháinig an Buighdeach a-bhaile, agus bhí a mháthair ann
sin roimhe, le bó bhreágh bhainne, agus le éadach nuadh
dhó. "Go deimhin, is maith an bhó í sin," ar seisean, "tig
linn roinn bhainne thabhairt do na daoinibh bochta gach uile
mhaidin."



"Go deimhin, caithfidh siad fanacht go ndeunfaidh mé máis-
treadh agus bhéarfaidh mé an bláthach dóibh go gceannaighidh
mé muc."



"Is í an leamhnacht bhéarfas tu do na daoinibh bochta," ar
san Buighdeach, "tig linn im do cheannach."



"Saoilim gur chaill tu do chiall," ar san mháthair, "béidh an
roinn bheag shaidhbris do chuir Dia chugad, ag teastál uait, sul
bhéidheas mise bliadhain san uaigh."



"Cá fhios duit nach mbeidhinn-se ann san uaigh rómhad?"
ar seisean, "acht, ar chaoi ar bith, cuirfidh Dia mo sháith
chugam."



Nuair bhíodar ag caint, tháinig bean bhocht agus triúr páiste,
chum an dorais, agus d'iarr siad déirc i n-onóir do Dhia agus
do Mhuire.



"Ní'l rud ar bith agam dhaoibh an t-am so," ar san bhain-
treabhach.



"Ná h-abair sin, a mháthair," ar san Buighdeach, "tá déirc
agam-sa le tabhairt i n-ainm Dé agus a mháthar Muire." Leis
sin chuaidh sé amach agus thug piósa óir do'n mhnaoi bhoicht,
agus dubhairt sé le n-a mháthair. "Bligh an bhó agus tabhair
deoch do na páistidh' bochta sin."



"Ní thiubhrad," ar san mháthair.



"Deunfaidh mé féin é, mar sin," ar seisean, Fuair sé an
soitheach, bhligh sé an bhó, agus thug neart leamhnachta do na
páistidh' bochta agus do'n mhnaoi. Nuair bhí siad imthighthe,


L. 164


dubhairt an mháthair leis, "béidh do sporán folamh gan
mhoill."



"Ní'l eagla orm faoi sin," ar seisean, "'sé Dia do chuir
chugam é, agus deunfaidh mé úsáid mhaith dhé," ar seisean.



"Deun do thoil féin," ar sise, "acht béidh aithreachas ort
go fóil."



An lá ar na mhárach, tháinig go leór de dhaoinibh bochta
chum an Bhuighdigh, ag iarraidh déirce, agus níor leig sé aon
duine uaidh folamh. Chuaidh trácht agus cáil an Bhuighdigh
tríd an tír, mar rachfadh teintreach, agus dubhairt daoine go
raibh sé rann-pháirteach leis na daoinibh maithe. Agus dubhairt
daoine eile go mbudh é an diabhal do bhí ag tabhairt an óir dó,
agus rinne siad casaoid leis an sagart parráiste 'na aghaidh, acht
dubhairt seisean go mbudh dheagh-bhuachaill cneasta an Buigh-
deach, agus go mbudh é Dia do thug an mhaoin dó, agus go
raibh sé ag deunamh úsáide maithe dhí.



Chuaidh an Buighdeach ar aghaidh go maith anois, agus
thosaigh sé ag fás go raibh sé beag-nach sé troighe air áirde.



Fuair a mháthair bás, agus thuit sé i ngrádh le cailín deas,
agus níor bhfada gur pósadh iad.



Ní raibh lá de'n ádh air, ó'n am sin amach. Fuair a bhean
eólas go raibh sporán iongantach aige, agus ní bheidheadh sí
sasta go bhfághadh sí é. D'eitigh sé í go minic, acht ní raibh sí
ag tabhairt suaimhnis dó, lá ná oidhche, go bhfuair sí an sporán
uaidh faoi dheireadh. Ann sin nuair fuair sí é, ní raibh meas ar
bith aici air. Chuaidh sí go Caisleán a' bharra le síoda agus sról
do cheannach, acht nuair d' fhosgail sí an sporán, i n-áit píosaidh
óir do bheith ann, ní raibh ann acht píosaidh de leacrachaibh
beaga. Thainig sí ar ais, agus fearg mhor uirri, agus dubhairt,
"nach deas an t-amadán do rinne tu dhíom, ag tabhairt sporáin
líonta le clochaibh beaga dham, i n-áit an sporáin leis an ór
ann."


L. 165


"Thug mé an sporán ceart duit," ar seisean, "ní'l an dara
ceann agam."



Rug sé ar an sporán agus d'fhosgail é, agus chomh cinnte agus
atá mise 'gá innseacht duit, ní raibh ann acht píosaidh de
leacrachaibh beaga.



Bhí brón áidhbheul ar an mBuighdeach, agus níor bhfada go
raibh sé ar mire, ag réabadh a ghruaige, agus ag bualadh a
chinn anaghaidh an bhalla.



Cuireadh fios ar an sagart, acht níor fheud sé ciall ná réasún
d'fhághail as an mBuighdeach. Stróic sé a chuid éadaigh agus
d'imthigh nochtuighthe, agus ar mire, tríd an tir.



Timchioll seachtmhaine 'na dhiaigh sin, fuair na cómharsanna
an Buighdeach bocht marbh, faoi bhonn sgeiche ann san dún
beag. Tá an tsean-sgeach sin ag fás ar an dún fós, agus glaodhann
na daoine "sgeach an Bhuighdigh" air, acht is cinnte go
ndeachaidh sé go flaitheas.



XXIV



An cheud-chogadh tháinig go h-Eirinn.



Ceathrar dearbhráthair do bhí ionnta. Chualaidh mé a
n-ainmneacha go minic acht ní chuimhnighim orra anois. Bhí
fear aca 'na righ i gCúige Connacht, fear aca 'na righ i gCúige
Laighean, fear aca 'na righ i gCúige Múmhan, agus an fear eile aca
'na righ i gCúig Uladh. Bhí ceithre righ i n-Éirinn 'san am sin.



Bhí buachaill ag righ Chúige Uladh, a dtugadaois Bric na Buaire
air, agus chaith sé a bhfad aige, agus ann san aimsir dheiridh
fuair an máighistir droch-mheas éigin ar a ghnatha (ghnó),
agus, dóigh leat, gur thuit siad amach le céile; agus d'imthigh
Bric na Buaire ó righ Chúige Uladh. D'imthigh sé uaidh, agus
bhí sé ar siúbhal go dtáinig sé go Connachtaibh.


L. 166


Chaith sé sgathadh, ann sin, i gConnachtaibh, agus é ag rádh
le righ Chonnachta, go raibh righ Chúige Uladh ag deunamh
airm suas, le teacht, agus le n-a chloigionn do bhaint dé féin.



Agus nuair bhí sgathadh caithte i gConnachtaibh aige, agus an
righ suas (corruighthe) aige go ceart, d'imthigh sé, agus níor
stop sé go ndeachaidh sé buil (áit a raibh) an righ eile, righ
Chúige Laighean, i gcondaé Chille-dara; agus leig sé a rún leis
ann sin, agus d'innis sé dhó, muna seasfadh sé ar a shon féin,
agus arm do dheunamh suas, go dtiucfadh fear Chúige Uladh
faoi, agus go mbainfeadh an chloigionn dé.



Chuaidh sé go Cúige Mumhan ann sin, agus dubhairt leis an
righ go raibh righ Chúige Uladh ag teacht leis an gceann do
bhaint dé, agus le Éire do bheith aige féin.



"Anois," adeir righ Chúige Múmhan, "marbh ná beó
damh-sa," adeir sé, "ní stopfaidh mé, go rachaidh mé, agus go
bhfeicfidh mé, an fior an sgeul sin, no bhfuil mo dhearbhráthair
ag deunamh airm i m'aghaidh." Dubhairt fear Chúige Laighean
leis, dá rachfadh sé go cuirt Chúige Uladh go marbhóchaoi é.
Dubhairt righ Chúige Múmhan gur cuma leis, go raibh sé chomh
mór sin le n-a dhearbhráthair nár chreid sé go ndeunfadh sé aon
cheó air.



Níor stop sé go ndeachaidh sé go Cúig Uladh, buil a dhearbh-
áthar, agus gur fhiafruigh sé, "an fíor an sgeul do cuireadh
amach air, go raibh sé (ag) deunamh airm suas le n-a thriúr
dearbhráthar do mharbhadh, agus le Éire do bheith aige féin."



Dubhairt fear Chúige Uladh, leis, nach raibh rud ar bith d'á
shórt ann a inntinn, agus nár smaointigh (smuain) sé ariamh air.



Dubhairt fear Chúige Múmhan nár chreid sé féin é, acht gur
maith leis bheith cinnte dhé, agus gur b'é sin an t-ádhbhar
tháinig sé féin.



"Ní stopfaidh mise go bráth," (ar righ Chúige Uladh) "go
rachfaidh mé go Connachtaibh, go bhfeicfidh mé mo dhearbh-
ráthair, agus go bhfeicfidh mé an fíor an sgeul go bhfuil sé
ráidhte orm go bhfuil mé déanamh suas airm 'na aghaidh."


L. 167


Rinneadar an bheirt suas ann a n-inntinn, mar sin, teacht le
chéile go Connachtaibh, go bhfeicfidís righ Chonnachta, agus
chrapadar leó, agus chuadar ann; agus níor stopadar go
dtángadar buil an righ. Bhí an triúr dearbháthair ann sin, buil
a chéile, an triúr righ; agus anois d'fhiafruigh righ Chúige Uladh
cia dubhairt le righ Chonnachta go raibh sé déanamh airm suas
'na aghaidh.



Dubhairt seisean gur b'é Bric na Buaire.



"Cá bhfuil Bric na Buaire anois?" adeir sé.



"Tá sé ag mo dhearbhráthair i gCúige Laighean."



Cuireadh litir chum bealaigh ann sin, i gcoinne righ Laighean
agus i gcoinne Bric na Buaire, - na ceithre dearbhráthair do
theacht le chéile.



Anois, nuair tháinigh Bric na Buaire ar an tsráid, ní leigfeadh
an faitchios do teacht asteach, agus nuair chuadar na ceathrar
dearbhráthair le chéile, agus nuair fuaradar amach go ceart gur
b'é Bric na Buaire dubhairt an sgeul sin, agus do chuir amach
orra é, níor bhfiu leó, é (do) mharbhadh, acht sé do rinneadar,
é do chur asteach i soitheach no i ndabhaic, agus a chathadh
amach 'san bhfairrge.



Caitheadh amach, mar sin, é, 'san bhfairrge, astigh 'san
dabhaic, agus bhí sé ag imtheacht ann sna tonntrachaibh, go
dtáinig sé ann sna h-Inniachaibh soir. Thárla sé asteach ar
chuan, shoir, agus bhí fear amuigh ann sin (ag) seilg, agus
chonnairc sé an dabhac ag teacht ar an uisge chuige, agus chuir
sé amach an madadh do bhí aige, go bhfeicfeadh sé an dtiúbhradh
sé asteach chuige é. Bhí poll beag ar an soitheach, do bhí (ag)
tabhairt anáil dó-san, agus chuir an madadh a ruball (earball)
asteach ann. Rug Bric na Buaire, astigh, ar an ruball, agus rug
an madadh an soitheach amach as an gcuan go dti Garbh Mór,
sin ainm an fhir.



D'fhosgail sé amach an soitheach, agus fuair sé Bric na Buaire
ann, astigh, agus bhí sé chomh beag sin ann a shúilibh gur b'é
an áit ar thóg sé é suas ar a bhois! Bhí an Garbh chomh mór sin,


L. 168


gur ar éigin do dhúnfadh Bric na Buaire na cnaipidh do bhí
i nglúin a bhríste. Thug an Garbh leis a-bhaile é, agus nuair
chuaidh sé a-bhaile ní fhacaidh tu ariamh a leithéid de riméad
(lúthgháire) agus bhí aige as an bpáiste. Mar páiste do bhí Bric
na Buaire aige.



Thosaigh sé féin agus Bric na Buaire, ag caint le chéile, agus
dubhairt Bric na Buaire leis, dá mbeidheadh sé i n-Éirinn, go
gcuirfeadh sé í faoi áird-chíos, agus nach raibh maille ar bith
air, sin do dhéanamh.



Dubhairt an Garbh nach gcualaidh sé aon chaint ariamh ar
Éirinn, agus, "saoilim," ar seisean, "nach bhfuil ann acht
áitín bheag."



"Ait bhreágh í," ar Bric na Buaire, "agus ní'l ort acht dul
ann, agus ór agus airgiod do tharraingt as, gach uile bhliadhain.



"Dá mbeidh' fhios agam sin," ar san Garbh, "rachfainn féin
agus thu féin ar n-ais ann."



"Tír mhaith í," ar Bric na Buaire, "tír mhaith í," adeir
sé. Bhí sé ag gabhail dó ann sin, go dtug sé (i.e. an Garbh) toil dó
dul leis. 'Sé an áit do thugadh an Garbh a long féin i gcómnuidhe,
suas go dti a dhorus féin, as an bhfairrge, ar a ghualainn. Rug
sé anois ar a luing agus chuir ar fairrge í, agus d'imthigeadar, é
féin agus Bric na Buaire, agus níor stopadar go dtángadar go
h-Éirinn. Ní raibh Bric na Buaire ag tóruigheacht ruid ar bith,
acht cead aige féin teacht go h-Éirinn ar ais.



Bhí Éire ar fad, an t-am sin, faoi áird-chíos ag Cuchulain.
Nuair thángadar asteach bhí an Garbh ag tabhairt a luinge leis
'ga h-iomchar ar a dhruim, agus níor stop sé go dtainig sé go
dti an áit a raibh Cuchulain ag tógbháil cíosa an lá so. Tháinig
sé chuig an dorus, an áit a raibh Cuchulain, agus d'iarr sé
teacht asteach. Dubhairt an doirseóir leis nach raibh aon chead
aige a leigean asteach, "acht rachfaidh mé," ar sé, "go
n-iarrfaidh mé cead ar mo mháighistir."



D'imthigh an doirseóir go Cuchulain, agus d'innis sé dhó go
raibh fear mór amuigh, (do) thug a long ar a dhruim go dti an


L. 169


dorus, agus go raibh sé ag iarraidh teacht asteach, agus nach
leigfeadh sé féin dó, gan cead uaidh-sean.



Dubhairt Cuchulain leis é (do) leigean asteach, go bhfeicfeadh
sé créad do bhí uaidh. Tháinig an Garbh, agus d'fhiafruigh
Cuchulain créad do bhí uaidh. Dubhairt an Garbh go raibh sé ag
tóruigheacht Éire ar fad do bheith faoi áird-chíos aige féin.



Dubhairt Cuchulain leis go bhfuighfeadh sé sin dá mbeidheadh
sé ionnánn a shaothrughadh.



D'fhiafruigh an Garbh de Chuchulain an é féin an máighistir
do bhí ar Éirinn, agus dubhairt Cuchulain go mbudh h-é.



"O! rachfaidh mé ar m'ais," ar san Garbh, "chum mo thíre
féin," mar tháinig faitchios air roimhe.



"O! ná teirigh, go mbéidh fhios agad an mbéidh tu ionnánn
an rud atá rómhad do bhaint amach."



"Ní'l aon sgiath-cosanta orm," ar san Garbh.



"Ní bhéidh, ná orm-sa," ar Cuchulain, agus chaith sé a
sgiath-cosanta féin uaidh - (ar) faitchios go mbeidheadh aon
leithsgeul ar bith aige.



"Súd mise gan sgiath," ar san Garbh.



"Súd mise gan sgiath," ar Cuchulain, 'gá sgaoileadh dhí siar
ar an bhfaithche, "agus má 's imtheacht a-bhaile saoileas tu (do)
dheunamh, ní imtheóchaidh tu choidhche a Ghairbh."



Throid siad ann sin, agus mharbh Cuchulain é.



Sin a raibh de bhárr ag Bric na Buaire as an nGarbh, go dtug
sé as an domhan shoir é, go h-Éirinn, agus gur bhain Cuchulain
an chloigionn dé. Bhí sé ráidhte gur b'é sin an cheud-chogadh
tháinig go h-Éirinn.



("Cad thárla do Bhric na Buaire," ar sa mise, leis an
sgeuluidhe).



"Ní chualaidh mé úghdar ar bith ar sin," (ar sé) "d'imthigh
sé léis."


L. 170


XXV



Inghean Righ Ghleanna-an-Uaignis.



A bhfad ó shoin, nuair bhí Branndubh 'na righ ar chúige
Laighean, bhí bainríoghain áluinn pósta leis. Bhí aon mhac
amháin aca agus nuair bhí sé bliadhain agus fiche d'aois fuair an
bhainríoghain bás, agus mar budh mhaith leis an righ bean eile
do phósadh chuir sé an mac i dteach dó féin ar oileán 'san
bhfairrge.



Nuair bhí an mac socruighthe mar sin aige, phós sé bean eile,
acht níor innis sé dhí go raibh aon mhac aige.



Timchioll míosa tar éis an phósta chuaidh Branndubh go dti an
Spáin, agus d'fhág sé an bhainríoghain ann san mbaile. Ní raibh
sé a bhfad imthighthe gur innis cailleach do bhí ann san tigh do'n
bhainríoghain go raibh mac ag an righ, agus go raibh sé ar oileán
ann san bhfairrge. D'orduigh an bhainríoghain bad do ghleusadh
dhí, agus thug sí an mac-righ a-bhaile. Ann san am sin do bhí
go leór draoidheachta i n-Éirinn, agus ní raibh mórán de rightibh
ná de thighearnaibh ann san tír nach raibh eólas, beag no mór,
ag gach aon aca ar draoidheacht, agus bhí an t-eólas sin ag na
mnáibh mar an gceudna.



Aon lá amháin dubhairt an bhainríoghain leis an mac-righ:
"An dtig leat táiplis d'imirt?"



"Tig liom," ar san mac-righ.



Tugadh an clár i láthair, agus shuidheadar síos ag an mbord.
"Anois," ar san bhainríoghain "imeóramaoid go h-onóireach
agus béidh geall onóireach againn."



"Bíodh mar sin," ar san mac-righ.



D'imir siad agus ghnóthaigh an mac-righ.


L. 171


"Cuir do gheasa," ar san bhainríoghain.



"Ní chuirfead fós," ar san mac-righ.



D'imir siad arís agus ghnóthaigh an bhainríoghain.



"Cuir do gheasa," ar san mac-righ.



"Tá tú le bheith ag imtheacht go bhfágh' tú amach inghean
righ Ghleanna-an-Uaignis, agus na tar ar ais gan í."



"'S iad na geasa chuirfeas mise ort-sa, dul suas go bárr
an chaisleáin agus gan greim d'ithe go dtagaidh mé ar ais,
acht an méad gheobhas tú tre chró snáthaide bhéarfas mise
dhuit."



"Maith dham, agus maithfidh mise dhuit-se," ar san bhain-
rioghain.



"Ní dhéanfaidh mé sin," ar san mac-righ, "is tú féin do
chuir na ceud-gheasa."



"Ní raibh mé acht ag magadh fút," ar san bhainríoghain.



"Ní fear-magaidh dhuit mise," ar san mac-righ.



Ann sin chuaidh sé chuig an cócaire, agus d'innis dí an rud
do bhí aige le deunamh.



"Tá aistear fada baoghalach rómhad," ar san cócaire, "acht
ó thárla gur fhág do mháthair thú faoi mo chúram, déanfad mo
dhithchioll duit."



Anois budh bhean-draoidheachta an cócaire, agus rinne sí cáca
dhó, agus do fhliuch sí é le n-a bainne-cích, thug dó é, agus
dubhairt: "ní bhéidh aon bhaoghal ort chomh fad agus atá an
cáca so agad; tiucfaidh tú go teach mo dhearbhráthar anocht,
agus nuair rachfas tú asteach, cuir do cháca faoi n-a shróin go
bhfágh' sé boladh mo bhainne-cích, agus cuirfidh sé ar bhealach
do leasa thú. Ann sin dubhairt sí leis, "tar liom go bhfágh' mé
each duit."



Chuaidh sé léithe go cúl an gharrdha, chraith sí clog beag,
agus níor bhfada go dtáinig each bhán chuici, agus dá sgiatháin
air.



"Teirigh ag marcuigheacht ar an each sin, agus béarfaidh sé
go teach mo dhearbhráthar thú."


L. 172


Chuaidh sé ag marcuigheacht air, leathnaigh an each (an
t-each) a sgiathána, agus as go bráth leis tríd an aér. Bhí sé ag
imtheacht agus ag sír-imtheacht go raibh an ghrian ag dul faoi
sgáile na gcnoc. Ann sin tháinig sé go talamh i bhfogus do theach
mór. Thuirling an mac-righ agus chuaidh asteach, agus chon-
nairc sé fathach mór. Dubhairt an fathach:



"Fú fá fum
Is Éireannach tá ann."



Agus bhí sé dul leis an mac-righ do mharbhadh, nuair chuir sé
an cáca faoi n-a shróin.



"Grádh mo chroidhe thú," ar san fathach, "bhí mé dul dod'
mharbhadh, go bhfuair mé boladh bainne-cích mo dhearbh-
shiúra, cia an chaoi bhfuil sí?"



"Tá sí go maith," ar san mac-righ.



Ann sin thug an fathach neart le n'ithe agus le n'ól dó, agus
d'fhiafruigh sé "Cá bhfuil tu ag dul?"



"Táim ag tóruigheacht inghine righ Ghleanna-an-Uaignis,
agus ní thig liom dul ar ais gan í."



"Tá mise ann so cúig céad bliadhain, agus ní chualaidh mé
caint ar Ghleann-an-Uaignis roimhe seó," ar san fathach, "acht
tá déarbhráthair agam do rugadh dá chéad bliadhain rómham,
agus b' éidir go bhfuil eólas aige ar an áit." Béidh an each bhán
ann so ar maidin, agus béarfaidh sé go teach mo dhearbhráthar
thú, agus ná dearmad boladh an cháca do thabhairt dó, no
marbhóchaidh sé thú."



Dfhan sé ag teach an fhathaigh an oidhche sin, agus ar
maidin, lá ar na mhárach, d'éirigh sé go moch, agus d'ith agus
d'ól a sháith. Ann sin thug an fathach go cúl an tighe é, chraith
sé clog beag, agus níor bhfada go dtáinig an each bhán. "Teirigh
ag marcuigheacht air anois," ar san fathach, "agus béarfaidh
sé go teach mo dhearbhráthar thú."



Chuaidh an mac-righ ag marcuigheacht, leathnaigh an each
bhán a sgiathána, agus as go bráth leis, tríd an aer. Bhí siad ag


L. 173


imtheacht agus ag sír-imtheacht an lá sin, go raibh an ghrian ag
dul faoi sgáile na gcnoc, agus ann sin tháinig an each go talamh
i láthair tighe mhóir. Thuirling an mac-righ agus chuaidh asteach.
Chonnairc sé fathach mór, agus dubhairt an fathach



"Fú fá fum
Is Eireannach bradach tá ann."



Agus bhí sé ag teacht le n-a mharbhadh, gur chuir an mac-
righ an cáca faoi n-a shróin.



"Grádh mo chroidhe thu, is beag nár mharbh mé thú," ar
san fathach, "cia an chaoi bhfuil mo dheirbhshiúr?"



"Tá sí go maith," ar san mac-righ.



"Cá bhfuil tú ag dul?" ar san fathach.



"Ag tóruigheacht inghine righ Ghleanna-an-Uaignis, agus
ní thig liom dul ar ais gan í."



"Tá sí faoi draoidheacht," ar san fathach, "agus feicfidh
tú í amárach ar loch beag atá taobh-shiar dem' theach-sa; ni'l
fhios agam cá mbíonn sí 'na cómhnuidhe, acht tagann sí féin
agus dá' r'éug de mnáibh-coimhideacht le snámh ann san loch.
Béidh naipicín glas i mbeul inghine an righ. Is mar trí eala
déag tiucfaidh siad, agus má tá tu ag an loch rompa feicfidh tú
iad ag deunamh mná (ban) óg díobh féin, agus ag dul asteach
'san loch. Má thig leat éadach inghine an righ do ghoid, ní
bhéidh aon chúmhacht draoidheachta aici go bhfuighfidh sí an
t-éadach, agus b'éidir go dtiúbhradh sí geallamhuint duit, ar son
an éadaigh do thabhairt dí."



D'fhan sé i dteach an fhathaigh an oidhche sin, agus ar maidin
roimh ghréin go moch, d'éirigh sé agus chuaidh sé go bruach
an locha. D'fhéach sé 'na thimchioll, agus chonnairc sé crann
mór darach, agus chuaidh sé taobh-shiar dé. Bhí sé ag féachaint
suas san aér, agus níor bhfada go bhfacaidh sé trí eala déag ag
teacht go bruach an locha, agus naipicín glas i ngob eala aca.
Budh h-í sin inghean righ Ghleanna-an-Uaignis. Nuair thán-
gadar go talamh, ar bhruach an locha, rinneadar mná dhíobh féin,


L. 174


agus chuadar asteach 'san loch ag snámh agus ag rinc. D'éaluigh
an mac-righ síos, fuair sé éadach inghine an righ, agus tháinig
sé ar ais go bun an chrainn mhóir. Nuair bhíodar tuirseach ag
snámh, thángadar amach as an uisge agus ghleusadar iad féin
acht ní raibh aon tsnáithe ag inghin an righ le cur uirri. Ann
sin dubhairt si, "cia b'é duine bhéarfas mo chuid éadaigh dham
bhéarfaidh mé luach a thrioblóide dhó." Bhí an mac-righ ag
éisteacht agus tháinig sé agus thug sé an t-éadach dí. Ann sin
thug sí trí ubhla móra dhó, rinne eala dhí féin, agus d'fhág sí
an mac-righ. Tháinig seisean ar ais ann sin go teach an fhath-
aigh, agus d'innis dó gach nídh.



"Má's féidir liom," ar san fathach, "geobhaidh mé amach
duit cá bhfuil righ Ghleanna-an-Uaignis 'na chómhnuide. Tá
h-uile eun 'san domhan faoi chíos agam-sa, agus b'éidir go
bhfuil eólas ag eun éigin ar an righ sin."



Chuir sé stoc le n-a bheul, shéid sé é, agus faoi cheann leath-
uaire de'n chlog bhí eun de gach uile threibh 'na láthair.
D'fhiafruigh an fathach díobh an raibh eólas ag ceann ar bith aca
cia an áit a raibh righ Ghleanna-an-Uaignis 'na chómhnuidhe.
Tháinig iolar mór i láthair agus dubhairt: "tá sé 'na chómh-
nuidhe anns an teach is foisge (foigse) dhamh-sa."



"Tabhair an mac-righ seo go dti caisleán righ Ghleanna-an-
Uaignis," ar san fathach.



Chuaidh an mac-righ ar dhruim an iolair, agus as go bráth
léithe tríd an aér. Bhí sí ag imtheacht agus ag sír-imtheacht, go
dtáinig sí os cionn fairrge móire. Ann sin dubhairt sí leis an
mac-righ, "tá laige ag teacht orm leis an ocrus, agus caithfidh
mé leigean duit tuitim, muna bhfuil aon nídh agad a bhéarfas tú
dham le n-ithe."



"Tá úbhall mór agam ann so," ar san mac-righ.



"Caith ann mo bheul é," ar san t-iolar.



Chuir sé an t-úbhall ann a beul, agus d'imthigh sí sgathadh
eile. Ann sin dubhairt sí:



"Tá laige an ocruis ag teacht orm arís."


L. 175


Chuir an mac-righ úbhall eile ann a beul, agus d'imthigh sí
sgathadh eile. Ann sin dubhairt sí: "Tá laige an ocruis ag teacht
orm arís." Chuir sé an treas úbhall ann a beul, agus bhí sí ag
imtheacht go dtáinig sí go talamh, in n Gleann-an-Uaignis, agus
thaisbeán sé teach dó le fanamhaint ann go maidin.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh sé go caisleán an
righ, tharraing sé an chuaille-cómhraic agus tháinig an righ
amach.



"Cad tá tú 'iarraidh, no cad is ainm duit?" ar sé.



"Tá mé ag iarraidh d'inghine, agus Diarmuid is ainm dam,"
ar san mac-righ.



"Tá trí neithe agam le deunamh, duit," ar san righ,
"agus má's féidir leat iad do dheunamh béidh m'inghean agad,
acht muna bhfuil tú ionánn iad do dheunamh caillfidh tú do
cheann. Tá sean-chaisleán ann sin shíos, ná fág cloch dé nach
mbéidh caithte asteach 'san bhfairrge agad sul má dtéideann an
ghrian faoi, an trathnóna so."



Fuair sé ord, piocóid, agus casúr, agus chuaidh go dti an sean-
chaisleán. Thosaigh sé ag obair, acht 's dócha! dá mbeidheadh sé
ann sin go dti an lá so ní fheudfadh sé aon chloch do chorrughadh.
Nuair bhí sé tuirseach, shuidh sé síos, brónach go leór. Chonnairc
sé bean áluinn ag teacht. Inghean an righ do bhí innti.
D'fhiafruigh sí dhé créad do chuir an brón sin air, agus d' innis
sé dhí. Dubhairt sí ann sin leis, "déanfaidh mise an obair
dhuit, acht ar d' anam ná h-innis do m'athair gur mise do rinne
dhuit í, acht cuir i gcéill do, má thig leat, go bhfuil cúmhachta
mhór draoidheachta agad féin."



"Deunfaidh mé mar deir tu, a bhean áluinn," ar san mac-
righ.



Ann sin tharraing sí piocóid bheag amach, sgaoil sí cloch
leithe, chaith sí an chloch sin asteach 'san bhfairrge, agus ní
raibh cloch 'san gcaisleán nár lean í. Faoi cheann leath-uaire ní
raibh cloch le feiceál ar lorg an chaisleáin. Ann sin d'fhág si é
agus d' imthigh a-bhaile.


L. 176


Nuair thainig an trathnóna, chuaidh sé chuig an righ agus
d' innis dó go raibh an obair sin déanta.



"Maith go leór," ar san righ, "béidh obair-laé níos cruaidhe
agad amárach."



"Ní'l aon obair ann d'á ndearnaidh fear ariamh nach bhfuil
mise ionnánn a deunamh."



"Teirigh amárach agus ná fág cloch de'n mhéad do chaith tú
ann san bhfairrge nach dtiubhraidh tú amach, agus cuir an
caisleán ar bonn arís ann san áit a raibh sé andé."



"Tig liom an obair sin dheunamh anocht má's mian leat é,"
ar san mac-righ.



"Ná bac leis go maidin," ar san righ, "béidh solus an laé ag
teastál uait; tá láir dhonn ann mo stábla, agus tig leat codladh
léithe."



Chuaidh an mac-righ go dti an stábla agus luidh sé síos. Níor
bhfada go dtáinig inghean an righ chuige agus dubhairt, "is
olc an leabuidh é sin do mhac righ." Ann sin d'fhosgail sí bolg
na lárach, agus thug amach leabuidh bhreágh chlúimh as, agus
shocruigh do'n mhac-righ í. Ann sin thug sí arán, mairt-fheóil
agus fíon dó, agus dubhairt, "béidh mé ag imtheacht anois, acht
béidh mé ar m'ais go moch ar maidin le do leabuidh do chur
ann a h-áit féin."



Ar maidin go moch d'éirigh sé, agus níor bhfada go dtáinig
inghean an righ chuige. Chuir sí an leabuidh ar ais i mbolg na
lárach, thug arán, mairt-fheóil, agus fíon do'n mhac-righ, agus
ann sin dubhairt sí, "béidh mé ag imtheacht anois, acht tiucfaidh
mé chugad arís. Tá fhios agam an nídh atá le deunamh
agad."



Chuaidh an mac-righ go bruach na fairrge; bhí sé ag
smuaineadh cia an chaoi a bhfeudfadh sé an obair do dheunamh.
Timchioll a do-deug a chlog tháinig inghean an righ chuige agus
dubhairt; "Níor fheud mé teacht nios luaithe, acht ní bhéidh
mé a bhfad ag deunamh na h-oibre dhuit." Ann sin tharraing
sí amach slaitin draoidheachta, bhuail sí an t-uisge léithe agus


L. 177


faoi cheann leath-uaire bhí an caisleán ar bonn mar bhí sé an
lá roimhe. Ann sin dubhairt sí leis, "fan ann so go dtagaidh
m'athair, agus cuir aghaidh mhaith ar an sgeul innseóchas tu
dhó. Tiucfaidh me chugad arís anocht." Ann sin d' im-
thigh sí.



Tháinig an righ chuige ann san trathnóna, agus bhí iongantas
air nuair chonnairc sé an caisleán ar bonn, agus dubhairt sé,
"is maith an fear-oibre thu."



"Is iomdha obair níos cruaidhe 'ná í sin do rinne mé," ar
san mac-righ.



"Teirigh chuig an stábla agus codail leis an láir dhoinn, agus
ar maidin innseóchaidh mé dhuit cad atá agad le deunamh."



Chuaidh sé chum an stábla, agus nuair tháinig dorchadus na
h-oidhche tháinig inghean an righ agus thug arán, mairt-fheóil
agus fíon dó. Ann sin d'fhosgail sí bolg na lárach, agus thug
amach as leabuidh clúimh, agus shocruigh dhó í. Ann sin
dubhairt sí leis: "Ní'l agad acht aon obair eile le déanamh, tá
tarbh-nimhe ag m'athair, agus ní dheachaidh duine ar bith
anaice leis ariamh nár mharbh sé. Ar maidin amárach bhéarfaidh
m'athair ordughadh dhuit-se an tarbh do thabhairt chuige. Seó
dhuit srian beag, agus nuair rachfas tú asteach san bpáirc a
bhfuil an tarbh innti, craith an srian, agus leanfaidh an tarbh
thu. Tiucfaidh mise chugad ar maidin." Ann sin d'imthigh sí
uaidh, agus chuaidh sé 'na chodladh.



Ar maidin, an lá ar n-a mhárach, d'éirigh sé go moch, agus
níor bhfada go dtáinig inghean an righ chuige agus thug sí arán,
mairt-fheóil, agus fíon dó. Ann sin chuir sí an leabuidh ar ais
i mbolg na lárach agus dubhairt, "caithfidh mé imtheacht
anois."



Chuaidh sé chuig an righ ann sin, agus dubhairt sé, "tá mé
réidh leis an tríomhadh obair do dhéanamh, acht ní thug tú dham
aon nidh le n'ithe ó tháinig mé chugad."



"Ní ithim féin aon ghreim acht aon uair amháin 'san tseacht-
mhain," ar san righ. "Tá tarbh ann san bpáirc sin shíos, agus


L. 178


má thugann tu chugam é sul ma dtéidheann an ghrian faoi,
béidh m'inghean agad."



Chuaidh an mac-righ chum na páirce, chraith sé an srian,
agus lean an tarbh é. Bhí iongantus mór ar an righ nuair thug
sé chuige é, agus dubhairt sé leis, "tabhair ar ais é, agus teirigh
chum an stábla go gcuirfidh mé fios ort." Thug sé an tarbh ar
ais, agus chuaidh sé féin chum an stábla.



Anois shaoil an righ go raibh cúmhachta mhór draoidheachta
ag an mac-righ, agus chuaidh sé chum a sheomra le smuaíneadh
cia an chaoi a bhfeudfadh sé a chur chum báis.



Tháinig an inghean chuig an mac-righ, agus d' innis dó go
raibh a h-athair ag smuaíneadh cia an chaoi a gcuirfeadh sé
chum báis é. "seó dhuit trí cáca," ar sí, "agus nuair chuirfeas
an righ fios ort, fág cáca aca ann san halla, taobh leis an dorus
mór, agus cáca eile aca ag bárr na staighre, agus an tríomhadh
cáca ag dorus m'athar, agus tar ar ais chugam-sa. Béarfaidh an
cáca bhéidheas ag an dorus freagradh i d'áit-se, agus innseóchaidh
sé sgeul, innseóchaidh an dara cáca sgeul, agus innseóchaidh an
tríomhadh cáca sgeul, agus sul má bhéidh siad críochnuighthe,
béidh tusa agus mise leath-bhealaigh go h-Éirinn."



Nuair d'imthigh sí uaidh chualaidh sé an righ ag glaodhach
air. Chuaidh sé tríd an halla, agus suas an staighre, ann sin,
agus d'fhág na cácaidh mar dubhairt sí leis, agus nuair leag sé
an cáca déigheannach ag dorus an righ, tháinig sé ar ais, agus
chuaidh sé féin agus an inghean ag marcuigheacht ar an láir
dhoinn, agus as go bráth leó.



Nuair shaoil Righ Ghleanna-an-Uaignis go raibh an mac-righ
taobh amuigh de'n dorus, dubhairt sé "innis sgeul dam."
Thosaigh an cáca, agus d'innis sgeul breágh. Thaithnigh sé leis
an righ, agus dubhairt sé "innis sgeul eile." D'innis an dara
cáca sgeul, agus bhí sé níos fearr 'ná an chéad cheann. "Innis
ceann eile," ar san righ. D'innis an tríomhadh cáca sgeul fada,
agus budh h-é an focal deiridh do bhí ann, "tá mac Bhrannduibh
an righ, agus inghean righ Ghleanna-an-Uaignis leath-bhealaigh
go h-Éirinn."


L. 179


Léim an righ suas, agus fearg mhór air. Chuaidh sé ag mar-
cuigheacht ar an tarbh nimhe, agus d'imthigh sé ar tóir a inghine
agus an mhic-righ. Bhí fhios aici-se go raibh sé 'gá leanamhaint
agus dubhairt sí leis an mac-righ, "feuch taobh-shiar dhíot."
D'fheuch sé, agus chonnairc sé an righ ag teacht ag marcuigh-
eacht ar an tarbh dubh nimhe, agus é ag cur teineadh as a bheul.
D'innis sé sin dí, agus chaith sí píosa leac-oidhre taobh-shiar
dhí, agus rinneadh fairrge dhé, eatorra féin agus an righ.



D'imthigheadar sgathadh eile agus dubhairt sí, "feuch do
dhiaigh arís." D'fheuch sé agus dubhairt, "tá cobhlach mór
luingis ag teacht. Chaith sí cloch bheag 'na diaigh, agus d'éirigh
balla dá fhichid troigh ar áirde, eatorra féin agus an luingeas.
Ann sin b'éigin do'n righ filleadh a-bhaile.



Thug an mac-righ inghean righ Ghleanna-an-Uaignis a-bhaile,
agus bhí fáilte mhór roimhe.



Bhí na seacht mbáis ar a leas-mháthair leis an ocras, mar nár
ith sí greim ó d'imthigh sé no go dtáinig sé ar ais acht an méad
do fuair sí tre chró na snáthaide míne do thug sé dhí, agus níor
bhfada go bhfuair sí bás.



Phós sé inghean righ Ghleanna-an-Uaignis ann sin, agus bhí
muirighin mhór aca. Fuair siad-san an doimhneacht agus muid-
ne (sinn-ne) an clochán. Báitheadh iad-san agus tháinig muid-ne
slán.



XXVI



Murchadh, mac Righ Laighean.



A bhfad ó shoin, ann san tsean-aimsir, bhí righ i gcúige
Laighean agus bhí triur mac aige, dar bh' ainm Dómhnall,
Brian, agus Murchadh. Bhí Dómhnall, agus Brian fóghlamtha
agus ciallmhar, agus ní raibh ciall ná fóghluim ag Murchadh,
acht bhí sé chomh láidir agus chomh treun le leómhan.


L. 180


Chualaidh an righ, go raibh inghean ag righ na Spáine, agus
nach raibh aon bhean 'san domhan leath chomh breágh léithe.
D'innis sé an sgeul d'á chloinn mhac, agus dubhairt Dómhnall
agus Brian, "béarfamaoid go h-Éirinn í, no geobhamaoid féin bás
ag iarraidh í do thabhairt linn."



" Rachaidh mise libh," ar sa Murchadh, "mar tá mise
i m'fhear chomh maith libh-se, no níos fearr 'ná sibh."



An oidhche sin, d' imthigh Dómhnall agus Brian a-gan-fhios
do Mhurchadh. Ar maidin, an lá ar n-a mhárach, nuair fuair
Murchadh amach go rabhadar imthighthe, as go bráth leis 'na
ndiaigh, agus níor bhfada go dtáinig sé suas leó mar bhíodar ag
dul asteach i gcoill mhóir. Bhí fearg orra eisean do bheith d'á
leanamhaint, agus cheangail siad é le teudaibh agus le córdaibh
láidre, do chrann mór darach, agus d'imthigheadar leó. Acht ní
raibh siad leath-uair imthigthe nuair tharraing Murchadh an
crann mór as na fréamhachaibh, agus as go bráth leis 'na
ndiaigh. Rug sé orra mar bhíodar ag dul cois gheata mhóir.
Thug siad bualadh millteach dó, agus cheangail siad le teudaibh
é do 'n gheata mór iarainn, é féin agus an crann, agus d'imthigh
siad ar a n-aghaidh. Acht ní raibh siad níos mó 'ná leath-uair
imthighthe nuair tharraing Murchadh an geata as na postaibh,
agus as go bráth leis 'na ndiaigh. Nuair rug sé orra an t-am so
dubhairt siad go raibh sé chomh maith dhóibh é do sgaoileadh
agus searbhfhóghanta do dheunamh dhé. Rinne siad sin, agus
bhí sé 'na shearbhfhóghanta aca.



Bhíodar ann sin ag imtheacht agus ag sír-imtheacht go
dtángadar i ngar do chaisleán righ na Spáine. Ann sin dubhairt
Dómhnall, "rachaidh mé go mbeidh amharc agam ar inghin an
righ, and fanadh sibh-se ann so go dtagaidh mise ar m'ais."



D'imthigh sé leis agus nuair tháinig sé i ngar do'n chaisleán,
chonnairc sé leómhan mór ar gach taoibh de'n gheata. Tháinig
faitchios air, agus d'imthigh sé ar ais, agus dubhairt sé le n-a
dhearbhráithreachaibh, "ní fhacaidh mé aon bhean ariamh
chomh gránna le inghin an righ."


L. 181


"Béidh amharc agam-sa air," ar sa Brian.



Chuaidh sé féin chomh fada agus chuaidh Dómhnall, acht
nuair chonnairc sé an dá leómhan, bhí faitchios air, agus
d'fhill sé ar ais, agus bhí a chroidhe ann a bheul le faitchios,
agus dubhairt sé, "Is fíor dhuit a Dhómhnaill," ar sé, "ní'l
bean ann san domhan leath chomh gránna."



"O thárla go dtáinig mé chomh fada sin béidh amharc agam
féin uirri," ar sa Murchadh.



Nuair d'imthigh sé dubhairt Dómhnall le Brian: "Marbhóchaidh
na leómhain Murchadh, agus tá sé chomh maith dhúinn bheith
dul a-bhaile."



"Táim leat ann sin," ar sa Brian.



Chuaidh an bheirt go dti an cuan, agus chuaidh siad ar bord
loinge le dul abhaile, agus fágfamaoid ann sin iad.



Anois nuair tháinig Murchadh i ngar do'n gheata, chonnairc
sé an dá leómhain agus dubhairt sé leis féin, "Dar m'anam! is
mór an dá mhadadh sibh, acht ní chongbhóchaidh sibh mise
amach." Ann sin d'éirigh sé agus chuaidh sé de léim thar a
gcionn. D'fheuch sé suas agus chonnairc sé inghean an righ ann
san gcaisleán, agus ní fhacaidh sé aon bhean ariamh leath chomh
breágh agus bhí sí.



"Tháinig mé as Éirinn le d'fheiceál má's é do thoil é," ar sa
Murchadh, "agus le nidh beag d'innseacht duit."



"Imthigh leat, imthigh leat," ar sí, "no marbhóchaidh na
léomhain thú, tá h-uile dhoras ann san gcaisleán dúnta agus tá
na h-eochracha ag m'athair."



"Fosgail an fhuinneóg dam," ar sa Murchadh, "agus rach-
aidh mé de léim asteach ann do sheomra."



D'fhosgail sí an fhuinnéog, agus chuaidh sé de léim asteach
ann san tseomra. Chuir sí failte roimhe, agus do fhliuch sí é le
pógaibh. Ann sin thug sí neart le n'ithe agus le n'ól dó. D'fhan
sé ag cómhrádh léithe go raibh dorchadus na h-oidhche ag teacht.
Ann sin léim sé suas, agus dubhairt, "Caithfidh mé bheith ag


L. 182


imtheacht, tá mo bheirt dhearbhráthar ag fanamhaint liom."



"Budh chóir dhuit mise do thabhairt leat," ar sa Bhénis,
budh h-é sin ainm inghine an righ.



"Bhéarfainn agus fáilte, dá mbeidheadh aon tslighe agam le
do thabhairt," ar sa Murchadh.



Thug Bhéinis cáthaoir dhó ann sin, agus dubhairt sí leis,
"suidh ann san gcáthaoir sin agus abair, "budh mhaith liom
bheith ann a leitheid seo no ann a leitheid sin d'áit," agus béidh
tu innti gan mhoill."



Do shuidh sé ann san gcáthaoir agus Bhénis ar a dhá ghlúin,
agus dubhairt sé, "budh mhaith liom bheith i mB'l'áth-cliath,"
agus le casadh do láimhe chuaidh an cháthaoir tríd an bhfuin-
neóig, tar muir agus tír, agus faoi cheann leath-uaire bhíodar i
mB'l'áthcliath.



Ann sin cheannaigh Murchadh teach agus chuaidh sé féin agus
Bhénis ag cómhnuidhe ann.



Faoi cheann cúpla lá 'na dhiaigh sin, chuaidh Murchadh go
tighearna Bhl'ath'cliath agus d'iarr obair air.



"Cad é do cheird?" ar san tighearna leis.



"Is mé an tincéar is fearr i n-Éirinn," ar sa Murchadh.



"Tá obair seacht mbliadhan agam duit," ar san tighearna.
Thug sé Murchadh leis agus thaisbeán sé dhó cárnán mór stáin,
agus dubhairt sé leis, "deun bád dé sin."



Thosaigh Murchadh ag obair, agus bhí an bád críochnuighthe
aige sul má ndeachaidh an ghrian faoi, an trathnóna sin. Chuaidh
sé chuig an tighearna ann sin, agus d'innis sé dhó go raibh an
bád críochnuighthe aige. Níor chreid an tighearna é go bhfac-
aidh sé an bád, ann sin d'íoc sé é agus dubhairt, "ní breug le
rádh gur tú an fear-ceirde is fearr i nEirinn, seo dhuit croiceann
tairbh le bád do dheunamh dhuit féin." Rinne sé an bád dó
féin agus do Bhénis.



Tar éis sin chualaidh sé trácht mhór ar Fhionn mac Cúmhail
agus ar a chuid Fianta (Féinne), agus chuaidh sé chuig Fionn
agus d'iarr sé obair air.


L. 183


"Cad é do cheird?" ar sa Fionn.



"Tincéar mise," ar seisean, "acht tig liom obair ar bith do
dheunamh d'á ndearnaigh fear ariamh."



"Is úsáideach an fear thú," ar sa Fionn, "agus bhéarfaidh
mé seirbhís duit."



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, bhí Fionn agus na Fiannta ag
cathadh uird mhóir, nuair tháinig Murchadh amach, fuair
greim ar an ord, agus chaith é fiche péirse níos faide 'ná an
fear is láidre aca. Bhí iongantas mór ar Fhionn, chuir sé
a mhéar ann a bheul, agus ghearr sé é asteach go dti an smior.
Tháinig eólas chuige nach raibh aon fhear i nÉirinn chomh maith
le Murchadh, mar bhí dá chúmhachta aige, bhí draoidheacht
aige ó n-a mhnaoi, agus bhí neart aige ó nádúir.



Seal gearr 'na dhiaigh sin chuir bainríoghain an domhain shoir
fuagradh ar Fhionn, agus chuir sí dubhshlán faoi, troid léithe.
Cailleach draoidheachta do bhí innti. D'innis Fionn do Mhurchadh
cad é an fuagradh do fuair sé ó'n mbainríoghain, agus d'iarr sé
air do theacht leis. "Rachad agus fáilte," ar sa Murchadh.



Fuair Fionn míle fear de na Fianntaibh, agus chuaidh sé ar
bord luinge, agus d'iarr ar Mhurchadh do theacht ar bord luinge
leis. "Béidh mise ann san domhan shoir rómhad," ar sa
Murchadh.



Nuair bhí Fionn níos mó 'ná mí imthighthe, chuaidh Murchadh
asteach ann a bhád beag féin, agus ní raibh sé i bhfad ag dul go
dti an domhan shoir. Bhí sé ann, lá roimh Fionn agus na Fiann-
taibh.



Bhí triúr fathach ar thalamh na caillighe do mharbh na ceudta.
Chuaidh Murchadh go teach na bhfathach, agus chuireadar fáilte
roimhe, agus thosaigh siad ag gáiridhe.



"Cad fáth bhfuil sibh ag gáiridhe?" ar sa Murchadh.



"Mar támaoid dul do d' shlugadh," ar siad-san.



Tharraing Murchadh a chloidheamh agus dubhairt, "cia
agaibh an fear is fearr, go mbainfidh mé an ceann dé." "Tá


L. 184


meisneach agad," ar fear de na fathaigh' ag dul 'na aghaidh,
"acht fan go fóil." D'ionnsaigh siad a chéile, acht bhain
Murchadh an ceann dé de 'n chéad bhuille. Tháinig an bheirt
eile amach 'na aghaidh ann sin agus thuit siad leis.



Ann sin chuaidh sé go caisleán na caillighe agus tharraing sé
an chuaille cómhraic agus níor fhág sé leanbh le mnaoi ná bo le
laoigh i bhfoigseacht fichid míle dhó nár mharbh sé leis an
bhfuaim do bhain sé as an gcuaille cómhraic.



Tháinig an chailleach amach agus dubhairt "cad tá tú
'iarraidh?"



"Arán, mairt-fheóil, agus fíon, d' Fhionn mac Cúmhail agus
d' Fhianntaibh Eireann, béidh siad ann so amárach," ar sa
Murchadh.



"Teirigh chuig mo shearbhfhóghantaibh," ar san chailleach,
"agus fágh uatha gach nidh tá ag teastál uait."



Chuaidh sé chuig an báicéar agus d'iarr sé air an t-arán do
thabhairt dó.



"Ní'l agam acht an oiread agus dheunfas d'arm na bainríoghna
amárach, agus ní thiúbhraidh mé do smearthachán mar thusa é,"
ar san báicéar.



Bhain Murchadh an ceann dé. Rug sé an t-arán leis, agus
d' fhág sé i dtigh an fhathaigh é. Ann sin chuaid sé go dti an
búistéar agus d'iarr an mhairt-fheóil air. Thug an buistéar
cnámh mór dhó, agus dubhairt sé le Murchadh. "Sin an méad
atá le fághail agad." Bhuail Murchadh buille de'n chnámh air,
do mharbh é, agus rug sé an mhairt-fheóil leis, agus d' fhág sé
leis an arán é.



Ann sin chuaidh sé go dti an fíonadóir agus d'iarr an fíon air.
"Imthigh as m'amharc go tapa no báithfidh mé i bhfíon thu,"
ar san fíonadóir. Bhain Murchadh an ceann dé. Rug sé báirille
fíona leis, agus chuaidh sé go teach au fhathaigh. Thosaigh sé ann
sin ag gleus dinéir d' Fhionn agus d' Fianntaibh Eireann.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, tháinig Fionn agus na Fiannta,
agus thug Murchadh go teach na bhfathach iad. Agus nuair


L. 185


d'fhág sé iad ag ithe agus ag ól, chuaidh sé go teach na caillighe,
agus tharraing sé an chuaille cómhraic. Tháinig an chailleach
amach agus dubhairt sí "cad tá tú 'iarraidh?"



"Troid d'Fhionn mac Chúmhail agus do na Fianntaibh," ar
sa Murchadh.



"Tá go maith," ar san chailleach, "béidh mile fear réidh
agam ar maidin amárach le dul ag troid leó."



D'fhill Murchadh agus d'innis sé an sgeul do Fhionn.



"Maith go leór," ar sa Fionn, "béidh cath cruaidh againn."



"Déan dá roinn de na Fianntaibh," ar sa Murchadh, "agus
tabhair aon roinn damh-sa, agus congbhaigh an chuid eile, thú
féin."



"Bíodh sé mar sin," ar sa Fionn.



Chaith síad an oidhche sin go súgach, agus ar maidin go
moch, an lá ar n-a mhárach, chuir Fionn ordughadh catha ar
na Fianntaibh, agus chuadar go caisleán na caillighe.



Thosaigh an cath dá-ríribh ann sin. Bhí Murchadh ag baint
na gcloigionn de dhaoinibh na caillighe, mar bheidheadh speala-
dóir ag baint fóthanán, agus sul ma ndeachaidh an ghrian faoi
sgáile na gcnoc an trathnóna sin, bhí an chuid is mó d'arm na
caillighe marbh.



"Grádh mo chroidhe thú a Mhurchadh," ar sa Fionn, "acht
go raibh tusa linn do gheobhamaois druidte (teann) é."



"Fíor dhuit," ar sa Murchadh, "acht tá tuilleadh le deunamh
againn."



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Murchadh go caisleán
na caillighe arís, agus tharraing sé an chuaille cómhraic. Tháinig
sí amach, agus d'fhiafruigh sí créad do bhí sé 'iarraidh.



"Troid no buaidh, d'Fhionn agus do na Fianntaibh," ar sa
Murchadh.



"Tá mé réidh," ar san chailleach, "acht budh mhaith liom
an cath do bheith idir mé féin agus Fionn."



Chuaidh Murchadh go Fionn agus d'innis dó mar dubhairt an
chailleach.


L. 186


"Maith go leór," ar sa Fionn, "níor buaileadh mé ariamh."



"Acht tá cú nimhe ag an gcailligh," ar sa Murchadh.



"Is truagh nach bhfuil mo chu, Bran, agem féin," ar sa
Fionn.



"Béidh sí agad," ar sa Murchadh, "má tá sí beó."



Ann sin chuaidh sé amach agus leig sé gáir. Do chualaidh a
bhean i nÉirinn é, agus gháir sí ar ais, "cad tá uait?"



"Cuir chugam Bran, cú Fhinn Mhic Chúmhail, chomh tapa
agus thig leat," ar sa Murchadh.



Fuair si an chú, chuir sí séideóg gaoithe fúithe, agus faoi
cheann leath-uaire bhí sí ag Fionn.



Ann sin chuadar go caisleán na caillighe, agus d'ionnsuigh sí
féin agus Fionn a chéile. Nuair bhí Fionn ag fághail na lámh-
uachtar uirri, labhair sí leis an gcoin nimhe, agus léim sí suas le
greim sgornaigh d'fhághail ar Fhionn, acht fuair Bran greim
sgornaigh uirri féin, agus tachtadh í le Bran. Nior bhfada, ann
sin, gur mharbh Fionn an chailleach.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Fionn agus na Fiannta
ar bord loinge agus thángadar a-bhaile. Bhí Murchadh ann
rompa, agus dubhairt sé le Fionn, "is mac righ Laighean mé,
agus rachaidh mé a-bhaile anois."



Bhí luthgháire mhór ar an righ nuair tháinig Murchadh
a-bhaile, agus an bhean áluinn leis, mar shaoil sé go raibh sé
marbh a bhfad roimhe sin. D'innis Bhéinis an sgeul uile do'n righ,
o bhonn go bárr.



"Fágfaidh mé mo ríoghacht ag Murchadh," ar san righ.



"Ní ghlacfaidh sé í," ar sa Bhéinis, "tá an Spáin go h-iomlán
aige mar ríoghacht."



Ar maidin, lá ar n'a mhárach, chuaidh Murchadh agus a bhean
chum na Spáine agus ní'l aon sgeul againn air ó shoin.


L. 187


XXVII



Caoilte na gcos fada.



Rugadh Caoilte i n Gráin-leathan, i gCondaé Roscomáin. Cidh
go rugadh é o bhean (mhnaoi), bhí fuil fhiadháin na ngeirr-
fhiadh-draoidheachta ann. Bhí a athair aosta sul má rugadh é ó
mhnaoi, acht bhí tuairm ag na sean daoinibh go raibh sé ar an
tsaoghal so na ceudta bliadhain roimhe sin, mar bhí eólas aige ar
neithibh chomh fada siar, beag-nach, leis an dílinn mhóir, nuair
báitheadh an domhan.



Nuair d' fhág Caoilte Gráin-leathan tugadh é chum bruidhean
faoi Chreig-leathan, ann a chondaé féin, agus bhidheadh sé dul
ó bhruidhean go bruidhean h-uile oidhche ann san mbliadhain.



(Rinneadh teachtaire dhé ameasg na ndaoine-sidhe) agus ní'l
bruidhean, ráth, ná cnoc-sidhe i n-Éirinn, nár shiúbhail sé sul má
bhí sé mi, 'na theachtaire.



Aon oidhche amháin fuair sé teachtaireacht le tabhairt chum
righ na bhfear-sidhe i nDún-Laoghaire i n-aice le Bail-ath-cliath.
D'fheuch an righ air agus dubhairt "cá 'r b' as thú?"



"Is fíor-Chonnachtach mé," arsa Caoilte, "nár claoidheadh
ariamh."



Thug an righ clapóg 'san éadan dó, agus dubhairt "Claoidh-
fidh mise Fionn mac Cúmhaill agus Fiannta Eireann."



"Ní chreidim thú," ar sa Caoilte.



"Tá teachtaireacht agam chum Righ Teamhra, agus is dóigh
go bhfeicfidh mé Fionn agus a chuid fear 'san árd-bhruidhean,
acht ar chaoi ar bith, tiucfaidh mé le cómhrac aoin-fhir do bheith
agam leat 'san oidhche amárach."



Gháir an righ ar a ghárda, le Caoilte do chur i ngéibheann,


L. 188


acht bhí sé ró ghlic agus ró chos-luath, agus d'imthigh sé uatha
mar an teinntreach.



Nuair tháinig sé chum an árd-bhruidhin i dTeamhra, thug
sé a theachtaireacht uaidh do'n righ, agus d'fhiafraigh sé an
bhféadfadh sé Fionn agus Fiannta Éireann fheiceál.



"Tig leat agus fáilte," ar seisean, "tá siad i bpálás áluinn
faoi Alamin (Almhain). Tar liom, agus cuirfidh mé ar an mbóthar
díreach thú."



Lean Caoilte é, go dtángadar chum crainn mhóir agus úbhla
air a raibh gach úbhall aca chomh mór le báraille. D'árduigh an
righ an crann as an talamh, agus dubhairt "teirigh síos i lorg
an chrainn, agus feicfidh tú an bóthar díreach a bhéarfas thu go
h-Almhain, agus nuair thiucfas tú ar ais béidh mise ann so
rómhad."



As go bráth le Caoilte, agus níor bhfada go raibh sé ag pálás
Fhinn. Bhí Fionn agus a chuid fhear amuigh ar mhachaire
bhreágh, ag bualadh báire. Bhí seisear ar aon taoibh, agus bhí
móirsheisear ar an taoibh eile. "Tá fear ag teacht," ar sa Diar-
muid. Chuir Fionn a ordóg ann a bheul, agus fuair sé eólas gur
ab é Caoilte na gcos fada as Chonnachtaibh do bhí ann, agus go
mbudh é an laoch is fearr do bhuail báire ariamh i n-Éírinn.
D'innis sé an t-eólas do fuair sé do na fir (fearaibh), agus dubhairt
sé go raibh sé níos láidre agus níos cos-luaithe 'ná aon fhear
'san tír.



"Ní chreidim go bhfuil sé níos láidre 'ná mise," ar sa Goll
mór, "stop an báire agus déanfamaoid caraigheacht leis."



"Bíodh mar sin," ar seisean.



Tháinig Caoilte i láthair, agus chuir Fionn agus na Fiannta
fáilte roimhe, agus d'fhiafraigh siad dé cia an chaoi a raibh Éire
dul ar aghaidh.



"Go maith," ar seisean, "acht tá mise dul ag troid le righ
Dhún-Laoghaire an oidhche amárach, agus budh mhaith liom dá
bhfeudfá-sa bheith i láthair."



"Go deimhin tá brón mór orm nach dtig liom, acht tá fuagradh


L. 189


catha agam féin ó'n Dearg Mór, an oidhche amárach, i dtír na
Gréige," arsa. Fionn, "agus tá sé i mbruidhean, agus sluagh
mor leis."



"Glac mo chómhairle," arsa Caoilte, "cuir d'ordóg faoi
d'fhiacail, agus fágh eólas an bhfuil tu ionnán troid leis, no an
dtig leat a chlaoidh, mar tá tú anois ann do shean-aois."



Chuir Fionn a ordóg ann a bheul agus chogain í go dti an
smior, agus fuair sé eólas nach raibh aon fhear 'san domhan
ionnán an Dearg Mór do chlaoidh acht Caoilte na gcos fada as
Chonnachtaibh. D'innis sé an t-eólas do fuair sé do Chaoilte agus
d' Fhianntaibh Éireann, agus dubhradar uile, nuair chualaidh
siad sin, "is olc an lá dúinn nach bhfuil fear 'n ár measg féin
ionnán an Dearg Mór do chlaoidh, agus b' fhearr dúinn bheith
marbh!"



"Ní'l neart air," ar sa Fionn, "acht ní'l clú na h-Éireann
caillte chomh fhad agus atá fear innti a chlaoidhfeas é. Anois
a Chaoilte," ar seisean, "cuir do chath le righ Dhún-Laoghaire
ar gcúl, no béidh clú na tíre caillte, agus níor cailleadh é ariamh
roimhe seo."



Bhí Fiannta Éireann gruamach, agus líonta le eud a n-aghaidh
Caoilte, agus dubhairt Goll mór go mbudh mhaith leis dreas
caraigheachta do bheith aige le Caoilte. "Táim-se sásta," ar
Caoilte.



D'ionnsaigheadar a chéile ar an machaire, agus an cheud-
fhásgadh thug Caoilte dhó, is beag nach ndearnaidh sé dá leith
dhé, agus leis an dara fásgadh leag sé ar an machaire é, gan cor
ann. Nuair d' éirigh Goll ann sin dubhairt sé, "Níor bhain tu
acht aon tuitim asam fós, béidh iarraidh eile agam". Fuair
Caoilte greim barróige air, agus thug fásgadh dhó, acht sgread
seisean "Sgaoil mé, tá mo chaol-droma briste agad". Sgaoil
Caoilte é, agus dubhairt, "Bhfuil aon laoch eile ann, ar mhaith
leis dreas eile caraigheachta do bheith aige liom?" acht bhíodar
uile 'na sost.



Faoi cheann tamaill bhig dubhairt Fionn, "cuirfimid críoch


L. 190


ar an mbáire anois, agus rachaidh Caoilte ar thaoibh an
tseisir."



Thosaigh an báire, acht níor bhfada go raibh críoch air. Fuair
Caoilte an liathróid agus níor sgar sé léi go bhfuair sé an
góraidh, Bhí sé chomh cos-luath le geirrfhiadh Márta, agus
níor fheud duine ar bith teacht suas leis.



Ann sin chuadar uile asteach ann san bpálás, agus bhí siad ag
ól ann. "Anois a Chaoilte," arsa Fionn, "budh chóir dhuit
m' áit-se, do ghlacadh, a n-aghaidh an Dheirg Mhóir, agus nuair
bhéidh sé claoidhte agad rachaidh mise leat-sa go Righ Dhún-
Laoghaire."



"Go deimhin, deanfaidh mé sin duit, agus fáilte," ar sa
Caoilte, "agus béidh mé ar m' ais trathnóna amárach, agus béidh
an obair deunta agam."



"Beir leat mo chloidheamh-sa," ar sa Fionn, "is cloidheamh
é nár chlis ariamh."



Fuair Caoilte an cloidheamh, agus as go bráth leis! agus níor
bhfada go raibh sé ag bruidhean an Dheirg Mhóir. Gháir sé ar an
Dearg Mór agus dubhairt leis teacht amach.



"Cia thusa? no cad tá tú 'iarraidh?"



"Is mé Caoilte, an laoch is measa atá ag Fionn mac Cúmhaill,
agus chuir sé mé ag troid leat-sa, níor bhfiú leis féin teacht."



"Is tu Caoilte! má tá tu caol anois deunfaidh mé tiugh thú
ar ball le bualadh."



D'ionnsuigheadar a chéile, agus bhí siad ag troid le chéile ar
feadh sé uair, acht bhí Caoilte ag fághail an lámh-láidir air,
nuair ghlaodh sé "cabhair! cabhair!"



"Ní'l aon chabhair agad le fághail, tabhair dham an bhuaidh
no bainfidh mé an ceann díot."



"Bhéarfaidh mé an bhuaidh dhuit-se, acht ní thiubhraidh mé
í d' Fhionn mac Cúmhaill."



Bhí fearg áidhbheul ar mhuinntir an Dheirg Mhóir nuair chon-
nairc siad go raibh sé buailte ag Caoilte, agus d'ionnsaigh fiche fear
aoa Caoilte, acht níor bhfada gur fhág sé cúigear aca sínte ar


L. 191


an machaire, agus rith an chuid eile aca asteach 'san mbruidhean,
agus do fágadh Caoilte 'na aonar leis an Dearg Mór.



"Cá fhada thú id' laoch ag Fionn mac Cúmhaill?" ar san
Dearg.



"Ó chuir tusa fuagradh troide chuige," arsa Caoilte.



"Tamaoid le seilg do bheith againn amárach i gCáthair na
Gréine," ar san Dearg mór, "agus duine ar bith gheobhas fiadh
an lomra óir, tá inghean an righ le fághail aige mar mhnaoi,
agus an Ghréig mar ríoghacht andhiaidh báis an righ, agus budh
chóir dhuit-se fanamhaint le h-aghaidh na seilge."



"Go deimhin, budh mhaith liom fanamhaint, acht tá troid
agam le deunamh le righ na bhfear sidhe i nDún-Laoghaire,"
ar sa Caoilte.



"Glac mo chómhairle-se, cuir an troid sin ar gcúl, agus
gnóthaigh inghean an righ má thig leat. Béidh daoine ag an
tseilg as h-uile thír 'san domhan, agus b' éidir go mbeidheadh
righ Dhún-Laoghaire ann, agus b'éidir go mbeidheadh Fionn
mac Cúmhaill féin agus a mhuinntir ann," ar san Dearg Mór.



"Fanfad, mar sin," arsa Caoilte, budh mhaith liom an tseilg
mhór sin d'fheiceál."



An oidhche sin bhí fleidh (fleadh) bhreágh i mbruidhean an
Dheirg Mhóir, agus bhí rún ag cuid d'á mhuinntir Caoilte do
mharbhadh le nimh, mar bhí eud mór orra, 'na aghaidh. Ghleus-
adar an copán agus chuireadar an oiread nimhe ann agus do
mharbhóchadh móir-sheisear, acht bhí a charad, an geirrfhiadh
as Gráin-leathan i láthair, gidh nach bhfacaidh duine ar bith é;
d'athraigh sí an copán nimhe agus chuir sí é i láthair an té do
ghleus é. D'ól siad uile - gach fear aca a chopán féin - acht
ní túisge d'ól an fear sin a chopán nimhe 'ná thuit sé marbh
faoi an mbord.



"Dún na doirse," ar san Dearg Mór, "tá námhaid ann ár
measg, agus caithfimid a fhághail amach."



"Is forus a fhághail amach," ar Caoilte, "feuch é marbh
faoi an mbord. Shaoil sé mise do mharbhadh le nimh, acht bhí


L. 192


mé ró ghlic agus d'athraigh mé an copán do ghleus sé dham.
D'ól sé féin é, agus anois tá sé marbh."



"Thuill sé a bhás mar gheall ar an gcleas fealltach do rinne
sé," ar san Dearg Mór, "níor shaoil mé go raibh aon fhear
ameasg mo mhuinntire do bhí gan onóir, mar an cladhaire sin."



An lá ar n-a mhárach, ar maidin go moch, chuaidh Caoilte
go Cáthair na Gréine. Bhí righ na Gréige agus a inghean áluinn
i lathair. Ní raibh righ ná tighearna 'san domhan nach raibh
ann, agus bí cinnte go raibh Fionn Mac Cúmhaill agus a chuid
gaisgidheach ann. Bhí fáilte aige roimh Caoilte agus d'fhiafruigh
sé ar éirigh leis, no ar chlaoidh sé an Dearg Mór.



D'fhreagair Caoilte,



"Chlaoidh mise an Dearg Mór
I láthair a chuid fear féin.
Anois atáim le inghean an righ
Do thabhairt as Cháthair na Gréin'.
Tá eolas agam ar fhiadh
Lomra áluinn an óir,
'On lá ruaigeadh o Bhaile-an-locha
Go lá (a theacht) go Breuna-mór."



Timchioll an mheadhon-laé do séideadh stoc, agus sgaoileadh
amach fiadh an lomra óir. D'imthigh sluagh mór 'na dhiaigh,
acht d'imthigh sise mar siolla de'n ghaoith Mhárta, agus níor
bhfada go raibh sí imthighthe as amharc a lucht-leanta uile -
acht amháin as amharc Chaoilte.



Nuair tháinig sí go gleann uaigneach, sheas sí, agus dubhairt,
"a Chaoilte, is leat-sa buaidh mo ghabhála, acht cuirim geasa
ort nach n-innseóchaidh tú do neach ar bith, beó no marbh,
an run atá mé dul do leigean leat. Is mise an chéad bhainrio-
ghain do bhí riamh i gConnachtaibh, agus rinne mé coireacha
móra ann mo chúige dhúthchais féin. (D'á ndíol sin atá mé ann
san riocht so). Tabhair mé chum righ na Gréige, agus geobhaidh
tu a inghean mar mhnaoi, agus béidh a ríoghacht agad gan


L. 193


mhoill, mar tuitfidh sé marbh le mo thaoibh-se, agus béidh an
inghean agus an ríoghacht agad i n-éinfheacht. Cuir lámh,
anois, ann mo chluais chlé, agus geobhaidh tú buidéillín beag:
ól é agus cuirfidh sé athrughadh mór ort."



Rinne Caoilte sin, agus chomh luath agus bhí sé ólta aige, bhí
sé 'na fhear chomh deas le aon fhear do bhi i gCáthair na Gréine.



Rug sé an fiadh leis, agus thug sé do righ na Gréige í, agus
dubhairt, "seó dhuit anois fiadh lomra an óir."



"Agus seó dhuit-se m'inghean, an duais do gheall mé do
dhuine ar bith do gheobhadh dham an fiadh. Is fiú í thu, ni'l
laoch eile beó mar thu," ar san righ,



Tháinig righ Dhún-Laoghaire i láthair ann sin, agus dubhairt
sé, "saoilim gur tú Caoilte na gcos fada, cídh go bhfuil athrughadh
éigin ort. Thug mé clapóg 'san éadan duit aon am amháin, agus
dubhairt tú go dtiucfá le cath do bheith agad liom, acht bhris tú
ar d'fhocal."



"Ní'l sé ró mhall fós," ar sa Caoilte, "tarraing do chloidh-
eamh agus deun dídion ort féin." D'ionnsaigheadar a chéile,
acht an chéad bhuille bhuail Caoilte air, chuir sé cloidheamh an
righ eile céad troigh suas san aér as a láimh, agus tháinig sé
anuas 'na giotaibh beaga ar an talamh.



"Bheirim buaidh dhuit," ar san righ.



"Connacht go deó," ar sa Caoilte, "níor claoidheadh a cuid
fear ariamh."



D'éirigh righ na Gréige, agus bhí sé dul ag labhairt nuair
thuit sé marbh le taoibh fhiadh lomra an óir. Rinneadh righ de
Chaoilte ar an mball ann a áit.



Bhí fleidh mhór ar feadh míosa i gCáthair na Gréine 'na dhiaigh
sin. Thug Caoilte a bhean a-bhaile leis go h-Éirinn go dti an
bruidhean i gCreig-leathan, acht níor thaithnigh an áit léi,
agus chuadar ar ais go Cathair na Gréine agus táid ann go
sona, fós.



Tagann Caoilte agus sluagh mór de laochaibh leis go Gráin-
leathan h-uile oidhche Samhna, agus cluineann na daoine iad


L. 194


ag seinm ceóil sidhe, agus is gnáthach leis na sean-daoinibh a
rádh leis an aois óig nuair bhíonn siad ag dul amach 'san oidhche.



"Seachain sibh ar Chaoilte agus ar an sluagh sidhe."



XXVII
Fionn Mac Cúmhaill agus an Bhean Ruadh.



Aon lá amháin bhí Fionn Mac Cúmhaill agus a chuid fear i n-
Almhuin Laighean. Bhíodar andhiaigh arbhar cruithneachta do
chur an lá roimhe sin, agus ní raibh aon nídh aca le deunamh.
Bhí an mhaidin ceódhach, agus bhí faitchios ar Fhionn go
dtiucfadh fallsacht orra. D'éirigh sé agus dubhairt sé "Gleus-
aidh sibh féin, agus rachamaoid go Gleann-na-smól ag
seilg."



Dubhradar uile go raibh an aimsir ro cheódhach le dul ag
seilg, acht ní raibh aon mhaith i gcaint, b' éigin dóibh deunamh
mar d'orduigh Fionn. Ghleusadar iad féin agus thugadar aghaidh
ar Ghleann-na-smól. Níor shiúbhaladar níos mó 'ná trí mhíle
nuair d'árduigh an ceó agus tháinig an ghrian amach go breágh
lonnrach. Bhíodar ar bhruach coille bige, nuair chonncadar
beithidheach iongantach ag teacht chuca chomh luath leis an
ngaoith, agus bean ruadh ar a bhun-lorg. Bhí ceithre cosa caola
faoi an mbeithidheach, bhí ceann air mar ceann cullaigh, agus
adharca fada air, acht bhí an chuid eile dhé mar eilit, agus bhí
gealach lonnrach ar gach taoibh dé.



Sheas Fionn agus dubhairt: "A fheara, an bhfacaidh sibh aon
bheithidheach ariamh roimhe seó mar é sin?"



"Go deimhin, ní fhacamar," ar siad-san, "budh chóir dhúinn
na gadhair do sgaoileadh 'na dhiaigh."



Fear dar bh'ainm Seághan Wynne ó áit darab ainm an Carraigín Ruadh
i gcondae Shligidh d'innis an sgeul so do Phróinsias O Conchubhair i mBaile-
ath-luain ó á bhfuair mise é.


L. 195


"Fan! Fan!" arsa Fionn, "go mbéidh caint agam leis an
mbean (mnaoi) ruaidh, agus ná leigidh-se do'n bheithidheach
dul tharraibh."



Shaoileadar dul roimh an mbeithidheach agus a chosgadh ó
dhul ar aghaidh, acht níor fheudadar acht bac beag do chur air,
agus rith sé amach tríotha.



Nuair tháinig an bhean ruadh 'na láthair d'fhiafruigh Fionn
dí cad é an t-ainm do bhí ar an mbeithidheach do bhí sí d'á
leanamhaint.



"Ni'l fhios agam," ar sise, "tá mé 'gá lorgadh ó d'fhág mé
talamh Ui Chúbhláin, ar bhruach Locha. Deirg, mi ó shoin, agus
níor chailleas amharc air ó thosaigheas 'gá thóruigheacht. Lasann
an dá ghealaigh atá ar a dhá thaoibh, an tír timchioll air, ann
san oidhche. Is éigin damh-sa bheith 'gá leanamhaint go dtuit-
fidh sé no go gcaillfidh mé féin mo bheatha agus beatha mo
thriúir mac, agus is iad-san na gaisgidhigh is fearr 'san domhan
mor."



"Geobhamaoid-ne an beithidheach duit, má 's maith leat,"
arsa Fionn.



"Ní maith liom," ar sí, "ar do bheatha ná corruigh cos 'na
dhiaigh, tá mé féin níos cos-luaithe na sibh-se, agus ní thig liom
teacht suas leis."



"Ní thig linn leigean dó imtheacht gan fhios fhághail cia
an sórt beithidhigh é," arsa Fionn.



"Má théidheann tu féin no do chuid fear 'na dhiaigh,
creaplóchaidh mé sibh cos agus lámh," ar san bhean ruadh.



"Tá tu ag labhairt (go) ró theann, nach bhfuil fhios agad gur
mise Fionn mac Cúmhaill, agus go bhfuil ceithre fichid gaisgidh-
each agam i láthair nár claoidheadh riamh."



"Ni'l beann ar bith agam ort féin ná ar do chuid ghaisgidh-
each," ar san bhean ruadh, "agus dá mbeidheadh mo thriúr
mac ann so, bhéarfadh siad troid duit agus do d' chuid ghaisgidh-
each."



"Go deimhin is olc an lá do chuirfeadh bagairt bean


L. 196


(mná) eagla ar Fhionn mac Cúmhaill agus ar Fhiantaibh
Éireann."



Leis sin shéid sé adharc agus dubhairt "imthighidh uile, fir
agus gadhair, andhiaigh an bheithidhigh sin do chonncamar."



Chomh luath agus dubhairt sé an focal, rinne an bhean uillph-
eist dí féin, agus d'ionnsuigh sí Fionn, agus mharóchadh sí é ar
an mball muna mbeidheadh go raibh Bran, cú Fhinn, i láthair.
Fuair Bran greim ar an uillphéist agus thug crathadh dhí. Lúb
an uillpheist í féin timchioll collainn an chú (chon), agus bhí ag
fásgadh an anam' aistí, go dtug Fionn sáthadh dhí le n-a chloidh-
eamh geur an san sgornach.



"Coisg do lámh," ar sise, "agus bhéarfad buaidh dhuit, agus
ná biodh mallacht bhaintreabhaighe ort."



"Saoilim," arsa Fionn, "nach dtiubhrá mo bheatha dham
dá bhfeudfá a baint díom, acht innis dam cia thu."



"Is mise Coilgín Aérach, máthair Londubh, Chéiteach
agus an Chrochadóir cheusta. Is dóigh gur chualaidh tu caint
ar thréithribh an triúir sin: a leithéid ni'l le fághail faoi 'n
ngréin."



"Go deimhin chualaidh me trácht orra go minic," arsa
Fionn, "acht ní dearbhráitheacha iad."



"Ni h-é aon athair amháin do bhí aca, acht is mise máthair
an triúir, tá siad anois i gCnoc-na-righ i ngar do Shligeach."



"Imthigh as m'amharc," arsa Fionn, "agus ná fheicim arís
go deó thu."



Ann sin do rinne sí bean ruadh dhi féin agus chuaidh sí asteach
'san gcoill.



Bhí na Fiannta uile imthighthe ar lorg an bheithidhigh, chomh
fad agus bhí Fionn ag caint agus ag troid leis an mbean ruaidh,
agus ní raibh fhios aige cia an áit a raibh siad, acht d'imthigh sé
ar aghaidh 'na ndiaigh, é féin agus Bran. Go mall 'san trathnóna
tháinig sé suas le cuid aca agus iad fós ar bhun-lorg an bheith-
idhigh. Tháinig dorchadus na h-oidhche ann sin, acht thug an dá
ghealaigh do bhí ar dhá thaoibh an bheithidhigh solus breágh


L. 197


dhóibh, agus níor chailleadar a amharc. Leanadar é i gcómhnuidhe,
agus timchioll uaire an mheadhon-oidhche bhíodar ag teannadh
leis, nuair thosaigh sé ag sgartadh fola taobh-shiar dhé, agus
níor bhfada go raibh Fionn agus a chuid fear dearg o bhonn go
báthais. Acht níor chuir sin aon toirmeasg orra, agus leanadar
é go bhfacadar é ag dul asteach faoi bhun Chnuic-na-righ, le
breacadh an laé.



Nuair thángadar go bun an chnuic bhí an bhean ruadh 'na
seasamh ann sin rompa, agus dubhairt sí, "níor ghabh sibh an
beithidheach."



"Níor ghabhamar, acht tá fhios againn cá bhfuil sé," ar sa
Fionn.



Tharraing sí amach slaitín draoidheachta, bhuail buille ar
thaoibh an chnuic, agus le casadh do láimhe d'fhosgail dorus mór
'na láthair agus chualadar ceól binn ag teacht amach as. "Tarr
asteach anois," ar san bhean ruadh, "go bhfeicfidh sibh an
beithidheach iongantach."



"Tá ár ngleus salach," ar sa Fionn, "agus níor mhaith linn
dul asteach ameasg cúmhlódair (comhluadair), agus sinn-ne 'san
riocht so."



Chuir sí adharc chum a béil, shéid í, agus ar an mball tháinig
deichneabhar fear óg i láthair. "Uisge le ionladh, ceithre fichid
culaidh éadaigh, agus culaidh breágh agus cróin-seód d' Fhionn
mac Cúmhaill," ar sise. D'imthigh na fir óga agus faoi cheann
móimid d'fhilleadar leis an uisge agus leis an éadach.



Nuair nigheadar agus ghleusadar iad féin thug an bhean
ruadh iad asteach go halla mór do bhí lasta le gréin agus le
gealaigh ar gach taoibh. As sin thug sí iad go seomra mór eile.
B'iomdha amharc breágh chonnairc Fionn agus a chuid fear le
n-a linn, acht ní fhacadar ariamh aon amharc roimhe sin do bhí
leath chomh breágh le n-a bhfacadar ann sin. Bhí righ 'na shuidhe
i gcáthaoir óir, bhí éadach glas agus éadach óir air, agus bhí a
chuid daoine-uasal 'na suidhe 'na thimchioll, agus na fir ceóil ag
seinm. Níor fheud Fionn innseacht cia an dath do bhí i n-éad-


L. 198


aighibh na bhfear-ceóil, mar nach raibh dath ann san mbógha-
uisge nach raibh orra. Bhí bord mór i lár an tseomra, agus bhí
gach uile nidh níos fearr 'ná a chéile air.



D'éirigh an righ agus chuir fáilte roimh Fhionn mac Cúmhaill,
agus roimh a chuid daoine. Cuireadh iad 'na suidhe ag bord,
agus d'itheadar agus d'óladar a sáith, agus níor mhór dhóibh sin
tar éis seilge an laé. Ann sin d'éirigh an bhean ruadh agus
dubhairt. "A Righ na gCnoc, má 's é do thoil, budh mhaith le
Fionn mac Cúmhaill agus le n-a chuid fear an beithidheach
iongantach d'fheiceál. Chaitheadar tamall fada 'g á leanamhaint,
agus is é do thug ann so iad."



Bhuail an righ buille ar an gcáthaoir óir, agus ar an mball
d'fhosgail dorus taobh-shiar dhé, agus tháinig an beithidheach
iongantach amach, agus sheas i láthair an righ. D'úmhlaigh an
beithidheach do'n righ agus dubhairt. "Faoi cheann leath-uaire
béidh mé ar an mbealach chum mo thíre féin. Ní'l aon choisidhe
ann san domhan chomh maith liom-sa. Tá an mhuir chomh réidh
dham leis an talamh. An té a dtig leis teacht suas liom anois
tigeadh sé - tá mise ag imtheacht."



Rith an beithidheach amach as an gcnoc chomh luath le
séideóig gaoithe, agús rith gach uile dhuine do bhí ann sin amach
'na dhiaigh 'gá leanamhaint. Níor bhfada go raibh Fionn agus a
chuid daoine féin amach roimh na daoinibh eile, i dtosach na
seilge, agus ag teannadh leis ar mbeithidheach.



Timchioll an mheadhon-laé bhain Bran, cú Fhinn, casadh as
an mbeithidheach, bhain sí an dara casadh as, agus thosaigh sé
ag cur a chuid photóg amach ar a thaoibh-shiar, agus níor bhfada
gur thosaigh sé ag eirighe lag. Faoi dheireadh, mar do bhí an
ghrian ag dul síos, thuit sé marbh, agus bhí Bran le n-a thaoibh
nuair thuit sé.



Tháinig Fionn agus a chuid fear suas ann sin, acht i n-áit
beithidhigh fuaradar fear mór. Tháinig an bhean ruadh i láthair
'san am céadna agus dubhairt, "a righ uasail na Féinne," ar
sí, "'sé sin righ na bhFearbolg atá marbh agaibh, agus cuirfidh


L. 199


a mhuinntir buaidhreadh mór ar an tír seo 'san am le teacht,
nuair bhéidheas tusa, a Fhinn, agus do chuid ghaisgidheach faoi
an bhfód. Tá mise ag dul go Tír-na-nÓg anois, agus béarfaidh
me sibh-se liom, má's mian libh é. Is mise do rug Oisín liom
chum na tíre áluinn' sin, roimhe seó."



"Támaoid ro-bhuidheach díot, ar fad," arsa Fionn, "acht
ní fhágfamaois ár dtír féin dá bhfághmaois an domhan mór mar
dhúitche, agus Tir-na-n-Óg leis."



"Tá go maith," ar san bhean ruadh, "acht tá sibh dul
a-bhaile gan aon chreach do dhéanamh andhiaigh bhur seilgir-
eachta."



"Is dóigh go bhfuighfimid eilit i nGleann-na-Smól, sul má
dtéidhmid a-bhaile," arsa Fionn.



"Tá eilit ramhar faoi bhonn an chrainn ud thall," ar san
bhean ruadh, "dúiseóchaidh mé dhaoibh í." Leis sin leig sí
sgread, agus d'éirigh an eilit amach. As go bráth léi, agus Fionn
agus a chuid fhear 'na diaigh. Thug sí aghaidh ar Ghleann-na-
smól agus níor stad sí go dtáinig sí chum an ghleanna. Bhí sí
dul suas agus síos tríd an nGleann go raibh an ghrian ag dul faoi
'san trathnóna, agus níor fhéadadar í do ghabháil. Bhí siad ag
brath ar leigean dí, nuair tháinig an bhean ruadh i láthair agus
dubhairt, "saoilim go bhfuil sibh tuirseach andhiaigh na h-eilte
sin, glaodh ar bhur gcoin, agus leigfidh mé amach mo chú bheag
féin, agus maróchaidh sise an eilit." Shéid Fionn adharc bheag
do bhí le n-a thaoibh, agus ar an móimid tháinig na coin ar ais,
taobh-shiar dhé.



Tharraing an bhean ruadh amach cu bheag chomh geal le
sneachta an tsléibhe, agus chuir sí andhiaigh na h-eilte í. Budh
í sin an chú chos-luath; níor bhfada go dtáinig sí suas leis an
eilit agus mharbh sí í. Ann sin tháinig sí ar ais agus thug léim
asteach faoi bhrat na mná ruaidhe. Bhí iongantas mór ar Fhionn,
acht sul má 'r fhéad sé ceist do chur ar an mnaoi ruaidh, bhí sí
imthighthe as amharc. Bhí fhios ag Fionn go mbudh eilit
draoidheachta do bhí ann san eilit sin, agus d'fhág sé ann sin í.


L. 200


Tháinig Fionn agus a chuid fhear a-bhaile an oidhche sin, agus
iad tuirseach ocrach, agus chomh folamh agus bhí siad ar
n-imtheacht dóibh ar maidin.



Do ghlaoidh daoine na h-áite Sráid-na-bputóg ar an áit ar
chuir an beithidheach iongantach a phutóga amach, agus ghlaoidh
siad Cill-a'-bheithigh ar an áit ar thuit sé marbh. Ni'l fhios
agam ar cuireadh cill ar bonn 'san áit sin, acht sin é an t-ainm
tugadh ar an áit, agus ta sé uirri fós.



Tá an sgeul so d'á innseacht ag na daoinibh anaice le Cnoc-na-
righ, n'áit ar thárla sé ar dtús. Is cinnte go bhfuil go leór óir agus
airgid faoi Chnoc-na-righ, dá mbeidheadh meisneach ag duine le
n-a fhághail. Tá na righte imthighthe chum suaimhnis síorruidhe,
agus bi cinnte nach dtugadar an t-ór agus an t-airgiod leó.



XXIX



Mac Rígh Eireann agus Ceann Gruágach na g-Cleasann.



Bhí sin ann, mar is fad ó shoin, do bhí rígh agus báinrioghan
i n-Éirinn agus ní rabh aca acht aon mhac amháin. Ní raibh sé
acht óg nuair a fuair a athair agus a mháthair bás agus fágadh
é 'na dhíleachta. Lá amháin chuaidh sé a' marcuidheacht air a
each caol donn agus d'imthigh leis go dtáinig sé go bárr na
d-trí rása agus go bun na dtrí sruthan. Ní luaithe bhí sé
ann sin 'ná bhí Ceann Gruagach na g-Cleasann roimhe.



"An imreóchaidh tú cluiche indiu, a mhic an rígh?" ars an
Gruagach.



"Ní rabhas aríamh nach n-imreóchainn ," arsa mac an
rígh.



Ní luaithe bhí siad 'na suidhe, 'ná 'na seasamh agus an cluiche
bainte ag mac an righ.


L. 201


"Cuir do gheasa anois a mhic an rígh," ars an Gruagach.



"Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú a bheith
anns an lúth is meataidheacha (meataighe) agus is míothrór (?)
do cheann agus do chosa agus do chaoi bheatha a bheith bainte
díot, muna d-tugaidh tú damh-sa mo raegha (rogha) de mhnaoi,"
arsa mac an rígh.



"Geobhaidh tú sin," ars an Gruagach.



Thug sé leis mac an rígh chum a chaisleáin. Nuair a bhí siad
aig dul thríd an chisteanaigh thug cailín a bhí ann cogar do mhac
an rígh í féin do thoghadh. Thaisbeán an Gruagach lán seómra
de mhnáibh dubha dhó.



"Ní'l mo raegha ionnta so," arsa mac an righ.



Tugadh ann sin thríd seómraibh de mhnáibh ruadh, bána,
donna agus gach dath eile, acht dubhairt sé nach rabh a raegha
i g-ceachtar díobhtha (díobh).



"Sin a bh-fuil de mhnáibh agam," ars an Gruagach, "acht
cailín-chisteanaigh nach bh-fuil deas no sgéimheamhail."



"B' fhéidir gur b'í is feárr," arsa mac an rígh.



Chuaidh siad chum an chisteanaigh agus thóg mac an righ an
cailín do bhí aig timthireachd ann sin mar a raegha.



"Mo bheannacht duit-se, agus mo mhallacht do oide an dheagh-
mhúinte," ars an Gruagach.



Chuir mac an rígh an cailín ar a chúlaibh air a each caol
donn, agus ní dheachaidh siad a bh-fad ar an bhealach gur
éirigh sí 'na bean (mnaoi) budh bhreághtha air ar shoillsigh
grian no gealach ariamh. D'innis sí dó annsin cad é mar thug an
Gruagach o'n Domhan Shoir í, agus mar chuir sé faoi gheasaibh
í go d-tugadh sí isteach (go n-géillfeadh sí) é do phósadh. D'
fhiafruigh mac an rígh a' b-pósfadh sí é féin, agus dubhairt sí
go ndéanfadh. Righneadh banais chúrtha (?) chártha (?), a mhair
naoi n-oidhche agus naoi lá, agus gur bh-feárr an lá deireannach
no'n chéad lá.



Andéigh bháis an t-sean righ sgabadh móran d'á rabh de
eallachaibh fa'n áit, agus chuir an mac ann a cheann go bh-


L. 202


feuchfadh sé cluiche eile le Ceann Gruagach na g-Cleasann.
D'fheuch a bhean cómhairle do chur air gan so a dheanamh,
acht ní rabh gar dí ann. Nuair do chonnairc sí nach rabh maith
do bheith leis, thug sí leabhar beag dó agus dubhairt leis é do
chur ann a phóca an taobh astigh, agus go n-éireóchadh leis an
cluiche do bhaint. Righne sé sin agus d'imthigh leis go d-táinig
sé go bárr na d-tri rása agus go bun na d-trí sruthán. Bhí
Ceann Gruagach na g-Cleasann ann roimhe, agus d'fhiafruigh dé
an imreóchadh sé cluiche.



"Ní rabhas ariamh nach n-imreóchainn," arsa mac an
righ.



Ní luaithe bhí siad 'na suidhe 'na 'na seasamh, agus an cluiche
bainte aig mac an righ.



"Cuir do gheasa," ars an Gruagach.



"Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú bheith anns
an lúth is meataidheacha agus is mío-thrór, do cheann agus do
chosa agus do chaoi-bheatha do bheith bainte díot, muna
d-tugaidh tu dam dubh na g-cnoc de eallaighibh rómham agus
mo dhéigh."



"Bheurfad sin duit," ars an Gruagach.



Chuaidh siad go caisleán an Ghruagaigh agus cuireadh dubh na
g-cnoc de eallaighibh roimhe mhac an rígh agus 'na dhéigh.
Bhí an lá teith agus thosuigh cuid de n' eallaighibh ag imtheacht
anonn agus anall agus thosuigh seisean d'á g-ceapadh, acht
sháruigh siad air, agus anns an deireadh ní rabh aon cheann
amháin aige. Tháinig sé a-bhaile go brúighte brónach, shuidh sé
síos í g-cáthaoir an t-sólais agus chur sé osna as féin. D'fhiafruigh
a bhean do (dé) cad é a bhí aig cur imnídhe air. D'innis sé dí
mar d'éirigh dó.



"Orm féin a bhí an locht," ar sise, "nár iarr ort do chur
anns na geasaibh gan dul air ais a bheith air an eallaighibh
(eallach)."



Lá ar na mhárach d'imthigh mac an rígh leis, ar ais, agus
casadh an Gruagach dó aig bárr na d-trí rása agus bun na d-trí


L. 203


sruthán. D'imir siad cluiche agus bhain mac an rígh. Chuir sé
de gheasaibh ar an Ghruagach dubh na g-cnoc de eallaighibh a
chur roimhe agus 'na dhéigh, agus gan dul ar ais do bheith
orra.



"Mo bheannacht duit-se agus mo mhallacht do oide an dheagh-
mhúinte," ars an Gruagach, mar bhí a fhios aige gur bh'í bean
mhic an rígh budh chionntach leis na geasaibh do bheith curtha
chomh daingean. Chuir an Gruagach dubh na g-cnoc de eallaigh-
ibh roimhe agus 'na dhéigh, agus thiomáin sé leis ann (chum) an
bhaile iad, gan aon cheann filleadh ar ais.



Lá ar na northaidhir dubhairt mac an rígh le na mhnaoi go
rachfadh sé go bárr na d-trí rása agus go bun na d-trí sruthán.
Chuir sí ann aghaidh é dhul, acht sháruigh uirrí cómhairle do
chur air. Nuair a bhí sé aig imtheacht, d'iarr sí air da n-eireóch-
adh leis an cluiche do chur, an bromaistín a bhí aig an Gruagach
do thabhairt leis. Casadh an Gruagach air mar budh ghnáthach
aig bun na d-trí sruthán. D'imir siad agus bhain mac an rígh an
cluiche.



"Cuir do gheasa," ars an Gruagach.



"Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú do bheith
anns an lúth is meataidheacha agus is mío-thrór, do cheann agus
do chosa agus do chaoi-bheatha do bheith bainte díot muna d-
tugaidh tú mo raegha beithigh capaill damh," arsa mac an rígh.



"Gheobhaidh tú sin," ars an Gruagach.



Thaisbeán an Gruagach ann sin beithigh bána, donna, gorma
agus an uile dhath ar shoillsigh grian no gealach ariamh air,
acht dubhairt mac an rígh nach rabh a raegha i g-ceachtar díobh.
Fa dheireadh tugadh isteach é go stábla lán de asailibh agus
beathach capaill amháin ag n-a d-tóinibh, rabh clibeóga fada air
agus é ann a riocht go sílfeadh (saoilfeadh) duine nár bh-fiú é
thiomaint amach roimhe.



"So mo raegha," arsa mac an rígh.



"Mo bheannacht duit-se agus mo mhallacht do oide an dheagh-
mhúinte" ars an Gruagach.


L. 204


Thug mac an rígh an bromaistín leis agus chomh luath agus
fuair sé é amach ar an fheur ghlas d'éirigh sé 'na bheathach chomh
breágh agus shoillsigh grían no gealach aríamh air. Bhí luath-
gháire mhór ar an bhainríoghan roimhe a fear agus an bromais-
tín, agus dubhairt sí le na fear gur chóir dó a bheith sásta anois
agus gan do dhul ag imirt leis an Ghruagach níos mó, no go
g-cuirfeadh sé cluiche air fá dheireadh.



Lá ar na mhárach chuaidh mac an righ go bárr na d-trí rása
agus bhí 'n Gruagach ann roimhe. Thosuigh siad aig imirt acht
ní dheachaidh ag ceachtar aca cluiche do chur.



"Caithimid dínn ar g-cuid éadach," ars an Gruagach.



"Táim sásta," arsa mac an rígh.



Thosuigh an imirt eatorra ar ais, agus bhain an Gruagach.



"Cuir do gheasa," arsa mac an rígh.



"Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú do bheith
anns an luth etc. muna d-tugaidh tú chugamsa cloidheamh
solusda mhic rígh na Binne Breice agus sgeula cia mharbh
an t-An-Chríosdaigh, faoi cheann lá agus bliadhain," ars an
Gruagach.



Chuaidh mac an rígh abhaile go dólasach, dóbrónach, shuidh
i g-cáthaoir an t-sólais agus léig sé osna as féin. Thug a bhean fa
deara nach rabh sé mar budh ghnáthach agus d' fhiafruigh sí
dhe cad é mar d'eirigh leis an lá sin. D'innis sé dhí gur chaill
sé, agus gur cuireadh faoi gheasaibh é cloidheamh solusda mhic
righ na Binne Breice agus sgeula cia mharbh an t-An-Chríosdaigh
do bheith aige roimhe lá agus bliadhain. Dubhairt sí leis gur
bh' é righ na Binne Breice a h-athair, agus go rabh sé 'na
chómhnuidhe anns an Dómhan Shoir, agus go d-tabhairfeadh an
bromaistín é slán go d-tí an áit. D'innis sí dhó mar a' g-céadna
go rabh cúirt a h-athar ar imioll na fairrge agus nuair do chídh-
feadh bunadh na cuirte an bromaistín aig tarraingt orrtha, go
spréidhfeadh (sgarfadh) siad síoda agus sról ó'n fhairrge go d-tí
an caisleán agus thug sí cómhairle dó nuair do rachfadh sé i d-tír
na spuir a thabhairt do'n bhromaistín agus gan an t-éadach do


L. 205


spárail, acht strócadh leis, agus go m-béidheadh a fhios aca ann
sin gur mac rígh a bhí ann.



Lá ar na mhárach ghleus mac an righ air, chuaidh ag
marcaigheachd ar an bhromaistín agus thosuigh ar a thurus
chum an Dómhain Shoir. Bheireadh an bromaistin léim ó chnoc
go cnoc agus ó thulaigh go tulaigh, agus sheachain sé na logacha
agus na gleanntain, go ndeachaidh sé chum na fairrge. Léim sé
isteach agus do shnámh leis go d-táinic sé í d-tír faoi chaislean
rígh na Binne Breice anns an Dómhan Shoir. Bhí síoda agus
sról leagtha ar an bhealach suas go d-tí an caisleán agus thug
mac an righ na spuir do'n bhromaistín agus chuaidh sé ar chos
'an áirde ag reubadh agus ag strócadh leis, go rabh sé aig dorus
an chaisleáin. Thosuigh an uile bheathach capaill d'a rabh fa na
stáblaibh ag sitrigh le teann luathgháire roimhe an bhromaistín.
Cuireadh farradh (?) na fáilte roimhe mhac an rígh, agus nuair
a d'innis sé go rabh sé pósda ar inghin righ na Binne Breice
ní rabh cuimse ar an athas agus ar an luathgháire a bhí aca
roimhe.



Lá ar na mhárach nochduigh sé brígh a shiúbhail; agus d'innis
an rígh dó go rabh a mhac 'na chómhnuidhe ndeas dó acht níos
faide isteach an tír, agus nach rabh aon nídh anns an dómhan
budh dheacra a fhághail no'n cloidheamh solusda agus go m-
bídheadh coimhead geur air oidhche agus lá, acht go d-teidheadh
siad a chodhladh trí oidhche a g-ceann an uile sheachtmhadh
bliadhna agus gur bh'é anochd an chéad oidhche díobh, agus mar
sin féin gur doiligh an cloidheamh solusda do bhreith uatha.
Dubhairt sé leis go g-caithfeadh sé dul an oidhche sin leis an
bheathach do b' fheárr ann a stábla-san agus nuair a rachfadh
sé chómh fada leis an chúirt go g-cuirfeadh an cloidheamh
solusda béic as, a mhúsglóchadh an uile dhuine fa'n chaisleán
agus gur bh' éigin dó teitheadh chomh tapaidh agus thiocfadh leis;
agus go g-caithfeadh sé an rud céadna do dheanadh an dara h-
oidhche, agus an tríomhadh h-oidhche gur bh'é an bromaistín
budh chóir dó a thabhairt leis agus da n-eireóchadh leis an


L. 206


cloidheamh d'fhághail gur bh'é an dóigh a b' fheárr dó gan
leigean do'n bh-feur fás faoi n-a chosaibh.



Chuaidh mac an rígh an oidhche sin go caisleán mhic rígh na
Binne Breice, agus nuair do chuaidh sé ar amharc na h a'ite bhí
an caisleán agus a rabh thart fá d-taobh dé lasta suas mar bheidh-
eadh an lá ann, le méid an t-soluis a bhí as an chloidheamh
solusda. Chuaidh sé ann tosuigh, go geata an chaisleáin, agus
léig an cloidheamh solusda béic as, a mhúsgail a rabh fa'n áit.
Thionntaigh sé thart chomh luath geur agus thainig leis, agus
ní rabh acht an beathach anns an stábla aige nuair a bhí mac
rígh na Binne Breice agus a chuid fear ann sin 'na dhéigh agus
iad ar mire agus ar buile. D' fhiafraigh mac rígh na Binne Breice
d'a athair caid é an bítheamhnach a bhí sé aig congbhail fa na
thigh-sean, a bhí aig cur buaidhridh air-sean, ar a leithid do
dhóigh, agus dubhairt an t-athair, an rud nar bhreug dó, nach
rabh bítheamhnach ar bith fa na thigh-sean.



An dara h-oidhche righne mac an rígh an cleas céadna agus
cuireadh tóir air mar an oidhche roimhe.



An tríomhadh h-oidhche thug sé an bromaistín leis agus
chuaidh isteach anns an chaisleán gan bacadh gan toirmeasg,
agus rug greim ar an chloidheamh solusda a bhí aig ceann na
leaptha ann a rabh mac rígh na Binne Breice 'na chodladh.
Chómh luath agus rug sé greim ar an chloidheamh chuir sé
béic as do chluintídhe a bh-fad agus i ngar, agus do mhúsgail
mac rígh na Binne Breice. D' fhiafruigh sé go cúthach, feargach,
cad é budh chiall dó a bheith aig tabhairt an chloidhimh sin nach
rabh baint aige leis, ar siúbhal uaidh-sean. D'innis an fear eile
dó go rabh sé faoi gheasaibh ag Ceann Gruagach na g-Cleasann
an cloidheamh d' fhághail agus sgeula cia mharbh an t-An-
Chríosduigh.



"Tá 'n cloidheamh agat anois agus ma shuidheann tú síos
innseóchaidh mise sgeul an chloidhimh duit agus cia mharbh an
t-An-Chríosduigh," arsa mac rígh na Binne Breice.



Shuidh mac an rígh síos agus d'innis an fear eile mar leanas:


L. 207


"Ní rabhas acht coradh le bliadhain pósda nuair do thug mo
bhean fuath damh mar gheall ar fhear dubh a bhí léi ó na tír féin,
a chur faoi gheasaibh í, agus aon la amháin bhuail sí le slaitín
draoidheachda mé, agus righne sí sean chapall bán díom.
Cuireadh síos a chois na h-abhna mé agus bhídinn aig iomchar
na ndaoineadh anonn agus anall, agus fa dheireadh thosuigh cuid
aca do bheith go h-an-mhaith damh agus bhidheadh siad aig
tabhairt punnann coirce leó go minic chugam. Shíl mo bhean fa
dheireadh go rabhas aig fághail saoghail ró-shocamhlach agus
bhuail sí le slait na draoidheachda arís mé agus rinne sí
mactíre dhíom. Sin í féin ar mo chúl 'sa leabuidh agus má thig
léi mo bhreugnughadh déanadh sí é. Thógas suas leis na mictíribh
eile, agus bhidheamar ag deanadh slaoda air chaorchaibh go
minic. Chuir mo bhean casaoid chuig m'athair aon lá amháin,
go rabh a cuid caorach sgriosta ag na mictíribh, agus ghuidh sí air
do theacht agus cuidiúghadh le a fearaibh, na mictíre do dhíbirt.
Tháinic sé féin agus achuid fear, lá ar na mhárach, agus thosuigh
siad aig marbhadh na mactíre. Bhí ciall an duine agus naduir an
bheithigh agam-sa, agus chonnarcas damh nach rabh imtheacht
agam ó mo mharbhadh. Thug mé rása ar siúbhal ó'n chuid eile
de na mictíribh agus asteach liom eidir dhá chois m'athar. "A
choileain uasail," ar seisean, "ó thárla gur chuiris thú féin faoi
mo choimirce-se ní bhainfidh aon neach leat." Thug sé leis
abhaile mé agus bhidhinn aige go gnáthach an uile bhealach d'á
d-téidheadh sé, agus gheibhinn cead luidhe 'sa chaisleán. Bhí
páisde óg, dearbhráthair damh, i g-cliabhán, anns an áit a
luidhinn, 'san am céadna, agus bhí triúr ban 'ga choimhéad mar
goideadh ar siúbhal gan mhothughadh beirt dhearbhráthair eile
damh. Aon oidhche amháin tháinic an ceól budh bhinne agus
budh mhilse da g-cualaidh cluas aríamh, agus thuit na mná
coimhideach' 'na g-codhladh. Ní rabh sé a bh-fad 'na dhéigh sin
gur cuireadh lámh fhada ghránda anuas an t-seimleir, agus rug
sí ar an chliabhan ag dul é do tharraingt suas. Thug mise léim
suas agus bhuain mé an cliabhan anuas. Nuair do cuireadh an


L. 208


lámh anuas arís fuair mé greim uirrí, agus tharraing mé chómh
cruaidh sin go d-táinic an lámh liom. Bhí mé chómh sáruighthe
sin gur thuit mé mo chodladh, agus nuair a mhúsgail mé bhi'n
cliabhan agus an leanbh ar siúbhal. Lá ar na mhárach budh í mo
bhean an chéad duine a mhúsgail agus fuair sí an lámh mhór
ghránda ann áit an chliabháin. Thug sí léi í agus chúmhduigh sí
í le créafóig amuigh anns an choill, agus chuir sí i g-céill do
m'athair gur mise do mharbh an leanbh, agus le na chinnteadh
thaisbeán sí dhó an fhuil a tháinic as an láimh a bhí fa mo bheul.
Dubhairt m'athair go mairbhfeadh sé mé chómh luath agus
gheobhadh sé a chloidheamh. Leis sin rith mise anonn, agus
thosuigheas 'ga tharraingt liom gur thaisbeán mé dhó an poll a
rabh an lámh curtha ann, agus scríob mé an chréafóg di go
bh-facaidh m'athair í. "A choileáin uasail," ar seisean, "bhidh-
thear ag cur breug ort; ann áit dadaidh do dheanadh ar an
pháisde rinne tú do dhíthchioll é do chongbháil." 'Na dhéigh sin
bhidhthear go h-an-mhaith damh, agus ní rabh mo bhean leath-
shásda. Aon lá amháin bhí m'athair ag amharc thríd chófra agus
bhain sé móran de neithibh as, agus imeasg na codach eile, slaitín
draoidheachda. Chómh luath agus chonnarcas í, chuadhas anonn,
agus thosuigh mé aig buaint leumog as m'athair, agus thóg sé
an slaitín agus thug buille dhí damh agus rinne duine dhíom
arís. Ar ndóighche (dar ndoigh) bhí sé luathgháireach, agus
mise mar a' g-céadna, acht faoi cheann tamaill d'éirigh mé mío-
shásda fa'n droch-úsáid a tugadh orm, agus fa'n droch-mheas
a bhí aig mo mhnaoi orm. D'imthigh an fear dubh a chuir faoi
gheasaibh í, agus bhí sí féin le dóghadh, acht ghuidh mise agus
d'agair mé orra gan í do chur ann (chum) báis, agus fa dheir-
eadh chómhairligh siad sin a dheanadh. Sin í féin, agus má thig
léi mo bhreugnughadh, déanadh sí é.



Aon lá amhain tamall gearr 'na dhéigh sin, chuadhas amach i
m-bád ar an fhairrge liom féin, agus ní dhearnas stad no go bh-fac-
aidh mé oileán mór agus an iomad crann ag fás air, agus gan
comhartha duine ar bith do bheith 'na chómhnuidhe air.


L. 209


Chuadhas a d-tír ann agus níor bh-fada go bh-facaidh mé beirt
ógánach ag teacht go tobar fíor uisge, agus ag líonadh soitheach
(soithigh) agus ag imtheacht leó. Tháinic siad ar ais gan mhoill
fa choinne tuilleadh, agus chuadhas chum cainte leó. D'innis siad
damh gur buaineadh an lámh as a n-athair agus go rabh sé ag
fulaingt pían mhór, agus nach rabh faoiseadh le fághail aige acht
chómh fada agus bhidheadh siad-san ag dórtadh uisge fuair ar
an chnéadh, agus nach d-téidheadh stad orrtha lá no oidhche acht
ag an obair sin. D'iarr mé orrtha innsint d'a n-athair go rabh
doctúr ar an oilean, agus go m-b' fhéidir go d-tiocfadh leis an
lámh do chneasughadh. Níor bh' fhada go d-táinig sgeula chug-
am a dhul suas go bh-feuchfainn an d-tiocfadh liom gar ar bith
a dheanadh. Chuadhas chum an chaisleáin, agus chómh luath
agus leag mé mo shúile ar an fhear ghránda a bhí 'na luidhe,
d'aithin mé gur bh'é an fear céadna é ar bhuain mé an lámh as,
agus a ghoid mo chuid dearbhráthar, acht níor léig mé dadaidh
orm. Chuir mé ceirthín luibh leis an chnéadh a thug pian mhór
do'n bhitheamhnach an chéad oidhche. An dara h-oidhche rinne
mé an rud céadna, acht an tríomhadh oidhche chuireas ceirthín
leis an loit a thug sócamhal agus suaimhneas dó, agus thuit sé
'na chodladh. Bhí'n caisleán uile lasda suas anns an oidhche
chómh geal leis an lá, agus chuir so ionghantas mór orm. Ar
amharc thart go geur damh, bhreathnuigheas go rabh an solus ag
teacht ó chloidheamh a bhí os ceann leabtha an fhir a bhí 'na
chodhladh.



Rug mé greim daingean ar an chloidheamh, agus chuir sé béic
as, a chluinfídh anns an dómhan shoir, agus anns an dómhan
shiar, agus a mhúsgail an fear a bhí anns an leabuidh. Thug sé
iarraidh éirighe, acht sul a rabh faill aige sin a dheanadh, thug
mise buille de'n chloidheamh dó anns an mhuineal agus bhuain
mé an ceann dé, agus sin agad mar fuair mise an cloidheamh
solusda.



Fuair mé amach gur b'iad mo dhá dhearbhráthair a bhí ag
iomchar an uisge, agus go raibh an páisde deireannach a goid-


L. 210


eadh, ar fághail fós, agus thug mé an triúr liom a-bhaile. Tig
liom a rádh leat go rabh fáilte agus luathgháir rómhainn.



Budh dearbhráthair do Cheann Gruagach na g-Cleasan an fear
a marbhadh, agus is é an t-ainm a bhí air an t-An-Chríosduidh,
agus tá a fhios agad anois gur mise a mharbh é.



Tabhair thusa an cloidheamh solusda leat, agus nuair
rachfas tú chómh fada le Ceann Gruagach na g-Cleasann béar-
faidh sé air ann a láimh, agus fiafróchaidh sé dhíot an síleann
(saoileann) tú an bh-fuil aon seód eile anns an domhan chomh
luachmhar no chomh deas leis an chloidheamh sin. Abair, thusa,
go bh-fuil sé deas go leór, acht "muna b'é." Fiafróchaidh sé
dhíot caid é an muna b'é a tá air. Beir thusa ar an chloidheamh
agus sgiob an ceann de 'n Ghruagach, agus muna ndeanaidh tú
sin leis, deanfaidh seisean leat-sa é.



Na síl (saoil) nach cóir duit Ceann Gruagach na g-Cleasann do
mharbhadh, mar is iomdha cleas cam, droch-bheartach a d'imir
sé ar m'athair. Imeasg an iomaid eile d'a(n)dearn' se, ghoid sé mo
dheirbhshiúir, agus ni'l fios a tuaraisge againn ó shoin, agus an
oidhche chéadna ghoid sé an bromaistín maol, an beathach budh
bhreághtha agus a b' fhéarr a bhí anns an dómhan ariamh."



"Tá mise pósda ar do dheirbhshiúir, agus tá'n bromaistín agam
mar a' g-céadna," arsa mac an rígh, ag tosughadh agus ag
innsint an sgéil mar thárla dó, ó thús go deireadh.



Dubhairt mac rígh na Binne Breice nach g-cualaidh sé an sgeul
aríamh a chuir oiread áthais air leis an sgeul sin. D'iarr sé ar
mhac an rígh, an cloidheamh solusda do chathadh suas anns an
aiér nuar do bheideadh sé réidh leis agus go d-tiocfadh sé ar
ais chuige-san.



D' fhág mac rígh Éireann slán ag a chliamhuin, thug an cloidh-
eamh solusda leis, chuaidh a' marcaidheacht air an bhrom-
aistín, thug a aghaidh ar an dómhan shiar agus ní dhearn' stad
no fad-chómhnuidhe go raibh sé ag caisleán an Ghruagaigh.
Tháinig an Gruagach amach, rug sé greim ar an chloidheamh
solusda ann a láimh, agus thosuigh a mholadh. D'fhiosruigh sé de


L. 211


mhac an rígh ar shíl sé go rabh aon seód anns an domhan chómh
measamhail no chómh deas leis an t-seód sin. Dubhairt mac an
righ go raibh sé deas go léor acht "muna b'é."



"Cad é an "muna b'é" atá air," ars an Gruagach? "Ni
fheicim-se muna b'é air bith air."



"Taisbeanfaidh mise sin duit," arsa mac an rígh, ag breith
greama ar an chloidheamh. Leis sin thug sé buille do'n Ghruag-
ach anns an mhuineal, agus bhuain sé 'n ceann dé. Chaith
sé 'n cloidheamh suas anns an aiér, agus chuaidh sé féin a-bhaile
chuig a mhnaoi. Phlúch sí le pógaibh é, bháith sí le deóraibh é,
agus thiormuigh sí le brat síoda agus sróil é.



Chaith siad beatha shona, sheunmhar, fhada, le chéile, agus
thóg siad clann mac agus inghean a thug bárr feabhais agus
sgéimh ar fhearaibh agus mhnáibh an domhain go léir.



XXX



An Lacha Dhearg.



Bhí righ i n-Éirinn, fad ó shoin, agus bhí dá 'r 'éag mac aige.
Agus ghabh sé amach lá ag siúbhal anaice le loch, agus chonnairc
sé lacha agus dhá cheann déag d' éanachaibh léithe. Bhí sí (ag)
bualadh an dómhadh ceann déag uaithi, agus ag congbháil aoin
cheann déag léithe féin.



Agus tháinig an righ a-bhaile chuig a bhean féin, agus dubhairt
sé léithe go bhfacaidh sé iongnadh mór andhiú, go bhfacaidh sé
lacha agus dhá cheann déag d' éanachaibh léithe, agus go raibh
sí ag díbirt an dómhadh ceann déag uaithi. Agus dubhairt an
bhean leis, "ní de thír ná de thalamh thú, nach bhfuil fhios
agad gur gheall sí ceann do'n Deachmhaidh agus go raibh sí
chomh cineálta agus go dtug sí amach an dá cheann déag."



"Ní de thír ná de thalamh thu," ar seisean, "tá dhá cheann


L. 212


déag de mhacaibh agam-sa, agus caithfidh ceann dul chuig an
Deachmhaidh."



"Ní h-ionnann na daoine agus eánacha na gcnoc le chéile,"
(ar sise).



Ghabh sé síos ann sin chuig an Sean-Dall Glic, agus dubhairt
an Sean-Dall Glic nach ionnann daoine agus éanacha na gcnoc le
chéile. Dubhairt an righ go gcaithfidh ceann aca dul chuig an
Deachmhaidh, "agus cad é an ceann," ar seisean, "bhéarfas mé
chuig an Deachmhaidh?"



"Tá do dhá-déag cloinne ag dul chum sgoile, agus abair leó
lámh thabhairt i láimh a-chéile, dul chum sgoile, agus an chéad
fhear aca bhéidheas 'san mbaile agad go dtiúbhraidh tú dinéar
maith dhó, agus cuir an fear deiridh chum bealaigh ann sin."



Rinne sé sin. An t-oidhre do bhí ar deireadh, agus níor fhéad
sé an t-oidhre chur chum bealaigh.



Chuir sé amach ag tiomáint ann sin iad, seisear ar gach taoibh,
agus an taobh do bhí ag gnóthughadh, bhí sé ag tarraing fear
(fir) uaithi, agus d'á thabhairt do'n taoibh do bhí ag cailleamhain.
Faoi dheireadh bhain aon fhear amháin an liathróid de'n aon
fhear déag. Dubhairt an t-athair leis, ann sin, "a mhic," ar
seisean, "caithfidh tú dul chuig an Deachmhaidh."



"Ní rachaidh mise chuig an Deachmhaidh, a athair," ar
seisean, "tabhair dham costas, agus rachaidh mé ag féachain
m' fhortúin."



D'imthigh sé ar maidin, agus bhí sé ag siúbhal go dtáinig an
oidhche, agus casadh asteach i dteach beag é nach raibh ann acht
sean-fhear, agus chuir sé fáilte roimh Réalandar mac righ
Éireann. "Ní'l mall ort" (ar seisean leis an mac righ) "do
shaidhbhreas do dheunamh amárach má tá aon mhaith ionnat id'
fowl-éiridh, (seilgire). Tá inghean righ an Domhain-Shoir ag
tigheacht chuig an loch beag sin shíos, amárach, agus níor
tháinig si le seacht mbliadhnaibh roimhe; agus béidh dá cheann
déag de mhnáibh-coimhdeacht léithe. Teirigh i bhfolach ann san
tseisg go gcaithfidh siad a dá cheann déag de cochaill díobh.


L. 213


Leagfaidh sise a cochall féin leith-thaobh, mar tá (an oiread sin)
d' onóir innti, agus nuair gheobhas tusa amuigh ann san tsnámh
iad, éirigh agus beir ar an gcochall. Fillfidh sise, asteach ar ais,
agus déarfaidh sí, "a mhic righ Éireann tabhair dham mo
chochall." Agus déarfaidh tusa nach dtiubhraidh (tú). Agus
déarfaidh sise leat, "muna dtugann tú ded' dheóin go dtiubh-
raidh tú ded' aimhdheóin é." Abair léithe nach dtiubhraidh tú
ded' dheóin, ná de d' aimhdheóin dí é (muna ngeallann sí do
phósadh). Déarfaidh sí, ann sin, nach bhfuil sin le fághail agad
mur (= muna) n-aithnigheann tú í arís. Geóbhaidh siad amach
uait ann san tsnámh arís, agus déanfaidh siad trí easconna déag
díobh féin. Béidh sise 'na rubailín (earbaillín) suarach ar uachtar;
ní thig léithe bheith ar deireadh, mar tá onóir innti, agus béidh sí
ag caint leat. Aithneóchaidh tú air sin í, agus abair go dtógfaidh
tú í féin i gcómhnuidhe, an ceann a bhéidheas ag caint leat.
Déarfaidh sise ann sin, "Caillte an sgeul, an fear thug a athair
do'n Deachmhaidh aréir, geallamhain pósta ag inghin Righ an
Domhain-Shoir andhiú air'!"



(Dubhairt an mac righ leis an sean-fhear go ndéanfadh sé gach
rud mar dubhairt sé leis. Chuaidh sé amach ar maidin chuig an
loch agus thárla h-uile shórt go díreach mar dubhairt an sean-
fhear.



Nuair bhí an bhean gnóthaighthe aige) d'imthigh an dá-'r'eug
cailín a-bhaile. Tharraing sise amach slaitín draoidheachta, agus
bhuail sí ar dhá bhuachallán buidhe í, agus rinne sí dá chapall
marcuigheachta dhíobh.



Bhí siad ag siúbhal ann sin, go dtáinig an oidhche, agus bhí sí
ag teach oncail dí, ar dtuitim na h-oidhche. Agus dubhairt sí le
mac righ Éireann eochair rúma na séad d' iarraidh ar an oncal,
agus go bhfuighfeadh sé í féin astigh ann san rúma roimhe. (Ní
raibh fhios ag an oncal, go raibh sise ann, chor ar bith, agus
shaoil sé gur ag iarraidh a inghine féin tháinig mac righ Eireann
chuige).



Fuair sé an eochair ó'n oncal, agus chuaidh sé asteach, agus


L. 214


fuair sé mar bean bhreágh astigh ann san rúma í. Bhí siad ag
caint go h-am suipéir. D'iarr sí air, a cheann do leagan ar a
h-uchd. Rinne sé sin, agus chuir sí biorán suain ann a cheann go
maidin. Nuair tharraing sí amach an biorán ar maidin, dhúisigh
sé, agus dubhairt sí leis go raibh fathach mór le marbhadh aige
ar son inghine a h-oncail.



Ghabh sé amach chum na coille (ag iarraidh an fhathaigh).
"Fud, fad, féasóg!" ar san fathach, "mothaighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh."



"Nár ba soirmid (?) bidh ná digh ort, a fhathaigh bhróich!"



"Cad é (is) fearr leat-sa caraigheacht ar leacachaibh dearga
no gabhail de sgeannaibh glasa i mbárr easnacha a-chéile?"



"Is fearr liom-sa caraigheacht ar leacachaibh dearga, 'n áit
a mbéidh mo chosa míne uaisle i n-uachtar, agus do spága mío-
stuamacha ag dul i n-íochtar."



Rug an dias gaisgidheach ar a chéile, agus dá dtéidhfidhe ag
amharc ar ghaisge ar bith ná ar chruadh-chómhrac, is orra rachá
d'amharc. Dhéanfadh siad cruadhán de 'n bhogán agus bogán
den chruadhán, agus tharróngadh siad toibreacha fíor-uisge tre
lár na gcloch glas. (Bhí siad ag troid mar sin) gur chuimhnigh
mac righ Eireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige.
Leis sin thug sé fásgadh do'n fhathach do chuir go dti na glúna
é, agus an dara fásgadh go dti an básta, agus an tríomhadh
fásgadh go meall a bhrághaid go doimhin.



"Fód glas os do chionn a fhathaigh!"



"Is fíor sin; seóide mac-righ agus tighearna bhéarfas mé
dhuit, acht spóráil m'anam dam."



"Do sheóide i láthair a bhodaigh!" "Bhéarfaidh mé cloidh-
eamh solais a bhfuil faobhar an ghearrtha agus faobhar an
bhearrtha (air agus) treas faobhar, teine 'na chúl, agus ceól
ann a mhaide."



"Cia (chaoi) bhféachaidh mé mianach do chloidhimh?"



"Sin thall sean-smotán maide (atá ann sin) le bliadhain agus
seacht gcéad bliadhan."


L. 215


"Ní fheicim aon smota 'san gcoill is mó chuir gráin orm 'ná do
shean-cheann féin." Bhuail sé i gcómhgar a chinn a bhinn agus
a mhuinéill é. Bhain sé an ceann dé, gan meisge gan mearbhal.
Chaith sé naoi n-iomaire agus naoi n-eitrighe uaidh é.



"Is fíor sin," ar san ceann, "dá dtéidhinn suas ar an gcolainn
arís, a raibh i n-Éirinn ní bhainfeadh siad anuas mé!"



"Is dona an ghaisgidheacht do rinne tú nuair bhí tu shuas!"



Tháinig sé abhaile (agus ceann an fhathaigh ann a láimh) agus
dubhairt an t-oncal go raibh trian d'á inghin gnóthaighthe aige.



"Ní buidheach díot-sa tá mé, a bhodaigh," ar sé.



Ghabh sé asteach ann sin go dti a chailín mná féin, agus
chuir sí biorán suain ann a cheann arís go d' éirigh an lá. Bhí
dólás mór air nuair nach raibh cead cainte aige léithe go maidin.
(Nuair dhúisigh sé ar maidin dubhairt sí leis) "tá fathach eile le
marbhadh agad, sin d' obair andiú ar son inghine m' oncail
arís."



Chuaidh sé chum na coille, agus tháinig an fear mór roimhe.



"Fud, fad, féasóg! mothaighim boladh an Éireannaigh bhra-
daigh bhréagaigh ar fud m' fhóidín dúthaigh!"



"Ní Éireannach bradach ná bréagach mé, acht fear le ceart
agus le cóir do bhaint asad-sa."



"Cia fearr leat, caraigheacht ar leacachaibh dearga na gabhail
de sgeannaibh glasa i mbárr easnacha a-chéile?"



"Is fearr liom-sa caraigheacht ar leacachaibh dearga, 'n áit a
mbéidh mo chosa míne uaisle i n-uachtar, agus do spága mío-
stuamacha ag dul i n-íochtar."



Bhí siad ag troid ann sin gur chuimhnigh mac righ Éireann
nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige. Leis sin thug sé
fásgadh do'n fhathach go dti na glúna, agus an dara fásgadh go
di an básta, agus an tríomhadh fásgadh go dti meall a bhrághaíd
'san talamh.



"Fód glas os do chionn a fhathaigh!"



"Is fíor sin, is tú an gaisgidheach is fearr d'á bhfacaidh
mé riamh no d'á bhfeicfidh mé choidhche. Agus bhéarfaidh mé
seóide mac-righ agus tighearna dhuit, acht spóráil m'anam."


L. 216


"Do sheóide i láthair a bhodaigh!"



"Bhéarfaidh mé each caol donn duit, bhéarfas naoi n-uaire
ar an ngaoith roimpi, sul mbeiridh (sul do bheir) an ghaoth 'na
diaigh aon uair amháin uirri."



Thóg sé an cloidheamh agus chaith sé an ceann dé, agus
chuir sé naoi n-iomaire agus naoi n-eitrighe uaidh é le neart
na buille sin.



"Ochón go deó!" ar san ceann, "dá bhfághainn dul suas ar
an gcolainn arís, agus a bhfuil i n-Éirinn ní bhéarfadh siad
anuas mé."



"Budh bheag an ghaisgidheacht do rinne tú, nuair bhí tú
shuas uirri cheana!"



Tháinig sé a-bhaile ann sin, agus tháinig an t-oncal amach
roimhe arís: "Ta dá dtrian de m' inghin gnóthuighthe agad
anocht."



"Ní buidheach díot-sa tá mé, a bhodaigh."



Ghabh sé asteach ann sin ann san rúma, agus fuair sé a chailin
mná féin roimhe, agus ní raibh bean 'san domhan budh bhreágh-
dha 'ná i. Bhí siad ag caint go h-am suipéir, agus dubhairt sí
leis tar éis an t-suipéir a cheann do leagan ar a h-uchd, agus
nuair rinne sé sin chuir sí biorán suain ann go maidin. Bhí sé
trioblóideach nuair nach raibh cead cainte aige léithe go maidin.
(Nuair dhúisigh sé dubhairt sí leis.) "Tá fathach eile le marbh-
adh agad ar son inghine m' oncail arís andiú, agus tá faitchios
orm go bhfuighfidh tú cruaidh é seó. Acht seó coileáinín beag
madaidh dhuit, agus leig amach faoi n-a chosaibh é, agus b'
éidir go dtiubhraidh sé congnamh beag duit. Agus amharc ar
an meadhon-laé de'n lá, ar do ghualainn dheis, agus geobhaidh
tú mise mo cholum geal, agus bhéarfaidh mé congnamh dhuit."



Chuaidh sé chum na coille agus tháinig an fathach mór
chuige. "Ní mharbhóchaidh tú mise le do choinín gránna mar
mharbh tú mo bheirt dhearbhráthar, a raibh fear aca cúig
bliadhna agus fear aca seacht mbliadhna go leith."



"Fuair mé garbh go leór iad sin féin," ar sa mac righ
Éireann.


L. 217


Ghabh siad de na sgeannaibh glasa i mbárr easnacha a-chéile,
chuirfeadh siad cith teineadh d'á gcroicionn arm agus éadaigh.
Nuair tháinig an meadhon-laé, d'amharc sé ar a ghualainn
dheis agus chonnairc sé an colum geal. Nuair chonnairc an
fathach mór an colum, rinne sé seabhac dé féin, acht rinne sise
trí meirrliúin dí féin, de'n choileán, agus de mhac righ Éireann,
agus throid siad leis an seabhac ann san aér, agus thuirling siad
ar an talamh arís. Dubhairt an fathach mór ann sin, "is tú an
fear gan chéill, cad é 'n sórt act-ál atá agad, thú féin agus an dá
ruidín gránna sin? Ní'l aon fhear le fághail le mise do mharbhadh
acht Réalandar mac righ Éireann."



"Mise an fear sin."



"Má's tu é," ar san fathach, "tarrnóchaidh (tarróngaidh) tú
an cloidheamh so." Sháith sé a chloidheamh asteach 'san
gcarraig, agus dubhairt, "tarraing an cloidheamh so má 's tú
Réalandar."



Tharraing sé an cloidheamh, agus bhuail sé an fathach mór
leis, agus chaith sé an ceann dé. Bhí sé féin loite. Bhí gearradh
mór faoi bhonn a chích' deas (deise). Tharraing sí amach
buideull beag íocshláinte, agus chneasaigh sí é. Chuaidh sé a-
bhaile ann sin, agus tháinig an t-oncal roimhe.



"Tá m'inghean gnóthuighthe agad anocht."



"Ní buidheach díot-sa atá mise a bhodaigh."



Ghabh sé asteach ann a rúma féin, agus fuair sé a bhean
astigh ann roimhe. Dubhairt sí leis, "a mhic righ Éireann,
leagfaidhear biadh agus deoch fút andiú, nach bhfacaidh tú
i dteach d' athar ná do mháthar féin roimhe, ná do dhiaigh,"
ar sise. "Tiucfaidh fear freastail thart, agus suidhfidh sé ar an
mbac, agus déarfaidh sé leat, a mhic righ Éireann, an bhfacaidh
tú a leitheid de bhiadh ná de dheoch i dteach d' athar ná do
mháthar féin ariamh?" Abair leis nach bhfacais. Leigfidh sé
dhuit, go mbéidh leath do chuid bidh caithte agad. Tiucfaidh
sé arís ann sin, agus suidhfidh sé ann san áit chéadna, agus
déarfaidh sé "a mhic righ Éireann an bhfacais a leitheid de bhiadh


L. 218


ná de dheoc i dteach d'athar ná do mháthar féin ariamh?" Abair
nach bhfacais. Tá fhios aige go bhfuil tú tuirseach, agus leigfidh
sé dhuit do sháith de'n bhiadh ithe. Tiucfaidh sé agus suidhfidh
sé ann san áit chéadna, agus déarfaidh sé "a mhic righ Éireann
an bhfacais a leitheid de bhiadh ná de dheoch i dteach d'athar
ná do mháthar féin ariamh." Abair leis go bhfacais a leitheid
de bhiadh agus de dheoch ag buachaill-na-mbó d'athar, agus
go bhfuil an chailleach-cearc do bhí ag do mháthair níos breághta
(breághdha) 'ná an bhainríoghain óg, agus muna n-abraigheann
(n-abrann) tú sin, ní fheicfidh tú mise arís a-choidhche."



(Thárla gach uile rud mar dubhairt a bhean leis, acht) mhol
sé an biadh chomh mór go raibh náire air a cáineadh an tríomhadh
uair. Rinne sé stad nuair bhí a sháith ithte aige, agus dubhairt
sé an chaint chéadna ar deireadh, agus dubhairt sé an dá uair
roimhe. D'éirigh sé go léir ann sin, agus ghabh sé asteach ann
san rúma agus fuair sé í 'na préachán dubh roimhe.



Thosaigh sé ag caoineadh agus ag tarraing na gruaige d'á
cheann. Bhí sí ag dul ó'n ngualainn thall go dti an gualann abhos
ag tiormughadh na ndeóra (ndeór) d'á shúilibh, go dtáinig an
mheadhon-oidhche, agus (ann sin) d' imthigh sí amach ar an
tsimiléir uaidh.



Ar maidin nuair d'éirigh sé shaoil an t-oncal a phósadh le n-a
inghin féin.



"Fóil ort! ní'l mise ionnánn do phósadh ná do shásughadh,
go gcaithfidh mé seachtmhain andhiaigh na trí fhathaigh sin do
mharbhadh."



Ghlac an t-oncal sin uaidh, agus nuair fuair sé an áit uaig-
neach, d' imthigh sé síos go sean-chailleach na gcearc, "A shean-
chailleach," ar sé, "cuir i bhfolach mise, agus ná h-amhduigh
(h-admhuigh) go bhfacaidh tú mise ariamh." (Rinne sí sin dó.)



Tháinig an dinéar. Chuaidh tóir ar mhac righ Éireann chum
a dhinéir, agus ní raibh sé le fághail. Ghabh na daoine síos chuig
cailleach na gcearc, agus d' fhiafruigh siad dí an bhfacaidh sí a
leitheid de fhear. Dubhairt sí leó nach bhfacaidh sí é chor ar
bith, ó tháinig sé chum na h-áite.


L. 219


Nuair tháinig an trathnóna agus d' imthigh an tóir dhe,
thug sé leigean reatha dhó féin siar i sléibh. Bhí sé ag imtheacht
gur casadh asteach i dteach beag é. Ní raibh roimhe ann acht
sean-bhean, agus d'iarr sé lóistín uirri. Thug sí lóistín dó go
maidin.



"Is tú Réalandar mac righ Éireann a bhfuil an Lacha Dhearg
i ngrádh leat, agus ní bhéidh sí beó le cúmha do dhiaigh, agus
chodail sí ann so aréir."



"Is mé go deimhin," ar seisean, "cad é an bealach a
ndeachaidh sí?"



"Ghabh sí siar, an sliabh."



D'éirigh sé ar maidin, agus d' imthigh sé, agus níor stop gur
bhain an oidhche dhó arís, agus casadh asteach é i dteach beag
eile, agus ni raibh ann acht sean-bhean eile.



"Is tú Réalandar mac righ Éireann a bhfuil an Lacha Dhearg
i ngrádh leat."



"Go deimhin is mé," ar seisean.



"Chodail sí ann so athrugh' aréir agus ní bhéidh sí beó le
cúmha do dhiaigh."



"Cia ar bealach a ndeachaidh sí?"



"Ghabh sí siar, an sliabh."



Dhá mhoichte d'ár eirigh (= dá mhoiche d'éirigh) an lá,
d'éirigh mac righ Eireann (níos moiche), agus ghabh sé siar an
sliabh, agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht gur
casadh asteach i dteach beag eile é, agus bhí cailín óg agus
sean-bhean ann san teach sin. Fuair siad biadh agus deoch réidh
dhó, agus shaoil an tsean-bhean a chongbháil do'n chailín óg, a
h-inghean; agus nuair sháruigh uirri, "is tu Réalandar mac
righ Eireann a bhfuil an Lacha Dhearg i ngrádh leat, agus chodail
sí ann so aréir, agus ní bhéidh sí beó le cúmha do dhiaigh, chuir
sí fuil a croidhe amach ann so aréir. Is tú tá gan céill, cuimh-
niughadh go bhéadfaidh tú dul chomh fada léithe sin! Tá dá
cheann déag de mhadraibh alla rómhad ann sin shíos, tá caol-
amhain rómhad, agus má chaitheann tú í sin féin de léim, tá


L. 220


bóthar mór rómhad ann sin, agus nuair bhéidheas tú ann a lár,
fosglóchaidh sé suas, agus sluigfidh sé síos thú."



"Tabhair dham an fléad (filéad) a shean-bhean ar chuir sí
fuil a croidhe amach ann."



"Ní thiúbhrad, caithfidh mé a nighe."



"Tabhair, thusa, an fléad dam a chailín, no caithfidh mé an
cloigionn díot."



Thug sí an fléad dó, agus d'imthigh sé leis. (Tháinig na
madraidh alla amach 'na aghaidh.) Rug sé greim dá-chois ar
an gcéad mhadra-alla (do) casadh dhó, agus mharbh sé an dá
cheann déag leis.



Bhí fear de na Braonánaigh' ag amharc air ag déanamh na
gaisge sin (agus dubhairt sé go gcuideóchadh sé leis). Chaith sé
úbhall anall trasna na h-amhna. Rinne an t-úbhall bóthar mór
dhó, go ndeachaidh sé anonn. (Lean sé an bóthar do rinne an
t-úbhall dó agus níor fhosgail an bóthar sin le n-a shlugadh)
agus chuaidh an t-úbhall ar ais arís i bpóca an Bhraonánaigh.
(Nuair tháinig sé trasna na h-amhna chonnairc sé teach mór
uaidh). D'fhágbhaigh sé a chulaidh gaisgidhigh i dteach an
Bhraonánaigh, agus ghabh sé chum an tighe mhóir, agus d'iarr
sé bheith 'na ghiolla-capall ag an teach mór. Is ann san teach
mór do bhí an Lacha Dhearg - an bhean óg do bhí sé ag tóruigh-
eacht. Fuair sé bheith 'na ghrúma ag capall nach raibh ag
tabhairt aire dhó acht sean-fhear.



(Athair na Lachan Deirge do bhí 'na chómhnuidhe ann san
teach mór so). Bhí cogadh ag righ eile ar a h-athair ag iarraidh
a h-inghine le pósadh, agus chuaidh an t-athair chum briste
leis. Nuair fuair sé imthighthe iad chum an bhriste, d'imthigh
sé, agus chuaidh sé go teach an Bhraonánaigh, agus chuir sé air
a chulaidh gaisgidheacht', agus chuaidh sé ag marcuigheacht ar
an stail dhuibh. Bhain sé trí léim ar a cul, trí léim ar a h-aghaidh,


L. 221


agus trí léim ar gach taoibh d'á taobhannaibh, nár baineadh a
leitheid roimhe ná 'na dhiaigh ó shoin, acht ar bhain sé féin.



Chuir an bhean óg a ceann amach ar an bhfuinneóig. "Go
déimhin is breágh an t-ógánach thú, bail ó Dhia ort; dá bpósfainn
aon fhear go bráth phósfainn thú, acht ní phósfaidh mé aon
fhear go bráth le cúmha andhiaigh Réalandair, mac righ Éireann."
Níor aithin sí é, mar shaoil sí nach bhféadfadh sé teacht chomh
fada léithe, agus chreid sí gur duine éigin eile do bhí ann.



Ghabh sé chum an bhriste i gceann a h-athar, agus dubhairt
sé le n-a h-athair "cia is fearr leat-sa fear ag cur leat no fear
ag cur ar t-aghaidh (i d'aghaidh)."



"Is fearr liom-sa fear ag cur liom lá ar bith, 'ná fear ag cur
i m'aghaidh."



Níor fhág sé ceann ar bhrághaid dhíobh nár chaith sé dhíobh -
(de náimhdibh an righ). Tháinig sé chuig an athair arís. "Teirigh
a-bhaile go maidin, tá an námhaid údi (úd) marbh."



Ghabh an t-athair a-bhaile agus d'innis sé do'n inghin go
dtáinig gaisgidheach breágh chuige andhiú.



"O! ' athair, saoileann tú gur gaisgidheach é sin, acht dá
bhfeicfeá an gaisgidheach a raibh geallamhain pósta agam i n-
Eirinn air!"



Lá ar n-a mhárach, b'éigin do'n athair dul chum an bhriste
arís, agus rinne sé an cleas céadna, bhain sé trí léim as an stail,
trí léim ar a cul, trí léim ar a h-aghaidh agus trí léim ar gach
taoibh d'á taobhannaibh, nach ndearnadh a leitheid ariamh réir
mar bhain sé féin aisti.



Chuir an bhean óg a ceann amach ar an bhfuinneóig, "go
deimhin is breágh an t-ógánach thú, bail ó Dhia ort, dá bpósfainn
fear ar bith go bráth is tusa phósfainn, acht ní phósfaidh mé
fear a-choidhche ná go bráth le cúmha i ndiaigh Réalandair, mac
righ Éireann."



Chuaidh sé chum an bhriste an dara lá i gceann a h-athar.



"Cia aca is fearr leat," (ar seisean leis an righ) "fear ag cur
leat no fear ag cur i d'aghaidh."


L. 222


"Is fearr liom fear ag cur liom la ar bith 'na fear ag cur i
m'aghaidh."



"Fan ann sin go bhfeicfidh mé cad é tá siad seó ag rádh leat!"



Ghabh sé siar agus níor fhág sé ceann aca gan mabhadh.
Tháinig sé chuig an athair agus dubhairt sé leis "gabh abhaile
go maidin, ní chuirfidh siad sin aon chogadh ort feasta."



Nuair ghabh an righ a-bhaile chuig an inghin, dubhairt sé go
dtáinig na gaisgidheach céadna arís andiú.



A athair," ar sise, "saoileann tú gur gaisgidheach é sin,
acht dá bhfeicfeá an gaisgidheach a raibh geallamhain pósta
agam-sa i n-Éirinn air! Acht, mar sin féin 'athair, ma thagann
an fear céadna chugad amárach tabhair chugam-sa ann so é."



An lá ar n-a mhárach d'imthigh an t-athair chum an bhriste
arís. Nuair bhí sé imthighthe rinne mac righ Eireann an rud
céadna do rinne sé an dá lá roimhe sin. Chuaidh sé ar an stail
agus bhain sé tri léim aisti ar a cúl, tri léim ar a h-aghaidh agus
tri léim ar gach taoibh d'á taobhannaibh. Níor baineadh a leithéid
de léimeannaibh as capall ariamh agus do bhain seisean as an
stail.



Chuir an inghean a ceann amach ar an bhfuinneóig arís, "go
deimhin is breágh an t-ógánach thú, bail o Dhia ort, dá bpósfainn
fear ar bith go bráth is tusa phósfainn, acht ní phósfaidh mé
aon fhear go bráth le cúmha andhiaigh Réalandair mac righ
Éireann."



Chuaidh sé chuma n bhriste ann sin i gceann a h-athar, agus
dubhairt sé leis mar dubhairt sé an da lá eile. "O!" ar san righ,
"ní raibh me i gcás na i gcruaidhóig ariamh chomh mór agus tá
mé 'san lá tá i láthair."



"Fan ann sin go bhfeicfidh mise cad é tá siad so ag rádh
leat."



(Chuaidh sé chuca agus dubhairt). "Teannaigidh liom i n-aon
chroimisgín amháin, fear mé tá ar tóir inghine an righ."



Nuair fuair sé cruinnighthe iad, chaith sé an ceann díobh uile
go léir.


L. 223


"Gabh a-bhaile, ní chuirfidh an righ sin cogadh ort chomh fad
a's mhairfeas tú arís a-choidhche."



"Fóil ort! caithfidh mé do thabhairt a-bhaile chuig m'inghin
anocht."



Shiúbhail sé a-bhaile leis an righ go dtáinig siad asteach
chum an tighe mhóir. Ghabh sé suas an párlúis chuig an bhean-
uasail óig. Bhí sí 'na suidhe í gcáthaoir óir, agus cáthaoir airgid
le n-a h-ais. D'éirigh sí de'n cháthaoir óir agus shuidh sí ann san
gcáthaoir airgid.



"Fóil ort a bhean-uasal, tá cáthaoir airgid sáith maith agam-
sa (damh-sa)."



Nuair chuaidh sé chum a h-amhairc, astigh, thosaigh sé ag cur
alluis. D'éirigh sise agus thug si léi naipicín geal, agus chuaidh
sí dá thriomughadh, agus d'aithin sí an marc (comhartha) do
chuir an fathach mór air, nuair bhíodar ag troid. D'aithin sí é
nuair d'fhosgail sé a bhrollach, agus dubhairt sí go raibh a gais-
gidheach ar fághail. Chuir siad fios amach ar mhinistéir míosa
agus ar chléireach seachtmhaine, gur chaith siad trí oidhche le
fleidh agus le feusta.



"Agus cad é an mhaith dhuit mé, agus gur chuir mé fuil mo
chroidhe amach ann san teach deiridh ar chodail mé ann, agus
dá mbeidheadh sé sin agam bheidhinn chomh slán agus chomh
folláin agus bhí mé oidhche ná lá roimhe."



Ghlaodh sé suas ar báisín uisge, agus nigh sé an fléad, agus
bhain sé an fhuil as, agus thug sé dhi le n' ól í; agus bhí sí
chomh slán folláin agus bhi sí oidhche no lá ariamh.



Ní bhfuair mé acht bróga páipéir, bútaisidh bainne ramhair,
agus chaith mé leó féin ann san tsiúbhal iad.


L. 224


XXXI



An Chailleach Bhéarach agus Donnchadh
Mór Mac Mánais.



Ann san tsean-aimsir tháinig cailleach agus a h-inghean léi go
Gleann-na-madadh (i gconndae na Gaillimhe). Ní raibh fhios ag
duine ar bith cia an áit a dtáncadar as, agus níor cuireadh aon
tuairisg orra.



Bhí go leór sadhbhris ag an gcailligh, agus nior bhfada gur
thaisbeán sí sin. Cheannaigh sí teach mór, gabhaltas talmhan,
capall, ba agus caoirigh, agus thosaigh sí ag feilméaracht. Ní
ghlacfadh sí aon bhuachaill-aimsire acht an té do shocróchadh
léi ar feadh leith-bhliadhna, agus ní raibh aon pháidhe aige le
fághail ag deireadh na leith-bhliadhna muna mbeidheadh sé
ionnánn congbháil suas leis an gcailligh anns gach obair da
mbeidheadh i láimh aici, agus ní raibh aon bhiadh le fághail aige
acht arán, min-choirce, brochán, agus leite.



Anois budh chailleach draoidheachta an chailleach Bhéarach,
agus níor fhéad aon bhuachaill-aimsire chongbháil suas léi ag
obair, agus is iomdha buachaill breágh do mharbh sí. Níor fhéad
aon bhuachaill fanacht léi an dara seachtmhain, théidheadh siad
a-bhaile agus gheibheadh siad bás.



Aon lá amháin chualaidh Donnchadh Mór Mac Mánais trácht
mór ar an gcailligh, - nach raibh aon fhear san tír ionnánn
congbháil suas léi ag obair, agus dubhairt sé go mbudh shuarach
na fir do bhí ann san tír, nuair nár fheud siad congbháil suas le
sean-chailligh ag obair. "Rachaidh mise chuici amárach" ar


L. 225


seisean, "agus muna mbuailfead í báithfead mé féin." Anois bhí
an Donnchadh so chomh láidir le stail agus chomh luath-chosach
le fiadh, agus ní raibh margadh ná aonach nach nglanfadh sé le
plannda fuinnseóige dá mbeidheadh fearg air, agus is annamh
théidheadh sé i n-áit ar bith gan an plannda.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Donnchadh mór go
tigh na caillighe agus dubhairt sé léi go gcualaidh sé go raibh sí
ag tóruigheacht buachaill-aimsire.



"Tá easbhaidh buachaill' orm," ar sí, acht ní'l aon mhaith
ann sna buachaillibh atá ann san áit seó, ní fiú a gcuid salainn
iad; bhí go leór aca do shocruigh liom ar feadh leith-bhliadna,
acht níor fhan aon fhear amháin aca liom an dara seachtmhain."



"Cuirfidh mise mo bheatha leat anaghaidh caora ramhair' go
bhfanfaidh mé leat leith-bhliadhain má thugann tú páidhe mháith
dham, agus mo sháith le n'ithe," ar seisean.



"Deunfaidh mé an margadh céadna leat-sa do rinne mé leis
na buachaillibh eile," ar san chailleach.



"Cad é sin?" ar sa Donnchadh Mór.



"Trí fichid píosa deich bpighne, agus an oiread céadna mí an
fhóghmhair, agus caora ramhar lá Samhna, má tá tú ionnánn
a cathadh thar balla na páirce an lá sin; acht muna dtig leat
congbháil suas liom ag obair, ní bhéidh aon pháidhe agad le
fághail."



"Saoilim gur ag magadh fúm i dtaoibh na caorach ramhair'
atá tu," ar sa Donnchadh, "acht ó thárla gur magadh é, deun
magadh maith dhe, abair scór caora, agus deunfad an margadh
leat."



Cidh gur cailleach-draoidheachta bhí innti, níor shaoil sí go
bhféadfadh aon fhear san domhan caora ramhar chathadh thar
balla cloiche do bhí fiche troigh ar áirde; ar an ádhbhar sin
dubhairt sí, "bíodh sé 'na scór, agus rud eile," ar sise, "bhfuil
fhios agad an biadh gheobhfas tú le n'ithe ann mo thigh-se?"



"Go deimhin ni'l fhios," ar seisean, "níl mo ghoile mór, ní
deacair mo shásughad."


L. 226


"Geobhaidh tú leite, min-choirce, arán agus brochán, agus
feóil mhuice Dómhnach Cásga."



"Tá mé sásta leis an margadh sin," ar seisean, "agus tiucfad
chugad ar maidin amárach má bhím beó."



Chuaidh Donnchadh a-bhaile agus d'innis sé d'á mháthair an
margadh do rinne sé leis an gcailligh. "A chuisle mo chroidhe,"
ar san mháthair, "is mi-ádhamhail an chailleach í sin, ní
dheachaidh aon bhuachaill ar aimsir chuici nach bhfuil san uaigh
anois."



"Feicfidh tú fein a mháthair go gcuirfidh mise síos í, roimh
mi ó'n lá so. Chualaidh mé go minic gur fearr stuaim 'ná neart,
agus tá neart agus stuaim agam-sa."



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Donnchadh go tigh na
caillighe. Nuair bheannuigh sé asteach bhí mias leite ar an
mbord, agus dubhairt sí leis, "suidh síos agus ith, ní thig le
bolg folamh obair chruaidh dhéanamh."



Shuidh Donnchadh, acht níor ith mórán. Tháinig inghean na
caillighe i láthair, agus bhí gnúis uirri chomh gránna leis an
mbás. Acht thosaigh Donnchadh d'á moladh, agus dubhairt go
raibh an t-adh air seirbhís d'fhághail san tigh a raibh cailín deas
mar í ann!



"Bí do thost," ar sise, "b'éidir go bhfuil mo mháthair ag
éisteacht."



"Dá mbeidheadh an poball ag éisteacht, mholfainn cailín
deas," ar seisean.



Níor bhfada go dtáinig an chailleach, agus dubhairt, "teannam,
rachamaoid ag rómhar conlaigh andhiú." Chuadar amach 'san
bpáirc, agus thosuigheadar ag rómhar. Thug an chailleach leath-
iomaire i dtosach, agus Donnchadh leath-iomaire 'na diaigh. Níor
bhfada go raibh an t-allus ag rith as Dhonnchadh mór. Chong-
bhaigh sé suas léi fad an laé, acht níor oibrigh sé aon lá ariamh
chomh cruaidh, agus bhí sé beag-nach marbh trathnóna.



Bhí sé ag brath ar éalódh a-bhaile an oidhche sin, agus
d'imtheóchadh, muna mbeidheadh inghean na caillighe. Nuair


L. 227


fuair sise faill ar a máthair, d'fiafruigh sí de Dhonnchadh cia an
chaoi chuaidh sé ar aghaidh ar feadh an laé. D'innis sé dhí nach
bhfanfadh sé fad laé eile, acht go raibh sé i ngrádh léi féin.
Dubhairt sise má bhi seisean i ngrádh léi go raibh sise i ngrádh
leisean, agus dubhairt sí dá bhfanfadh sé nach mbeidheadh aon
obair chruaidh air níos mó, agus go ndeanfadh sí é chomh láidir
le leómhan.



Bhí cú dubh ag an gcailligh, agus cia bé d' ólfadh bainne an
chú (na chon) bheidheadh sé chomh láidir le trí fichid fear. Ar
maidin, lá ar n-a mhárach, do fhliuch an inghean arán Dhonn-
chaidh le bainne an chú, agus nuair chuaidh sé ag rómhar leis an
gcailligh an lá sin d'fheud sé congbháil suas léi go réidh. An
dara lá bhí sé níos láidre, agus an tríomhadh lá d'fheud sé an
chailleach do bhualadh, gan dochar ar bith do chur air féin.
Bhidheadh sé ag éirighe níos láidre ó lá go lá, agus bhidheadh
iomaire fad na páirce rómhartha aige sul do bheidheadh an
chailleach leath-bhealaigh. Bhidheadh sise ar mire agus ag fághail
lochd ar a láidhe h-uile lá.



Chuaidh sí go gabha draoidheachta agus dubhairt leis láidhe
úr do dhéanamh dí. Rinne sé sin, acht níor fheud sí Donnchadh
do bhualadh le láidhe ar bith, mar bhí an inghean ag fliuchadh a
chuid aráin le bainne an chu dhuibh, agus bhí sé ag éirighe níos
láidre h-uile lá.



Aon uair amháin bhíodar ag rómhar le chéile ann san bpáirc
agus chuaidh Donnchadh amach roimh an gcailligh, agus chuir
sin fearg uirri. "Congbhaigh taobh-shiar díom," ar sise.



"Ní chongbhóchad," ar seisean, "muna bhfuil tú ionnánn
congbháil rómham tabhair tosach dam."



"Níor thug mé tosach d'aon fhear ariamh, agus ní'l tusa dul
d'á fhághail uaim," ar sise.



"Fan mo dhiaigh," ar sa Donnchadh.



Leis sin tháinig lasadh feirge uirri, agus thug sí iarraidh ar
bhuille de'n láidhe do thabhairt dó, acht fuair seisean greim ar
chois an láidhe, tharraing uaithe é, agus chaith sé seacht bpéirse


L. 229


taobh-amuigh de'n pháirc é. Ann sin fuair sí greim sgornaigh
air, agus thug iarraidh le n-a thachdadh. Chuir seisean í faoi,
acht níor fhéad sé an greim do bhí aici ar a sgornach do sgaoil-
eadh, agus bhí sé tachdta aici go cinnte, acht go dtáinig an
inghean go díreach i n-am le n-a shábháil, agus sgaoil sise
greim na caillighe. Rinne sí síothcháin idir an mbeirt, agus thug
sí an mháthair a-bhaile léi.



'Ná dhiaigh sin chuadar ar aghaidh go maith go dtáinig aimsir
bainte an fhéir. Ghleus an chailleach speal dí féin, agus ghleus
Donnchadh ceann eile. Trathnóna Dia Dómhnaigh dubhairt an
chailleach "béidhmid ag spealadóireacht amárach." "Maith go
léór," ar sa Donnchadh, "táim réidh."



An oidhche sin dubhairt inghean na caillighe le Donnchadh,
"táir (tá tu) dul ag spealadóireacht amárach, agus tabhair aire
dhuit féin. Cuirfead spícidhe cliath (spícidhe cléithe) síos san
talamh i mbouta (lorg) mo mháthair, agus ní bhéidh trioblóid
ar bith ort ag congbháil suas léi."



"Go raibh maith agad, a chuisle mo chroidhe," ar sa Donn-
chadh, "tig liom congbháil suas léi go réidh."



"Ní thig leat," ar sise, "tá speal ag mo mháthair agus
congbhaigheann sí an faobhar ar feadh an ama bhéidheas an féar
d'á bhaint, go mbéidh deireadh an fhéir gearrtha, acht má chaill-
eann sí an faobhar aon uair amháin, ní bhéidh sí níos fearr 'ná
aon speal eile. (Is faobhar iongantach atá ar speil mo mháthar.
H-uile shéasur sul thosaigheann sí ag baint léi tugann sí go
srothán uisge í. Cuireann sí an lann ann san uisge. Ann sin
sgaoileann sí ribeacha d'ollann anuas ag snámh leis an sruth agus
ní'l sí sásta muna ngearrtar h-uile ribe aca bhaineas le lann na
speile nuair thiucfas siad chomh fada leis).



Ar maidin Dia Luain chuaidh an chailleach agus Donnchadh
chum an mhóinfhéir ag baint. Thosaigh an chailleach ar an
mbouta tosaigh, an áit a raibh na spícidhe sáighte ann san talamh


L. 229


ag an inghin. Níor bhfada gur casadh ceann aca léi. Ghearr sí
í, acht bhain sí an faobhar de'n speil. "Cupóg chruaidh," ar
sise. "'Seadh" ar sa Donnchadh. Casadh ceann eile léi agus
rinne sí an rud céadna leis. "Dar m'anam," ar sise, "is cruaidh
na cupóga atá ann san móinfheur i mbliadhna." "Is cruaidh go
deimhin," ar sa Donnchadh.



Chuaidh sí píosa eile, acht ní raibh an speal ag gearradh go
maith dhí, agus ghlaodh sí "Faobhar, a Donnchaidh." Chuir
sí suas faobhar, acht ní dheachaidh sí cúig slata gur gháir sí
amach arís. "Faobhar, a Dhonnchaidh." Thug sé am dí an dara
faobhar do chur suas, acht faoi cheann cúpla móimid ghlaodh sí
arís "Faobhar a Dhonnchaidh (le faobhar gearrtar féar."



"Ní h-eadh, a chailleach," ar seisean, "acht le fear maith
agus le sean-speil ghéir). Agus muna bhfágann tú mo bhealach
bainfidh mé na loirgne dhíot."



"Tabhair am dam leis an bhfaobhar do chur suas an uair seó,
agus má chliseann mo speal orm arís go mbéidh an cúrsa so críoch-
nuighthe déanfaidh mé da leith de'n lann."



Chuir sí suas faobhar eile agus thosaigh sí ag baint, acht ní
dheachaidh sí fiche troigh go raibh an faobhar imthighthe arís.
Bhí sí ar mire, agus thug sí iarraidh le lann na speile do bhris-
eadh ar a glúin, acht thionntaigh an lann agus ghearr sé an
ghlún go doimhin, agus b'éigin di fios do chur ar a h-inghin le
n-a h-iomchar a-bhaile; agus ní tháinig sí anaice le Donnchadh
go raibh an móinfhéar gearrtha.



Chuaidh Donnchadh ar aghaidh go maith ann sin, go raibh an
coirce apuidh. Bhí glún na caillighe cneasuighthe an uair sin,
agus í ionnánn obair do dheunamh.



Trathnóna Dia Dómhnaigh dubhairt sí le Donnchadh, "bí
réidh, ar maidin amárach, béidhmid ag baint coirce."



"Tá mé réidh am ar bith," ar seisean.



Dubhairt an inghean, an oidhche sin, le Donnchadh, "tá tú


L. 230


dul ag baint coirce amárach. Tabhair aire mhaith dhuit féin, no
buailfidh mo mháthair thú ag an obair sin."



"Ní'l baoghal orm," ar seisean, "thig liom dá oiread léi
'bhaint."



"Muna mbeidheadh aon nidh amháin, d'fheudfá," ar sise,
"acht ní'l fhios agad go bhfuil dardaol i lámh chorráin mo
mhathair, agus chomh fad agus béidh sé ann ní bhéidh sé ar
chumas aon duine san domhan congbháil suas léi."



"A stóir mo chroidhe," ar sa Donnchadh, "bheidhinn marbh
a-bhfad ó shoin muna mbeidheadh go bhfuil tusa ag cuidiughadh
liom, acht béidh laéthanta maithe againn go fóil, nuair bhéidheas
do mháthair ann san gcré."



Ar maidin Dia Luain chuaidh an bheirt chum an ghuirt agus
thosuigheadar ag baint coirce. Do ghlac an chailleach an chéad
bout-a agus bhí Donnchadh ar a cúl ag baint 'na diaigh. Níor
bhfada gur imthigh sí amach uaidh, agus níor fheud sé congbháil
suas léi ar aon chor. Nuair bhí sí timchioll fiche troigh amach
roimhe gháir sí "A Dhonnchaidh, saoilim go bhfuil fallsacht
éigin ort andhiú."



"Créad deir tú a chailleach?" ar sa Donnchadh, agus 'san am
céadna rith sé chuici agus sgiob sé an corrán uaithi, tharraing
an lámh as, agus thuit an dardaol ar an talamh. "Ha ha! a
chailleach bhradach, tá tú gabhtha anois, acht cuirfidh mise
deireadh le do chleasaibh draoidheachta, is iomdha fear óg do
mharbh tú leó, acht ní mharóchaidh tú mise."



Thug an chailleach iarraidh greim d'fhághail ar an dardaol,
acht leag Donnchadh a chos air, gur chuir sé a putóga amach as
a bhéal. "Anois a chailleach," ar seisean, "teídh ar d'aghaidh
leis an mbaint."



"Ní bhainfidh mé níos mó," ar sise, "acht ceanglóchaidh
mé do dhiaigh, suidh síos agus leig do sgith."



"Ni'l easbhuidh sgith orm," ar sa Donnchadh, "dá luaithe
thagann lá Samhna is é is fearr liom."



"Tig leat imtheacht amárach agus geobhaidh tú an oiread


L. 231


agus dá bhfanfá go lá Samhna. Má thugann tu d' fhocal dam go
gcongbhóchaidh tú mo rún go bhfágh' mé bás - agus ní'l an
t-am sin a bhfad uaim, mar tá mé an-aosta - bhéarfaidh mé do
pháidhe dhuit amárach agus leigfidh mé dhuit imtheacht."



"Cad é an aois thu?" ar sa Donnchadh.



"Tá mé níos mo 'ná naoi fichid bliadhain d'aois," ar sise,
"agus má gheallann tú dham nach n-innseochaidh tú mo rún,
innseochaidh mé dhuit sgeul mo bheatha."



"Dar m'fhocal," ar sa Donnchadh "ní chluinfidh cluas aon
duine bheó do rún uaim-se, chomh fad agus bhéidheas tú beó."



Ann sin thosaigh an chailleach, agus dubhairt mar so.



"Nuair bhí mé mo chailin óg thuit mé i ngrádh le mac cómh-
arsan, agus gheall sé mo phósadh, acht ann san deireadh thréig
sé mé, agus phós sé cailín eile. Aon oidhche amháin d'éaluigh mé
as tigh m'athar, agus chuaidh mé go tigh gabha draoidheachta,
agus d'fiafruigh mé dhé an bhféadfadh sé cúmhachta draoidh-
eachta do thabhairt dam." "Bhéarfad agus fáilte," ar seisean.
"Seó dhuit casarán (?) agus biombol (?): tabhair leat iad go
bonn crainn úbhall atá i ngáirdín d' athar. Caith iad ann san
tobar atá ag bonn an chrainn, agus tiucfaidh cúmhacht na
draoidheachta chugad. D'imthigh mé agus chaith mé na neithe
sin san tobar, agus ar an mball tháinig cú dubh agus dardaol
amach as an tobar. Tá an cú (chú) agam fós, acht mo bhrón!
mharbh tú an dardaol orm. Tá brigh mhór i mbainne an chú
(na con), aon neach d'ólfadh é bheidheadh sé chomh láidir le
leómhan, agus duine ar bith a mbeidheadh an dardaol ar iomchar
leis ní fheudfá a bhualadh ag obair. Ní raibh mé a bhfad ag ól
bainne an chú go raibh mé an-láidir. Chuaidh mé san oidhche
go tigh an bhuachaill' do thréig mé, agus mharbh mé é féin agus
a bhean, agus ní raibh amhras ag duine an bith gur mise do
rinne an choir sin. D'fhan mé i dtigh m'athar go raibh mé mór
le cloinn, gan fhios dóibh. Ann sin d'fhág mé teach agus baile
le náire. Lean mo chú dubh mé, agus chuir mé fúm an oidhche
sin i dtigh an ghabha draoidheachta, agus is ann do rugadh


L. 232


m'inghean. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, d'fhiafruigh an gabha
dhíom cia an áit rachainn. "Áit ar bith le mo náire chur i bhfol-
ach," ar sa mise. Ann sin thug sé éadach fir dham, le cur orm,
agus d'athruigh sé mé i riocht nach n-aithneóchadh m'athair no
mo mháthair féin mé. Chaith mé dá fhichid bliadhan aige ag
séideadh na mbolg agus ag cuidiughadh leis ann s gach uile obair.
Aon lá amháin do bhí mé ag bualadh an uird thruim dó, agus
bhuail mé ar an ordóig é. Chuir sin fearg air, agus bhuail sé mé
le slaitín draoidheachta agus rinne cráin-mhuice dhíom, agus
chuir sé go Cnoc-Meadha ar feadh céad bliadhan mé. Nuair
sgaoileadh as an áit sin mé, cuireadh ar ais chuig an sean-ghabha
mé, agus tugadh dham sporán líonta le ór agus le airgiod. Fuair
mé m'inghean mo chú agus mo dhardaol rómham gan athrughadh
ar bith orra no orm féin. Thug mé iad liom go dti an áit seó.
Cheannuigh mé í, agus chuir mé fúm innti. Sin chugad mo sgeul
anois, agus agraim ort gan a leigean amach as do bheul chomh
fad agus bhéidheas mise beó."



"Ní leigfead go deimhin," ar sa Donnchadh.



D'imthigh an fóghmhar agus tháinig an Samhan. Ar maidin, lá
Samhna, thug an chailleach a phíosaidh airgid do Dhonnchadh,
agus dubhairt leis teacht léi go páirc na gcaorach leis na caoirigh
do chathadh thar an mballa.



Nuair thángadar asteach ann san bpáirc rug sé greim ar an
gcaora budh thruime do bhí ann sin, agus chaith sé í thar an
mballa mar chaithfeadh sé meuróg. Bhí sé d'á gcathadh thar an
mballa go raibh scór aige.



"Dar m'fhocal ní h-olc é do pháidhe leith-bhliadhna," ar
san chailleach.



"Ní fearr 'ná shaothruigh mé," ar sa Donnchadh, agus leis
sin do thiomáin sé a fiche caora amach roimhe, agus chuaidh sé
a-bhaile leó.



Níor bhfada 'na dhiaigh sin go dtáinig tinneas ar an gcailligh.
Tháinig sean-mhná an bhaile le freastal uirri. "Cad é an aois
thu?" arsa bean de na mnáibh.


L. 233


"Níos mó na naoi fichid bliadhan," ar sise.



"Agus cia an fáth thusa bheith chomh buan?"



"Ní dheachaidh gaoth na maidne ann mo bholg follamh
ariamh; níor fhliuch drúcht roimh ghréin mo chos; chaith mé
teith agus chaith mé fuar, agus sin é an fáth mise bheith chomh
buan sin." Acht tá fhios againn go raibh bréag ann a béal
agus í ag fághail bháis.



An oidhche sin tháinig stoirm mhór, agus toirneach agus
teintreach, agus leagadh teach na caillighe go talamh. Marbh-
uigheadh an chailleach an inghean agus an cú. Ar maidin, lá
ar na mhárach, bhí na céadta madadh timchioll an tighe, agus
ó'n lá sin go dti an lá so ní'l aon ainm ar an áit sin acht Gleann-
na-madadh.



XXXII



Caoilte na gcos Fada.



'S an aimsir í n allód, bhí lánamhain phósta 'na gcómhnuidhe
i nGráin-leathan i n gar do Bhaile-an-locha, i gcondaé Ros-
Comáin. Bhíodar níos mó 'ná fiche bliadhan pósta gan aon
chlann do bheith aca. Aon mhaidin amháin chuaidh Diarmuid
(an fear) amach le feuchaint an bhfeudfadh sé geirrfhiadh do
mharbhadh. Bhí sneachta mór ar an talamh, agus bhí ceó dubh
ann, agus í chomh tiugh sin nach bhféadfadh duine aon rud do
bhreathnúghadh leath-phéirse uaidh. Bhi eólas maith ag Diar-
muid ar h-uile orlach de'n talamh, míle ar gach taoibh, acht 'na


L. 234


dhiaigh sin chuaidh sé amúgha. Bhí sé ag iarraidh dul go h-áit
fhraochmhair ar chiúmhais an phurtaigh a mbidheadh na geirr-
fhiadhacha ann. Bhí sé ag imtheacht agus ag sír-imtheacht ar
feadh mórán uair, agus níor fheud sé ciúmhais an phurtaigh
fhághail amach. Faoi dheireadh, shaoil sé a bhealach dheunamh
a-bhaile, acht níor fheud sé. Bhí sé ag siúbhal go raibh sé
sáraighthe, agus bhí sé dul ag suidhe síos nuair chonnairc sé
sean gheirrfhiadh ag teacht ann a láthair. Tharraing Diarmuid
an lámh, agus shaoil sé buille do thabhairt dí, acht léim sí d' aon
taoibh agus dubhairt sí, "Coisg do lámh a Dhiarmuid, agus ná
buail do chara."



Thuit Diarmuid i laige, agus nuair tháinig sé chuige féin bhí
an geirrfhiadh dubh i láthair, agus dubhairt sí, "ná bíodh aon
fhaitchios ort rómham-sa. Ni le h-olc acht le maith do dheunamh
duit tháinig mé chugad an uair seó. Bíodh meisneach agad,
agus éist liom-sa. Tá tu amúgh' anois; shiúbhail tú ar an
bhfóidín-mire (mearaighthe?) agus bheidhtheá caillte ann san
tsneachta, muna mbeidh' gur ghlac mise truaigh ort. Tá fhios
agad go maith gur mharbh tú go leór de mo shliocht, agus ní
dhearnadar aon díoghbháil ort. Acht andhiaigh an uile do rinne
tú, deunfaidh mise maith dhuit-se. Innis dam anois cad é an
mian is mó atá ann do chroidhe, acht an flaitheas amháin, agus
deunfaidh mé dhuit é."



Smuaín Diarmuid tamall, agus dubhairt sé, "tá mé níos mó
'ná fiche bliadhan pósta gan aon chlann do bheith agam, agus ní
bhéidh' duine ar bith agam-sa ná ag mo mhnaoi le congnamh do
thabhairt dúinn ann ár sean-aois, agus le n-ár síneadh agus le
n-ár gcaoineadh andhiaigh ár mbáis. Sé an mian is mó tá ann
mo chroidhe agus i gcroidhe mo mhná, mac do bheith againn,
acht tá faitchios orm go bhfuilmid ró aosta anois."



"Go deimhin ní'l sibh," ar san geirrfhiadh, "béidh mac ag
do mhnaoi trí ráithe ó'n lá andhiú, agus ní bhéidh a shamhail le
fághail ar thalamh an domhain. Anois lean mo lorg san tsneachta,
agus bhéarfaidh mise a-bhaile thu. Acht ar a bhfacaidh tú ariamh


L. 235


ná h-innis d' aon neach beó go bhfacaidh tú mise, agus geall
dam nach marbhóchaidh tú aon gheirrfhiadh ó'n am so amach."



"Geallaim sin duit," ar sa Diarmuid.



Ann sin shiúbhail an geirrfhiadh amach roimhe go dtángadar
go binn an tighe. "Sin é do theach anois," ar san geirrfhiadh,
"asteach leat!"



Nuair chuaidh Diarmuid asteach, chuir Róise, a bhean, fáilte
roimhe agus dubhairt, "cá raibh tú ar feadh an laé, bhí mé ag
brath ar dhul amach do d' thóruigheacht. Tá tú priachta
(cráidhte) ag an bhfuacht agus leath-mharbh leis an ocarus."



"Go deimhin is ádhamhail an bhean thú nach bhfuil mé
baidhte i bpoll-móna no i gclais ghainnimh. Shiubhail mé ar an
bhfóidín mire agus cuireadh amúgh' mé, acht glac m' fhocal
nach rachad ag tóruigheacht aon gheirrfhiadh arís chomh fad
agus tá mé beó."



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Níor smuaín Diarmuid
ar aon rud eile acht ar an oidhre do bhí geallta dhó. Nuair
chonnairc sé go raibh Róise dul oidhre do thabhairt dó go
cinnte, ní raibh aon fhear san domhan chomh lúthgháireach leis.
Fuair sé cliabhán deunta, agus h-uile shórt réidh do'n oidhre óg
do bhí le teacht. Nuair bhreathnuigh na cómharsanna go raibh
Róise ann san riocht sin, dubhairt siad go mbudh iongantus
thar bárr é, mar bhí Róise níos mo 'ná deich mbliadhna a's dá-
fhichiod, agus ní raibh greim féola uirri, acht í chomh seargtha
le bean deich agus tri fichid. Bhí h-uile dhuine ag caint i dtaoibh
Róise agus Diarmada.



Nuair bhí trí ráithe caithte, bhí mac óg ag Róise. Thug
Diarmuid cuireadh do shean-mhnáibh an bhaile go fleidh agus
féasta, an lá baisteadh an leanbh; acht b'fhearr dhó a leigean
mar bhíodar. Nuair rugadh an naoidheanán ní raibh sé mar aon
naoidheanán eile, bhí sé ceithre troigh ar faide, agus bhí sé
chomh caol le maide, agus bhí a chosa níos faide 'ná troigh. Bhí
iongantus ar na mnáibh, sean agus óg, mar nach bhfacadar
ariamh aon naoidheanán roimhe sin mar é. Thug Diarmuid


L. 236


uisge-beatha dhóibh, agus bhíodar ag moladh an leinbh go raibh
sé uile ólta. Ann sin thosaigheadar d'á cháineadh.



"Nach Diarmuid atá mar ainm air," arsa sean-chailleach do
bhí leath ar meisge.



"'Seadh," arsa cailleach eile, "acht is mór an eugcóir
Diarmuid do ghlaodhach air, is Caoilte na gcos fada budh chóir
dhóibh thabhairt air."



"Agus sin é an t-ainm bhéarfas muid-ne air," ar san chéad
chailleach.



Bhí Róise ag éisteacht leis an gcómhrádh so, agus chuir sé
fearg uirri. Ghlaodh sí ar Dhiarmuid agus dubhairt sí leis i gcogar
cluaise, go raibh na mná ag cúl-chaint ar Dhiarmuid óg, agus
dubhairt sí leis a ndíbirt amach as an teach.



D'ionnsuigh Diarmuid ná mná, le n-a gcur amach, agus ní
raibh i nGráin-Leathan, ariamh roimhe, a leithéid de bháirs-
igheacht agus do bhí idir Diarmuid agus na mnáibh. Niún
(deamhan) cos rachadh siad amach dó, agus b'éigin do Dhiarmuid
crúisgin poitín do thabhairt dóibh sul choróchadh siad. Acht, ar
chaoi ar bith, d'fhan "Caoílte na gcos-fada," ar Dhiarmuid óg,
fad a bheatha.



Nuair bhí Diarmuid óg deich mbliadhan d'aois bhí sé níos mó
'ná sé troighe ar áirde, acht bhí sé chomh caol le slait iasgaireachta,
agus bhí a chosa, ó na ruitínibh amach, troigh go leith ar fad,
agus chomh caol le d'ordóig. Agus ní raibh gadhar ná cú i n-
Eirinn nach mbéarfadh sé air, ag rith. Ní théidheadh sé amach
acht go h-annamh, mar bhíodh na daoine ag deunamh magaidh
faoi. Dá mbeidh' báire le bualadh, ní iarrfadh an Caoilte aon
chomán; bhuailfeadh an liathróid le n-a chosaibh, agus dá
bhfághadh sé amach roimhe í ní raibh aon bhreith air. Mar
chuaidh na bliadhanta thart, bhí an Caoilte ag fás, agus nuair
bhí sé bliadhain agus fiche, bhí sé níos mó 'na seacht dtroighe go
leith, agus ní raibh greim de níos tiuighe 'ná nuair bhi sé i
n-aois a dheich mbliadhan, agus ní raibh pioc feóla air níos mó
'ná ar an teangas, cidh go raibh biadh agus deoch go leór aige,


L. 237


agus go n-íosfadh sé níos mó 'ná móir-sheisear. Dubhairt na
daoine nach duine ceart do bhí ann, acht sean lorgadán, agus
nach raibh putóga ar bith ann; acht shaoil Diarmuid agus Róise
nach raibh ógánach ann san tír leath chomh breágh leis, agus
shaoil siad go n-éireochadh sé tiugh agus go ramhróchadh sé
nuair sguirfeadh sé de bheith ag fás, agus do dtiucfadh feóil air -
acht ní tháinig.



Aon lá amháin bhí Caoilte le n-a athair ar an bpurtach ag
gróigiughadh móna, nuair chonnairc síad geirrfhiadh ag rith
chomh tapa agus d'fhéad sé, agus easóg 'na dhiaigh. Bhí an
easóg ag teannadh air, agus í ag sgreadaoil chomh h-árd agus
d'fheud sé. Rith Caoilte andhiaigh an gheirrfhiadh agus ghabh
é sul má tháinig an easóg suas leis. Bhí fearg mhór ar an easóig,
agus d'ionnsuigh sí Caoilte; stróic sí agus scríop sí é, agus chaith
sí smugairle air a shúil dheis, do dhall é. Ann sin d'imthigh sí
uaidh asteach i gcruaich mhóna.



Bhí an geirrfhiadh, fad an ama so, i mbrollach Chaoilte, agus
nuair d'imthigh an easóg dubhairt an geirrfhiadh leis, "tá mé
buidheach díot a Chaoilte, shábhail tú mo bheatha an t-am so,
acht tá tu féin i mbaoghal. Is cailleach draoidheachta an easóg. Tá
tú ar leath-shúil anois, acht cuir do lámh ann mo chluais dheis
agus geobhaidh tú buideuillín ola innti, agus coimil le do shúil é,
agus béidh amharc do shúile agad chomh maith agus bhí sé
ariamh."



Rinne sé sin agus fuair sé amharc a shúile. Ann sin dubhairt
an geirrfhiadh leis, "sgaoil chum bealaigh anois mé, agus am
ar bith is toil leat geirrfhiadh do mhúsgailt do na fir-seilge, tar
go dti an turtóg seisge sin ar chiúmhais an locha, agus béidh mise
ann. Ní'l gadhar ná cú 'san domhan ionnánn teacht suas liom,
acht tig leat-sa mo ghabháil am ar bith is toil leat, acht ar a
bhfacaidh tú ariamh ná tabhair mé do na coin no do na fir-seilge.
Anois bí ar do choimhéad an oidhche seo. Tiucfaidh an easóg
chugad anocht, agus gearrfaidh sí do phíobán muna mbéidh cat
firionn Bhríghid Ní Mhathghamhna ann do leabaidh agad.
Cluinfidh tú guth ag rádh.


L. 238


Is cat Bhrighid Ni Mhath'úin
A d'ith an bagún.



'S cat Bhrighid Ni Mhath'úin
A d'ith an bagún.



Nuair chluinfeas tú é an tríomhadh uair sgaoil an cat amach,
agus ní bhéidh aon bhaoghal ort féin."



Sgaoil an Caoilte an geirrfhiadh amach, agus tháinig sé féin
ar ais chum an athar agus d'innis dó gach nidh, mar thárla.
"A-ha!" ar san t-athair. "'Sé an geirrfhiadh do charaid is fearr,
agus lean a chómairle, acht tabhair aire dhuit féin, agus ná
h-innis rud ar bith d'á thaoibh do na cómharsannaibh agus na
tabhair ádhbhar cainte dhóibh; má innsigheann tu an sgeul dóibh
ní bhéidh cómhnuidhe agad ann san bparráiste seó ná ann sna
seacht bparráistibh is foisge (foigse) dhuit."



"Go deimhin ní'l mé chomh mi-chéillidhe sin," ar sa Caoilte,
"ní raibh mé cabach ó rugadh mé, acht agraim ort-sa gan aon
fhocal d'innseacht do mo mháthair."



Chuaidh sé amach an oidhche sin le dul go teach Bhríghde ní
Mhathghamhain le iasacht an chait d'fhághail uaithi, agus nuair
bhí sé i bhfogus do'n tigh chonnairc sé sionnach agus gandal
Bhrighde ni Mhathghamhain goidte aige. Rith Caoilte 'na dhiaigh
agus nuair bhí sé ag teannadh air leig an sionnach do'n ghandal
tuitim uaidh, agus chuaidh sé féin asteach i gcoill bhig do bhí i
bhfogus dó. Thug Caoilte an gandal go teach Bhrighde ni
Mhathghamhain agus dubhairt léithe "bhí sé ar ghualainn an
tsionnaigh no gur bhain mé dhé é."



"Tá mé an-bhuidheach," ar sise, "bhfuil aon rud ag teastál
uait, ní minic thagann tú ar cuairt."



"Tá mé ag iarraidh iasacht do chait, tá ár sac mine millte ag
na luchógaibh."



"Tabhair leat é agus fáilte," ar sise, "agus congbhuigh é go
mbéidh h-uile luchóg san tigh marbh aige; agus is é an buachaill
atá ionnánn iad do dhíbirt."


L. 239


Thug Caoilte an cat a-bhaile agus chuaidh ar a leabaidh,
acht ní tháinig támh ar a shúilibh. Timchioll leath-uair roimh
an meadhon-oidhce chualaidh sé an t-abhrán.



Is cat Bhrighid Ni Mhathgh'úin
A d'ith an bagún.



Is cat Bhrighid Ni Mhathgh'úin
A d'ith an bagún.



Is cat Bhrighid Ni Mhathgh'úin
A d'ith an bagún.



An tríomhadh uair do chualaidh sé na focla, bhí an guth i
bhfogus do, agus budh mhaith an mhaise do'n chat, léim sé amach,
agus dubhairt "a bhreugadóir draoidheachta, ní mé acht tusa
do ghoid é," agus d'ionnsuigh sé an easóg, agus a leithéid de
ghearradh agus de scríopadh agus de ghárthaoil, ní chualaidh
aon duine riamh. Bhí Róise bhocht ar mire le faitchios, agus
níor fheud sí aon fhocal do rádh acht "huis! Cait amach?" Agus
bhí d'á rádh sin go raibh píochán uirri. Chuaidh an troid ar aghaidh
go breacadh an laé, agus ann sin chuir an easóg suas do'n troid,
agus chuaidh sí asteach i bpuirín (?) áithche-aoil. Bhí an cat
bocht gan fionnach gan croicionn an uair sin, agus nuair
shaoil Caoilte breith air, dubhairt sé leis, "coimil mé leis an ola
fuair tú i gcluais an gheirrfhiadh." Rinne Caoilte sin agus
leigheas sé é chomh maith agus bhí sé aon lá ariamh.



"Anois," ar sé le Caoilte, "tá do námhaid marbh, ná bíodh
faitchios ort roimpi níos mó.".



Fuair Caoilte bainne agus thug do'n chat é, agus ann sin
d'imthigh an cat a-bhaile. Fuair Caoilte sguab agus chuir sé
amach an fionnach agus an croicionn; acht bhí spotaidh fola ar
an urlár agus ní bhainfeadh an méad uisge bhí ann san loch amach
iad.



Aon lá amháin bhí seilg mhór i gcondae Ros-Comáin agus
thug an fiadh aghaidh ar Ghráin-leathan. Bhí Caoilte amuigh agus
chonnairc sé an fiadh ag teacht agus na gadhair agus na marcaigh


L. 240


'na dhiaigh. Thosaigh Caoilte ag rith andhiaigh an fhiadh, agus
dubhairt fear de na seilgiribh "má thig leat a chasadh sul má
théidheann sé thar an abhainn bhéarfaidh mé píosa de'n ór buidhe
dhuit." Nuair bhí sé ag caint le Caoilte bhí an fiadh imthighthe
a bhfad roimhe, acht níor bhfada go rug Caoilte air agus chas sé
é. Sheas sé ann sin go dtáinig an seilgire, agus thug an fear sin
píosa óir dhó. Thug an fiadh aghaidh ar an loch, agus nuair bh
na gadhair ag teannadh air thug sé léim asteach 'san loch agus
shnámh sé go dti an taobh eile, agus ní rachadh na gadhair 'na
dhiaigh.



Nuaír tháinig na fir-seilge go bruach an locha dubhradar le
chéile, "tá an fiadh imthighthe uainn, agus ní thig linn aon
amharc eile fhághail air andhiú, rachaidh sé go coill Loch-Ghlinne."
Bhí Caoilte ag éisteacht agus dubhairt, "cuirfidh mé mo cheann
anaghaidh píosa deich bpighne go dtiucfaidh mé suas leis an
bhfíadh, agus go gcuirfidh mé an ais chugaibh é, sul má théidheann
sé leath-bhealaigh go Loch-Ghlinne; má 's é bhur dtoil fanamhaint
leath-uair ann san áit seó tiomáinfidh mise an fiadh ar ais, no
bhéarfaidh mé cead daoibh an ceann do bhaint díom."



"Tá go maith," ar siad-san, "fanfamaoid leath-uair."



Leis sin d'imthigh an Caoilte chomh tapa agus d'fheud sé,
agus tháinig sé suas leis an bhfiadh ag cnoc Breuna-mór. Chas
sé é agus níor bhfada gur thiomáin sé ar ais go bruach an locha é.
Nuair chonnairc na fir-seilge an fiadh ag teacht, agus Caoilte le n-a
thóin, bhí iongantus orra, agus dubhradar go mbudh tácharán (?)
Caoilte, agus go mbudh chóir dhoibh a dhíbirt as an áit. Acht ní
raibh an t-am aca le aon nidh do dheunamh dhó an uair sin, mar
d'imthigh na gadhair andhiaigh an fhiadh agus b'éigin dóibh a
leanamhaint.



Chuaidh an fiadh rompa, agus thug aghaidh ar an gCaisleán
Riabhach, agus chuaidh asteach i gcoill bhig i ngar do Bhaile-
an-locha, agus chailleadar é. D'imthigh na fir seilge asteach chum
an Chaisleáin Riabhaigh, agus chuir sin críoch ar sheilg an laé.



Chuaidh Caoilte a-bhaile agus é sásta go leór leis an bpíosa óir


L. 241


do bhí aige, de bhárr oibre a laé. Thug sé d'á athair é, agus
d'innis dó gach nidh mar thárla.



Timchioll seachtmhaine 'na dhiaigh sin bhí Caoilte ar an
bpurtach ag tarraing fraoich le leabaidh do'n bhó (bhoin) nuair
tháinig na fir seilge arís an bealach sin, agus d'fhiafruigh siad dé
an bhfacaidh sé aon gheirrfhiadh.



"Ní fhacas," ar seisean, "acht tá fhios agam cá bhfuil
geirrfhiadh."



"Músgail duinn é," ar sa fear aca, "agus bhéarfamaoid
luach péire bróg duit."



"Sin rud nár chaith mé ariamh," ar sé, "acht tabhair luach
péire bríste dham?"



"Bhéarfamaoid," ar siad-san.



"Tabhair dham é," ar seisean. "Ghnóthaigh mé piósa deich
bpingne ó na fir-seilge an tseachtmhain seó chuaidh thart, agus
níor thugadar dam fós é! Má tá mé aisteach le feuchaint orm ní
amadán mé!"



Thugadar na cúig píosaidh dhó, agus dubhradar leis, an
geirrfhiadh do mhúsgailt dóibh. Chuaidh sé chum na turtóige
seisge ag bruach an locha, agus mhúsgail sé a charad, an
geirrfhiadh. D'imthigh na coin agus na seilgiridhe 'na dhiaigh.
Thug sé aghaidh ar an bportach agus níor fheud siad teacht
suas leis. Tháinig na seilgiridhe cúig lá andhiaigh a-chéile, agus
mhúsgail Caoilte an geirrfhiadh dhóibh h-uile lá, acht níor
fhéadadar teacht suas leis. An seiseadh lá dubhradar le Caoilte
go mbudh draoidheadóir é, agus go mbudh gheirrfhiadh
draoidheachta do bhí sé d'á mhúsgailt dóibh.



"Má sé sin bhur dtuairm fághaidh geirrfhiadh dhaoibh féin,"
ar sa Caoilte.



Leis sin shaoileadar greim d' fhághail air, acht bhí sé ró thapa
dhóibh. Leanadar a-bhaile é agus d' iarradar ar an athair agus
ar an mháthair a chur amach chuca go marbhóchadaois é. "Créad
do rinne sé orraibh?" ar san t-athair.



"Is tácharán (?) draoidheachta é," ar siad-san.


L. 242


Nuair chualaidh Róise sin, rith sí amach, agus bí cinnte go
dtug sí fúfa le n-a teangaidh. Acht ní raibh aon mhaith ann a
cuid cainte, dubhairt siad muna dtiucfadh Caoilte amach go
gcuirfeadh siad an teach tre theine. Nuair chualaidh Caoilte sin
rug sé greim ar fac láidhe, fuair Diarmuid an teangas, agus Róise
an haingín. Rith Caoilte amach agus d'ionnsuigh iad leis an
bhfac, agus bhí sé d'á leagadh roimhe, agus mar bhí seisean d'á
gcur síos bhí an t'athair agus an mháthair ag gabhail orra leis
an teangas agus leis an haingín, go raibh siad uile sínte ar lár,
agus gan ionnta aon bhuille bhualadh. Do réir mar bhíodar ag
teacht chuca féin bhíodar ag imtheacht, go raibh an fear
deireannach imthighthe.



Faoi cheann cúpla lá 'na dhiaigh sin chuadar chum an tsagairt
parráiste agus rinneadar casaoid mhór a dtaoibh Chaoilte agus i
dtaoibh a athar agus a mháthar. "Rachad go Diarmuid," ar san
sagart, "agus cuirfidh mé tuairisg, i dtaoibh na cúise."



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh an sagart go teach
Dhiarmada, agus fuair sé eólas ar ádhbhar na troide. Tháinig sé
a-bhaile agus chuir sé fios ar na daoinibh do rinne an chasaoid,
agus dubhairt leó, "ní'l milleán ar bith ar Dhiarmuid ná ar a
mhnaoi ná ar a mhac. Ní dhearnadar aon anachain orraibh-se,
gur thosaigh sibh féin i dtosach, agus is í mo chómhairle dhaoibh
leigean dóibh."



Ní rabhadar sásta le cómhairle an tsagairt, agus ghlacadar rún
le teach Dhiarmada do dhóghadh ann san oidhche, nuair bheidh-
eadh sé féin agus a bhean agus a mhac ann a gcodladh. Bhí
Caoilte ag dul an lá sin chum an phurtaigh le cliabh móna do
tharraing a-bhaile, nuair casadh an geirrfhiadh, air agus adubhairt,
"A Chaoilte, tá dream daoine ag teacht anocht leis an teach do
dhóghadh ort féin ar d'athair agus ar do mháthair, acht cuirfidh
mise ceó ar a gcuid súl, agus rachaidh siad amúgh', agus ní
bhfuighfidh siad an bealach go dti do theach-sa ná go dti a gcuid
tightheadh féin go maidin; agus má thugann siad an dara iarraidh
ort báithfidhear 'san loch iad."


L. 243


An trathnóna sin do cuireadh an sgeul ó theach go teach - an
dream do bhí le teach Dhiarmada do dhóghadh do bheith ag an
gcrois-bhóthar roimh an meadhan-oidhche. Tháinig timchioll fiche
fear le chéile ag an áit sin, agus thugadar aghaidh ar theach
Dhiarmada, acht níor fhéadadar a dheunamh amach. Ann sin
shaoileadar filleadh a-bhaile, acht níor fhéadadar a dtighthe féin
ná aon teach eile fhághail go dtáinig fáinne geal an laé. Ann sin
fuaireadar iad féin ag an gcrois-bhothar céadna, andhiaigh
siúbhail na h-oidhche! O'n oidhche sin níor chuireadar aon
thrioblóid ar Chaoilte ná ar a athair's a mháthair; acht sheachain
siad é mar sheachnóchadh siad spídeóir no gaduidhe.



Aon lá amháin bhí Diarmuid leis féin ar an bpurtach, agus
tháinig an sean-gheirrfhiadh dubh chuige, an geirrfhiadh céadna
do tháinig chuige an mhaidin do chuaidh sé amúgh dá bhliadhain
agus fiche roimhe sin.



"Anois," ar sise, "tháinig mé le h-innseacht duit gur gearr
an t-am atá agad agus ag do mhnaoi le bheith ar an tsaoghal so,
agus má tá aon rud le socrughadh agaibh deunaigidh go tapa é,
mar ní'l acht aon tseachtmhain amháin agaibh le bheith ar an
tsaoghal so."



"Agus créad dheunfas Caoilte?" ar sa Diarmuid, "gan aon
duine le n-a choimhéad!"



"Ná bac le Caoilte," ar sise, "is de mo threibh-se Caoilte,
agus béarfad chugam féin é, agus glac m' fhocal go mbéidh sé
níos sóghna (seunmhaire) 'ná bheidheadh sé ameasg a chuid
cómharsann. Ni'l ualach an rúin ort anois. Tig leat a innseacht
do dhuine ar bith is toil leat."



Bhí Diarmuid dul a-bhaile, agus é brónach go leór, nuair
casadh mac a dhearbhráthar air, agus d'innis sé an sgeul dó ó
thús go deireadh.



"Go deimhin má innsigheann tú an sgeul so do dhuine ar bith
eile, béidh do bhunadh náirighthe, agus ní bhfuighfimid aon
duine le sibh do chur ann san uaigh."



"Ní innseóchaidh mé do dhuine ar bith é," ar sa Diarmuid,
"acht do Róise agus do'n tsagart."


L. 244


Chuaidh sé a-bhaile agus d'innis sé an sgeul do Róise. Nuair
bhí críoch air, tháinig racht casachta uirri do thacht í.



Chuir Diarmuid agus Caoilte í.



Faoi dheireadh na seachtmhaine céadna fuair Diarmuid féin
bás; agus oidhche an laé do cuireadh é d' imthigh Caoilte, agus
ní'l tuairisg air ó shoin.



Níor chongbhuigh mac dearbhráthar Dhiarmada an rún, agus
seal gearr 'na dhiaigh sin chuaidh an sgeul ó bheul go beul ar
fud na tíre, mar tá sé inniste agam-sa dhuit-se.



Dubhairt go leór daoine na dhiaigh sin go bhfacadar Caoilte go
minic le taoibh an locha. Bíodh sin mar tá sé; acht tá dóthchu
againn go bhfuil siad ann san bhflaitheas.



XXXIII



Triúr mac na Bárr-Sgolóige.



Bhí fios ar h-uile dhuine aca, acht bhí tri ruda ag dul amúgha
orra.



Ní raibh na trí ruda sin aca ná le faghail aca go ndeachaidh
siad go dti Ariostotal agus a leabhar.



Nuair thangadar go dti Harraidh (Ariostotal) d'iarradar an
dteastóchadh triúr buachaill uaidh. Dubhairt sé go dteastóchadh
dá mbeidheadh aon cheird aca. Dubhairt fear aca go raibh. "Cia
an cheird atá agad-sa?" ar sé.



"Búistéar mise," ar sé.



"Is tú an fear," ar sé, "atá ag teastál uaim anois."



"Siúnéaraidh mise," ar san darna (dara) fear.



"Agus fear-innseacht-sgeulta, fear seanchais ann san oidhche
mé," ar san tríomhadh fear.


L. 245


"Sibh an triúr fear atá uaim," adeir sé. Thug sé suipéar
dóibh agus leabaidh go maidin.



Ar maidin dubhairt sé leis an mbúistéar dul amach agus an
beithidheach do bhí annsan stáll so mharbhadh - nach raibh aon
fheóil aca.



Chuaidh an búistéar amach, acht i leabaidh an mart do
mharbhadh, thosaigh sé ag caitheamh a chuid éadaigh dhé, agus
chuir sé air arís iad, agus bhí sé d'á mbaint dé agus d'á gcur
air arís go dtáinig Harraidh ag iarraidh na féola le h-aghaidh
dinéir.



D' fhiafruigh sé dhe cad chuige nach raibh an beithidheach
marbh fós aige.



Dubhairt seisean nach raibh sé marbh fós aige, "agus inseoch-
aidh mé cia 'n chiall. Tá léine le mo mháthair agus léine le
m' athair agam, agus ní'l fhios agam cia aca is goire dham, agus
cia bé duine is goire dham b'fhearr liom a léine leigeant le mo
chraicionn.



Adeir Harraidh, "nach fear thú?" ar sé



"Fear mé," ar seisean.



"Well" adeir sé, "tá dá thrian ded' athair ionnat, agus ní'l
acht trian de d' mháthair, agus dá mbudh bhean thú bheidheadh
dá thrian do mháthar ionnat, agus gan acht trian de d' athair.



Ní raibh trí móimid aige no go raibh an mart marbh agus réidh
le cur síos aca, mar (óir) sin é an fios do bhí uaidh.



Dubhairt Ariostotal leis an darna fear dul amach anois agus an
crann do bhí amuigh do ghearradh leis an tuaigh. Chuaidh an
siúnéaraidh amach agus thóg sé an tuagh agus d'árdaigh sé an
tuagh, acht níor bhuail sé buille léi, acht í (do) leagan anuas go
socair ar an gcrann.



"Créad tá tú (ag) déanamh?" ar sa Harraidh, "cad chuige
nach ngearrann tú an maide?"



"Faitchios atá orm," ar seisean, "má tharraingim mo lámh ró
árd is suas annsna spéarthaibh do chuirfinn an tuagh, agus má
bhuailim mo shean-bhuille ar an gcrann, is síos do'n talamh


L. 246


íochtair do rachadh sé, agus ní'l fhios agam," ar sé, "cia aca
is goire dham."



"Comh-ghoireacht duit iad," ar sé, "an spéir agus an
talamh íochtair. Tá tú ann san lár anois eatorra."



Sin é an fios do bhí uaidh.



"Shaoil mé go mbudh fear-seanchais ann san oidhche thú,"
ar sé leis an tríomhadh fear.



"Maiseadh! 'seadh!" ar seisean, "acht ní'l fhios agam cia aca,
mise no fear an tighe a bhfuil ceart aige tosughadh, i dtosach."



"Innseóchaidh mise dhuit," adeir Harraidh, "teach ar bith
thiucfas tú 'steach ann, agus a fheicfeas tú fear an tighe lag,
dorcha, agus a cheann faoi aige, 'sé an strainséaraidh a bhfuil an
ceart aige tosughadh ann sin, agus tógfaidh sé a cheann agus
feuchfaidh sé ort. Acht teach ar bith thiucfas tú asteach ann agus
fheicfeas tú fear an tighe agus fonn cainte air, ná bain an chaint
as a bheul, tabhair cead cainte dhó," ar seisean.



B' í sin an tríomhadh ceist.



Chuadar 'na gcodladh ann sin, agus ann san oidhche chuimhnigh
Ariostotal gur b' iad so triúr fear a raibh na trí fiosa uatha, agus
dubhairt sé le n-a mhac eirighe ar an moiméid agus feuchaint an
raibh siad ann san teach.



D'éirigh an mac, agus bhí an triúr imthighthe.



Dubhairt Harraidh leis an mac imtheacht agus a dtri cloigionn
do thabhairt ar ais chuige. D'imthigh an mac agus thug sé an
capall is fearr do bhí ann san stábla leis.



Nuair d'airigh an triúr ag teacht, é, chuaidh siad ag bualadh
a-chéile ar lár an bhóthair.



"Cad tá sibh ag deunamh ag bualadh a-chéile?" ar san mac
leó.



"Támaoid ag troid faoi oidhreacht d' fhág ár n-athair
againn," ar siad.



"Créad é?" ar sé,



"Crann," ar siad.



"Créad d' fhág sé agad-sa?" ar sé leis an gcéad fhear.


L. 247


"D'fhág sé an méad ata faoi thalamh agus an méad os cionn
talamh agam, dé."



"Creád d'fhág sé agad-sa?" ar sé leis an dara fear.



"D'fhág sé an méad atá cam agus díreach dam," ar sé.



"Créad d'fhág sé agad-sa," ar sé leis an tríomhadh fear.



"An méad atá úr agus críon dé," ar sé.



"Ní'l fhios agam cia agaibh is leis an crann," ar sé. "Cia
agaibh is sine?" ar seisean.



"Ní'l fhios agam," ar san chéad fhear, "acht tá fhios agam
gur cheannaigh m'athair dham lán loinge de rásúraibh, níor
chaill mé aon cheann agus níor bhris mé aon cheann agus chaith
mé h-uile cheann go dti an cúl do mo bhearradh féin."



"O! maiseadh!" ar seisean, "is cruaidh an leith-cinn atá
agad! Cia 'n aois thusa?" ar seisean leis an darna fear.



"'Ní'l fhios agam i gceart," ar seisean, "acht cheannaigh
m'athair dham lán loinge de shnáthaidibh beaga agus de shnáth-
aidibh móra. Níor chaill mé ceann aca, níor bhris mé ceann aca,
agus chaith mé iad uile ag leasughadh mo chuid éadaigh."



"Cia 'n aois thusa," ar seisean leis an triomhadh fear.



"Maiseadh! ní'l fhios agam," ar seisean, "acht cheannaigh
m'athair dham lán loinge de sgeannaibh agus de forcannaibh,
níor chaill mé ceann aca, níor bhris mé ceann aca, acht chaith
mé h-uile cheann aca ag ithe mo bhéile."



"Ní'l fhios agam cia agaibh is leis an crann," ar seisean,
"acht innis dam, cia agaibh is mire?" (is cos-luaithe).



Deir fear aca, "an lá gaothmhar is mó tháinig ar an spéir,
tabhair mála clúimh ar bhárr chaisleáin agus caith amach é.
Chuirfinn asteach san mála iad uile sul thuitfeadh siad ar an
talamh."



"Cia an mireacht (luathas) atá ionnat-sa?" ar sé le fear
eile aca.



"An each is mire bhí ann san domhan," ar sé, "chuirfinn
crudh air idir a thógaint agus a leagaint a choise."



"Cia an mireacht atá ionnat-sa?" ar sé leis an bhfear eile.


L. 248


"Bhéarfainn ar gheirrfhiadh lá Márta ann san bpáirc is
lúgha d'fheudfá fhághail."



"Well?" adeir sé, "ní fheudaim a dheunamh amach go fóil!
acht cia agaibh," adeir sé, "is leisgeamhla?"



"An leisg is mó bhí riamh orm," arsa fear aca, "chuaidh mé
asteach i dteach agus thosaigh an teach ag dóghadh agus níor
leig an leisge dham corughadh gur thuit an cipín deireannach
anuas ar mo mhullach!"



"Cia an leisge is mó rinne tusa ariamh?" ar sé le fear eile
aca.



"Chuaidh mé amach i lár an bhóthair agus níor leig an leisg
dam corughadh go raibh na capaill agus carra gabhail tharm
amach ann mo chodladh."



"Cia an leithsgeamhlacht is mó do bhí ort-sa ariamh," ar sé
leis an tríomhadh fear.



"An leisg is mo bhí riamh orm-sa," adeir sé, "bhí mé seacht
mbliadhna dul ag codladh le bean, agus níor leig an leisg dam
m'aghaidh ionntógh' uirri leis an bhfad sin."



"Ní'l fhios agam cia agaibh a bhfuil an oidhreacht aige acht
rachaidh mé a-bhaile chuig m'athair agus innseóchaidh mé an
sgeul dó, agus béidh fhios aige-sean. Ní mharbhóchaidh mé sibh
go n-innsighim an sgeul dó."



Chuaidh sé a-bhaile go dti an t-ahair, agus d'innis sé an sgeul
dó, agus dubhairt an t-athair leis imtheacht go beó agus gan
leithsgeul ar bith do thógáil uatha acht a dtrí ceann do thabhairt
a-bhaile chuige.



D'imthigh sé leis, agus d'airigh sé a bhfad uaidh iad. Agus
nuair d'airigh siad é ag teacht, chuadar asteach i sgioból a raibh
triúr fear ag bualadh ann. Chuaidh siad asteach agus d'iarr
tamall de na súistibh go dtéidheadh siad ag bualadh. Thugadar
na súistidhe do'n triúr agus chuadar féin amach le luidhe ann san
tuighe, ar an tsráid. Nuair tháinig mac Harraidh chonnairc sé
an triúr sínte 'san tuighe agus níor dhein (ni dhearna) sé aon
phioc acht na trí ceann do bhaint díobh - shaoil sé go mbudh é an
triúr fear do bhí uaidh.


L. 249


Thug sé na trí ceann a-bhaile d'á athair. "Well!" ar seisean,
"ní leanfaidh siad níos mó muid (sinn)."



D'imthigh an triúr ó'n sgioból agus bhí siad ag imtheacht agus
ag sír-imtheacht go dtáncadar go dti crois-bhóthar. "Támaoid
fada go leór i n-éindigh" (i n-éinfheacht), ar siad, agus thóg
h-uile dhuine aca bothar dó féin de na tri bóithribh. "Beó no
marbh," ar siad-san, "casfaidhear sinn ar a chéile ann so ag
bliadhain o 'níú."



D'imthigh leó, ann sin, agus tháinig fear aca asteach go baile-
mór. Bhuail sé asteach go dti gréasuidhe, agus d'iarr sé greim le
n'ithe.



Dubhairt an gréasuidhe nach raibh aon am le sporáil aige, go
raibh sé an-ghnóthach ag deunamh bróige, "dá mbeidheadh aon
mhaith ort ag deunamh bróige, ag tabhairt congnamh dham,
thiubhrainn greim le n'ithe dhuit."



"Tá," ar sé, "tabhair dham bróg," ar sé, "go ndeunfaidh
mé i."



Thosaigh sé ag deunamh bróige chomh fad agus bhí a dhinéar
d'á chur i gcómhair dhó. Rinn sé bróg eile ann sin, dá uair níos
fearr 'ná an chéad-bhróg rinne sé. Dubhairt an greusuidhe ann
sin, nuair nach raibh an dá bhróig mar a-chéile go raibh sé
robálta, nach ndíolfadh sé choidhche iad. Nuair bhí a dhinéar
ithte aige, rinn sé dá bróig d'oil do'n phéire bhí déanta aige.



D'fhéach sé amach agus chonnairc sé stór mór os cómhair
tighe an ghreusuidhe. "Cia 'n sórt teach (tighe) é sin amuigh?"
ar seisean.



"Sin é stór an righ," ar san greusuidhe, "tá lán d'ór agus
d'airgiod."



"Bhfuil ór agus airgiod ann sin?" ar seisean.



"Tá siad," ar san greusuidhe.



"Má tá," ar seisean, "ní bhéidhmid-ne ag deunamh bróg, fad
á's tá ár sáith againn ann sin," ar seisean.



Nuair tháinig an oidhche dubhairt sé le bean an ghreusuidhe
dá mhála fhághail dóibh. Cia an gnó tá agaibh díobh?" ar san
bhean.


L. 250


"Tabhairt dá mhála óir asteach as an stór," ar seisean.



"Maiseadh crochfaidhear thú má théidheann tú asteach 'san
stór," ar sise.



Chuadar amach, é féin agus an greusuidhe, agus robáladar
an stór, agus thugadar dá mhála óir asteach leó. Thángadar
asteach go dti an tsean-bhean, agus an dá mhála óir aca. "An
bhfacaidh duine ar bith sibh?" ar sí. "Ní fhacaidh," ar
siad-san.



Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh an sgeul amach go raibh
stór an righ robálta tar éis na h-oidhche. Ní raibh fhios aca cia
robáil an stór.



Bhí fear-feasa ag h-uile righ ann san am so, do bhí ag
deunamh feasa dhó, agus chuaidh an righ chuige agus d'fhia-
fruigh "cia robáil an stór?" Dubhairt sé nach raibh fhios aige
"acht cia bé duine do robáil an stór aréir tiucfaidh sé san
oidhche athrugh' amárach." "Agus créad déanfamaoid?" ar
san righ. "Cuir báirille tar taobh astigh faoi 'n h-uile fhuin-
neóig, agus nuair léimfidh sé síos rachaidh sé asteach san tar
agus ní fheudfaidh sé corughadh go mbéidh sé gabhtha ar
maidin."



'San oidhche, lá ar n-a mhárach, dubhairt sé leis an ngreus-
aidhe go mbudh chóir an rud céadna dheunamh arís.



"Ora! teirigh," arsa bean an ghreusaidhe "agus tugaidh dá
mhála óir libh."



D'imthigh (siad) leó go dtangadar chum an stóir. D'fhosgail-
eadar an fhuinneóg. "Mise chuaidh asteach aréir," ar san
strainséaraidh, "agus téidh, thusa, asteach anocht i dtosach."
Chuaidh an greusaidhe, agus nuair léim sé, thuit sé asteach san
mbáirille tarra, agus bhí sé gabhtha ann.



"Créad dheunfas mé chor ar bith?" ar sé leis an bfear
eile.



"Ionntaigh an ceann," ar san fear eile.



Thionntaigh sé an ceann, agus bhain an strainséaraidh dhé é,
agus d'fhág sé an cholann ann san mbáirille.


L. 251


Nuair tháinig an righ ar maidin ní raibh fhios aca cia bhí ann
san mbáirille, mar bhí an ceann imthighthe.



Tháinig an strainséaraidh asteach chuig an tsean-bhean agus
chaith sé an ceann faoi an leabaidh chuici. Thosaigh sí (ag)
béiceach ann sin nuair chonnairc sí cloigionn a fir. "Thosd do
bheul," ar seisean, "tá do dhóthain airgid agad," ar sé, "agus
tá fear maith agad c' fhad agus tá mise agad!"



"Créad dheunfas muid anois?" ar san righ leis an bhfear-
feasa.



"Tá tobar ann san mbaile mór 'n áit a mbíonn na mná ag
teacht ag iarraidh uisge, agus tabhair an cholann ann, agus cia
bé bean do chaill a fear, tosóchaidh sí ag caoineadh nuair
fheicfeas sí colann a fir. Bíodh gárda réidh agad agus gabh í sin."



By gob nuair chuaidh an sgeul amach ní leigfeadh an rógaire
an tsean-bhean anaice leis an tobar chor ar bith, (le) faitchios go
mbeidheadh sí ag caoineadh ann. Chuaidh sé féin ag iarraidh an
uisge, agus ann san oidhche ghoid sé an cholann do bhí ag an tobar.
Tháinig sé, an bóthar budh chrosta (?) agus budh chontrálta,
agus (lean sé) gach uile chosán aimhréidh go dtug sé a-bhaile é,
agus chaith sé an cholann asteach faoi an leabaidh i n-éinfheacht
leis an gceann.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, bhí an cholann imthighthe ó'n
tobar agus ní raibh fhios aca cá raibh sé. Bhí sean chráin mhuice
ag an righ a raibh an-bholadh aici, agus dubhairt an fear-feasa
leis a cur amach ag tóruigheacht na colla do goideadh aréir ó'n
tobar, agus go ndeunfadh sí amach an cholann cia bé áit no teach
ann san mbaile-mór a raibh sí curtha.



D'imthigh leis an gcráin, agus na saighdiúraidh 'na diaigh,
agus bhí an chráin ag imtheacht tré h-uile bhóthar agus h-uile
áit chomh contrálta agus chonnairc tú ariamh, agus níor fheud
na saighdiúraidh congbháil suas léi. Tháinig sí go dti an teach a
raibh an cholann ann, agus chomh luath agus chuir sí a ceann
asteach bhuail seisean buille de'n tuaigh uirrí, agus chaith sé siar
san seomra í leis an gcolann agus leis an gceann. Tharraing sé


L. 252


sgríob de'n sgín trasna ar a láimh nuair bhuail sé an mhuc, agus
bhí sí uile geárrtha. Chuir an tsean-bhean sgread aisti nuair
chonnairc sí an mhuc marbhtha. D'airigh na saighdiúraidh an
bhean ag deunamh an sgread, agus ritheadar asteach. "Cia 'n
sórt gleó é sin?" ar siad-san.



"O! an tsean-bhean!" ar seisean, - "nuair chonnairc sí
mo lámh gearrtha thosaigh sí ag béiceach."



Ní raibh fhios aca ann sin cé (cá) raibh an chráin uatha, bhí
sí imthighthe amúgh' orra; agus d'imthigh an righ arís go dti
an fear-feasa le déanamh amach créad do bhain do'n chráin, no
créad do dheunfadh sé féin.



Dubhairt an fear-feasa leis, saighdiúr do chur ar lóistín ann
s gach uile theach ann san mbaile-mór, agus cia bé teach a raibh
an chráin ann, go bhfuighfeadh sé píosa dhe le n'ithe, agus h-uile
shaighdiúr (do gheobhadh muic-fheóil le n'ithe) do thabhairt píosa
de'n fheóil a-bhaile leis do'n righ go bhfeicfeadh sé í.



Chuaidh na saighdiúraidh ar biléad ar h-uile theach 'san
mbaile-mór. Tháinig fear aca asteach go dti an fear do mharbh
an chráin. Chuir an fear so fáilte roimhe agus dubhairt le n-a
bhean píosa de'n mhuic do chur síos dó. Cuireadh síos píosa de'n
mhuic dó. Duaidh (d'ith) sé a dhóthain de'n chráin, agus
nuair bhí a dhóthain di ithte aige ann sin, bhuail sé buille de'n
thuaigh air agus mharbh sé an saighdiúr. Chaith sé asteach san
seomra é, 'n áit a raibh an ceann an cholann agus an chráin.



Nuair cruinnigheadh na saighdiúraidh le chéile bhí fear a (de)
dhith orra, agus ní raibh fios cia an teach a raibh sé ann. Chuir
an righ fios ar an bhfear-feasa agus d'fhiafruigh sé dhé créad do
dheunfadh sé.



"Tabhair cuireadh dinéir," adeir sé, "do na daoinibh uaisle
atá ann san tír ar fad, agus bíodh t'inghean ag gabhail timchioll
mar bhéidheas siad ag an mbord, ag leagan bidh dhóibh, agus
cia bé duine do rinne an anachain," ar sé, "cuirfidh sé siar a
lámh ag breith ar a cuid éadaigh, agus leagadh sí spota de dhath
eígin ar a eudaigh agus aithneóchaidh sí ar maidin é.


L. 253


Ní raibh aon duine de na daoinibh uaisle do rinne aon phioc
as an mbealach an oidhche sin.



"(Ni ameasg na ndaoine-uasal atá an bitheamhnach," ar san
fear-feasa, tabhair cuireadh do na daoinibh bochta amárach)."



Tháinig na daoine bochta chuig an dinéar an oidhche lá ar n-a
mhárach - agus an fear do rinne an anachain, tháinig sé. Nuair
tháinig an inghean taobh-shiar dhé, chuir sé amach a lámh agus
shaoil sé breith uirri. Leag sí spota de dhath éigin air, ann sin,
(a-gan-fhios dó mar shaoil sí) acht bhí fhios aige go maith gur
leag sí spota air, agus (nuair d'imthigh sí amach uatha) ní raibh
aon fhear san teach nár leag sé féin spota de'n dath céadna air,
go (roimh) maidin.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, nuair bhíodar ag imtheacht,
bhí an gárda 'na measg ag iarraidh cia air a bhfuighfeadh siad
an spota, acht ní raibh fear d'á raibh san teach nach raibh spota
de'n dath céadna air. Ní raibh fhios aca annsin cia an fear do
thógfaidís suas.



Chuaidh an righ go dti an fear-feasa arís, agus d'iarr sé
ar (d'fhiafruigh sé de) an bhfear-feasa cia an sórt magaidh a raibh
sé (ag) deunamh faoi, nár ghabh sé an fear, agus nach
n-innseóchadh sé dhó cia tá ag deunamh an anachain i gcómh-
nuidhe.



"Ní'l mé ionnánn a innseacht duit cia an duine atá ag
deunamh an anachain ort, tá sé níos abalta 'ná mise, acht má
dheanann tú mo chómhairle tabhair t'inghean le pósadh dhó,
agus ní bhéidh sí aon lá bocht, choidhche," ar seisean.



Churi sé sgeula amach ann sin, cia bé duine do bhí ag deunamh
an anachain, do theacht, agus go bhfuighfeadh sé inghean an
rith le pósadh.



Tháinig sé ann sin, agus tugadh inghean an righ dhó agus
pósadh iad. Thug an righ "an gleann 's a raibh ann," do'n
bhuachaill.



Nuair bhí an lá 's an bhliadhain caithte thángadar an triúr
dearbhráthar go dti an crois-bhóthar, agus ní raibh dadaidh ag


L. 254


an mbeirt eile, acht chomh folamh agus bhíodar nuair sgaradar
le chéile - acht bhí an fear so pósta agus lán óir agus airgid
aige. Thug sé a-bhaile an bheirt eile le slighe-maireachtain
fhághail dóibh. Chuireadar síos an ciotal ann sin agus d'óladar
an téa, agus mar tá sé agam-sa anocht, ná raibh sé leath
chomh maith agad-sa an oidhche amárach.



XXXIV



Seághan sípéar agus a mháighistir.



Duine-uasal do bhí ann, agus bhí sípéaraidh (maor caorach)
aige. Bhidheadh sé ag ceistiughadh an tsípéaraidh ó am go h-am
go cruaidh, ag iarraidh an bhfuighfeadh sé breug ar bith uaidh.
Ní raibh lá ar bith nach dtiucfadh an máighistir agus nach
mbeidheadh sgeul nuadh aige ag iarraidh breug do bhaint as,
d'á fheuchaint. D'feuch sé ar h-uile bhealach mar sin é, acht
ní bhfuair sé aríamh breug uaidh, acht an fhírinne ghlan gach
uile am.



D'imthigh an máighistir uaidh, lá, agus chuaidh sé go
B'l'athcliath. Bhí comhluadar daoine uasal cruinnighthe le
chéile, agus bhí an máighistir ann a measg. Bhí siad ag caint
ar shípéaraibh; agus 'ch-uile fhear aca a raibh meas mór aige
ar a shípéar, bhí seisean d'á bhuadhadh, ag tabhairt cáile móire
ar a shípéar féin: "Tá meas mór agaibh," adeir sé, "ar
bhur gcuid sípéaraidh ar fad, acht cuirfidh mise ceud púnta as
ucht mo shípéir féin nach ndeunfaidh sé aon bhreug liom ar ar
fiú mé." Bhí sé réidh ar bhfiú é do chur as ucht Sheághain.



Anois do bhí bean-uasal ann san gcuideachta, agus chuir sise
ceud púnta leis ar an móimid, go gcuirfeadh sí féin ar Sheághan
breug do dheunamh le n-a mháighistir.


L. 255


Rinne siad an geall le chéile, agus dubhairt an bhean-uasal
leis an máighistir go gcaithfeadh sé fanacht 'san áit a raibh sé
ar feadh trí lá, "agus rachfaidh mise," adeir sí, "buil do
shipéar (i.e. an ait a bhfuil sé) acht ní fheudfaidh tusa mé
leanamhaint go dtagaidh mé ar ais chugad leis an gcuntas."



D'fhág sí an máighistir i mB'l'athcliath agus d'imthigh sí
féin agus tháinig sí go dti an áit a raibh Seághan. Chuaidh sí
asteach ar an treud, an áit a raibh Seághan agus na caoirigh ag
dul tríd-a-chéile. Bheannaigh sise agus Seághan d'á chéile.
Bean-uasal bhreágh do bhí innti, agus thug sé taithneamh dí.



D'fheuch sí thart ar an treud, agus bhuail sí ar moladh a
stuic. Nuair d'fheuch sí thart ar an stoc uile go léir, bhreath-
naigh sí caora bhreágh dhubh 'na measg, agus d'iarr sí ar
Sheághan an ndíolfadh sé an chaora dhubh. Dubhairt Seághan
nach ndíolfadh.



"B'fearr dhuit a díol," ar sí, "agus bhéarfaidh mise a luach
duit."



"Níor mhaith le mo mháighistir an chaora sin dhíol," ar sé.



"Bhéarfaidh mise cúig punta dhuit ar an gcaora dhuibh,
agus abair le do mháighistir go bhfuair sí bás."



"O, a bhean-uasal bhreágh, ní fheudfainn sin dheunamh,"
adeir sé, "ní fheudfainn breug do dheunamh le mo mháigh-
istir."



"Is ait an sórt fear (fir) thu, muna ndeunfá aon bhreug le
do mháighistir acht mar sin. Anois," ar sise, "díol an chaora
liom-sa, agus tiubhraidh mé a luach duit, tiubhraidh mé deich
bpunta dhuit," ar sí.



"Ní'l aon mhaith dhuit ann," a-deir sé, "ní thiubhraidh
mé faoi leith-cheud punta í."



"Maiseadh!" a-deir sí, "tiubhraidh mé leith-cheud punta
dhuit, agus tiomáin amach chugam ann so í," adeir sí.



"O! a bhean-uasal bhreágh, ní fheudfainn a dheunamh,"
adeir sé, "ní fheudfainn breug do dheunamh le mo mháighistir
i rud ar bith."


L. 256


"Má's amhlaidh atá," ar sise, "bhéarfaidh mé leith-cheud
punta eile dhuit agus aguisín."



"Créad é an t-aguisín!" a-dubhairt Seághan.



"Cead do sháith póg do thabhairt dam," ar sise.



Ghlac sé sin.



Fuair sé an ceud punta agus an t-aguisín, agus b'éigin dó an
chaora dhubh thiomáint amach chuici. D'imthigh sí, ann sin,
agus an chaora dhubh léithe, agus d'fhág sí Seághan.



Nuair bhí siad imthighthe ó Sheághan ann sin, thosaigh sé
ag deunamh smuaínte cia an sórt leithsgéil do dheunfadh sé d'á
mháighistir mar gheall ar a bheith gan an chaora dhuibh.



Chuir sé a chrúca ann a seasamh ann san talamh, agus chroch
sé a chóta mór suas air, agus a hata ar bhárr an chóta mhóir' agus
d'fhág sé an t-iomlán i riocht fir. D'imthigh sé ann sin amach
ó'n gcrúca ag smuaínteamhail (smuaíneamh) créad dheunfadh
sé. Tháinig sé ar ais 'n áit a raibh an crúca agus leag sé amach
gur b'é an máighistir do bhí sé ag caint leis ann san gcrúca
agus ann san gcasóig do bhí crochta air. Thosaigh sé ag
labhairt leis féin amhail a's dá mbeidheadh an crúca ag
labhairt leis, agus é féin d'á fhreagairt.



"Go mbeannaighidh Dia dhuit, a Sheághain," adeir an
crúca.



"Go mbeannaighidh Dia agus Muire dhuit," adeir Seághan.



"A Sheághain, cia an chaoi bhfuil an stoc?"



"Maiseadh, a mháighistir, tá 'n stoc go maith, tá an stoc go
maith, a mháighistir."



"Agus a Sheághain, cia an chaoi bhfuil an chaora dhubh?"



"D'éirigh rud do'n chaora dhuibh, a mháighistir."



"Créad é a Sheághain?"



"O cailleadh orm an chaora dhubh a mháighistir."



"Cailleadh an chaora dhubh ort a Sheághain?"



"Cailleadh, a mháighistir."



"Acht tá an craicionn agad a Sheághain."



"Maiseadh ní'l an craicionn agam a mháighistir."


L. 257


"Agus cá bhfuil an craicionn uait a Sheághain?"



"Ghoid na madraidh é, a mháighistir."



"Och! a Sheághain a bhuachaill," ar Seághan leis féin ann
sin, "ní dheunfaidh an leithsgeul sin duit; ní dheunfaidh sé
dhuit nuair thiucfas do mháighistir."



Shiubhail sé amach arís ó'n gcrúca, ag leagadh amach
cómhairle eile ann a inntinn féin. "Anois," adeir sé leis
féin, "má abraim gur báidhte atá sí, agus má chuirim í leis
an tuile, ní bhfuighfeadh sé amach gur breug do bhí ann
sin."



Shiúbhail sé asteach chuig an gcrúca arís, agus thosaigh sé
ag caint leis.



"Go mbeannaighidh Dia dhuit, a Sheághain," adeir sé,
amhail agus dá mbeidheadh a mháighistir féin ag caint leis.



"Go mbeannaighidh Dia 'gus Muire dhuit," ar sé ann sin, ann
a ghuth fein.



"Cia an chaoi bhfuil an stoc, a Sheághain?"



"O! A mháighistir tá an stoc, agus 'ch-uile shórt go maith,
acht aon rud amháin atá orm."



"Créad é sin, créad atá ort?"



"Ora! a mháighistir, báitheadh an chaora dhubh."



"A Sheághain, dá mbáidhfidhe í casfaoi le duine éigin í,
agus caithfidh tú a fághail beó no marbh."



"Ach!" ar Seághan leis fein, "ní leithsgeul ar bith é sin,
ní'l maith ar bith dham ann sin, ní'l rud ar bith níos fearr 'ná
an fhírinn."



Shiúbhail sé amach ó'n gcrúca ann sin, agus shiúbhail sé
asteach chuige arís, agus thosaigh sé ar an sgeul mar thoinig
bean-uasal bhreágh chuige agus mar d'iarr sí an chaora dhubh
air, agus mar dhíol sé í ar cheud púnt agus ar aguisín. "Má's
caillte dham, bíodh caillte dham," a-deir sé, "acht m'anam go
n-innseóchaidh mé an fhírinne dhuit a mháigistir, ní'l rud ar
bith is fearr 'ná an fhírinne."



Anois, nuair bhí na trí laetheanta thart, tháinig an máighistir


L. 258


a-bhaile, agus chuaidh sé amach ar an talamh ag feuchaint ar
an stoc.



"Go mbeannaighidh Dia dhuit, a Sheághain."



"Go mbeannuighidh Dia 'gus Muire dhuit."



"Cia an chaoi bhfuil an stoc agad, a Sheághain?"



"O! a mháighistir tá an stoc go maith, tá an stoc go maith,
a mháighistir."



"Cia an chaoi bhfuil an chaora dhubh" (ní raibh meas ar
bith aca ar aon chaora aca acht ar an gcaora dhuibh).



"O! maiseadh! a Mháighistir, d'éirigh rud do'n chaora
dhuibh."



"Créad d'éirigh dhí, a Sheághain?"



"Maiseadh, a mháighistir, tá náire orm a innseacht duit."



"Ná bíodh náire ar bith ort, a Sheághain, innis an fhírinne."



"Maiseadh a mháighistir, tháinig bean-uasal bhreágh ann
so chugam-sa, agus bhí sí ag ceannach na caora duibhe uaim,
agus d'fiafruigh sí dhíom an ndíolfainn í. Dubhairt mise nach
ndíolfainn. Thairg sí cúig punta dham uirri, agus ní thiubhrainn
dí é. "Bhéarfaidh mé deich bpúnta dhuit," ar sise. "Ní thiubh-
arfaidh mé i faoi leith-cheud punta," ar sa mise. "Bhéarfaidh
mé sin duit," ar sise. "Ni dhíolfaidh mé chor ar bith í," ar sa
mise, "ní maith le mo mháighistir a díol." "Bhéarfaidh mé
ceud punta dhuit agus aguisín," ar sise, "Cad é an t-aguisín?"
arsa mise. "Cead do sháith póg do thabhairt dam," ar sise;
"agus díol liom i," agus thug mé amach an chaora dhí air sin,
agus fuair mé an t-airgiod agus an aguisín.



"Bhfuil an t-airgiod agad a Sheághain!"



"Tá! a mháighistir."



"Bhfuil tú sásta ar a thabhairt damh-sa a Sheághain, ar son
na caora duibhe."



"Táim go deimhin, ní chongbhóchaidh mé leithphighin uait dé,
'sé do chuid-se a mháighistir, agus ní h-é mo chuid-se," adeir
sé.



D'ordaigh an máighistir a chóiste d'fhághail, agus chuir sé


L. 259


Seághan ann sa gcóiste agus ceithre capaill faoi, agus thiomáin
sé go B'l'athcliath é. Chongbhaigh sé ann sin ar an spórt é, i
n-imtheacht sé lá, agus ní raibh aon leithphighin d'á bhfuair sé
ar an gcaora dhuibh nár fhág sé aige féin.



Thug sé asteach ann sin é go dti an cúlódar (comluadar) mór
so do bhí ag cur geall le chéile, agus ní raibh aon fhocal do bhí
idir é féin agus an bhean, ann san díol, nár innis sé ameasg an
chúlódair.



Níor leig an náire do'n mhnaoi-uasail í féin do thaisbeánt ann
a measg, ó sin amach.



XXXV



Cailín na caillighe Beuraighe.



Bhí cailín ag an g-cailligh Bheuraigh, agus nuair bhí an
chailleach amuigh chomh fada sin ó'n mbaile, shaoil sí nach
dtiucfadh sí ar ais go bráth, agus bhí uile shórt deunta bonn os
cionn aici, agus rinne sí pléaráca de theach agus de chuid na
caillighe. Nuair tháinig an chailleach ar ais thionntaigh sí uirri
agus chuir sí amach í, agus thosaigh an searbhfhóghanta ag
caoineadh, agus d'imthigh sí léithe; agus thug fear aosta do bhí
san mbaile do bhí gaolach léithe féin, asteach iad. Agus nuair
fuair sí í féin, dubhairt sí agus í ag maol-gháire, "is fearr beagán
de'n ghaol 'ná mórán de'n charthanas," ar sise.



Budh h-é Tadhg ainm an t-sean-fhir do thug asteach í, agus
seachtmhain 'na dhiaigh sin pósadh í féin agus Tadhg le chéile.
Bhí maoin bheag ag Tadhg, agus cuirfidh mé ainm ar a mhaoin
anois - bhí bó amháin agus gárrdha gabáiste aige. Ní raibh
mórán féir aige leis an mbó do thógbháil, agus bhí go leór


L. 260


geabhair agus féir ag fás ar chlúdach an tighe, agus dubhairt
Tadhg le Eilís, - budh h-é sin ainm an chailín - go gcuirfeadh
siad an bhuin (an bho) suas ar an teach go n-íosfadh sí an
geabhar. Rug Tadhg ar ruball (earball) na bó, agus rug Eilís ar
a h-adhairc, agus thosaigh siad 'g á tarraing suas ar an teach,
acht ní raibh siad sáith láidir leis sin do dheunamh.



"Tá's agam-sa an chaoi chuirfeas mé an bhó suas," ar sa
Tadhg le Eilís, "Gabh asteach," ar sé, "agus tabhair amach
an tuagh chugam."



Chuaidh Eilís asteach agus thug amach an tuagh agus bhain
Tadhg an cloigionn de'n bhó agus chaith sé suas ar an mbothán
é. Bhí an cloigionn ar an mbothán tri lá, agus ar an gceath-
ramhadh lá dhearc Tadhg suas agus dubhairt sé le Eilís, "Ní'l
fhios agam," ar seisean, "cia an rud atá ar chloigionn na bó,
níor ith sí aon ghreim de'n gheabhar go fóil." Chuaidh sé suas
agus bhain sé an cloigionn anuas, agus shaoil sé go ngreamóchadh
sé ar an gcolainn arís é, agus níor fheud sé sin do dheunamh.



"M'anam do Dhia na ngrásta," ar sé le Eilís, "go bhfuil an
bhó marbh."



"M'anam do Dhia agus ní do'n diabhal," ar sa Eilís, "gur
tusa is cionntaighe leis."



Rug sé ar an mbó agus sgláir ghearr sé suas na greamannaibh
beaga í, agus chómhairigh sé ann sin an méad crann gabáiste do
bhí ann san ngarrdha, "agus," ar sé le Eilís, "ta greim féola
ann sin agad anaghaidh gach crainn gabáiste d'á bhfuil 'san
ngarrdha. Anois cuir greim de'n fheóil ar gach uile chrann
gabáiste, ar an gcaoi go mbeidh fhios againn go mbéidh greim
feóla ar gach uile chrann le n-a ghleus."



B'fhíor an sgeul. Rinne sí mar tá sé ráidhte, agus ar maidin,
lá ar na mhárach, nuair d'éirigh sé dhearc sé amach 'san ngarrdha
agus ní raibh crann gabáiste ná píosa féola ann san ngarrdha
nach raibh ithte de bhárr na h-oidhche ag madraibh an bhaile.



Bhí sé gan thúrla ná thárla ann sin, agus bhí faitchios mór ar
Eilís go dtiucfadh fearg (t)obann air agus go mbuailfeadh sé


L. 261


Chuaidh sise asteach ann san teach, agus chuaidh seisean amach
ag obair ann san ngort. Agus ag dul amach dó dubhairt sé le
Eilís an bréacfast do bheith réidh aici ar an naoi a chlog.



Chuir Eilís an pota síos go ndeunfadh sí brochán do Thadhg le
h-aghaidh a bhéile. Nuair thosaigh an pota ag fiuchadh, thug sí
an máilín beag mine chuig an teallach, agus d'fhosgail sí an
mála agus thosaigh sí ag cur na mine ar an bpota. Nuair bhí sí
'gá dheunamh sin do bhain dreanncuid greim as a lorgain,
agus nocht sí suas a cuid eudaigh ag tóruigheacht na dreanncuide
agus ar tógbháil a h-eudaigh dhí, léim an dreanncuid asteach
'san mála.



"Och, och!" ar sise, "má fhághann Tadhg an dreanncuid
ann 'san mbrochán marbhóchaidh sé mé." Leis sin thug sí an
mála amach ann san ngáirdín, agus thug sí braithlín amach léithe
agus sgar sí an braithlín ar an talamh, agus thosaigh sí ag
cáthadh na mine agus shaoil sí go léimfeadh an dreanncuid as an
min, nuair bhí deireadh na mine as an mála agus cáithte, dhearc
sí fúithi ar an mbraithlín do bhí ar an talamh, agus ní raibh aon
ghrán amháin de'n mhin nach raibh imthighthe le gaoith.



"Och, och," ar sise, "ni'l aon ghreim le n'ithe agam-sa ná
ag Tadhg nuair thiucfas sé chugam a-bhaile agus marbhóchaidh
sé mé."



Leis sin tháinig Tadhg asteach agus d'fhiafruigh sé dhí "raibh
an "beagann" (béile) réidh aici, agus d'innis Eilís do Thadhg
mar thárla - mar d'innis mise dhaoibh-se. Ar sa Tadhg le Eilís
ann sin, "gluais ort go tapa, go n-imtheóchamaoid as so, ní'l
aon ghnathach (gnó) againn ann so, nuair nach bhfuil aon nidh
le n'ithe againn."



Chuaidh Tadhg amach, agus lean Eilís é, agus ag dul amach
do Thadhg dubhairt sé le Eilís an dorus do tharraing 'na diaigh.
Séurd (sé an rud) do shaoil Tadhg, go ndúnfadh sí an dorus,
acht leis an bhfaitchios bhí ar Eilís, shaoil sí gur b'é an míniughadh
bhí ar a chaint, an cómhla do tharraing léithe, agus bhain sise an
cómhla de na stacaibh, agus tharraing sí 'na diaidh é i rith an


L. 262


laé, go dtáinig an oidhche dubh dorcha dannartha fuar fliuch le
casgairt (sneachta measgtha le fearthainn) trom fuar do réabfadh
na clocha ó chéile leis an bhfuacht, agus bhí Eilís ann san aglach
deiridh ag tarraing an doruis 'na diaidh le ocrus agus le caill
(anró).



'Sé an cheud fhocal do labhair Tadhg le Eilís ar feadh an laé,
"tá sé chomh maith dhúinn," ar sé, "dul asteach 'san gcoill seó,
agus fanamhaint ann go maidin." Chuaidh siad asteach agus shuidh
siad síos faoi bhonn crainn liútháin (leamhain) agus arsa Eilís le
Tadhg, "Bíonn go leór gaduidh amuigh 'sna h-oidheantaibh,
agus má thigeann siad orrainn marbhóchaidh siad sinn, agus is
fearr dúinn dul suas an san gcrann." Chuaidh Tadhg suas mar
dubhairt Eilís leis, agus lean Eilís é, agus tharraing sé an cómhla
'na diaidh, mar bhí faitchios uirri a fhágbháil ar an talamh ar
eagla go mbuailfeadh Tadhg í nuair gheobhadh sé ann san gcrann
í, agus í gan an dorus.



Ni raibh siad a bhfad 'san gcrann nuair tháinig ceathrar
robáilidh, agus caora leó, agus las siad teine faoi bhonn an
chrainn i raibh Tadhg agus Eilís ann, agus nuair bhí an teine
lasta chuir siad síos pota agus mharbh siad caora, agus chuir siad
cuid de'n chaora ann san bpota, agus nuair bhí an mead sin deunta
aca chuaidh siad do leith-thaoibh an chrainn agus tharraing siad
carraig mhór amach ó bhonn cnocáin, agus chas siad mála mór
asteach i n-áit na carraige, agus chuir siad an charraig asteach
'na h-áit féin arís.



'Réis sin do dheunamh do shuidh siad síos ag an teine, agus
thosaigh siad ag caint 's ag comhrádh ar gach rud mi-riaghalta
agus ar gach droch chor do bhí deunta aca, agus bhí an toit ag
plúchadh Eilís agus níor fheud sí a seasamh níos faide, agus
dubhairt sí le Tadhg, ann a cogar, go gcaithfeadh sí an cómhla
leigean síos, nár fheud sí greim do chongbhail air níos faide, mar
bhí sí leath-thachta leis an deatach. Dubhairt Tadhg léithe ann
a chogar, dá leigfeadh sí an cómhla síos go marbhóchadh na
gaduidhe iad.


L. 263


"M'anam do Dhia na ngrásta," ar Eilís, "ní thig liom a
chongbháil níos faide." Leis sin leig sí an cómhla anuas as a
láimh; agus leis an bpléasgán agus leis an mac-alla do bhí ann
san gcoill, ag toran an chómhla ag tuitim, sgannruigheadh na
robaláidhe. Shaoil siad gur b'é an spéir 's an talamh do thuit anag-
haidh a chéile. Rith siad ar siubhal chomh tiugh geur agus bhí
siad ionnánn a gcosa do thógbháil, gur b'éigin dóibh seasamh i
náraibh-maith-aca ('na n-aimhdhéoin) i n-uireasbhuidh anáil.



Nuair bhí siad imthighthe tháinig Eilís anuas de'n chrann,
shuidh sí síos, agus nuair bhí an fheóil bruithte d'ith sí a sáith
dhé, mar bhí sí 'na caill, agus nuair bhí a sáith ithte aici
thosaigh sí ag rádh abhráin, agus bhí Tadhg 'san gcrann i rith
an ama, agus bhí faitchios air theacht anuas.



Nuair sheas na robáilidhe, agus nuair d'imthigh a sgannradh,
chuir siad an ceathramhadh fear ar ais go bhfeicfeadh sé cia an
rud do thuit ann san gcoill, agus nuair tháinig sé i n-aice leis an
gcrann mhothaigh sé an t-abhrán do bhí Eilís ag seinnm, agus
le chomh binn agus bhí a glór thóg sé a chroidhe, agus tháinig
sé i ngar di. - Shaoil sé gur siothbhróg do bhí innti, agus
labhair sé léithe agus d'fhiafruigh sé dhí an múinfeadh sí an
t-abhrán sin dó, agus dubhairt sí leis go muinfeadh. "Gabh
'nall," ar sise, "agus cuir do theanga ann mo bheul, agus
déarfaidh mise an t-abhrán, agus nuair bhéidheas an t-abhrán
críochnuighthe agam, béidh sé uile ann do cheann-sa."



B'fhíor an sgeul. Rinne an t-úist (amadán) mar dubhairt sí
leis, agus nuair fuair sí a theanga ann a beul d'fháisg sí na
geuráin uirri, agus ghearr sí an teanga as. Thug sé d'á bhoinn
ann sin agus d'imthigh, agus bhí na robálaidhe eile ag fan-
amhaint go bhfeicfeadh siad cia an sgeul do bheidheadh aige chuca.
Nuair mhothaigh siad ag tigheacht é, labhair siad leis, agus
níor fheud sé aon fhreagradh do thabhairt dóibh, acht ag
glamaoil mar bheidheadh coilleach franncach; agus nuair mhoth-
aigh siad an cineál gleó bhí tigheacht as a sgornach rith siad ar
siubhal, agus rith seisean 'na ndiaidh, agus leis an sgannradh do
fuair siad chuaidh siad uile i laige agus fuair siad bás.


L. 264


Tháinig Tadhg anuas de'n chrann ann sin, agus d'ith sé a sháith
de'n fheóil. Tharraing siad an charraig amach as an bpoll, agus
thug siad leó an méad óir do bhí ann, agus chuaidh siad a-
bhaile.



Dá n-éireóchadh a dturas le gach uile lánamhain chomh
ádhamhail agus d'éirigh sé le Tadhg agus le h-Eilís, agus saidh-
bhreas do dheunamh i n-aon lá amháin, budh mhaith é. Leis an
ádh tháinig an dreanncuid sin ar lorgain Eilís.



R'éis a dteacht a-bhaile chaith siad an oidhche sin trian le
fiannuigheacht, trian le sgeuluigheacht, agus trian le codladh
sámh.



Ar maidin, lá ar na mhárach, d'éirigh mé fein go h-éasga
lúthmhar aigionta crúbach; chuir mé orm mo hata, chuaidh mé
amach i machaire, agus chuaidh siad ar an mbóthar. Tháinig mise
i dtír, agus chuaidh siad-san amach ar an gcrócar.



CRÍOCH



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services