Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sclábhuídhe Sona. (The Happy Agricultural Labourer.)

Title
An Sclábhuídhe Sona. (The Happy Agricultural Labourer.)
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IRISH AS SPOKEN.
By PATRICK STANTON.
AN SCLÁBHUÍDHE SONA. (The Happy Agricultural Labourer.)



Do chaith mé tosach mo shaoghail air an
d-taobh shoir de'n chúntaé seo, aige 'n g-
Curraichín, mar ar mhair mo sheacht sínsir
rómham — leath-slíghe idir Chíll-liach agus
Bhaile-Mhacóda, leath-mhíle ó'dheas ó droi-
chiod-na-Fanuisge, ionad-suighte “Cúirte na
m-Búrdún,” tímchioll céud bliadhan ó shoin
— taobh lé' n t-Sean-Chíll, ionad cómhnuighthe
an fhile Pádraic Phiarais Cúndún tímchioll
deich m-bliadhna agus da'chad ó shoin, agus
ní'l acht trasna na h-abhann idir an t-Sean-
Chíll agus an “Bharúnach” mar ar mhair,
lem' chuímhne féin, filídhe foghlamtha agus
mórán sgoláiríghe maithe gaodhalacha. Ní
air fhilídhe 'ná air fhilídheacht na h-áite do
mheasaim trácht anois, acht air aisdeóireacht
agus air ghreanmháireacht fir bhoicht do chaith
a shaoghal gan chlaon gan chlampar, ag obair
lé rán agus sluasad — agus má mhair fear
riamh dealbh gan duairceas, sona gan
saidhbhreas, sámh gan searbhús, dob' é sin
Pádraic du Burc. Tímchioll chúig bliadhna
agus da' chad ó shoin, agus le mórán
bliadhanta roimhe sin, do bhí sé ag obair do
dhearbhráthair m' athar air an g-Curraichín.



An Búrcach a “m-bualadh an triúir.”



“Buail a Mhichíl!” “Tiúbhair fé'n g-cor-
asna 'ci!” “Nár chaillir lúth na géige
sin!” “Tóg í a Thaidg!” “Leag a
Mhichíl!” “Féuch mar a chritheann sí!” “Do
chuiris teinneas-cluaise airthe!” “Buail
an fuacht di!” “Nár sgoiltigh do bhuail-
teán!” “Tá sí trom, an rod bocht!”
“Seachain a h-imliocán!” — agus mar sin
do, ó maidin go h-oídhche. Budh mhinic do
chaitheach a cómh-sclámhuidhthe stad suas, ní
fhiadfaidís buille do bhualadh acht a tuitim
a luige le gairíghe.



Na prátaíghe.



“Cionas 'tá an gharraighe” agut, a Bhúr-
caig?
“An garraíghe!” “Ó lá' il-Seághain, níor
eirghe maidion air 'Mháire Phártholáin' 'nár
phioc sí lán sgéithe d'alpáin as gach clais,
do chaith na fadhbáin thar cnaiste air feadh
na h-oídhche!”*



Do bhí a mhac Mhíchéal chomh aisdiúmhail leis
féin, agus do “bhris an dúthchas tré n-a
shúile” óg go leór. Tímchioll aois cúig-nó
sé de bhliadhanta dho, do bhuail a mháthair
“Máire Phártholáin” é, agus do bhuail
Michéal í! D' innis Pádraic, a g-cómh-
luadar na h-oilre go raibh “an braon” ann
Michéal. “Ar bhuailisé, a Phádraic?” (ar
siad-san) “É bhualadh!” — “ní leagfaing a
mheisneach aír chúig phuint!” (ar-sa Pádraic.)



Seaghan agus Pádraic na “b-Paidies.)



Do mhair an bheirt dearbhrathar so air
chómhgar Pádraic, do bhí beirt deirbhséur
pósta aco, agus níor bhréug a rádh go raibh
“lan an tíghe” de pháistíghe aco. Dúbhairt
an Búrcach gur dhearmad na máthaireacha
leath a n-ainmneacha, agus gur ab amhlaidh
do dheinidís iad do chómhaireamh asteach 'san
t-“Settle” “mar do chómhaireómhfuídhe líne
sicíníge fé chirc!” “Do thagach Siobhán aig
ceann na leapan agus Síghle aige n-a
cosa,” “do chromach Siobhan dá g-cómhaireamh”
-“H-aon, dó, trí, cheathair,” etc., etc. “Ta
mo chuid-si go léir cruinnighthe;” “a bhfuil
do chuid féin agut-sa, a Shíghle?”



Roídín fíor-shuarach dob' eadh an mac budh
shine leó. Do bhí sé a déanamh stáca lá,
agus do thuit sé de'n stáca “mar do
thuitfeach mo phíopa as mo bheal” (ars an
Búrcach.)



Do bhí páirc a m-beul an doiris aco,
agus do bhí sí lom go leór. “Dar dear-


L. 208


bhúghadh gan diabhal ann” (arsa Padhraic)
“do sgiúrsálfaíghe seangán air a Tímchioll,
naoi n-uairre, oídhche dhúbha-raé, a d-taca an
mheádhon-oídhche!”



Do bhí aon lochd amháin a b-Padraic bocht
- budh gheall le fear-buile é, an uair do
bheidheach se gan tobac “Máire Partholáin“
agus “Pádraic do Búrc” do ghlaodhach se
féin agus a bhean air a chéile coitchionnta,
agus lá áirighthe, do bhí an cómhrádh so
eatartha, mar a leanann —



P. “A Mháire Phártholáin?” ar chuiris
fios air an d-tobac dam?
M. “Níor chuireas, a Phádraic du Búrc”
- “do bhí an mhaidion fliuch agus do bhasg-
fuíde an páiste. (Micheál.)
P. “Faghaim-se tobac go mear, nó 's
duit-se is measa é!”
M. “Go deimhin a Phádraic, ní'l sé cóir
'na' ceart an garsún bocht do thiomáint dhá
mhíle 'shlíghe, lá fiadhain fearthanna, le chúig
chnapáin bhreághtha, ag iarraidh blúirín beag,
brean tobac.”
P. “Tobac no buairt! Sgrios a Mihíl!”



Agur dob' eígion do Mhícheál “sgrios”
go Baile-Mhacóda, lá fuar, fliuch — “troigh-
thín“ 'na láimh agus “chúig chnapáin bhreághtha”
d'uíbhe lachan ínnte, ag iarraidh “blúirín
beag, breun tobac;” acht tar éis casadh dho,
do bhí deire le “buairt” an laé sin. Do
liónag an piópa go luath léir, agus faoi
bheagán nóimeintíghe, ní raibh fear bocht air
a chine. Éisd leis féin agus tuigfir sir.



“O! ní mílse ceól caoin, beó, bíng éunladh!
Ní mílse guth gríng og-mhnaoi mhaorga,
'Ná 'Cos-airt híarta'a g-cúinge cluthair —
An píopa lán, agus Máire am fhochair!



“Ní mílse néul fir tréith air luachair!
Ní mílse póg do óg-shonuachair,
'Ná 'Cos-thar-glún'— mo lámh am bhrollach—
Mo shúile dúnta 's me múchta a n-deatach!



“Faig lachain is géadhna méatha 's cuir
Dá g-cosadh go réig iad, dá róstadh air
bhir —
Air phíopa tobac, 's me anaice mo 'bhean-
túraing'
Idir ghéadhna 's lachain iad, dar m' fhallaing
do thúbharfaing.”



Pádraic Stúndún.
Corcaígh, mí na Samhna 1884.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services