Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoch The Piper.

Title
Caoch The Piper.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Russell, Wm.
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Caoch The Piper
I.



Lá geimhre n-aon, fad' o, fad' o,
'Nuair bhíos am ghárlach gairid,
Do ghluaisios píobaire liath, dall, crón,
Ag taisdiol chum ar n-doruis,
Ach O! mar líon mo chroidhe le meídhir,
Cé 'r dubh é aoir na spéire,
'Nuair dhearc me'n siúblaidhe 'gus a ghadhar,
“Pinch” bocht agus Caoch O'Laoghaire.



II.
Ach 'nuair do sguir dá phíb amach
A mála síoghach, tamall,


L. 367


Dubhairt me “ní'l a n-Éirinn ghlas
Go léir, le fághail a shamhailt:”
Agus ritheann Fionn do Bourc go prab,
Fós Eibhlín, Cáit a's Mary,
Agus Seaghan Macaoidh, le luas isteach
Ag fáiltiughadh Chaoich Ui Laoghaire.



III.
O! beannacht leis an aimsir ghrín;
Beannacht le laethibh m' óige!
'Nuair bhídhinn air thuairisg neadracha
Ó mhaidin go tráth-nóna —
Ní dhearmadfad na tratha séin,
Tré ádh no bliaghanta daora —
Ní dhearmadfad mo cháirde sean,
Ná Caoch gan meang O'Laoghaire.



IV.
Do chuaidh Caoch a's Pinch a d-tráth chum
suain,
Ach air maidin, le moch-óirighe,
Glaodhann me suas go g-cloisinn uaig
“An ghaoth do chroith an órna;”
Annsan do bhuail mo chiabh líon-bhán,
Agus ghoir-sé dia dhom chaomhna —
Ach ghoil me 'nuair a dubhairt sé, “slán,
Agus smaoin air Chaoch O'Laoghaire.



V.
Do thugsad fithche samhradh cuairt
Do bhí grian na lúine air goradh,
Agus mise 'm' fhear am' shuidhe go duairc,
A smaoineamh, ag am dhorus;
Gluaisios maidrin chugham sa t-slíge,
Ba cortha mall go léir é;
Agus na dhiaig bacach gan bhrígh —
Siad Pinch agus Caoch O'Laoghaire.



VI.
Sean-Chaoch, mo nuar! is dreoil a chruit
Agus lúbadh dhó is éigion;
Is bán a lamha 's is lom a chruit,
'S na datha táid ag tréigion
Air a mhala críon gan snas,—
Agus Pinch faoi dho níos géire,
'S níos gruagaidhe 'na 'nuair chonairc me'r
d-túis
É féin a's Caoch O'Laoghaire.



VII.
“Dia dhíbh,” ar-san deoraidhe tláith,
“Gura fada uaibh gach aimhleas;
A mairionn aoin-ne beo san áit
Ar cuímin leis Caoch na Píbe?”
Le croídhe bo lán d'fháisg mé a ghlac
Sé dubhairt go caoin “mo laogh thú,
An tusa leanbh an chinn ba tais,
Do ghradhuigh sean Chaoch O'Laoghaire?”



VIII.
Dubhras gur má — do bhéic an fear
Mar bheith a chroidhe dhá raoba —
“'S cá bhfuil,” air-sé, an spórt air fad
San áras so ba léir dom
Timchioll fithche bliaghain o shoin?” -
Mo sgéal — osnaighim — cé daor é,
Ní'l beo ach me chum fáilte chur
Anois roimh Chaoch O'Laoghaire.”



IX.
“Óbhó bhó!” air-sé, ag caoi,
'S go dian do ghread a bhasa;
Ó léig me 'steach a stór mo chroidhe,
'S a máireach raighead a bhaile:
Fagfaidh me an saogal fuar, díth,
Mar ar fada me am straedhire,
Agus coinne-se mo ghadhar 's mo phíob,
Agus guidhig air Chaoch O'Laoghaire.”



X.
Le Pinch beag fairim é go ló;
Ach air maidin, mar ba mhéin leis,
D'éag-sé, agus aifrionn báis dó
Radhann an-t-athair Séamus —
Na comharsain téighid, 's do dhéinid uagh
'Ngar Eibhlín, Chaite a's Mhary,
Mar ar síoch a dheire-shuan —
Beannacht le Caoch O'Laoghaire.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services