Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smuainte Cois na Fairrge.

Title
Smuainte Cois na Fairrge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SMUAÍNTE COIS NA FAIRRGE.



Leis an gCraoibhin Aoibhinn.



Do sheas 's do shuidh mé le h-ais na taoide
Air charraig ísill le muinéal crom,
Ag deunamh smuaínte 's go síor ag
caoineadh
Na ndaoine díleas bhí trath liom ann.
A Mhuire dhílis! cad fáth nach gcaoinfinn,
An uair smuaínim air an dteampoll
lom
An trath chuimhnighim, mo crádh! air dhaoinibh
Atá 'nois sínte faoi fhód glas trom.


L. 147


Ní'l áit le fághail ann san tsaoghal lán
A dhúisgeas crádh agus brón mo chroidhe
Mar amharc na fairrge glaise gairbhe
O bhárr charraige 's nach áidhbheul í?
Is ann sin thagann im' chuimhne chráidhte
An t-am budh áluinn, an t-am do bhí,
Nuair bhí mé snasta aigeantach gasta
Misneamhuil láidir ag siúbhal mo shlighe.



Na coille tiugha, na purtaigh dubha,
Taobh an locha, an móinfheur bán,
An baile-mór, no an tsraíd, nó an bóthar
Nó teach an ósta na g-crúisgín lán!
Ni féidir leó-san bhaint dhíom mo bhróin-se
Tá m'inntinn shócamhuil dul air fán
Faoi amharc na fairrge glaise gairge
Torranach dathamhuil lasta lán.



Go fíor 's go dearbh is rud ró-shearbh
Cuimhniughadh na marbh gan maith gan fáth,
Aimsir gheanamhuil, cómhradh greannamhail,
Breugadh banamhail, gean a's grádh.
Acht óró! is brónaighe 'na aon rud chómhairi-
gheas
Thu do bheith eólach go raibh tú tráth
Spórtamhail, seunmhar, aigeantach, éudtrom
'S anois go bhfuil tú gan seun gan ráth.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services