Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donegal Gaelic.

Title
Donegal Gaelic.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DONEGAL GAELIC



COLUM CILLE. III.



Do bhí na coillte darach an-chúramach aige, agus nuair
a thuiteadh crann darach in a Dhoire dhílis féin, ní
leigfeadh sé duine dá chomhair nó ag baint leis go
ceann naoi lá. Agus annsin bheirtí cuid dhe mar
dhéirce do na daoinibh bochta, cuid eile do na strain-
seuraibh (coimhthigheachaibh, aoigheadhaibh), agus an fuigheall
do dhaoinibh Dhoire. Nuair a bhí an chill dá chur suas,
do bhí sé an-spárálach ar na crannaibh, agus dá dtagadh
leis, ní leigfeadh sé baint lé h-aon cheann aca. Acht
ní thiocfadh leis gan cuid aca a ghearradh. Ar scór ar
bith, do shábháil sé an méid a tháinic leis aca, de bhrigh
gur cuireadh suas an chill in áit nach raibh na croinn
ró-thiugh.



Is iomadh sgeul a chluintear fa d-taobh de naomh
Columcille agus Doire, agus so ceann aca. Budh
gnáthach dó déirce do thabhairt do chéad duine bocht gach
aon lá. Acht an duine do bhí aige air an doras ag
tabhairt amach an bhidh, budh chuma leis dá m-beidheadh na
bochtáin air shiubhal síos leis an tuille. Mar sin de,
duine air bith a thiocfadh mall ní raibh faic aige le
fághail agus dá m-beidheadh féin dhruidfeadh an t-ógánach
so an doras in a aghaidh, agus ann sin cead aige bogadh
leis fá n-a ghnóithe. Do tháinic fear bocht mall, lá
amháin, agus druideadh an doras air mar bheidheadh
madadh ann. Lá-ar-na-mhárach do tháinic sé in am mhaith,
acht ní raibh blas aige le fághail. Do bhí sé ag teacht
agus imtheacht mar sin tamall fada, acht cuireadh air
shiubhal a g-comhnuidhe é gan greim. Ní thabhairfeadh an
dorsóir dó oiread agus chuirfeá air bhárr pionna. Ins
an deireadh, chuir an duine bocht sgeul ansoir Cholum-
cille dá chomhairliugadh nár chóir dó níos mó, déirce
chongbháilt de dhuine air bith fhad agus bheidheadh sé aige.
Nuair a chualaid naomh Columcille an sgeul sin, chuir
sé móran iongantais (go deó) air. Síor leis féin air
an bhomaite (moimeinte) go d-tí an geafta gan clóca,
bairéad, nó eile, go bh-fheicfeadh sé an duine chuir cuige
an sgeul úd. Nuair a fuair sé go d-tí an geafta ní
raibh an duine bocht le fághail. Leis sin, d'imthigh sé
na dhiaidh, costárnochtuighthe ceanntárnochtuighthe agus
gan clóca! Nuair a fuair sé suas leis, cia do bhara-
mhail a righne crathadh láimhe leis acht ar Slánuightheoir
é féin! Ann sin nuair a thuit sé síos air a aghaidh aig
cosaibh ar Slánughtheora fuair sé déirce rioghamhail,
sin mar déarfa solus na bh-flaitheas. Ariamh na
dhiaigh do budh sonruightheach go deó an duine do bhí ann.
Do thiocfadh leis innseadh dhuit cad é bheidhthea ag
smuaintiughadh air, no cad é bhidheadh d'a dheanadh in áit
air bith. Bhí a fhios aige le n-a chois sin, caint na
n-eun; agus gach comhradh beag d'a g-cluinfead sé aca
do thiocfadh leis innsint cad é bhí ag dul an (chum)
tosuigh eatorra.



An chéad chill a chuir naomh Colum air bun i n-Doire
is é an t-ainm tugadh uirri Dubh-Regles; agus is í an
áit a rabh sí 'na seasadh an áit a bh-fuil calaisde
Naoimh Choluim andiu. Má tá, ní fhuil ballóg no
cloch le fhágail dí anois.



Do chuir naomh Columcille mórán de chillibh agus de
mhainistiribh eile air bun, acht de'n iomlan ní raibh aon
cheann aca b-fhearr leis ioná Doire. Faraor! do bhí
Doire ann fad ó shoin, acht ní feicthear é níos mó!
Ins na laethibh sin do bhí Doire 'na aon choill darach
ó bhun go bárr agus ó thaobh go taobh. Aniu ní fhuil
oiread agus ceann amháin aca le fághail! A Dhoire
aoibhinn na g-craobh! nach tú atá athruighthe! In áit do
suaimhneis agus do shúbhailceis, ní chluintear anois acht
torman na g-cárr agus callán tighe an óil! Strócadh


L. 216


do thighthe bheannuighthe le daoinibh gan chéill, agus gan
croidhe! Níor fágadh againn acht na faoileoga deasa
bána agus an abhainn; beidh siadsan ann go bráth, acht
ceól milis na g-cliar agus bururus na n-eun ag
leigheadh air dharacaibh Dhoire Columcille, ní chluin-
tear iad níos mó!



Críoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services