Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A chat about the Gaelic Congress: Cork Irish.

Title
A chat about the Gaelic Congress: Cork Irish.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A CHAT ABOUT THE GAELIC
CONGRESS: CORK IRISH



AN FHÉIS



(Cómhrádh idir Thadhg agus Diarmuid)



D. Mór dhuit, a Thaidhg!



T. Mór a's Muire dhuit, a Dhiarmuid!



D. An rabhais aig an bh-Féis?



T. Cad í an Fhéis?



D. Féis na Gaedhilge.



T. Ní rabhas; cá raibh sí?



D. I mBaile-atha-Cliath.



T. Cad chuige?



D. Chum na Gaedhilge choimeád.



T. Agus cá bhfuil an Ghaedhilge ag dul, gur gádh í choimeád?



D. Tá sí aig imtheacht as an saoghal go
tiubh.



T. Arú! cad é sin agat d'á rádh?



D. Táim d'á rádh go bhfuil an Ghaedhilge
aig imtheacht, agus muna ndeintear iarracht
láidir ar í choimeád gur geárr ná béidh
focal Gaedhilge d'á labhuirt in Éirinn.



T. Go deimhin, a Dhiarmuid, táir-se riamh
go h-ait. Ceapair é chur 'na luidhe orm gur
geárr go mbéidh muinntear na h-Éireann
uile ag gluaiseacht 'na mbalbhánaibh.



D. Cé dubhairt a leithéid sin?



T. Do chloiseas thú d'á rádh gur geárr ná
beidheadh focal cainte d'á labhairt in Éirinn,
agus gur bh'éigin féis do chruinniughadh i
m-Baile Atha Cliath chum greama do choimeád
ar an gcaint. Agus cionnos bheidheadh
daoine gan chaint acht balbh?



D. Ní dubhart gur gearr ná beidheadh
focal cainte in Éirinn; acht dubhart agus
deirim gur geárr ná béidh focal Gaedhilge
in Éirinn!



T. Agus nach caint Gaedhilge?



D. Is eadh, gan amhrus, acht tá caint nach
Gaedhilge.



T. Cad í an chaint í sin?



D. Tá, Beurla.



T. O! tuigim anois thú. Tá eagla orraibh
go n-athróchaidh caint na h-Éireann ó Ghae-
dhilge go Beurla, agus do cruinnigheadh an
Féis chum cosg do chur leis an athrughadh-san.



D. Bhuailis do mheur air, fá dheireadh.



T. An dóigh leat an dtiocfaidh libh?



D. Is amhlaidh mar tá sé; deunfaimíd ar
ndícheall.



T. An raibh a lán daoine aig an bhFéis.



D. Suathantais!



T. Cia h-é bhí 'san gcathaoir?



D. Árd-mhaor na cathrach.



T. Cia h-iad eile bhí ann?



D. Bhidheadar ann ó gach áird. Bhí Mícheál
Ciasóg ann, agus Eoin Mhac Néill, agus
an Laoideach, agus Dubhghlas de h-Íde, agus
Pádruig O'Briain, agus mórán nach iad de
Ghaedhilgeoiribh cliste aniar 's a dtuaidh 's
andeas.



T. Féuch, a Dhiarmuid, ní thuigim féin cad
é an tairbhe do'n Ghaedhilge iad súd go léir
do theacht i bhfochair a chéile ar an gcuma
san, agus iad do bheith ag caint ar feadh
tamaill, agus annsan iad d'imtheacht a
bhaile. Ní fheicim, an dtuigir? Puinn sao-
thair 'na ndiaig.



D. Stó! rinneadar dlighthe agus ria-
ghalta, agus do chuireadar cuing agus
ceangal orra féin na dlighthe agus na ria-
ghalta san do chur i ngníomh feasta.



T. Ach! is furuisde dlíghthe dhéanamh!
Cad iad na dlíghthe do chuireadar ar bun?
Ar cheangladar ar dhaoinibh an Ghaedhilge do
labhairt na ngnó, in ionad Beurla?



D. Deirim leat gur b'shin í riaghail is
daingine chuireadar síos.



T. Go gcaithfeadh gach aoinne Gaedhilge do
labhairt!



D. Gan amhrus.



T. Cogar a leith chúgham a Dhiarmuid, ar
labhradar féin í?



D. Gach duine, beagnach, a bhain le Conn-
radh na Gaedhilge, agus a bhí aig an bhFéis
an lá úd, rin sé a chómhradh puiblíghe as
Gaedhilge ós cómhair na n-uasal uile a bhí
láithreach.



T. 'Gcloistí!


L. 32


D. Is fíor dhom é.



T. Do b'uathbhásach an obair í. Ní fheadar
an mó ceud bliadhain atá ó cloiseadh a
leithéid i m-Baile-atha-Cliath roimhe so. Ba
mhaith liom a fhios a bheith agam cad dubhra-
dar go léir.



D. Ní'l agat acht fios a chur ar an
bpáipeur, agus gheabhair “fios-fáth in aghaidh
an sgéil” ann.



T. Déanfad san; agus nuair bhéidh an
cheud Fhéis eile dá cruinniughadh, ní gan fhios
domsa cruinneóchar í.



D. Is maith liom thú d'á rádh san. Slán
leat anois.



T. Go dtugaidh Dia lá maith dhuit.



(Sgaraid ó chéile.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services