Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cormac Óg.

Title
Cormac Óg.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cormac Óg.



Bhí an ghrian ag taithneamh air Ard Aodha
agus leanbh ag bailiughadh sleagán air bhruach
an chuain. Bhí a máthair, láimh léi, ag cur
buimpéis air stoca, agus gan glór 'ná gea-
rán ag briseadh ciuinis an tráthnóna samh-
raidh acht liúgh na bhfaoileann ag eiteallaigh
'san aer ós cionn na mara, agus anois 's
arís taosgáin sáile ag damhas 's ag gáire
ameasg gainimhe agus mion-chloch na trágha, mar
rinneadar ar feadh míle míle bliadhan. Bhí
faoileann ghob-dhearg agus crios ghlas timcheall
a muiníl dhá goradh féin ar bhárr créige.
Chuir sé goic air féin, do leath sé a sgia-
tháin, agus do chuir sé sgread chomh geur as,
gur baineadh preab as an mnaoi.


L. 56


Dia linn 's Muire! cad a chonnaic sí? —
a leanbh 'sa' bhfairrge dhá múchadh, agus a craobh-
fholt leaithte air bhárr na tuinne.



Ail-i-liú! do bhuail sí a basa, agus do nós
mná buile do léim sí 'sa' bhfairrge ag
iarraidh a hinghine do shaoradh. Ó, an
iongnadh tar iongnadhaibh an domhain,
iomad grádha máthar dá leanbh! Ní
tomhuisfear an grádh so go bruinne an
bhrátha. Níor bh'fhéidir di aon bhille amháin
do shnámh, ach ar a shon sin do rinne sí
iarracht. Cabhair! cabhair! tá sí féin dá
báthadh leis an inghin. Mo leun 's mo chúmha,
fá cheann nóimit eile beidh siad araon 'sa
tsaoghal eile! Do leig faoileann an
mhuiníl ghlais sgread gheur arís as, agus
chualaidh buachaill óg a bhí ag iasgaireacht
'n-a chorach fá bhinn na créige an sgread so,
agus ins an am cheudna liúgh bhrónach na mná.
Cúl, cúl! tóg leis an mbórd deas, a
Chormaic Óig, gabh do mhaide rámha go treun
tiugh, mar tá dhá anam a gcontabhairt bháis.
Bhí Cormac Óg ar láthair agus chuaidh sé fá dhéin
na mná, acht d'impigh sisi air gan í féin do
bhac acht an leanbh do shaoradh. Faire go
bráth, a Chormaic Óig, do chaillis an leanbh
an iarracht so, ó chuaidh sí faoi, acht mar
dobharchú bhí sé fá uisge 'n-a diaidh, agus fá
cheann nóimit bhí barróg aige air a caol.
Le sgiub eile bhí sí ins an chorach, agus greim
ar ghruaig na máthar aige mar an gceudna.
Nár mheathaidh do chuisle threunmhar neart-
mhar go bráth, a Chormaic Óig!



D'fhás Cormac Óg 'n-a ógánach, agus Una ní
Shúilliobháin 'n-a bruinnil chraobhaigh áluinn.
“Nár thuirsighidh do cholpa go deo', a Chor-
maic Óig,” adeireadh na sean-daoine ag
rinnceadh an chros-bhóthair. “Mo mhíle
greann tu,” adeireadh cuid eile acu, lá
comórtais na g-camán, 'nuair a thógadh sé
an liathróid ameasg na n-iománaidhthe, agus
chuireadh sé an báire orra i bhfiadhnuise liúgh
áthais do chritheadh na cnoic.



'Nuair a shéideadh an gharbh-shíon, agus an
líon iasgtha amuigh 'sa' mhuir, ní raibh iasgaire
ba dháine ná Cormac Óg. Do chloisfeá ar
gach taoibh an tsiosmarnaigh so, “Molaim
do mhargadh, a Una; is breagh an fear
calma atá ad' chomhair, acht is fiú thú é mar
nuachar.



Aon lá amháin d'éirigh an ghrian go glan
taithneamhach ós cionn Áird Aodha agus mheas
Úna cuairt do thabhairt tarsna an chuain
chum Droma Móire, mar a raibh cara aici.
'Nuair a chonnairc Cormac Óg an dá bhádóir
'gá rámha tarsna an chuain, bhí fonn air dul
dhá treorúghadh, acht dubhairt sé leis féin,
“Tá mo chroidhe i n-aoinfheacht léi, acht ar a
shon sin, bheidheadh daoine ag caint nár chóir
dam dul dhá tiúnnlucan chum a carad fós.
Seachtmhain bheag eile, a chéile rúin, agus beidh-
míd araon d'aon fheoil amháin le congnamh
na Tríonóide. Bhí Úna ag imtheacht uaidh
le gach buille dá dtugadh na bádóiridhe.
“Is fada liom go bhfíllfir, acht go dtugaidh
Dia slán tu; tá an lá go háluinn agus an
fhairrge ciúin,” ar seisean. An tráthnóna
ceudna bhí Una ag filleadh. Bhí an uain
chomh ciuin go mbeurfá coinneal ar lasadh
tar bárr cnoic. Bhí eunlaith na tíre ag dul
chun suain a gcoilltibh cnó, agus eunlaith na
mara ag grágarlaigh agus a' damhas ar a
chéile, an ghealach ag éirghe gan smúit 'sa'
domhan thoir agus sgáil Chuim Ceathchain a bhfad
amach ar an bhfairrge. Fá cheann leath-uaire
an chloig, tháinic sgamal ar aghaidh na geal-
aighe agus dorchadas ar an spéir. Do chogair
an ghaoth aniar ar dtús, agus annsin do thos-
nuigh sí ar chrónán. Bhí an dorus ar
leathadh i n-Árd Aodha, agus teine ghiuisighe
ag bladhmadh 'sa teinnteán mar cho-
mhartha do n bhád. Chualaidh an mháthair
crónán na gaoithe, acht níor chuir sí suim
ann ar dtús. Chualaidh sí fuaim agus fothram
thiar theas. “Ta tóirneacha chugainn,” ar
sisi. Fá cheann nóimit do phreab a croidhe
'n-a cliabh 'nuair a chonnairc sí splanc
dhearg-ruadh agus chualaidh sí srann ó'n bhfhairrge
mar thiubhradh ull-phéist uathmhar éigin do
dhúiseochthaidhe go hobann as a suan. Do
bhéic an t-anfadh thríd an gcoill, lúb bile
leamhuin a cheann 's do ghearán sé le neart


L. 57


na gaoithe móire; agus annsin do strac agus do
sgoilt an chaor 'n-a dhá leith é. Bhí an
fhairrge anois ar dearg-bhuile ag caitheamh
cubhráin bháin ar tír. “A Rí na Cruinne,
saor m'inghean!' ars' an mháthair bhocht. Rith
sí air scáth falla fá dhéin tighe Chormaic Óig
ag bualadh bas — “Cá bhfuilir, a Chormaic
Óig? cá bhfuilir?” Cá bh-fhuil sé, mo leun?
chualaidh sé an t-anfadh chomh luath leis an
máthair. Tá a chorach i n-athchomair do'n
bhád anois. O m'anam! d'iompuigh an tonn
uathbhásach sin an bád beul-fúithe. Tá an
bhean óg agus an dá bhádóir faoi uisge, tá an
chorach ag snámh fós. Mo ghreann do chuisle
a Chormaic Óig! tá greim agat ar láimh do,
ghrádha gus beidh sí 'sa' chorach fós. Iarracht
eile — sin é — go mbuaidhidh Dia leat! Tá
do ghrádh ins an chorach anois. Seachain! —
Chugat an tonn bhuile sin na muinge gile!
Éist le n-a fotham ar an mbórd chlé!
Tabhair d'aghaidh uirri, a fhir neamh-
eaglaig thréin. Tá an chorach ag crith ar
bhárr na tuinne. Ó a Thighearna! do bhris
an tonn 'sa' lár, agus tá an chorach 'n-a
híochtar. Tá tonn níos mó fós anuas orra.
Dia leat, a Chormaic Óig! ní éireochair go
bruinne an bhrátha. Tháinic splanc do bhain
fuaim as na cnocaibh 's do las aghaidh na
mara, — an splanc úd do bhris an bile lea-
mhuin. Chonnairc fear leis an solus so cath
Chormaic Óig leis na tonnaibh. “Olagón,” ar
seisean, “faire go bhráth, tá an bheirt acu
báidhte fá'n am so!” Chualaidh an mháthair na
focail so, leig sí gáire beag, geárr,
greannmhar aisti, agus do sceinn sí uaidh le
sgreid. Do sceinn sí le cosaibh fiadh thríd
an gcoill, síos cois bruaich na fairrge, a
gruaig do bhí ar sileadh léi a séideadh ag
an ngaoith.



Mathghamhain Chinn Mhara.



[Tuilleadh].





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services