Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeula na Gaedhilge.

Title
Sgeula na Gaedhilge.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sgeula na Gaedhilge.



Atá an Dochtúir Pedersen thar éis ceithre míos agus
breis do chaitheamh i nArainn ag foghluim Gaedhilge.
Do bhailigh sé tuilleadh gus trí mhíle focal ann gan teacht
i n-aon ghaor do'n chanamhint do dhísgeadh. Nach nár
d'ár sgoláiríbh-ne ollamh mar é seo do theacht ó Chopen-
hagen fá chostas agus fá thrioblóid mhóir ag cur suime
san ní atá ag an dorus againne, mar sheód i láthair
muc!



Ní tháinig aon sgeula le sár-fhada siar níor táith-
neamhaighe le lucht labhartha agus léighte na Gaedhilge ná
gur fhág Pádruig O Maoláin le hudhacht suas le ceithre
fichid míle doiléar do mhúnadh agus do choimeád ar dtean-
gadh san tír seo. Atá gaol leis, ámh, ag feuchaint le
n-a bhaint amach do féin, acht bíodh súil againn ná
héireóchaidh leis cosg do chur ar an tairbhe do leanfadh
as an oiread sain airgid do sgaipeadh 'nar measg-ne
do chúis comh naomhtha agus ar dteanga dhúthchais do chong-
bháil beó.



Ní tearc iad na milliúin agus na leath-mhilliúin dár
ngaol i nAmerica agus i nAstráile, agus níor bh'iongnadh dá
gcabhróchaidís agus beagán dá maoin do bhronnadh ar an
nGaedhilg, chor go mbeadh neart airgid aca so atá ag
feuchaint i ndiaidh a stáide agus go bhfásfadh mór-thoradh
as a saothar. Is ro-dheacair puinn do dheunamh san
tsaoghal so gan airgead. Thríd agus thríd ní 'lid na
Gaedhil díomhaoin ná dearmadach ar an mór-ghnó so:
feuch mar cnuasadh deich míle punt bliadhain ó shin i
nAmerica chum ollamhan Gaedhilge do bheith i bPríomh-
sgoil Chatoilicidhe Washington.



Is gearr go mbeidh an treas chuid de “Simple
Lessons in Irish” i gcló. Chum an leabhráin do bheith
chomh saor agus is féidir, do chabhruigh Gaedhealacht America
arís, mar is beus aca, le n-a fhaisnéis. Cuireadh thar
dosaon punt ar fad. Cad atá againne i nEirinn dá
dheunamh? Ar bhfurmhór ag brath ar Fheis na Sacsan
chum na Gaedhilge do shaoradh! Mo bhrón! an mbeidh
aon spreuch ná spionnadh ionainn féin choidhche? Is
feasach do'n tsaoghal gur dúinn féin is ceart an obair
thíoramhail seo do ghabháil do láimh, agus gan bheith ag
fuireach ar an té seo ná ar an té úd. Ní bheidh aon
mhaith, aon bhail orainn go bráth go mbeuramh iontaoibh
asainn féin.



Go dtí seo agus go fóill eile freisin táid na hAlba-
naigh i bhfad i dtosach dhínn. I nInbhearnois atá
tabhartha amach foclóir — luach seacht agus sé pingne — i n-a
bhfuil gach uile fhocal Albanach taobh le n-a chomhfhocal i
nGaedhilg na hEireann, san mBreathnais, san gCornais
agus i mBreathnais na Fraingce. Ca-huin bheidheas a
shamhail sin de leabhar againne? Do gealladh rud
éigin dá shaghas, atá seal agus leath-dosaon samhradh ann
ó shoin; ní chuala aon-neach gíog air go dtí timcheall
dá bhliadhain ó shin do cuireadh forfhógra ar bheirt
chabharthóir do bhí ag teastbháil, acht ní heolach dúinn
gur hairigheadh aon-ní ó'n am sain anall 'na dtaobh.
Atá Daibhidh Nutt i Londain chomh maith ceudna ag cur
gráiméir bhaineas le Gaedhilge na hAlban i gcló.
Caidé seo ag moilliughadh gráiméir Uí Dhonnabháin do
gealladh bliadhain an taca so do bheith foillsighthe go
hathchomhair? Thoir thiar thíos thuas, do mheasfá go
bhfuil righneas éigin go smior orainne.



Thug litridhe darab ainm T.W. Rolleston leictiús
uaidh fá dhéidheanaighe, i n-ar labhair sé ar an nGaedhilg
mar theanga shimplidhe go mór as alt le teangthaibh na
hEorpa agus a gcuid clisteachta. Go haithghearr sgríobhadh
isna páipeuraibh ag tabhairt a shláin faoi a ndubhairt
sé i leith na Gaedhilge do shuidhiughadh. Do tharraing
litir litir eile, ar chuma gur gearr go raibh aon ríorádh
amháin mar gheall ar an rud do bhi i gceist eatorra.
Do chuir an ráfal so an Ghaedhilg ós comhair na
gceudta nár chuala focal roimhe sin uirri féin ná ar
a litridheacht. I ndeireadh thiar thall do sheol sé litir
ag triall ar Chonnradh na Gaedhilge ag léir-chur ceart
orra agus chum a fheasa do bheith aige cad ba mheón agus cad
nár mheón leis an gCumann sain; ámh fuair sé a
dhóthain de fhreagra ar dtús ó'n gCraoibhín Aoibhinn agus
arís ó'n Niallach. O shin anuas níor clos focal dob'
fhiú aireachtain uaidh. Acht gan aon aimhreas, rinne sé
an-mhaitheas do'n Ghluaiseacht, gan coinne leis gan
agamh — acht is maitheas é i gcomhnuidhe.


L. 173


Atá an Connradh i bhfad níos fearr anois ná bhí riamh
roimhe seo. I nAth Cliath féin tá na “muirighne
léighinn” níos iomadamhla agus níos deagh-orduighthe ná
mar ba ghnáth aca. I mBeul Feirsde atá craobh láidir
de'n Chonnradh — ós cionn céid, ar a bhfuil gach crei-
deamh agus dream. Atáid le tionól do thiomsughadh le
haghaidh na n-oideadh ag a mbeidh cruinniughadh ann san
Cháisg, agus beidh cuirm cheoil aca um an am ceudna.



O támaoid ag teacht thar na hoidíbh, nó thar na
maighistríbh sgoile, is ceart a rádh go bhfuil dóchas go
bhfuilid dá mbrostughadh féin i leith na Gaedhilge le
déidheanaighe, agus ba mhór-mhithid dóibh sin. I Sráidbhaile
(Dundalk) d'iarr maighistirí na háite sin na riaghalta,
cheanglas orra féin agus ar lucht a gceirde i dtaobh a
múinte, do cheartughadh agus d'aithdheunamh i dtreó go
bhfeudfaidís barántas d'fhagháil agus na haosánaigh do
theagasg innti le níos lugha duaidh ná mar atá anois.
Ag an gcomhdháil do bhí i nDroichead na Banda ag na
maighistiríbh tamall ó shin, d'athchuingeadar ar lucht a
ngarma a ndícheall cabhra do thabhairt do'n Ghaedhilg agus
do dhruing a cosanta. Do labhair an Canónach Sincuin
le cumann na nOigfhear san áit cheudna agus thug
d'fhógairt orra na muirighne léighinn do bhí aca d'aith-
bheóchain, agus do chuir i n-iúl dóibh cionnus do thairbheóchadh
sain dóibh.



O America tagann sgeula gur cuireadh nua-chraobh
de'n Chonnradh ar bun i Newhabhen, Connecticut. I
bProbhidence i nOileán Róid atá cúig muirighne
léighinn nó timceall trí cheud ball ag teacht i gceann
a chéile dhá uair san tseachtmhuin. Atáthar le n-a
bhfuil de chraobhaibh san Oileán Ur do choimhcheanagal
leis an bpríomh-chraoibh i mBaile Átha Cliath.



Tá suas le deich bpuint agus trí fichid anois le n-a
roinnt ar na sgolaibh i n-a múintear an teanga
mháthardha. Do cnuasadh trí fichid punt de seo nach
mór i measg ár ngaolta trasna an tsáile. Iarrthar
ar na maighistríbh theagasgas an Ghaedhilg an lán-
nuimhir do bhí ar sgoil, a nuimhir do ceisnigheadh, agus an
nuimhir do cheart-fhreagair de rith na bliadhna 1895 do
chur go dtí lucht riartha an airgid i gConnradh na
Gaedhilge, Ath Cliath.



Tá an Connradh le tionóltaibh puiblidhe do chomóradh
annso agus annsúd san tuaith. Comóradh aon aca cheana
féin i bPortláirge, 11 Feabhra. Do bhí an-oireachtas
mór i láthair agus do gheall cách go ndeunfaidís a ndícheall
fá chongnamh agus fá chabhair do thabhairt leis an nGaedhilg
do leathadh agus do leathnughadh isna háitibh i n-a bhfuil sí
dísgthe nó básuighthe, agus a congbháil agus a cothughadh in gach
ball i n-ar lán láidir di fós. Do bhí méire na cathrach
san gcathaoir. Thar neithibh eile adubhairt sé gur nár
agus gur aithris an chuma ar a bhfuilid Eireannaigh ag dear-
mad teangadh a dtíre. O'n gConnradh do bhí Eoin
Mac Néill, eagarthóir Irisleabhair na Gaedhilge, agus
Micheál Cíosóg.



Ní fada go mbeidh tionól eile i n-áit éigin i
gCiarraighe.



Is fada ó bhaile New Zealand. Feuch fós go bhfuil
cumann ann chum na Gaedhilge do chosaint agus do choimeád
san áit. Fá dhéidheanaighe, b'éigean do'n leas-uachdarán,
an saoi Seán Perrin, imtheacht as Dún-Eadain, áit i
bhfuil an cumann, agus dul go hAstráile. Sul ar sgar
sé le n-a cháirdibh, do bhí feis ceoil acu uile, agus tugadh
bronntanas do'n té bhí ar tí imtheachta. Do labhair
leó go léir as Gaedhilg, agus d'iarr orra deigh-iarracht do
thabhairt anois uatha fá theangaidh ar sean agus ar sinsear
do thártháil. Ag so beagán dá chomhrádh: “Is iomdha
fáth fá'r cóir dúinn an Ghaedhealg do chongbháil beó.
Is í teanga ársa ar sinsear agus ar dtíre. Is í an
teanga chualamar nuair bhí sinn 'nar bpáisdíbh. Ní
raibh teanga acht í amháin ag na míltibh de mhuinntir na
hEireann, agus nuair chuimhnighmid ar an am do chuaidh
thorainn, bímid ag cuimhne san am ceudna ar na
cáirdibh ler labhradh í. Mo bhrón! is fada ó shin go
bhfuil siad 'na luighe fá na fódaibh glasa, acht badh
mhór an náire dhúinn dearmad do dheunamh orra, comh-
fhad agus bheas uisge ag rith nó féar ag fás. Is innti
mar theangaidh do theagaisg na fealsamhna do chuir clú
ar Éirinn. Téighid na mic léighinn as gach uile thuaith
na hEórpa go hEirinn chum na Gaedhilge d'fhoghluim.
Is teanga í le litridheacht mhíle bliadhan ar a cúl —
litridheacht iomadamhail i bprós agus i ndán. Deunaidh
bhur ndícheall gan a leigean di bás d'fhagháil.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services