Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ionmhain an Triúr Théid san Luing

Title
Ionmhain an Triúr Théid san Luing
Author(s)
Mac Taidhg an Gharáin, Domhnall,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1620
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1971)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ionmhain an triúr théid san luing,
trí craobha cnuais i gcrobhaing,
triar tromdha fá sia 'na socht,
Dia dá gcomhdha mar chomplacht.



Críost do ceangladh don phiollóir
dá gcur go Críoch Éireamhóin,
trí héanta fá hannsa leam,
réalta gan fhallsa an fhoireann.



Is siad sin triúr seirgthe ar gcuim:
Conn caoilcheastach Ó Domhnaill,
Dálach duinnfhial ré mbí ar mbáidh,
's Uilliam mo chlí Ó Críodáin.



Dálach teallach na dtaisteal dtrom,
Conn do faighreadh gan fuigheall,
Uilliam bláth na haoise i bhfuil
snáth na gaoise do ghrádhaigh.



Uilliam feallsamh gaoth glan grinn,
Dálach ar amas innill,
is Conn scríbhneóir clár na gceall,
fídhleóir fá lán do léigheann.


L. 194


Sméar ghrianáin na gcliar Conn,
Uilliam inntleacht ná trághann,
Dálach geal nár luaidh lochta,
mo chean d'uaim na humhlachta.



Uilliam iomrádh gach scoile,
feallsamh fiochair, diadhaire;
tugas grádh don ghroigheach grinn
fá lán d'oineach is d'inntinn.



Dálach Ó Dálaigh eisean,
fear fuartha na n-imrisean
maith an dlightheóir réidh reachta
fithmheóir séimh na saoidheachta.



Comhsnadhmadóir na gceast gcruaidh,
mionn scagtha an aignidh fhionnuair,
fear sníomhtha cléire ré a chlos,
is líomtha, is léire labhras.



Trí drithle diadha mar ghoil,
trí lonnradh lasta crábhaidh,
trí hóir ar dtuirse do thráigh
nach dóigh tuisle do theagmháil.



Sé gruaidh geanmnaidhe donna,
toibre fis na foghlama,
freagra nach frithir ag teacht,
ithir na heagna a n-inntleacht.



Trí coinnle creidimh na gcros,
trí hoideadha is áith eolas,
croinn chnuais ara beite ar mbrath,
's eite gach cruais do chumhdach.



Trí léaghthóire Leasa Cuinn,
trí luibhe leighis gach fearainn,
trí glanóir dár ghéill gach geall
do chéill, d'anóir is d'inneall.



Trí colgnáimhde na colla,
trí gráinne i ndéis díoghlama;
do shín-se i bhféithe go fann
tréithe an trír-se dá dtarrang.


L. 195


Trí dheighbhile an toraidh thruim,
triúr is fíréanta foghlaim,
trí eithne nach mear i móid
mo chean slighthe 'na siobhlóid.



Ar fuasgladh ceast, ar a gcur
fáidhe, filidh fuair fromhadh,
tuar grádh a meabhair nach mall,
a slán fá fhearaibh Éireann.



Feirrde Éire ó mhuir go muir
'na rachaid 'na leig lóghmhair,
triúr céile is blasta beóil,
is snasta, is séimhe seanmóir.



Díbeoraid a crích na gcreach
ól, imirt agus éitheach,
annóis dob fhuadraighe túis,
glanróis chuardaighe cogúis.



Ar an mbóchna is buirbe treas
ar fheirg síne gan suaimhneas,
na trí gluine na nglac ngeal,
Mac an Duine dá ndídean.



An triúr-sa ag triall i dtír
bíod ar ionchaibh an Airdrígh;
re linn na rann-sa is roimhe
linn is annsa, is ionmhaine.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services