Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Seadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEADNA.



(Ar leanamhaint.)



Ar maidin lá ar n-a bhárach, do bhí Séadna
agus a lucht oibre ag obair ar a lán-dícheall.
Bhí bog-fheadfhail na bhfear, agus mion-bhuillidhe
na gcasúr mbeag, agus tarrang agus fásgadh an
tsnátha chéaraigh, ar siubhal chomh dian agus dá
mbadh ná beidheadh bróg ná buatais dhá
dhéanamh i n-aon bhall eile ar thalamh tirm
na hÉireann.



“Cia hé sin aníos?” arsa duine de na
fearaibh.



“Thóg gach aon-ne' á cheann acht Miceal.



“Seaghán Ceatach go deimhin!” arsa duine
eile.



Do phreab Séadna 'na shuidhe agus siúd amach
é, agus síos i gcoinnibh Sheagháin Cheataigh. Thug
an bheirt tamall mór ag gabháil treasna
na páirce, anonn agus anall, ag caint agus ag
cur thré chéile, acht do bhíodar ró-fhada síos
i dtreó nár fhéad aon duine de na fearaibh
focal de'n chaint do dhéanamh amach. Fá
dheireadh do sgaradar le n-a chéile. Do
thug Seaghán Ceatach a aghaidh siar ar a thigh
féin, acht i n'ionad filleadh chum a ghnótha,
do thug Séadna a aghaidh an bóthar soir chum
na sráide. Do léim Miceal, agus chaith uaidh
an bhróg do bhí idir lámhaibh aige, agus siúd fá
dhéin a thighe féin é ar sodar.


L. 26


Chomh luath agus tháinig sé ar an dtaobh istigh
de dhorus, “A mhathair!” ar seisean, “a
leithéid seo — tá cleamhnas déanta!”



“Éist do bheul!” ar sise.



“Ó go deimhin tá,” ar seisean. “Bhí
Seaghán Ceatach féin thuas ó chianaibh, agus bhí
sé féin agus Séadna ar feadh uaire an chluig
sa' pháirc ag caint, agus annsain d'imthigh
Seaghán Ceatach a-bhaile agus tá Séadna im-
thighthe soir go tigh an tsagairt.”



“Cad a bhí aco dá rádh sa' pháirc?” ar sise.
“Ní fheadar,” ar seisean. “Bhíodar ro-
fhada uaim.”



B'fhíor do Mhiceal é. Bhí Séadna im-
thighthe go tigh an tsagairt, acht má 'seadh, ní
chum an chleamhnais do chríochnuaghadh é.



“Dia dhuit, a Shéadna!” ars' an sagart.
“Is cneasda go léir na bróga iad do chuiris
chugham an lá fé dheireadh.”



“Dia 's Muire dhuit agus Pádruig, a athair!
Tá áthas orm mar thaithnidh na bróga leat.
Acht is é rud a thug anois chum caint leat
mé 'ná mé bheith i gcruadh-chás.”



“Go deimhin agus go dearbhtha, a Shéadna, is
oth liom sain do chlos; agus ní mé amháin, acht
ní'l duine ar fuaid na dúithche, íseal ná
uasal, bocht ná saidhbhir, nár bh'oth leó é,
agus go deimhin féin, agus ní i dtaobh tu bheith
láithreach adeirim é, badh mhaith an ceart
dóibh.”



“Is iomdha céim cruaidh gur ghabhas tríd
le tamall, a athair. Acht sid é an greim is
géire dá rug riamh ar mo chroidhe. Tá aithne
agat ar inghin Sheagháin Cheataigh?”



“Tá gan amhras, a Shéadna. Cia aige ná
fuil aithne ar Mháíre? An óig-bhean is
creideamhnaighe sa' pharóiste.”



“Ní'l a leithéid eile ag siubhal drúchta
indiu, a athair, agus is amhlaidh mar tá an sgeul
agam-sa le fada, do thabharfainn a bhfuil
'an tsaoghal agam, agus a raibh riamh agus a mbeidh
go bráth, ar neart a bheith dham í phósadh.”



“Is truagh nár innsis an méid sin dom
fad'ó, a mhic ó. Tá a fhios agam-sa, ar
shlighe nach misde dhom a innsint duit-se
anois, go bhfuil an aigneadh céadna ag
Máire dhuit-se atá agat-sa dhi-se.”



“Cad é sin agat dá rádh, a athair?”
arsa Séadna, agus sgeón ann.



“Tá an rud atá ar eolas agam, is é sin
gur giorraide a saoghal do Mháire Ghearra
muna bpósfar leat-sa í! Tá sí dhá
snuigheadh amach os comhair ár súl.”



“Ó! Dia le m'anam!” arsa Séadna.
“Tá an sgeul níos seacht measa 'ná mar
bheartuigheas!”



“Airiú, an as do mheabhair ataoi?” ars'
an sagart.



“Ó! ní has mo mheabhair, a athair, ná as
mo chéill. Is ró-chruinn atá gach taobh aco
agam. Tá bean bhocht annsúd thiar gur
chuireas comaoin bheag uirthi an lá fé
dheireadh. Tháinig sí, mar mhaithe liom, dar
léi, agus do labhair sí liom ar an ngnó so.
Cheapas gur chuireas i n-iúl di, soiléir go
leór, ná raibh aon bhreith agam ar chleamhnas
do dhéanamh le Máire Ghearra ná le haon
mhnaoi eile. Cheapas go gcuirfeadh sise i
n-iúl é do Mháire féin agus dá hathair, agus go
raghadh an sgeul chum suaimhnis gan cheataighe
do dhuine ar bith acht dom féin. I n-a ionad
sain, is amhlaidh atá mí-ágh éigin dá thiomáint
ar aghaidh agus dá chur chum cinn, dem lom
deiridh aimhdheóna. Do tháinig an duine
galánta féin i leith de shiubhal a chos ar
maidin indiu, dá innsint dom ná raibh aon
fhear i nÉirinn dob'fhearr leis mar
chleamhain 'ná mé. Agus nuair chuireas i
n-iúl dó, chomh réidh agus d'fhéadas é, ná raibh
aon bhreith agam ar phósadh choidhche, ba dhóich
leat gur bh'í an oidhche do thuig i lár an lae
air. Agus anois, mar bharr ar gach ndonas,
tuigim uait-se, a athair, go bhfuil díoghbháil
shláinte dhá déanamh do Mháire Ghearra féin.
Is truagh an sgeul é! Is truagh 's is
tiubaisteach an sgeul é!”



D'fheuch an sagart air.



“A Shéadna,” ar seisean, “is tu an fear
is éagsamhlaighe d'ar bhuail riamh fós umam
i n-aon taobh d'ar thugas m'aghaidh. Nuair


L. 27


thánaighis isteach, do thuigeas uait á raibh
nídh ar bith ag briseadh do chroidhe acht gan
neart a bheith dhuit Máire Ghearra do phósadh.
Anois, sin é a hathair, le n-a lán-toil féin,
dá mbronnadh suas ort, agus ní'l agat le rádh
acht gur truagh agus gur tiubhaisteach an sgeul
é! Cadé mar shaghas duine thu? Nó cad
tá uait?”



“Ní hiongnadh tu ag cur na ceisde sin, a
athair,” arsa Séadna. “Is deacair a rádh
cadé an saghas duine mé, nó cad tá uaim.
Pé saghas duine mé, tá an méid seo agam
le rádh i dtaobh an chleamhnais seo: badh
shaoire do Mháire Ghearra an bás is dona
dá bhfuair daonnaidhe riamh 'ná mise dhá
pósadh. Sin é an saghas duine mé. Dá
bhféadfainn teacht suas le duine éigin do
labharfadh léi, agus do nochtfadh an sgeul sin
di, agus do thabharfadh comhairle a leasa dhi .i.
mise do chur as a haigneadh agus as a croidhe,
agus í féin do thabhairt suas do Dhia mar thug
sí riamh — sin é atá uaim. Do cheapas go
ndéanfadh an bhaintreach é. Má dhin, níor
tháinig léi. D'iarras ar Sheaghán Cheatach
féin ó chianaibh é dhéanamh. Is baoghal liom
ná feadair an duine cad is maith dhó do
dhéanamh. Do thána' chughat-sa, a athair, ag
brath air, as méid do thaithighe agus do thuigsiona
agus do mheabhrach cinn féin, go ndéanfá é, nó
go gcomhairleóchthá cad is fearr do dhéanamh
sa' chás.”



“Tá eagla orm, a Shéadna,” ars' an
sagart, “go bhfuil éagcóir throm agat dhá
déanamh ort féin. Tá aithne mhaith agam ort
le fada. An lá is dealbha dá rabhais, níor
airigheas luach feóirlinge ag aon-ne' dá
chur id leith. An lá is neamh-spleadhaighe
dá rabhais, níor habradh riamh gur rinnis
éagcóir ar cheardaidhe, ná go raibh a chuid
alluis agat gan díol as. Dealbh ná saidh-
bhir, níor airigheas duine riamh dhá rádh go
bhfeadaidh sé thú ag teacht abhaile ar meisge,
sáithte i mbruighin, ná ag comhluadar le
droch-chuideachtain. Ní'l goid ná fuadach
le cur id leith. Ní'l dlighe ná clampar ná
achrann le cur id leith. Na daoine go bhfuil
do chuid aco, badh dheacair a n-áireamh. Níor
chlos fós gur dhian tu dá éileamh ortha. Do
chlos go minic gur bh'olc an díol ar chuid
aco puinn chomhaoine do chur ortha. Ní
féidir liom a dhéanamh amach — a' dtuigeann
tu me? — cadé an chúis gur shaoire dhi bás
d'fhagháil 'ná tusa dhá pósadh.”



“Ná déan a thuilleadh taighdidh ar an
sgeul, a athair,” arsa Séadna. “Is ag
duine féin is fearr a fhios cá luigheann an
bhróg air. Do thána' ag iarraidh do chomhairle
chum an chleamhnais seo do bhriseadh. Bris
é, muna mian leat í do chur dá losgadh i
nIfrionn! Táir ag áireamh mo mhaitheas-
aidhe. Is suarach le háireamh iad. Pé
tairbhe atá déanta agam, is ar aon
aigneadh amháin do rinneas é. Do rinneas
ar son an tSlánuightheóra é, — ní dhá mhaoi-
dheamh ar Dhia é! Acht cadé an tairbhe dhom
é, má dhéanaim an éagcóir seo anois?”



“A Shéadna,” ars'an sagart, “ceapaim
go dtuigim an sgeul fé dheireadh. Tuigtear
id aigneadh dhuit go ndéanfá éagcóir
ar Mháire Ghearra, dá bpósfá í. Táir ag
diúltadh do'n éagcóir sin ar son an chirt.
Táir ag gabháil de chosaibh id chroidhe féin ar
son an tSlánuightheóra — .”



Ní raibh sé d'uain aige a thuilleadh do
rádh. Ní túisge d'airigh Séadna an focal
sain — “ar son an tSlánuightheóra” — 'ná bhí
sé de léim ar an dtaobh amuigh de dhorus agus
imthighthe.



(leanfar de seo.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services