Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar leagadh an teach.

Title
Mar leagadh an teach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 160


Mar Leagadh an Teach.



San mbliadhain 1876, an méad
is féidir liom cuimhniughadh air,
thárla an gníomh ait so atáim
ar tí d'aithris anois. Is iom-
chubhaidh a rádh libh go gcuirinn
i gcomhnuidhe suim agus spéis mhór i gcéimean-
naibh maiseacha deacra na rinnceadh
nÉireannach, agus go háirithe 'san sige fhada,
'san righil, agus 'san raighil fhada (nó damhsa
suidhte nó corn-phíopa). Acht do bíodh síor-
dhúil go sonnradhach agam de ghnáth ar
chéimeannaibh nua d'fhoghlaim. Do bhí 'san


L. 161


am úd i mBaile-Átha-Cliath fear darbh'
ainm S., do bhí na dheagh-shompla ar shean-
sgoil teagaisg na rinnce, agus 'na theagasgóir
an-ghasda sár-chliste. Ó bheith i n-a ógánach
shaidhbhir dhó, do bhí sé 'san am úd 'na shean-
fhear bhocht. Do bhíodh sé fá'n tráth sin ag
teagasg an damhsa agus na pionnsóireachta
(nó na gcleas bata) ar an gcéad urlár
de shean-tigh ag ceann thiar sráidín Greg,
áit ar a bhfuil Sráidín Findlater mar
ath-ainm fó láthair, i ngar do'n áit i
bhfuilmid anois. Teach breágh mór do bhí
ann, fad' ó, dála formhóir na dtighthe mór
measamhail i n-allód, an cruth nach bhfuil
orra, dar go deimhin, ar an uair so. Do
bhí pláta simné ann, agus é gléasta as glan-
mharmor, ceann tighe luaidhe, agus doirse
mathóghanaigh, acht do bhí an teach fá'n am
sin ar críonadh agus ar feóchadh agus beag nach i
riocht a leagtha. 'Sé duine bhí ag éileamh
seilbhe ar an tigh mór so, giolla guail do
bhí 'n-a chomhnuidhe thíos ar an sráidín
chéadna, do bhíodh d'á mhaoidheamh féin mar
shealbhadóir dlisteanach do'n tigh, dá mbadh
toil libh a chreideamhaint uaidh.



Dá chéim déag ar fhichid na raighle fada,
is iad do chleachtainn-se fá smacht an
mhaighistir sin go cúramach friochnamhach
fuireachair, go ndubhairt agus gur dhearbhuigh
sé go raibh an oiread eolais agus clisteachta
agam-sa ar an damhsa sin agus do bhí ag aon
cheardaidhe damhsa puiblidhe.

Bhí go maith agus ní raibh go holc, gurab é
rud do rinneas-sa, aon lá amháin, dul go
caladh na habhann agus culaidh éadaigh mair-
néalaigh do chur d'á déanamh, mar aon le
brógaibh éadtroma agus búclaidhe geal
chruaidhe ar dhath an airgid orra, chum go
ndéanfainn an damhsa ar nós mair-
néalaigh go díreach ceart mar ba dhual.
Do bhíos am' chomhnuidhe an uair sin
ar an taobh thuaidh de Dhruim Chonnrátha.



Do bhí ceardcha ghabhann am' aice. Do bhí
an gabha i n-a fhear mhór mhuinnteardha
lághach. Séamus a Murchudha dob'
ainm dhó. Cailleadh ó shoin é — go raibh Dia le
n-a anam! Do chuireadh sé seo dúil
díchéillidhe sa' rinnce agus 'san uile shúgradh
ar bith. Nuair do chuala sé go raibh a bhara
fúm-sa an raighil fhda do dhamhsughadh agus mé
gléasta i n-éadach gorm mairnéalaigh,
d'iarr sé d'athchuingidh orm a leigean dó
teacht liom go bhfeiceadh sé an damhsa, agus
beirt charad do thabhairt leis. D'aontui-
gheas-sa leis, nídh nárbh' iongnadh. Maidin
Domhnaigh do cinneadh do'n damhsa, óir ba
ghnáthach lem' mhaighistir teagasg rinnce do
thabhairt do bhuachaillibh na dtighthe tábhairne
ar an Domhnach, már nach raibh uain ar bith
eile aca ar é d'fhoghlaim. Mar sin de, do
chuireas-sa mo chulaidh mhairnéalaigh agus mo
bhróga éadtroma i mála stráille, agus do
ghabhas ag bualadh an bhóthair ó Dhruim
Chonnrátha go Baile Átha Cliath i gcuideachta
le Séamus Ó Murchudha agus le n-a bheirt
charad. Bhí an maighistir istigh rómhainn agus
é ullamh réidh fá n-ar gcomhair agus a bheidhlinn
aige. Do bhí cuireadh ceanamhail cuirthi
agam roimhe sin ar fhear darbh' ainm
Pádraig Mac Giolla Aindriais, fear ar a
raibh árd-chlú mar gheall ar chlisteacht agus ar
chleasaibh lútha. Tuilleadh fós, do bhí rogha
an eolais aige ar gach uile chineál damhsa.
Is amhlaidh thugas cuireadh dhó ag tnúth le
go mbéarfadh sé breith agus léir-mheas ar mo
chuid rinnce, agus go dtiubhradh sé comhairle
thábhachtach fhoghainteach dham d'á leith. Saor
cóistí do bhí ann, agus bhí teach oibre le haghaidh
na ceirde do bhí ag á athair, acht lena chois
sin do bhíodh gnó aige féin go minic sa'
tigh aisde. Do bhíomar ag feitheamh air seo
am ár sáith agus feárr as bárr, agus sinn féin
ullamh feisdighthe, agus ó bhí sé fós gan teacht,
do bhris ar an bhfoidhidin againn fá dheireadh.



Is annsin do labhair S. agus adubhairt gur
mhithid dam tosughadh ar an raighil fhada.


L. 162


Tar éis tamaill eile dham ag fuireach, do
chuadhas isteach i seomra beag do bhí le
hais halla an damhsa agus do chuireas mo
chuid éadaigh mhairnéalaigh umam. Is é
áit do bhí san seoimrín, áit le haghaidh na
lúth-chleas d'fhoghlaim, do chleachtadh, agus do
lán-chleachtadh, agus ní'l aon chineal uirleise
do'n inneall agus do'n ordughadh sin nach raibh
ann. Bhí an seomra againn féin, ó nach
raibh macradh na dtighthe n-óil ann chomh
luath sin. Nuair tháinig mé amach, agus ní gan
mire orm ná gan mo bhrostughadh ó na
cáirdibh do bhí ann, do ghabhas ag cur dá
chéim déag ar fhichid na raighle fada dhíom
go díreach beachtuighthe. Ní bréag a rádh
gur saothrach tuirseach an gníomh é sin, agus
cuireadh an t-allus agus an anál asam ghá
dhéanamh. Go deimhin ní misde a rádh dham
go rabhas trom tuirseach teasaidhe d'á
bhárr. Acht d'eagla go bhfuighinn slaghdán
agus an t-éadach caol fuar do bhí orm, tar
'éis dam mo sgíth do leigean ar feadh
tamaillín, do chuadhas thríd an damhsa
céadna an ath-uair. Acht do bhíos níos
óige an uair úd 'ná táim anois.



Ní huair ba luaithe ná an t-am sin
tháinig an t-Aindriasach isteach. “Thugad
leat, a dhuine antráthaigh,” arsa mise.
“Cia an fáth fá' dtagann tú chomh deirean-
nach so, agus sinn-ne ag fanamhaint ort chomh
fada sin?”



“Go dearbhtha, ní fhéadfainn teacht ní
budh luaithe,” ar se', “acht budh chóir dhuit an
raighil fhada do dhamhsadh anois, mar is mór
an dúil agam i n-a fheicsint.”



Tar éis beagáin cainte agus tagartha
dhúinn ar an gcuma sin, d'aontuigheas-sa
an damhsa do dhéanamh uair eile. Do bhí
seisean ag dearcadh go cruinn ar na
chéimeannaibh. Bhí go maith mar sin, agus
d'éirigh an gníomh go ráthamhail linn a
chomhfhad sin, acht mo mhóide dhaoibh go rabhas
tuirseach corrtha dá éis. Bhí an t-allus ag
rith síos liom agus le MacGiolla Aindriais
mar an gcéadna, óir bhí seisean ag déanamh
an rinnce liom, agus sul ar chríochnuigh sé é,
do chuir sé a dhá láimh ar an urlár agus do
sheas ar a chloigeann bun os cionn.



Annsin do cheap an Murchudhach teachdaire
do chur i gceann dighe dhúinn, nídh nár
thaithin liom-sa ar chor ar bith. Acht do lean
sé dá chomhairle féin, i n-aindeóin go raibh
na tighthe ósda dúinte an uair sin ar fad.
Dubhairt S. go bhféadfadh sé deoch d'
fhagháil agus chuir sé cailín beag i n-a ceann,
agus fá cheann beagáin aimsire, d'fhill sí ar
ais agus roinnt buidéal de chuirm dhuibh
(pórtar) fo n-a práiscín. Tar 'éis dúinn
bolgam d'ól, ba mhian linn ar mbóthar do
chur dhínn agus imtheacht rómhainn. Ar mbeith
dham féin ag teacht anuas an staighre,
thugas dom' aire sail adhmaid díreach os mo
chionn agus í dá cromadh fá ualach an tighe do
bhí ar iomchur aici. “Maiseadh dar liom
féin,” arsa mise, ag bualadh mo dhuirn ar
an sail, “beidh an sean-teach so ag tuitim
agus ní fada an mhoill dó é.” Do chuir an
buille crioth thríd an tigh ó bhun go bárr.
Tháinig sgannradh mór ar Sh. “Seachain!”
ar seisean. “Go dearbhtha, is baoghlach
corrach i gcoimhnuidhe atá na sean-tighthe.”
”Is fíor duit,” ar cách. “Níor bh'iongnadh
é, a leitheid sin de thubaiste do theangmhail
do'n tigh so ar an mball.” Leis sin,
d'fhágamar an foirgneamh foirbhthe sin agus do
ghluaiseamar rómhainn.



Ar maidin lá ar n-a bhárach timcheall a
hocht a chlog, do casadh orm an gabha agus
gnúis imnidheach thromdha air, mar do
bheidheadh duibh-néal roimh anfadh obann.



“'Bhfuil a fhios agat,” ar sé, “cér'd do
chuala mné anois díreach — sgéal iongantach
do-chreidte?”



“Ní'l aon fhios agam air,” arsa mise.
Cé'r do chualais?”



“Táthar d'á innsint,” ar seisean, “gur
leagadh an tsean-fhoirgint úd aréir.”



“An ag fonomhaid fúm atá tú, a Shéa-


L. 163


muis?” arsa mise. “Ní féidir gur
leagadh an teach 'n-ar rabhamar ar maidin
indé!”



“Go deimhin, sin é an sgéal atá amuigh
dá thaobh,” ar seisean, “acht caithfidh mé dul
ann go mbeidh a fhios agam an fíor é.”



“Déan má's maith leat ar an uile
ghléas,” arsa mise.



D'imthigh sé leis.



Go dearbhtha do b'fhíor é an sgéal.



Taca an mheadhóin oidhche nó tamall gearr
'n-a dhiaidh do thuit an sean-teach mór i
n-éinfheacht le fothrom adhbhal agus le fuaim
uathbhásach, gur líonadh béal an tsráidín le
carnán luaithridhe, le brícidhibh agus le clochaibh.
Níor mhór nár leagadh an teach do bhí ar an
taobh thall de'n tsráidín, teach reaca glas-
raidhe agus toradh do bhí ag ban-cheannaidhe
d'ar shloinneadh Ní Mhaoilchiaráin, agus cuireadh
sgannradh mór agus critheagla uirri féin.
Do bhí sí 'n-a codladh i seomra os cionna
an tsiopa bhig. Muna mb'é gur imthigh
an giolla-guail ar siubhal as an sean-tigh,
díreach roimh thuitim do'n tigh, do bhí sé
caillte. Acht le deónughadh Dé ní thárla
dochar ná díoghbháil ar dhuine ar bith. D'á
éis sin do chart lucht riaghalta na cathrach
an brúsgar cloch agus salchair as an sráidín,
agus do chuireadar fál thart timcheall ar an
áit, acht níor éirigh leó sealbh d'fhagháil ar
an ionad go ceann dá bhliadhain, mar nach
raibh aon tuaraisg aca ar an sealbha dóir
dleaghthach. 'Sé do rinneadar, nuair fuar-
adar féin sealbh air, teach nua do thógbháil
le hais siopa an ghréasaidhe, an áit i
bhfuilmid anois.



Is amhlaidh sin do rinneas-sa, agus ní dem'
dheóin, an sean-teach do leagadh ag rinn-
ceadh na raighle fada. Fairíor géar! na
daoine fiala ceanamhla lághacha sin d'
ainmnigheas thuas, Séamus Ó Murchudha,
Pádraig MacGiolla Aindriais, agus an maighi-
stir S., — fuaradar go léir bás ó shoin — go
dtugaidh Dia suaimhneas agus síothcháin d'á
n-anamnaibh. Acht deirim-se libh-se dá ríre
nach bhfuil aon fhocal sa sgéal so acht an
fhírinne ghlan gan cur leis ná baint uaidh
ar aon mhodh.



Clann Chonchobhair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services