Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE
RIFFE.



104. “Do chuadar an laochradh, an méid
do mhair díobh, dá ndúithchibh féin, agus do
thriallas-sa dom ríoghacht féin agus thugas
inghean ríogh Uladh liom, .i. Doirn Déad-
sholais, agus is gearr do mhair sí agam, óir do
fuair bás i gcionn bliadhna, agus atá mac dá héis
agam atá anois i gcionn a sheacht mbliadhan,
agus do mheas mé a chur go hÉirinn ag foghlaim
lúith agus gaisgidh. Acht cheana, i gcionn
bliadhna d'éis bháis mo mhná do chuala mé
ag lucht suaidh agus seanchais agus ag lucht léighte
leabhar gurab ag rígh Inse na mBeó do bhí
an inghean ba bhreaghdha cruth agus dealbh dá
raibh 'san domhan uile, agus gur mhúch a dealbh
ar dheilbh ban an domhain. Iar n-a chlos san
damh-sa, do chuaidh mé dá hiarraidh ar a
hathair mar mhnaoi, agus is é freagra thug sé
orm nach dtiubhradh sé a cumhal coimhdeachta
mar mhnaoi dham. Do ghlac fearg ró-mhór
mé iar gclos an aithisg sin, agus d'iarras
comhrac air. Adubhairt an rí ná rachadh féin
chum comhraic an feadh do bhí an oiread sain
sluagh aige. Annsain adubhras cúig céad
laoch do chur chugam, óir do mheasas gur
ghearr go dtuitfeadh sluagh an dúna go
huile liom ar an modh sain, acht dar do
láimh-se a thréin-mhíle, ní hamhlaidh do bhí, óir
an cúig chéad do mharbhas an lá sain, is iad
do tháinig im aghaidh ar n-a bhárach. Cidh
trácht, do bhí mé ag comhrac leo fiche lá, agus
is iad an mhuintir chéadna tháinig chugam an
céad lá tháinig gach aon lá, agus do bhíodar
comh beó an lá déidheanach agus do bhíodar
riamh. D'fhágas an tír iar-sain go dubhach
droich-mheanmnach, agus ag sin mo sgéal duit a
ghaisgigh,” ar an Ridire Ór-armach, “agus
innis damh-sa anois cia thu féin do rug
buaidh orm.”



105. “Donas agus tubaist ar do bhéal!”
ar Conán, “is iomdha laoch is tréine ná tú
ar ar rug an caith-mhíle sin buaidh, agus bíodh
a fhios agat gurab é Osgar mac Oisín
mhic ríogh na Féinne é, agus ochtar eile d
mhaithibh na Féinne atá i n-a fhochair annso.”
“Is maith liom-sa,” ar an gaisgidheach,
“gurab leis do ráinig treisiughadh orm,
de bhrígh go bhfuil a fhios agam go bhfuigheadh
m'anacal uaidh.” “Níor bh'fhiú le hOsgar
thu mharbhadh,” ar Conán, “ó nár mharbh sé
'san gcomhrac thu.” “Do-gheabhair anacal
uaim-se,” ar Osgar, “agus beir buaidh agus bean-
nacht, óir is ró-bhinn na sgéalta chanais
dúinn.” Do sgaoileadh de'n Ridire Ór-
armach iarsain, agus do chaitheadar an oidhche
sin go subhach soi-mheanmnach go maidin.



106. Is annsain do labhair Osgar agus
adubhairt, “luighim fam' armaibh gaisgidh
nach racha mé tar m'ais go hÉirinn choidhche
go bhfagha mé inghean ríogh Oileán na mBeó


L. 280


mar mhnaoi agus mar bhain-chéile do'n Ridire
Ór-armach.” “Rachad-sa leat,” ar an rí,
“mar aon le sluagh an dúna.” “Ní
thiocfaidh aon duine liom-sa,” ar Osgar,
“acht mo mhuintir féin agus an Ridire Ór-
armach agus an ceathrar eile ridirí-se annso.”
Leis sin cuirid iad féin i gcóir chum aistir,
agus ceileabhraid féin agus an rí dá chéile agus
triallaid na ceithre fir déag sain d'ionn-
saighe luinge Lomnochtáin, agus téid innti agus
ní haithristear a n-imtheachta gur ghabhadar
cuan agus caladh-phor i nOileán na mBeó, agus
ní stad na comhnaidhe do-rinneadar go
rángadar faithche an dúna, agus adubhairt
Osgar le Conán dul mar a raibh an rí, agus a
inghean d'iarraidh mar mhnaoi do'n Ridire
Ór-armach, nó ceithre céad déag dá shluagh
do chur chum comhraic leis na ceithre fearaibh
déag atá ar an bhfaithche. Téid Conán gus
an rí agus d'innis do gurab í a inghean do bhí
uaidh mar mhnaoi do'n Ridire Ór-armach.
“Glór óinmhide nó amadáin do chanair,”
ar an rís, “oir dá mbeadh sluagh an domhain ar
aon láthair, ní thiubhrainn-se m'inghean dóibh
dom aimhdheoin.” “Do chanais bréag mhór,”
ar Conán, “óir ní'l annsúd acht ceithre fir
déag, agus ó nach áil leat í thabhairt uait le
réiteach, freagair comhrac céad do gach
fear díobh, agus chífidh tú cia hé an t-amadán
i ndeireadh an sgéil.” “Do-gheobhaid siad
sain gan cáirde,” ar an rí. Gluaiseann
Conán iar-sain chum a mhuintire, agus ní mór
go raibh aga aige ar a fhreagra d'innsint
an tráth chonnarcadar ceithre céad déag
fear armtha éidighthe dá n-ionnsaighe. Ionn-
suigheann Conán agus a mhuintir iad, agus do
fearadh gleo gáibhtheach eatartha, agus gabhann
Conán agus a mhuintir tríotha amhail seabhaic
tré ealtain de mhin-éanaibh, nó mar
onchoin chraos-osgailte fa thréad chaorach ar
mhachaire réidh ró-fhairsing, go nár fhágadar
fear inniste sgéil beo ar an láthair sin
díobh.



107. “Is beag an tairbhe dhúinn iad sain
a mharbhadh,” ar an Ridire Ór-armach, “Óir
is iad an mhuintir chéadna dhéanfas comhrac
'n-ár n-aghaidh i mbárach.” “Ní hamh-
laidh bheas,” ar Conán, “óir fairfidh mise iad
anocht agus má chorruighean aon duine aca is
é chífeas an t-uathbhás.” Caithid an aimsir
mar sin gur thuit an oidhche, agus do ghluais
Conán go hairm-ghléasta go hionad an
chatha agus do luigh i measg an áir. Níor
bh'fhada do amhlaidh sin, an tan do chonnairc
an tréan-chailleach ag teacht fá'n ár, agus í
armtha éidighthe agus buidéal aici 'n-a láimh, agus
é lán d'íoc slánuighthe, agus dís stócach 'n-a
fochair, agus an tan tháinig chum an chéad fhir
do bhí marbh, do chuimil cuid de'n digh do
bhí 'san mbuidéal dá bhéal, agus do phreab 'n-a
sheasamh, agus do chuimil do'n dara fear agus mar
sin do thóg í sí seisear de phreib. Preabann
Conán 'n-a sheasamh agus adubhairt, “A Chailligh
mheirgigh mhí-sgiamhaigh! ná tóg aon duine eile
dhíobh sain, óir ní fhaca mise aon duine dár
mharbhas riamh 'n-a bheathaidh arís agus ní maith
liom a fheicsint anois.” Ní sgannradh ná
eagla do ghlac an chailleach roimh, acht a
claidheamh a tharraingt amach agus a haghaidh do
thabhairt ar Chonán, agus do-rinneadar comh-
rac feigh fuilteach faobhrach calma cródha
croidheamhail comh-uaibhreach móir-bhéimeann-
ach, agus do mhéaduigh an comhlann ar Conán,
ionnus go raibh dá thraochadh go mór, agus an
tan do mhothuigh an chailleach sain do theilg
a claidheamh agus a sgiath uaithi, agus do rith chum
Conáin agus do rug cruaidh-ghreim fa n-a chom
air, agus do thóg sí suas ar mhail a gualainn
é, agus do bhuail fa lár fúithi é, agus do cheangail
go cruaidh daingean do-sgaoilte é, agus do
chuir ar mhuin duine dá stócachaibh é, agus
adubhairt leis é chur fa'n rígh-cheangal dá
phianadh, agus annsain d'aithbheidhuigh sí an
sluagh uile.



108. Do ghluais an fhiadh-chailleach chum an
dúa agus chuaidh mar a raibh Conán agus adubhairt
leis, “a Chonáin, atá sé ar do chumas féin
fóirithin ort féin anois ó'n móir-éigean i
n-a bhfuilir, óir is mise máthair ríogh na tíre


L. 281


seo agus má phósann tusa mé gheobhaidh tú
t'anam, agus muna bhfuil tú sásta leis sin,
luighim fam' armaibh gaisgidh go dtiubhrad
bás anuasal duit.” Is amhlaidh bhí an
chailleach sain, bhí trí horlaighe in gach stair-
fhiacail léi, agus a pus íochtarach ag iompódh
anuas ar a smigín, agus a dá shúil sluigthe trí
horlaighe siar 'n-a cheann agus iad ag sír-shileadh
brachaidh agus fola, agus do bhí ceithre horlaigh ar
fad in gach iongain dá raibh uirthi agus do bhí
oiread duirn rígh-mhíleadh do chnap i gclár
a héadain, agus oiread corcáin do chnap i gclár
a hocht agus an toirt chéadna idir a dá
shlinneán agus do sheasfadh mór-ubhall ar gach
ruibe dá folt garbh slim ciardhubh, ionnus
gur bh' adhbhar sgannraidh a feicsin.



109. Do labhair Conán agus is é adubhairt:
“dar mo bhriathar, a chailligh ghránna, an bás
is tarcuisnighe dár tugadh d'aon duine
riamh, go mb'fhearr liom a fhulang ná do
shamhail-se d' oillphéist diabhlaidhe do phósadh,
nó fós a bheith le rádh ag fearaibh ná mnáibh
Éireann gur ceangladh mé le sean-mháthair
ríogh Oileáin na mBeó.” Annsain do labhair
an chailleach go ceannsa le Conán agus adu-
bhairt. “Má phósann tú mé a rígh-mhíle
muirfidh mé an rí go n-a bhantracht, agus
déanfad rí dhíot féin ar an oileán so.”
“Dá ndéantá rí ar an domhan díom,” ar
Conán, “ní he amháin tu phósadh, acht ní
bheinn ag féachain ort.” Annsain do ghlac
buile agus olc an chailleach, agus tógann Conán as
an áit 'n-a raibh, agus do chuir fá'n rígh-cheangal
nimhe é, mar a raibh gach braon ag dul go
cnáimh ann, agus an phian ag dul go croidhe air,
ionnus go raibh ag búithre go huathbhásach
mar tharbh buile.



110. Cidh trácht do b'iongnadh le muintir
Chonáin a fhaid do bhí sé gan teacht, agus téid
go háit an chomhraic agus chonnarcadar gur
haithbheodhadh an lucht do mharbhadar an lá
roimhe sin, agus smaoinid 'n-a n-aigneadh gur
cailleadh Conán. Acht cheana na fir do thuit
leo an lá roimhe sin, d'ionnsuigheadar iad
go calma an dara lá, ionnus gur traochadh
leo ar an láthair sin iad, acht aon laoch
amháin d'fhuaduigh Osgar ó chlaidheamh Ghuill,
d'fhiafruigh dhe créad d'aithbheodhuigh an
sluagh. D'innis an t-óglach gurab í an
chailleach d'aithbheodhuigh iad. Do léigeadar
uatha é iarsain agus adubhairt Osgar go
bhfairfeadh féin an dara hoidhche sin dóibh.
Adubhair Diarmaid agus Goll go bhfairfidís
féin mar aon leis.



111. Ghluaisid rómpa go láthair an chatha
agus luighid i measg an áir, agus níor chian dóibh
ann go dtáinig an chailleach agus a dís stócach,
agus níor léig Osgar di do thógáil acht dís an
tan do chuaidh 'n-a comhdháil, agus sgannradh
ná eagla do ghabh í, acht a claidheamh a
tharraingt, agus a haghaidh do thabhairt ar Osgar,
agus rinneadar comhrac feigh fuilteach fíor-
chalma reachtmhar ró-ghoinnech, agus bhíodar ar
an leadradh sain aimsir imchian, iunnus go
raibh an chailleach dá claoi, go dtug Osgar
béim claidhimh dá hionnsaighe, gur mheas an
ceann do bhuain dá colainn do'n bhéim sin.
Gidheadh do thug an chailleach baoith-léim ar a
cúl, ionnus go ndeachaidh seacht gcéimeanna
do'n bhaoith-léim sin, agus ó neartmhaire na
móir-bhéime sin gur thuit an claidheamh as a
láimh chum talmhain ó Osgar agus an feadh do
bhí sé ag tógáil an chlaidhimh do rith an
chailleach chum siubhail. Do mharbh Diarmaid
agus Goll an dá stócach agus an bheirt d'aithbhe-
dhuigh an chailleach, agus mar chonnarcadar go
raibh an chailleach ag imtheacht do luas cos ó
Osgar rithid 'n-a diaidh, agus ar mbeith dhóibh
ró-dhian uirthi 'san tóir do thimcheall sí an
dún fa naoi mar nach féadfadh sí dul isteach
ag a fhoigseacht do bhíodar an laochradh dhi.
Annsain do ghabh Goll 'n-a coinne agus an dís
eile 'n-a diaidh, agus iar dteagmháil ar a chéile
dhi féin agus do Gholl do fearadh gleo fuilteach
eatortha agus comhrac calma créachtach, fa mar
do bhí an chailleach chuirpthe chnapach, máthair
ríogh Inse na mBeo, agus Goll mear-chalma
mac Mórna.



112. An tan do mhothuigh an chailleach í


L. 282


féin dá claoi ag Goll, d'iompuigh sí uaidh agus
do léig sí í féin 'n-a réim ró-reatha, agus ní
fada do chuaidh an tan do theangmhuigh
Diarmaid agus Osgar uirthi, agus do shíleadar í
bheith teanntuighthe aca, gidheadh d'éirigh sí de
léim éadtrom inneallta ionnus go ndea-
chaidh sí os ceann Diarmada agus Osgair tharsa
amach i bhfad ar an bhfaithche, agus léig í féin ar
siubhal go troigh-éasgaidh. Gidheadh d'fhill
Diarmaid ó Duibhne uirthi go tapaidh agus do
lean ins an tóir í agus an Chraoiseach Dhearg
beartuighthe 'n-a gheal-dóid aige, agus thug rogha
urchair de'n tsleigh fúithi, gur chuir fad
láimhe laoich dhi idir crann agus iarrann tré n-a
croidhe. Do chuir an chailleach ar dtuitim
di fiaidh-sgread aisiti ba chlos ar feadh an
dúna uile agus do bhaineadar a ceann di, agus
chuireadar ar chuaille é ag doras an dúna.
Annsain triallaid tar a n-ais chum a
muintire agus thugadar sgéala na caillighe
dhóibh agus ba luthgháireach iad ó na sgéalaibh
sin.



113. Dála an ríogh, an uair do chuala
sgread na caillighe, d'aithin gurab marbh do
bhí sí, agus d'éirigh as a leabaidh agus do chuir
comhchruinniughadh ar a shluaghaibh, agus dob' iomdha
gaisgidheach galach agus laoch láidir lán-chalma
i ndún an ríogh an tan sain. Iomthúsa
Fiann nÉireann, ar an gcéad amharc do'n
lá ar n-a bhárach thángadar i n-aghaidh na
cathrach, agus do bhíodar-san i n-inneall catha
rómpa. Leis sin téid Fiann Éireann agus an
ceathrar gaisgidheach ón Domhan Toir do
tháinig leo agus an Ridire Ór-armach tríotha agus
fútha mar do gheabhadh fiolar tré sgata
colm, agus ba samhail le gairbh-eas glórach an
tréan-ruathar thugadar ortha. Acht cheana
do b' é críoch an mhóir-ghleo sain muna
ndeachaidh fear 'san aer suas nó síos i
ndoimhnibh na talmhan, níor imthigh neach dhíobh,
acht amháin an rí agus beagán dá mhuintir do
chuaidh 'n-a raon madhma do'n dún agus iathaid
geataoi an dúna ortha féin. Raobaid agus
brisid Fianna Éireann agus marbhadh gach n-aon
dá dtárla leo, nó go ndeachadar mar a
raibh an rí, agus do bhriseadar an cró catha do
bhí dá anacal, agus thug Osgar sighe sanntach
dá ionnsaighe agus iadhann an dhá láimh leabhaire
lán-árrachta 'n-a thimcheall, gur bhuail
fo thalamh é agus do cheangail go cruaidh
dochraideach é. “Ná marbh mé,” ar an rí,
“agus gheobha tú cíos agus cáin uaim feadh mo
shaoghail, agus m'inghean mar mhnaoi do'n
Ridire Ór-armach.” “Luighim-se fam' armaibh
gaisgidh,” ar Diarmaid, “nach fágfair an
áit seo go bhfaghad-sa Conán.” “Dogheo-
bhair,” ar an rí. Leis sin do cuireadh
teachtaire ar cheann Chonáin, agus iar dteacht i
láthair do, do sgaoil Osgar de'n rígh.



114. Is amhlaidh do bhí Conán agus é straoilte
spolta 'n-a chneadhaibh dearga ó'n gceangal
nimhe agus a bhéal a phluca agus a smigín go léír
pollta ó stair-fhiaclaibh na caillighe. “Dar
mo bhriathar,” ar Diarmaid, “is olc a chuaidh
comhrac na caillighe dhuit, a Chonáin, agus is
measa 'ná sain do chuaidh a tochmharc duit,
óir atá an béal itthe dhíot aici.” “Luighim
i bhfiadhnaise m' arm,” ara Conán, “muna
mbeith mé fann lag ocrach gan biadh gan
deoch, an teanga tuisleach adubhairt an
baoth-chomhrádh sain le fonomhaid liom go
ndéanfainn a sracadh agus a raobadh as do
bhéal amach, agus, a Dhiarmaid na mBan ba chóra
dhuit biadh nó deoch a thabhairt chugam 'na
bheith ag maoidheamh na caillighe orm.”
Annsain thug Diarmaid biadh agus deoch chuige,
agus do chaith Conán a sháith dhíobh. “A Chonáin,”
ar Diarmaid, “is cneadhach atá do bhéal agus is
creimthe atáid do phluca agus is mór an t-at
ata it aghaidh, agus má's iad póga na caillighe
do chréathnuigh mar sin tu is mór an tsearc
do bhí aici dhuit.” “Na huile díombáidh
orm,” ar Conán, “aon duine thráchtfas
focal liom níos mó ar chomhrac nó ar
thochmhairc na caillighe diabhlaidhe, go ndéan-
fad min-ghreameanna dá chorp, agus mar an
gcéadna ná rachad do chomhrac le haon
chailligh go lá deiridh mo shaoghail uile.



(Tuilleadh.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services