Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes and Queries.

Title
Notes and Queries.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 230



NOTES AND QUERIES.
(283). In “Trí Bior-ghaoithe," p. 196, 12, we read as
follows: Ag buan tlaicht taithneamhaigh na ngrás De
le claidheamh na coire. I think it is clear for De we
should read de (prep. pron.) - Mac Tire.



(284). Bhíos ag léigheadh “An Scéalaidhe Ghaodh-
alaigh” le déidheanaighe agus chonnaic mé roinnt
d'fhoclaibh ann, nár mheasas do bheith thíos i gceart ag
an úghdar. 'Seo cúpla dhíobh,
“dubhairt sé … cia BHÍ sé féin”
“Bhi a mhac an fear do b'fhearr de'n méad sin”



Tá nótaoi beaga ag ceann gach sgéil sa leabhar dá radh
gur sgríobhadh síos díreach iad gan aon fhocal d'athru-
ghadh, ó bhéal na ndaoine d'aithris do'n úghdar iad, acht
do réir leabhrain an Athar Peadair Ua Laoghaire .i.
“Is agus Ta” creidim nach feidir do Ghaedhilgeoir ar
bith a leithéid do rádh ar aon chuma. Is mór an iontaobh
bhíos agam ins an Athair O Laoghaire, mar gheall ar an
méad eolais atá aige ar a theangaidh féin, acht ní'l mé
acht ag foghlaim na Gaedhilge, agus ba mhaith liom a
fhios do bheith agam, cadé do bhreathnuighadh ar an
sgéal. An bhfuil na focla thíos sa gceart? nó, an dóigh
leat gurab féidir le Gaqedilgeoir “Is” do chur in áit
“Tá” nó “Tá” do chur in áit “Is” d'aimhdheoin a
bhfuil ráidhte ag an rí-sgoláire an t-Athair Pl
O Laoghaire?



AN BUACHAILLIN BUIDHE.



[Ni mheasaim go bhfuil an chaint thios i gceart sa'
leabhar. Ni chuala riamh acht “cé' bh' é féin?” “b'é
(nó, budh é) a mhac an fear dob' fhearr.” — F. an I.]




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services