Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Fear a Chuir Cluain ar an mBás.

Title
An Fear a Chuir Cluain ar an mBás.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mhagruadair, Tomás
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN FEAR A CHUIR CLUAIN AR AN
MBÁS.



Bhí fear ionn aon uair amháin
agus is cuma gá hacu bhí nó nach
rabh. Bhí beirt mhac aige.
Nuair a bhí se ag
fághail bháis, shoc-
ruigh se: d'fhág se
a roinn fhéin aige gach
fear acu. Thárlaidh fear
acu a bheith saidhbhir, agus an
fear eile dócrach bocht agus bhí muirighin mhór
chloinne aige. Bhí mac óg aige n-a mhnaoi agus
chuaidh sé a chuartughadh cáirdeas' Críosta dó.
Nuair a chuaidh píosa de'n mbóthar, chas fear
in-sa' ród air. D'fhiostruigh se de gá rabh
se ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a
chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a
churtha faoi n-a mhac.



“Tabhair mise leat,” ars' an fear.



“Gá hé thusa?”



“Mise Rí an Domhnaigh.”



“Cha dtugaim-sa thusa liom.”



Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile
air, agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul,
agus dubhairt se leis go rabh se ag dul a
chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a
churtha faoi n-a mhac.



“Tabhair mise leat.”



“Gá he thusa?”



“Mise Mac Dé.”



“Cha dtugaim-sa thusa liom,” ars' an
fear; “tá tusa ag fágáilt móráin de'n
tsaoghal aige cuid acu, agus an chuid eile ar
ghann-chuid.”



Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile
air agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul.
Dubhairt se go rabh se ag dul a chuartughadh
cáirdeas' Críosta d'á chur faoi n-a mhac.



“Tabhair mise leat.”



“Gá hé thusa?” ars' an fear.



“Mise an bás.”



“Tusa an fear a bhearas me liom. Is tú
is cniosda ar bith. Bhearann tú leat iad
as an éadan ó'n rígh go dtí an bacach. Cha
ghlacann tú duais ó aon dhuine.”



Chuaidh sé leis an pháisde, le n-a mhac, agus ar a
philleadh, dubhairt se leis go bhfuigfeadh se
dóigh bheathadh air. Dubhairt se leis go
mbéidheadh se 'na dhoctuir, agus duine ar bith a
bhfeiceadh se eisean aige n-a chionn gan
glacaint le n-a léigheas acht a thabhairt suas
le bás, agus duine ar bith a bhfeiceadh se aige n-a
chosaibh é, é ghlacadh le n-a léigheas, agus go
bhfuigheadh se biseach.



Bhí se ag léigheas gach duine as an éadan
ar ghlac se le n-a léigheas. Cha rabh doctuir
ar bith in-san áit ab' fhearr 'na e, go dtainic
se chuige rígh a bhí le bás agus cuireadh fios air
le n-a léigheas.



Nuair a chuaidh sé chuige, fuair se an bás
aige n-a chionn. D'órduigh se ceathrar chuig
an leabaidh, agus an rí a thionntodh, agus a chionn a
chur chuig an áit i rabh a chosa. Léigheas se
an rí annsin, agus nuair a bhí se ar a philleadh
a bhaile, chas an bás leis agus dubhairt se leis
fághail réidh go dtiocfadh se leis i n-áit an
ríogh. Dubhairt se leis téarma eile thabhairt
dó go socrachadh se eadra n-a bhean agus a
chlann sol mur n-éagfadh se. Thug se
téarma eile dó. Nuair a bhí an téarma
sin suas, thainic an bás chuige aríst.
Dubhairt se leis fághail réidh go dtiocfadh
se leis. Dubhairt se leis am a thabhairt
dó fá n-a phaidreacha rádh. Dubhairt an
bás leis go mbearfadh agus dubhairt se leis
an mbás nach ndéarfadh se an phaidir go
bráth.



Seal 'na dhéidh sin, bhí se ag teacht i n-éis
a bheith aige duine uasal d'á léigheas, agus in-
sna páirceannaibh glasa chas gasúr beag air


L. 512


agus é buailte brúighte strócthaí lán-treadhach.
Thóg an doctuir suas é agus ghlan se agus nigh se
an fhuil de agus d'fhiostruigh se de goidé rug
annsin e. Dubhairt se leis gur bhuail a
gháid agus a mháthair ar shiubhal e, nuair nach
dtiocfadh leis a phaidreacha rádh, agus gur
bhuail an tarbh mór sin thall e agus gur sheas se
uilig air. Chuaidh an doctuir a fhoghlaimt
a phaidreacha dó, agus d'éirigh an bás agus dubhairt
se go rabh se an t-am dó éirghe agus a theacht
leis anois nuair adubhairt se a phaidreacha.



Tagra



Tomás Mhagruadair d'innis ar Chairgeach lios na
n-áirneach i bhFearnmhuigh. Cáirdeas Críosta, a sponsor.
Gann-chuid, scanty possessions or property, poverty.
Ní hannamh an comhfhocal so d'á chleachtadh i Muin-
eachán. Cniosda (criosda) = cneasda. Bhearann tú =
do-bheir tú, nó do-bheirir. As an éadan .i. go hiom-
lán. Dóigh bheathadh = slighe bheathadh livelihood. Glac-
aint = glacadh. “Liobaidh” atá ann i n-ionad
“leabaidh” agus “teanntádh” i n-ionad “tionntódh.”
Sol mur = sul, before (with verbs). Go mbearfadh =
go dtiubhradh. Lán-treadhach, “torn and sore, covered
with wounds;” cf. “Treadhma, wounds,” and perhaps
“treaghda, a hurt,” O'R. Bhuail … ar shiubhal: nó
dhíbir, &c. Gur sheas se uilig air, that he trampled
him all over. A fhoghlaimt = d'fhoghlaim .i. do mhúnadh
nó do theagasg ó cheart.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services