Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Celtia. March and April 1901.



Tuathal mór an chéad rud do-chímíd ins an bpáipéar
so, ar n-a fhosgailt dúinn, sin é "Ionnan" i n-ionad
"Ionann". Dá gcuartuigheadh an t-eagarthóir "Na
seacht sean-leabhair" agus gach aon leabhar nach iad, ní
bhfuigheadh sé bun ná baránta, adhbhar ná ughdarthás le
h-"Ionnan." Acht bíodh aige. Is dócha go gceapann
sé é bheith go lán-cheart agus é chur i n-urthús an pháipéir.



Tá a lán de rudaidhibh taitneamhla ins na huimh-
reachaibh seo, go mór-mhór Kan Broaduz Breiz-Izel
(dán tíorthamhail na mBreatún) agus tionntodh ó'n
mBreathnais ag Tórna. Tá trácht ó'n Ruiséalach ar
Leabhar Déir. Ins na sgéilíníbh atá i nGaedhilg Mhan-
ann do-chímíd "feur" d'á litriughadhi n-aghaidh "feayr"
(fuar). Ní ceart soin. "Faor (för)" an focal do-
bheir an Manannach leis.



GAELIC LEAGUE PAMPHLETS. No. 10. The Reign of
Humbug. By Agnes O'Farrelly, M.A.



Seo chugainn ceann eile de na leabhairíníbh foghanta
Saicsbhéarla atá ag déanamh oibre maithe i dtaoibh
aigeanta na hÉireann do chur ar bhealach a leasa.
Ní leigthear a leas an ban-ughdar do mholadh. Tá
fhios ag an saoghal gur féidir le n-a leithéid-se ceann
maith do chur ar éin-sgéal. Tuigeann sí an galar agus


L. 96


tuigeann sí cionnus is inléighiste é. Is fíor di gach
focal. 'sé Riaghaltas na Ráiméise ar feadh an chéid
seo chuaidh thorainn d'fhág Éire i n-anchruth agus i n-anshógh
fá mar atá sí anois. Ní'l a athrach de leigheas acht
Ath-Ghaedhilgiughadh na hÉireann. I dtaobh na himirce
tar lear, tá a lán di sin d'á déanam anois gan fáth
ar bith. Is iomdha cailín caoin agus buachaill breagh
Gaedhealach chuireas rompa dul go dtí an t-Oileán Úr
anois as ucht go bhfuil mórán d'á gcáirdibh gaoil ann,
agus ní bhíonn ortha acht dul ag triall ortha agus fanamhaint
'na bhfochair go bhfaghaidh siad obair éigin, agus is minic
an dream atá 'na gcomhnaidhe 'san Oileán Úr 'gá
thathbhaint ortha teacht anall chuca. Badh cheart go
ndéanfaidhe gach aon iarracht ar aos óg na hÉireann
do chongbháil 'sa' bhaile, acht is deacair doiligh dhúinn é
go fóilín beag. Muna maith linn féin ár dtír chaoin-
réidh mhín-sgothach chaomh-álainn féin do bheith i seilbh an
Dubh-Shasanaigh nó an Iúdaidhe atá ag síor-theacht isteach
innte le fíor-dhéidheanaighe, caithfimíd an iarracht sain
do thabhairt uainn. Acht atá súil le Dia againn go
bhfuilimíd ag tosnughadh anois ar bheith ar athrach sgéil
thar mar do bhímís. Beidh an Gaedheal i n-áirde fós agus
ólfar deoch air, dálta mar atá 'sa' tsean-rádh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services