Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aisde Nua-Dhéanta. Na Díbearthaigh.

Title
Aisde Nua-Dhéanta. Na Díbearthaigh.
Author(s)
Ua Néill, Éamonn,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 103


NA DÍBEARTHAIGHE.



Dráma éin-ghníomha.



Dramatis Personae:
AODH RUAD UA NÉILL.
AODH ÓG, A MHAC.
UAISLE NA hÉIREANN.
TEACHTAIRE.
LIAIGH.
ÓGLAOCH.



Áit. - Cathair na Rómha i dtosach na seacht-
mhadh aoise déag, thar éis teichidh na
nIarlaí as Éirinn.



Radharc I.
(Seomra mór i mBruighin Salbhiati i gCathair na
Rómha.)



AN CHÉAD UASAL. Nach fíor-chaoin
fáilte fuaramar ó mhuinntir na Rómha?


L. 104


AN DARA hUASAL. - Is lághach na daoine
iad, agus is maith is eol dóibh an troid do rin-
neamar i nÉirinn ar son an Chreidimh.



UA NÉILL. - Seadh, agus fuathann siad na
Sasanaigh agus a rí bréagach chomh maith linn
féin. Acht, a cháirde, is beag sólás thug an
fháilte sin dom. Ní féidir linn bheith sásta
le fáilte na Rómhanach, ná fós le tabhartas
an Phápa féin, siúd is gur cáirde maithe
dhúinn iadh. Ní féidir ar gcroidhe do líonadh,
agus Éire ar dtír bhocht bheith i bhfad thar sáile
uainn.



AN CHÉAD UASAL. - Bíodh misneach agat,
a Niallaigh! Tá an lá ag breacadh cheana
féin. Is cinnte go bhfuighmid sgéal maith
ó'n Spáinn i gceann tamaillín. Tá Rí na
Spáinne, agus an Pápa féin ag taobhughadh linn.
Tá ar mhuinntear i nnÉirinn féin ag oibriughadh
ar lán a ndíchill chum iad féin do chosaint,
agus chum buille ar aghaidh do thabhairt. Níl aon
chúis gearáin againn. Buaidhfimid dá dheir-
eadh.



AN DARA hUASAL. - Seadh, a Niallaigh!
Bí bródach ríméadach asat agus as d'ainm clú-
mhar. Is geárr anois go mbéidh athrughadh
sgéil againn. Nach bhfuil fhios agat go
bhfuiltear ag ullmhughadh cabhlaigh mhóir dhúinn
'san Spáinn - cabhlach mór chuirfeas crith-
eagla i lár croidhe Eilíse, agus chuirfeas an
Lámh Dheas Dhearg i n-áirde i nUltaibh arís.
Níl an sgéal chomh dona soin ar aon chor.



UA NÉILL - Táim buidheach ar son an
tsóláis atáthaoi thar éis thabhairt dom; acht
táim ag éirghe aosda anois. Níl neart ná
fuinneamh im' ghéagaibh mar bhí. Tá mo chroidhe
dubh-sgamallach, agus tá sgáil mhór ag teacht
anuas orm. Tá faitchíos orm nach bhfeic-
fead-sa tráigh bhán na hÉireann choidhche, agus
gur geárr go mbead im' luidhe san uaigh
i bhfad ó mhachairíbh agus ó ghleanntaibh Thíre
Eoghain. Is brónach atáim-se, a cháirde!



AN CHÉAD UASAL. - Ná habairm ná habair
sin, a Niallaigh. Bí dóchasach. Ní geárr
go bhfeicfimid-ne go léir talamh na hÉireann
arís. Tá an lámhuachtarach ag ar náimhdibh
anois, acht ní bhéidh sé mar sin go bráth. Tá
tú ag éirghe aosda gan amhras, mar atá-
mhuid-ne go léir; acht tá tú chomh láidir agus
chomh luthmhar anois agus bhí tú deich mbliadhanta
ó shoin, nuair chuiris an dearg-ruathar ar
Bhagnall agus a shluagh ag Béal an Átha Buidhe.
Acht muna bhfuil sé i ndán duit teacht ar
ais fá lán-bhuaidh go Tír Eoghain, tá do mhac,
Aodh óg, agat. Béidh sé ina árd-thighearna
annsin fós. Méadóchaidh sé clú Chloinne
Néill, agus cuirfidh sé an ruaig ar a náimhdibh.
Ní ceart ná cóir bheith mío-dhóchasach mar
atáir. Táim cinnte dearbhtha go gcabhróchaidh
Rí na Spáinne linn, agus gur geárr go mbéidh
an sgéal socruighthe againn.



UA NÉILL. - Go dtugaidh Dia gur mar
sin bheas sé. Cuirim-se mo dhóchas ar fad
im' mhac. Is air-sean bheas clú ar sinnsir
do chongbháil beo, agus is as Aodh óg bheas
muinighin agam feasda. Acht, cá bhfuil sé
anois?



AN DARA hUASAL. - Tá sé thar éis dul
síos chum Ua Domhnall d'fheiceáil. Tá Ua
Domhnaill an-lag anois, agus tá faitchíos orm
gur geárr go bhfuighidh sé bás.



UA NÉILL. - A Dhia thrócaireach! dearc
síos orainn, agus cabhruigh linn. Ua Domhnaill
i riocht bháis! An mac is uaisle atá agat,
a Éire, ag dul i n-éag. Go gcuiridh Dia ar
bhealach a leasa é! Brostuighidh oraibh, a
cháirde,caithfimid dul síos chuige ar ball.
Go dtugaidh Dia go mairfidh sé!



Exeunt omnes.



Radharc II.



(Seomra i mbruighin eile i gCathair na Rómha).



UA NÉILL. - Marbh! marbh! Ua Domhnaill


L. 105


go faon ina luighe marbh! A Dhia, cad
a dhéanfad-sa? Croidhe na féile! plúr na
calmachta! An t-aigneadh do b'uaisle, an
lámh ba láidre, an intinn ba ghéire! A Éire,
cad a dhéanfair gan é? A mhuinntear
Dhúin na nGall, cad a dhéanfas sibh gan
bhar dtaoiseach tréan? A cháirde go léir,
cad a dhéanfamaoid-ne gan a chabhair, agus a
chomhairle chríonna, gan a lámh láidir, gan a
chroidhe cródha?



AN CHÉAD UASAL. - Is éachtach an bás, agus
níl aon dul ina choinne. Is brónach lag-
intinneach atá Éire indiu thar éis a taoiseach
bheith go fann. Níor réidhtigh leis aer na
hIodáile. Chuirfeadh sidéog gaoithe as Dún
na nGall ar fheabhas é. Acht ní mar sin bhí
sé ceapuighthe ag Dia. Duadh agus doghraing
a bhfuair sé i bhfus, acht tá a luach saothair
aige thall.



ANN DARA hUASAL. - Bhí a chroidhe briste.
Níor fhéad sé an díbreadh d'fhulang. Tá sé
caillte againn anois, acht rachaidh duine eile
isteach ina ionad. Níor theastuigh ó Éirinn
riamh saighdiúirí tréana calma uaisle, agus ní
theastóchaidh anois. Siúd is gur brónach
atámuid, caithfimi dumhlughadh do thoil Dé.
B'é a thoil Ua Domhnaill do bhaint ó thalamh
uainn; acht ní thréigfidh Sé Éire, bhí chomh
díleas Dó, agus d'á mháthair, Muire.



UA NÉILL. - (gan aire 'thabhairt dó.) -
Cuirfear anois é i n-uaigh bhreágh uasal i
dTeampall Naoimh Pheadair, i gceartlár
Cathrach na bPápa, acht i bhfad ó fhuaim na
fairrge feargaighe, agus i bhfad ó chnocaibh
glasa a thíre féin. B'fhearr leis féin bheith
ina luighe ar thaoibh cnuic áird i nDún na
nGall, agus guth na gaoithe, agus osnadh na coille
móire bheith ag cantain os cionn a uaighe.
An mar sin bheas mo sgéal-sa? An gcuir-
fear mise i dtalamh iasachta? An é nach
bhfeicfead-sa Tír ghlas Eoghain choidhche? An
éigean dom luighe i bhfad uiathe go lá an
bhreitheamhnais féin? A Dhia, ní fhéadaim a
thuilleadh d'fhulang.



AN CHÉAD UASAL. - Tá sé ar shlighidh na
fírinne anois, agus tá suaimhneas síorraidhe
aige. Támuid-ne fágta ina dhiaidh, agus caith-
fimid leanmhaint d'á obair. Béidh a spiorad
uasal ag tabhairt treise agus misnighe dhúinn
'san troid atá le teacht. Tóg suas do
chroidhe, a Niallaigh; is tusa ar dtaoiseach,
agus ar gceannphort; is ionnat-sa chuirimid ar
ndóchas. Béimid ag troid taobh le taoibh
leat go fóill ar son na hÉireann faoi'n
Láimh Dheis Dheirg. Buaidh agus treise leis an
Láimh Dheis Dheirg!
Exeunt.



Radharc III.
(Seomra mór i mbruighin Salbhiati).



AODH ÓG UA NÉILL - A athair, cia an
fáth 'bhfuil tú chomh brónach soin indiu. Tioc-
faidh sgéal maith ó'n Spáinn i gceann na
seachtmhaine. Músgail do mhisneach. Béidh
an báire linn go fóill.



UA NÉILL. - A mhic mo chroidhe, ní bhead-
sa i bhfad i ndiaidh Uí Dhomhnaill. Tá fait-
chíos orm nach dtiocfaidh an congnamh i n-am,
má thiocfaidh sé ar chor ar bith. Cad tá ag
congbháil an teachtaire?



AODH ÓG. - Táim cinnte go dtiocfaidh
sé i gceann na seachtmhaine. Tháinig teacht-
aire chum an Phápa ó'n Spáinn an lá fá
dheireadh agus dubhairt sé go raibh an cabhlach i
n-aice le bheith réidh, ag imtheacht dó. Nach
breágh an sgéal é, a athair?



UA NÉILL. - Is breágh, acht ní fheicfead-
sa é, agus is ort-sa bheas a stiúrughadh chum
Éireann, agus na daoine do bhrostughadh. Táim-
se lag aosda anois, agus is geárr go mbéidh
deireadh liom. Cuirim mo dhóchas ar fad
ionnat-sa. Is ort-sa bheas náimhde na


L. 106


hÉireann do sgrios amach; is ort-sa bheas
an sean-ainm ónórach, - "Ua Néill" - do
chaitheamh, nuair bhead-sa imthighthe as an
tsaoghal. Tá na huaisle atá annso san
Róimh, agus ar ndaoine féin i bhfad i gcéin
i nÉirinn ag brath ort mar thaoiseach, agus mar
árd-fhlaith. Is tú an mac is sine atá agam.
Is tú mo rogha mar cheannphort na nGaedheal.
Coingbheóchair clú ar sinnsir, agus ónóir ar
n-anma. Is tusa thógfas suas arís bratach
na Láimhe Deirge: is tusa chuirfeas an
ruaig ar an Sasan-treibh, agus ar treód Eilíse.



AODH ÓG. - Mise, a athair! nach tusa an
Niallach?"



UA NÉILL. - Ní ceart dhuit é sin do rádh.
Muna mairfir, is bocht cás na nGaedheal.
Níol ionnam acht buachaill gan eolas ar
chleasaibh na Sasanach. Ba chóir dhuit bheith
misneamhail. Níl tú i ngar do'n bhás ar
chor ar bith; agus cuirfidh an teachtaire ó Rígh
na Spáinne spiorad agus misneach nua ionnat.



UA NÉILL. - Nach bhfeiceann tú go bhfuilim
ró-aosda, ró-lag anois chum troid mhaith do
dhéanamh ar son na hÉireann? Is beag
maitheas dhéanfadh seanóir mar mise d'á thír
anois. Tá dóchas na hÉireann ins an aos
óg. Tá fáilte d'á réidhtiughadh cheana romhat
ag muinntir Thíre Eoghain.



AODH ÓG. - Ná habram a thuilleadh ina
thaoibh sin, a athair. Béidh an Cabhlach Spáinn-
each ullamh i gceann míosa nó mar sin, agus
'sé an Niallach atá ann anois rachas go
hÉirinn chum a chuid féin d'fhagháil arís.



UA NÉILL. - Bhfuil súil ag na Sasanaigh
i nÉirinn linn arís?



AODH ÓG. - Tá faithcíos orm go bhfuil.
Is iomdha brathadóir Sasanach atá 'san
Spáinn, agus fós i gCathair na Rómha féin.
Táid in gach uile áit.



UA NÉILL. - Is cuma linn, má tá na
daoine i nÉirinn ullamh, agus claidhmhte na
Spáinneach géar. Acht, cad tá ort, a Aodh?
Ní fhéachann tú go maith.



AODH ÓG. - Táim rud beag tuirseach.



UA NÉILL. - Ní réidhtigheann an áit seo
leat. Caithfidh tú aire thabhairt dhuit féin.
Leig do sgíth anois ar feadh tamaillín.



AODH ÓG. - Déanfad sin, a athair.
Exit.

UA NÉILL. - An buachaill bocht! tá sé
tuirseach, agus tá an iomarca imnidhe air. Tá
an aimsir an-bhrothalach. Is truagh gan
sideóg gaoithe as sléibhtibh Uladh!
Exit.



Radharc IV.
(Seomra i mbruighin Salbhiati).



UA NÉILL. - Níl Aodh ag dul i bhfeabhas
ar aon chor. Tá an t-éagcruas d'á mharbhadh.
An bhfuighidh sé bás? Go dtugaidh Dia nach
bhfuighidh! Níl aon splannc solais anois.
Tá an spéar ag éirghe níos dorcha ó ló go ló.
Gan Aodh, ní bheadh ceannphort ná taoiseach
ag Clannaibh Gaedheal; ní bheadh ceann d'a
chineadh le seasamh san mbearnain ar son na
hÉireann. Bhfuil sé i ndán duit, a Éire,
bheith faoi smacht faoi bhrón go bruinne an
bhrátha? Tá mo chroidhe ag briseadh le teann-
adh dóláis.



(Tig óglaoch isteach.)



ÓGLAOCH. - Teachtaire ó'n Spáinn, a
Niallaigh!



UA NÉILL. - Seól isteach é gan mhoill.



Exit óglaoch.



Fá dheireadh! Fá dheireadh! Tá súil le Dia
agam go bhfuil sgéal maith aige.



(Tig an teachtaire isteach.)



TEACHTAIRE. - Slán agus beannachadh chugat
ó Rígh na Spáinne.


L. 107


UA NÉILL. - Gur'b amhlaidh dhó. Cia an
sgéal atá agat? Bí mear.



TEACHTAIRE. - tá brón ar an Rígh gur
theip sé air an cabhlach do réidhtiughadh. Bhí
éirghe amach i n-iarthar na Spáinne, agus is ar
éigin chuir sé síos é. Rud eile, tá cruinn-
eolas ag na Sasanaigh ar a raibh d'á dhéanamh
againn 'san Spáinn, agus agaibh-se annso i Róimh.
Deir an Rí nach bhfuil sé láidir a dhóthain go
fóil dul i n-aghaidh Ríogh na Sasana. Bhéar-
faidhe an bhuaidh orainn, da ndéanfamaois
iarracht anois.



UA NÉILL. - Bhfuil tuilleadh le rádh agat?



TEACHTAIRE. - sin a bhfuil agam, acht
dubhairt an Rí go ndéanfadh sé a dhícheall
chum congnamh do thabhairt dhuit, chomh luath agus
do b'fhéidir leis.



UA NÉILL. - Abair leis go bhfuil na
daoine i nÉirinn ullamh chum éirghe amach do
dhéanamh. Nílid acht ag fanacht le sgéal-
aibh uainne. Dá gcuirfeadh sé arm beag
chum na hÉireann anois, d'éireóchadh an tír
ar fad amach i n-aghaidh na n-eachtrannach.
Cuir i n-umhail dó brígh an sgéil sin. Níl
acht roinnt bheag saighdiúir Sasanach i nÉirinn
anois. Cuir d'athchuinge air cabhrughadh linn.
Béidh súil agam leat-sa arís. Go n-éirghidh
an bóthar leat anois!



TEACHTAIRE. - Slán agus beannacht leat.
Exit teachtaire.



UA NÉILL. - An sgéal brónach gnáthach!
Tá mo dhóchas ag dul i meathtacht. Ní thig
liom an teachtaireacht so d'innsint d'Aodh.
Mhéadóchadh sé a phian, agus a thrioblóid. Caith-
fidh mé dul síos chuige anois.
Exit.



Radharc V.
(Seomra beag i m bruighin Salbhiati; an Niallach agus
beirt uasal ina seasamh taobh amuigh do dhoras.)



UA NÉILL. - Bhfuil aon bhiseach air?



UASAL. - Níl go fóill. Ní leigfidh an
liaigh éinneach isteach.



UASAL EILE. - Indiu bhí na speabhraídí
air, agus bhí se ag caint leis féin faoi'n Spáinn,
agus faoi Thír Eoghain, agus fút féin, a Niallaigh.



UA NÉILL. - Ó mo mhac, ní mhairfidh sé, ní
mhairfidh sé.



UASAL. - Ná bí ag caint. Mairfidh sé.
Níl sé marbh fós. Is léigheanta agus is cliste
an liaigh atá aige.



UA NÉILL. - Muna mairfidh sé, muna
mairfidh sé, cad a dhéanfad?



UASAL EILE. - Mairfidh sé, adeirim-se
leat. Níl an sgéal chomh dona agus ceapthar.
Gheóbhaidh sé sos beag i gceann tamaill
anois; agus i gceann míosa nó mar sin béidh sé
chomh láidir agus bhí sé riamh.



UA NÉILL. - Measann tú go mairfidh
sé?



UASAL. - Táim beagnach cinnte go mair-
fidh sé. Tá sé óg agus láidir, agus siúd is go
dubhairt an liaigh gur mór a bhaothal, ní
hionann soin agus a rádh nach bhfuil dóchas
aige.



UASAL EILE. - Éist! Tá na speabhraídí
air arís. 'gCloiseann sibh é? - "Lámh Dhearg
abú," "Anois, a Chlanna Gaedheal." Éistidh
leis, - "buaidh agus treise," - "Cabhróchaidh Rí
na Spá-." Tá sé go ciúin anois.



UA NÉILL. - A Aodh Ó! I mbéal an bháis
atá tú anois.



UASAL. - Níl ar aon chor. Béidh sé níos
fearr anois. Ní thig an bás go minic chum
fir óig mar é. Ní raibh sé breoite riamh. Bhí
sé láidir slán folláin i gcomhnaidhe. Ní
bhfuighidh sé bás go fóil.



UA NÉILL. - Eist! tá an Liaigh ag teacht
amach.



UASAL. - Tá, agus béidh sgéal maith aige, is
dócha.



(Tig an liaigh amach, agus é go brónach).


L. 108


LIAIGH. - Tá sé thar éis bás d'fhagháil go
socair ciuin, gan péin, gan trioblóid.



UA NÉILL. - A Éire, Éire - - -



(Brat anuas.)



(Críoch.)



ÉAMONN UA NÉILL.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services