Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rudhraigheacht. Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.

Title
Rudhraigheacht. Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 145


BRISLEACH MHÓR MHAIGHE MHUIRTHEIMHNE. ar lean.



Ro aobh Earc an sluagh do dheagh-fhreagra
agus d'imthigh Earc agus Maicniadh agus Con-
chubhar dá ndúntaibh féin iar sin agus ba
socair sádhail do bhádar ceithre ollchóigidh
Éireann go ráinig am imtheachta dóibh. Is
annsin do thíonóladar na cóigidh sain go
Cruachain agus do bhádar trí lá agus teóra n-oidhche
go meanmnach mór-aigeantach ann agus i gcionn
na rae agus na haimsire sin do ghluaiseadar
as Cruachain, agus is é slighe do ghabhadar tar
Maigh finn áit ar marbhadh Fionn mac Lóin-
chraois le Coin Chulainn roimhe sin, agus tar
Mhaigh Chruinn agus tar Thuaim Móna agus i dTír
Caibhdean áit ar marbhadh Caibhdean mac
Lóin-chraoi le Coin Chulainn agus annsin go
sean-áit re' ráidhtear Áth Leathan Luain agus
do ghabhsad sosadh agus longphort an oidhche sin
ann; agus do ghluaiseadar ar n-a bhárach is
na ródaibh ríoghdha ró-shoillse go rángadar
Gleann an Eoin agus as soin go Gleann Mór
agus do Chrúnlach ris a ráidhtear Túrlach Luatha
an tan so, agus do ghabhsad sosadh na hoidhche
sin ann, agus gluaisid as sain go Tailtin taobh-
uaine agus do ghabhadar longphort an oidhche sin
ann, agus do creachadh Magh Breagh leó agus Midhe
agus Teathfa agus Cearmna agus Cuailnge agus Cnoghbha.



Is annsin do chuala Conchubhar rí Uladh an
chríoch uile do bheith ag a losgadh agus ag a
hionnradh agus ag a hargain le míleadhaibh
Mumhan agus le laochraidh Laighean agus le curaíbh
Connacht agus d'fhág Meadhbh Fearghus mac
Róigh agus Cormac Conloingeas agus Dubhloingeas
gan breith léi ar na sluaghaibh sin óir ba
dhearbh léi nach tiocfadh d'fhearaibh Éireann Cú
Chulainn do mharbhadh tar inneall Fhearghusa
agus an Dubhloingeas agus do thuit an cheasnuighean
ar Ultaibh an t-am sin.



"Cá háit a bhfuil Leabharcham," ar Con-
chubhar.



"Atáim annso," ar Leabharcham.



"Gluais rómhat," ar sé, "agus tabhair chugainn
é, óir is chuige do rinneadh an slógh ceilge
so do chluinmid agus fágbhadh Dún Dealgan agus
Magh Muirtheimhne agus tigeadh dom' ionnsaighe
gan fuireach agus anadh sé ar mo chomhairle-se
agus ar chomhairle Chathfadh agus Geanainn Ghruadh-
sholais mac Chathfadh agus Aimhirgin agus Fircheirtne
file agus na bhfileadh agus na n-aos ealadhan ar
cheana, óir dá ndealuigheadh ó'n gceilg agus ó'n
gcogadh so do rinneadh le n-a bhíodhbhadhaibh
da bhasgadh do thuitfidís fir Éireann leis
féin agus linne agus le conall agus ní leigfidh a
eagla sain ná eagla Chonaill dóibh teacht
ní ba shia ná tángadar 'san gcúigeadh agus ní
mó ná mo chuid-se do Chrích Bhreagh Mhidhe
millfightear leó agus seachnadh sé do'n dul-so
mór-inneall Meidhbhe agus draoidheacht do-
ionghabhála cloinne Cailitin claoin-mhillte


L. 146


agus lán-aingidheacht iomthnútha Oilealla agus
feidhm forlonnmhar forneartmhar fíor-
arrata ollchóigeadh Eireann ar éin-ionad
i n-a aghaidh i na aonar."



"Dóigh ámh," ar sé, "is é Cú Chulainn do
mharbh Fionn mac Rosa rí Laighean i gcath
Fionnchoradh agus is é go fírinneach fós do
mharbh Fraoch mac Fiodhaigh agus Garbh-bhuinne
gusmhar gairg-bheodha ná gabhann ruighe mar
aon ris 'san gcath chéadna, agus do thuit leis
'san ló chéadna Dearg mac Conraoi agus
drong mhór do mhaithibh Mumhan i n-a thimcheall
agus do thuit leis fós Cairbre Nia-fear i gcath
Rois na Ríogh for Bhóinn agus do cuireadh leis
ár fear mBreagh agus Midhe 'san gcath chéadna,
agus is leis do thuit éacht ba mhó ná sin uile, .i.
Cúroí mac Dáire, áirdrí Mumhan agus tréan-
chosnamhach fear n-Éireann agus talmhan uile;
agus is é do mharbh Fircearna agus Fiamhain agus Niall
agus Lughaidh agus Laoch Liathmhuine agus mór-ár
Mumhan i gcoitchinne. Gonadh uime sin is
cóir dó-san ar mo chomhairle-se agus ar chomhairle
Chathfadh agus a charad agus ar mo bheannachtain-se agus
ar bheannachtain Uladh uile a sheachnadh do'n
dul-sa."



Táinig Leabharcham go héasgaidh leis na
haitheasgaibh sin mar a raibh Cú Chulainn agus is
ann do bhí sé an lá sin idir eochaoin agus muir
ag forfhaire ar éanlaith agus gér bhíomdha eoin
do bhí ós a chionn an lá sin do chuadar uile
as gan éin-éan do mharbhadh díobh. Is
annsin táinig Leabharcham i bhfogus do'n
ionad a raibh Cú Chulainn agus ro fhear fíor-
chaoin fáilte fris an mbaineachlaigh.



"Is taise linn an fháilte sin," ar Leabhar-
cham agus is amhlaidh do bhí an bhaineachlach agus an
teanga ar teibearsnadh i n-a cionn agus a baill
uile ar crith agus ar corruighe.



"Sgéala leat," ar Cú Chulainn.



"Atáid sgéalta móra agam re n-a
n-innsin duit," ar sí agus d'innis dó gach ní dá
ndubhairt Conchubhar léi do rádh ris ó thús go
deireadh.



"Atáid," ar sí, "maithe agus mór-uaisle,
bantrachta agus bandáilimh, éigse agus ollamhain
Uladh uile agad' eadarghuidhe um an mór-
shluagh so fear n-Éireann do sheachnadh do'n
chur so, agus Dún Dealgan agus Magh Mhuirtheimhne
d'fhágbháil agus gan dul id' aonar i n-éagcomh-
lann i n-aghaidh an mhórshluaigh úd."



"Do-ghéanam-ne an chomhairle sin," ar
Laogh mac Rianghabhra, .i. giolla car-
bhait Chon Culainn, agus do ghluaiseadar
rómpa iar sin go Dún Dealgan agus táinig
Éimhear, inghean Fearghail Monadh, amach ar
an bhfaithche agus do rinne luath-chomhairle ann
sin leó, .i. dul go hEamhain Macha i n-a
rabhadar maithe agus mór-uaisle fear n-Uladh i
bhfochair Chonchubhair 'san cheasnaighin agus níor
folmhadh Magh Muirtheimhne ná Dún Dealgan
ná Críoch Chuailgne riamh roimhe sin ó do
ghabh Cú Chulainn ceannas orra go haos na
huaire sin. Do ghabh d'Éimhear a carbad agus
do folmhadh an Dún go deithbhireach leó agus
do teitheadar a n-innille agus a spré i Sliabh
Chuilinn ba thuaidh i n-Ultaibh, agus táinig Cú
Chulainn go hEamham sic mín áluinn Macha agus
do sguireadh a eachradh ar feor-ghort gabhála
leo féin agus do chuaidh Cú Chulainn dá ghrianán
ghlan-radharcach gloine féin agus an tan do
chuala banntracht builleach binn-bhriathrach an
bhaile Cú Chulainn do theacht ann do rinn-
eadar muirn mhór agus mearaighe ádhbhal úr
aoibhinn agus seasdsán súgach so-fhorbhfaoilteach i
solas-bhruighnibh agus i ngrianánaibh fairsinge
fionn-aolta agus i bpíoláidibh soillseacha slios-
bhána an bhaile uile, agus ar n-a chlos do
Chonchubhar Cú Chulainn do theacht do'n bhaile,
adubhairt re Cathfadh agus re Geanann agus re
hollamhan agus re banntracht an chóighidh uile
Cú Chulainn do choimeád agus do chomhairliughadh
go diachrach dúthrachtach, "óir is oraibh-se nach


L. 147


tiubhra sé éaradh ná eiteach, dá mbadh
aire nó éigean theangmhas dó do ló ná
d'oidhche agus atáthar d'á thairngire le tréimhse
do bhliadhnaibh gurab do'n tslógh so do
rinneadh le fearaibh Éireann agus le cómhachtaibh
ceart-bhuadhartha cloinne Cailitin agus le
hinneall Meidhbhe do muirfidhe gan amhras,
gurab air e sin is cóir daoibh-se bhar n-int-
leachta agus bhar n-ealadhna do chaitheamh im an
gcúis so dá choimeád agus is deimhin, dá dtuit-
eadh sain, go dtiutimís-ne uile, agus go dtuit-
feadh fós cosnamh agus conách na tíre go bráth."



"Is fíor sin," ar Cathfadh agus ar cách uile
ar cheana.



"Maiseadh," ar Geanann, "racham-na dá
ionnsaighe, gion go bhfuil tarbha dhúinn ann,"
agus do ghluaiseadar rómpa gur an áit i raibh
Cú Chulainn agus Éimhear agus d'fhearsad fíor-
chaoin fáilte friochnamhach roimhe agus do thoir-
bhreadar do phógaibh go díl agus do díochra é agus
do shuidheadar fileadha agus banntracht agus aos
dána agus ealadhna an dúna uile i n-a thimcheall
agus do tógbhadh búird altacha órdha aca agus do
rinneadar ól agus aoibhneas agus urghairdiughadh
meanman agus intinne agus fós imirt agus ceól agus
cluichí i n-a fhiadhnaise d'á úirbhréagadh.
Sgéala Con Culainn go nuige sin.



Iomthúsa fear n-Éireann, tángadar go
hÁth Ala ar Muirtheimhne agus do ghabhadar
sosadh agus longphort ann agus do leigeadh síortha
leathna luaith-bhíodhbhadh leó sna críochaibh i n-a
móirthimcheall gur creachadh agus gur hairgeadh,
gur milleadh agus gur móirdhítheadh Magh
Muirtheimhne agus Dún Dealgan agus Machaire
Chonail leó agus tugadh na creacha uile gus
an longphort. Is annsin tángadar clann
Chailitin do láthair fear n-Éireann agus do
labhair Meadhbh riú.



"Do gheallabhar dhúinn," ar sí, "Cú Chulainn
do thabhairt d'ár n-ionnsaighe fó cheann trí
lá."



"Má gheallamar, coimheólfam gan con-
tabhairt," ar iad-san.



is annsin tángadar trí hingheana Chailitin,
.i. trí badhbha béal-ghorma bioth-ainmheacha síor-
thacha siubhlacha saobhshúileacha siabhartha slaod-
ghlúineacha agus trí haimide dubha duaibhseacha
droch-dhatha dian-gháibhtheacha diabhlaidhe agus do
ghluaiseadar rómpa go réimeamhail ro-
éadtrom le laomannaibh na lúth-ghaoithe go
lúthgháireach go rángadar go hEamhain
Macha agus do shuidheadar na fuachaidighe feascha
fíor-ghránna sin ar faithche na hEamhna go
huathbhásach agus do bhuaileadar ar féar fíor-
uaine agus ar úr na talmhan do bhuain agus do
thochailt i n-a dtimcheall gur dhealbhadar
catha comhmóra do shluaghaibh agus do shochraidibh
ar an bhfaithche, do ghasanaibh siubhlacha sanais agus
do bholgánaibh beaga béilce agus do dhuilleabhar
dath-áluinn darach agus do chuala Cú Chulainn
greasacht gháir na gcéad agus na gcatha agus na
gcóirthe ag lot agus ag lán-mhilleadh an dúna
agus is iad do bhí ag coimeád Con Culainn an
lá sin, .i. Geanann gruadh-sholais mac Cathfadh
agus d'fhéach Cú Chulainn amach ar an bhfaithche agus
do chonnairc na catha ag comhthuargain a
chéile agus ó do chonnairc do himdhearghadh go
hadhnaireach uime sin é agus do ling buinne
borbfach borb-thréan mear-aigeantach 'san
gcuradh agus do chuir a lámh chlí, agus ag éirghe dhó,
ro iadh Geanann a dhá láimh ghasta i n-a
thimcheall d'á fhosdadh agus do chuir i n-a shuidhe é.



(Ní críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services