Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Na Trí Saighdiúirí.

Title
Sgéalaidheacht. Na Trí Saighdiúirí.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ní Anluain, Eibhlín. Drummullagh, Omeat
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 182


NA TRÍ SAIGHDIUIRÍ.



Thíos i nDoire, nuair
a bhbí na Sasanaigh ag
teacht go hÉirinn,
bhí siad ag teacht
isteach 'un Éirinn a
bhaint. Thaini' siad
isteach go Doire agus cha rabh fios aca (.i. ag
buidhin na nGaedheal) goidé an dóigh a
thiocfadh leobhtha a gcoinneáilt ar gcúl - dá
ngeobhadh siad isteach, mhuirbhfeadh siad roimhe
leobhtha.



Thainic triúr fear aca (.i. de bhuidhin na
nGaedheal) bhí díolta ó'n bhainríoghain nach
rabh dadamh aca le teanamh (déanamh) leis
a' bhainrioghain ana b'ó agus fuair siad na fir
'un croinn a bhaint agus gheárr siad na croinn
sé troighthe agus cúig troighthe, an méad a bhí
ins na fir, agus sháith siad ins a' talamh iad a
chois na fairrge agus chuir siad casógaibh ortha
agus hataidhe ar bhun na gcrann, agus nuair a
bheifeá tamallt ar shiubhal uabhtha shaoilfeá
gur fir a bhí ionnta, agus bhí na Sasanaigh ar a'
taoibh eile do'n uisge, lán trí sóithich de
shaighdiúirí.



Nuair a thainic na Sasanaigh ar a' taoibh
thall do'n uisge shaoil siad gur fir a bhí
ionnta. Agus cha rabh aon fhear i n-a measg
ar a' taoibh seo de Dhoire a dtiocfadh leobhtha
na gunnaidhe móra 'oibriughadh acht na trí
saighdiur so agus chóruigh siad a gcuid gunnaidhe
aige bun na gcrann agus chuir siad annsin
bratach suas agus thug siad cuireadh do na
Sasanaigh theacht ar aghaidh.



Thóg siad-san a gcuid seóltaí 'un a theacht
ar aghaidh agus nuair a bhí siad i leith na báighe
thug na triúr saighdiuirí teine d'á gcuid
gunnaidhe móra agus bhuail siad suas na trí
sóithigh agus bháidh siad an uile fhear a bhí ar na
sóithigh acht na trí caiptin agus bhí na trí caiptin
d'á mbáthadh agus chuaidh na trí saighdiuirí amach
agus shábháil siad iad gan a mbáthadh agus thug siad
isteach 'un talamh iad agus choinnigh siad iad
go dtí gur sgríobh na caiptiní ar ais chuig
an rígh (.i. rí Seórsa) goidé an dóigh a rinne
na trí saighdiuirí seo agus chuir a' rí ar ais
chuca dúblughadh tuarastail a fhaideacht agus
bheidheadh siad beo agus dubhairt a' rí, dá rachadh
siad ar ais go Sasana, go ndeanfadh sé
daoine uaisle d'á gcuid daoiní saoghalta.
Dubhairt siad, dá bhfuigheadh siad Sasana ar
leithphighinn, nach rachadh siad ionn.



Chuaidh siad amach ins an fhairrge agus fuair
siad na gunnaidhe. Thóg siad leóbhtha iad agus
thug siad isteach go Doire iad agus dubhairt rí
Seórsa gor bhfeárr na trí saighdiuirí bhí i
nÉirinn no na trí láin sóithigh bhí aige-san.



TAGRA.
'Un (= chum) Éirinn a bhaint, to take Ireland, is the
usage of the dialect of N. Leinster and E. and S.
Ulster, an agreement with Leath Mhogha. In W.
Ulster léi is used as in Connacht, and frequently in
Clare. [In Co. Clare in this construction the lé does
not become leis before the article, ex. lé an Ghaedhilge
a choimeád, agus c.] A thiocfadh leóbhtha, usually a dtiocfadh
leóbhtha, in which they could. A gcoinneáilt = a
gcongbháil, to keep them. Bhí díolta ón bhainrioghain,
who had been paid off by the queen; bhainrioghain was
pronounced waur'-hin. Ana b'ó (or ana b' 'ó) = ana
budh mhó = ní budh mhó, any more; ana is usually con-


L. 183


tracted to 'na; with b'ó compare b'íle (= budh mhíle)
of Co. Donegal. Fuair siad : this is English idiom.
Lán trí sóithich (or sóich) for lán trí soitheach, the full
of three vessels, three ship-loads. Bratach, a flag, a
literary word that the narrator endeavoured to adopt,
so as to obviate the use of the English term; she was
uncertain whether it was bratóg or bratach or ratóg
or breacóg! The first is used in the local dialect:
"a rag." I leith na báighe, "in the middle of the
channel," lit., in the half of the bay. Bhuail siad
suas, they smashed up. Sóithigh, vessels (marked here
as pronounced soy). Shábháil siad iad gan a mbáthadh,
they saved them from drowning, lit., they saved them
without their drowning - i.e., (so as) not to drown, or
so that they should not be drowned; the idiomatic
construction here is simple enough, but hard to
explain adequately in English words; cf., thiob sé mé
gan a dhul, he stopped me from going; an mionna
bhearadh sise i n-aghaidh a fir fhén, chrochfahd sé a
fear fhéin, agus shábháilfeadh sé Séamus gan a chrochadh,
the oath she would give (= swear) against her own
husband would hang him, and would save James
from being hanged (these two examples are from
Omeath also). Chuir an rí ar ais chuca: there is
an amphibology here - it is hard to tell which are
alluded to : the three captains or the three soldiers. A
fhaideacht agus, as long as, whilst. No = 'ná, ioná, than.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services