Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Loch Bheil Séad agus a Dhraoidheacht.

Title
Sgéalaidheacht. Loch Bheil Séad agus a Dhraoidheacht.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ní Bhaoighill, Brighid. Glenties.
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 183


LOCH BHEIL SÉAD AGUS A DHRAOIDHEACHT.



Bhí cúipéaraidhe éigin 'na chomhnaidhe i
n-Albain uair agus buachaill ar aimsir aige.
Bhí an buachaill thall i n-Albain ag obair. Bhí,
agus d'iarr an cúipéaraidhe air na fonnsaidhe
chur anonn d'ionnsuidhe air. Dubhairt an
buachaill nach raibh a fhios aige goidé mar
gheobhadh seisean anonn na fonnsaidhe go
hAlbain. D'iarr an cúipéaraidhe air dórnán
maith a bhaint aca agus a gcaitheamh amach i Loch
Bheil Séad agus go rachadh siad go hAlbain -
go bhfuigheadh seisean i nAlbain iad, dá
gcaitheadh sé amach ins an loch iad.



Gheárr an buachaill a shean-ualach de na
fonnsaidhibh agus rinne beart díobh. Chaith sei-
sean an beart amachins an loch agus d'fhág a
sgein phóca istigh 'sa' bheart.



Dar ndóigh, nuair a chuaidh sé anonn go
hAlbain, d'fhiafruigh sé de'n fhear a' bhfuair
sé na fonnsaidhe, agus dubhairt sé go bhfuair, agus
ar a chomharthuigheacht go bhfuair sé iad go
raibh an sgein istigh ins an bheart. Gur
cheart a chuaidh siad anonn.



TAGRA.



Cúipéaraidhe, also cúipéir, cooper. Fonnsa, a hoop,
pl. -aidhe. D'ionnsuidhe air = chuige, ag triall air, to
him. Dórnán (lit. a handful), a large number. A
shean-ualach, his full load, as much as he could carry.
Beart, a bundle. Sgein phóca (lit. pocket-knife), pen-
knife; sgein is the dative form used here as nom. (and
accus.). Ar a chomharthuigheacht, in proof of it; comhar-
thuigheacht from comharthuighim, I mark or note.



Loch Bheil Séad is situate about half-way between
Lough Eske and Gaugin Mt., in the north-eastern ex-
tremity of the barony of Banagh, in Co. Donegal.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services