Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



LEABHAIRÍNÍ GAEDHILGE LE HAGHAIDH AN tSLUAIGH. -
VII. Blátha Bealtaine. Máire de Buitléir do
sgríobh i mBéarla; Tomás Ua Conceanainn do chuir
i nGaedhilg. Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha
Cliath.



Tá trí sgéalta gearra ins an leabhairín seo. Fuair
an ban-ughdar tréightheach moladh cheana d'á mbárr agus is
maith do thuill sí é. Tá an gnó láithreach déanta go
han-deas ag Tomás Ua Conceanainn, mar is fíor-
mhaith í an Ghaedhilg 'n-ar chuir sé iad. Is furus tuigfidhe
as i ngach cuige, agus is bríoghmhar an chaint í. Cé nach
ró-mhinic do gléasadh go holc í, badh cheart, nuair a
buailfear an leabhar 'sa' chló an ath-uair, go dtiubhar-
faidhe aire do ghnáth-phuncannaibh na gramadaighe. Ní
hannamh gléasadh na foranma gaolmhaire úd "a"
amugha ar fad.



AMHRÁIN SHEAGHÁIN CHLÁRAIGH MHIC DHOMHNAILL,
príomh-ollamh na Mumhan le n-a linn maille le
beathaidh an fhilidh agus foclóir, ó'n Athair Pádraig Ua
Duinnín. Ar n-a gcur amach do Chonnradh na Gaedh-
ilge, i mBaile Átha Cliath.



Is síor-shaothrach an fear an t-Athair Pádraig Ua
Duinnín. Seo chugainn leabhar deas deagh-eagair eile
ó n-a láimh, fá léar-chló agus fá chlúdach álainn. Tá
preafáid ann i mBéarla, tuarasgbháil ar bheathaidh an
fhile i nGaedhilg, trácht ar an méadaireacht i mBéarla,
cunntas ar na láimhsgríbhinníbh i mBéarla, na hamhráin
féin, tagra nó roinn mhínighthe i mBéarla agus foclóir i
ndeireadh thiar. Tá gach éin-ní tar bárr ann. I bhfíor-
thosach an leabhair atá tarraing uaighe an fhile i Ráith
Luirc le gath gréine.



Is iongnadh linn féin ó fhear an leabhair seo a rádh
gurab é Seaghán Clárach do chúm "Bím-se buan ar
buaidhirt gach ló," óir do shaoileamair riamh gur de
dhéantúsaíbh Sheagháin Uí Thuama an Ghrinn é, acht is dócha
nach gan fáth atá a mhalairt de sgéal anois d'á inn-
sint. 'Pé aca cheap, is breágh an t-amhrán é, agus is fíor-
bhinn an port a théidheann leis .i. An Cnota Bán. Tá
sean-bháidh againn le h-"Oidhche bhíos im' luighe im'
shuan," agus dá gcuirfidhe i gcló na céadta uair é,
níor ró-mhinic do'n té dhéanfadh. Támaoid an-
cheanamhail leis ar "An mBonnaire Fiadhphuic" agus ar
"Anfhochainn Bhreatan" .i. 5 agus 6 fá seach, mar
is amhlaidh thárla dhúinn a aithearrach d'ainm againn
ortha ó'n leabhrán deas úd do chuir Seaghán Ó
Dálaigh i gcló 'sa' bhliadhain 1866, .i. Reliques of Irish
Jacobite Poetry. Is daithníd linn nár chongaibh an
t-Athair Ó Duinnín na hainmneacha céadna ortha, óir
is geall le sgaradh na gcompánach ainm úr-nua do
chur os comhair duine atá tathaightheach riamh le sean-
ainm.



Is binn í an mhéadaireacht atá i ngach ceann de na
hamhránaibh fá seach, beagnach - is éigean a admháil
cuid aca níos binne 'ná cuid eile, is dócha. Tá na
smaointe bríoghmhar a ndóthain, agus d'fhéadfaidhe mórán
aca do thuigsint i dtaobh an lae indiu, cé nach le n-a
aghaidh do cuireadh síos iad. Cuireann an cheathramha
(bhéarsa) so ag machtnamh sinn:



Cá sonas d'aon tsaor-fhlaith bheith oscailte ait?
Cá sochar do laoch Léidmheach bheith cosnamhach cas?
Cá fogas don tréad Éireannach codladh go ceart.
Is coiste na dtréad Quaker i gCorcaigh is ceap?



Is fíor do Sheaghán Chlárach. Sin é díreach is cor ní hé
amháin do Chorcaigh acht d'Éirinn uile. Nach ionann an
coiste sin agus Searbhánaigh an "Léadair" atá i n-uachtar
'sa' tír seo, faraor.



Sonas agus séan ar láimh an sgríbhneóra.



AN CHÉAD LÉIGHTEÓIR GAEDHILGE ar n-a chur amach
do Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath.



Cuirimíd fearadh na fáilte roimh an leabhairín seo
agus é go siosganta sgiomartha fá chló ríogh-ghlan go bhfuil
lán na súl ann, agus tarraing chlódh daoine nó beithidheach
nó éiníní nó tighthe i nach mór gach re leathanach de. Is
álainn do cuireadh le chéile é. Tá an Ghaedhilg deas
simplidhe agus ní féidir canamhnachas do chur 'n-a leith,
mar ní baoghal nach dtuigfidhe i ngach éan-áit an chaint
choitchionnta atá ann ó bhun go bárr. Dá dtéidheadh
d'éan-Ghaedheal óg é thuigsint, 'sé dálta Mhichíl bhig
Mhic an tSaoir ins an mbaile mhór a bheadh orainn .i.
d'oisgeólaimís an tsúil deas, d'oisgeólaimís an
tsúil chlé agus do leathfadh an dá shúil orainn. Tá beagán
beag rannaidheachta ann, ní nach iongnadh ó'n té do
cheap, agus is iad na héiníní béil-bhinne ceólmhara do bhain
as é. Ní tógtha air é, mar cá bhfuil an duine fíor-
dhaonna cineálta nach dtiubhradh grádh agus gean dóibh,
tráth chífeadh sé iad ag léimnigh ó chraoibh go craoibh agus
nach n-éistfead le n-a gceól agus le n-a gceileabhar fá
mar thiocfadh sé as a mbéilíníbh binne. Molaimíd dó
"An Spideóg" go mór. Tá súil againn go ngluaisfidh
an leabhráinín deas so ar fud na bhfud i measg mion-
daoine na Gaedhealtachta. Gurab amhlaidh thiocfas.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services